Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0117

    Cás C-117/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles – an Bheilg) – bpost SA v Autorité belge de la concurrence (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Seirbhísí poist – Córas praghsála arna ghlacadh ag soláthraí seirbhíse uilíche – Fíneáil arna forchur ag údarás rialála náisiúnta na hearnála poist – Fíneáil arna forchur ag údarás iomaíochta náisiúnta – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – An cion céanna a bheith ann – Airteagal 52(1) – Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem – Carnadh imeachtaí agus pionós – Coinníollacha – Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú – Comhréireacht)

    IO C 198, 16.5.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/3


    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles – an Bheilg) – bpost SA v Autorité belge de la concurrence

    (Cás C-117/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Seirbhísí poist - Córas praghsála arna ghlacadh ag soláthraí seirbhíse uilíche - Fíneáil arna forchur ag údarás rialála náisiúnta na hearnála poist - Fíneáil arna forchur ag údarás iomaíochta náisiúnta - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 50 - An prionsabal ne bis in idem - An cion céanna a bheith ann - Airteagal 52(1) - Teorainneacha ar an bprionsabal ne bis in idem - Carnadh imeachtaí agus pionós - Coinníollacha - Cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú - Comhréireacht)

    (2022/C 198/04)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour d'appel de Bruxelles

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: bpost SA

    Cosantóir: Autorité belge de la concurrence

    Páirtithe leasmhara: Publimail SA, An Coimisiún Eorpach

    An chuid oibríochtúil

    Ní mór Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh in éineacht le hAirteagal 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc leis duine dlítheanach a phionósú le fíneáil as sárú a bheith déanta aige ar dhlí iomaíochta an Aontais, sa chás, i ndáil leis na fíorais chéanna, go raibh an duine sin ina ábhar do chinneadh críochnaitheach cheana féin i ndiaidh nós imeachta a bhaineann le sárú ar reachtaíocht earnáilsonrach arb é is cuspóir léi an margadh lena mbaineann a léirscaoileadh, ar choinníoll go bhfuil rialacha soiléire agus beachta ann lenar féidir a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir carnadh imeachtaí agus pionós, chomh maith leis an gcomhordú idir an dá údarás inniúla, gur seoladh an dá nós imeachta ar bhealach sách comhordaithe laistigh de thréimhse ghearr agus go bhfreagraíonn iomlán na bpionós a fhorchuirtear do thromchúis na gcionta a rinneadh.


    (1)  IO C 161 an 11.05.2020


    Top