This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019CA0885
Joined Cases C-885/19 P and C-898/19 P: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 8 November 2022 — Fiat Chrysler Finance Europe v Ireland (Appeal — State aid — Aid implemented by the Grand Duchy of Luxembourg — Decision declaring the aid incompatible with the internal market and unlawful and ordering its recovery — Tax ruling — Advantage — Selectivity — Arm's length principle — Reference framework — National law applicable — ‘Normal’ taxation)
Cásanna uamtha C-885/19 P agus C-898/19 P: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 – Fiat Chrysler Finance Europe v Éire (Achomharc – Státchabhair – Cabhair arna cur i bhfeidhm ag Ard-Diúcacht Lucsamburg – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach, agus lena n ordaítear a haisíoc – Rialú cánach – Buntáiste – Roghnaitheacht – Prionsabal an fheidhmithe neamhspleách – Creat tagartha – Dlí náisiúnta infheidhme – “Gnáthchánachas”)
Cásanna uamtha C-885/19 P agus C-898/19 P: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 – Fiat Chrysler Finance Europe v Éire (Achomharc – Státchabhair – Cabhair arna cur i bhfeidhm ag Ard-Diúcacht Lucsamburg – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach, agus lena n ordaítear a haisíoc – Rialú cánach – Buntáiste – Roghnaitheacht – Prionsabal an fheidhmithe neamhspleách – Creat tagartha – Dlí náisiúnta infheidhme – “Gnáthchánachas”)
IO C 7, 9.1.2023, p. 3–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 – Fiat Chrysler Finance Europe v Éire
(Cásanna uamtha C-885/19 P agus C-898/19 P) (1)
(Achomharc - Státchabhair - Cabhair arna cur i bhfeidhm ag Ard-Diúcacht Lucsamburg - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach, agus lena n ordaítear a haisíoc - Rialú cánach - Buntáiste - Roghnaitheacht - Prionsabal an fheidhmithe neamhspleách - Creat tagartha - Dlí náisiúnta infheidhme - “Gnáthchánachas”)
(2023/C 7/03)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: Fiat Chrysler Finance Europe (ionadaithe: N. de Boynes, avocat, M. Doeding, solicitor, M. Engel, Rechtsanwalt, F. Hoseinian, advokat, G. Maisto, A. Massimiano, avvocati, J. Rodríguez, abogado, M. Severi, avvocato, agus A. Thomson, solicitor), Éire (ionadaithe: M. Browne, A. Joyce agus J. Quaney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Doherty, BL, P. Gallagher, AS, agus S. Kingston, AS)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Ard-Diúcacht Lucsamburg (ionadaithe: A. Germeaux agus T. Uri, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Bracker, A. Steichen agus D. Waelbroeck, avocats), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P.-J. Loewenthal agus B. Stromsky, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
Rialaíonn an Chúirt mar seo a leanas:
|
1. |
Déantar cásanna C-885/19 P agus C-898/19 P a uamadh chun críocha an bhreithiúnais. |
|
2. |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Meán Fómhair 2019, Lucsamburg agus Fiat Chrysler Finance Europe v an Coimisiún (T-755/15 agus T-759/15, EU:T:2019:670) ar ceal. |
|
3. |
Cuirtear Cinneadh (AE) 2016/2326 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 maidir le státchabhair SA.38375 (2014/C ex 2014/NN) arna cur i ngníomh ag Lucsamburg i bhfabhar Fiat ar neamhní. |
|
4. |
Nach gá breith a thabhairt ar an achomharc i gCás C-885/19 P. |
|
5. |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin i gCás C-885/19 P a íoc. |
|
6. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach costais an achomhairc i gCás C-898/19 P a íoc. |
|
7. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc. |