Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026DC0081

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Plean Gníomhaíochta um Shlándáil Drón agus Slándáil Frith-Dhrón

COM/2026/81 final

An Bhruiséil,11.2.2026

COM(2026) 81 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Plean Gníomhaíochta um Shlándáil Drón agus Slándáil Frith-Dhrón


1.Réamhrá

Is cuid lárnach de gheilleagair agus de shochaithe nua-aimseartha iad dróin, bídís á n‑úsáid san aer, ar muir nó ar tír. Ós rud é go mbíonn na dróin gan foireann, uathoibrithe agus go bhfuil tacaíocht níos mó á fáil acu ón intleacht shaorga, soláthraíonn siad tairbhí eacnamaíocha inláimhsithe ar fud earnálacha, amhail na hearnálacha tógála, fuinnimh, iompair, talmhaíochta, práinnfhreagartha agus lóistíochta. Ó bhí 2019 ann, tá úsáid drón aerbheirthe á rialú san Aontas Eorpach ag creat rialála comhchuibhithe. Mar gheall ar an ról méadaitheach atá ag dróin san fhaireachas agus sa taiscéalaíocht, is cuid lárnach de shlándáil na hEorpa iad freisin. Ó thaobh na tionsclaíochta Eorpaí de, tuartar go mbeidh luach thart ar EUR 14,5 billiún faoi 2030 ag deighleog mhargaidh na ndrón aerbheirthe tráchtála leis féin agus go bhféadfadh luach níos mó ná EUR 50 billiún a bheith i gceist faoi 2033. 

Mar sin féin, le teagmhais a tharla le déanaí a bhain le húsáid mhailíseach nó mhífhreagrach drón, tugadh chun solais go bhfuil dúshláin slándála mhóra atá ag dul i méid le sárú ag an Aontas. Baineadh úsáid as dróin de shárú ar aerspás na mBallstát, chuir siad isteach ar oibríochtaí aerfoirt, agus bhí siad ina gcúis le neasteagmhais le haerárthaí sibhialtacha, rud a chuir leochaileachtaí inár n‑ollstruchtúr slándála i dtábhacht, lena n‑áirítear sa tsábháilteacht eitlíochta. Go deimhin, téann tionchar na dteagmhas sin i bhfad níos faide ná aerspás, rud a dhéanann difear do chosaint an bhonneagair chriticiúil, na dteorainneacha seachtracha, na gcalafort, na mol iompair agus na spásanna poiblí, lena n‑áirítear limistéir ina bhfuil dlús ard daonra chomh maith le sábháilteacht mhuirí agus slándáil fuinnimh. Go sonrach, san earnáil fuinnimh, baineadh úsáid as dróin chun cur isteach ar oibríochtaí gléasraí cumhachta, suiteálacha gaoithe agus gréine, córais téimh ceantair agus soithí iompair fuinnimh, rud a léiríonn gur féidir leo an bonn a bhaint de leanúnachas an tsoláthair agus den athléimneacht eacnamaíoch. Le traseitiltí ó dhróin neamhaitheanta nó neamh-chomhoibríocha, méadaítear an teannas slándála agus feidhmíonn siad mar uirlis chomharthaíochta, lena ndéantar tástáil ar ullmhacht an Aontais, agus ar a chumas freagairt agus frithbhearta a dhéanamh.

Tá réimse leathan gníomhaithe taobh thiar de na bagairtí agus na dúshláin slándála sin – gníomhaithe naimhdeacha stáit agus gníomhaithe naimhdeacha atá nasctha le stát, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, líonraí coireachta eagraithe agus daoine aonair. Baineann leibhéil éagsúla déine leo, idir iompraíocht choiriúil nó fhaillíoch agus oibríochtaí hibrideacha agus gníomhaíochtaí de chineál míleata. Déanann siad na teorainneacha idir réimsí sibhialtacha agus míleata a dhoiléiriú d’aon ghnó. Baineann siad leas freisin as cineál trasteorann an mhargaidh inmheánaigh agus an bhonneagair chomhroinnte, rud a chuireann in iúl go soiléir gur bagairt ar an Aontas ina iomláine í bagairt ar Bhallstát amháin.

Sa chomhthéacs sin, agus bonneagar criticiúil, teorainneacha seachtracha agus spásanna poiblí á gcosaint agus á áirithiú gur ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht as an tslándáil eitlíochta agus mhuirí, fágann cineál trasteorann agus ardtionchar na dteagmhas a bhaineann le dróin go bhfuil comhordú feabhsaithe, ullmhacht chomhroinnte agus dlúthpháirtíocht ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach. Chun freagairt éifeachtach a thabhairt, tá gá le cur chuige cuimsitheach, comhordaithe agus spriocdhírithe, lena dtugtar le chéile na gnéithe sibhialta agus míleata. Is freagairt é an Plean Gníomhaíochta seo ar na hiarrataí ó na Ballstáit 1  agus ó Pharlaimint na hEorpa 2  cur chuige aontaithe a fhorbairt in aghaidh na mbagairtí a bhaineann le hoibríochtaí drón mailíseacha. Tá sé ceaptha chun tacú leis na Ballstáit trí ghníomhaíocht chomhordaithe agus chun bearta náisiúnta a chomhlánú, rud a threisíonn freagairt chomhleanúnach éifeachtach.

Áirithítear leis an bPlean Gníomhaíochta seo cur chuige comhleanúnach uile-rialtais, agus inniúlachtaí ábhartha á n‑urramú go hiomlán, agus ilroinnt á seachaint an tráth céanna. Dírítear sa Phlean Gníomhaíochta seo go príomha ar thaobh na slándála inmheánaí sibhialtaí, áit a bhfuil bearnaí agus lúba ar lár tábhachtacha fós ann, agus tugtar aghaidh ann ar chontanam iomlán na mbagairtí a bhaineann le dróin ó theagmhais neamhbheartaithe nó fhaillíocha a chosc go bagairtí ar shlándáil inmheánach an Aontais agus bagairtí hibrideacha, agus an obair a dhéantar i réimse na cosanta á comhlánú agus tacaíocht á tabhairt di an tráth céanna. Leagtar amach ann tacar tosaíochta gníomhaíochtaí sa réimse sibhialtach, atá ceaptha chun cosc, brath agus freagairt a threisiú agus chun sineirgí sibhialta-míleata a neartú de réir mar is gá. Neartaítear leis freisin ullmhacht cosanta an Aontais, i gcomhréir leis an obair a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit trí roinnt sraitheanna oibre atá nasctha le Treochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta.

Slándáil oibríochtaí drón a fheabhsú agus an chosaint ar úsáid mhailíseach drón, is réamhriachtanais iad chun go mbeidh iontaoibh ag an bpobal as dróin dhlisteanacha, chun go nglacfaidh an pobal leo agus chun iad a chur in úsáid ar mórscála. Dá bhrí sin, leis an bPlean Gníomhaíochta seo tacaítear freisin le clár oibre dearfach maidir le dróin. Tríd an tslándáil a threisiú, rannchuidíonn an Plean Gníomhaíochta le margadh iomaíoch drón Eorpach a fhorbairt, rud a bhaineann leas as an acmhainneacht le haghaidh nuálaíochta, fás eacnamaíoch agus cruthú post ar fud na n‑earnálacha.

Tá an Plean Gníomhaíochta sin le léamh faoi chuimsiú tacar níos leithne tionscnamh a thug an Coimisiún chun cinn chun ullmhacht an Aontais, agus a thosaíochtaí slándála inmheánaí agus cosanta a threisiú. I bhfianaise na ngardhúshlán slándála, dírítear sa Phlean Gníomhaíochta ar ghníomhaíochtaí is féidir a chur chun feidhme sa ghearrthéarma, agus bearta á gceapadh an tráth céanna le haghaidh ullmhacht níos fadtéarmaí. Cé go mbaineann na bagairtí is déanaí le dróin aerbheirthe, cumhdaítear leis an bPlean Gníomhaíochta freisin dróin talún, dróin dromchla mhuirí agus dróin fhomhuirí, agus acmhainneachtaí gaolmhara frithdhrón, chomh maith le balúin mheitéareolaíocha a úsáidtear in aghaidh Ballstáit áirithe. Cuireann an Plean Gníomhaíochta seo le Teachtaireacht 2023 3 maidir le cur in aghaidh bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar dhróin agus tagann sé i gcomharba ar an athbhreithniú meántéarma agus ar Straitéis an Aontais maidir le Dróin 2.0 4  lena soláthraítear an creat beartais uileghabhálach chun éiceachóras drón Eorpach a bheidh iomaíoch agus sábháilte a fhorbairt.

2.Ullmhú: athléimneacht an Aontais a mhéadú

Dírítear sa Phlean Gníomhaíochta ar athléimneacht agus ullmhacht a neartú. Braitheann sé sin, ar an gcéad dul síos, ar acmhainneacht na hEorpa fanacht ar thús cadhnaíochta maidir le héabhlóid theicneolaíoch na ndrón agus na gcóras frithdhrón, ach freisin ar an acmhainneacht dlús a chur leis an táirgeadh tionsclaíoch. Ar an dara dul síos, tá gá le gníomhaíochtaí feabhsaithe in aghaidh dróin mhailíseacha, le comhtháthú sábháilte slán drón san aerspás agus sa mhargadh, chomh maith le bearta athléimneachta méadaithe chun bonneagair chriticiúla, teorainneacha seachtracha agus spásanna poiblí, agus an réimse muirí a chosaint.

2.1. Dlús a chur leis an bhforbairt theicneolaíoch agus le táirgeadh tionsclaíoch na ndrón agus na gcóras frithdhrón

Tá dróin ag athrú go tapa, agus dul chun cinn á dhéanamh maidir le luas, raon, pálasta, neamhspleáchas, saithe, comhtháthú IS, ardábhair, mionadúchán agus frithsheasmhacht in aghaidh cogaíocht leictreonach. Dá bhrí sin, ní mór córais frithdhrón a oiriúnú go tapa freisin chun coinneáil suas leis na hathruithe sin. Tá sé fíor-riachtanach d’ullmhacht na hEorpa tacú le forbairt na dteicneolaíochtaí sin. Chuige sin, ní mór an leibhéal ceart infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shlógadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus ó thaobh na sibhialtach agus na cosanta de araon.

Le cláir chistiúcháin an Aontais, tacaítear le forbairt theicneolaíoch drón agus acmhainneachtaí frithdhrón, go háirithe tríd an gclár Fís Eorpach nó tríd an gCiste Eorpach Cosanta. Tá roinnt scéimeanna tiomnaithe freisin do thacaíocht shonrach a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú chun gur féidir leo fás, bíodh sé sin an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) trína scéim luasaire, nó scéimeanna nuálaíochta cosanta an Aontais (EUDIS) le haghaidh feidhmeanna cosanta trí Haiceatóin agus Luasairí tiomnaithe, Mol Nuálaíochta Cosanta na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), chomh maith le BraveTech EU, lenar féidir tógáil ar nuálaíochtaí ón Úcráin a tástáladh ar an láthair chatha. Ba cheart maoiniú príobháideach a ghiaráil freisin chun tacú leis an nuálaíocht agus le dlús a chur leis an táirgeadh.

Mar sin féin, tá géarghá le comhleanúnachas agus tionchar a mhéadú idir ionstraimí éagsúla an Aontais, lena n‑áirítear cistí comhtháthaithe, chomh maith le hinfheistíochtaí náisiúnta, d’fhonn forluí a sheachaint, scaipeadh cistí a laghdú agus an tionchar ar thosaíochtaí soiléire a uasmhéadú. Chuige sin, molann an Coimisiún creat nua comhordaithe chun borradh a chur faoin bhforbairt theicneolaíoch agus faoi tháirgeadh drón agus córas frithdhrón lena gcuirtear le cúig cholún.

Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas a infheistíocht a dhíriú ar na réimsí is tábhachtaí. Cuirfidh an Coimisiún tús le mapáil thionsclaíoch shibhialta agus mhíleata leis na Ballstáit, mapáil atá ceaptha chun na tosaíochtaí cearta a shainiú ó thaobh teicneolaíochtaí agus acmhainneachtaí de. Cuirfidh sé sin bonn eolais faoi na hinfheistíochtaí i bhforbairt teicneolaíochtaí, faoina gcomhtháthú i ndróin agus i gcórais frithdhrón agus faoin dlús is gá a chur leis an táirgeadh tionsclaíoch. Chuige sin, beidh gá le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit, an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardionadaí, laistigh dá bhfreagrachtaí féin, chomh maith le gníomhaithe éagsúla náisiúnta agus de chuid an Aontais ar fud na réimsí sibhialta agus míleata.

Ar an dara dul síos, ní mór don Aontas glacadh le cur chuige nua maidir le réitigh nuálacha a thástáil lena gceadófar gluaiseacht níos tapúla ón tsaotharlann go dtí an cur in úsáid. Chuige sin agus bunaithe ar an togra ón gCoimisiún maidir le boscaí gainimh rialála 5 , ba cheart deireadh a chur le haon bhacainn ar theicneolaíochtaí nuálacha drón agus frithdhrón a thástáil i limistéir atá ainmnithe go sonrach agus faoi chreat sealadach rialaithe arna bhunú ag Ballstát nó ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE). Tá bonneagar de dhíth ar thionscal na hEorpa chun réitigh frithdhrón a thástáil agus a bhailíochtú. Beidh sé d’aidhm ag an Aontas líonra lárionad ilnáisiúnta tástála agus saineolais le haghaidh drón a neartú ar fud na mBallstát, ar líonra é a bunaíodh chun córais mhíleata nó dé-úsáide a thástáil, a léiriú, a bhailíochtú agus a cháiliú ina dtimpeallachtaí oibríochtúla sonracha, amhail an Lárionad Turgnamhaíochta um Shlándáil ar Ghrinneall na Farraige (SEASEC).

Déanfar Saotharlann Bheo Frith-Dhrón an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) a uasghrádú ina hionad barr feabhais frithdhrón lánfheidhme de chuid an Aontais. Oibreoidh an Lárionad i sineirgíocht le Líonra na Lárionad Sibhialta agus Cosanta le haghaidh Tástáil Drón atá á chur chun feidhme mar threoirthionscadal faoi láthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Reáchtálfaidh sé – ar bhonn rialta agus nuair is gá – clár mór tástála agus bailíochtaithe de bhearta frithdhrón, ag tosú leis an gcéad eagrán a bheidh dírithe ar bhonneagar criticiúil a chosaint. Tacóidh an Coimisiún freisin le modheolaíocht tástála chomhchuibhithe 6 a fhorbairt le haghaidh córais frithdhrón agus eiseoidh sé Moladh maidir le ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh córais frithdhrón.

Ar an tríú dul síos, is gá soiléireacht agus slándáil a thabhairt isteach sa mhargadh trí cheanglais sábháilteachta spriocdhírithe agus scéim deimhniúcháin le haghaidh córais frithdhrón. Trí cheanglais sábháilteachta a leabú i dtástáil agus bailíochtú frithdhrón, áirithítear nach gcuirfidh bearta frithdhrón isteach ar shábháilteacht eitlíochta. Dá bhrí sin, ba cheart do GSEE, arb é an t‑údarás inniúil um shábháilteacht eitlíochta é, critéir a fhorbairt a bheidh le hurramú ag córais frithdhrón.

Ar an gceathrú dul síos, tá idir-inoibritheacht fíor-riachtanach chun go mbeidh táirgeoirí drón agus frithdhrón in ann táirgeadh a mhéadú le haghaidh na margaí sibhialtacha agus míleata araon, rud a thabharfaidh solúbthacht agus leanúnachas oibríochtúil isteach agus rud a chothóidh comhar éifeachtach trasteorann. Ag tógáil ar an obair leanúnach atá á déanamh ag GSEE, ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus ag ECAT chun caighdeáin shibhialta-mhíleata a ailíniú, scrúdóidh an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí, bealaí chun úsáid na gcaighdeán is infheidhme maidir le teicneolaíochtaí sibhialtacha agus míleata drón agus frithdhrón a chur chun cinn.

Ar an gcúigiú dul síos, tá sé ríthábhachtach dróin agus córais frithdhrón a tháirgeadh ar scála. Tá go leor gníomhaithe tionsclaíocha de chuid an Aontais ag cur le cumais i réimsí éagsúla, lena n‑áirítear dróin fhomhuirí. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas infheistíocht a dhéanamh i méadú na n‑acmhainneachtaí táirgeachta le haghaidh dróin is féidir a chur in úsáid agus córais frithdhrón, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais cuideachtaí nuálacha atá ag teacht chun cinn. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú ar an bhféidearthacht leas a bhaint as an nGníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht atá ar na bacáin, chomh maith leis an tionscnamh comhpháirteach um chur in úsáid le haghaidh bonneagar criticiúil a chuirtear i láthair i roinn 4. Ina theannta sin, bainfidh sé úsáid freisin as gníomhaíochtaí atreisithe tionscail faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach chun borradh a chur faoi tháirgeadh drón agus acmhainneachtaí frithdhrón san Aontas mar a thuairiscítear i roinn 5.

Ní mór iarrachtaí Eorpacha chun táirgeadh drón agus frithdhrón a mhéadú a bheith ina gcomhiarracht phoiblí-phríobháideach. Leathnóidh an Coimisiún rannpháirtíocht an tionscail trí Fhóram Teicneolaíochta um Dhróin agus Réitigh Frith-Dhrón a thionól, ag tógáil ar thionscnamh na Comhghuaillíochta Drón leis an Úcráin. Leis sin, tabharfar le chéile éiceachóras mór de theicneolaíochtaí foluiteacha agus cumasúcháin amhail sliseanna, IS, teicneolaíocht chandamach, néalríomhaireacht agus cibirtheicneolaíocht. Ina theannta sin, breithneoidh an Coimisiún roghanna maidir le comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar phríomhbhearnaí teicneolaíochta chun córais drón a tháirgtear san Aontas a fhorbairt agus a thionsclú.

2.2. Slándáil inmheánach fheabhsaithe agus athléimneacht fheabhsaithe in aghaidh drón

Agus méadú ag teacht ar an líon drón neamhchláraithe san Aontas, fágtar go bhfuil méadú ag teacht freisin ar an riosca go mbainfear mí-úsáid astu. An tráth céanna, is féidir le raon leathan gníomhaithe stáit agus neamhstáit leas a bhaint as dróin, ós rud é gur féidir samhlacha bunúsacha ‘réamhdhéanta’ a chur in úsáid thar shócmhainní straitéiseacha gan mórán dua fiú. Fágann séanadh inchreidte bunúsach na ngníomhartha sin gur veicteoir éifeachtach bagairtí hibrideacha iad, atá in ann suaitheadh a chruthú agus teacht i dtír ar leochaileachtaí. Dá bhrí sin, tá sé práinneach leibhéal na gceanglas athléimneachta a ardú i roinnt réimsí.

2.2.1. Dróin a chomhtháthú go sábháilte agus go slán san aerspás agus ar an margadh

Faoi dheireadh 2024, bhí níos mó ná dhá mhilliún oibreoir cláraithe ag éiceachóras drón an Aontais, arb é atá ann méadú thart ar 20 % in aon bhliain amháin. An tráth céanna, leathnaíodh oibríochtaí gairmiúla agus oibríochtaí ardriosca go tapa, rud a léiríonn aibíocht eagraíochtúil mhéadaitheach i measc oibreoirí 7 . Deimhnítear leis an ngairmiúlú tapa sin gur cuid bhuan agus mhéadaitheach d’earnáil eitlíochta na hEorpa iad dróin, agus béim á leagan an tráth céanna ar a phráinní atá sé iontaoibh, slándáil agus athléimneacht a threisiú.

Tá creat cuimsitheach eitlíochta bunaithe ag an Aontas cheana féin maidir le dróin aerbheirthe, lena soláthraítear bonn láidir chun earnáil atá ag fás go tapa a fhorbairt go sábháilte. Mar sin féin, le bagairtí slándála atá ag athrú agus teagmhais a tharla le déanaí, cuireadh i dtábhacht teorainneacha sa chreat atá ann faoi láthair. Molfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le GSEE, Pacáiste Slándála maidir le Dróin chun creat na ndrón aerbheirthe a oiriúnú do réaltachtaí slándála an lae inniu, agus na dálaí le haghaidh na nuálaíochta agus fhás an mhargaidh á gcaomhnú an tráth céanna. Leasóidh sé na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme agus tarmligthe 8 a eascraíonn as an rialachán maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na heitlíochta sibhialta 9 . Is é an cuspóir atá ann sainaithint agus cuntasacht oibríochtaí dron a neartú, i gcás oibreoirí drón agus píolótaí drón araon, lena náirítear trí cheanglais chlárúcháin agus sainaitheantais a leathnú chun gach drón os cionn 100 g a chumhdach. Ar an gcaoi sin, neartófar an nasc idir clárú oibreoirí agus inúsáidteacht drón, rud a sheachnóidh úsáid drón nach féidir a shainaithint.

An tráth céanna, tá gá le timpeallacht nua-aimseartha bainistíochta tráchta chun oibríochtaí drón dlisteanacha a leathnú go sábháilte. Tá creat comhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin le haghaidh U-space 10 , lena dtugtar isteach seirbhísí digiteacha chun tacú le hoibríochtaí drón atá sábháilte, uathoibrithe agus inscálaithe. Cé go bhfuil an creat sin i bhfeidhm, tá a chur in úsáid ar fud na mBallstát fós míchothrom. Dá bhrí sin, spreagfaidh an Coimisiún cur chun feidhme níos gníomhaí seirbhísí U-space agus tacóidh sé leis sin, i gcomhréir le tosaíochtaí náisiúnta agus le riachtanais oibríochtúla. Cuirfidh sé dlús freisin leis an obair leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar shainiú agus ar fhoilsiú digiteach 11 na limistéar geografach ina bhfuil oibríochtaí drón srianta nó faoi réir coinníollacha. Chun cur leis sin, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le GSEE agus leis na Ballstáit, measúnú ar na coinníollacha teicniúla maidir le feidhmiúlachtaí geofhálaithe amach anseo a d’fhéadfadh cuidiú le cosc a chur ar dhróin chomhlíontacha dul isteach i limistéir íogaire nó ardriosca de thimpiste.

Cuirfidh an Coimisiún i láthair freisin bearta simplithe rialála maidir le dróin arb é is aidhm dóibh solúbthacht a thabhairt isteach le haghaidh oibríochtaí áirithe 12 , amhail deireadh a chur leis an ngá atá le réamhcheadú ó údaráis agus an tualach riaracháin gaolmhar a laghdú. Áireofar leis sin freisin an fhéidearthacht na ceanglais maidir le geoifheasacht a leathnú chun gach drón os cionn 100 g a chumhdach. 

Féachfaidh an Coimisiún le hionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais a shlógadh chun a áirithiú go gcuirfear na bearta a leagtar amach thuas chun feidhme go héifeachtach agus go comhleanúnach ar fud an Aontais.

Seachas na riachtanais reachtacha shonracha agus na bearta oibríochtúla a luaitear thuas chun athléimneacht a fheabhsú, gné lárnach den tslándáil is ea a chinntiú go gcomhlíonann dróin a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais slándála iomchuí ionas nach mbeidh dróin dhlisteanacha ina riosca slándála do shaoránaigh an Aontais ná nach ndéanfaidh gníomhaithe mailíseacha veicteoirí bagairtí díobh.

Dá bhrí sin, molfaidh an Coimisiún tús a chur le hobair leis na Ballstáit maidir le measúnú riosca slándála comhordaithe ar fud an Aontais ar dhróin agus ar acmhainneachtaí frithdhrón, agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí ina slabhra soláthair TFC. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh Bosca Uirlisí le haghaidh Slándáil Drón agus Slándáil Frith-Dhrón a bheith ann ina molfaí bearta comhréireacha maolaithe slándála, go háirithe chun córais frithdhrón a chur in úsáid timpeall bonneagair chriticiúla.

Le cur i bhfeidhm iomlán an Ghnímh um Chibear-Athléimneacht i mí na Nollag 2027, beidh formhór mór na ndrón a chuirfear ar mhargadh an Aontais faoi réir ceanglais chibearshlándála shainordaitheacha, agus ar an gcaoi sin cuirfear slándáil trí dhearadh chun cinn ar leibhéal an táirge. I bhfianaise ról tábhachtach na leathsheoltóirí i bhforbairt agus in oibríochtaí córas uathrialach, ba cheart do mhonaróirí drón sliseanna iontaofa a leabú ina gcórais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sliseanna slán, iontaofa agus frithsheasmhach in aghaidh crioscaíola nó cibearbhagairtí.

Ar leibhéal an chórais, oibreoidh an Coimisiún freisin chun an lipéad ‘Drón Iontaofa AE’ a bhunú chun iontaoibh as dróin shibhialta a fheabhsú a thuilleadh. Bheadh an lipéad ag brath ar fhíorú neamhspleách tríú páirtí agus shaineofaí leis critéir bhreise iontaoibhe agus athléimneachta ar leibhéal an táirge gan reachtaíocht chibearshlándála an Aontais atá ann cheana a dhúbláil.

Ar deireadh, i bhfianaise mhargaí na ndrón atá ag athrú go tapa, agus tar éis iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa 13 agus ó na Ballstáit 14 measúnú a dhéanamh ar ábharthacht agus éifeachtacht leanúnach Straitéis an Aontais maidir le Dróin 2.0, le hathbhreithniú 2026 ar dhul chun cinn soláthrófar breithniú cuimsitheach ar an Straitéis, lena sainaithneofar bearnaí agus moilleanna sa chur chun feidhme, agus déanfar measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil a gníomhaíochtaí fós oiriúnach dá bhfeidhm nó an gá iad a choigeartú, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a rannchuidíonn leis an tslándáil agus leis an iomaíochas.

2.2.2. Ullmhacht a fheabhsú ag teorainneacha seachtracha, spásanna poiblí agus bonneagair chriticiúla

Is éard atá i gceist le hullmhacht an Aontais a fheabhsú infheistíocht mhór a dhéanamh i gcosaint na mbonneagar criticiúil, lena n‑áirítear sa réimse muirí, sna teorainneacha seachtracha agus i spásanna poiblí.

A mhéid a bhaineann le hathléimneacht fhisiceach na mbonneagar criticiúil, tá creat cothrománach curtha i bhfeidhm ag an Aontas: an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil, lena gceanglaítear ar na Ballstáit straitéis náisiúnta athléimneachta a ghlacadh, measúnuithe riosca a dhéanamh i ngach ceann den 11 earnáil a chumhdaítear leis an Treoir, a n‑eintitis chriticiúla a shainaithint agus na bearta is gá a dhéanamh chun teagmhais shuaiteacha a chosc. Ba cheart é a bheith ina thosaíocht láithreach ag na Ballstáit an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur chun feidhme go práinneach agus ina hiomláine. Chun tacú leis na Ballstáit agus le heintitis chriticiúla, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le bearta feabhsaithe athléimneachta, lena n‑áirítear treoirlínte maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin agus maidir le feidhmiúlachtaí geofhálaithe a úsáid. Molfaidh an Coimisiún freisin plean do na Ballstáit thoilteanacha chun tástáil struis a dhéanamh ar athléimneacht na mbonneagar criticiúil in aghaidh ionradh ó dhróin, bunaithe ar shamhail na tástála struis a rinneadh roimhe seo ar bhonneagar criticiúil san earnáil fuinnimh agus le haghaidh cáblaí fomhuirí.

Tá an réimse muirí soghabhálach go háirithe i leith bagairtí agus ionsaithe ó dhróin aerbheirthe, dróin dromchla agus dróin fo-uisce. Tá feasacht fheabhsaithe ar an réimse muirí fíor-riachtanach chun bonneagar criticiúil muirí a chosaint agus chun freastal ar riachtanais mhíleata. Nuair a bhunófar iad, d’fhéadfaí na Moil Réigiúnacha Cáblaí 15 a leathnú chun feidhm feasachta níos leithne ar an réimse muirí a áirithiú, trí shócmhainní drón a úsáid, agus trí fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí ó dhróin 16    d’fhonn an bonneagar criticiúil muirí uile a chosaint go háirithe.

Chuige sin, seolfaidh an Coimisiún gníomhaíocht phíolótach chun feasacht ar an réimse muirí a fheabhsú. D’fhéadfadh na Ballstáit í a chur chun feidhme i gcomhthéacs na Mol Réigiúnacha Cáblaí, lena gcuirtear comhar garda cósta chun cinn agus lena mbaineann an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus Frontex. Sainaithneofar sa ghníomhaíocht phíolótach freisin bearnaí agus riachtanais oibríochtúla phráinneacha chun dróin a bhrath agus a chomhrac sa réimse muirí. D’fhéadfadh cláir chosanta an Aontais tacú léi. Áiritheofar dlúthchomhar le tionscadal MARSUR de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus le córais faireachais mhuirí ECAT. Tacóidh an Coimisiún freisin le cur in úsáid acmhainneachtaí braiteachta faoin bhfarraige, lena rannchuideofar le hacmhainneachtaí feasachta ar an réimse faoi uisce, a bheidh úsáideach chun bonneagar criticiúil a chosaint agus le haghaidh feidhmeanna muirí cosanta araon, go háirithe i limistéir ina bhfuil bonneagair faoi réir bagairtí (e.g. réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe nó an Artaigh).

Is féidir le húsáid mhailíseach drón dochar a dhéanamh don rialú ag na teorainneacha seachtracha agus go háirithe d’fhaireachas ar theorainneacha trí thaiscéalaíocht ar phatrúin phatróil agus ar phointí trasnaithe teorann a chumasú, trí choireacht trasteorann a éascú, agus trí chur isteach ar bhonneagar agus ar oibríochtaí bainistithe teorainneacha. Le Cód Teorainneacha Schengen, ceadaítear bearta sibhialta frithdhrón a úsáid chun teorainneacha talún agus muirí a chosaint, agus dá réir sin, i gcás inar gá chun cosc a chur ar dhul timpeall ar rialuithe teorann, leathnaítear é chun imlínte slándála aerfoirt a chumhdach.

Tá cosaint spásanna poiblí ar bhagairtí a bhaineann le dróin neamh-chomhoibríocha i gcroílár chreat beartais frithdhrón reatha an Choimisiúin 17 . Is é an cuspóir atá ann na hacmhainneachtaí cearta agus an oiliúint cheart a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí chun freagairt do bhagairtí drón agus chun dróin a úsáid le haghaidh cuspóirí slándála poiblí, amhail slua-rialú. Cuirfidh an Coimisiún dlús lena ghníomhaíocht chun tacú leis na húdaráis forfheidhmithe dlí sna hiarrachtaí sin, go háirithe an oiliúint a uasghrádú chun úsáid na mbeart maolaithe agus neodraithe a chomhtháthú agus í a leathnú chun oibreoirí bonneagar criticiúil a chumhdach. Leathnófar an grúpa saineolaithe frithdhrón atá bunaithe cheana féin chun Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a chur san áireamh (e.g. Frontex, Europol, GSEE, GEC). Tacóidh sé le réitigh choiteanna frithdhrón a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint, lena náirítear trí mhinicíocht an mhalartaithe faisnéise rúnaicmithe a mhéadú. Chun an obair sin a éascú, forbrófar clár oibre débhliantúil le haghaidh an ghrúpa saineolaithe frithdhrón.

2.2.3. Cosaint ar bhagairtí hibrideacha ó veicteoirí bagartha eile gan foireann amhail balúin

Le bliain anuas, seoladh na céadta balún meitéareolaíoch lasmuigh den Aontas isteach in aerspás roinnt Ballstát chun críoch aindleathach éagsúil, lena n‑áirítear smuigleáil. Is iondúil go mbíonn cártaí SIM iontu chun a suíomh a tharchur tar éis dóibh tuirlingt, agus cuireann siad ar a gcumas do smuigléirí an pálasta a aisghabháil. Mar gheall ar a méid, a meáchan, conairí dothuartha gaoth-thiomáinte, an airde oibriúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, agus a dtoilleadh pálasta, baineann rioscaí tromchúiseacha sábháilteachta agus slándála leis na balúin gan foireann sin, go háirithe nuair a eitlíonn siad thar bhonneagar criticiúil amhail aerfoirt, áit ar féidir leo a bheith ina gcúis le timpistí nó dúnadh. Bíonn sé thar a bheith dúshlánach iad a bhrath toisc go mbíonn modúil nascachta neamhghníomhach le linn eitilte de ghnáth. Mar thoradh air sin, is bagairt straitéiseach nach féidir a rialú den chuid is mó iad balúin throma gan foireann.

D’fhéadfadh roinnt beart sa Phlean Gníomhaíochta seo a bheith úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ó bhalúin mheitéareolaíocha. Is gá bearta breise a dhéanamh chun cur isteach ar an bhféidearthacht atá ann go n‑úsáidfidh coirpigh na balúin sin agus go mbainfidh gníomhaithe stáit agus neamhstáit leas astu mar uirlis feachtais hibridigh. Molann an Coimisiún meitheal shonrach a eagrú chun aghaidh a thabhairt ar ghné ilghnéitheach na mbagairtí, ag féachaint ar bhearta a bhaineann le nascacht, faireachán speictrim, atreorú ruthaig eitilte chomh maith le bealaí eile chun na bagairtí a leigheas, lena n‑áirítear comhar idir oibreoirí teileachumarsáide agus údaráis náisiúnta maidir le cúrsaí slándála agus cosanta náisiúnta. Thairis sin, i bhfianaise réitigh nuálacha, thapa agus oibríochtúla a thabhairt isteach chun an athléimneacht in aghaidh an chineáil sin bagartha a mhéadú, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit is mó lena mbaineann, glao miseandírithe ar léiriú spéise le haghaidh na hearnála príobháidí a eagrú go pras, glao ar ghnólachtaí nuathionscanta go háirithe, chun bealaí nua a mholadh chun bagairtí den sórt sin a láimhseáil.

Príomhghníomhaíochtaí maidir le hullmhacht:

·Mar ábhar tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:

§Pacáiste Slándála maidir le Dróin a mholadh faoi R3 2026 chun an creat rialála a oiriúnú go tapa do bhagairtí slándála nua:

oClárú sainordaitheach a áirithiú le haghaidh oibreoirí uile na ndrón beag (os cionn 100 g).

oAn oibleagáid maidir le cian-sainaithint dhíreach na ndrón a leathnú chun dróin bheaga (os cionn 100 g) a chumhdach.

oÉirí de thalamh na ndrón a sheachaint mura bhfuil uimhir aitheantais oibreora curtha isteach.

oSimpliú rialála agus solúbthacht a thabhairt isteach le haghaidh oibreoirí áirithe.

§Obair a dhéanamh leis na Ballstáit thoilteanacha ar phlean deonach chun tástáil struis a dhéanamh ar athléimneacht na mbonneagar criticiúil in aghaidh ionradh ó dhróin.

§Treoirlínte neamhcheangailteacha de chuid na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a ghlacadh i dtaca le bearta feabhsaithe athléimneachta le haghaidh eintitis chriticiúla agus treoraíocht spriocdhírithe ann maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin (R2 2026).

§Moladh a eisiúint maidir le ceanglais feidhmíochta dheonacha le haghaidh córais frithdhrón (R4 2026).

§Measúnú riosca slándála comhordaithe ar dhróin agus ar acmhainneachtaí frithdhrón a sheoladh faoi R3 2026, d’fhonn Bosca Uirlisí le haghaidh Slándáil Drón a ghlacadh.

§Fóram Tionsclaíoch um Dhróin agus Réitigh Frith-Dhrón – ‘Fóram D-TECT’ a sheoladh in R2 2026.

§Tacú le huas-scálú gnólachtaí nuathionscanta drón agus frithdhrón agus borradh a chur faoi acmhainneachtaí táirgeachta.

§Meitheal a thabhairt le chéile láithreach leis na Ballstáit leasmhara atá dírithe ar bhagairtí balúin agus haiceatón tiomnaithe a sheoladh in R2 2026 maidir le bagairtí balún, ionas gur féidir leis an tionscal agus pobal na ngnólachtaí nuathionscanta réitigh nuálacha a mholadh.

·Déanfaidh an Coimisiún obair leantach leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

§An lipéad ‘Drón Iontaofa AE’ a fhorbairt faoi R4 2026 chun iontaofacht na ndrón sibhialta a chuirtear ar an margadh a fheabhsú.

§Feabhas a chur, faoi R4 2026, ar infhaighteacht na faisnéise faoi limistéir gheografacha córais aerárthaí gan foireann, agus faoi 2027 na ceanglais theicniúla maidir le feidhm gheofhálaithe a leagan síos. 

§Ionad barr feabhais frithdhrón de chuid an Aontais a bhunú faoi R1 2027 agus cláir thástála a sheoladh, lena gcomhtháthófar ceanglais sábháilteachta eitlíochta. Tacú le caighdeán iomlán a fhorbairt le haghaidh modheolaíocht tástála chomhchuibhithe chun cur i gcoinne córais aerárthaí gan foireann.

§Gníomhaíocht phíolótach a sheoladh faoi 2027 chun feasacht ar an réimse muirí a fheabhsú chun cur i gcoinne bagairtí ó dhróin dromchla agus ó dhróin fhomhuirí.

§Comhdhéanamh an Ghrúpa Saineolaithe Frith-Dhrón (CUASG) atá faoi chathaoirleacht an Choimisiúin a leathnú in R1 2026 chun Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a chur san áireamh (e.g. Frontex, Europol, GEC, GSEE).

§Uasghrádú a dhéanamh faoi R2 2026 ar an timthriall oiliúna le haghaidh oibreoirí forfheidhmithe dlí chun bearta maolaithe agus neodraithe a chur san áireamh.

3.Brath: cur leis an acmhainneacht bagairtí ó dhróin a bhrath

Is gnéithe lárnacha iad brath, rianú agus sainaithint sa chomhrac in aghaidh gníomhaíochtaí mailíseacha drón. Trí bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir cairde agus naimhde, cuidítear le dróin a bhraitear a scagadh agus a aicmiú de réir a bpróifílí riosca, rud a fhágann gur féidir aird agus acmhainní na n‑údarás slándála a dhíriú ar bhealach níos fearr. Chuige sin, ní mór feasacht staide maidir le hoibríochtaí drón a fheabhsú go mór, lena n‑áirítear trí roinnt fothaí faisnéise nach bhfuil nasctha sa lá atá inniu ann a chomhtháthú. Ní mór acmhainneachtaí braite a fheabhsú freisin trí chur chuige ilbhraiteachta a úsáid agus tríd an éabhlóid theicneolaíoch agus líonraí teileachumarsáide a ghiaráil.

3.1. Feasacht staide fheabhsaithe

In éagmais aerfhaireachas comhtháite le haghaidh gníomhaíochtaí drón, mar aon leis na teorainneacha bunúsacha a bhaineann le hacmhainneachtaí braite, is féidir le gníomhaithe mailíseacha brath a sheachaint, go sealadach ar a laghad, agus séanadh inchreidte a chruthú. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an bhfeasacht staide ar oibríochtaí drón.

Ar an gcéad dul síos, is gá tacú le comhtháthú na sonraí ábhartha i gcórais thiomnaithe taispeána aonair. Ar bhonn an chreat rialála atá ann cheana amhail U-space, chomh maith le hoibleagáidí clárúcháin neartaithe amach anseo, beifear in ann acmhainneacht a bhunú chun aon drón dlisteanach a bhrath, a rianú agus a shainaithint i neas-fhíoram. Ní mór fothaí faisnéise éagsúla a chomhtháthú. I ndáil leis an méid sin, tá córas aerthaispeána aonair forbartha ag Eurocontrol – CIMACT (Uirlis um Chomhordú na Bainistíochta Aerthráchta Sibhialta-Míleata), lenar féidir bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ó dhróin a bhrath agus a shainaithint i bhfíor-am. Tacóidh an Coimisiún le teacht chun cinn uirlisí den sórt sin lena gcomhtháthófar sonraí braite agus sainaitheantais chomh maith le cumasóirí réamhtheachtacha chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíocht údaraithe agus neamh-chomhoibríoch drón. Ag féachaint chun cinn, d’fhéadfaí feasacht staide fheabhsaithe a neartú a thuilleadh trí réitigh feiceálachta drón a fhorbairt de réir a chéile, ag tógáil ar chreataí U-space, clárúcháin agus sainaitheantais.

Ar an dara dul síos, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ábhartha. Le creat rialála an Aontais maidir le sábháilteacht eitlíochta, soláthraítear an bunús dlí dó cheana féin 18 . Chun cur leis sin, ba cheart do na Ballstáit socruithe praiticiúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhroinnfear sonraí ábhartha idir na húdarás inniúla san eitlíocht shibhialta, i bhforfheidhmiú an dlí agus san arm. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí faireachán agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal na mbagairtí, freagairt níos tapúla a áirithiú, agus dliteanas a fhorfheidhmiú i gcás oibreoirí drón nach nurramaíonn bearta slándála.

Ar an tríú dul síos, tá sé fíor-riachtanach tuilleadh comhroinnte faisnéise a chothú idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó theagmhais roimhe seo agus chun léiriú staide soiléir a bhunú. Dá bhrí sin, féachfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an bhféadfaí ardán teagmhas drón de chuid an Aontais atá oibríochtúil, slán, so-úsáidte agus iontaofa a chur ar bun de réir a chéile, ag tógáil ar thuairisciú rialála teagmhas i gcás inarb ábhartha agus ar ardán digiteach foinse oscailte atá ann cheana. Leis an ardán, d’fhéadfaí teagmhais ábhartha a fhothú i neas-fhíoram agus bheadh rochtain ag na húdaráis náisiúnta ábhartha air. D’fhéadfadh an t‑ardán tacú le bunachar sonraí struchtúrtha de dhróin neamhúdaraithe a chruthú agus thairbheodh sé d’fhorbairt formáide coitinne sonraí le haghaidh córais frithdhrón. Tacóidh an Coimisiún le tionscnaimh ó na Ballstáit thoilteanacha chun comhroinnt faisnéise a fheabhsú, mar shampla ar an leibhéal réigiúnach.

Ar an gceathrú dul síos, ba cheart cumais bhraite, rianaithe agus sainaitheantais a chomhtháthú i gcórais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis an léiriú staide Eorpach, lena náirítear EUROSUR 19 , chun tacaíocht oibríochtúil agus láimhseáil chomhordaithe teagmhas trasteorann a chumasú. Ba cheart a chumhdach leis sin freisin, i gcás inarb iomchuí, braith ábhartha i gcomhthéacs oibríochtaí Frontex. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit thoilteanacha sineirgí sibhialta-míleata a lorg le córais feasachta staide míleata agus le córais slándála, agus lánurraim á tabhairt do reachtaíocht an Aontais.

3.2. Acmhainneachtaí braiteachta ilfhearainn a chur in úsáid

Chun dróin neamhdhlisteanacha agus dróin a d’fhéadfadh a bheith mailíseach a bhrath, tá gá le roinnt braiteoirí. Baineann saintréithe sonracha le brath traidisiúnta radar-bhunaithe. Braitheann radair fhadraoin réada níos mó ag airde níos airde, agus díríonn radair ghearr-raoin ar rianú gearr-achair. Ina theannta sin, tá dúshláin ag baint le saintréithe éagsúla drón agus oibríochtaí drón, amhail frithchaitheamh an tír-raoin, trasghearradh beag radair na ndrón, an airde íseal ag ar féidir le dróin eitilt, agus an baol sáithithe i gcás saithí drón. Dá réir sin, chun dróin mhailíseacha a bhrath, tá gá le cur chuige ilbhraiteora, a chomhtháthaítear trí bhogearraí ceannais agus rialaithe (C2) IS-chuidithe, lenar féidir feasacht staide shoiléir a bhunú, go háirithe chun bonneagar criticiúil a chosaint.

Le forbairtí leanúnacha teicneolaíochta, feabhsófar acmhainneachtaí braite. Mar shampla, i réimse na gcóras radair éighníomhaigh agus ghníomhaigh araon, is féidir le radair atá sainithe ag bogearraí sa bhanda X agus níos faide i gcéin acmhainneachtaí braite feabhsaithe a sholáthar. Is réimsí spéise eile iad fuaimbhraiteoirí amhail micreafóin eagair chéimnithe fhuaimiúla IS-chuidithe, LiDAR (Brath agus Raonáil le Solas) ina n‑úsáidtear léasar bíogach, ceamaraí infridhearga teirmeacha lenar féidir éagsúlachtaí beaga teasa a bhrath, agus braiteoirí optúla.

Ba cheart don Aontas an tacaíocht dhúchasach a thugann sé d’fhorbairt na dteicneolaíochtaí dé-úsáide sin a fheabhsú, ar teicneolaíochtaí iad nach mór a chomhtháthú i gcórais bhraiteachta ilfhearainn, le tacaíocht ó C2 modúlach dáilte, IS-chuidithe, agus ó chumarsáid chriptithe. D’fhéadfaí na córais sin a chur in úsáid chun bonneagar criticiúil sonrach a chosaint ar bhonn buan nó d’fhéadfaí iad a shuiteáil ar fheithiclí talún nó muirí ar mhaithe le solúbthacht mhéadaithe. Is nithe sibhialtacha trí dhearadh iad sin, ach d’fhéadfaidís comhlánú úsáideach a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí míleata atá ann cheana chun na hacmhainneachtaí braite foriomlána a fheabhsú. Tá an idir-inoibritheacht – trí chaighdeáin aitheanta a chur in úsáid – ríthábhachtach chun modúlacht le braiteoirí leagáide agus braiteoirí amach anseo chomh maith le héifeachtóirí a cheadú, agus chun comhtháthú rianúil le córais aerchosanta nó aerfhaireachais a cheadú. D’fhéadfaí na hacmhainneachtaí modúlacha sin a chur in úsáid ar bhealach úsáideach trí chlár soláthair chomhpháirtigh chun bonneagar criticiúil sonrach a chosaint 20 .

3.3. Líonraí teileachumarsáide a ghiaráil le haghaidh brath feabhsaithe

D’fhéadfaí líonraí teileachumarsáide 5G atá ann cheana a ghiaráil chun brath drón a fheabhsú agus a leathnú. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit tacú le cur in úsáid acmhainneachta dhá shraith bunaithe ar líonraí ceallacha chun dróin a bhrath agus a rianú.

Maidir leis an gcéad sraith, ba cheart acmhainneacht an líonra atá ann cheana a úsáid chun dróin nasctha a bhrath trí chéannachtaí neamhghnácha cártaí SIM, cineálacha tarchuir sonraí nó gníomhaíochtaí a shainaithint. Ba cheart do líonraí foláirimh bunaithe ar an iompraíocht a sholáthar maidir le sócmhainní meara thar chonairí neamhthraidisiúnta, lena gcruthaítear córais braite uathoibrithe agus córais luathrabhaidh IS-bhunaithe. Bheadh an modh braite sin ag brath ar chomhpháirtíocht láidir idir údaráis náisiúnta agus oibreoirí teileachumarsáide. Éilítear leis freisin comhpháirtíochtaí tionsclaíocha láidre idir cuideachtaí IS agus soláthraithe agus oibreoirí teileachumarsáide chomh maith le cur chun feidhme iomlán Bhosca Uirlisí Cibearshlándála 5G 21 22 .

D’fhéadfaí an acmhainneacht rianaithe nascachta sin a fheabhsú trí úsáid a bhaint as coincheap an ‘aerspáis dhigitigh’ lena soláthraítear nascacht 5G-bhunaithe do dhróin – agus, dá bhrí sin, lena gceadaítear iad a bhrath – ar airde níos mó ná mar atá ann inniu. Chuige sin, tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit ar Chinneadh Cur Chun Feidhme chun infhaighteacht speictrim chomhchuibhithe leordhóthanach a áirithiú sna bandaí minicíochta móibíleacha trastíre comhchuibhithe traidisiúnta. Leis sin, beifear in ann dróin a oibriú go sábháilte thar achair mhóra. Cheapfaí sásra freisin chun drón a idirdhealú ó úsáideoirí eile agus bhunófaí oibleagáid gur coinníoll é a bheith réamh-shainaitheanta mar dhrón chun nascadh le líonra móibíleach.

Maidir leis an dara sraith, ba cheart braiteacht cheallach a ghiaráil chun dróin neamhnasctha a bhrath. Leis an mBraiteacht agus Cumarsáid Chomhtháite (ISAC), comhtháthaítear an bhraiteacht sa líonra cumarsáide móibílí. Is féidir leis, go praiticiúil, aeróga 5G agus aeróga den chéad ghlúin eile a thiontú ina mbraiteoirí radair, atá in ann suíomh spásúil aon réad eitilte gan aithint a bhrath, lena n‑áirítear balúin. Sa ghearrthéarma, d’fhéadfaí an teicneolaíocht sin a chur in úsáid os cionn suíomhanna áirithe amhail saoráidí bonneagair chriticiúil. Má úsáidtear agus nuair a úsáidtear ina n‑iomláine é thar chríoch nó thar réigiún mór, d’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn le leathchúplaí digiteacha, lena léirítear go digiteach láithreacht fhisiceach réad san aerspás. D’fhéadfadh feidhmeanna míleata féideartha a bheith i gceist leis sin freisin, amhail na córais aerfhaireachais mhíleata atá ann cheana a chomhlánú nó trasnaíocht radaimhinicíochta a bhrath.

Tá ISAC á thástáil ag soláthraithe teileachumarsáide Eorpacha, agus rinneadh bearta tosaigh chun é a chaighdeánú, go háirithe faoi chuimsiú 6G. Chun dlús a chur lena chur in úsáid, molfaidh an Coimisiún na hathruithe rialála is gá, amhail a áirithiú go gceadaítear braiteacht le leithdháileadh speictrim, agus cur isteach ar an eitlíocht á theorannú an tráth céanna. Chuige sin, rinneadh foráil maidir leis na forálacha ábhartha sa Ghníomh um Líonraí Digiteacha a moladh le déanaí. Sa ghearrthéarma, molfaidh an Coimisiún sainordú do CEPT (Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide) chun coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla a fhorbairt le haghaidh na braiteachta, agus ina dhiaidh sin dhéanfaí cinneadh leasaithe maidir le comhchuibhiú lena gceadófaí speictream a úsáid le haghaidh na braiteachta.

Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, ar bhealaí chun leas a bhaint as líonraí teileachumarsáide 5G, i gcomhair úsáid shibhialtach agus mhíleata araon, le haghaidh acmhainneacht ríomhaireachta dáilte, agus réitigh imeall-ríomhaireachta agus néalríomhaireachta á gcur san áireamh.

Príomhghníomhaíochtaí maidir le brath:

Mar ábhar tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:

·Glao ar Léirithe Spéise le haghaidh na mBallstát, na hÚcráine agus chomhpháirtithe tionsclaíocha na hEorpa a sheoladh chun acmhainneacht braite drón dé-úsáide bunaithe ar líonraí ceallacha a thástáil agus a chur in úsáid (R2 2026):

oSásra luathrabhaidh IS-bhunaithe le haghaidh dróin nasctha mhailíseacha a fheabhsaítear le coincheap an aerspáis dhigitigh;

oDróin neamhnasctha a bhrath trí líonraí ceallacha;

oBraiteacht cheallach a leabú i bhfeidhmeanna míleata atá ann faoi láthair agus atá ar na bacáin.

·Na bearta rialála is gá a dhéanamh chun gur féidir speictream a úsáid le haghaidh na braiteachta trí chinneadh leasaithe maidir le comhchuibhiú speictrim.

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit atá toilteanach na hacmhainneachtaí braite nua sin a thástáil agus a chur in úsáid chun bonneagar criticiúil a chosaint nó chun an acmhainneacht bhraite sin a mhéadú ar fud críche a fhreastalaíonn ar an arm, ar fhorfheidhmiú an dlí agus ar aon údarás ábhartha eile. Iarrfaidh an Coimisiún ar an Úcráin freisin breithniú a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar acmhainneachtaí braiteachta ceallaí a chur in úsáid feadh theorainneacha na mBallstát is mó a ndéanann bagairtí ó dhróin nó ó réada eitilte eile, amhail balúin, difear dóibh. Ní mór creat rialachais náisiúnta iomchuí a bhunú idir údaráis shibhialtacha agus mhíleata, soláthróirí trealaimh teileachumarsáide, úinéirí túr, oibreoirí teileachumarsáide agus bainisteoir bonneagair, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais slándála náisiúnta go sainráite.

Déanfaidh an Coimisiún obair leantach leis na Ballstáit freisin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Feasacht staide a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh

oSonraí ábhartha a chomhtháthú i gcórais thiomnaithe taispeána aonair;

oIniúchadh a dhéanamh ar ardán teagmhas drón de chuid an Aontais a bhunú de réir a chéile;

oCumais bhraite, rianaithe agus sainaitheantais a chomhtháthú i gcórais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha;

oFormáidí coiteanna sonraí maidir le cumais frithdhrón.

·Na Ballstáit a spreagadh go láidir chun creat comhroinnte faisnéise a bhunú idir údaráis eitlíochta sibhialta, údaráis forfheidhmithe dlí agus an tarm.

4.Freagairt: Comhar agus dlúthpháirtíocht níos láidre san Aontas

Aon uair a tharlaíonn teagmhas agus a bhraitear drón mailíseach amháin nó níos mó, ní mór aghaidh a thabhairt go pras agus go héifeachtach ar na bagairtí. Is iad na Ballstáit atá freagrach as freagairt oibríochtúil ar theagmhais, i bhfianaise an naisc láidir le cúrsaí slándála agus cosanta náisiúnta. Mar sin féin, is féidir le gníomhaíochtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais tacú leis na Ballstáit acmhainneachtaí agus réitigh frithdhrón a chur in úsáid. Leis an ngné sin, éilítear sineirgí láidre sibhialtacha-míleata, agus rialacha rannpháirtíochta dea-shainithe agus dea-chleachta bunaithe ar an mbagairt.

4.1. Sineirgí oibríochtúla sibhialtacha agus míleata

Maidir le haerchosaint chomhchoiteann, tá príomhról ag ECAT chun cosaint a thabhairt ar ghnáthbhagairtí, amhail bagairtí ardleibhéil aeir agus diúracán. Le teacht chun cinn bagairtí drón, go háirithe córais ísealchostais, tá an aerchosaint ag athrú, rud a éilíonn sraith bhreise de líonra frithdhrón. An tráth céanna, chun teorainneacha, aerfoirt, calafoirt, bonneagar fuinnimh agus láithreáin íogaire a chosaint ar dhróin ísealchostais, ní féidir a bheith ag brath ar an arm amháin. Cuireann sé sin i dtábhacht an comhordú sibhialta agus míleata is gá. Ní mór dul i ngleic le hacmhainneachtaí frithdhrón mar líonra dinimiciúil, inoiriúnaithe agus cuimsitheach, chun críoch slándála sibhialta agus cosanta araon.

A luaithe a bhraitear bagairt, cuirtear prótacail náisiúnta i ngníomh as a n‑eascraíonn bearta coisctheacha (amhail dúnadh aerspáis), chomh maith le bearta frithdhrón ó réimse leathan réiteach. Cé go ndéantar na nósanna imeachta sin a chinneadh agus a oibriú ar an leibhéal náisiúnta, is gá tástáil struis a dhéanamh orthu in aghaidh cás bagairtí trasteorann nó ilveicteora agus in aghaidh bagairtí atá ag teacht chun cinn freisin, amhail dróin sáithithe nó miondróin.

Ina theannta sin, ag airde an-íseal, éilíonn freagairt frithdhrón agaí freagartha a mhaireann roinnt soicindí agus nósanna imeachta sibhialta-míleata atá sioncrónaithe go docht, atá fós míchothrom thar theorainneacha. Mar gheall ar an neamhshiméadracht costais idir bagairtí ísealchostais agus modhanna cosanta ganna, mar aon le mais agus sáithiú, is deacair an ilroinnt a chothú. Cuireann formáidí sonraí, aicmiú agus slabhraí tuairiscithe éagsúla cosc ar léiriú comhroinnte ísealairde agus déanann siad an sannadh níos casta i gcásanna hibrideacha. Chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, tá gá le hidir-inoibritheacht, rialachas agus seachadadh oibríochtúil tapa ar fud na n‑éiceachóras.

Is é sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach nósanna imeachta agus bealaí cumarsáide ábhartha a bhunú idir na gníomhaithe uile, lena n‑áirítear ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, tá sé beartaithe cleachtadh frithdhrón bliantúil ar leibhéal an Aontais a sheoladh leis na gníomhaithe ábhartha sibhialtacha agus míleata uile.

4.2.Tacaíocht maidir le hacmhainneachtaí frithdhrón a chur in úsáid

Tá gá le cur chuige ilsrathach agus iléifeachta (lena gcomhcheanglaítear roinnt bearta teicniúla frithdhrón) chun cur i gcoinne speictream mór na mbagairtí a bhaineann le dróin neamh-chomhoibríocha. Braitheann frithbhearta ar mheascán de réimse leathan réiteach amhail tarchuradóirí trasnaíochta, léasair, micreathonnta ardchumhachta, gabhálaithe drón, cibearbhaint anuas chomh maith le réitigh chinéiteacha chrua, mar shampla dróin ionsaithe aonair nó ‘i saithe’, gunnadóireacht agus diúracáin ghearr-raoin agus armlón.

Nuair a bhíonn dróin nasctha le líonra cumarsáide, áirítear le frithbheart féideartha an acmhainneacht cur isteach ar nascacht na veicteoirí mailíseacha, í a mhoilliú, trasnaíocht a dhéanamh uirthi nó deireadh a chur léi, gan difear a dhéanamh do nascacht na ndrón cairdiúil. Ar bhonn iarraidh ó na húdaráis náisiúnta ábhartha, ba cheart oibreoirí teileachumarsáide a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh chun an SIM nó an modúl nascachta a thoirmeasc, chun dícheangal le lámh láidir a oibriú, nó chun cur chuige geofhálaithe a bhunú. Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair ar Chinneadh Cur Chun Feidhme lena gcomhchuibhítear dálaí oibríochtúla agus teicniúla le haghaidh oibriú sábháilte na ngaireas teirminéil amhail dróin.

I bhfianaise na staide slándála atá ag athrú, tá sé fíor-riachtanach agus práinneach go mbeidh an trealamh agus na córais frithdhrón is déanaí ag bonneagair chriticiúla. I gcomhlántacht iomlán le gníomhaíochtaí leanúnacha i réimse na cosanta, oibreoidh an Coimisiún, dá bhrí sin, leis na Ballstáit chun Tionscnamh AE um Chur ar Fáil Réiteach Frith-Dhrón le haghaidh Bonneagair Chriticiúla a sheoladh – trí ghlao ar léiriú spéise:

Ar an gcéad dul síos, bunaithe ar mhapáil na riachtanas a dtugtar tuairisc orthu i roinn 2, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt córas frithdhrón dúchasach agus aird ar leith á tabhairt ar an tacaíocht a thugtar do chineálacha cur chuige nuálacha agus inscálaithe, go háirithe ó ghníomhaithe nua ar fud éiceachórais chosanta agus shibhialtacha. Sa chomhthéacs sin, oibreoidh sé leis an tionscal, agus leis na Ballstáit, chun réimsí tosaíochta infheistíochta a shainiú faoi chláir chosanta agus shibhialtacha an Aontais, d’fhonn an cur chuige a mhéadú faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo.

Ar an dara dul síos, molfaidh an Coimisiún tionscnamh deonach ceannaigh chomhpháirtigh frithdhrón de chuid an Aontais chun réitigh frithdhrón a chur in úsáid i mbonneagair chriticiúla. Is é an cuspóir atá ann acmhainneacht soláthair ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais (e.g. Frontex, EMSA, EFCA) a ghiaráil, chomh maith le sineirgí a chruthú le soláthar comhpháirteach (lena náirítear scéimeanna soláthair réamhthráchtála nó nuálacha) arna reáchtáil ag aireachtaí náisiúnta ábhartha, go háirithe aireachtaí cosanta nó gnóthaí baile, i gcomhthéacs chur chun feidhme CSI agus IBTV chomh maith le SAFE 23 , EDIP 24 agus obair na comhghuaillíochta um Chumas Drón nó, má roghnaíonn na Ballstáit é, an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, an tionscnamh maidir le Faireachán ar an gCliathán Thoir agus an tionscnamh maidir leis an Aersciath, chomh maith le cur chun feidhme straitéis an Aontais um an Muir Dhubh agus Mhol Slándála Muirí na Mara Duibhe.

4.3. ‘Sraith bogearraí’ na nacmhainneachtaí frithdhrón a thógáil

Is gá cumais frithdhrón éifeachtacha a chumhachtú le córas Ceannais agus Rialaithe (C2), an tsraith bogearraí lenar féidir na braiteoirí agus na héifeachtóirí a chomhtháthú, mar a léiríodh le taithí na hÚcráine. Chun bagairtí sofaisticiúla comhordaithe ó dhróin a bhrath agus a chomhrac, tá sé fíor-riachtanach go bhforbróidh na Ballstáit acmhainneachtaí ceannasacha Eorpacha Ceannais agus Rialaithe (C2) i gcomhpháirt, arna gcumhachtú ag bogearraí intleachta saorga, ardleibhéal cibearshlándála, criptiú úrscothach, néalríomhaireacht shlán ar an imeall, agus acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta. Na réitigh C2 sin atá idir-inoibritheach trí dhearadh agus dé-úsáide ó nádúr, ba cheart iad a bheith in ann oibriú i sineirgí le hacmhainneachtaí braite agus ba cheart iad a bheith deartha chun teagmháil a dhéanamh le héifeachtóirí iomadúla in aghaidh dróin mhailíseacha. Ba cheart a cheadú leo trealamh leagáide a chomhtháthú, agus idirghníomhú le chéile agus le córais shibhialtacha agus chosanta ábhartha. I gcomhréir leis an Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga, ba cheart do na Gigeamhonarchana IS atá á mbunú faoi láthair le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais forbairt na n‑acmhainneachtaí C2 sin a éascú.

4.4. Dlúthpháirtíocht: Mearfhoirne práinnfhreagartha frithdhrón

Agus aghaidh á tabhairt ag na Ballstáit ar bhagairtí nó chun láithreáin spriocdhírithe a dhaingniú in oirchill imeachtaí, ní mór dóibh a bheith in ann brath ar dhlúthpháirtíocht Eorpach fheabhsaithe, thapa agus inscálaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe, nuair a sháraíonn cineál nó scála na mbagairtí acmhainneachtaí Ballstáit freagairt dóibh.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun Mearfhoirne Práinnfhreagartha Frith-Dhrón a bhunú a d’fhéadfadh gníomhú mar aonaid chúltaca is féidir a chur in úsáid go tapa, a mbeidh na teicneolaíochtaí is déanaí acu maidir le brath agus freagairt, arna iarraidh sin d’údarás Ballstáit i gcur chuige cúnaimh fhrithpháirtigh. D’fhéadfadh an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha an tacaíocht is gá a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí. Fiosróidh an Coimisiún conas is féidir leis sin cur le leathnú shásraí comhthiomsaithe agus comhroinnte na líonraí forfheidhmithe dlí arna gcistiú ag an Aontas 25 , an Chláir Chomhairligh um Shlándáil Chosanta (PSA), agus ghníomhaireachtaí an Aontais (e.g. Frontex) chun cumhdach trasteorann agus cur in úsáid aonad soghluaiste a sholáthar i gcomhthéacs imeachtaí ardriosca agus ardphróifíle agus idir-inoibritheacht á coinneáil ar bun an tráth céanna. D’oibreodh sé freisin i sineirgí leis na cumais atá ann cheana amhail Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha de chuid an Aontais.

4.5. Acmhainneacht frithdhrón atá comhtháite i mbainistiú teorainneacha

Tá teorainneacha seachtracha an Aontais faoi réir dianbhagairtí drón ar fud codanna de theorainneacha talún agus muirí agus gar dóibh. Tacaíonn Frontex leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin. Cuireann sé dróin in úsáid le haghaidh faireachas ar theorainneacha in oibríochtaí comhpháirteacha agus cuireann sé an idir-inoibritheacht chun cinn.

Tacóidh an Coimisiún le Frontex chun treoirthionscadail drón agus frithdhrón, taispeántais bheo agus dúshláin nuálaíochta duaisbhunaithe a eagrú i suíomhanna réalaíocha teorann. Feabhsóidh sé comhtháthú na ndrón agus na scileanna frithdhrón in oiliúint an bhuanchóir. Cuirfidh Frontex treoraíocht phraiticiúil ar fáil freisin maidir le samhlacha srathacha cur in úsáid agus maidir le teagmhais trasteorann a láimhseáil.

Leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV), tacaítear leis na Ballstáit feabhas a chur ar an bhfaireachas ar theorainneacha agus ar bhrath bagairtí ag teorainneacha seachtracha an Aontais, lena n‑áirítear maidir le dróin agus acmhainneachtaí frithdhrón. Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar iarratais a fuarthas ar ghlao EUR 150 milliún ar threalamh. Is é an aidhm atá ann tacú leis na Ballstáit trealamh gan chriú a cheannach le haghaidh faireachas aeir agus muirí agus is é an cuspóir deiridh atá ann go gcuirfidh Frontex in úsáid é in oibríochtaí comhpháirteacha.

Ina theannta sin, glao EUR 250 milliún le déanaí chun teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear in aghaidh drón, foilsíodh é i mí na Nollag 2025. Dírítear ann ar Bhallstáit a bhfuil brú méadaithe casta orthu maidir le bainistiú teorainneacha agus tacaítear leo i gceann amháin nó níos mó de na trí réimse tosaíochta: dróin agus córais frithdhrón a cheannach go díreach le haghaidh teorainneacha seachtracha, dróin agus córais frithdhrón a chomhtháthú i gcórais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha agus teicneolaíochtaí nuálacha agus córais chumarsáide a chur in úsáid chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha a dhéanann difear do theorainneacha seachtracha agus do phointí trasnaithe teorann, lena n‑áirítear na cinn sin in aerfoirt idirnáisiúnta. Chun cur chun feidhme agus idir-inoibritheacht a éascú, molann an Coimisiún cineálacha cur chuige comhordaithe i measc na mBallstát leasmhar, lena n‑áirítear comhar trí sholáthar nuálaíochta comhpháirteach/trasteorann agus soláthar comhpháirteach, i gcás inarb ábhartha.

4.6.I dtreo creat rialála frithdhrón ar leibhéal an Aontais

Sa lá atá inniu ann, tá na creataí dlíthiúla agus oibríochtúla chun gníomhaíocht drón neamh-chomhoibríoch nó neamhshábháilte a chomhrac fós an-ilroinnte ar fud an Aontais, mar a léiríodh le staidéar mapála cuimsitheach a rinneadh le déanaí ar chreataí rialála na mBallstát le haghaidh córais frithdhrón.

Braitheann formhór na mBallstát ar fhorálacha scaipthe sa reachtaíocht eitlíochta, póilíneachta, cosanta agus teileachumarsáide, agus níl ach cúpla Ballstát tar éis tús a chur le straitéisí comhtháite náisiúnta frithdhrón a fhorbairt. Níl rialacha náisiúnta ag Ballstáit áirithe in aon chor. Is iondúil nach mbíonn údarás dlíthiúil ag oibreoirí bonneagair shibhialtaigh agus chriticiúil chun drón bagrach a neodrú. Tá bearta maolaithe gníomhacha amhail trasnaíocht, spúfáil nó idirghabháil chinéiteach fós teoranta d’aonaid mhíleata agus d’aonaid speisialaithe phóilíneachta mar gheall ar rialacha dochta maidir le trasnaíocht speictrim agus sábháilteacht eitlíochta. Mar thoradh air sin, is féidir le roinnt oibreoirí bagairtí a bhrath ach ní féidir leo freagairt go héifeachtach dóibh, rud a chuireann moill ar an neodrú agus a mhéadaíonn rioscaí slándála.

Is gá, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh ar chreat Theachtaireacht 2023 maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin a leathnú i dtreo sraith rialacha comhchoiteanna ceangailteacha agus neamhcheangailteacha le haghaidh údaráis na mBallstát agus oibreoirí príobháideacha chun róil agus sainorduithe na ngníomhaithe uile lena mbaineann a shoiléiriú, lena n‑áirítear úinéirí bonneagair chriticiúil. D’fhéadfaí a áireamh leis sin íoscheanglais feidhmíochta le haghaidh córais frithdhrón, téarmaíocht chomhchuibhithe agus tacsanomaíocht chomhchuibhithe, faireachán comhtháite, tacaíocht don ardán tuairiscithe teagmhas, agus dreasachtaí maidir le caighdeánú. Leis an tsraith rialacha, ba cheart leibhéal bunlíne athléimneachta a sholáthar do na Ballstáit agus ba cheart í a chur chun feidhme i gcomhlántacht leis an gcreat maidir le húsáid dhlisteanach drón. Chuige sin, seolfaidh an Coimisiún staidéar féidearthachta maidir leis na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun creat rialála frithdhrón ar leibhéal an Aontais a bhunú faoi 2030. Go comhthreomhar, chun freastal ar riachtanais ghearrthéarmacha, eiseoidh an Coimisiún Moladh maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin, ina sonrófar treoraíocht le haghaidh oibreoirí forfheidhmithe dlí.

Príomhghníomhaíochtaí maidir le freagairt:

Mar ábhar práinne, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:

·Glao ar Léiriú Spéise a sheoladh faoi R2 2026 chun Tionscnamh AE um Chur ar Fáil Réiteach Frith-Dhrón le haghaidh Bonneagair Chriticiúla a bhunú bunaithe ar an méid seo a leanas:

oForbhreathnú ar riachtanais chumais frithdhrón dé-úsáide an Aontais.

oclár píolótach comhpháirteach chun acmhainneachtaí frithdhrón a fhorbairt.

oCeannach comhpháirteach deonach chun bonneagar criticiúil a chosaint.

oAcmhainneachtaí frithdhrón a chur in úsáid i dteorainn mhuirí agus talún (tríd an nglao EUR 250 milliún ar léiriú spéise faoi IBTV).

·Mar chuid de leathadh amach leanúnach Ghigeamhonarchana IS, tacú le hacmhainneachtaí C2 dúchasacha, dé-úsáide agus IS-chuidithe le haghaidh sócmhainní uathrialacha d’fhonn réitigh bogearraí ceannasacha a chur in úsáid.

·Cleachtadh bliantúil mórscála de chuid an Aontais maidir le slándáil drón a sheoladh chun comhar trasteorann agus sineirgí sibhialtacha/míleata a thástáil (an chéad chleachtadh i bhfómhar 2026).

Déanfaidh an Coimisiún obair leantach leis na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Staidéar féidearthachta a sheoladh le haghaidh creat rialála frithdhrón ar leibhéal an Aontais lena leagfar síos bunlíne íosta choiteann le haghaidh údaráis na mBallstát agus oibreoirí príobháideacha bonneagair chriticiúil.

·Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin i gcás oibreoirí forfheidhmithe dlí.

·Tacú le Frontex dróin a úsáid ar mhaithe le faireachas feabhsaithe ar theorainneacha trí oibríochtaí comhpháirteacha, treoirthionscadail drón agus frithdhrón agus taispeántais bheo.

·Féachaint faoi R4 2026 ar Mhearfhoirne Práinnfhreagartha Frith-Dhrón a bhunú chun feabhas a chur ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcúnamh frithpháirteach in aghaidh bagairtí drón.

·Na Ballstáit a spreagadh chun an creat dlíthiúil ceart a fhorbairt atá i bhfeidhm chun gur féidir bearta feabhais éifeachtúla a dhéanamh, lena náirítear baint anuas, in aghaidh bagairtí drón agus chun úinéirí bonneagair chriticiúil phríobháidigh a chumhachtú chun na bearta is gá a dhéanamh.

5.Ullmhacht cosanta na hEorpa in aghaidh bagairtí drón a neartú

Chomh maith le feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith na réimsí leathana bagairtí drón, is gá freisin ullmhacht cosanta na hEorpa a neartú a thuilleadh chun bagairtí drón a chomhrac ós rud é go bhfuil úsáid drón ina dlúthchuid den chogaíocht nua-aimseartha. Sa chomhthéacs sin, tá ceachtanna á bhfoghlaim ag an Eoraip ón gcogadh gan chúis san Úcráin, agus ón éiceachóras nuálach a cuireadh i bhfeidhm chun dul in oiriúint go tapa do dhinimic na láithreach catha.

Ó thaobh na cosanta de, léiríonn úsáid mhéadaitheach drón agus córas frithdhrón éabhlóidí níos leithne sa timpeallacht slándála, lena n‑áirítear luasanna oibríochtúla níos tapúla, gníomhaíochtaí faoi bhun thairseach na coinbhleachta armtha agus an idirghníomhaíocht mhéadaitheach idir réimsí sibhialtacha agus míleata. Ní hamháin go ndéanann na forbairtí sin difear d’oibríochtaí míleata a dhéanamh, ach déanann siad difear freisin do bhreithnithe níos leithne a bhaineann le cosaint chríochach, sócmhainní criticiúla a dhaingniú agus ullmhacht fhoriomlán cosanta.

Úsáidtear dróin thar raon leathan feidhmeanna míleata, lena n‑áirítear faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht, ionsaithe, cosaint fórsaí agus tacaíocht lóistíochta. An tráth céanna, tá cumais frithdhrón ina ngné lárnach d’inmharthanacht fórsa agus de shaoirse ainlithe, go háirithe i dtimpeallachtaí conspóideacha agus sáithithe.

Tá dróin agus córais frithdhrón ar cheann de na réimsí tosaíochta cumais arna sainaithint agus arna gcomhaontú ag na Ballstáit. Cuireadh i dtábhacht sa Treochlár maidir le hUllmhacht Cosanta gur gá aghaidh a thabhairt ar an gcumas sin mar ábhar tosaíochta. Tá tús curtha cheana féin ag náisiúin cheannais agus ag Ballstáit eile, le tacaíocht ón Ardionadaí, go háirithe trí ról comhordaithe gníomhach GEC, leis an obair ar dhróin agus ar chórais frithdhrón laistigh de Réimse Tosaíochta Cumais tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chumais an-sonrach. Tugtar aghaidh ar chumais chóngaracha eile i réimsí cumais amhail Cosaint Aeir agus Diúracán, Airtléire, an Chogaíocht Leictreonach agus an Intleacht Shaorga. Soláthraíonn an grúpa comhordaithe sin an creat inar féidir aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na hidirthuilleamaíochtaí chomh maith leis na dúshláin idir-inoibritheachta agus na spleáchais oibríochtúla. Ba cheart é a bheith ar an bpríomhbhealach chun iarrachtaí na mBallstát a chomhordú i dtreo cuspóirí comhaontaithe maidir le hUllmhacht Cosanta, lena n‑áirítear trí thosaíochtaí cumais a nascadh le hionstraimí ábhartha um thacaíocht thionsclaíoch.

Maidir le tacaíocht airgeadais, tá sé d’aidhm ag an Réimse Tosaíochta Cumais maidir le dróin agus córais frithdhrón acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa i ndróin aerbheirthe a sholáthar agus a chothú trí chuspóirí agus amlínte sonracha agus tríd an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) agus Ionstraim SAFE a ghiaráil. Cuirfidh an Coimisiún dlús lena thacaíocht don mhéid sin, lena n‑áirítear trí chreataí comhoibríocha EDIP (an Struchtúr do Chláir Armála na hEorpa, Tionscadal Eorpach Leasa Choitinn i Réimse na Cosanta), lena n‑éascaítear idirphlé leis an gComhghuaillíocht Drón agus lena ndéantar mapáil thionsclaíoch i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí ar tugadh tuairisc orthu níos luaithe. Cuirfear an obair sin san áireamh sa Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, chomh maith leis an tionscnamh maidir le Faireachán ar an gCliathán Thoir, a mholtar sa Treochlár maidir le hUllmhacht Cosanta.

Tabharfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin ar aghaidh, d’fhonn tacú leis an gcomhleanúnachas ar fud na n‑iarrachtaí cumais, oibríochtúla agus tionsclaíocha ar leibhéal an Aontais, i dtreo na dtosaíochtaí maidir le hUllmhacht Cosanta a bhaint amach, lena n‑áirítear thar shnáitheanna sibhialta, dé-úsáide agus míleata, agus ar bhealach trasearnálach leis an obair leanúnach faoi chomharrachtaí ábhartha an Réimse Tosaíochta Cumais.

Leis an obair sin, bainfear leas go háirithe as taithí na hÚcráine ar an láthair chatha i réimsí na gcóras idir-inoibritheach bainistithe sonraí, lena n‑áirítear Ceannas agus Rialú (comhtháthú), córais bhraite (feasacht) agus córais éifeachtóra chostéifeachtacha (freagairt). Leis an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, ba cheart tacú le cur chuige níos comhtháite, agus príomhspleáchais oibríochtúla ar fud an tslabhra freagartha oibríochtúla iomláin á gcur san áireamh. Beidh sé d’aidhm aige éiceachóras tionsclaíoch úsáideoirí deiridh, nuálaithe agus línte táirgeachta a thógáil a bheidh in ann torthaí a bhaint amach nuair is gá. Chun ionsaí na saithí drón a chomhrac, tá gá le córais mhodúlacha idir-inoibritheacha atá bunaithe ar ailtireacht oscailte. Tá na córais sin ríthábhachtach freisin chun ionsaithe a chomhrac go domhain. Sineirgí láidre le forbairt na gcóras dé-úsáide C2 chun bonneagar criticiúil a chosaint, ba cheart leas a bhaint as na sineirgí sin. Rannchuideoidh sé sin freisin leis an tionscnamh maidir le Faireachán ar an gCliathán Thoir i réimsí éagsúla, amhail bonn tionsclaíoch a thógáil le haghaidh cumais dróin agus frithdhrón, cosaint aeir agus diúracán, luathrabhadh, cumais bainistithe C2 agus sonraí, cumais bhraite agus feasachta staide, éifeachtóirí cinéiteacha agus neamhchinéiteacha, chomh maith le héifeachtóirí Cogaíochta Leictreonaí.

Ba cheart cumas cuimsitheach Eorpach drón agus frithdhrón a bheith mar thoradh ar iarrachtaí ar an leibhéal Eorpach agus ba cheart cur chuige uileghabhálach ilsrathach il-leibhéil a chur ar fáil leo, cur chuige lenar féidir braiteoirí agus éifeachtóirí a nascadh ar fud an Aontais, tacú le próisis chinnteoireachta agus feasacht staide leanúnach a ráthú.

Is cuid lárnach d’ullmhacht cosanta na hEorpa é a bheith in ann dlús a chur le forbairt na gcumas cosanta drón agus frithdhrón atá ag éirí níos forbartha. Go dtí seo, tá EUR 1 bhilliún san iomlán ón gCiste Eorpach Cosanta (CEC) agus óna chláir réamhtheachtacha tiomnaithe do raon leathan gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bhaineann le dróin. Tá sé beartaithe ag an Aontas leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i ndróin agus i dteicneolaíochtaí frithdhrón sa 2 bhliain amach romhainn, agus tá EUR 200 milliún beartaithe faoin gCiste Eorpach Cosanta.

Thairis sin, tá Ballstáit an Aontais ar tí infheistíocht mhór a dhéanamh chun na dróin agus na córais arm frithdhrón is déanaí a cheannach trí ionstraim SAFE.  Cuirfidh sé sin feabhas ar shlándáil teorann, ullmhacht mhíleata agus uathriail straitéiseach an Aontais i gcórais ina mbíonn sé roghnach foireann a bheith acu, agus an tráth céanna cuirfear borradh faoin mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta agus laghdófar an spleáchas ar sholáthróirí neamh-AE.

Cuirfidh an tAontas dlús freisin le forbairt gníomhaithe nuálacha suaiteacha i réimse na ndrón agus na gcóras frithdhrón ar mhaithe leis an gcosaint. Leis an tionscnamh AGILE atá ar na bacáin, molfaidh an Coimisiún ionstraim nua chun tacú le nuálaíocht thapa shofhreagrúil táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta costéifeachtúla le haghaidh na bhfórsaí armtha. Meastar freisin go n‑áireofar i dtionscnamh BraveTechEU gníomhaíochtaí atá dírithe ar nuálaíocht thapa na réiteach frithdhrón mar fhreagairt ar fhíor-riachtanais oibríochtúla a comhaontaíodh leis an Úcráin, a tugadh ar aghaidh in éineacht le GEC. Tá rochtain ar chaipiteal (cothromais) á héascú ag an gCoimisiún freisin le haghaidh na gcuideachtaí sin, a thairbheoidh den chiste sealbhaíochta EUR 1 bhilliún atá á chruthú le BEI/CEI. Ina theannta sin, mar a fógraíodh sa Treochlár um Chlaochlú Thionscal Cosanta an Aontais, seolfaidh an Coimisiún Comhghuaillíochtaí Teicneolaíochta EUDIS, lena mbunófar líonra gnólachtaí nuathionscanta/gnólachtaí atá ag méadú i réimse na cosanta agus fórsaí armtha maidir le réimsí tosaíochta cumais. Cuideoidh sé sin le cuideachtaí aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais na mBallstát. Beidh ceann de na Comhghuaillíochtaí Teicneolaíochta sin dírithe ar dhróin.

Ní mór do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh freisin i méadú na hacmhainneachta táirgeachta le haghaidh drón agus córais frithdhrón, ar an gcaoi chéanna a ndéantar é le haghaidh armlóin, chun iad a chur in úsáid go gníomhach anois nó chun iad a stoc-charnadh mar chúltaca straitéiseach. Ar an gcaoi sin, agus ar chomhaontú ó na Ballstáit, tabharfaidh EDIP tacaíocht d’acmhainneachtaí táirgeachta tionsclaíche drón agus frithdhrón, a oibreoidh i sineirgí leis an tionscnamh coibhéiseach sibhialtach. Mar chuid den obair sin, is gá rochtain ar amhábhair chriticiúla a áirithiú le haghaidh thionscal na ndrón trí thaighde a dhéanamh ar roghanna malartacha nó trí stoc-charnadh i gcás inar gá. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do chur chun feidhme an Treochláir um Chlaochlú Thionscal Cosanta an Aontais chun cumais chosanta drón a fhorbairt. Tar éis 2027, déanfaidh ionú cosanta, athléimneachta, slándála agus spáis an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas (CEI), i sineirgí le hionuithe eile, creat cobhsaí intuartha agus solúbthacht a chur ar fáil chun freagairt do thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Ar deireadh, chun an comhar leis an Úcráin a fheabhsú, tá Comhghuaillíocht Drón leis an Úcráin á bunú ag an gCoimisiún mar a fógraíodh sa Treochlár maidir le hUllmhacht Cosanta. Leis an gComhghuaillíocht sin, tabharfar le chéile táirgeoirí córais le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta/gnólachtaí atá ag méadú agus pobal nuálaithe chun cur le taithí agus bonn tionsclaíoch na hÚcráine. Idirghníomhóidh an Chomhghuallaíocht le húsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear cinn ón Úcráin, ionas gur féidir réitigh thapa a sholáthar agus leas a bhaint as réitigh atá cruthaithe ar an láthair chatha. Éascóidh sí freisin an obair maidir le caighdeánú, deimhniú agus idir-inoibritheacht. Rannchuideoidh sí le comhfhiontair agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a bhunú san Aontas agus san Úcráin. Déanfaidh bord na Comhghuaillíochta Drón gníomhaíochtaí a chomhordú leis na Ballstáit agus le hionadaithe tionscail. Oibreoidh an Chomhghuaillíocht i sineirgíocht iomlán leis an bhFóram D-TECT. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an Chomhghuaillíocht Drón leis an líonra, leis an eolas agus leis na comhpháirtíochtaí a ghintear leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin agus leis an gComhpháirtíocht níos leithne idir an tAontas agus an Úcráin.

Go comhthreomhar, beidh comhar feabhsaithe idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hurrúsú agus éagsúlú an tslabhra soláthair fíor-riachtanach chun scrogaill i dtáirgeadh drón a shárú, go háirithe chun acmhainneacht borrtha agus infhaighteacht comhpháirteanna leictreonacha criticiúla a áirithiú. Leanfar ar aghaidh leis sin go háirithe i gcomhthéacs an Tascfhórsa idir an tAontas agus an Úcráin maidir le Comhar Tionsclaíoch i réimse na Cosanta.

Ba cheart don Aontas Eorpach freisin, trí raon iomlán na n‑ionstraimí agus na dtionscnamh ábhartha (lena n‑áirítear féachaint an bhféadfaí úsáid a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána agus as Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin), malartuithe agus cláir oiliúna idir an Úcráin agus na Ballstáit le haghaidh píolótaí drón, innealtóirí agus speisialtóirí cothabhála a dhreasú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Príomhghníomhaíochtaí maidir le hullmhacht cosanta

Mar ábhar tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí an méid seo a leanas laistigh dá sainchumais féin:

·Dlús a chur lena thacaíocht do na Ballstáit i Réimse Tosaíochta Cumais na nDrón agus na gCóras Frith-Dhrón, lena náirítear trí chóineasú agus sineirgí a chothú ar fud chomhobair agus iarrachtaí leanúnacha gaolmhara cumais an Réimse Tosaíochta Cumais agus trí uirlisí amhail Tionscadal Eorpach Leasa Choitinn i Réimse na Cosanta agus an Struchtúr do Chláir Armála na hEorpa. Beidh na hiarrachtaí sin mar bhonn leis an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin agus leis an tionscnamh maidir le Faireachán ar an gCliathán Thoir.

·Tacú le tionsclú tapa réiteach drón/frithdhrón chun críoch cosanta.

·Tionscnamh na Comhghuaillíochta Drón leis an Úcráin a sheoladh chun cruthú éiceachórais thionsclaíoch nuálaigh a dhreasú.

·Malartuithe agus cláir oiliúna idir an Úcráin agus na Ballstáit le haghaidh píolótaí drón, innealtóirí agus speisialtóirí cothabhála a dhreasú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

·

6.Comhar Idirnáisiúnta

Ní féidir slándáil an Aontais in aghaidh bagairtí drón a fheabhsú ach amháin i gcomhthéacs níos leithne agus trí chomhar le comhpháirtithe. Tá an comhar leis an Úcráin lárnach sa Phlean Gníomhaíochta seo. Cuirfear go leor de na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun feidhme mar chuid de chomhpháirtíocht dhian leis an Úcráin agus ar fud na snáitheanna uile, rud a rachadh chun tairbhe don Úcráin agus don Aontas araon.

Leis an bPlean Gníomhaíochta, cuirfear tús le comhar tiomnaithe le dlúthchomharsana, amhail an Ríocht Aontaithe, an Iorua, an Eilvéis, an Íoslainn, agus an Mholdóiv, na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar, sa Mheánmhuir, i réigiún na Mara Duibhe agus comhpháirtithe eile lena dtagann leasanna slándála agus cosanta an Aontais le chéile, agus é á aithint go bhfuil comhpháirtithe an Aontais faoi réir bagairtí drón den chineál céanna. Tá leas mór ag an Aontas na sásraí comhair is gá a bhunú le comhpháirtithe, go háirithe ós rud é go bhféadfadh breithnithe trasteorann a bheith ann maidir le bonneagair chriticiúla a chosaint. Is gá go háirithe sásra luathfholáireamh a bheartú idir comhpháirtithe nuair a bhraitear bagairt.

Tá comhar láidir idir an tAontas agus ECAT maidir le dróin agus bearta frithdhrón fíor-riachtanach chun an Plean Gníomhaíochta a chur i gcrích go tapa agus go héifeachtúil. Rachaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí i mbun malartuithe rialta struchtúrtha le ECAT chun comhtháthú frithpháirteach réiteach frithdhrón dé-úsáide a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, chun dúbláil a sheachaint agus chun sineirgí a uasmhéadú.

7.Conclúid

Ní mór don Aontas gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh go pras chun sampla cumhachtach den dlúthpháirtíocht agus den aontacht a thabhairt. Ceapadh na bearta a leagtar síos sa Phlean Gníomhaíochta seo mar rannchuidiú ar leibhéal an Aontais chun freagairtí láithreacha agus gearrthéarmacha a thabhairt ar chontanam na mbagairtí ó dhróin atá roimh an Aontas. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta cur chuige iomlánaíoch trí aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le cosaint an bhonneagair chriticiúil, teorainneacha seachtracha, chomh maith lena mholadh go ndéanfaí an reachtaíocht is gá a oiriúnú chun an tslándáil ó dhróin a fheabhsú agus chun an éabhlóid theicneolaíoch is déanaí a chur in úsáid chun brath a mhéadú agus chun feabhas a chur ar an bhfreagairt.

Ba cheart breathnú ar an bPlean Gníomhaíochta mar phróiseas dinimiciúil, atá le hoiriúnú de réir éabhlóid agus chineál na mbagairtí. Is éard atá sna Gníomhaíochtaí a chuirtear ar aghaidh tograí le haghaidh na mBallstát maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach fheabhsaithe agus comhar feabhsaithe, bunaithe ar phrionsabal na comhúinéireachta, chun aghaidh a thabhairt ar raon feidhme iomlán na saincheiste. Tar éis an Plean Gníomhaíochta sin a ghlacadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dianphlé struchtúrtha a sheoladh maidir leis na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe leis na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tionscal, Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit chun tosaíocht shoiléir na ngníomhaíochtaí a bhunú.

Chuige sin, breithneoidh an Coimisiún sásra straitéiseach a bhunú leis na Ballstáit chun cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe sa Phlean Gníomhaíochta seo a chomhordú, lena nascfar na gnéithe éagsúla le chéile agus lena n‑áiritheofar go mbeidh dlúthchomhar ann leis an gComhairle. I bhfianaise an mhéid sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit Comhordaitheoir Náisiúnta Slándála Drón a ainmniú, arb é an ról a bheidh aige maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta an Phlean Gníomhaíochta seo, é a chothú agus é a chur chun cinn. Ba cheart an sásra sin a bheith gan dochar do na hardáin um chomhar teicniúil atá ann cheana sa réimse seo. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil daonáirimh bhliantúil bunaithe ar rannchuidithe deonacha ó na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta.

(1)

Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2025. EUCO 18/25.

(2)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Deireadh Fómhair 2025 maidir le freagairt aontaithe ar sháruithe a rinne an Rúis le déanaí ar aerspás agus ar bhonneagar criticiúil Bhallstáit an Aontais (2025/2901(RSP)); Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Eanáir 2026 maidir le dróin agus córais nua chogaíochta – an gá atá leis an Aontas oiriúnú chun bheith ullamh do dhúshláin slándála an lae inniu (2025/2088(INI)).

(3)

COM(2023) 659 final

(4)

COM(2022)652 final

(5)

Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun iompar trealaimh, earraí agus pearsanra míleata a éascú ar fud an Aontais.

(6)

Tríd an tionscadal Courageous2 atá á chistiú ag CSI faoi láthair.

(7)

Tháinig méadú faoi chúig nach mór ar an líon údaruithe oibríochtúla, ó thart ar 700 go dtí os cionn 3 400, agus tháinig méadú níos mó ná 60 % ar Dheimhnithe Oibreora Córais Aerárthaí Éadroma gan Foireann, Figiúirí: EASA IAM Hub .

(8)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 & Rialachán Tarmligthe 2019/945.

(9)

Rialachán (AE) 2018/1139 agus an Rialachán cur chun feidhme gaolmhar.

(10)

Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664, (AE) 2021/665 agus (AE) 2021/666.

(11)

Trí Mhol GSEE um Aer-Shoghluaisteacht Nuálach, mar shampla.

(12)

Maidir le hoibríochtai amharclíne súl (VLOS) agus oibríochtaí lasmuigh d’amharclíne súl (BVLOS).

(13)

 A European Lead Market for Civilian Drones – Now or Never [Margadh Tosaigh Eorpach le haghaidh Dróin Shibhialtacha – Anois nó Riamh].

(14)

AN CHOMHAIRLE: 16054/25 REV 2.

(15)

Dá dtagraítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Slándáil Cáblaí. JOIN(2025) 9 final.

(16)

Mar a mhínítear faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí agus i gcomhréir leis an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan agus gníomhaíochtaí ábhartha Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh (SSMAE).

(17)

Ag eascairt as Teachtaireacht 2023 maidir le cur i gcoinne bagairtí a bhaineann le dróin.

(18)

Rialachán (AE) 2018/1139, Airteagal 74.

(19)

An Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha.

(20)

Féach roinn 4.

(21)

Féach https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/cybersecurity-5g-networks-eu-toolbox-risk-mitigating-measures

(22)

I gcomhréir leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil COM(2026) 11 agus leis an nGníomh um Líonraí Digiteacha COM(2026) 16.

(23)

Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE).

(24)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú. COM(2024)/150 final.

(25)

Amhail an Líonra um Shlándáil Spásanna Poiblí Ardriosca - HRSN nó ATLAS

Top