AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.9.2025
COM(2025) 522 final
2025/0293(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú i ndáil le leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an Togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú (AEWA) i ndáil le glacadh beartaithe leasaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú
Tá AEWA tiomanta d’éin uisce imirceacha agus a ngnáthóg a chaomhnú ar fud na hAfraice, na hEorpa, an Mheánoirthir, na hÁise Láir, na Graonlainne agus Oileánra Cheanada.
Is faoin gCoinbhinsiúin maidir le Speicis Imirceacha a forbraíodh AEWA, is é Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe atá á riar agus tagann tíortha agus an pobal idirnáisiúnta caomhnúcháin le chéile ann chun iarracht a dhéanamh caomhnú agus bainistiú comhordaithe ar éin uisce imirceacha a bhunú feadh a raoin iomláin imirce.
Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Samhain 1999. Tá an tAontas Eorpach ina Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú sin ó bhí an 1 Deireadh Fómhair 2005 ann() . Faoi láthair, tá 85 bPáirtí Chonarthacha ann, 46 ón Eoráise (lena n‑áirítear an tAontas) agus 39 ón Afraic. Tá 24 Bhallstát den Aontas ina bpáirtithe sa Chomhaontú() .
Is í Treoir 2009/147/CE maidir le héin fhiáine a chaomhnú (an Treoir maidir le hÉin)() an ionstraim i dlí an Aontais lena gcuirtear na gealltanais a leagtar amach sa Chomhaontú chun feidhme i ndlí an Aontais. Baineann an Treoir maidir le hÉin le caomhnú gach speicis éin a bhíonn ann go nádúrtha i riocht fiáin i gcríoch Eorpach na mBallstát lena mbaineann an Conradh. Cumhdaítear léi cosaint agus caomhnú na speiceas sin agus leagtar síos rialacha maidir lena saothrú.
2.2.Cruinniú na bPáirtithe
Is é Cruinniú na bPáirtithe príomhchomhlacht cinnteoireachta an Chomhaontaithe. Tá cumhachtaí aige athbhreithniú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú agus tagann sé le chéile gach 3 bliana. Tá vóta amháin ag gach Páirtí, ach déanann eagraíochtaí réigiúnacha um lánpháirtiú eacnamaíoch, amhail an tAontas Eorpach, a gceart vótála a fheidhmiú le líon vótaí atá comhionann le líon a mBallstát atá ina bPáirtithe sa Chomhaontú. Ní mór glacadh le haon leasú ar Iarscríbhinn trí thromlach dhá thrian de na Páirtithe a bheidh i láthair ag an gcruinniú.
Tionólfar an Naoú Cruinniú de Pháirtithe an Chomhaontaithe an 11‑15 Samhain 2025 in Bonn na Gearmáine..
2.3.An gníomh atá beartaithe
An 11‑15 Samhain 2025, tá Cruinniú na bPáirtithe le Rún 9.xx a ghlacadh maidir le leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le AEWA i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal X den Chomhaontú (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú, Plean Gníomhaíochta AEWA in Iarscríbhinn 3 agus Tábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a leasú. Cé gur in Iarscríbhinn 2 atá liosta na n‑éan uisce imirceach a bhfuil feidhm ag an gComhaontú ina leith, sonraítear in Iarscríbhinn 3 gníomhaíochtaí nach mór do na Páirtithe tabhairt fúthu i ndáil le speicis tosaíochta. Liostaítear na speicis tosaíochta i dTábla 1 d’Iarscríbhinn 3 de réir critéir áirithe a leagtar amach sa tábla céanna.
Le hAirteagal II den Chomhaontú foráiltear mar a leanas: ‘Déanfaidh na Páirtithe bearta comhordaithe chun stádas caomhnaithe fabhrach a choinneáil ar bun le haghaidh speicis éan uisce imirceach nó chun iad a thabhairt ar ais chuig an stádas sin. Chun na críche sin, cuirfidh siad i bhfeidhm, laistigh de theorainneacha a ndlínse náisiúnta, na bearta a fhorordaítear in Airteagal III, mar aon leis na gníomhaíochtaí sonracha arna gcinneadh sa Phlean Gníomhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal IV den Chomhaontú seo’.
Tiocfaidh an gníomh atá beartaithe i bhfeidhm le haghaidh na bPáirtithe uile agus beidh sé ina cheangal orthu an 90ú lá tar éis dáta a ghlactha ag Cruinniú na bPáirtithe, ach amháin i gcás Páirtithe a bhfuil forchoimeádas curtha isteach acu. Le linn na tréimhse 90 lá, féadfaidh aon Pháirtí, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Taiscí, forchoimeádas a chur isteach maidir le leasú ar Iarscríbhinn.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
Is í an Ríocht Aontaithe() a mhol na leasuithe ar Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú, Plean Gníomhaíochta AEWA in Iarscríbhinn 3 agus Tábla 1 in Iarscríbhinn 3 sa ghníomh atá beartaithe, ar bhonn na moltaí ó Choiste Teicniúil AEWA:
(1)Na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 2 de Phlean Gníomhaíochta AEWA in Iarscríbhinn 3, tá siad comhsheasmhach leis an Treoir maidir le hÉin, arb í uirlis cur chun feidhme dlí an Chomhaontaithe í, agus ní bhaineann aon mhodhnú ar an Treoir sin leo. Déanfar na leasuithe sin, a bhaineann leis an dul chun cinn eolaíoch agus le prionsabal an réamhchúraim den chuid is mó, a phlé le Ballstáit sa Mheitheal Saineolaithe ábhartha um na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus i Meithleacha na Comhairle. Is féidir leis an gCoimisiún iad a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 3(3) de Chinneadh 2006/871/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú.
(2)Is é atá i gceist le Tábla 1 in Iarscríbhinn 3, catagóirí speiceas áirithe a athrú i gcomhréir leis an bhfianaise arna bailiú mar chuid den 9ú heagrán de Thuarascáil AEWA ar an Stádas Caomhantais.
Tá an chuid is mó de na leasaithe atá beartaithe comhsheasmhach leis an Treoir maidir le hÉin, arb í uirlis cur chun feidhme dlí an Chomhaontaithe í, agus ní bhaineann aon mhodhnú ar an Treoir sin leo. Is féidir leis an gCoimisiún iad a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 3(3) de Chinneadh 2006/871/CE ón gComhairle.
Mar sin féin, tá athrú ar liostú pobail amháin de speiceas amháin nach bhfuil i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais (an Treoir maidir le hÉin). Baineann an leasú sin le hathrú ó Cholún B2(e) go Colún A1(b) de Thábla 1 maidir le pobal Feadóg Glas (Pluvialis squatarola squatarola) Iarthar na hEorpa agus Iarthar na hAfraice. Is é atá i gceist leis an athrú atá beartaithe maidir leis an bhFeadóg Ghlas nach gceadófaí fiach uirthi a thuilleadh faoin gComhaontú, cé go bhfuil an speiceas liostaithe in Iarscríbhinn II, Cuid B den Treoir maidir le hÉin, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí infhiachta i roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, má ghlactar an leasú sin, beidh gá le cosaint dlí le haghaidh an speicis níos láidre ná mar atá leagtha síos i ndlí an Aontais. Mar sin féin, meastar go bhfuil an t‑athrú ar an liostú riachtanach mar gur liostaíodh an speiceas mar leochaileach le déanaí ar Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt (Domhanda) tar éis a uasdátaithe in 2024.
Dá bhrí sin ní mór seasamh a bhunadh thar ceann an Aontais de bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun an leasú sin a fhormheas thar ceann an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Chinneadh 2006/871/CE ón gComhairle, ba cheart don Choimisiún forchoimeádas a chur isteach maidir leis an leasú atá beartaithe i ndáil leis an bhFeadóg Ghlas, faoi mar a rinne sé le haghaidh leasuithe a raibh éifeachtaí comhchosúla leo ag cruinnithe de na páirtithe a bhí ann roimhe seo. Tá gá leis sin mar go dteastódh, de bharr an leasaithe sin, leasú ar an Treoir maidir le hÉin, rud nach féidir a dhéanamh laistigh de 90 lá ón dáta a ghlacfaidh Cruinniú na bPáirtithe iad.
4.An bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
Is comhlacht é Cruinniú na bPáirtithe arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú.
Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar Chruinniú na bPáirtithe a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus beidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, mar atá an Treoir maidir le hÉin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí, go háirithe gníomhaíochtaí maidir leis an bhfiach, a dtabharfaidh na Páirtithe fúthu i ndáil le speicis tosaíochta a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú nach mbíonn ag luí i gcónaí leis an méid dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le hÉin le haghaidh an speicis chéanna. Má bhíonn speiceas ann atá liostaithe in Iarscríbhinn II den Treoir maidir le hÉin nach infhiachta a thuilleadh faoi AEWA, níor mhór an Treoir maidir le hÉin a leasú.
Faoi Airteagal 3 de Chinneadh 2006/871/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hábhair faoi inniúlacht an Chomhphobail, tá sé d’údarás ag an gCoimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal X(5) den Chomhaontú a fhormheas thar ceann an Chomhphobail.’ Tá an t‑údarú seo teoranta, áfach, do na leasuithe sin atá comhsheasmhach le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le héin fhiáine agus a ngnáthóga nádúrtha a chaomhnú, ar leasuithe iad nach bhfuil aon mhodhnú ar an reachtaíocht sin i gceist leo.’
Ós rud é go dteastódh, de bharr an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 maidir leis an bhFeadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola), leasú ar an Treoir maidir le hÉin, tá gá le cinneadh ón gComhairle chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag teastáil chun an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san naoú Cruinniú de na Páirtithe sa Chomhaontú i ndáil leis sin() .
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
Is leis an gcomhshaol a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí substainteach leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn 3 leis an ngníomh atá beartaithe ag Cruinniú na bPáirtithe don Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2025/0293 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an naoú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú i ndáil le leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha‑Eoráiseacha a Chaomhnú (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Samhain 1999 agus rinneadh é a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh le Cinneadh 2006/871/CE ón gComhairle ().
(2)De bhun mhír 5 d’Airteagal X den Chomhaontú, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú.
(3)Ag an Naoú gCruinniú de na Páirtithe, ó 11‑15 Samhain 2025, táthar ag súil go nglacfar rún maidir le leasuithe a ghlacadh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. Dá nglacfaí an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an speiceas an Fheadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola), bheadh gá le modhnú ar Threoir 2009/147 agus, dá bhrí sin, tá sé lasmuigh de raon feidhme leasuithe a fhéadfaidh an Coimisiún a fhormheas de bhun Airteagal 3(1) i gcomhar le hAirteagal 3(3) de Chinneadh 2006/871/CE ón gComhairle.
(4)Ní mór an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Cruinniú na bPáirtithe a bhunú i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an speiceas an Fheadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola) ós rud é go mbeidh an leasú ina cheangal ar an Aontas agus gur féidir go n‑imreoidh sé tionchar cinntitheach ar ábhar dhlí an Aontais, mar atá an Treoir maidir le hÉin.
(5)Ba cheart an leasú atá beartaithe ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus a leagtar amach i ndréachtrún 9.xx maidir leis an speiceas an Fheadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola) a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh mar go gcuidíonn sé le leibhéal níos airde cosanta a bhaint amach do phobail an speicis sin atá ag meath.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an Naoú Cruinniú de na Páirtithe sa Chomhaontú:
An leasú ar Thábla 1 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus a leagtar amach i ndréachtrún 9.xx den Naoú Cruinniú de na Páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an bhfeadóg Ghlas (Pluvialis squatarola squatarola), déanfar é a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Naoú Cruinniú de na Páirtithe.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán