AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.7.2025
COM(2025) 388 final
2023/0234(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
an seasamh ón gComhairle i ndáil le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir Réime Dramhaíola)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2023/0234 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
an seasamh ón gComhairle i ndáil le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir Réime Dramhaíola)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 420 final – 2023/0234 COD):
|
an 5 Iúil 2023.
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
an 25 Deireadh Fómhair 2023.
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
an 13 Márta 2024.
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:
|
Neamhbhainteach.
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
an 23 Meitheamh 2025.
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é is cuspóir don togra ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime maidir le Dramhaíl chun bearta a thabhairt isteach d’fhonn na tionchair chomhshaoil agus aeráide a bhaineann le giniúint cur amú bia agus bainistiú dramhaíola teicstíle a laghdú, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola.
Maidir le cur amú bia a chosc, is é an cuspóir sonrach spriocanna ceangailteacha a leagan síos do na Ballstáit chun méideanna cur amú bia a laghdú faoi dheireadh 2030 ar an leibhéal náisiúnta, i gcomparáid leis an méid a gineadh in 2020, chun rannchuidiú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12.3 ‘cur amú bia domhanda per capita a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra agus caillteanas bia a laghdú feadh slabhraí táirgthe agus soláthair, lena n‑áirítear caillteanais iarbhuainte, faoi 2030’.
Maidir le teicstílí, is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha: (i) freagracht leathnaithe táirgeora (FLT) éigeantach as teicstílí a thabhairt isteach, (ii) rialacha ginearálta a thabhairt isteach maidir le teicstílí úsáidte agus dramhaíl teicstíle a bhainistiú; agus (iii) dul i ngleic le loingsiú neamhdhleathach dramhaíola teicstíle.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Leis an seasamh ón gComhairle mar a glacadh é ar an gcéad léamh léirítear go hiomlán an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 18 Feabhra 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin agus leagtar amach a phríomhphointí thíos.
Maidir le laghdú ar chur amú bia
·Maidir leis na spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú (Airteagal 9a(4), pointí (a) agus (b)): ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis na leibhéil a mhol an Coimisiún i dtaobh na spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú.
·Maidir leis an mbliain tagartha (Airteagal 9a(4), pointí (a) agus (b) agus Airteagal 9a(5)): chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an meán bliantúil idir 2021 agus 2023 a úsáid mar phointe tagartha chun cur amú bia a laghdú, agus an deis a bheith ag na Ballstáit bliain tagartha níos luaithe a úsáid, roimh 2021.
·Maidir leis an bhfachtóir ceartúcháin don turasóireacht (Airteagal 9a(5a)): chomhaontaigh na comhreachtóirí fachtóir ceartúcháin a bhunú chun luaineachtaí sreafa turasóireachta a chur san áireamh.
·Maidir leis an gclásal athbhreithniúcháin faoin 31 Nollaig 2027 (Airteagal 9a(7)): chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le raon feidhme an chlásail athbhreithniúcháin a leathnú maidir le spriocanna chun cur amú bia a laghdú, d’fhonn measúnú a áireamh freisin ar (a) a indéanta atá sé spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú a leagan síos le haghaidh 2035; (b) luamháin iomchuí chun cur amú bia agus caillteanais i dtáirgeadh príomhúil a laghdú agus, (c) an tionchar a bhíonn ag na hathruithe ar leibhéil táirgthe bia i dtaobh baint amach spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú.
·Maidir le deonú bia (Airteagal 9a(1), an dara fomhír, an abairt dheireanach): chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cur chuige deonach maidir le deonú bia a choinneáil ar bun agus, an tráth céanna, ceangal a chur ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil ról mór acu maidir le cur amú bia a chosc agus a ghiniúint (mar a shainaithin gach Ballstát) comhaontuithe deonaithe a mholadh le bainc bhia agus le heagraíochtaí athdháilte eile.
Maidir le teicstílí:
·Maidir le micrifhiontair a áireamh sa sainmhíniú ar ‘tháirgeoirí’: chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle micrifhiontair a áireamh i raon feidhme FLT tríd an sainmhíniú ar tháirgeoirí a mhol an Coimisiún ar dtús a mhodhnú. I gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin, tugadh isteach bearta maolaithe tábhachtacha ionas nach gcruthófar ualaí riaracháin breise iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha beaga. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le céimniú isteach de réir a chéile micrifhiontar nár cheart a áireamh ach ag céim níos déanaí sa sainmhíniú ar ‘tháirgeoirí’, trí mhoill 12 mhí a leagan síos tar éis an sprioc-ama chun scéimeanna FLT a bhunú (go ceann 42 mhí ar an iomlán tar éis theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí).
Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin oibleagáidí tuairiscithe laghdaithe agus simplithe a bheith ann do mhicrifhiontair, e.g. gan ach na táirgí a chuir siad ar fáil ar mhargadh Ballstáit den chéad uair a thuairisciú ar bhonn bliantúil. Ar deireadh, áiríodh aithris lena léirítear gur cheart méid na dteicstílí a chuirtear ar fáil ar an margadh a chur san áireamh sa ranníocaíocht airgeadais le haghaidh eagraíochtaí den sórt sin. Leis an gcomhréiteach sin, leathnaítear cumhdach FLT agus áirithítear an tráth céanna oibleagáidí tuairiscithe comhréireacha agus ranníocaíochtaí airgeadais comhréireacha do mhicrifhiontair chun dálaí cothroma margaidh a choinneáil ar bun agus chun bacainní iontrála neamhbheartaithe ar na hoibreoirí beaga sin a sheachaint.
·Maidir le héiceamhodhnú táillí FLT: chomhaontaigh na comhreachtóirí an deis a thabhairt do na Ballstáit táillí FLT a mhodhnú bunaithe ar chleachtais fíor-mhearfhaisean agus mhearfhaisin, sa bhreis ar na critéir inbhuanaitheachta atá le sainiú faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go leagfar síos na critéir chun ranníocaíochtaí airgeadais a mhodhnú bunaithe ar chleachtais táirgeoirí, amhail fíor-mhearfhaisean agus mearfhaisean, i ngníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún atá beartaithe cheana chun na critéir éiceamhodhnaithe a shainiú de réir ghníomhartha tarmligthe an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.
·Maidir leis an sainmhíniú ar ‘cur ar fáil ar an margadh’: chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an sainmhíniú ar ‘cur ar fáil ar mhargadh Ballstáit’ a chur in ionad an tsainmhínithe bunaidh ar ‘cur ar fáil ar mhargadh an Aontais’. Chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint aithris a chur isteach, ina dtagraítear do mhargadh an Aontais (AE), chun a shoiléiriú gur cheart íocaíochtaí táillí FLT i níos mó ná Ballstát amháin a bhaineann le táirge amháin a sheachaint.
·Tráthchlár chun an Treoir a thrasuí: Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le trasuí laistigh de 20 mí (seachas 18 mí, dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún) ó theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí. De réir bhunú scéimeanna FLT, choinnigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bun an sprioc-am 30 mí ó theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí. Is é is aidhm don tréimhse sin a áirithiú go dtabharfar a ndóthain ama do na Ballstáit an Treoir leasaitheach a thrasuí gan bunú scéimeanna FLT a chur siar.
·Maidir le hardáin ar líne agus oibleagáidí FLT: chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aithris a chur isteach lena soiléirítear na hoibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe ardáin ar líne faoi Rialachán (AE) 2022/2065 (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) i ndáil le hoibleagáidí FLT. Soiléirítear sa téacs comhréitigh freisin nach mór na hoibleagáidí faoin Treoir Réime maidir le Dramhaíl a bheith comhsheasmhach leis na hoibleagáidí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
·Meastóireachtaí agus clásail athbhreithniúcháin a chur san áireamh: Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle meastóireachtaí ar an Treoir Réime maidir le Dramhaíl agus ar an Treoir maidir le Líonadh Talún a chur san áireamh faoin 31 Nollaig 2029, lena n‑áirítear trí chlásal athbhreithniúcháin chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: (1) acmhainneacht airgeadais na scéimeanna FLT maidir le teicstílí; (2) an fhéidearthacht spriocanna bailithe, athúsáide agus athchúrsála a shocrú le haghaidh teicstílí; agus (3) an fhéidearthacht dramhaíl chathrach mheasctha a réamhshórtáil sula ndéantar í a dhiúscairt. Leis an téacs comhréitigh, tugtar a dhóthain ama don Choimisiún sonraí a bhailiú maidir le scéimeanna FLT a bhfuil measúnú le déanamh orthu sna clásail athbhreithniúcháin.
4.Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.