AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,7.3.2025
COM(2025) 106 final
2025/0058(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
2025/0058 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 6 Nollaig 2024, ghlac Buanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn) togra an Aontais Eorpaigh chun stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus) a athrú tríd an speiceas a aistriú ó Fhoscríbhinn II (speicis fána faoi dhianchosaint) go Foscríbhinn III (speicis fána faoi chosaint).
Tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm 3 mhí ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 de Choinbhinsiún Bheirn. Tar éis dó teacht i bhfeidhm agus chun an t‑athrú sin a thrasuí faoi Choinbhinsiún Bheirn, is gá iarscríbhinní Threoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine (an Treoir maidir le Gnáthóga) a leasú trí thagairt do na speicis a aistriú ó Iarscríbhinn IV den Treoir go hIarscríbhinn V.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina leagtar amach an chaoi ar cheart na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 191 den Chonradh a chur chun feidhme.
•
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Chun na hathruithe faoi Choinbhinsiún Bheirn a thrasuí i reachtaíocht an Aontais, is gá an Treoir maidir le Gnáthóga a leasú, atá ar cheann de na príomhionstraimí chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme. Comhlíonann an leasú spriocdhírithe sin na ceanglais choimhdeachta.
•Comhréireacht
Ní bhaineann an leasú atá beartaithe ach amháin le héifeachtaí chinneadh Bhuanchoiste Choinbhinsiún Bheirn stádas cosanta an mhic tíre a athrú. Dá bhrí sin, tá an togra seo teoranta go docht do na hathruithe ar an Treoir maidir le Gnáthóga lena dtugtar éifeacht don chinneadh sin ar leibhéal an Aontais. Le bheith beacht faoi, is leasú teoranta spriocdhírithe é ar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V, a bhaineann leis an mac tíre amháin.
•
An rogha ionstraime
Ós rud é go ndéantar forálacha Choinbhinsiún Bheirn maidir le stádas cosanta an mhic tíre a thrasuí i ndlí an Aontais leis an Treoir maidir le Gnáthóga, is iomchuí aon athrú ar chosaint an speicis sin a ionchorprú sa Treoir maidir le Gnáthóga trí Threoir leasaitheach, tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.
3.EILIMINTÍ EILE
•
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní dhéanann an togra seo difear d’fhorálacha faireacháin agus tuairiscithe na Treorach maidir le Gnáthóga.
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach in Airteagal 12 den Treoir maidir le Gnáthóga toirmisc a bhaineann le gabháil nó marú d’aon ghnó, cur isteach d’aon ghnó, agus meath nó scriosadh láithreacha pórúcháin nó láithreacha scíthe. Leis an leasú seo, scoirfeadh an dianchosaint sin d’fheidhm a bheith aici maidir leis an mac tíre.
Ina dhiaidh sin, bheadh an mac tíre faoi réir na cosanta a leagtar amach in Airteagal 14 den Treoir maidir le Gnáthóga. Le hAirteagal 14, ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh gabháil san fhiántas eiseamal de speicis fána agus flóra fiáine a liostaítear in Iarscríbhinn V chomh maith lena saothrú comhoiriúnach lena gcoinneáil ar stádas caomhantais fabhrach.
Mar is amhlaidh le hAirteagal 12, féadfaidh na Ballstáit maolú ar cheanglais Airteagal 14 ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 den Treoir.
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ar na cúiseanna a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2024/2669 ón gComhairle, chuir an tAontas togra faoi bhráid Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bheirn) chun leibhéal cosanta speiceas an mhic tíre a ísliú faoi Choinbhinsiún Bheirn. Ag an 44ú cruinniú a bhí ag an mBuanchoiste an 6 Nollaig 2024, d’fhormheas sé an togra ón Aontas chun an mac tíre (Canis lupus) a aistriú ó Fhoscríbhinn II (‘Speicis fána faoi dhianchosaint’) a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn go Foscríbhinn III (‘Speicis fána faoi chosaint’) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Choinbhinsiún Bheirn, tháinig an t‑athrú ar stádas cosanta an mhic tíre i bhfeidhm an 7 Márta 2025, 3 mhí tar éis chinneadh an Bhuanchoiste.
(3)Is príomhionstraim í Treoir 92/43/CEE ón gComhairle chun an dúlra a chaomhnú san Aontas, go háirithe i bhfianaise oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Choinbhinsiún Bheirn. Chun go ndéanfaí an t‑athrú ar stádas cosanta an mhic tíre a thrasuí i gcreat dlíthiúil an Aontais, ba cheart cinneadh an Bhuanchoiste a léiriú i dTreoir 92/43/CEE.
(4)Chun cinneadh an Bhuanchoiste a thrasuí, is gá tagairt don mhac tíre a aistriú ó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, rud a chuireann an mac tíre faoi réir na cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 92/43/CEE.
(5)Is é is aidhm do Threoir 92/43/CEE rannchuidiú le háirithiú na bithéagsúlachta trí ghnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir léi.
(6)Is ionstraim i réimse an chomhshaoil í Treoir 92/43/CEE, lena gceadaítear do na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach fad is atá siad ag luí leis na Conarthaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, chun críocha Threoir 92/43/CEE, tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit dianleibhéal cosanta a choinneáil ar bun le haghaidh an mhic tíre.
(7)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 92/43/CEE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 92/43/CEE mar a leanas:
in Iarscríbhinn IV, scriostar an mhír seo a leanas:
‘Canis lupus (seachas na líonta sin sa Ghréig lastuaidh den 39ú líne dhomhanleithid; Na líonta sin atá san Eastóin, na líonta sa Spáinn lastuaidh den abhainn Duero; Na líonta sin sa Bhulgáir, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn, sa tSlóvaic agus san Fhionlainn laistigh den limistéar bainistithe réinfhianna arna sainmhíniú i mír 2 den Ghníomh Uimh. 848/90 ón bhFionlainn an 14 Meán Fómhair 1990 maidir le réinfhianna a bhainistiú)’;
in Iarscríbhinn V, an mhír seo a leanas:
‘Canis lupus (na líonta sin sa Spáinn lastuaidh den abhainn Duero, líonta sa Ghréig lastuaidh den 39ú líne dhomhanleithid, líonta san Fhionlainn laistigh den limistéar bainistithe réinfhianna arna sainmhíniú i mír 2 den Ghníomh Uimh. 848/90 ón bhFionlainn an 14 Meán Fómhair 1990 maidir le réinfhianna a bhainistiú, na líonta sa Bhulgáir, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Eastóin, sa Pholainn agus na líonta sa tSlóvaic)’
cuirtear an méid seo a leanas ina hionad:
‘Canis lupus’.
Airteagal 2
1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin […] [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta = 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH8
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh8
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann8
1.3.Cuspóirí8
1.3.1.Cuspóirí ginearálta8
1.3.2.Cuspóirí sonracha8
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann8
1.3.4.Táscairí feidhmíochta8
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:8
1.5.Foras an togra/tionscnaimh9
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh9
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.9
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart9
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile9
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh9
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige10
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme10
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA12
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe12
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe12
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe12
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú12
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)12
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc12
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH13
3.1.Na ceannteidil de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar13
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe14
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí14
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar14
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí16
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin18
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar18
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha18
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe18
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach18
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar18
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha19
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha19
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe20
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam20
4.Gnéithe digiteacha20
4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha20
4.2.Sonraí21
4.3.Réitigh dhigiteacha21
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta21
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach21
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/43/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre (Canis lupus)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Faoin Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine), tá an mac tíre (Canis lupus) liostaithe faoi láthair mar speiceas faoi dhianchosaint i bhformhór chríoch an Aontais.
Ar bhonn mionanailís ar stádas an mhic tíre san Aontas, mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2023 stádas cosanta an mhic tíre faoi Choinbhinsiún Bheirn a athrú. Ghlac an Chomhairle an togra ansin i mí Mheán Fómhair 2024.
I mí na Nollag 2024, vótáil Buanchoiste Choinbhinsiún Bheirn i bhfabhar an togra ón Aontas chun stádas cosanta an mhic tíre a oiriúnú ó ‘faoi dhianchosaint’ go ‘faoi chosaint’. Tháinig an t‑athrú i bhfeidhm an 7 Márta 2025, i gcomhréir leis an nós imeachta a shainítear in Airteagal 17 de Choinbhinsiún Bheirn.
Is é is aidhm don tionscnamh seo stádas cosanta an mhic tíre faoin Treoir maidir le Gnáthóga le haghaidh Bhallstáit uile an Aontais a ailíniú leis an stádas leasaithe faoi Choinbhinsiún Bheirn, rud a fhágfaidh gur ‘faoi chosaint’ seachas ‘faoi dhianchosaint’ a bheidh sa stádas sin.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Stádas cosanta an mhic tíre faoin Treoir maidir le Gnáthóga le haghaidh Bhallstáit uile an Aontais a ailíniú leis an stádas leasaithe faoi Choinbhinsiún Bheirn, rud a fhágfaidh gur ‘faoi chosaint’ seachas ‘faoi dhianchosaint’ a bheidh sa stádas sin.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leasú ar Iarscríbhinní IV agus V den Treoir maidir le Gnáthóga, rud a athróidh stádas cosanta an mhic tíre.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Leasú Iarscríbhinn IV agus V le haghaidh an mhic tíre (Canis lupus).
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
X beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Gan impleachtaí buiséadacha
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Gan impleachtaí buiséadacha
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
X tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Gan impleachtaí buiséadacha.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón straitéis frithchalaoise.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Na ceannteidil de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Uimhir
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair AS <…….>
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….>
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’ – Ní bhaineann le hábhar
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
0
|
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
-
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
-
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Na hacmhainní daonna is gá ar mhaithe leis an togra, cumhdaítear iad le pearsanra atá ag AS ENV cheana. D’fhéadfadh iarracht shubstaintiúil a bheith ag teastáil, áfach, chun an nós imeachta comhchinnteoireachta a leanúint. An togra seo le haghaidh leasaithe, cuirfear chun feidhme é mar chuid de chur chun feidhme ginearálta Threoir 92/43/CEE.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Ní bhaineann le hábhar
|
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
ar acmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal …………
|
|
|
|
|
|
4.Gnéithe digiteacha
Agus an Roinn seo á líonadh isteach, tá sé inghlactha an fhaisnéis a chur i láthair i bhformáid tábla, i gcás inarb iomchuí.
4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
|
Ní bhaineann an togra seo ach amháin le trasuí chinneadh an Bhuanchoiste i gCoinbhinsiún Bheirn a mhéid a bhaineann le stádas cosanta an mhic tíre, agus dá bhrí sin níl aon bhaint aige le seachadadh digiteach seirbhísí poiblí.
|
4.2.Sonraí
4.3.Réitigh dhigiteacha
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach