AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.6.2025
COM(2025) 319 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann
{SWD(2025) 162 final}
1.RÉAMHRÁ
Ba gharsprioc thábhachtach é glacadh an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann (an Comhshocrú) i mí an Mheithimh 2024 i bhforbairt an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET). Leis an gComhshocrú, déantar na rialacha atá ann faoi láthair a athchóiriú agus a fhorbairt tuilleadh, ar bhonn cur chuige cuimsitheach lena neartaítear agus lena gcomhtháthaítear beartais an Aontais maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus lánpháirtiú (
). Leis an gComhshocrú, cruthaítear creat dlíthiúil lena ndéantar cothromaíocht idir dlúthpháirtíocht agus freagracht idir na Ballstáit, i gcur chuige cuimsitheach chun an imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go cothrom. Tháinig gníomhartha reachtacha an Chomhshocraithe i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024 agus beidh feidhm acu ó lár 2026.
Is próiseas casta é cur chun feidhme an Chomhshocraithe, agus tá baint ag gníomhaithe éagsúla leis.Tá obair faoi lán seoil chun an tsraith mhór chasta de ghníomhartha reachtacha a aistriú ina réaltacht oibríochtúil. Iarracht chomhpháirteach is ea córais an Aontais agus na gcóras náisiúnta a ullmhú faoi mhí an Mheithimh 2026 lena gceanglaítear ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais oibriú i ndlúthchomhar le chéile.
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an Coimisiún an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann (
), plean ina leagtar amach na príomhchúraimí agus na príomh‑gharspriocanna le haghaidh na hidirthréimhse sin. Ó shin, tá cur chun feidhme an Chomhshocraithe á stiúradh ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais agus tá tacaíocht leanúnach tugtha aige do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí náisiúnta, in éineacht le gníomhaireachtaí an Aontais. Tá EUR 3 bhilliún de chistiú breise á chur ar fáil ag an gCoimisiún chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát an Comhshocrú a chur chun feidhme agus chun daoine easáitithe ón Úcráin a óstáil. Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair leis na Ballstáit chun na nósanna imeachta is gá a thabhairt chun críche faoi dheireadh na bliana chun na cuspóirí a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a chistiú.
Leath bealaigh tríd an idirthréimhse, tá dul chun cinn nach beag déanta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí, áfach, chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha nua i bhfeidhm go hiomlán agus go tráthúil. Baineann cuid de na dúshláin sin leis na heasnaimh atá ann faoi láthair. Baineann dúshláin eile leis an mbealach a réiteach chun na rialacha nua a tugadh isteach leis an gComhshocrú a chur i bhfeidhm, go háirithe Eurodac uasghrádaithe a oibríochtú, scagadh agus an nós imeachta éigeantach teorann a chur chun feidhme, chomh maith leis na coimircí nua maidir le cearta bunúsacha. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós ann in am chun an Comhshocrú a chur chun feidhme ina iomláine.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit leanúint dá n‑iarrachtaí agus iad a threisiú i gcás inar gá chun a áirithiú go n‑éireoidh le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar an leibhéal teicniúil, tá rannpháirtíocht agus úinéireacht pholaitiúil leanúnach ar an leibhéal náisiúnta ríthábhachtach i gcónaí chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin a sainaithníodh. Is gá an oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh maidir leis an gComhshocrú a chur chun feidhme roimh thús an timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh aon mhóreasnamh ann maidir leis na rialacha atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm toisc go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar an measúnú foriomlán ar bhrú agus ar rochtain ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta. Leanfaidh an Coimisiún, in éineacht le gníomhaireachtaí an Aontais, de bheith ag obair leis na Ballstáit agus de thacaíocht a thabhairt dóibh, lena n‑áirítear trí chistiú, agus béim láidir á leagan ar ghníomhaíocht chun na dúshláin a sainaithníodh a shárú.
Chun cineál dinimiciúil na himirce a oiriúnú agus chun freagairt dó, ní mór an Comhshocrú a chomhlánú freisin le hiarrachtaí breise i réimsí nach gcumhdaítear leis an gcreat reachtach nua. Tá tábhacht ar leith ag baint le feabhas a chur ar an gcomhar domhanda maidir leis an imirce chun an Comhshocrú a chur chun feidhme go rathúil agus go hinbhuanaithe. Tá infheistíocht déanta ag an Aontas i gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tríú tíortha, rud a chuir leis an líon imirceach neamhrialta a thagann isteach san Aontas a laghdú. Bunaithe ar shonraí Frontex, in 2024 ba é 240 000 an líon imirceach neamhrialta a taifeadadh ag teorainn sheachtrach an Aontais, ar laghdú 37 % é sin i gcomparáid le 2023 (
). Ní mór don Aontas leanúint de chomhpháirtíochtaí den sórt sin a thógáil agus a leathnú le tríú tíortha ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh chun an líon imirceach neamhrialta a laghdú, an Comhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac a mhéadú, an comhar maidir le filleadh agus athligean isteach a threisiú, soghluaisteacht tallainne a chur chun cinn trí Chomhpháirtíochtaí Tallainne, agus cosaint a sholáthar do dhídeanaithe atá easáitithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n‑áirítear trí athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil. Is léir gur modh rathúil é cur chuige Fhoireann na hEorpa (
) agus caibidlíocht á déanamh le tríú tíortha ábhartha chun comhpháirtíochtaí nua a bhunú nó chun comhpháirtíochtaí atá ann cheana a athchalabrú.
Leis an Teachtaireacht seo, cuireann an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme an Chomhshocraithe, i gcomhréir le hAirteagal 84 den Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (
). Chun cur le príomhghníomhaíochtaí an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn ó mhí an Mheithimh 2024 agus in oirchill sheoladh an chéad timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil i mí Dheireadh Fómhair 2025, cuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo staid na himeartha maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus tugtar forbhreathnú inti ar staid an chur chun feidhme i ndáil le gach ceann de na deich mbloc tógála. Mar an gcéad chéim eile, áireofar sa Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus Tearmann ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 staid na himeartha cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Cuirfidh an Coimisiún Straitéis fhadtéarmach Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce i láthair faoi dheireadh na bliana seo chun tacú le cur chuige comhtháite comhordaithe maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
Fíor 1: Amlíne na hidirthréimhse
2.Beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais
I gcomhréir leis an bPlean Cur Chun Feidhme Coiteann, d’oibrigh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, chun a áirithiú go gcomhlíontar garspriocanna dlíthiúla agus go ndéantar an phleanáil oibríochtúil le haghaidh cur chun feidhme a chomhordú go leanúnach, a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb ábhartha, agus a aistriú ina cleachtas oibríochtúil. An tráth céanna, mar thoradh ar chúnamh déthaobhach díreach do na Ballstáit, tá tacaíocht shaincheaptha tugtha ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí an Aontais do na Ballstáit uile.
Ar leibhéal an Aontais, leanann an Coimisiún de bheith ag obair chun creat reachtach an Chomhshocraithe a thabhairt chun críche agus a chomhlánú. I mí an Mhárta 2025, chuir an Coimisiún togra reachtach nua ar aghaidh le haghaidh rialachán lena mbunaítear comhchóras Eorpach um fhilleadh (
). I gcás inarb iomchuí, rinne an Coimisiún beart go luath freisin agus mhol sé tús áite a thabhairt do chuid d’fhorálacha nua an Chomhshocraithe. Mhol sé liosta an Aontais Eorpaigh de thíortha sábháilte tionscnaimh (
), chomh maith le hathbhreithniú ar na rialacha maidir le cur i bhfeidhm an choincheapa ‘tríú tír shábháilte’ (
), lena gcomhlíontar an ceanglas faoin gComhshocrú athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choincheapa faoi mhí an Mheithimh 2025. Ar deireadh, mhol an Coimisiún dhá phríomhghné den Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn a réamh‑mheas agus é mar aidhm leis tacú leis na Ballstáit éilimh ar thearmann a phróiseáil níos tapúla agus níos éifeachtúla d’iarratasóirí ar dócha go mbeidh a n‑éilimh gan bhunús. Áirítear leis sin forálacha an Chomhshocraithe a bhaineann le hiarratasóirí a thagann ó thríú tíortha a bhfuil rátaí ísle aitheantais acu agus an fhéidearthacht tíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte a ainmniú cé is moite d’eisceachtaí.
2.1 Stiúradh, treoir agus idirphlé
Comhlíonadh na cúraimí agus na garspriocanna a leagtar amach sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann lena gcur i gcrích ar leibhéal an Aontais faoi mhí an Mheithimh 2025. Bhunaigh an Coimisiún Ardán Cur Chun Feidhme an Chomhshocraithe chun stiúradh a sholáthar, a tháinig le chéile den chéad uair i mí Eanáir 2025 chun pleanáil ar an leibhéal náisiúnta agus clársceidealú straitéiseach thacaíocht airgeadais thiomnaithe an Aontais a phlé. Soláthraíonn an Coiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) stiúradh freisin trí phlé tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe.
Tá malartú le Parlaimint na hEorpa ann arís agus arís eile i gcreat na Meithle um Thearmann - Cur chun feidhme an Chomhshocraithe/an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
Leanann an obair theicniúil ar aghaidh go tapa, le tacaíocht ó choistí teagmhála agus ó chruinnithe grúpa saineolaithe chun léirmhíniú agus soiléiriú coiteann ar fhorálacha dlíthiúla a áirithiú. Mar thoradh air sin, ullmhaíodh na gníomhartha cur chun feidhme is gá go tráthúil (
) agus roinneadh dea-chleachtais ar fud chomhpháirteanna uile an Chomhshocraithe. Chuidigh líonraí na ngníomhaireachtaí freisin le dúshláin agus réitigh oibríochtúla choiteanna a shainaithint, lena n‑áirítear trí theimpléid agus treoirdhoiciméid a fhorbairt. Chun áireamh dúbailte a sheachaint, agus simpliú a chur chun cinn, agus chun sineirgí a áirithiú, d’eagraigh an Coimisiún seisiúin chomhpháirteacha éagsúla de choistí agus de ghrúpaí saineolaithe freisin, lenar cumhdaíodh gnéithe éagsúla den Chomhshocrú i gcomhthráth le cruinnithe líonra na ngníomhaireachtaí.
Is fócas láidir den obair choiteann ar fud gach gné den Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann fós í tacaíocht dhéthaobhach dhíreach an Choimisiúin do na Ballstáit. Leis an gcur chuige sin, soláthraítear tacaíocht atá oiriúnach don fheidhm, atá oiriúnaithe d’imthosca náisiúnta agus do shocruithe institiúideacha éagsúla gach Ballstáit. Bhunaigh an Coimisiún foirne tíre tiomnaithe agus idirchaidreamh ar leibhéal na n‑oifigeach sinsearach chun idirghníomhú le gach Ballstát.
Chuaigh foirne tíre de chuid sheirbhísí an Choimisiúin i dteagmháil go déthaobhach le húdaráis na mBallstát agus chuir siad anailís fholuiteach ar fáil ar chórais na mBallstát agus ar dhúshláin ghaolmhara, rud a chuir leis na pleananna náisiúnta cur chun feidhme. Tá an obair ag díriú anois ar chur chun feidhme agus ar oibríochtú na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme. Tá na Ballstáit ag obair leis an tacaíocht ón gCoimisiún chun a áirithiú go leithdháilfear cistiú leordhóthanach faoi Chistí an Aontais agus faoi bhuiséid náisiúnta ar na cuspóirí faoi gach Plean.
Thairis sin, trí ghlao tiomnaithe in 2024, bhain naoi mBallstát úsáid as an tacaíocht a soláthraíodh tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a ullmhú (9). Faoi láthair, tacaíonn an Coimisiún le deich mBallstát tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe. Ina theannta sin, tá tairbhe á baint ag na Ballstáit as an bpiarfhoghlaim agus as malartuithe dea-chleachtais a cuireadh ar bun i gcomhthéacs na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil. Chun cur chuige ilpháirtithe leasmhara a chur chun cinn, thionóil an Coimisiún cruinnithe tiomnaithe faisnéise agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, amhail comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí faoi stiúir imirceach
.
2.2 Obair ghníomhaireachtaí an Aontais
Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le hobair ghníomhaireachtaí an Aontais chun an Comhshocrú a chur chun feidhme, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus eu-LISA.
Tá EUAA ag éascú aistriú na mBallstát chuig an gcreat dlíthiúil nua a eascraíonn as an gComhshocrú agus thacaigh sé leis an gCoimisiún agus an Plean Cur Chun Feidhme Coiteann á fhorbairt aige. Faoi chuimsiú a líonraí náisiúnta saineolaithe, tá a tháirgí agus a threoir tugtha cothrom le dáta ag EUAA agus tá cinn nua forbartha aige i gcás ina gceanglaítear sin leis an gComhshocrú nó i gcás inar gá. Tá modúil oiliúna an Churaclaim Eorpaigh Tearmainn á dtabhairt cothrom le dáta ag EUAA faoi láthair agus tá athbhreithniú á dhéanamh aige ar na caighdeáin agus na táscairí oibríochtúla ábhartha (tá tuilleadh sonraí ar fáil i roinn 3 faoi gach bloc tógála).
Ina theannta sin, reáchtálfar dhá chleachtadh faireacháin phíolótacha (san Eastóin agus san Ísiltír) in 2025 chun ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm iomlán chlár faireacháin ilbhliantúil EUAA ó 2026 ar aghaidh. Faoin gclár, déanfar faireachán ar na Ballstáit uile i dtéarmaí chur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil an Chomhshocraithe i dtimthriall 5 bliana. Tacóidh torthaí an fhaireacháin freisin le measúnú an Choimisiúin ar cé acu atá nó nach bhfuil na córais náisiúnta tearmainn agus ghlactha dea-ullmhaithe.
Leanann Frontex de thacaíocht a sholáthar ar fud na réimsí sin a thagann faoina shainordú, trí threoir phraiticiúil agus uirlisí praiticiúla a chur ar fáil, chomh maith le tacaíocht oibríochtúil ar éileamh, go háirithe i ndáil le próisis nua a phleanáil agus a chur chun feidhme ag an teorainn. Pléitear na gnéithe éagsúla a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhshocraithe i meithleacha agus i líonraí Frontex, agus i gcruinnithe tiomnaithe ad hoc leis na Ballstáit. Ina theannta sin, soláthraíonn Frontex tacaíocht do na Ballstáit ag gach céim den phróiseas um fhilleadh, i ndlúthchomhar le Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh. Oibríonn Frontex i gcomhar leis na Ballstáit freisin maidir le measúnuithe riosca a fhorbairt agus tá ról aige i rialú cáilíochta na dteorainneacha. Le measúnú leochaileachta bliantúil Frontex, ina ndéantar meastóireacht ar acmhainneacht agus ullmhacht gach Ballstáit den Aontas agus Tíortha Comhlachaithe Schengen chun freagairt do dhúshláin ag a dteorainneacha seachtracha, éascófar an t‑aistriú chuig an gcreat dlíthiúil nua.
Tá ról ríthábhachtach ag eu-LISA i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe, go háirithe chun bainistiú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú tuilleadh, chun rialacha aonfhoirmeacha a bhunú lena n‑áiritheofar rialú, agus chun imircigh neamhrialta agus iarrthóirí tearmainn a thagann isteach san Aontas a chlárú go cuí. Braitheann dea-fheidhmiú rialacha an Chomhshocraithe nua ar infhaighteacht agus feidhmiú éifeachtach Eurodac nua faoin 12 Meitheamh 2026. Bíonn eu-LISA ag tacú go leanúnach leis na Ballstáit sa chúram dúshlánach sin (tugtar tuilleadh sonraí i roinn 3.1).
Chun sineirgí a áirithiú idir obair an Choimisiúin agus obair ghníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais an treoir dhlíthiúil chothrománach a fhorbairt, agus ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais díriú go príomha ar threoir agus tacaíocht oibríochtúil spriocdhírithe a fhorbairt. Leanfaidh an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí de bheith ag obair le chéile chun éifeachtúlacht ardleibhéil a bhaint amach agus chun an t‑ualach a chuirtear ar na Ballstáit a laghdú, i gcomhréir le cuspóir foriomlán an Choimisiúin maidir le simpliú.
2.3 Tacaíocht airgeadais
Tá EUR 3 bhilliún breise á sholáthar ag an Aontas do na Ballstáit chun tacú le cur chun feidhme an Chomhshocraithe agus chun daoine easáitithe ón Úcráin a óstáil. Is méadú breise EUR 1 bhilliún é sin i gcomparáid leis na méideanna a fógraíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann. Ina theannta sin, is féidir le Ballstáit cháilitheacha úsáid a bhaint as an mbreis agus EUR 1.6 bhilliún atá ar fáil faoin athbhreithniú meántéarma ar na Cistí Gnóthaí Baile
.
Ba cheart do na Ballstáit na cistí breise sin a úsáid go straitéiseach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir lena n‑iarrachtaí cur chun feidhme a mhéid is féidir, agus tosaíocht á tabhairt an tráth céanna d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is tábhachtaí a shainaithnítear ina bPlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus in idirphlé leis an gCoimisiún. Thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit a dtosaíochtaí a shainaithint, agus ba cheart clársceidealú an chistithe bhreise sin a bheith ag teacht le Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme na mBallstát. Cé gur mó na méideanna breise, cuirfidh scála na n‑athchóirithe ar an gComhshocrú de cheangal ar na Ballstáit foinsí cistithe ábhartha eile a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (e.g. an beartas comhtháthaithe) chun freastal ar a riachtanais uile. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go dtabharfar na leasuithe is gá ar chláir na mBallstát chun críche faoi dheireadh na bliana ar a dhéanaí agus go ndéanfar nósanna imeachta soláthair phoiblí a sheoladh agus a thabhairt chun críche in am. Tá formhór na mBallstát ar an mbóthar ceart chun an sprioc sin a bhaint amach, cé go bhfuil gá le hiarrachtaí breise i roinnt Ballstát (
), agus tá foinsí cistithe ábhartha eile á sainaithint acu ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le cistí eile ar leibhéal an Aontais, amhail iad siúd faoin mbeartas comhtháthaithe, agus níos mó sineirgí agus comhlántachtaí á lorg acu an tráth céanna.
3.Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus oibríochtú na mbloc tógála
3.1 Forbhreathnú ar Phleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme agus ar chomhordú
Leagtar síos sa Phlean Cur Chun Feidhme Coiteann an cuspóir coiteann córais dea-ullmhaithe a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse. Chun a áirithiú go mbeidh na córais dea-ullmhaithe, ní mór do na Ballstáit rialacha nua an Chomhshocraithe a chur chun feidhme agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana i ndáil lena ndlíthe, lena gcleachtais agus lena n‑acmhainn oibríochtúil náisiúnta.
Ceanglaíodh ar na Ballstáit uile pleananna náisiúnta cur chun feidhme a bhunú ina mbeadh gníomhaíochtaí agus amlínte soiléire, lena n‑áirítear maidir le riachtanais soláthair, oiliúna agus earcaíochta. Go dtí seo, bhí 26 Bhallstát i dteagmháil go tráthrialta leis an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, agus chuir 25 Bhallstát a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme isteach (
). Chuir na ceithre Thír Chomhlachaithe Schengen a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme isteach freisin, lena gcumhdaítear gnéithe den Chomhshocrú ina nglacann siad páirt.
Tá gach plean náisiúnta cur chun feidhme bunaithe ar an teimpléad a sholáthair an Coimisiún agus, dá bhrí sin, léiríonn siad struchtúr bloc tógála an Phlean Cur Chun Feidhme Choitinn. Eisíodh thart ar aon trian de na pleananna mar dhoiciméid phoiblí freisin (
).
Thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a gcórais reatha chun cuidiú le bonnlínte a bhunú le haghaidh pleanála, agus sholáthair sé roinnt moltaí, a léirítear i bhformhór mór na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme. I dtéarmaí ginearálta, ní hionann leibhéal mionsonraithe na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme ar fud na mBallstát agus, laistigh de NIP Ballstáit ar leith, de réir réimse beartais nó bloic thógála. Ag brath ar an gcás, d’fhéadfadh sé sin a léiriú go raibh na measúnuithe agus na hathbhreithnithe fós ar siúl tráth an chur isteach, nó go raibh gá le níos lú oibre i réimsí áirithe nó i mbloic thógála áirithe. Ní mór d’fhormhór na mBallstát fós garspriocanna agus spriocanna coincréiteacha a shainiú chun an cur chun feidhme a rianú agus faireachán a dhéanamh air, rud atá úsáideach chun moilleanna criticiúla a bhrath agus a leigheas.
Ní próiseas aonuaire é cur chun feidhme an Chomhshocraithe ach is próiseas dinimiciúil é. Ó cuireadh na pleananna náisiúnta cur chun feidhme isteach den chéad uair, rinne roinnt Ballstát gnéithe dá bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú (
), rud a léiríonn an obair mhór atá ar siúl. Tugtar aghaidh ar ghnéithe reachtacha i ngach plean náisiúnta cur chun feidhme, cé go bhfuil leibhéil éagsúla mionsonraí i gceist leo. Tá tús curtha leis an obair ar na hathruithe reachtacha is gá ar fud na mBallstát. Tá dréachtú na reachtaíochta náisiúnta ábhartha tugtha chun críche cheana féin ag trí Bhallstát ar a laghad agus tá siad ag ullmhú lena glacadh (
). Tá roinnt mhaith Ballstát eile ag súil leis an bpróiseas a thabhairt chun críche fós i mbliana. Mar sin féin, tá gá le dlús a chur leis an bpróiseas seo i roinnt Ballstáit eile.
Tá sásraí pleanála agus comhordúcháin bunaithe ag na Ballstáit chun beart a dhéanamh ar an leibhéal oibríochtúil agus ba cheart dóibh iad a úsáid anois chun an Comhshocrú a chur chun feidhme go héifeachtach. Chuidigh ullmhú na bpleananna náisiúnta cur chun feidhme le fadhbanna comhordúcháin náisiúnta a shainaithint. Cé go bhfuil go leor Ballstát ag neartú ceapadh beartas comhtháite trí shocruithe idir-aireachta, tá gá le comhordú níos láidre ar fud réimsí beartais agus leibhéil rialtais i mBallstáit eile. Cé go mbeidh aireachtaí imirce nó inmheánacha i gceannas, tá rannpháirtíocht ó aireachtaí eile, ó na breithiúna agus ó údaráis áitiúla ríthábhachtach. Is díol sásaimh don Choimisiún an dea-chomhordú leis na páirtithe leasmhara uile, agus rannpháirtíocht na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, chomh maith leis an tsochaí shibhialta, chun ardleibhéal éifeachtúlachta a bhaint amach agus an Comhshocrú á chur chun feidhme, agus tá sé fós á iarraidh aige. Chuige sin, ag tógáil ar an gcóras cuíchóirithe a cuireadh i bhfeidhm leis an gComhshocrú (e.g. nósanna imeachta aistrithe, naisc níos dlúithe idir tearmann agus filleadh, úsáid níos fearr a bhaint as bunachair sonraí), leanfaidh an Coimisiún d’fhéachaint ar bhealaí chun an obair ghaolmhar a chuíchóiriú tuilleadh agus an t‑ualach riaracháin foriomlán a laghdú i gcomhréir le cuspóirí an Choimisiúin maidir le simpliú. Deis a bheidh sa Straitéis fhadtéarmach Eorpach um Bainistiú Tearmainn agus Imirce atá ar na bacáin chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar cheapadh beartas atá comhtháite agus cuíchóirithe.
Tá an Coimisiún fós i mbun dlúth‑idirphlé leis na Ballstáit uile agus tacaíonn sé leo maidir le gnéithe pleanála agus oibríochtúla. Tá an Coimisiún i ndlúth‑theagmháil freisin leis na Ballstáit nár chuir plean náisiúnta cur chun feidhme isteach agus molann sé go láidir do na Ballstáit uile an próiseas sin a chur i gcrích a luaithe is féidir.
3.2 Bloc Tógála 1 - Eurodac
Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é córas athchóirithe Eurodac a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go pras chun gach gné den Chomhshocrú a chur chun feidhme i gceart. Is freagracht chomhroinnte idir an Coimisiún, eu-LISA agus na Ballstáit é athchóiriú Eurodac agus tá dul chun cinn nach beag déanta go dtí seo. Tá ullmhúchán na n‑ionstraimí neamhreachtacha is gá chun é a chur chun feidhme ar an mbóthar ceart mar aon le forbairt eu-LISA ar Eurodac nua, rud a chuireann, de pháirt, le comhpháirteanna an Chreata Idir-inoibritheachta a úsáidfidh Eurodac.
I bhfianaise na hamlíne dúshlánaí a bhaineann le cur chun feidhme Eurodac, shainaithin an Coimisiún, eu-LISA agus na Ballstáit sraith beart chun moilleanna a mhaolú. Is é eu-LISA is mó a chuir iad sin i bhfeidhm chun tacú leis na Ballstáit. Beart amháin den sórt sin is ea go bhfuil feidhmiúlachtaí Eurodac le seachadadh in dhá chéim (Meitheamh agus Nollaig 2026), agus tosaíocht á tabhairt do na feidhmiúlachtaí a shainaithnítear a bheith ríthábhachtach do mhí an Mheithimh 2026. Beart eile is ea gur fhorbair eu-LISA réiteach láraithe, is é sin Comhéadan Úsáideora Ghréasáin (WUI). Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil réidh, ar chúiseanna éagsúla amhail easpa acmhainní, comhtháthú iomlán córas le córas a bhaint amach faoi mhí an Mheithimh 2026 an réiteach láraithe a úsáid.
Thairis sin, roghnaigh eu-LISA cur chuige solúbtha a ghlacadh chun córas Eurodac a chur chun feidhme, rud a chuir ar chumas na Gníomhaireachta na doiciméid theicniúla éagsúla is gá a roinnt de réir a chéile. D’fhág sé sin go bhféadfaí príomhdhoiciméadacht a roinnt go luath leis na Ballstáit, rud a d’éascódh bailiú agus úsáid an tsaineolais chomhroinnte atá ann cheana sna Ballstáit uile. Ar an gcaoi sin, seachadadh an chéad Doiciméad Rialaithe Comhéadain (ICD) i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus seachadadh an ICD ina iomláine ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2024, mar a cheanglaítear leis an Rialachán. Glacadh an cur chuige solúbtha céanna le haghaidh na tástála freisin. Tá tús curtha cheana féin leis an tástáil dheonach ar nascacht bhunúsach idir na Ballstáit agus eu-LISA, agus tá sé curtha i gcrích go rathúil ag roinnt Ballstát cheana féin.
Ar an leibhéal náisiúnta, agus a gcóras á thógáil acu, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir an réiteach láraithe arna sholáthar ag eu-LISA a úsáid, nó córas náisiúnta a thógáil lena gcomhtháthaítear Eurodac ina iomláine, nó teaglaim den dá cheann (i.e. an réiteach láraithe ar dtús agus comhtháthú córas le córas ina dhiaidh sin). A bhuí leis an gcur chuige solúbtha thuasluaite a ghlac eu-LISA, bhí na Ballstáit in ann tús a chur le forbairt an chórais ar an leibhéal náisiúnta sách luath. Le cruinnithe tráthrialta arna n‑eagrú ag eu-LISA (an Fóram um Bainistiú Tionscadal, an Grúpa Comhairleach), cuirtear ar chumas na mBallstát tuairisciú go tréimhsiúil ar staid na himeartha maidir leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus aird a tharraingt ar aon dúshláin a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu don tionscadal ina iomláine ar leibhéal an Aontais. Go dtí seo, léiríodh leis na malartuithe sin, in ainneoin dul chun cinn maith, go bhfuil dúshláin roimh roinnt Ballstát. Áirítear orthu sin cinneadh a dhéanamh maidir leis an údarás náisiúnta atá freagrach as an gcóras a chur chun feidhme nó cén t‑údarás a óstálann an pointe rochtana náisiúnta, deacrachtaí i nósanna imeachta soláthair, acmhainní ganna (daonna nó airgeadais), nó iarrataí leanúnacha ar an doiciméadacht theicniúil (
).
Ó thaobh an Choimisiúin de, glacann sé páirt sna cruinnithe uile a eagraíonn eu-LISA ina dtuairiscíonn na Ballstáit ar staid na himeartha maidir leis an gcur chun feidhme agus ina ndéantar faireachán agus plé ar na forbairtí is déanaí agus ar na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann. I mí an Mhárta 2025, sheol an Coimisiún litir chuig na Ballstáit uile inar leagadh béim ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí sin agus inar athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá sé Eurodac a chur chun feidhme go tráthúil, ar an leibhéal lárnach agus ar leibhéal na mBallstát araon. D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe déthaobhacha freisin leis na Ballstáit sin a raibh dúshláin ar leith rompu. Tá ullmhúchán na ngníomhartha is gá le haghaidh fheidhmiú an chórais (maidir le hábhar an staidrimh traschórais agus maidir le hidir-inoibritheacht) fós ar siúl.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Ba cheart do eu-LISA leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Ba cheart a mheas faoi láthair go bhfuil na príomheilimintí ICD cobhsaí go leor chun go mbeidh na Ballstáit in ann nósanna imeachta soláthair a sheoladh i gcás inar gá. Níor cheart aon athruithe móra eile a chur san áireamh ag an gcéim seo; níor cheart a áireamh in aon athruithe breise ar an doiciméad ach mionchoigeartuithe a eascraíonn as ICDanna a bhaineann le hIdir-inoibritheacht, earráidí cló nó mionleasuithe tar éis tástála. Má dhéantar an ICD a chobhsú anois, áfach, ní chuirfear cosc ar thuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an gcóras le himeacht ama.Níor cheart do na Ballstáit sin arbh fhearr leo comhtháthú iomlán idir córais an fhéidearthacht a eisiamh go hiomlán go mbeifí ag brath ar eu-LISA réiteach lárnach a fhorbairt mar chúltaca, má bhíonn moill ar an bpróiseas comhtháthaithe.
Sna míonna amach romhainn, beidh tábhacht le tuairisciú míosúil tráthrialta chun measúnú a dhéanamh ar stádas foriomlán an chur chun feidhme agus chun go mbeidh an Coimisiún agus eu-LISA in ann tacaíocht bhreise a sholáthar i gcás inar gá. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Fóram Eurodac um Bainistiú Tionscadal agus fógra réamhghníomhach a thabhairt don Choimisiún i gcás mórdheacrachtaí.
Go praiticiúil, ní mór próisis soláthair a chur i gcrích a luaithe is féidir, pleananna oiliúna agus próisis earcaíochta a chur i bhfeidhm, agus na tástálacha oibríochtúla éigeantacha is gá a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go n‑urramófar an amlíne cur chun feidhme a comhaontaíodh, agus go dtabharfar gach aird ar fhorbairt náisiúnta, ar thástáil agus ar ullmhacht oibríochtúil.
3.3 Bloc Tógála 2 – Córas nua chun an imirce a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha an Aontais
Tá ullmhúcháin ar bun chun an nós imeachta éigeantach teorann nua a chur i bhfeidhm. I mí Lúnasa 2024, ghlac an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach an acmhainneacht leordhóthanach do gach Ballstát agus an líon uasta iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nach mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm taobh amuigh dóibh (‘uasteorainn bhliantúil’) (
).
Tá an Coimisiún ag obair ar threoirdhoiciméad maidir le scagadh chun doiciméad beo a sholáthar lena dtugtar aghaidh ar scagadh ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh den chríoch, lena n‑áirítear breithnithe tábhachtacha do na Ballstáit a mbaineann gluaiseachtaí tánaisteacha leo freisin.
Chun cuidiú le comhleanúnachas beartais a áirithiú, áiríodh scagadh freisin i dtreoirlínte straitéiseacha thimthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip (EIBM) (
). Tá Frontex ar an mbóthar ceart maidir lena ‘bosca uirlisí um scagadh’ a fhorbairt, i gcomhar le EUAA agus leis an gCoimisiún, lena n‑áirítear uirlisí praiticiúla chun na seiceálacha agus na fíoruithe a bhaineann le scagadh a dhéanamh. Tá sé beartaithe tús a chur le tástáil oibríochtúil na n‑uirlisí sin i mí Mheán Fómhair 2025.
D’eisigh an Coimisiún agus EUAA sraith uirlisí atá ábhartha go díreach chun an nós imeachta éigeantach teorann nua a bhunú. Áirítear orthu sin samhlacha acmhainneachta leordhóthanacha hipitéiseacha, lena n‑áirítear an fhéidearthacht ‘ionaid ilchuspóireacha’ a bheith ann ina gcomhcheanglaítear scagadh agus na nósanna imeachta teorann um thearmann agus um fhilleadh. Áirítear ar na samhlacha sin ceanglais tháscacha foirne agus ghlactha maidir le scagadh agus na nósanna imeachta teorann, chun tacú le pleanáil náisiúnta agus le spriocanna a bheidh le comhlíonadh a chur ar bun. D’eisigh EUAA treoirphlean d’ionaid ilchuspóireacha, lena ndéantar foráil maidir le roinnt céimeanna den phróiseas in aon áit amháin (e.g. scagadh, clárú, nósanna imeachta teorann) chun cuidiú leis na Ballstáit na hionaid sin a dhearadh. D’eisigh EUAA, i gcomhar le Frontex, na Treoirlínte nua maidir le roghanna malartacha ar choinneáil10 a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacs an nós imeachta teorann. Tá treoirdhoiciméad á fhorbairt ag an gCoimisiún freisin maidir leis an nós imeachta teorann um thearmann agus um fhilleadh.
Ar an leibhéal náisiúnta, tá na saoráidí glactha agus na hacmhainní daonna is gá ag roinnt Ballstát cheana féin chun freastal ar a n‑acmhainneacht leordhóthanach atá i bhfeidhm acu. Tá pleananna coincréiteacha ag Ballstáit eile maidir le conas é sin a dhéanamh, lena n‑áirítear trí chistí a leithdháileadh ar an mbonneagar agus ar an bpearsanra is gá (
), agus pleananna chun ionaid ilchuspóireacha a thógáil, a athchóiriú nó a athrú. Bhí an cleachtadh chun an scagadh a rinne an Rómáin in 2024 a shamhaltú úsáideach chun oibríochtaí scagtha a thástáil agus chun taithí a roinnt le Ballstáit eile.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Tá go dtí mí Aibreáin 2026 ag na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na suíomhanna arna n‑ainmniú le haghaidh nós imeachta teorann. Go dtí seo, níl sé sin déanta ag aon Bhallstát. Tá an baol ann go mbeidh moilleanna ar na Ballstáit maidir lena gcumas agus a n‑acmhainneacht scagtha agus an nós imeachta éigeantach teorann a bhunú mura n‑ainmneofar na suíomhanna deiridh go luath, agus nach ndéanfar an phleanáil airgeadais agus na próisis soláthair ghaolmhara a thionscnamh agus a thabhairt i gcrích (
). Is féidir le clársceidealú leanúnach chistiú breise an Aontais tacú leis na Ballstáit an cúram tábhachtach sin a chur i gcrích. Beidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na gnéithe sin, go háirithe ós rud é nach féidir leis an gCoimisiún, faoi láthair, measúnú iomlán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith rompu.
Beidh gá le sásra faireacháin neamhspleách um chearta bunúsacha (féach roinn 3.10) a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an nós imeachta éigeantaigh teorann agus beidh sé ag brath ar chomhar éifeachtach leis na breithiúna chun na spriocdhátaí a chomhlíonadh agus chun athruithe nós imeachta a tugadh isteach leis an gComhshocrú a chur san áireamh. Shainaithin na Ballstáit comhar leis na breithiúna mar ghné thábhachtach den phróiseas cur chun feidhme. Chuige sin, ní mór riachtanais bhreise na mbreithiúna a chur san áireamh, neamhspleáchas na mbreithiúna a áirithiú agus na ceanglais a bhunaítear le dlí an Aontais maidir le cúirteanna nó binsí a chomhlíonadh.
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh páirtithe leasmhara éagsúla rannpháirteach go tráthúil agus go leithdháilfear cistí leordhóthanacha le haghaidh gach gné den acmhainneacht leordhóthanach. Maidir le céimniú isteach an scagtha, tá roinnt dúshlán ann a bhaineann le saoráidí leordhóthanacha agus acmhainní daonna, ábhartha agus teicniúla a ainmniú chun déileáil le buaicphointí i sreabha imirce, chomh maith le sásraí éifeachtacha agus uirlisí dlíthiúla a sholáthar chun éalú a chosc. Ní mór iarrachtaí a dhéanamh freisin dóthain foirne oilte agus gairmithe leighis a bheith i bhfeidhm chun scagadh a dhéanamh, agus an bonneagar teicniúil chun bunachair sonraí ábhartha an Aontais agus na bunachair sonraí náisiúnta ábhartha a cheadú go tapa, ag na teorainneacha ainmnithe agus laistigh den chríoch araon.
3.4 Bloc Tógála 3 - Athmhachnamh a dhéanamh ar ghlacadh
Tá athchóirithe riaracháin agus eagraíochtúla á gcur chun feidhme ag beagnach gach Ballstát mar fhreagairt ar na hathruithe a tugadh isteach leis an gComhshocrú.
Is éard atá i gceist leis an bpróiseas sin athruithe ar a gcórais bainistithe cásanna agus ar a mbonneagar TF (
), agus tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil á húsáid freisin, chomh maith le hinfheistíocht i mbonneagar, cibé acu i dtéarmaí struchtúir nua a athchóiriú nó a bhunú. Tá sé beartaithe ag beagnach leath de na Ballstáit uile ionaid ghlactha nua de chineálacha éagsúla agus le haghaidh grúpaí éagsúla cónaitheoirí a bheith acu (
). Ina theannta sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag na Ballstáit ar shreafaí oibre oibríochtúla agus tá socruithe nua comhair idirghníomhaireachta á mbunú acu le soláthraithe seirbhíse agus comhpháirtithe, mar shampla socruithe a bhaineann le nósanna imeachta soláthair, cúram sláinte, an cúnamh atá le soláthar do mhionaoisigh neamhthionlactha nó an margadh saothair.
Tá na Ballstáit ag féachaint freisin ar bhealaí chun féintuilleamaí iarratasóirí a dhéanann dearmad go deonach ar réitigh chóiríochta státurraithe agus chun tacú lena neartú (
). Díríonn roinnt Ballstát ar bhearta lánpháirtithe luaithe, lena n‑áirítear ranganna teanga i gcomhréir le ceanglais nua na Treorach maidir le Dálaí Glactha (
). Tá gníomhaíochtaí sainaitheanta ag Ballstáit eile chun tacaíocht leighis agus shíceasóisialta a neartú (
).
Ina theannta sin, tá an Treoir maidir le Dálaí Glactha agus a huirlisí nua chun an glacadh a bhainistiú á dtrasuí ina reachtaíocht náisiúnta ag na Ballstáit. Tacaíonn an Coimisiún agus EUAA le hiarrachtaí trasuite na mBallstát faoi chuimsiú Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir leis an Treoir maidir le Dálaí Glactha agus Líonra EUAA de Phointí Teagmhála Náisiúnta maidir le Glacadh. Thairis sin, d’fhorbair an Coimisiún doiciméad míniúcháin a roinneadh leis na Ballstáit i mí na Nollag 2024 (
). An tráth céanna, tá modhanna á bhforbairt ag na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar iarratasóirí a bheith i láthair agus maidir le roghanna malartacha ar choinneáil a sholáthar agus a chur i bhfeidhm (
).
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Ní mór aird a thabhairt i gcónaí ar fud na mBallstát uile ar thrasuí tráthúil na Treorach maidir le Dálaí Glactha. Is príomhghné é acmhainneacht leordhóthanach agus dálaí leordhóthanacha a áirithiú chun go mbeidh Ballstát dea-ullmhaithe.
Tá dúshláin fós ann i roinnt Ballstát (
) a bhaineann le hacmhainneacht oiriúnach sna córais ghlactha náisiúnta. I gcásanna áirithe, tá sé sin sainaitheanta cheana féin ag na cúirteanna ábhartha. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar fhíor-riachtanais ghlactha an lae inniu, mar a cheanglaítear leis an acquis atá ann faoi láthair, agus go gcoinneoidh siad acmhainneacht leordhóthanach ina gcóras glactha lena n‑áirithítear caighdeán leordhóthanach maireachtála, agus a bpleananna teagmhasacha dea-fhorbartha agus cothrom le dáta an tráth céanna (tuilleadh faisnéise maidir le teagmhas i roinn 3.9).
Ós rud é go ndéantar na caighdeáin atá le soláthar d’iarratasóirí a chomhchuibhiú tuilleadh leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Dálaí Glactha, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó na caighdeáin sin a laghdú nó ó imeacht uathu nó ó acmhainneacht fhoriomlán a gcóras glactha a laghdú. Thairis sin, ba cheart go gcumasódh córais na mBallstát difreáil shoiléir idir ‘caighdeáin leordhóthanacha mhaireachtála’ agus dálaí glactha ábharacha laghdaithe i gcásanna áirithe (
) a bhaineann le mí‑úsáid ag iarratasóirí, dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Dálaí Glactha. I gcás dálaí glactha ábharacha laghdaithe, ba cheart do na Ballstáit, ar a laghad, leanúint d’fhoráil a dhéanamh maidir le bunriachtanais, ar gá iad a shainiú i gcórais náisiúnta i gcomhréir freisin le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do roinnt Ballstát athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a n‑acmhainneacht choinneála agus feabhas mór a chur ar dhálaí ginearálta a saoráidí coinneála.
Thairis sin, tá cóineasú i dtreo caighdeáin ghlactha leordhóthanacha d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Comhshocrú i gceart, lena n‑áirítear chun gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc, le haghaidh aistrithe faoi na rialacha freagrachta, agus chun a chinneadh go bhfuil Ballstát dea-ullmhaithe.
Ní mór aghaidh a thabhairt go pras ar na bearnaí atá fós ann a bhaineann le bailiú na sonraí glactha is gá. Thairis sin, go háirithe maidir le bearta luath‑lánpháirtithe, ba cheart do na Ballstáit díriú ar chomhpháirtíochtaí leordhóthanacha ilpháirtithe leasmhara a bhunú agus a athbhreithniú go tráthúil.
3.5 Bloc Tógála 4 - Nósanna imeachta tearmainn atá cothrom, éifeachtúil agus cóineasaithe
Tá na Ballstáit ag díriú ar athbhreithniú a dhéanamh ar a reachtaíocht náisiúnta chun dul in oiriúint don chreat dlíthiúil nua. Tá riaráiste nach beag roimh roinnt Ballstát i gcásanna tearmainn, mar gheall ar fhadhbanna struchtúracha, nó mar gheall ar líon teoranta foirne agus bonneagair a mbíonn agaí próiseála fada mar thoradh orthu. Tá bearta déanta ag formhór na mBallstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar riaráistí atá ann cheana agus chun fad na nósanna imeachta a laghdú, chomh maith leis an ngá atá le dhá chóras chomhthreomhara a reáchtáil ar feadh tréimhse rófhada tar éis mhí an Mheithimh 2026 a sheachaint - ceann amháin arna rialú ag an acquis atá ann faoi láthair agus ag an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn, agus ceann eile bunaithe ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn i ndáil le hiarratais arna dtaisceadh ón 12 Meitheamh 2026 ar aghaidh. Tá pleananna curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun a n‑acmhainneacht a fheabhsú tríd an líon ball foirne buan a mhéadú (
) nó trí fhoirne tiomnaithe a chruthú chun dul i ngleic leis an riaráiste (
). Tá tacaíocht bhreise spriocdhírithe á lorg ag roinnt Ballstát chuige sin tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil nó trí EUAA (
). Leis an bplé a dhéantar i gcoistí saineolaithe, soiléirítear forálacha dlíthiúla na reachtaíochta nua agus cuidítear leis an aistriú idir an dá chóras.
Is gné thábhachtach é an digitiú, go háirithe úsáid córas comhtháite bainistithe cásanna, agus fógraí uathoibrithe chun faisnéis a tharchur go héifeachtúil agus go slán, do na Ballstáit sin a bhfuil a sreafaí oibre agus a nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha á n‑athbhreithniú agus á gcuíchóiriú acu, go háirithe nuair a bhíonn údaráis éagsúla i gceist. Mar shampla, tá tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil á húsáid ag an mBulgáir chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le nósanna imeachta tearmainn a dhigitiú.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana maidir le rochtain ar an nós imeachta tearmainn, lena n‑áirítear moilleanna ar chlárú agus ar cheapacháin chun iarratais a thaisceadh. Agus a n‑acmhainneacht á forbairt acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na hearcaíochtaí is gá in am agus go gcuirfear oiliúint leordhóthanach ar fáil.
Mar chuid dá gcleachtadh clársceidealaithe, ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh gníomhach a dhéanamh leis na breithiúna chun an acmhainneacht chun achomhairc a phróiseáil a fhíorú agus, i gcás inar gá, a leathnú. Tá gá leis sin chun am próiseála na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a laghdú agus chun éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais a áirithiú, chun na riaráistí atá ann cheana a laghdú agus chun teacht chun cinn riaráistí nua a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna le staid na n‑údarás riaracháin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú, i gcás inar gá, go gcuirfear oiliúint thráthúil agus leordhóthanach ar bhreithiúna.
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar líomhaintí maidir le brú siar a imscrúdú go tapa chun urraim do chearta bunúsacha a ráthú, lena n‑áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar nósanna imeachta tearmainn agus prionsabal an non‑refoulement. Mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bagairtí hibrideacha ó ionstraimiú na himirce a chomhrac (
), aon bheart a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú na himirce a dhéanann difear do na teorainneacha leis an mBealarúis agus leis an Rúis agus chun cearta bunúsacha a shrianadh (e.g. an ceart chun tearmainn), ní mór dó a bheith sealadach, comhréireach agus teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis, agus ní mór dó a áirithiú go n‑urramófar bunbhrí na gceart sin.
3.6 Bloc Tógála 5 - Nósanna imeachta níos éifeachtúla agus níos cothroime maidir le filleadh
D’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit, i gcomhthéacs fhorbairt na bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme, chun údaráis tearmainn agus fillte a thabhairt níos gaire dá chéile. Go dtí seo, eisíonn 19 mBallstát cinntí diúltacha tearmainn agus cinntí um fhilleadh cheana féin an tráth céanna, rud a bheidh ina cheanglas faoin gComhshocrú, arb é is aidhm dó próisis riaracháin a shimpliú agus a chuíchóiriú a thuilleadh. Faoi chuimsiú an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh, eagraíodh ceardlanna tiomnaithe chun taithí a roinnt agus dea-chleachtais a shainaithint (
). Eagraíodh ceardlanna comhchosúla freisin maidir le hiarratais ar thearmann ag an nóiméad deireanach agus maidir le bealaí chun dlús a chur leis an bpróiseas um fhilleadh, feabhas a chur ar chomhordú agus an t‑am idir diúltú iarratas ar thearmann agus nósanna imeachta um fhilleadh a laghdú.
Idir an dá linn, tá uasghrádú á dhéanamh ag roinnt Ballstát ar a gcórais náisiúnta bainistithe cásanna um fhilleadh chun gur féidir faireachán níos éifeachtúla a dhéanamh ar an bhfilleadh, chun comhtháthú uathoibrithe a bhunú leis na córais TF níos leithne um bainistiú imirce, agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos iomláine agus níos éifeachtaí as Córas Faisnéise Schengen.
Mar a cuireadh i láthair i dtuarascáil 2025 ar Staid Schengen (
), cuireadh i dtábhacht i meastóireacht théamach Schengen ar éifeachtacht an chórais um fhilleadh, a rinneadh in 2024, forbairtí ar an láthair agus bacainní inmheánacha leanúnacha a chuireann bac ar fhilleadh. Tá roinnt Ballstát tar éis pleanáil chomhtháite a bhunú nó a neartú do na húdaráis uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas um fhilleadh, rud a chumasaíonn comhordú tráthrialta agus leithdháileadh acmhainní níos éifeachtaí. Mar sin féin, tá gá fós le hanailís riosca níos fearr agus réamhphleanáil níos fearr maidir le filleadh, rud a thacódh le hullmhacht agus leithdháileadh acmhainní a neartú, lena n‑áirítear chun an tacaíocht is gá ó Frontex a shainiú. Tá athmheasúnú déanta ag dhá Bhallstát (
) ar na hacmhainneachtaí fillte atá ann cheana, lena n‑áirítear a gcumas aghaidh a thabhairt ar an riosca éalaithe, agus tá siad i mbun na hacmhainneachtaí sin a mhéadú. I roinnt Ballstát (
), treisíodh cláir um fhilleadh deonach, rud a d’fhéadfadh feabhas nach beag a chur ar éifeachtacht fhoriomlán an fhillte.
Tacaíonn Frontex go gníomhach leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí príomhghnéithe an Chomhshocraithe maidir le filleadh a chur chun feidhme. Áirítear leis sin obair theicniúil leanúnach chun riachtanais na mBallstát a mhapáil le bheith in ann tacaíocht na Gníomhaireachta a phleanáil. Tá ról níos tábhachtaí ag Clár Eorpach Frontex um Ath‑imeasctha maidir le níos mó fillteacha deonacha ón Aontas a chur chun cinn agus tá sé á úsáid go gníomhach anois ag beagnach gach Ballstát
An togra ón gCoimisiún an 11 Márta 2025 le haghaidh Rialachán lena mbunaítear comhchóras maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh, is príomhphíosa é chun tograí eile an Chomhshocraithe a chomhlánú, d’fhonn filleadh níos tapúla, níos simplí agus níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.
Bunaithe ar mhalartuithe ábhartha leis na Ballstáit, ag deireadh 2024 d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre ina liostaítear na bealaí chun tús áite a thabhairt d’fhilleadh náisiúnach tríú tír a mheastar a bheith ina mbagairt ar an tslándáil phoiblí agus chun an filleadh sin a chuíchóiriú (
).
I gcomhthéacs an mheasúnaithe bhliantúil ar chomhar tríú tíortha maidir le hathligean isteach faoi Airteagal 25a den Chód Víosaí, tá aird ar leith á tabhairt ag an gCoimisiún ar ábharthacht an chomhair um athligean isteach de chuid tríú tíortha ar dócha go mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an nós imeachta teorann.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Measann an Coimisiún gur tosaíocht é dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht maidir leis an togra thuasluaite le haghaidh Rialachán maidir le filleadh agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, agus in aon chás sula dtiocfaidh an Comhshocrú i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026.
Beidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí inmheánacha atá ann cheana, amhail comhordú teoranta idir údaráis agus nósanna imeachta róchasta, chun a áirithiú go gcuirfear na hoibleagáidí nua faoin gComhshocrú chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta teorann um fhilleadh. Braitheann éifeachtacht fhoriomlán an chórais um fhilleadh ar acmhainní leordhóthanacha, ar phróisis gan uaim chun obair leantach leanúnach a dhéanamh ar fhilleadh náisiúnach tríú tír, agus ar dhéileáil leis an bhfilleadh mar phróiseas pleanáilte intuartha (
).
Leanann Comhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Tá lámhleabhar á fhorbairt ag an gComhordaitheoir um Fhilleadh maidir le sreafaí oibre éifeachtúla chun treoir a thabhairt do ghníomhaithe a bhfuil baint acu leis an nós imeachta teorann um fhilleadh sna Ballstáit agus leanann sé d’úsáid an fholáirimh um fhilleadh a spreagadh i gCóras Faisnéise Schengen.
Is é is aidhm do ghníomhaíocht spriocdhírithe um fhilleadh maidir le hullmhacht agus pleanáil theagmhasach le haghaidh fillteacha, a sheol Comhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh i mí an Mhárta 2025, dea-chleachtais atá i bhfeidhm cheana féin ag roinnt Ballstát a chur chun cinn agus cuidiú leis na príomhghnéithe agus na gnéithe comhroinnte den phleanáil theagmhasach um fhilleadh a shainaithint, chun cur chuige comhchoiteann comhleanúnach a chothú ar fud an Aontais. Beidh ról tábhachtach ag Frontex i gcur chun feidhme na gníomhaíochta spriocdhírithe seo um fhilleadh.
Roinnfidh Frontex suirbhé cuimsitheach leis na Ballstáit maidir leis na riachtanais le haghaidh tacaíocht fhéideartha Frontex maidir le filleadh in 2026. Tá obair leantach á déanamh ag an nGníomhaireacht ar an gcruinniú tosaigh a tionóladh i mí na Samhna 2024 le cruinnithe déthaobhacha tiomnaithe leis na Ballstáit leasmhara uile chun pleanáil agus iniúchadh níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar riachtanais aonair na mBallstát.
3.7 Bloc Tógála 6 - Obair freagrachta a dhéanamh
Tá dea-fheidhmiú rialacha reatha Bhaile Átha Cliath agus na rialacha nua, dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (RBTI), maidir le comhroinnt chothrom na freagrachta ríthábhachtach d’fheidhmiú foriomlán an Chomhshocraithe.
Le blianta beaga anuas, tá ráta aistrithe Bhaile Átha Cliath ar fud an Aontais an‑íseal, rud a chuireann bac nach beag ar éifeachtacht an chórais. Tá obair theicniúil an Choimisiúin agus ar an leibhéal náisiúnta dírithe ar aistrithe a chur ag obair.
Tá bailchríoch á cur ag an gCoimisiún ar an ngníomh cur chun feidhme lena n‑aisghairfear na rialacha cur chun feidhme atá ann faoi láthair d’fhonn iad a ghlacadh i mí Iúil 2025 (
). I dtéarmaí oibríochtúla, éascóidh sé sin an comhar agus an malartú faisnéise i measc na mBallstát, rud a fhágfaidh go mbeidh aistrithe níos tapúla agus níos éasca. Ina theannta sin, áireofar leis sin foirmeacha caighdeánacha le haghaidh iarrataí ar ghabháil ar láimh agus fógraí faoi ghabháil ar ais, le haghaidh aistrithe, chomh maith leis an nós imeachta athlonnaithe agus malartú faisnéise. Dréachtaíodh na rialacha nua cur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. A luaithe a ghlacfar iad, cuirfidh eu-LISA oiriúnuithe teicniúla chun feidhme chun na nósanna imeachta sin a thabhairt isteach i gcóras gach Ballstáit.
Le linn idirphlé leis na Ballstáit maidir leis an measúnú ar a riachtanais i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe, thug an Coimisiún aird ar leith ar an ngá atá le feabhas a chur ar an gcóras freagrachta agus ar fheidhmiú aonaid náisiúnta Bhaile Átha Cliath. Sna moltaí ón gCoimisiún do na Ballstáit, díríodh ar chóras freagrachta dea-fheidhmiúil a bheith ann agus ar chur chun feidhme éifeachtach aistrithe i measc na mBallstát a áirithiú. Tá pleananna curtha i bhfeidhm ag formhór na mBallstát chun an fhoireann a mhéadú, chun athbhreithniú a dhéanamh ar shreafaí oibre agus/nó chun an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú chun cásanna a bhainistiú go héifeachtach.
I mí Aibreáin 2025, d’fhoilsigh EUAA dhá theimpléad le haghaidh foirmeacha maidir le teaghlach a lorg chun cinneadh freagrachta a éascú: ceann amháin d’iarratasóirí fásta, agus ceann eile do mhionaoisigh neamhthionlactha (
). Tá Treoir Phraiticiúil maidir le teaghlach a lorg ag gabháil leis an dá fhoirm, i mBallstáit an Aontais agus i dTíortha Comhlachaithe Schengen araon, agus i dtríú tíortha (
).
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Beidh ar na Ballstáit uile a áirithiú go gcuirfidh siad na rialacha nua i bhfeidhm, lena n‑áirítear maidir le hiarrataí ar ghabháil ar láimh, fógraí faoi ghabháil ar ais agus aistrithe. Cuirfidh méadú ar an líon foriomlán aistrithe a chuirfear chun feidhme le feidhmiú éifeachtach an chórais, rud a laghdóidh dreasachtaí le haghaidh gluaiseacht neamhúdaraithe agus a áiritheoidh go gcoinneofar an chothromaíocht idir freagracht agus dlúthpháirtíocht an Chomhshocraithe ar bun. Ós rud é go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun go bhfeidhmeoidh aistrithe chuig Ballstáit uile an Aontais agus uathu, agus i bhfianaise na rialacha is infheidhme, ba cheart aistrithe a dhéanamh chuig na Ballstáit uile cheana féin. Tá sé sin ríthábhachtach don aistriú éifeachtach chuig na rialacha freagrachta nua, agus d’fheidhmiú cuí an timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil.
Thairis sin, tá dlúthnasc idir cur chun feidhme na rialacha nua freagrachta agus cur chun feidhme éifeachtach Rialachán nua Eurodac. Sa bhreis ar an ullmhacht theicniúil, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag a n‑údaráis náisiúnta ar an bhfaisnéis uile atá ábhartha maidir le cinneadh an Bhallstáit atá freagrach agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar an gcóras chun na sonraí a thabhairt cothrom le dáta le faisnéis ábhartha, amhail an Ballstát atá freagrach a léiriú, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce agus le Rialachán Eurodac araon.
A luaithe a ghlacfar na rialacha nua cur chun feidhme, glacfaidh eu-LISA bearta teicniúla chun é a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla do na Ballstáit cumarsáid a dhéanamh trí DubliNet.
3.8 Bloc Tógála 7 – An dlúthpháirtíocht a chur ag obair
Leantar den obair ullmhúcháin chun tús a chur le hoibríochtú an timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil i mí Dheireadh Fómhair 2025, agus chun an sásra buan dlúthpháirtíochta agus Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais a bhunú faoi mhí an Mheithimh 2026. Le sásra dlúthpháirtíochta an Chomhshocraithe, is féidir leis na Ballstáit rogha a dhéanamh idir athshocruithe, ranníocaíochtaí airgeadais, agus tacaíocht chomhchineáil a mhéid a bhaineann lena ranníocaíochtaí.
Bhí an obair go dtí seo dírithe ar ‘Chomhshocrú’ an Ardáin Dlúthpháirtíochta, lena dtugtar le chéile na Ballstáit, an Coimisiún agus EUAA. Tionóladh cruinniú ‘Comhshocraithe’ an Ardáin Dlúthpháirtíochta i mí Aibreáin 2025 chun plé a dhéanamh ar phríomhghnéithe a bhaineann leis an sásra dlúthpháirtíochta a oibríochtú agus chun na hullmhúcháin a chur chun cinn chun Fóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais a bhunú. Chuir an Coimisiún dréacht‑téarmaí tagartha agus rialacha nós imeachta d’Fhóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais faoi bhráid na mBallstát agus d’fhógair sé ceapachán Chomhordaitheoir Dlúthpháirtíochta an Aontais (
). Bhí cruinniú de Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le RBTI dírithe ar phlé a dhéanamh ar an sásra dlúthpháirtíochta agus ar na módúlachtaí éagsúla chun bearta dlúthpháirtíochta éagsúla atá ar fáil a sholáthar (
). Forbraíodh sásra le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais, atá le leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme gaolmhar maidir le RBTI.
Chun an sásra dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme, tá gá le malartú tráthúil sonraí ardcháilíochta ó na Ballstáit. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit faoi chuimsiú Líonra an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime chun na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le bailiú agus/nó tarchur sonraí chun críche an timthrialla dlúthpháirtíochta bhliantúil a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ó mhí Aibreáin go mí na Samhna 2024, rinne an Coimisiún tástáil chun sonraí a bhailiú agus chun comhdhlúthú agus comhroinnt anailíse a áirithiú le haghaidh na Tuarascála Bliantúla Eorpaí ar Thearmann agus Imirce. Ar an mbonn sin, ceapadh próiseas éifeachtúil comhroinnte faisnéise. Tá socruithe oibre ábhartha tugtha i gcrích ag an gCoimisiún freisin le EUAA agus le Frontex, agus tá ceann amháin le Europol á ullmhú. Tá bonn coiteann fianaise agus comhroinnt sonraí ríthábhachtach chun an Comhshocrú a chur chun feidhme go rathúil.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Tá an obair ullmhúcháin don chéad Tuarascáil Bhliantúil ar Thearmann agus Imirce fós ar siúl. Chuir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais an fhaisnéis a iarradh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh. Mar thoradh ar dhlúthchomhar le gníomhaireachtaí an Aontais, rinneadh próisis bailithe sonraí agus faisnéise a shimpliú agus a chuíchóiriú go mór. Déanfaidh an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais an chéad dréacht‑Tuarascáil a mhalartú i gcruinniú tiomnaithe de Líonra an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime i mí Iúil, d’fhonn í a ghlacadh faoin 15 Deireadh Fómhair. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go leanfaidh na Ballstáit de na sonraí agus den fhaisnéis is gá a thuairisciú ar bhealach tráthúil, cruinn agus iomlán, lena gcumhdaítear filleadh agus glacadh freisin.
Beidh an anailís sa Tuarascáil Bhliantúil mar bhonn agus mar thaca ag cinneadh cur chun feidhme an Choimisiúin lena sainaithnítear na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol brú imirce nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid mhór imirce. Leis an anailís sin, ullmhófar freisin an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear an Comhthiomsú Dlúthpháirtíochta Bliantúil is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid na himirce. Tá an dá thogra le cur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair 2025 ar a dhéanaí.
San ainmniú a dhéanfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit atá faoi bhrú imirce, atá i mbaol an bhrú sin nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar staid mhór imirce, áireofar an measúnú ar cé acu atá na córais náisiúnta ullmhaithe go maith nó nach bhfuil. Beidh tionchar díreach ag measúnú den sórt sin ar an bhféidearthacht go mbeidh na Ballstáit sin in ann rochtain a fháil ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta agus/nó asbhaint iomlán nó pháirteach a ngealltanais dlúthpháirtíochta a iarraidh.
Breithneofar sa mheasúnú ón gCoimisiún freisin an bhféadfadh easnaimh shistéamacha a bheith ann maidir le cur chun feidhme na rialacha freagrachta (Baile Átha Cliath) sna Ballstáit a thairbhíonn de bhearta dlúthpháirtíochta, go háirithe easnaimh a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha a bheith mar thoradh orthu d’fheidhmiú chóras Bhaile Átha Cliath. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún cás den sórt sin, ní cheanglaítear ar na Ballstáit is rannchuiditheoirí a ngealltanais dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme ná fritháirimh freagrachta a chur i bhfeidhm.
Tionólfar an chéad chruinniú d’Fhóram Leibhéil Theicniúil Dlúthpháirtíochta an Aontais go luath in 2026. Tá bailchríoch á cur ar na téarmaí tagartha agus ar na rialacha nós imeachta i gcónaí. Tá treoir phraiticiúil á forbairt ag EUAA maidir le cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta i ndáil le hathshocruithe agus fritháirimh freagrachta.
3.9 Bloc Tógála 8 - Ullmhacht agus pleanáil theagmhasach
Is cuid lárnach den Chomhshocrú í an phleanáil theagmhasach, lena ráthaítear gur féidir leis na córais tearmainn agus ghlactha leanúint de bheith ag feidhmiú i gceart agus oiriúnú go tapa d’athruithe tobanna ar staid na himirce.
Chun tacú leis na Ballstáit agus a bpleananna teagmhasacha á n‑ullmhú acu, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir le Dálaí Glactha, i mí na Samhna 2024 d’fhorbair EUAA an teimpléad nach mór do na Ballstáit a úsáid. D’eisigh sé lámhleabhar samplaí agus dea-chleachtas freisin agus d’eagraigh sé sraith seimineár gréasáin oiliúna. I mí an Mhárta 2025, d’eagraigh Gréasán Imirce na hEorpa (EMN) ceardlann fothaithe acmhainneachta maidir le samhaltú cásanna agus pleanáil theagmhasach do na Ballstáit. Ar bhonn níos leithne, chun dlús a chur leis na malartuithe teicniúla maidir le gnéithe éagsúla den phleanáil theagmhasach i ndáil leis an imirce, rinne an Coimisiún foghrúpa tiomnaithe maidir le pleanáil theagmhasach a athghníomhachtú faoi chuimsiú Líonra an Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime.
Ba é an 12 Aibreán 2025 an sprioc-am dlíthiúil chun na pleananna teagmhasacha náisiúnta a chur faoi bhráid EUAA. Go dtí seo, ghlac 22 Bhallstát a bpleananna teagmhasacha agus thug siad fógra ina leith (
).
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil sé déanta acu go fóill fógra faoina bpleananna teagmhasacha a thabhairt do EUAA mar ábhar práinne.
Áirítear i bhformhór na bpleananna ar tugadh fógra ina leith do EUAA príomheilimintí an teimpléid, cé go bhfuil leibhéil éagsúla iomláine ag baint leo. Iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go leagfar amach bearta coincréiteacha maidir le gach gné den teimpléad (e.g. tearmann, glacadh agus mionaoisigh neamhthionlactha), agus cásanna agus táscairí dea-shainithe mar bhonn taca leo, chomh maith le bearta ullmhachta.
Ní mór do na Ballstáit uile na pleananna a choinneáil oiriúnach don fheidhm, iad a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú agus iad a thástáil nuair is féidir. Tá sé tábhachtach freisin comhleanúnachas a áirithiú le pleananna teagmhasacha eile atá ábhartha don imirce (e.g. maidir le teorainneacha nó filleadh). Thairis sin, ba cheart bearta praiticiúla ullmhachta (e.g. lóistíocht agus ullmhú soláthair, stoc-charnadh, oiliúint nó acmhainneacht ghlactha mhaolánach) a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir acmhainneachtaí a shlógadh ar bhealach solúbtha éifeachtúil. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le leibhéal na hullmhachta san Aontas agus sna Ballstáit sa Tuarascáil Bhliantúil i mí Dheireadh Fómhair, bunaithe ar ionchur ó ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe Frontex agus EUAA. Ó 2026 ar aghaidh, déanfar measúnú ar phleanáil theagmhasach maidir le glacadh agus tearmann mar chuid de chlár faireacháin ilbhliantúil EUAA.
3.10 Bloc Tógála 9 - Coimircí nua d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus do dhaoine leochaileacha, agus faireachán méadaithe ar chearta bunúsacha
Leis an gComhshocrú, baintear cothromaíocht thábhachtach amach, ní hamháin idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht, ach idir oibleagáidí agus cearta na ndaoine atá ag lorg cosanta san Aontas freisin. Tugtar isteach leis gnéithe nua a bhaineann le faireachán neamhspleách ar chearta bunúsacha le linn an scagtha agus na nósanna imeachta teorann um thearmann, coimircí nós imeachta treisithe agus bearta cosanta, amhail comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce agus soláthar faisnéise, agus áirítear ann forálacha soiléire treisithe do dhaoine a bhfuil leochaileachtaí nó riachtanais ghlactha speisialta acu, go háirithe leanaí, lena n‑áirítear mionaoisigh neamhthionlactha. Cé go bhfuil roinnt bearnaí fós ann, léiríonn Pleananna Cur Chun Feidhme Náisiúnta na mBallstát go ginearálta an chothromaíocht fhoriomlán idir cearta agus oibleagáidí agus tugann siad isteach na gnéithe nua sin. Tá sé tábhachtach go leanfaidh sé sin de bheith amhlaidh le linn an phróisis cur chun feidhme iomláin, sa reachtaíocht agus le linn oibríochtú agus leithdháileadh acmhainní.
Chun tacú le cur chun feidhme na mBallstát, soláthraíodh soiléiriú agus treoir maidir leis na forálacha dlíthiúla ábhartha i gcruinnithe an choiste saineolaithe. I mí Mheán Fómhair 2024, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú tiomnaithe leis na Ballstáit inar díríodh go sonrach ar chur chun feidhme na bhforálacha agus na gcoimircí sonracha a bhaineann le leanaí, lena n‑áirítear mionaoisigh neamhthionlactha, ar fud na n‑ionstraimí reachtacha nua uile.
Mar a cheanglaítear leis an Rialachán maidir le Scagadh (
), d’eisigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha treoirlínte maidir leis an Sásra Neamhspleách um Chearta Bunúsacha do na Ballstáit i mí Mheán Fómhair 2024 (
). Dírítear sna treoirlínte sin ar ghnéithe éagsúla an tsásra chun cuidiú le sáruithe ar chearta a chosc, íospartaigh a chosaint agus tacú le himscrúduithe ar líomhaintí maidir le héagóir arna ndéanamh ag údaráis phoiblí.
Tá an t‑ábhar ábhartha um sholáthar faisnéise á dhréachtú ag EUAA, agus tabharfar an Treoir Phraiticiúil maidir le Soláthar Faisnéise sa Nós Imeachta Tearmainn chun críche in 2026. I ndáil le leochaileacht, d’eisigh EUAA treoracha praiticiúla ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar mheabhairshláinte iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, iarratasóirí a bhfuil gnéaschlaonadh éagsúil, féiniúlachtaí inscne, léirithe inscne agus saintréithe gnéis acu (
). Fós féin i mbliana, tá coinne leis go bhfoilseoidh EUAA nuashonrú ar Threoir Phraiticiúil 2019 maidir le Leas an Linbh i Nósanna Imeachta Tearmainn, ar an uirlis um Measúnú ar Leas an Linbh agus ar phacáiste faisnéise atá oiriúnach do leanaí faoi na nósanna imeachta tearmainn agus na coimircí sonracha atá ar fáil do leanaí. Tá EUAA ag obair freisin ar athbhreithniú a dhéanamh ar mhodúil oiliúna éagsúla a bhaineann le hiarratasóirí leochaileacha, amhail an modúl maidir le leanaí sa phróiseas tearmainn, an modúl maidir le híospartaigh an Fhoréigin Inscnebhunaithe agus an modúl maidir le glacadh le daoine leochaileacha. Tá an obair ar an athbhreithniú ar Threoir EUAA maidir le leochaileacht i gcúrsaí tearmainn agus glactha faoi lán seoil agus táthar ag súil go dtabharfar i gcrích í roimh lár 2026.Foilseoidh EUAA treoir 2018 maidir le measúnú aoise agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í i mbliana.
Déanann formhór na mBallstát foráil maidir le Sásra Faireacháin neamhspleách um Chearta Bunúsacha a bhunú ina bpleananna náisiúnta cur chun feidhme, agus tá cuid acu i dteagmháil cheana féin le comhlachtaí náisiúnta atá ann cheana agus le soláthraithe ionchasacha (
). Ar an gcaoi chéanna, tá comhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce ag formhór na mBallstát cheana féin le linn na céime riaracháin nó chuir siad san áireamh ina bpleananna í (
).
Tá oiriúnuithe ar an measúnú agus tacaíocht thiomnaithe do dhaoine a bhfuil leochaileachtaí nó riachtanais speisialta nós imeachta acu á n‑ullmhú ag na Ballstáit freisin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar na lámhleabhair chúraim um Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha nó comhpháirtíochtaí nua a bhunú go gníomhach le haghaidh cúraimí gaolmhara, mar a fhoráiltear in Éirinn, mar shampla, chomh maith le soláthar foirne méadaithe. Tá roinnt Ballstát ag súil freisin go gcruthófar spásanna glactha níos tiomnaithe do dhaoine leochaileacha, lena n‑áirítear teaghlaigh (
).
Tá bearta déanta ag roinnt Ballstát chun ullmhú do chur chun feidhme an phróisis nua ildisciplíneach measúnaithe aoise agus tá na hathchóirithe is gá ar a gcóras curtha i bhfeidhm acu chun caomhnóirí nó ionadaithe dlíthiúla a sholáthar do mhionaoisigh neamhthionlactha i gcomhréir leis na ceanglais nua. I roinnt Ballstát, ciallaíonn sé sin athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta chun ionadaithe a ainmniú do mhionaoisigh neamhthionlactha, agus tá nósanna imeachta agus treoir á bhforbairt nó á neartú ag Ballstáit eile anois chun measúnú a dhéanamh ar leas an linbh agus ar an obair leantach ghaolmhar.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Baineann dúshlán ginearálta ar fud an bhloic tógála seo leis an ngá atá le comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe agus eintitis éagsúla, bíodh sé le haghaidh cúnamh dlíthiúil, oideachais, leasa shóisialaigh nó sláinte, chun na socruithe oibríochtúla is gá a chur i bhfeidhm. Tharraing Ballstáit éagsúla aird freisin ar dhúshláin a bhaineann leis na hathchóirithe a bhaineann le mionaoisigh (
) agus leis na ceanglais a bhaineann le measúnú leochaileachta agus le tacaíocht ina dhiaidh sin. Tá Ballstáit eile fós ag tabhairt aghaidh ar easpa áiteanna glactha oiriúnacha do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, lena n‑áirítear leanaí agus/nó easpa áiteanna glactha i gcoitinne (
).
Sna míonna amach romhainn, ba cheart do na Ballstáit oibriú chun a áirithiú go ndéanfar na heintitis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha a shainiú agus a ainmniú, go ráthófar a neamhspleáchas, agus go mbunófar na socruithe comhair ábhartha (
). Ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a áirithiú freisin don sásra faireacháin ar chearta bunúsacha agus do chomhairleoireacht dhlíthiúil saor in aisce lena n‑áiritheofar, trí earcaíocht agus oiliúint, an acmhainneacht is gá agus go mbeidh sásra rialaithe cáilíochta i bhfeidhm má dhéantar na seirbhísí sin a sheachfhoinsiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh líon leordhóthanach ionadaithe dea-oilte ann do mhionaoisigh neamhthionlactha, i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn. In an‑chuid cásanna, d’fhéadfadh sé gur ghá teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis agus na haireachtaí náisiúnta ábhartha eile. Ní mór do na Ballstáit ina bhfuil gá fós le pleananna a bhunú nó a dheimhniú é sin a dhéanamh go práinneach chun tuilleadh moilleanna ar an oibríochtú a sheachaint (
).
3.11 Bloc Tógála 10 - Lánpháirtiú agus bealaí dlíthiúla chun cosanta
Tá beartais éifeachtacha maidir le lánpháirtiú agus cuimsiú tábhachtach le haghaidh beartas dea-bhainistithe imirce agus tearmainn, rud a chuideoidh le comhtháthú sóisialta a áirithiú. Ar an gcaoi sin, is féidir le himircigh tacú leo féin agus cur leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar chomh maith le hiomaíochas an Aontais.
Thug roinnt Ballstát aghaidh ar an ngá atá le níos mó infheistíochta a dhéanamh nó leanúint dá n‑iarrachtaí chun tacú le lánpháirtiú tairbhithe cosanta idirnáisiúnta ina bPleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Áirítear leis sin bearta luath‑lánpháirtithe a fhorbairt agus próiseas níos éifeachtúla chun cáilíochtaí a aithint agus scileanna a bhailíochtú. Is fadhb dhúshlánach fós í rochtain éifeachtach ar thithíocht (
).
Tacaíonn an tAontas leis na Ballstáit maidir lena n‑iarrachtaí lánpháirtithe trí chistiú, trí threoir a fhorbairt agus trí chomhpháirtíochtaí il-leibhéil a chothú ina mbeidh imircigh, pobail óstacha, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach páirteach (
).
I mí na Samhna 2020, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 (
), mar cheann de na chéad ghníomhaíochtaí agus an Comhshocrú á chur chun cinn aige. I dteannta na Teachtaireachta seo, tá doiciméad inmheánach oibre á chur i láthair ag an gCoimisiún lena ndéantar athbhreithniú ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta sa mheántéarma agus lena sainaithnítear dea-chleachtais, na dúshláin atá fós ann agus na réimsí ina bhfuil tuilleadh oibre fós le déanamh. Soláthraítear san athbhreithniú freisin léargais agus uirlisí maidir le lánpháirtiú daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu d’fhonn cabhrú leis na Ballstáit an Rialachán Cáilitheachta (
) agus an Treoir maidir le Dálaí Glactha a oibríochtú agus a chur chun feidhme, lena n‑áirítear bearta chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a lánpháirtiú go luath.
Maidir le bealaí dlíthiúla i dtreo na cosanta, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an obair ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (
). I gcomhréir le cineál deonach na hionstraime, rinne na Ballstáit measúnú ar a riachtanais na cláir agus na sreafaí oibre atá ann cheana a leasú chun ailíniú leis na gnéithe nua a thugtar isteach leis an Rialachán. Thionóil an Coimisiún trí chruinniú den Ghrúpa Saineolaithe um Athlonnú chun forálacha sonracha an Rialacháin agus a gcur chun feidhme a mhalartú. Phléigh cruinnithe Líonra EUAA um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil freisin an tacaíocht oibríochtúil a d’fhéadfadh na Ballstáit a éileamh agus a gcláir á gcur i gcrích acu faoi na rialacha nua. Chun an chéad Phlean Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil a ullmhú, thionóil an Coimisiún dhá chruinniú den Choiste Ardleibhéil um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil, inar mhalartaigh na rannpháirtithe tosaíochtaí.
Na príomhdhúshláin agus na chéad chéimeanna eile
Léirítear san athbhreithniú meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú go bhfuil feabhas foriomlán tagtha ar thorthaí lánpháirtithe imirceach ó bhí 2021 ann. An tráth céanna, tá dúshláin fós ann i ngach ceann de na ceithre phríomhréimse idirghabhála: oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht (
). Tá gá i gcónaí le hidirghabhálacha spriocdhírithe a choinneáil ar bun i dtreo tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, go háirithe do mhná, do leanaí agus do dhaoine a bhfuil riachtanais shonracha acu. Leagtar béim san athbhreithniú meántéarma freisin ar a thábhachtaí atá cur chuige níos comhtháite agus comhordú níos dlúithe idir leibhéil éagsúla rialachais na mBallstát, go háirithe maidir le pleanáil airgeadais agus tacaíocht airgeadais. Ar deireadh, aithnítear san athbhreithniú meántéarma freisin na dúshláin atá roimh na Ballstáit chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir lánpháirtiú na n‑imirceach agus leas a bpobal féin. As seo amach, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ón athbhreithniú meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta.
Ar bhonn níos ginearálta, i margaí tithíochta atá faoi strus cheana féin, bíonn iarmhairtí ag easpa rochtana ar thithíocht do thairbhithe ar acmhainneacht ghlactha toisc go mbíonn sé níos deacra áiteanna glactha a shaoradh dá bharr. Ina theannta sin, is sprioc do roinnt Ballstát freisin é simpliú agus laghdú a dhéanamh ar mhoilleanna ar cheadanna cónaithe agus doiciméadacht riachtanach eile a sholáthar do thairbhithe.
Cuireann an t‑athlonnú agus an ligean isteach ar fhoras daonnúil go mór le cur chuige inbhuanaithe cuimsitheach i leith bhainistiú na himirce. Tar éis na léirithe ag an gCoiste Ardleibhéil agus na réamh‑rannchuidithe atá leagtha amach ag na Ballstáit, tíolacfaidh an Coimisiún a thogra le haghaidh Phlean an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil faoin bhfómhar. Is é is aidhm do Phlean an Aontais feidhmiú mar uirlis straitéiseach chun iarrachtaí an Aontais maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil a leabú a thuilleadh laistigh de chomhpháirtíochtaí agus idirphlé cuimsitheach le tríú tíortha tábhachtacha. Tar éis an togra ón gCoimisiún, cuirfidh an Chomhairle agus na Ballstáit bailchríoch ar Phlean an Aontais agus oibreoidh siad i dtreo a ghlactha ag an gComhairle roimh dheireadh 2025, chun go gcuirfear chun feidhme go tráthúil é in 2026 - 2027.
4.CONCLÚID AGUS NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE
Leath bealaigh tríd an idirthréimhse, tá dul chun cinn tábhachtach déanta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Mar sin féin, ní mór luas seasta a choinneáil agus, i roinnt cásanna, dlús a chur leis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós ann ar fud na mbloc tógála uile.
Tríd an luas dearfach sin a choinneáil ar bun agus leanúint de bheith ag obair le chéile, áiritheofar próiseas cuíchóirithe comhordaithe, agus beifear in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla ar fud na sreafaí oibre éagsúla an tráth céanna. Chun súil a choinneáil ar an gcur chun feidhme, beidh gá le malartú leanúnach faisnéise, foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn agus dea-chleachtais a chomhroinnt. Chun é sin a éascú, cuirfidh an Coimisiún malartú faisnéise níos struchtúrtha agus níos trédhearcaí chun cinn agus soláthróidh sé tacaíocht spriocdhírithe do na Ballstáit a bhfuil dúshláin rompu. An tráth céanna, tabharfar aird ar phróisis a shimpliú agus ar ualaí riaracháin a mhaolú i gcás inar féidir, chun a áirithiú go leanfaidh na hiarrachtaí de bheith dírithe, éifeachtúil agus dírithe ar thorthaí. Leanfaidh an Coimisiún freisin dá rannpháirtíocht leis na Ballstáit ar bhonn déthaobhach chun tacaíocht shaincheaptha a sholáthar do chur chun feidhme an Chomhshocraithe.
Leis an gcéad timthriall bliantúil dlúthpháirtíochta a thosóidh i mí Dheireadh Fómhair 2025, tá sé níos tábhachtaí fós aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana, a áirithiú nach mbeidh aon easnaimh mhóra i gcur i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear i gcóras Bhaile Átha Cliath agus maidir le glacadh, agus go ndéanfar dul chun cinn leanúnach i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe. Tá dea-ullmhúchán mar bhonn agus mar thaca ag na hoibleagáidí faoin gComhshocrú, agus is bonnlíne é sin freisin chun na Ballstáit a mheas faoi bhrú imirce, chun aghaidh a thabhairt ar staid mhór imirce nó chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim, agus chun rochtain a fháil ar an gComhthiomsú Dlúthpháirtíochta.
Is sprioc thábhachtach insoláthartha a bheidh ann an Straitéis Eorpach 5 bliana um Bainistiú Tearmainn agus Imirce a ghlacadh faoi mhí na Nollag 2025. Cuirfidh an Straitéis seo leis na straitéisí náisiúnta is gá do na Ballstáit a ghlacadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 12 Meitheamh 2025, lena gcumhdaítear gnéithe inmheánacha agus seachtracha na himirce araon i gcur chuige cuimsitheach comhtháite.
Chun cur chun feidhme inbhuanaithe an Chomhshocraithe a chomhlánú agus chun tacú leis, leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre ar ghné sheachtrach an bheartais imirce, go háirithe maidir le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tríú tíortha, de mheon Fhoireann na hEorpa agus de réir chur chuige an bhealaigh iomláin. Díreofar, i measc nithe eile, ar a líon imirceach neamhrialta a thagann isteach san Aontas a laghdú, ar smuigleáil daoine a chomhrac agus ar éifeachtúlacht ár n‑iarrachtaí um fhilleadh a mhéadú.
Beidh rath an chórais ag brath ar thiomantas agus ar ullmhacht na mBallstát uile ar fud na mbloc tógála uile, ós rud é go bhféadfadh impleachtaí níos leithne a bheith ag gníomhaíochtaí i réimse amháin do chách. Leanfaidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí agus beidh siad ag brath ar a rannpháirtíocht chuiditheach agus leanúnach. An tráth céanna, ag meabhrú dó nach bhfuil aon chreat dlíthiúil ach chomh héifeachtach lena chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar an dul chun cinn agus tá sé réidh chun na nósanna imeachta iomchuí a úsáid i gcomhréir leis na Conarthaí chun comhlíonadh a áirithiú. Cuireann sé sin i dtábhacht go láidir an fhreagracht pholaitiúil chomhroinnte atá ar gach Ballstát gealltanas iomlán a thabhairt maidir le cuspóirí an Chomhshocraithe.
Cuirfidh an Coimisiún an chéad staid eile maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil maidir le hImirce agus Tearmann i mí Dheireadh Fómhair.