Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0261

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

COM/2025/261 final

An Bhruiséil,28.5.2025

COM(2025) 261 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008


1.Réamhrá

Le Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1  , bunaítear creat coiteann dlíthiúil le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas. Go háirithe, soláthraítear leis rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha agus maidir lena rialú agus lena maoirseacht..

Leis an Rialachán sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar nó lena leasaítear cuid de na rialacha sin agus — i gcás roinnt díobh — forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún tuairisciú do na comhreachtóirí maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe atá ann.

I gcomhréir le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/787, tugadh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 7 mbliana, dar tús an 24 Bealtaine 2019, faoi:

a)Airteagal 8(1): leasuithe a thabhairt isteach ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 2, agus in Airteagail 4 agus 5. Ní mór na gníomhartha tarmligthe sin a bheith teoranta go docht sa dóigh nach bhfreastalóidh siad ach ar riachtanais a léireofar agus a thiocfaidh as éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, as an dul chun cinn teicneolaíoch nó as an ngá atá le nuálaíocht táirgí. Ní mór don Choimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh a ghlacadh i ndáil le gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas teicniúil;

b)Airteagal 8(2): a leagan síos, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gceanglaítear déanamh amhlaidh le dlí an tríú tír allmhairithe, maoluithe ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (f) d’Airteagal 2, agus in Airteagal 4 agus Airteagal 5, na ceanglais faoi na catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na rialacha sonracha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

c)Airteagal 8(3): trína shonrú cé na substaintí nádúrtha nó na hamhábhair talmhaíochta eile atá údaraithe ar fud an Aontais mar tháirgí milsiúcháin i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, ar substaintí nó amhábhair iad a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 4(9);

d)Airteagal 19(1): chun próiseas traidisiúnta dinimiciúil an aosaithe le haghaidh branda a chur san áireamh sna Ballstáit ar a dtugtar córas ‘criaderas y solera’ nó córas ‘solera e criaderas’ mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, chun:

·maoluithe a leagan síos ar Airteagal 13(6) maidir le tréimhse aibithe nó aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú branda den sórt sin; agus

·sásraí rialaithe iomchuí a bhunú i leith branda den sórt sin.

e)    Airteagal 19(2): clár poiblí a bhunú ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(6).

Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean sin na gcumhachtaí tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana. Ní mór tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Déantar cur síos sa tuarascáil seo ar ghníomhaíocht an Choimisiúin sa tréimhse dar tús an 24 Bealtaine 2019.

2.An tarmligean a fheidhmiú

Le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, níor úsáid an Coimisiún na cumhachtaí tarmligthe a thugtar dó faoi Airteagail 8(2), 8(3) agus 19(1) de Rialachán (AE) 2019/787. Mar sin féin, d’úsáid an Coimisiún tarmligean na gcumhachtaí sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagail 8(1) agus 19(2) trí dhá Rialachán Tarmligthe a ghlacadh:

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1303 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais ina leith 2 , agus

-Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/723 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha 3 .

Tugadh fógra faoin dá ghníomh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun go mbeadh na comhreachtóirí in ann agóidí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fháil. Níor eisigh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid i gcoinne ceachtar den dá Rialachán Tarmligthe, agus foilsíodh iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis dhul in éag na tréimhse grinnscrúdúcháin faoi seach.

3.Cúrsaí mar atá faoi láthair

Leis an dá Rialachán Tarmligthe thuasluaite, baineadh amach go sásúil an cuspóir maidir le Rialachán (AE) 2019/787 a fhorlíonadh agus a leasú le rialacha is gá chun go bhfeidhmeoidh sé go cuí agus go héifeachtúil.

Cé nach raibh aon deacracht ann maidir le cur i bhfeidhm ná léirmhíniú an dá Rialachán Tarmligthe thuasluaite le linn na 3 bliana agus na 4 bliana faoi seach dá gcur i bhfeidhm, tagann forbairt leanúnach ar an gcomhthéacs dlíthiúil, eacnamaíoch agus fíorasach a bhaineann leis na rialacha sin (go háirithe na cinn níos teicniúla a bhaineann leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus leis na ceanglais ina leith).

Thairis sin, cé nár úsáideadh na cumhachtuithe eile dá dtagraítear in Airteagail 8(2), 8(3) agus 19(1) den ghníomh reachtach toisc nár tháinig aon ghá ná údar cuí chun cinn nó toisc gur léiríodh leis an gcomhairliúchán leis an ngrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin le haghaidh deochanna biotáilleacha i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán maidir le Deochanna Biotáilleacha  nárbh fhéidir dréacht‑togra a thíolacadh mar gheall ar éagsúlachtaí seasamh/anailíse, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh gá den sórt sin a bheith ann amach anseo.

Ar na cúiseanna sin, moltar síneadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí go ceann tréimhse 7 mbliana eile chun go mbeidh an Coimisiún in ann freagairt go pras do shaincheisteanna sonracha a d’fhéadfadh teacht chun cinn ina leith sin.

4.CONCLÚID

Sa tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, d’fheidhmigh an Coimisiún na cumhachtaí tarmligthe a thugtar dó le hAirteagail 8(1) agus 19(2) de Rialachán (AE) 2019/787. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

(1)

   Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1)  https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2019/787/oj .

(2)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1303 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais ina leith (IO L 197, 26.7.2022, lch. 71) http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1303/oj .

(3)

   Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/723 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha (IO L 155, 5.5.2021, lch. 1) http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/723/oj .

Top