Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0089

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM: scileanna don iomaíochas agus don nuálaíocht

COM/2025/89 final

An Bhruiséil,5.3.2025

COM(2025) 89 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM: scileanna don iomaíochas agus don nuálaíocht


1.Réamhrá

Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Aontais, ní mór dó leas straitéiseach a bhaint as an tsócmhainn is tábhachtaí atá aige: an caipiteal daonna atá ann. Sainaithnítear go soiléir sa Chompás Iomaíochais bearnaí an Aontais sa chumas táirgiúlachta agus nuálaíochta agus cuirtear bealach soiléir ar fáil chun go mbeidh an tAontas ‘ina áit a ndéanfar teicneolaíochtaí, seirbhísí agus táirgí glana an lae amárach a cheapadh, a mhonarú agus a mhargú’ 1 . Iarrann sé go ndíreofaí níos mó ar phríomhearnálacha teicneolaíochta chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn. Ní mór aird phráinneach a thabhairt ar na hearnálacha sin agus braitheann siad ar oibrithe oilte, lena náirítear in ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) 2 , ina bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh i bhfianaise suaitheadh teicneolaíochta agus riachtanais athraitheacha scileanna, agus tá laghdú ag teacht ar an líon oibrithe mar gheall ar an laghdú atá ag teacht ar an daonra in aois oibre.

Cé go bhfuil bearta déanta cheana féin ag córais oideachais agus oiliúna chun feasacht a mhúscailt agus chun tacú le gníomhaíochtaí chun scileanna ETIM a fheabhsú, lena n‑áirítear trí chomhar i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais, tá sé ríthábhachtach béim níos láidre a leagan ar oideachas agus ar oiliúint ETIM chun iomaíochas, ullmhacht agus ceannaireacht theicneolaíoch a chothú.

Léiríonn na torthaí PISA is déanaí (an Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí) go bhfuil laghdú nach beag tagtha ar roinnt scileanna ETIM agus ar an sciar d’ardghnóthachtálaithe ar fud an Aontais. In 2022, níor bhain thart ar 30 % de dhaltaí buninniúlacht sa mhatamaitic amach, méadú ó thart ar 23 % in 2018, agus bhí 24 % de dhaltaí faoi bhun na buntairsí inniúlachta san eolaíocht, meath ó 22 % in 2018.

ganntanas céimithe ETIM cáilithe áirithe ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint agus ón oideachas treasach, go háirithe i ngairmeacha ceardaíochta, sna tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, sa teicneolaíocht ghlan, agus i réimsí amhail teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) ina meastar go dtiocfaidh méadú mór ar an éileamh 3 . Tá an líon daoine atá cláraithe i réimsí ETIM treasacha ag méadú, cé nach bhfuil sé tapa go leor chun coinneáil suas le riachtanais an mhargaidh fostaíochta do roinnt réimsí ETIM.

Go criticiúil, tá bearna leanúnach idir na hinscní roimh an Aontas i measc a chuid mac léinn agus gairmithe ETIM, agus tá sé ag éirí níos deacra tallann ETIM a mhealladh agus a choinneáil ar fud an domhain. I dteannta a chéile, lagaíonn na treochtaí sin cumas an Aontais dul san iomaíocht sa rás domhanda don teicneolaíocht agus a neamhspleáchas straitéiseach a choinneáil i bpríomhearnálacha tionsclaíochta.

Chun gníomhú chun borradh a chur faoi scileanna ETIM, tá gá le huaillmhian nua agus gníomhaíocht nua ón Aontas agus ó na Ballstáit. Tugtar moltaí soiléire i dtuarascálacha Draghi agus Letta maidir leis an áit ar cheart tosaíochtaí an Aontais a bheith ann. Tá leathnú raon na scileanna atá ar fáil ar cheann acu: chomh maith le bunscileanna uimhearthachta agus litearthachta, sainaithnítear i dtuarascáil Draghi go bhfuil scileanna digiteacha, scileanna glasa agus scileanna ETIM ríthábhachtach chun máistreacht a fháil ar úsáid teicneolaíochtaí nua agus chun a bhforbairt a chur chun cinn 4 . Tosaíocht eile is ea ailíniú níos fearr idir an toideachas agus an oiliúint agus riachtanais an mhargaidh saothair, go háirithe i ndisciplíní ETIM 5 . 

Chomh maith le bheith ríthábhachtach don iomaíochas, is féidir le hoideachas ETIM a bheith ina spreagadh cumhachtach don chomhionannas agus don tsoghluaisteacht shóisialta aníos. Tugann sé scileanna teicniúla criticiúla agus scileanna réitigh fadhbanna do dhaoine aonair, cuidíonn sé le hathléimneacht a fhorbairt in aghaidh athruithe sa mhargadh saothair agus cuireann sé deiseanna ar fáil d’infhostaitheacht níos fearr agus do phoist ardcháilíochta do shaoránaigh gach glúine 6 . Éascaíonn sé an litearthacht dhigiteach agus airgeadais freisin trí na scileanna is gá a thabhairt do dhaltaí chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a noibríonn na córais dhigiteacha agus airgeadais.

Chun cumas nuálaíochta an Aontais a áirithiú, tá gá le píblíne níos láidre ó thallann ETIM go gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis. Ní mór don Aontas tallann ETIM is fearr a fhorbairt freisin trí fhiontraithe a chothú agus cuidiú leo gnólachtaí brabúsacha a dhéanamh dá smaointe. Tá sé ríthábhachtach nuálaithe a spreagadh chun a maoin intleachtúil a bhainistiú agus crostoirchiú táirgí agus seirbhísí san intleacht shaorga, leathsheoltóirí, an chibearshlándáil, eolaíochtaí beatha, blocshlabhra, teicneolaíocht ghlan, bith-theicneolaíocht nó ardmhonarú a chur chun cinn. Is féidir le hoideachas agus oiliúint thrasdisciplíneach, mar aon le naisc níos láidre idir institiúidí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí taighde agus an tionscal dlús a chur leis an aistriú ó smaointe cruthaitheacha go táirgí agus seirbhísí margaidh.

Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach seo um Oideachas ETIM bearta an Aontais chun oideachas agus oiliúint ETIM a chur chun cinn chun tallann a mhéadú ar fud an Aontais. Is príomhthionscnamh de chuid Aontas na Scileanna é agus comhlánaíonn sé an plean gníomhaíochta um bunscileanna, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar bhunscileanna sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas agus oiliúint aosach. Is é is aidhm dó gníomhaíocht a spreagadh agus a threorú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Dá bhrí sin, rannchuideoidh sé freisin le cuspóirí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach agus lena sprioc maidir le bunscileanna digiteacha agus speisialtóirí TFC atá fostaithe san Aontas 7 .

Iarrann sí go gcuirfí feabhas ar fhaisnéis scileanna, tríd an bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna atá á forbairt a ghiaráil, chun na riachtanais scileanna a bheidh ann amach anseo in earnálacha criticiúla nó straitéiseacha a réamh-mheas, agus chun a áirithiú go ndéanfar oideachas agus oiliúint ETIM a ailíniú ar bhealach níos fearr le héileamh an mhargaidh saothair. Cuideoidh sí le barr feabhais in oideachas ETIM a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí a chothú idir gnólachtaí agus an t‑oideachas agus trí chineálacha cur chuige a bhaineann go sonrach leis an tionscal agus leis an earnáil a threisiú.

Braitheann rath an phlean straitéisigh sin ar rannpháirtíocht chomhchoiteann institiúidí an Aontais, na mBallstát, na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil, na hearnála príobháidí, na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n‑institiúidí oideachais agus oiliúna, agus ar a dtiomantas straitéisí oideachais náisiúnta ETIM a leathnú agus a ailíniú bunaithe ar chuspóirí straitéiseacha comhroinnte an Aontais.

2.Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus leas a bhaint as deiseanna i bhforbairt scileanna ETIM

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i bpríomhearnálacha tionsclaíochta amhail na réimsí aeraspáis agus mótarfheithiclí. De réir mar a thagann méadú ar bhrúnna iomaíocha agus ar rioscaí domhanda, áfach, ní mór don Aontas freagairt ar bhealach straitéiseach diongbháilte. Tá sé ríthábhachtach borradh a chur faoin oideachas ETIM chun scileanna criticiúla a sholáthar do gach mórearnáil teicneolaíochta agus tionsclaíochta. Ní mór don Aontas gníomhú ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, trína áirithiú gur oideachas ardcháilíochta ETIM atá ann agus go bhfuil sé ar fáil go forleathan; agus ar an dara dul síos, trí na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a thabhairt do dhaltaí agus d’fhoghlaimeoirí chun tabhairt faoi na réimsí sin agus barr feabhais a bhaint amach iontu. Gan an t‑ullmhúchán ceart, d’fhéadfadh sé go mbraithfeadh daltaí go bhfuil disciplíní ETIM ródhúshlánach agus go ndéanfaí iad a dhíspreagadh ó pháirt a ghlacadh iontu.

In oideachas ETIM scoile, ní mór do na Ballstáit an leibhéal cáilíochta a ardú, ós rud é go bhfuil sé chun deiridh ar bhunscileanna ETIM, mar a thomhaistear i dtuarascálacha PISA. Taispeánann torthaí le déanaí go bhfuil tíortha na hÁise i gceannas ar bharr an rangaithe. Os a choinne sin, tá méadú tagtha ar leibhéal na ndaltaí nach néiríonn go maith leo sa mhatamaitic agus san eolaíocht san Aontas agus tá laghdú tagtha ar leibhéal na ndaltaí is fearr sa mhatamaitic 8 . San Aontas, níl bunscileanna digiteacha ag 43 % de dhaltaí meánscoile san ochtú grád 9 , agus is é 27 % an figiúr inchomparáide don Chóiré Theas 10 . Rannchuidiú leis an bhfeidhmíocht íseal sin is ea go bhfuil ganntanais mhóra múinteoirí ETIM cáilithe i bhformhór thíortha an Aontais 11 ; tá rannpháirtíocht na dtuismitheoirí íseal; agus tá dúshláin fós roimh réigiúin lagfhorbartha, limistéir trasteorann, thuaithe agus iargúlta, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí, maidir le soláthar an oideachais.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin in oideachas ETIM scoile, is gá feabhas a chur ar churaclaim, iad a dhéanamh níos rannpháirtí chun spéis a mhúscailt in ábhair ETIM, agus modhanna nuálacha teagaisc a chur chun cinn. Áirítear leis sin foghlaim thionscadalbhunaithe, lena spreagtar mic léinn eolas teoiriciúil a chur i bhfeidhm ar fhíorchásanna agus ar oideachas agus oiliúint thrasdisciplíneach, lena gcuirtear cruthaitheacht chun cinn agus lena méadaítear rannpháirtíocht na mac léinn. Ní leor an tacaíocht forbartha gairmiúla atá ann do mhúinteoirí, áfach, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachtáil íseal, agus fágann creataí measúnaithe doiléire maidir le hinniúlachtaí ETIM go bhfuil sé deacair dul chun cinn na mac léinn a rianú — ar tosca iad araon a dhéanann an scéal níos measa ar an iomlán. Bíonn tionchar ar leith ag easpa rochtana ar oideachas ardcháilíochta ETIM ar mhic léinn ó chúlra socheacnamaíoch nó imirce atá faoi mhíbhuntáiste.

Is céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna iad beagnach leath de chéimithe ETIM uile. Idir 2015 agus 2022, léirigh figiúirí comhcheangailte maidir le leibhéil oideachais meánscoile uachtaraí agus iar-mheánscoile neamhthreasaí méadú ar chéatadán na mac léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna atá cláraithe i réimsí ETIM ó 34 % go 36.2 %. Is iad céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna san innealtóireacht, sa mhonaraíocht agus sa tógáil na daoine is mó a bhfuil tóir orthu, agus léiríonn ráta fostaíochta 83.3 % a thábhachtaí atá an cineál oideachais sin, mar shampla, i gcomhthéacs chur chun feidhme na teicneolaíochta glaine a theastaíonn don aistriú glas agus chun críoch slándála agus ullmhachta. I measc na nganntanas forleathan eile tá ganntanais a bhaineann le gairmeacha tógála: Tá ganntanas táthairí ag 21 Bhallstát, tuairiscíonn 20 Ballstát ganntanas pluiméirí, agus tuairiscíonn 17 mBallstát ganntanas socraitheoirí miotail agus meaisín 12 .

Ag féachaint ar an gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna tosaigh, is iad seo a leanas na dúshláin shonracha a bhfuil tionchar acu ar ETIM: i) feidhmíocht: i bhformhór na dtíortha, tá meánfheidhmíocht daltaí gairmoideachais agus gairmoiliúna sa mhatamaitic ag 15 bliana d’aois i bhfad níos ísle ná meánfheidhmíocht daltaí sa mheánoideachas ginearálta [féach an plean gníomhaíochta um bunscileanna]. Léirítear é sin ansin i leibhéal scileanna daoine fásta mar a thomhaistear sa suirbhé ‘PIAAC’, ina dtugtar chun suntais go mbíonn duine fásta as gach ceathrar ag streachailt leis an uimhearthacht bhunúsach (matamaitic). Le deich mbliana anuas, tá méadú tagtha ar an mbearna idir na daoine fásta is ísle agus na daoine fásta is fearr ó thaobh feidhmíochta de. Mar sin féin, go háirithe le haghaidh na ngairmeacha ceardaíochta (monaraíocht, tógáil), tá bonn láidir in ábhair ETIM ríthábhachtach; ii) ganntanais múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar a tuairiscíodh i roinnt tíortha, mar aon le daonra múinteoirí níos sine, ar an meán, rud a chruthaíonn an dúshlán breise a bhaineann le hathsholáthar; iii) tarraingteacht: i roinnt tíortha, ní mheastar i gcónaí go bhfuil an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, lena n‑áirítear in ETIM, tarraingteach, go háirithe i gcás nach gcuireann sé ach líon beag deiseanna ar fáil chun rochtain a fháil ar ardoideachas, nó i gcás nach bhfuil nasc leordhóthanach aige le gnólachtaí nó le foghlaim obairbhunaithe.

Ar an tríú leibhéal, ní chomhlíonann an líon céimithe ETIM an téileamh i roinnt réimsí ETIM. D’ainneoin an mhéadaithe 14.4 % ar an líon céimithe treasacha ETIM (ISCED 5-8) idir 2015 agus 2022 13 , ní leor é sin chun coinneáil suas le riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i réimsí áirithe. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás TFC, atá, in éineacht le hearnáil na hinnealtóireachta, fíor-riachtanach don digitiú agus don leictriú. In 2022, bhí thart ar 9.8 milliún speisialtóir TFC san Aontas, agus 12 mhilliún a mheastar a bheidh ann faoi 2030, atá i bhfad faoi bhun na sprice don deacáid dhigiteach de 20 milliún.

D’fhéadfaí an líon mac léinn atá cláraithe i gcláir ETIM ar an tríú leibhéal a mhéadú a thuilleadh. Le hoideachas ETIM atá níos inrochtana, níos cuimsithí agus níos neamhchlaonta ó thaobh inscne de, d’fhéadfaí níos mó cailíní agus ban a mhealladh, chomh maith le buanna nua ó mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá dúshláin roimh an soláthar scileanna ETIM atá ann faoi láthair a bhaineann le faisnéis scileanna neamhleor, chomh maith le curaclaim ETIM atá as dáta agus nach n‑éiríonn leo dul in oiriúint do threochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn. Tá aithint agus glacadh micridhintiúr fós teoranta agus cuireann an easpa oiliúna praiticiúla sa nuálaíocht agus san fhiontraíocht leis an mbearna scileanna a thuilleadh.

Ar leibhéal na dochtúireachta, léiríonn na sonraí go bhfuil laghdú tagtha ar thallann taighde ETIM an Aontais le blianta beaga anuas 14 . Idir 2015 agus 2022, tháinig laghdú foriomlán (- 7 %) ar chéimithe dochtúireachta i réimsí ETIM, agus tháinig laghdú ar an líon céimithe sna heolaíochtaí nádúrtha, sa mhatamaitic agus i staitisticí (- 13.1 %) agus i gcás TFC (- 25.5 %); agus gan ach méadú san innealtóireacht, sa mhonaraíocht agus sa tógáil (+ 9.4 %) 15 . I gcomparáid leis sin, tá fás 16.3 % tagtha ar chéimithe dochtúireachta ETIM sna Stáit Aontaithe (2015-2022). 16 agus léiríonn na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir leis an tSín agus an India (2020) líon i bhfad níos airde i gcomparáid leis an gcuid eile den domhan 17 . Tá roinnt dúshlán ann a dhéanann difear do ghairmeacha taighde san Aontas, ar nós: dálaí oibre forbhásacha (lena náirítear an spleáchas láidir ar chonarthaí gearrthéarmacha bunaithe ar thionscadail), ordlathais acadúla dhochta, easpa post buan agus tuarastail réasúnta íseal (i.e. i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe nó leis an tSeapáin) agus tionscal iomaíoch.

Ina theannta sin, tá bearna leanúnach idir na hinscní i réimsí ETIM. In ainneoin go raibh 53.7 % de mhic léinn threasacha cláraithe in 2022, ní raibh ach 30.9 % de mhná i réimsí treasacha ETIM. Sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, tá an bhearna níos mó fós, agus níl sna mná ach 16.1 % díobh siúd atá cláraithe i réimsí meánleibhéil ETIM gairmoideachais agus gairmoiliúna. In 2023 san Aontas, b’eolaithe agus innealtóirí mná iad 41 % den fhostaíocht iomlán san eolaíocht agus san innealtóireacht 18 . Sna réimsí sin, ní hamháin go gcuireann an bhearna idir na hinscní teorainn le deiseanna aonair ach baintear den Aontas tallann ríthábhachtach agus de dhearcthaí éagsúla atá ag teastáil le haghaidh dul chun cinn teicneolaíoch. Tá nasc idir na bunchúiseanna agus ionchais agus steiréitíopaí leanúnacha sochaíocha a bhaineann le hinscne, a mbíonn tionchar acu ar mhianta agus roghanna gairme cailíní go luath, rud a dhéanann difear do dhearcadh, spreagadh agus feidhmíocht in ábhair ETIM.

Tá sé fíor-riachtanach spéis, feasacht agus díograis a mhúscailt in ábhair ETIM, go háirithe i measc cailíní óga, chun iad a mhealladh isteach i ngairmeacha ETIM níos déanaí, ach ní leor é. D’fhéadfadh modhanna teagaisc agus suíomhanna seomra ranga tionchar a imirt ar bhuachaillí agus ar chailíní ar bhealaí ar leith, rud a chuireann i dtábhacht a thábhachtaí atá sé straitéisí agus ábhair teagaisc atá íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh. Na Ballstáit a bhfuil straitéisí cuimsitheacha curtha chun feidhme acu chun mná agus cailíní a rannpháirtiú in ETIM, tá feabhsuithe intomhaiste tagtha ar rátaí rannpháirtíochta agus ar thorthaí oideachais, ach tá an dul chun cinn rómhall. Mar shampla, tháinig méadú ar an líon ban san fhuinneamh ó 19 % in 2010 go 24 % in 2022; in TFC, le 10 mbliana anuas, tháinig méadú 2.9 % ar an sciar de mhná, ag sroicheadh 19.3 % in 2023. Mar sin féin, tá na hearnálacha sin fós i measc na nearnálacha is mó atá faoi cheannas na bhfear i ngeilleagar an Aontais 19 .

Réamhtháscaire atá ag éirí níos láidre ar fheidhmíocht na mac léinn is ea an míbhuntáiste socheacnamaíoch. Bíonn tearcghnóthachtáil i bhfad níos minice i measc mac léinn faoi mhíbhuntáiste ná i measc a bpiaraí a bhfuil buntáiste acu. Mar shampla, ní éiríonn go maith le leath de na daltaí faoi mhíbhuntáiste (48 %) san Aontas sa mhatamaitic (PISA 2022). Is mó an baol go mbeidh mic léinn de bhunadh imirceach i mbaol tearcghnóthachtála.

Leanfaidh an téileamh ar scileanna ETIM de bheith ag méadú go háirithe sna réimsí is mó fás arb iad na réimsí a bhaineann leis an teicneolaíocht iad: Speisialtóirí Mórshonraí, Innealtóirí Teicneolaíochta Airgeadais, Speisialtóirí IS agus Meaisínfhoghlama agus Forbróirí Bogearraí agus Feidhmchláir. Braitheann príomhthionscail amhail leathsheoltóirí agus bith-theicneolaíocht ar thallann ETIM le haghaidh ceannaireacht theicneolaíoch. Chun spriocanna an aistrithe ghlais a bhaint amach, tá gá le méadú 50 % ar oibrithe fuinnimh a bhfuil scileanna ETIM acu faoi 2030. Go deimhin, tá róil ghlasa agus aistrithe fuinnimh, lena náirítear Speisialtóirí Feithiclí Uathrialacha agus Leictreacha, Innealtóirí Comhshaoil, agus Innealtóirí Fuinnimh In-athnuaite, sna róil is mó fás freisin. Téann an ganntanas scileanna ETIM thar réimsí teicniúla traidisiúnta chuig tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, i gcás ina gcuireann saineolas teicniúil teoranta bac ar a gcumas leas a bhaint as IS agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, rud a bhaineann an bonn dá niomaíochas agus dá nacmhainneacht fáis. Tá ardscileanna ETIM fíor-riachtanach le haghaidh cumais chosanta agus aeraspáis, lena náirítear réamhaisnéis aeráide agus scileanna don gheilleagar ciorclach chun spleáchas ar soláthróirí lasmuigh den Aontas a laghdú. Teastaíonn oiliúint agus feasacht fheabhsaithe i ndáil leis an gcibearshlándáil ó ghairmithe cúraim sláinte. Dúshlán breise i ndáil leis sin is ea na treochtaí déimeagrafacha atá ann faoi láthair. Léiríonn earnáil an chúraim sláinte na dúshláin sin go soiléir: ganntanas 1.2 milliún gairmí leighis in 2022 i ndán di, laghdú ar spéis mac léinn ó 2018 i leith, agus méadú ar an mbrú ó dhaonra atá ag dul in aois 20 . Mar sin féin, tá fás lucht saothair ETIM an Aontais chun deiridh ar an éileamh, go háirithe in earnálacha TFC agus innealtóireachta atá ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, agus don tslándáil agus don ullmhacht, go háirithe i bpríomhearnálacha amhail an chibearshlándáil, an earnáil cosanta agus an taeraspás.

Trí straitéis oideachais fhadtéarmach ETIM a fhorbairt lena gcumhdaítear an slabhra oideachais ina iomláine agus lena mbreithnítear na hathruithe déimeagrafacha agus na héagothromaíochtaí críochacha, is féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar ghanntanais chriticiúla lucht saothair, conairí fostaíochta inbhuanaithe agus inrochtana a chruthú agus tacú leis an tsoghluaisteacht shóisialta aníos. Is éard a bheidh i gceist leis sin, mar shampla, speisialtóireachtaí spriocdhírithe a threisiú sna réimsí is mó fás, cláir foghlama atá comhtháite san obair a chur chun cinn, an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú, agus comhar níos dlúithe idir institiúidí oideachais agus oiliúna agus idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a áirithiú.

Tugann roinnt tionscnamh de chuid an Aontais aghaidh cheana féin ar ghanntanais scileanna atá ann cheana in ETIM, ach ní mór a gcur chun feidhme, lena n‑áirítear cur chuige earnálach, a neartú agus a chuíchóiriú. Cuirfidh Aontas na Scileanna le tionscnaimh uas-scilithe de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo. Áirítear air sin: i) cuntais foghlama aonair Eorpacha a chur i bhfeidhm go céimneach; ii) glacadh micridhintiúr mar réitigh foghlama sholúbtha d’aosaigh uas-scilithe agus athscilithe; agus iii) an Comhshocrú um Scileanna, inar gheall na comhaltaí uas-sciliú a dhéanamh ar 25 mhilliún oibrí faoi 2030 trí chomhpháirtíochtaí mórscála lena gcumhdaítear gach ceann de 14 éiceachóras tionsclaíocha an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, le hacadaimh scileanna an Aontais, lena n‑áirítear na hacadaimh um an tionscal glan-nialasachta, an tAcadamh um Eoraip Idir-inoibritheach, Acadamh Ardábhar agus na hAcadaimh um Scileanna Digiteacha, éascófar athsciliú agus uas-sciliú a fhreagraíonn do riachtanais ETIM. Déanfaidh na hacadaimh sin an comhar idir an tionscal, an t‑ardoideachas agus institiúidí gairmoiliúna a ghiaráil chun mic léinn agus gairmithe i réimsí éagsúla teicneolaíochta a sciliú, a uas-sciliú agus a athsciliú.

3.Gníomhaíocht a dhéanamh den uaillmhian

Chun gníomhú i leith na ndúshlán sin agus chun deiseanna a ghiaráil, beidh trí phríomhchuspóir mar threoir ag Plean Straitéiseach an Aontais um Oideachas ETIM:

·ETIM a dhaingniú mar cholún straitéiseach i mbeartas oideachais agus scileanna an Aontais (CEANNAIREACHT).

·píblíne tallann ETIM de chuid an Aontais atá níos láidre agus níos cuimsithí a thógáil (COTHROMÚ).

·mná in ETIM a chur chun cinn agus nuálaithe amach anseo a spreagadh (CUIR deireadh le bacainní).



Plean Straitéiseach an Aontais um Oideachas ETIM

3.1ETIM a dhaingniú mar cholún straitéiseach i mbeartas oideachais agus scileanna an Aontais

Tá daonra ardoilte ag an Aontas Eorpach agus is féidir leis tógáil ar thraidisiún láidir ETIM. Chun tús áite a thabhairt d’oideachas agus d’oiliúint ETIM a thuilleadh, tá gá le sásraí feabhsaithe sonraí, rialachais agus comhair idir an tAontas agus a Bhallstáit. Chun soláthar foriomlán scileanna ETIM a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá dtiomantas tearcghnóthachtáil i mbunscileanna (lena n‑áirítear matamaitic agus eolaíocht) i measc daoine 15 bliana d’aois a laghdú go dtí níos lú ná 15 % faoi 2030. Tá comhar níos solúbtha leis an tionscal agus le comhpháirtithe sóisialta chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar a gcuid riachtanas ríthábhachtach chun freagairt níos tapa a thabhairt ar ghanntanais scileanna ETIM. Le faisnéis scileanna ETIM níos cuimsithí, le sonraí inchomparáide ar fud an Aontais, is féidir riachtanais scileanna ETIM earnáilsonracha a réamh-mheas ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tráthúla. Trí bhearta athchóirithe beartais na mBallstát agus tacaíocht an Aontais a ailíniú, bunaithe ar fhianaise, agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt trí chomhar ar fud an Aontais, cuideofar le barr feabhais in oideachas ETIM a chur chun cinn. Chuige sin, leagann an Coimisiún amach na bearta seo a leanas:

CEANNAIREACHT

A.Spriocanna nua ETIM ar leibhéal an Aontais do 2030 a mholadh. Faoi 2030:

I)ba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i réimsí ETIM sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint meánleibhéil tosaigh a bheith cothrom le 45 % ar a laghad 21 ; Ba chóir go mbeadh duine as gach ceathrar mac léinn ar a laghad ina mná 22 .

II)ba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i réimsí ETIM ar an tríú leibhéal a bheith cothrom le 32 % 23 ar a laghad, agus ba cheart beirt as gach cúigear mac léinn a bheith ina mná.

III)ba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i gcláir PhD. TFC a bheith 5 % 24 ar a laghad, agus ba cheart duine as gach triúr mac léinn a bheith ina mná.

Iarrtar ar na Ballstáit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun na spriocanna sin ar leibhéal an Aontais a leagan síos agus, ar an mbonn sin, a spriocanna náisiúnta féin a fhorbairt, chun straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha ETIM a threorú.

B.In 2025, Painéal Feidhmiúcháin Eorpach ETIM a bhunú ar an leibhéal gnó/polaitiúil/riaracháin is airde chun comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna straitéiseacha lena náirítear nuachóiriú curaclaim, aiseolas ón tionscal maidir le riachtanais scileanna ar fud earnálacha tionsclaíochta, teagasc agus ábhar nuálach, agus comhar idir lucht acadúil agus lucht gnó a leabú in oideachas ETIM. Chuirfeadh Painéal STEM moltaí inghníomhaithe ar fáil don Bhord Ardleibhéil Eorpach um Scileanna chun dlúthchomhar a chothú idir oideachas gnó agus ETIM agus chun torthaí a chuid oibre a chur ar fáil go poiblí d’aon pháirtí leasmhar eile.

C.Feabhas a chur ar fhaisnéis fhoriomlán scileanna ETIM bunaithe ar tháscairí agus tagarmharcanna idirnáisiúnta, trí thorthaí céimithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach a thomhas tríd an suirbhé Eurograduate, agus trí riachtanais scileanna earnáilsonracha a thuar ar bhealach níos fearr mar chuid den Fhaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna a bheidh ann amach anseo agus trí leas a bhaint as an Spás Sonraí Eorpach coiteann do Scileanna.

3.2Píblíne tallann ETIM níos láidre agus níos cuimsithí a thógáil san Aontas

Chun píblíne tallann ETIM níos mó agus níos cuimsithí a fhorbairt, tá gá le hathchóirithe níos doimhne agus le cur chuige cuimsitheach ó na Ballstáit i leith oideachas agus oiliúint ETIM. Chomh maith le curaclaim a nuachóiriú agus modhanna teagaisc a uasghrádú, agus aird ghéar á tabhairt ar a ngnéithe inrochtaineachta agus cuimsitheachta, ní mór comhpháirtíochtaí tionscail a neartú chun nochtadh praiticiúil a thabhairt do gach mac léinn ar ghairmeacha ETIM. Ba cheart go gcuirfí ar chumas soláthraithe oideachais aiseolas ón tionscal agus riachtanais san ionad oibre a ionchorprú ar bhealach níos dírí i dtairiscintí oideachais ETIM. Trí chonairí foghlama atá saincheaptha don earnáil a chruthú lena gcuirtear deiseanna inrochtana ar fáil do mhic léinn agus do dhaoine fásta, is féidir cur leis an tarraingteacht. Ina theannta sin, éilíonn an t‑éileamh méadaitheach ar ghairmithe ETIM cur chuige cuimsitheach agus solúbtha i leith an oideachais a shíneann níos faide ná suíomhanna traidisiúnta sa seomra ranga. Tá sé ríthábhachtach tallann ETIM a mhealladh ó ghrúpaí daonra nach mbaintear leas as a n‑acmhainneacht go fóill, lena n‑áirítear ó cheantair thuaithe, chun méid na hiarrachta a mhéadú agus chun torthaí a bhaint amach. Trí ardscileanna digiteacha amhail eolaíocht sonraí, litearthacht algartamach, smaointeoireacht ríomhaireachtúil, criptiú nó cibearshlándáil a chomhtháthú i gcuraclaim ETIM agus i micridhintiúir, is féidir feabhas a chur ar an eispéireas foghlama agus lucht saothair dinimiciúil a ullmhú. Tá forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí ETIM ríthábhachtach agus tá infheistíocht leanúnach ag teastáil ina leith. Chuige sin, leagann an Coimisiún amach na bearta seo a leanas:

COTHROMÚ

A.Curaclaim ETIM atá dírithe ar an todhchaí a chur chun cinn i scoileanna, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

I)Creat inniúlachta ETIM a fhorbairt do gach foghlaimeoir ag gach céim den oideachas agus tacsanomaíocht scileanna ETIM a fhorbairt faoi 2026 laistigh d’aicmiú ESCO. Spreagfaidh sé sin dearadh curaclaim agus creataí measúnaithe le haghaidh scileanna ETIM agus cuirfidh sé chun cinn iad.

II)Oibriú i dtreo céim Eorpach d’innealtóirí, trí chur le comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha agus le tionscadail phíolótacha leanúnacha Erasmus+, agus riachtanais na bhfostóirí á gcur san áireamh.

B.Ionaid phíolótacha oideachais ETIM le haghaidh oideachas scoile, lena náirítear scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna, ar fud an Aontais agus é mar aidhm feabhas a chur ar an gcaoi a seachadtar ETIM agus ar gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm orthu siúd sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas. Le tacaíocht ó Erasmus+, cruthóidh na hionaid sin éiceachórais foghlama dhinimiciúla lena spreagfar an nuálaíocht i dteagasc agus i bhfoghlaim ETIM i scoileanna, trí dhlús a chur leis an gcomhar le gnólachtaí, músaeim eolaíochta, eagraíochtaí ETIM, leabharlanna, comhlachais chultúrtha, tionscail chruthaitheacha, ollscoileanna agus institiúidí taighde.

C.Níos mó mac léinn ó chúlraí éagsúla a mhealladh chun staidéar a dhéanamh ar ETIM sa mheánoideachas, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach trí na nithe seo a leanas a sheoladh:

I)Ionduchtú Tallainne Teicneolaíochta ETIM. Cuirfidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) gníomhaíochtaí ionduchtaithe chun feidhme atá ceaptha chun daoine óga a mhealladh chuig gairmeacha ETIM agus lena mbaineann eiseamláirí agus fiontraithe.

II)Comórtais Ardscileanna Digiteacha na hEorpa chun daoine óga Eorpacha a spreagadh le bheith rannpháirteach i dteicneolaíochtaí digiteacha ceannródaíocha trí dhúshláin shochaíocha, theicneolaíocha nó tionscail a chur ar fáil, agus leas á bhaint as comórtais atá ann cheana amhail na Dúshláin Chibearshlándála Idirnáisiúnta agus Eorpacha. 

D.Aghaidh a thabhairt ar riachtanais fostóirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach trí bhíthin na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

I)Cláir thrasnáisiúnta chomhpháirteacha agus gearrchúrsaí a fhorbairt as a dtiocfaidh micridhintiúir in earnálacha straitéiseacha ETIM, mar a shainaithnítear sa Chompás Iomaíochais, trí chomhghuaillíochtaí na nionad barr feabhais gairme agus d’Ollscoileanna Eorpacha. I ndlúthchomhar lena néiceachórais nuálaíochta faoi seach agus le hacadaimh scileanna an Aontais: i) borradh a chur faoi raon clár comhpháirteach agus micridhintiúr atá ar fáil in ETIM, lena náirítear le cur chuige ETIM oideachasúil (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic), ii) na hionaid agus na comhghuaillíochtaí a spreagadh chun a dtairiscint ETIM a chomhordú agus a ninfheistíochtaí i mbonneagar, trealamh agus teicneolaíochtaí oideachais ETIM a chomhthiomsú agus a chomhroinnt; iii) na lárionaid agus na comhghuaillíochtaí a spreagadh chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil chun micridhintiúir a fhorbairt atá saincheaptha d’uas-sciliú agus d’athsciliú lucht saothair na hEorpa in earnálacha straitéiseacha ETIM; iv) tacú le fostóirí atá ag earcú tallann a bhfuil micridhintiúir acu arna neisiúint le tacaíocht ón Aontas agus faireachán a dhéanamh ar an nglacadh sin.

II)Tacú le forbairt clár oideachais comhpháirteach (leibhéal Baitsiléirí, Máistreachta agus Dochtúireachta) agus sainoiliúna le haghaidh earnálacha straitéiseacha ETIM, agus leas á bhaint as acadaimh scileanna agus as Comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha. Áirítear leis sin céimeanna comhpháirteacha agus céimeanna Eorpacha amach anseo i dteicneolaíochtaí digiteacha (e.g. IS, candam, cibearshlándáil) agus céimeanna idirdhisciplíneacha lena gcuirtear na teicneolaíochtaí sin i bhfeidhm ar earnálacha amhail an tsláinte agus an bhith-theicneolaíocht, chomh maith le hoiliúint do theicneolaíochtaí Destination Earth 25 (e.g. samhaltú aeráide, innealtóireacht chiorclach).

III)Uas-sciliú agus athsciliú a chur chun cinn trí ghrodchúrsaí, gearrchúrsaí arna soláthar ag institiúidí foirmiúla gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ag institiúidí ardoideachais as a neascraíonn micridhintiúir, agus ardáin le haghaidh tumfhoghlaim dhigiteach agus oiliúint dhigiteach chun deiseanna nuálacha foghlama ar feadh an tsaoil a chruthú.

IV)Oiliúint thiomnaithe maidir le nuálaíocht, fiontraíocht agus bainistíocht maoine intleachtúla a sholáthar do 200 000 mac léinn, acadóir agus ball foirne ardoideachais ETIM faoi 2028, ag cur le Tionscnamh Institiúidí Ardoideachais EIT i sineirgíocht le comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha agus le pobail eolais agus nuálaíochta EIT.

E.Forbairt na sainionad scileanna ETIM a phíolótú in earnálacha straitéiseacha in 2026 trí pháirt a thabhairt do chuideachtaí chun meantóireacht a dhéanamh ar fhiontraithe óga mac léinn, i gcomhar le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus le hinstitiúidí ardoideachais, rochtain a thabhairt dóibh ar a saotharlanna, ar bhonneagair theicniúla agus ar threalamh teicniúil, maoin intleachtúil a fhorbairt, chomh maith le rochtain ar chaipiteal fiontair a éascú. Ba cheart go dtabharfaí le chéile leis sin soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ardoideachais, mic léinn chumasacha gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ardoideachais agus saol an airgeadais, go háirithe caipiteal fiontair.

F.‘Fothú Acmhainneachta le haghaidh ETIM’ a mholadh d’institiúidí oideachais i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha comhpháirtíochta tosaíochta eile de chuid an Aontais amhail tairbhithe Chomhpháirtíochtaí Tallainne an Aontais agus ‘Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta maidir le ETIM’ a mholadh chun barr feabhais ETIM a chothú. Leis an gComhaontú Nua don Mheánmhuir atá le teacht, cuirfear deiseanna ar leith ar fáil i ndáil leis an méid sin freisin.

3.3Mná a chur chun cinn in ETIM agus nuálaithe amach anseo a spreagadh

Chun níos mó ban a mhealladh chuig oideachas ETIM, tá gá le tuilleadh iarrachtaí ó na Ballstáit chun cur le mealltacht ETIM mar rogha staidéir agus gairme do chailíní agus do mhná: i) aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne; ii) rochtain ar oideachas ETIM a éascú trí dhíriú ar chohóirt aoise ríthábhachtacha; agus iii) cláir mheantóireachta a fhaigheann tacaíocht níos mó ó institiúidí agus a bhfuil eiseamláirí acu a chur chun cinn. Ba cheart na bearta sin a mhéadú le tionscnaimh faisnéise agus múscailte feasachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Chun an chéad ghlúin eile de nuálaithe ban a chothú, éilítear go ndéanfaí oideachas ETIM a nuachóiriú trí chláir idirdhisciplíneacha ina gcomhlánaítear scileanna teicniúla le scileanna cruthaitheacha réitithe fadhbanna agus fiontraíochta. Is féidir an líon nuálaithe i staidéir ETIM a mhéadú freisin trí chonairí feabhsaithe chun go dtiocfaidh tallann idirnáisiúnta ETIM chun na hEorpa nó go bhfillfidh siad ar an Eoraip, mar a thugtar aghaidh orthu sa Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna. Ina theannta sin, spreagfaidh an Coimisiún bearta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Bacainní a ARDÚ

A.Níos mó cailíní agus ban a mhealladh chuig ETIM trí thionscnamh nua ‘Girls go STEM’ a sheoladh in 2025 chun mic léinn meánscoile ar mná iad a mhealladh isteach i réimsí staidéir ETIM, lena náirítear sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, agus mic léinn ardoideachais ar mná iad a mhealladh isteach i ngairmeacha ETIM, agus trína scileanna teicniúla agus fiontraíochta i réimsí ETIM a fhorbairt, lena náirítear trí thréimhsí ionduchtaithe agus meantóireacht. Is é is aidhm dó oiliúint a chur ar 1 mhilliún cailín faoi 2028 trí Erasmus+, trí chomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, tríd an gComhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, na hacadaimh um scileanna digiteacha agus trí EIT.

B.‘Todhchaí ETIM’ a sheoladh, chun cleachtais oideachais ETIM chuimsitheacha rathúla a shainaithint agus a chomhroinnt, lena náirítear na tionscadail oideachais ETIM is mó a bhfuil gealladh fúthu agus a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, agus leas á bhaint as pobail agus líonraí atá ann cheana. In 2026, díreofar ar na cleachtais is rathúla do chailíní agus do mhná in ETIM. Mar chuid den tionscnamh seo, eagrófar Seachtain Eorpach ETIM, i sineirgí le tionscadail a chistíonn an tAontas, lena ndíreofar ar theagmháil a dhéanamh le daoine óga, go háirithe cailíní agus a dteaghlaigh, ar bhealaí inrochtana.

C.Dea-chleachtais a léiriú agus a mhalartú agus foghlaim fhrithpháirteach a chothú maidir le cailíní agus mná a mhealladh i bprintíseachtaí ETIM agus tacú leo. Teagmháil a dhéanamh le cuideachtaí, le hinstitiúidí taighde, le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta agus le páirtithe leasmhara eile mar chuid den Chomhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, agus béim á leagan ar chion na bprintíseach ar mná iad a mhéadú.

D.‘Comhaltacht Speisialtóirí ETIM’ a phíolótú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair chun saineolaithe idirnáisiúnta ETIM ó chúlraí éagsúla a mhealladh chuig institiúidí ardoideachais agus taighde an Aontais chomh maith le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus atá ag obair i bpríomhearnálacha straitéiseacha.

4.An bealach ar aghaidh

Déanfar cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh um Oideachas ETIM, ag tosú in 2025, a chomhtháthú i struchtúir rialachais Aontas na Scileanna.

Is trí chomhordú beartais na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí, bunaithe ar fhaisnéis scileanna, a bheidh na príomhbhealaí chun an plean straitéiseach sin a chur chun feidhme. Bealach eile chun comhordú a neartú i measc na mBallstát is ea béim bhreise a leagan ar ETIM san obair leantach ar athchóirithe oideachais agus scileanna sa Seimeastar Eorpach.

Soláthróidh Painéal Feidhmiúcháin ETIM moltaí inghníomhaithe atá dírithe ar an tionscal chun tacú le beartas oideachais ETIM den chéad scoth, agus leas á bhaint as taithí agus riachtanais ghnó san fhíorshaol. Beidh na moltaí sin mar bhonn eolais don Bhord Ardleibhéil Eorpach um Scileanna.

Faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, leanfaidh cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh um Oideachas ETIM agus tionscadail agus gníomhaíochtaí gaolmhara de leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe agus Erasmus+, in éineacht le cistí agus ionstraimí eile amhail Fís Eorpach, an clár don Eoraip Dhigiteach agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Beidh cláir phíolótacha na n‑ionad oideachais ETIM agus na sainionad ETIM ag brath ar an gcistiú atá ar fáil sna cláir reatha.

Tacóidh cistiú ón Aontas amach anseo leis an oideachas agus leis an oiliúint, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ilroinnt acmhainní ar fud roinnt clár. Áirítear leis sin aistriú ó ghníomhaíochtaí gearrthéarmacha (aonair) go táirgí infheistíochta níos fadtéarmaí lena ndéantar ranníocaíochtaí príobháideacha a ghiaráil, leas a bhaint as comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sochaíocha agus críochacha agus tacú le hathchóirithe náisiúnta agus fonáisiúnta. Leis an togra ón gCoimisiún maidir le plean a bheith ann amach anseo do gach tír lena nascfar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha, d’fhéadfaí cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí chomhleanúnachas agus éifeachtúlacht a áirithiú.

Chun an uaillmhian sin a bhaint amach, ní mór don Aontas ceannaireacht straitéiseach a thabhairt, leibhéal na tallainne a ardú agus deireadh a chur leis na bacainní atá ag cur bac ar oideachas, oiliúint agus feidhmíocht ETIM atá de dhíth ar gheilleagar na hEorpa. Ní mór dó cur chuige comhordaithe a chur chun feidhme lena nasctar agus lena gcomhtháthaítear an t‑oideachas, an tionsclaíocht agus an beartas. Tríd an bplean straitéiseach sin, tá an tAontas ag cur dlús lena thiomantas don oideachas cuimsitheach agus don oiliúint chuimsitheach mar bhunchloch don fhás eacnamaíoch agus don dul chun cinn sochaíoch, rud a chinnteoidh gur féidir le gach duine rannchuidiú le todhchaí agus rathúnas na hEorpa agus tairbhe a bhaint astu.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar na comhpháirtithe sóisialta an Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM a fhormhuiniú agus tacú agus rannchuidiú go gníomhach chun na tionscnaimh atá ann a bhaint amach.

(1)

 COM(2025) 30 final

(2)

 Cumhdaítear go ginearálta le raon feidhme an phlean seo na réimsí oideachais ‘Eolaíochtaí nádúrtha, matamaitic agus staitisticí (05)’; ‘Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (06)’ agus ‘Innealtóireacht, monaraíocht agus tógáil’ (07)’ den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas, chomh maith le réimsí agus staidéir idirdhisciplíneacha gaolmhara.

(3)

   Employment and Social Developments in Europe 2023 - Addressing labour shortages and skills gaps in the EU. [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2023 - Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus ar bhearnaí scileanna san Aontas.]

(4)

Tuarascáil Draghi The future of European competitiveness – In-depth analysis and recommendations [Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Grinnanailís agus moltaí], leathanach 258

(5)

Tuarascáil Draghi The future of European competitiveness – In-depth analysis and recommendations [Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Grinnanailís agus moltaí], leathanach 272

(6)

Athrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta, lch. 13

(7)

  https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/library/report-state-digital-decade-2024

(8)

 De réir PISA 2022, ar leibhéal an Aontais, ba é 29.5 % an ráta tearcghnóthachtála sa mhatamaitic in 2022, agus 24.2 % san eolaíocht (22.4 % agus 21.6 %, faoi seach, in 2018). Tháinig méadú den chuid is mó ar an ráta idir 2018 agus 2022: + 6.6 pointe céatadáin sa mhatamaitic, agus + 2.0 san eolaíocht. An tráth céanna, tháinig laghdú 3.1 pointe céatadáin ar an sciar de na daltaí is fearr sa mhatamaitic, ó 11 % in 2018 go 7.9 % in 2022.

(9)

I Moladh 2018 ón gComhairle maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, soláthraítear sainmhíniú leathan mar ‘úsáid mhuiníneach, chriticiúil agus fhreagrach teicneolaíochtaí digiteacha, agus rannpháirtíocht leo, ar mhaithe leis an bhfoghlaim, ag an obair, agus le haghaidh rannpháirtíocht sa tsochaí’.

(10)

an Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, International Computer and Information Literacy Study (ICILS) in Europe, 2023Main findings and educational policy implications [Staidéar Idirnáisiúnta ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise san Eoraip, 2023 – Príomhthorthaí agus impleachtaí beartais oideachais], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2766/5221263 .

(11)

 Tuairiscíonn formhór chórais oideachais an Aontais ganntanais múinteoirí buana nó sealadacha ETIM, cé is moite de chúpla eisceacht (an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Phortaingéil agus an Rómáin). Féach tuarascáil Eurydice 2022 maidir le matamaitic agus foghlaim eolaíochta i scoileanna (ag tagairt don scoilbhliain 2020-21) agus an Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2023 .

(12)

  https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2024-05/EURES-Shortages_Report-V8.pdf

(13)

Eurostat educ_uoe_grad02

(14)

Tháinig laghdú 6.1 % ar líon iomlán na gcéimithe dochtúireachta freisin idir 2015 agus 2022.  

(15)

Eurostat educ_uoe_grad02

(16)

  https://ncses.nsf.gov/pubs/nsf24300/figure/5 .

(17)

  Center for Security and Emerging Technology (2023): [An Lárionad um Shlándáil agus um Theicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn (2023):] The Global Distribution of STEM Graduates: [Dáileadh domhanda chéimithe ETIM:] Which Countries Lead the Way? [Cé na tíortha atá chun cinn?]  

(18)

Eurostat, hrst_st_nsecsex2.

(19)

ECFE/an Coimisiún Eorpach (2024), Health at a Glance: [Sracfhéachaint ar an tSláinte:] an Eoraip 2024: State of Health in the EU Cycle, OECD Publishing, Páras, [Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh] https://www.oecd.org/en/publications/health-at-a-glance-europe-2024_b3704e14-en.html . lch. 36

(20)

méadú ó 36.2 % in 2022

(21)

méadú ó 16.1 % in 2022

(22)

méadú ó 27.1 % in 2022

(23)

méadú ó 3.7 % in 2022

(24)

Tionscnamh suaitheanta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun samhail dhigiteach an-chruinn den Domhan (leathchúpla digiteach den Domhan) a fhorbairt chun feiniméin nádúrtha, guaiseacha agus na gníomhaíochtaí daonna gaolmhara a shamhaltú, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a ionsamhlú. https://destination-earth.eu/  

Top