Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024XG03642

    Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach

    ST/9801/2024/INIT

    IO C, C/2024/3642, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3642/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3642/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/3642

    14.6.2024

    Conclúidí ón gComhairle maidir le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach

    (C/2024/3642)

    DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,

    Agus na téacsanna arna nglacadh laistigh den Aontas maidir le hoideachas agus eolaíocht i gcúrsaí beartais á meabhrú aici,

    AGUS Í EOLASACH FAOINA LEANAS

    1.

    Na hiarrachtaí atá déanta ag Ballstáit an Aontais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus ag a n-institiúidí oideachais agus oiliúna chun oideachas agus oiliúint chuimsitheach ar ardchaighdeán a áirithiú do chách.

    2.

    Na dúshláin iomadúla atá roimh an oideachas agus an oiliúint sa lá atá inniu ann nach mór don lucht ceaptha beartas agus do bhaill foirne oideachais, lena n-áirítear múinteoirí, oiliúnóirí, oideoirí, ceannairí institiúidí oideachais agus oiliúna agus baill foirne ardoideachais, dul i ngleic leo.

    3.

    An méid a chuireann taighde agus sonraí le heolas agus faisnéis ardcháilíochta i réimse an bheartais agus an chleachtais oideachais agus oiliúna agus leis an anailís a dhéantar ar dhúshláin oideachais, shochaíocha agus eacnamaíocha.

    4.

    Is deacair an chinnteacht iomlán sin a áirithiú agus cinntí á ndéanamh i bhfianaise raon agus chastacht na gcóras oideachais agus oiliúna.

    DE BHRÍ GUR FÍOR AN MÉID SEO A LEANAS

    5.

    Is réimse ríthábhachtach agus thar a bheith sofheicthe laistigh den réimse poiblí é an t-oideachas agus an oiliúint mar gheall ar an tionchar tábhachtach atá acu ar an tsochaí ina hiomláine agus ar fhorbairt ghairmiúil, sásamh agus dea-bhail phearsanta gach duine aonair.

    6.

    Tagraíonn an téarma ‘fianaise’ d’fhaisnéis a bhailítear go córasach agus go heolaíoch agus a ndéantar anailís agus meastóireacht uirthi chun bonn eolais a chur faoi cheapadh agus forbairt beartais agus faoi chur chun feidhme, meastóireacht agus cleachtas clár. Is féidir leis an bhfianaise sin teacht ó fhoinsí éagsúla agus is féidir léi a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear taighde, faireachán, meastóireacht, athbhreithnithe córasacha, sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla bailíochtaithe, taithí phraiticiúil agus comhthoil ó shaineolaithe. Chun críocha na gconclúidí seo, dírítear ar fhianaise a dhíorthaítear ó thaighde agus ó shonraí.

    7.

    Dá bhrí sin, is féidir ‘beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus oiliúint’ a shainmhíniú mar fhoinsí iomadúla faisnéise iontaofa a bhailiú, a chomhcheangal agus a mheas, lena n-áirítear an fhianaise is fearr agus is ábhartha ó thaighde agus/nó sonraí, mar chéim i dtreo feabhas a chur ar bheartas agus cleachtas san oideachas agus san oiliúint.

    8.

    Cé gur cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag fianaise ó thaighde agus/nó sonraí i gceapadh beartas agus i gcleachtas san oideachas agus san oiliúint, ní mór idirghníomhú caolchúiseach idir príomhbhreithnithe eile a chur san áireamh. Cuimsítear leo sin eispéiris phearsanta agus ghairmiúla, luachanna, noirm, réasúnaíocht phraiticiúil, peirspictíochtaí páirtithe leasmhara, saineolas teicniúil, eolas comhthéacsúil, agus breithnithe polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha. Dá bhrí sin, is fearr mar chur síos ar cheapadh beartas agus ar chleachtas san oideachas agus san oiliúint an téarma ‘fianaise-shaibhrithe’ ná an téarma ‘fianaise-bhunaithe’.

    9.

    Ní mór úsáid na fianaise i mbeartais agus i gcleachtais oideachais agus oiliúna a chur i gcomhthéacs. Ba cheart é a chur in oiriúint do riachtanais, taithí, cultúir agus cúinsí sonracha an leibhéil rialachais faoi seach, agus don timpeallacht foghlama agus teagaisc, laistigh de réimse an oideachais agus na hoiliúna. An méid atá éifeachtach agus ábhartha i gcomhthéacs amháin, ní gá gur amhlaidh i gcomhthéacs eile. Tá ról ríthábhachtach ag breithiúnas gairmiúil lucht ceaptha beartas agus baill foirne oideachais i ndáil leis sin.

    AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AONTÚ AICI

    10.

    Is réamhriachtanas tábhachtach í fianaise ábhartha inrochtana ar ardchaighdeán, a áirithítear le héiceachóras láidir taighde agus bonneagar sonraí i réimse an oideachais agus na hoiliúna le haghaidh beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint.

    11.

    Is cuid de ghairmiúlacht lucht ceaptha beartas agus baill foirne oideachais é fianaise a mheas agus í a úsáid go héifeachtach.

    TARRAINGÍONN SÍ AIRD AR AN MÉID SEO A LEANAS

    12.

    Leis an bhfianaise a eascraíonn as sonraí agus taighde ar ardchaighdeán maidir leis na cineálacha beart a oibríonn do dhaoine, an comhthéacs ina n-oibríonn siad dóibh agus na cuspóirí a bhaineann leo, cuirtear bonn níos láidre le beartas agus cleachtas san oideachas agus san oiliúint. Go háirithe, déanann an fhianaise an méid seo a leanas:

    (a)

    méadaíonn sí an mhuinín a chuirtear sa lucht ceaptha beartas, sna taighdeoirí, i mbaill foirne oideachais agus sa tsochaí ina hiomláine, agus méadaíonn sí an mhuinín atá eatarthu freisin.

    (b)

    cuidíonn sí le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair, le riachtanais a shainaithint agus le cinntí beartais amach anseo a ullmhú toisc go n-éascaíonn sé measúnuithe tionchair do cheapadh beartas agus d’athchóirithe.

    (c)

    tá sí ríthábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus ábharthacht na mbeart beartais agus na n-infheistíochtaí a chuirtear chun feidhme. Cuirtear torthaí na meastóireachta san áireamh sa lúb aiseolais beartais agus cuidíonn siad le cistiú agus acmhainní a dhíriú i dtreo straitéisí ar mó an seans go n-éireoidh leo, agus ar an gcaoi sin tionchar na roghanna beartais agus na n-infheistíochtaí san oideachas agus san oiliúint a uasmhéadú.

    (d)

    cuidíonn sí le tuilleadh forbartha gairmiúla a dhéanamh ar lucht ceaptha beartas agus ar bhaill foirne oideachais.

    13.

    Le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint, tacaítear le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna agus lena dtimpeallachtaí foghlama agus lena gcleachtas teagaisc agus foghlama agus d’fhéadfaí torthaí foghlama a fheabhsú leo. Tá baill foirne oideachais in ann oideachas agus oiliúint a mhúnlú trí mhodhanna a úsáid a bhfuil a n-éifeachtacht cruthaithe acu, i measc nithe eile.

    14.

    I gcomhthéacs ina bhfuil tuairimí éagsúla agus díospóireachtaí poiblí cuimsitheacha, tugann beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint faisnéis níos soiléire atá doiciméadaithe go hoibiachtúil maidir le riachtanais, tionchair agus indéantacht, rud a chuireann le feasacht agus glacadh na sochaí.

    SAINAITHNÍONN SÍ NA CEITHRE THOSAÍOCHT SEO A LEANAS D’FHONN BEARTAS AGUS CLEACHTAS FIANAISE-SHAIBHRITHE SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT A CHUR CHUN CINN CHUN LIMISTÉAR EORPACH OIDEACHAIS A BHAINT AMACH, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR INNIÚLACHTAÍ NÁISIÚNTA, RÉIGIÚNACHA AGUS ÁITIÚLA SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT

    I.   MEON DEARFACH A CHOTHÚ I LEITH BEARTAS AGUS CLEACHTAS FIANAISE-SHAIBHRITHE SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT AGUS TAIGHDE OIDEACHAIS A SPREAGADH A THUILLEADH

    Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Forbairt éiceachórais taighde láidir a chur chun cinn a thuilleadh lena n-áiritheofar taighde ábhartha, inrochtana agus ar ardchaighdeán i réimse an oideachais agus na hoiliúna agus tábhacht na slándála agus na sláine taighde á cur san áireamh ag an am céanna.

    (b)

    Rannpháirtíocht ghníomhach taighdeoirí agus ball foirne oideachais i mbeartas agus i gcleachtas oideachais agus oiliúna a chur chun cinn agus a spreagadh trí dheiseanna agus struchtúir tacaíochta a chruthú.

    (c)

    Baill foirne oideachais a spreagadh chun rannchuidiú le taighde oideachais agus chun páirt a ghlacadh sa taighde sin.

    (d)

    Lucht ceaptha beartas, taighdeoirí agus geallsealbhóirí a spreagadh chun gníomhaíochtaí cumarsáide soiléire agus spriocdhírithe a ghlacadh agus torthaí taighde á scaipeadh.

    (e)

    Torthaí taighde a úsáid agus beartais á ndearadh chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí agus ar thionchar beart oideachais nó athchóirithe d’fhonn a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht a fheabhsú.

    (f)

    An phiarfhoghlaim a chur chun cinn chun gur fearr a roinnfí cleachtais agus taithí maidir le fianaise a úsáid go héifeachtach i gceapadh beartais agus i gcleachtas. Leas a bhaint as an saineolas atá ag na Ballstáit cheana féin, chomh maith le saineolas eagraíochtaí réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta mar atá ECFE, UNESCO, an Cumann Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais, an Banc Domhanda, agus eagraíochtaí eile agus iniúchadh a dhéanamh ar chomhoibriú, ar mhalartuithe agus ar chomhpháirtíochtaí.

    (g)

    Féachaint ar bheartais agus cleachtais rathúla fhianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint a mhapáil agus a anailísiú chun príomhthosca maidir le héifeachtacht a shainaithint agus sineirgí a spreagadh.

    Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Lucht ceaptha beartas, údaráis oideachais, institiúidí oideachais agus oiliúna agus páirtithe leasmhara chomh maith le baill foirne oideachais a spreagadh chun fianaise a úsáid agus iad i mbun riachtanais oideachais a shainaithint agus gníomhaíochtaí a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin agus chun meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin agus iad a oiriúnú.

    Ba cheart don Choimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar an gcoimhdeacht, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Deiseanna le haghaidh taighde oideachais, piarfhoghlama, comhpháirtíochtaí agus tástáil beartais a chruthú agus a spreagadh do na Ballstáit uile, do pháirtithe leasmhara agus d’eagraíochtaí idirmheánacha maidir le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint trí chláir de chuid an Aontais ar nós Erasmus+, lena n-áirítear a phríomhghníomhaíocht 3, Fís Eorpach, lena n-áirítear a Shaoráid Tacaíochta Beartais, agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

    (b)

    Gníomhaíochtaí a neartú ar leibhéal an Aontais chun tacú le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint agus chun iad sin a spreagadh, go háirithe an Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint, Eurydice, gníomhaíochtaí an Bhuanghrúpa maidir le Táscairí agus Tagarmharcanna, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Cedefop, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, an tSaotharlann Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán, Fóram Chomhairleoirí Eolaíochta na hEorpa, an Sásra um Chomhairle Eolaíoch, agus an t-ardán Knowledge4Policy.

    II.   FEABHAS A CHUR AR FHOTHÚ ACMHAINNEACHTA NA NGNÍOMHAITHE UILE SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT IONAS GUR FÉIDIR LEO FIANAISE A ÚSÁID AGUS NA DÚSHLÁIN A BHAINEANN LE TÁIRGEADH, IDIRGHABHÁIL AGUS ÚSÁID TAIGHDE A SHÁRÚ

    Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Taighde agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc lucht ceaptha beartas agus ball foirne oideachais, rud a chuirfidh ar a gcumas rochtain a fháil ar thaighde, taighde a thuiscint, páirt a ghlacadh ann agus é a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ar taighde é atá ábhartha dá gcomhthéacsanna sonracha.

    (b)

    Oiliúint tosaigh múinteoirí agus forbairt ghairmiúil leantach a spreagadh, chun cleachtas fianaise-shaibhrithe a chur san áireamh agus a chothú, lena n-áirítear an oideolaíocht agus bainistiú seomra ranga agus scoile, chomh maith le hoiliúint agus forbairt ghairmiúil na foirne oideachais i ngach earnáil.

    (c)

    Taighdeoirí a spreagadh chun litearthacht a chothú sa ‘bheartas agus sa chleachtas’ trí lucht ceaptha beartas agus baill foirne oideachais a rannpháirtiú le linn an phróisis taighde.

    (d)

    Tacú le struchtúir agus/nó eagraíochtaí idirmheánacha a bhfuil ról lárnach acu chun an bhearna idir taighde oideachais, beartas, cleachtas agus an tsochaí ina hiomláine a dhúnadh agus iad a neartú.

    (e)

    Féachaint an bhféadfaí aonaid shonracha a chruthú, nó tacú leo, laistigh de riaracháin oideachais lena gcothaítear agus lena dtreisítear beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe.

    III.   ÚSÁID SONRAÍ A CHUR CHUN CINN I MBEARTAS AGUS I GCLEACHTAS FIANAISE-SHAIBHRITHE SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT

    Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Féachaint ar cheanglais sonraí a chomhtháthú ó thús aon bheartais nó aon ghníomhaíochta oideachais chun a oiread faisnéise agus is féidir a fháil maidir lena chur chun feidhme agus lena luach, agus chun giniúint fianaise a spreagadh.

    (b)

    Féachaint lena áirithiú go mbeidh sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte (FAIR). Infhaighteacht, inrochtaineacht agus úsáid sonraí FAIR agus sonraí oscailte a chur chun cinn chun tacú le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe.

    (c)

    A áirithiú go dtairgfidh bailiú agus anailís sonraí san oideachas agus san oiliúint breisluach atá comhréireach leis na hacmhainní a infheistítear iontu.

    (d)

    Féachaint ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus sonraí á bpróiseáil, á n-anailísiú agus á n-úsáid, agus ceisteanna cáilíochta, oibiachtúlachta agus muiníne á gcur san áireamh.

    Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Féachaint ar straitéis a fhiosrú le haghaidh sonraí FAIR oideachais agus oiliúna lena dtugtar aghaidh ar bhailiú, ar sholáthar agus ar scaipeadh sonraí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (i)

    bearta láidre cosanta sonraí chun faisnéis íogair a chosaint, lena n-áirítear faisnéis faoi fhoghlaimeoirí, chomh maith le gnéithe príobháideachais agus slándála sonraí oideachais agus oiliúna;

    (ii)

    a thábhachtaí atá ionstraimí taighde ardcháilíochta chun a áirithiú go bhfaighfear sonraí iontaofa atá ábhartha do cheapadh beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

    (iii)

    cineál scaipthe na sonraí oideachais agus oiliúna thar réimsí poiblí agus príobháideacha;

    (iv)

    a thábhachtaí atá sé inrochtaineacht agus inaistritheacht sonraí a éascú, lena n-áirítear cáilíocht na meiteashonraí.

    (b)

    Leanúint de na hiarrachtaí chun sonraí a bhailiú go comhpháirteach san oideachas agus san oiliúint. Féachaint an bhféadfaí infheistíochtaí a fhiosrú i ndáil le rochtain chostéifeachtach ar shonraí riaracháin agus i ndáil le húsáid aonfhoirmeach na sonraí sin.

    (c)

    Leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar láidir sonraí, in anailís sonraí úrscothach, i gcruthú luacha i ndáil le sonraí agus i nuálaíocht sonraí. Tá sonraí ardcháilíochta agus FAIR ar leibhéal an duine aonair agus ar leibhéal an chórais de dhíth ar bheartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint.

    Ba cheart don Choimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar an gcoimhdeacht, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Comhroinnt sonraí oideachais agus oiliúna agus dea-chleachtas i measc na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar fud réimsí poiblí agus príobháideacha, a chur chun cinn agus tacú leo. Fianaise a chomhroinnt agus treoir agus tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit maidir le cleachtais éifeachtacha sonraí, modheolaíochtaí agus rialacháin phríobháideachais an Aontais a bhaineann le sonraí oideachais agus oiliúna a chur chun feidhme.

    IV.   TUILLEADH FORBARTHA A DHÉANAMH AR AN TSAOTHARLANN FOGHLAMA UM INFHEISTIÚ IN OIDEACHAS AGUS OILIÚINT AR ARDCHAIGHDEÁN MAR UIRLIS LUACHMHAR DE CHUID AN AONTAIS CHUN BEARTAS FIANAISE-SHAIBHRITHE SAN OIDEACHAS AGUS SAN OILIÚINT A CHOTHÚ CHUN AN LIMISTÉAR EORPACH OIDEACHAIS A BHAINT AMACH

    Ba cheart don Choimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar an gcoimhdeacht, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    Raon feidhme na Saotharlainne Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán a leathnú, i gcomhairle leis na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, chuig réimse níos leithne beartais fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint. A áirithiú gur ar bhonn deonach i gcónaí a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí na Saotharlainne Foghlama.

    (b)

    Fianaise nua a chur ar fáil agus an fhianaise atá ann cheana a dhéanamh níos inrochtana do lucht ceaptha beartas an Aontais i réimse an oideachais agus na hoiliúna. Stór faisnéise a bhunú ina mbeidh uirlisí lena n-éascófar rochtain ar léargais maidir le beartais agus cleachtais fhianaise-shaibhrithe, de réir a réimsí tionchair agus a n-acmhainneachtaí chun fadhbanna a réiteach faoi seach. Sainaithint samplaí d’infheistíocht chostéifeachtach san oideachas agus san oiliúint a neartú. Sineirgí le líonra Eurydice a fhiosrú.

    (c)

    Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a eagrú chun feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí lucht ceaptha beartas a bhfuil baint acu le beartas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint. Ba cheart na huirlisí oiliúna a chur in oiriúint do na leibhéil éagsúla den cheapadh beartais agus do chéimeanna na mBallstát faoi seach i ndáil le ceapadh beartais fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint.

    (d)

    Tacú le comhpháirtíochtaí a bhunú idir an pobal taighde oideachais, lucht ceaptha beartas agus baill foirne oideachais. Tacú le líonra an Aontais d’eagraíochtaí idirmheánacha a bhfuil ról lárnach acu maidir leis an mbearna idir taighde oideachais, beartas, cleachtas agus an tsochaí ina hiomláine a dhúnadh.

    (e)

    Páirt a ghlacadh agus comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar atá ECFE, UNESCO, an Cumann Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais agus an Banc Domhanda, chun sineirgí a bhunú agus a shaothrú agus dúbailt oibre a sheachaint chun beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe a chothú san oideachas agus san oiliúint.

    (f)

    Idirphlé agus malartú leanúnach a chothú maidir le beartas agus cleachtas fianaise-shaibhrithe san oideachas agus san oiliúint i measc na mBallstát, lena n-áirítear tríd an gComhphobal Cleachtais maidir le Meastóireacht Tionchair Fhrithfhíorasach ar Bheartais Oideachais.

    (g)

    Plean oibre na Saotharlainne Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán a chur faoi bhráid an Choiste Oideachais le haghaidh aiseolais d’fhonn é a bharrfheabhsú maidir le riachtanais agus ábhair imní na mBallstát. Tuairisc a thabhairt don Choiste Oideachais agus dul i dteagmháil leis go rialta maidir leis an ábhar seo.

    (h)

    Foráil a dhéanamh maidir le dóthain acmhainní a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh tionchar fóinteach ag gníomhaíochtaí na Saotharlainne Foghlama.

    Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí a chuireann an tSaotharlann Foghlama ar fáil a fhiosrú. A léargais a roinnt le linn plé tiomnaithe de chuid an Choiste Oideachais chun éifeachtacht agus cáilíocht na Saotharlainne Foghlama a fheabhsú go leanúnach.

    IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, I GCOMHRÉIR LENA N-INNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

    Oibriú le chéile ar an obair leantach ar na conclúidí seo i gcomhthéacs na hoibre leanúnaí faoin gcreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach.

    IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH

    Tacú leis na conclúidí sin trí chur chuige fianaise-shaibhrithe a ghlacadh agus tionscnaimh nua maidir le hoideachas agus oiliúint á ndearadh agus á moladh. Obair a dhéanamh ar thograí, bunaithe ar thuairim shaineolach an bhuanghrúpa ar tháscairí agus ar thagarmharcanna. Tuairimí agus ábhair imní na mBallstát a chur in ord tosaíochta agus a chur san áireamh, mar a chuir an Chomhairle agus a comhlacht ullmhúcháin tiomnaithe, an Coiste Oideachais, in iúl iad.

    TUGANN SÍ TREOIR DON CHOISTE OIDEACHAIS AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH

    (a)

    Aird ar leith a thabhairt ar úsáid fianaise ina chuid scrúduithe ar thograí arna gcur faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún nó ar úsáid dréachtchonclúidí agus rún ón gComhairle.

    (b)

    Tuairim a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon togra le haghaidh táscaire nó sprioc de chuid an Aontais a mbeidh tionchar aige ar réimse an oideachais agus na hoiliúna.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3642/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top