Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52024PC0345

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh

    COM/2024/345 final

    An Bhruiséil,30.7.2024

    COM(2024) 345 final

    2024/0204(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh, Cinneadh lena leasófar Prótacal 2 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile

    Is é is aidhm don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt 1 , agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (an Comhaontú), tacú le hiarrachtaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine an taistriú chuig geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt i gcrích. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015.

    2.2.An Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais

    Féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, arna bunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 115 den Chomhaontú, a chinneadh leasú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 2 a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (Airteagal 4 de Phrótacal 2). Is trí chomhaontú idir an dá Pháirtí a tharraingíonn an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais suas a cuid cinntí agus moltaí.

    2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais

    Sa chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, nó trí mhalartú litreacha, tá sí le Cinneadh a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 2 a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (an gníomh atá beartaithe).

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 2 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 3 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

    Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha, lena n‑áirítear feidhm a bheith acu idir an tAontas an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.

    Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe, ós rud é, i gcás na dtáirgí sin, go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh éagsúil le rialacha an Choinbhinsiúin nó níos déine ná iad.

    Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha.

    Déantar foráil leis na Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh, trí chead a thabhairt cruthúnas cúlghabhálach tionscnaimh a eisiúint ar bhonn cruthúnais arna eisiúint i gcomhréir le rialacha Choinbhinsiún, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na táirgí atá i gceist ceanglais an dá shraith rialacha.

    Leis an bhforáil atá ann faoi láthair sna Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh (Airteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal maidir le rialacha tionscnaimh), cruthaíodh nós imeachta custaim anásta lena gcuirtear bac ar na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a thagann as na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an gCoinbhinsiún.

    Tá sé comhaontaithe ag na páirtithe na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm roimh ré, chun na sreafaí trádála agus na cleachtais chustaim a oiriúnú do theacht i bhfeidhm an leasaithe ar an gCoinbhinsiún (ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha bunaithe), leasú atá ar na bacáin. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta a éascú don tréimhse atá fágtha de chur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.

    Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a leasú chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta atá ann cheana idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a éascú.

    An seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.

    Is de chineál teicniúil é an leasú atá beartaithe agus baineann sé leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair idir na Páirtithe agus ní dhéanann sé difear do shubstaint an phrótacail maidir le rialacha tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí don nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

    4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Is comhlacht í an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile.

    An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, mar atá, an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

    4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

    Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) ba cheart a bheith ina bunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

    5.Impleacht Bhuiséadach

    An simpliú maidir le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, níl aon tionchar intomhaiste aige ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbaineann a raon feidhme go príomha le héascú na trádála agus comhdhlúthú cleachtas nua-aimseartha na n‑údarás custaim. Dírítear leis an simpliú ar na réimsí atá fós faoi inniúlacht na n‑údarás gan é tionchar a imirt ar shubstaint na rialacha óna bhfaigheann earraí stádas tionscnaimh fabhrach, agus éascaítear leis cur i bhfeidhm phrionsabal na tréscaoilteachta atá ann cheana.

    6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é, leis an ngníomh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, go leasófar Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

    2024/0204 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (an Comhaontú), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 ón gComhairle agus ón gCoimisiún 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015.

    (2)De bhun Airteagal 117 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais cinntí a ghlacadh. De bhun Airteagal 4 de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh le hAirteagal 115 den Chomhaontú sin (an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais) cinneadh a dhéanamh forálacha an Phrótacail sin a leasú.

    (3)Tá an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais le Cinneadh a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid maidir le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

    (4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais ina cheangal ar an Aontas.

    (5)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 6 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin 7 (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 8 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

    (6)Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, rialacha ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh bunaithe. 

    (7)Tháinig líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún 9 , rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 10 ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.

    (8)Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh le haghaidh earraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe. Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha. Dá bhrí sin, chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh dá bhforáiltear le hAirteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú a leasú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a leasú, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 164, 30.6.2015, lch. 2
    (2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
    (3)    IO L, 2024/245, 18.1.2024.
    (4)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (5)    Cinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lch. 548).
    (6)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
    (7)    Cinneadh (AE) 2019/2198 ón gComhairle an 25 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú (IO L 339, 30.12.2019, lch. 1,
    (8)    IO L, 2024/245, 18.1.2024.
    (9)    An tAontas Eorpach, an Íoslainn, an Eilvéis (lena n-áirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Iosrael, an Iordáin, an Phalaistín (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an gceist sin), an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin
    (10)    IO C, C/2024/1637, 20.2.2024    
    Top

    An Bhruiséil,30.7.2024

    COM(2024) 345 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh


    IARSCRÍBHINN

    [Dréacht-]CHINNEADH Uimh. ... ÓN gCOMHAIRLE COBHSAÍOCHTA AGUS COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS AGUS AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN

    an XX XX 2024

    maidir le

    leasú a dhéanamh ar Phrótacal 2 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin

    Tá an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir AN tAONTAS AGUS AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN,

    Ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile 1 (an Comhaontú), agus go háirithe Airteagal 4 dá Phrótacal 2 a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (Prótacal 2),

    De bharr an mhéid seo a leanas,

    (1)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 2 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 3 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

    (2)Tháinig líonra prótacal déthaobhach maidir le rialacha tionscnaimh i bhfeidhm idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 4 ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.

    (3)Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe.

    (4)Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha. Dá bhrí sin, chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh dá bhforáiltear le hAirteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a leasú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

    Airteagal 1

    In Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 den Chomhaontú, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    ‘1a.    D’ainneoin mhír 1, pointe (b), féadfar an carnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a aicmítear faoi Chaibidlí 1, 3, 16 (i gcás táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu trí rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm de réir Fhoscríbhinn I agus de réir na bhforálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara, ar choinníoll gur de thionscnamh na bPáirtithe Conarthacha a chuirfidh na rialacha i bhfeidhm iad na hábhair agus na táirgí ar féidir carnadh a dhéanamh ina leith.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den chéad mhí tar éis don dara Páirtí fógra a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil a cheanglais inmheánacha curtha i gcrích aige.

    Arna dhéanamh i/in/sa/san…

       Thar ceann na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais

    An Cathaoirleach

    Rúnaithe

    (1)    IO L 164, 30.6.2015, lch. 2
    (2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
    (3)    IO L, 2024/245, 18.1.2024.
    (4)    IO C, C/2024/1637, 20.2.2024.    
    Top