AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,31.1.2024
COM(2024) 44 final
2024/0022(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis an treoir maidir le creataí comhair a ghlacadh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh (dá ngairtear ‘Coiste Speisialaithe’ anseo feasta) arna bhunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta).
Moltar ann go dtacódh an tAontas le cinneadh a bheith glactha ag an gCoiste Speisialaithe maidir leis an treoir atá le tabhairt d’oibreoirí fuinnimh chun creataí a fhorbairt le haghaidh comhar idir oibreoirí fuinnimh san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe.
Foráiltear go sonrach do na creataí comhair sin idir:
(a)an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe,
(b)an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) agus oibreoirí córais tarchurtha gáis na Ríochta Aontaithe, agus
(c)an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘ACER’) agus an t‑údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Is é is aidhm don Chomhaontú comhar a bhunú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe inter alia i réimse an fhuinnimh. Áirítear le Teideal VIII um Fhuinneamh de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó (Socruithe Trádála, Iompair, Iascaigh agus Eile) gealltanais maidir le trí chreat comhair a ghlacadh.
I gcomhréir le hAirteagal 317(1) den Chomhaontú, tá an chéad chreat agus an dara creat le bunú le haghaidh comhar idir ENTSO-E arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/943 agus ENTSOG arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, de pháirt amháin, agus na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus gáis sa Ríocht Aontaithe, den pháirt eile.
Maidir leis na creataí comhair, ceanglaítear le hAirteagal 317(1) den Chomhaontú an méid seo a leanas:
(a)go gcumhdófar leis na creataí sin na réimsí seo a leanas ar a laghad:
i. margaí leictreachais agus gáis;
ii. rochtain ar ghréasáin;
iii. slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis;
iv. fuinneamh amach ón gcósta;
v. pleanáil bonneagair;
vi. úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais agus gáis; agus
vii. dícharbónú gáis agus cáilíocht gháis
(b)gan stádas atá inchomparáide le ballraíocht in ENTSO-E nó in ENTSOG a thabhairt d’oibreoirí córais tarchurtha sa Ríochta Aontaithe.
I gcomhréir le hAirteagal 318 den Chomhaontú, tá an tríú creat le bunú idir ACER arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/942 agus an t‑údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310.
Maidir leis an gcreat comhair, ceanglaítear le hAirteagal 318 den Chomhaontú an méid seo a leanas:
(a)go gcumhdófar leis an gcreat sin na réimsí seo a leanas ar a laghad:
i. margaí leictreachais agus gáis;
ii. rochtain ar ghréasáin;
iii. drochúsáid margaidh ar mhargaí mórdhíola leictreachais agus gáis a thoirmeasc;
iv. slándáil an tsoláthair leictreachais agus gáis;
v. pleanáil bonneagair;
vi. fuinneamh amach ón gcósta;
vii. úsáid éifeachtúil idirnascairí leictreachais agus gáis;
viii. comhar idir oibreoirí córais tarchurtha; agus
ix. dícharbónú gáis agus cáilíocht gháis
(b)gan stádas atá inchomparáide le rannpháirtíocht in ACER a thabhairt don údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310.
Comhaontóidh an Coiste Speisialaithe um Fuinneamh maidir le treoir ar na creataí comhair lena scaipeadh ar oibreoirí córais tarchurtha agus ar na húdaráis rialála a luaithe is féidir.
2.2.Coiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh
Téann Coiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh, arna bunú le hAirteagal 8(1), pointe (l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, i ngleic le hábhair arna gcumhdach le Teideal VIII um Fhuinneamh de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó (Socruithe Trádála, Iompair, Iascaigh agus Eile).
Mar a fhoráiltear le hAirteagal 8(4), pointí (a) agus (c) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá sé de chumhacht ag an gCoiste faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú ina réimse inniúlachta. Tá sé de chumhacht aige cinntí a ghlacadh, lena n‑áirítear aon leasú, agus moltaí maidir le gach ábhar dá bhforáiltear leis an gComhaontú nó dar tharmlig an Chomhairle Comhpháirtíochta a cuid cumhachtaí don Choiste sin de bhun Airteagal 7(4), pointe (f) den Chomhaontú. Sonraítear an chumhacht sin a thuilleadh i dTeideal VIII um Fhuinneamh de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó den Chomhaontú, lena bhforáiltear go gcuirfear de chúram ar an gCoiste Speisialaithe sonrach sin, inter alia, teacht ar chomhaontú maidir le treoir maidir leis na creataí comhair de bhun Airteagail 317 agus 318 den Chomhaontú.
Foráiltear le hAirteagal 8(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go mbeidh ionadaí de chuid an Aontais agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar na Coistí Speisialaithe (lena n‑áirítear an coiste um Fhuinneamh). Mar a fhoráiltear in Airteagal 10(2) den Chomhaontú, glactar le cinntí agus le moltaí Coiste trí chomhthoil na bPáirtithe.
2.3.Gníomh beartaithe an Choiste
Tá an Coiste Speisialaithe le Cinneadh a ghlacadh maidir le treoir a ghlacadh maidir le creataí comhair idir, i) ENTSO-E agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe, ii) ENTSOG agus oibreoirí córais tarchurtha gáis na Ríochta Aontaithe, agus iii) ACER agus an t‑údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair (‘an gníomh atá beartaithe’).
Leis an gCinneadh ón gCoiste Speisialaithe, tugtar treoir do na hoibreoirí ábhartha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe maidir leis na paraiméadair ba cheart dóibh a chur san áireamh agus a gcreataí comhair á bhforbairt acu.
Ba cheart don Choiste Speisialaithe an gníomh beartaithe a ghlacadh chomh luath agus is féidir, ag an gcéad chruinniú eile dá chuid nó trí mheán nós imeachta i scríbhinn atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cibé acu is túisce.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh i ndáil leis an treoir maidir le creataí comhair Tríd an gcinneadh atá beartaithe, ghlacfadh an Coiste Speisialaithe trí shraith treoraíochta, le haghaidh i) na socruithe oibre idir ENTSO-E agus oibreoirí córais tarchurtha leictreachais na Ríochta Aontaithe; ii) na socruithe oibre idir ENTSOG agus oibreoirí córais tarchurtha gais na Ríochta Aontaithe agus iii) na socruithe riaracháin idir ACER agus an t‑údarás rialála sa Ríocht Aontaithe arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Bheadh ar an údarás rialála don Bhreatain Mhór (GEMA) agus ar an údarás rialála do Thuaisceart Éireann (an Rialtóir Fóntais) gníomhú go comhpháirteach mar chuid de thoscaireacht uathúil a dhéanann ionadaíocht ar an údarás rialála sa Ríocht Aontaithe.
Sonraítear gach treoir sna hiarscríbhinní comhfhreagracha a ghabhann leis an gCinneadh agus cuireann sí leis na forálacha ábhartha d’Airteagail 317(1) agus 318 den Chomhaontú. Leanann gach treoir an cur chuige céanna maidir le hiarraidh ar na hoibreoirí ábhartha na socruithe is gá le haghaidh comhair a fhorbairt agus a chur chun feidhme, liostaítear inti na réimsí comhair ar cheart dóibh uathriail chinnteoireachta gach taobh a chaomhnú, iarrtar léi ar na hoibreoirí sa Ríocht Aontaithe gníomhú go comhpháirteach, cuirtear toirmeasc léi ar stádas atá coibhéiseach le ballraíocht a thabhairt d’oibreoirí na Ríochta Aontaithe agus iarrtar léi go gcuirfear na socruithe atá beartaithe faoi bhráid an Choiste Speisialaithe.
Dá bhrí sin, is é an seasamh atá beartaithe a ghlacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe tacú le glacadh an Chinnidh ag an gCoiste Speisialaithe.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
Suitear le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh ‘an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ard‑Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinneadh lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’ (béim curtha leis)
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Coiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh a bunaíodh leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.
Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar an gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 10 den Chomhaontú go mbeidh na Cinntí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialaithe ‘ina gceangal ar na Páirtithe’ agus comhlíontar leis na hoibleagáidí arna gcomhaontú ag na Páirtithe in Airteagail 317(1) agus 318 den Chomhaontú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe agus ní mór don Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena mbunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le réimse an fhuinnimh. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 194(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, an bunús dlí ba cheart a bheith ag an gcinneadh atá beartaithe.
2024/0022 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Speisialaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis an treoir maidir le creataí comhair a ghlacadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(1), de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú’). Tá sé i bhfeidhm ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.
(2)De bhun Airteagal 8(4), pointe (c), den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh (an ‘Coiste Speisialaithe’) cinntí agus moltaí a ghlacadh maidir le saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta i ndáil le gach cás ina ndéantar foráil maidir leis sin sa Chomhaontú seo nó in aon Chomhaontú forlíontach dar tharmlig an Chomhairle Comhpháirtíochta cumhachtaí dó. De bhun Airteagal 10(2) den Chomhaontú, glacfaidh Coiste cinntí agus déanfaidh sé moltaí trí chomhthoil.
(3)Le hAirteagal 317(1) den Chomhaontú ceanglaítear ar gach Páirtí a áirithiú go bhforbróidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibre atá éifeachtúil agus cuimsitheach chun tacú leis na cúraimí pleanála agus oibríochtúla a bhaineann le cuspóirí an Teidil um Fhuinneamh den Chomhaontú a bhaint amach, lena n‑áirítear creataí comhair idir an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 (‘ENTSO-E’) agus an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (‘ENTSOG’), de pháirt amháin, agus na hoibreoirí córais tarchurtha leictreachais agus gáis sa Ríocht Aontaithe, den pháirt eile.
(4)Stádas a bheith ag oibreoirí córais traschurtha na Ríochta Aontaithe ar stádas é a bheadh inchomparáide le ballraíocht a bheith acu in ENTSO-E nó in ENTSOG, sin rud nár cheart a bheith i gceist leis na creataí sin, ná nár cheart a bhronnadh leo.
(5)Le hAirteagal 318 den Chomhaontú ceanglaítear ar gach Páirtí a áirithiú go bhforbróidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus údarás rialála na Ríochta Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310, go bhforbróidh siad teagmhálacha agus go rachaidh siad i mbun socruithe riaracháin chun gur fusa a bheidh sé cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chomhlíonadh.
(6)Níor cheart a bheith i gceist leis an gcreat sin go mbeadh stádas ag an údarás rialála sa Ríochta Aontaithe arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 310 den Chomhaontu ar stádas é a bheadh inchomparáide le rannphairtíocht sa Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ná go mbronnfaí an stádas sin air.
(7)Tá an Coiste Speisialaithe le Cinneadh a ghlacadh maidir le treoir do na creataí comhair dá dtagraítear faoi Airteagal 317(1) agus Airteagal 318 araon a luaithe is indéanta. Tá an Coiste Speisialaithe chun an Cinneadh a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid, nó trí nós imeachta i scríbhinn, cibé acu is túisce, tar éis do gach Páirtí na nósanna imeachta intíre a chur i gcrích.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh, bunófar é ar dhréachtghníomh an Choiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán