AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.5.2024
COM(2024) 207 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar cumhacht í a thugtar don Choimisiún faoi Threoir 2009/45/EC maidir le rialacha sábháilteachta agus caighdeáin le haghaidh long paisinéirí, Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu agus Treoir (AE) 2017/2110/AE maidir le córas cigireachtaí ar longa paisinéirí róró agus ar árthaí paisinéirí ardluais i seirbhísí rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle
Clár Ábhar
1.
Treoir 2009/45/CE ó maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (Treoir 2009/45)
1.1.
Réamhrá
1.2.
Bunús dlí
1.3.
Tarmligean a fheidhmiú
1.4.
Conclúidí
2.
Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (Treoir 98/41)
2.1.
Réamhrá
2.2.
Bunús dlí
2.3.
Tarmligean a fheidhmiú
2.4.
Conclúidí
3.
Treoir (AE) 2017/2110 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (Treoir 2017/2110
3.1.
Réamhrá
3.2.
Bunús dlí
3.3.
Tarmligean a fheidhmiú
3.4.
Conclúidí
1.Treoir 2009/45/CE ó maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (Treoir 2009/45)
1.1.Réamhrá
Leasaíodh Treoir 2009/45/CE in 2017 le Treoir (AE) 2017/2108. Le hAirteagal 10(3) de Threoir 2009/45 mar a leasaíodh, tugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10a. Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 7 mbliana ón 20 Nollaig 2017. Tiocfaidh deireadh leis an gcéad tréimhse 7 mbliana an 20 Nollaig 2024.
Na gníomhartha tarmligthe a bhfuil cumhacht tugtha don Choimisiún ina leith, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo:
- Leasuithe ar Threoir 2009/45, chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), ar na nithe seo a leanas:
-na sainmhínithe ar ‘Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta’, ‘Cód Cobhsaíochta Sláine’, ‘Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais’, ‘Córas Domhanda Guaise agus Sábháilteachta Muirí (GMDSS)’ agus ‘eagraíocht aitheanta’,
-na forálacha a bhaineann le nósanna imeachta agus le treoirlínte do shuirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 12 a bhfuil ceanglas ar an Stát brataí a dhéanamh,
-na forálacha a bhaineann le Coinbhinsiún SOLAS
, mar a leasaíodh, agus leis an gCód le haghaidh Árthaí Ardluais,
-roinnt tagairtí sonracha do na coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus rúin IMO.
-Leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2009/45/AE chun:
-leasuithe a rinneadh ar na Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, chun críche Threoir 2009/45;
-coigeartú a dhéanamh, i bhfianaise taithí, ar na sonraíochtaí teicniúla atá sna leasuithe a rinneadh ar na Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta i gcás longa d'aicme B, C nó D agus árthaí,
-eilimintí teicniúla a shimpliú agus a shoiléiriú, i bhfianaise taithí a fuarthas óna gcur chun feidhme;
-nuashonrú a dhéanamh ar na tagairtí d'ionstraimí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le longa paisinéirí intíre.
1.2.Bunús dlí
I gcomhréir le 10a(2) de Threoir 2009/45/AE, ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana. Tá tarmligean na cumhachta le fadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
1.3.Tarmligean a fheidhmiú
D’fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar cumhacht í a thugtar dó le Treoir 2009/45/CE, uair amháin le linn na tréimhse tuairiscithe.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, a mhéid a bhaineann le longa paisinéirí i mbun turais intíre.
Le Rialachán Tarmligthe 2020/411, cuirtear leaganacha leasaithe in ionad Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Treoir 2009/45/CE. Bhí an méid seo a leanas mar bhonn cirt don leasú ar na hIarscríbhinní:
-Leasaíodh na coinbhinsiúin idirnáisiúnta dá dtagraítear i Treoir 2009/45/CE. Thairis sin, léirítear in athbhreithniú mionsonraithe ar ghnéithe teicniúla sna hIarscríbhinní gur fágadh roinnt leasuithe ar Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta ar lár.
-An sainmhíniú ar ‘ábhar coibhéiseach’ i dTreoir 2009/45, leasaíodh é le Treoir 2017/2108
chun longa alúmanaim a chur faoina raon feidhme. Chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú, bhí sé riachtanach soiléirithe teicniúla a chur isteach sna hIarscríbhinní maidir le longa alúmanaim.
-Le Treoir (AE) 2017/2108, rinneadh longa paisinéirí is giorra ná 24 mhéadar a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/45, agus mar sin b'éigean na ceanglais theicniúla do na longa sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I.
-Ba léir ó thaithí a fuarthas go raibh débhríochtaí agus neamhréireachtaí sna ceanglais theicniúla a bhain le tagairtí a bheith ar lár nó mícheart.
-Ar mhaithe le simpliú, agus cuid de na ceanglais á nuashonrú, rinneadh Iarscríbhinn I a athstruchtúrú i ndá chuid.
1.4.Conclúidí
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go héifeachtach agus go comhréireach de réir Treoir 2009/45.
I bhfianaise éabhlóid leanúnach na gceanglas teicniúla idirnáisiúnta is infheidhme le longa paisinéirí, rudaí ar bhonn iad do na ceanglais a shainínítear faoi dhlí an Aontais le haghaidh longa paisinéirí intíre, tá dóchúlacht mhór ann go mbeidh ar an gCoimisiún a chumhachtú a úsáid go luath amach anseo.
I bhfianaise na mbreithnithe sin, measann an Coimisiún gur cheart tarmligean na cumhachta a thugtar dó le hAirteagal 10(3) de Threoir 2009/45 a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhse 7 mbliana, i gcomhréir le hAirteagal 10a(2).
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.
2.Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (Treoir 98/41)
2.1.Réamhrá
Leasaíodh Treoir 98/41 in 2017 le Treoir (AE) 2017/2109. Le hAirteagal 12 de Threoir 98/41 mar a leasaíodh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ionas nach gcuirfear leasú i bhfeidhm, chun críche na Treorach seo, ar na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 98/41. i.e. Coinbhinsiún SOLAS agus an Cód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta. Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 7 mbliana ón 20 Nollaig 2017. Tiocfaidh deireadh leis an gcéad tréimhse 7 mbliana an 20 Nollaig 2024.
Féadfaidh tarmligean na cumhachta a úsáid in imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha don tsábháilteacht mhuirí a sheachaint, nó chun neamhréireacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint.
2.2.Bunús dlí
I gcomhréir le 12a(2) de Threoir 98/41/AE, ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana. Tá tarmligean na cumhachta le fadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2.3.Tarmligean a fheidhmiú
Níor fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar dó le Treoir 98/41/CE.
2.4.Conclúidí
Creideann an Coimisiún, cé nár fheidhmigh sé tarmligean na cumhachta a thugtar dó le hAirteagal 12 de Threoir 98/41 go dtí seo, gur cheart an tarmligean a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhse 7 mbliana, i gcomhréir le hAirteagal 12a(2).
Bíonn na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2 ag síorathrú agus ní féidir a chur as an áireamh go mbeidh, faoi imthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 12, ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.
3.Treoir (AE) 2017/2110 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (Treoir 2017/2110)
3.1.Réamhrá
Le hAirteagal 12 de Threoir 2017/2110, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 7 mbliana ón 20 Nollaig 2017. Tiocfaidh deireadh leis an gcéad tréimhse 7 mbliana an 20 Nollaig 2024.
Féadfaidh tarmligean na cumhachta a úsáid:
-chun na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2017/2110 a leasú chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe laistigh de IMO, agus na sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leo a fheabhsú i bhfianaise na taithí a fuarthas
-in imthosca eisceachtúla, chun Treoir 2017/2110 a leasú ionas nach gcuirfear leasú i bhfeidhm chun críche na Treorach seo ar na hionstraimí idirnáisiúnta, ar choinníoll go mbeidh údar leis an leasú chun bagairt thromchúiseach dho-ghlactha don tsábháilteacht mhuirí, don tsláinte, dálaí maireachtála nó oibre ar bord loinge, nó don mhuirthimpeallacht a sheachaint, nó chun neamhréireacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint.
3.2.Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Threoir 2017/2110/AE, ní mór don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana. Tá tarmligean na cumhachta le fadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.3.Tarmligean a fheidhmiú
Níor fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar dó le Treoir (AE) 2017/2110.
3.4.Conclúidí
Creideann an Coimisiún, cé nár fheidhmigh sé tarmligean na cumhachta a thugtar dó le hAirteagal 12 de Threoir 2017/2110 go dtí seo, gur cheart an tarmligean sin a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhse 7 mbliana, i gcomhréir le hAirteagal 13(2).
Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.