AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.10.2023
COM(2023) 644 final
2023/0372(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le tograí le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna; agus maidir le togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Is togra é seo le haghaidh cinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (WP.29) maidir le modhnuithe a ghlacadh ar rialacháin reatha ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rún frithpháirteach, agus maidir le dhá rialachán nua ó na Náisiún Aontaithe a ghlacadh.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Comhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Comhaontú Comhthreomhar
Tá dhá chomhaontú i bhfeidhm chun ceanglais chomhchuibhithe a fhorbairt chun deireadh a chur leis na bacainní teicniúla ar thrádáil mótarfheithiclí idir páirtithe conarthacha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE), agus chun a áirithiú go gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil ar fáil le mótarfheithiclí. Is iad sin:
–Comhaontú UNECE maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus ar na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’); agus
–an Comhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’).
Tháinig na Comhaontuithe i bhfeidhm le haghaidh an Aontais Eorpaigh an 24 Márta 1998 agus an 15 Feabhra 2000, faoi seach. Is é WP.29 a dhéanann maoirseacht ar an obair a bhaineann leis na Comhaontuithe sin.
2.2. An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip
Soláthraíonn WP.29 creat uathúil chun rialacháin maidir le feithiclí a chomhchuibhiú ar bhonn domhanda. Meitheal bhuan is ea é WP.29 i gcreat institiúideach na Náisiún Aontaithe ag a bhfuil sainordú sonrach agus rialacha sonracha nós imeachta. Feidhmíonn sé mar fhóram domhanda lenar féidir plé oscailte a dhéanamh ar rialacháin maidir le mótarfheithiclí agus maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair. Aon bhallstát de na Náisiún Aontaithe agus aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, arna bunú ag ballstáit na Náisiún Aontaithe, féadfaidh an ballstát nó eagraíocht sin a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí WP.29 agus a bheith ina pháirtí nó páirtí conarthach sna Comhaontuithe maidir le feithiclí a bhíonn á bhformhaoirsiú ag WP.29. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sna Comhaontuithe sin.
Tagann WP.29 UNECE le chéile trí huaire sa bhliain, i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna. Chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh WP.29 na nithe seo a leanas a ghlacadh ag gach cruinniú:
rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rialacháin theicniúla dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe);
modhnuithe ar rialacháin agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; agus
modhnuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú de chuid WP.29, déanann fochomhlachtaí tiomnaithe de chuid WP.29 na modhnuithe sin a phlé ar an leibhéal teicniúil.
Ina dhiaidh sin, is féidir le WP.29 tograí a ghlacadh ar na bealaí seo a leanas:
trí thromlach cáilithe na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; nó
trí vóta comhthola na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú a bhíonn ag WP.29, suitear le Cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na nithe seo a leanas:
rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe; agus
leasuithe, forlíontaí agus ceartúcháin ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe.
2.3. An gníomh WP.29 atá beartaithe
Ón 14 go dtí an 16 Samhain 2023, le linn an 191ú seisiún, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh:
tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161, agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe;
tograí le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh chun leanaí a iompar i mbusanna ar bhealach níos sábháilte; agus
togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe.
3. AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
Le córas WP.29, neartaítear an comhchuibhiú idirnáisiúnta ar chaighdeáin feithiclí. Tá ról lárnach ag Comhaontú Athbhreithnithe 1958 chun an cuspóir sin a bhaint amach. Is féidir le monaróirí an Aontais sraith choiteann de rialacháin chineálcheadaithe a úsáid agus a fhios acu go n‑aithneoidh na páirtithe conarthacha go gcomhlíonann a gcuid táirgí a reachtaíocht náisiúnta siúd.
Mar thoradh air sin, bhíothas in ann níos mó ná 50 treoir ón Aontas Eorpach a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, agus rialacháin chomhfhreagracha a forbraíodh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a chur ina n‑ionad.
Tá cur chuige den chineál céanna á leanúint le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leagtar síos leis forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
A luaithe a ghlacann WP.29 togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh modhnuithe ar rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana, tugann Rúnaí Feidhmiúcháin UNECE fógra faoin ngníomh comhfhreagrach do na páirtithe conarthacha. Mura ndéanfaidh mionlach blocála de pháirtithe conarthacha agóid laistigh de 6 mhí, tiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ansin, is féidir le gach páirtí conarthach an gníomh a thrasuí sna rialacha náisiúnta is infheidhme. San Aontas Eorpach, cuirtear an próiseas trasuite i gcrích nuair a fhoilsítear an gníomh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ní mór seasamh an Aontais a leagan síos i ndáil leis na gníomhartha seo a leanas:
–tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161, agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe chun forálacha a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an méid seo a leanas:
–cineálcheadú idirnáisiúnta feithicle ina hiomláine - nuashonruithe ar fhorálacha idirthréimhseacha a bhfuil feidhm acu maidir le sraith nua leasuithe ar rialacháin is infheidhme faoin gcineálcheadú idirnáisiúnta feithicle ina hiomláine;
–ancaireachtaí criosanna sábhála - nuashonrú maidir le feithiclí M2 agus M3, ina bhfuil suíochán dírithe chun tosaigh os comhair srian sábháilteachta linbh ionsuite, rud a chuireann cosc ar imbhualadh idir an duine fásta agus an leanbh;
–criosanna sábhála - nuashonruithe maidir le feithiclí M2 agus M3, ina bhfuil suíochán dírithe chun tosaigh os comhair srian sábháilteachta linbh ionsuite, rud a chuireann cosc ar imbhualadh idir an duine fásta agus an leanbh;
–láidre suíochán - nuashonrú lena n‑áirithítear nach féidir ach tacaí cinn sábháilte a fheistiú ar shuíocháin i ngach ionad suí agus i ngach catagóir feithicle;
–truailleáin infheicthe, cumhacht inneall adhainte comhbhrú a thomhas (deatach díosail) – soiléiriú ar an bhfoclaíocht maidir le húsáid an bhreosla tagartha is gá chun astaíochtaí a thástáil;
–gloiniú sábháilteachta – nuashonrú lena dtugtar isteach díolúine le haghaidh limistéar modarthachta teimhní a d’fhéadfadh a bheith ann ar ghaothscáth feithiclí M2 lena n‑éascaítear suiteáil scáthán cúlfhéachana ar an taobh istigh agus gnéithe éagsúla sábháilteachta agus áisiúlachta trucailí a bhfuil tráidirí lódála de chineál oscailte orthu;
–suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta le haghaidh na nithe seo a leanas:
–mótarfheithiclí – ceartúcháin ar cheanglais maidir le hinfheictheacht an tsolais dhearg i dtreo an tsolais tosaigh agus/nó an tsolais bháin i dtreo chúl na feithicle, agus nuashonruithe ar na ceanglais maidir le teilgin chúnaimh tiománaí,
–Feithiclí L3 – nuashonrú lena gcumasaítear deireadh a chur de réir a chéile le suiteáil lampaí/gaireas atá sean,
–móipéidí – nuashonrú lena gcumasaítear deireadh a chur de réir a chéile le suiteáil lampaí/gaireas atá sean, agus
–feithiclí talmhaíochta – nuashonrú lena gcumasaítear deireadh a chur de réir a chéile le suiteáil lampaí/gaireas atá sean;
–páirteanna athsholáthair coscánaithe – soiléiriú ar na ceanglais phacáistithe agus lipéadaithe le haghaidh cineálacha áirithe cóimeálacha líneála coscáin;
–imbhualadh tosaigh – nuashonrú lena dtugtar isteach ceanglais maidir le sábháilteacht iarthuairte feithiclí faoi thiomáint hidrigine;
–imbhualadh taobhaí – nuashonrú lena dtugtar isteach ceanglais maidir le sábháilteacht iarthuairte feithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus soiléirithe éagsúla;
–feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu – soiléirithe éagsúla, lena n‑áirítear soiléirithe maidir le treo an imbhuailte sa tástáil sláine meicniúla;
–córais téimh – nuashonrú lena n‑éascaítear glacadh na teicneolaíochta nua ‘téitheoir radaíochta’, ar féidir í a chur i bhfeidhm ar fheithiclí leictreacha;
–srianta feabhsaithe sábháilteachta linbh – soiléirithe maidir le prionsabal an bhealaigh crios aonair, agus nuashonruithe lena dtugtar isteach ceanglais agus nós imeachta tástála le haghaidh ancaireachtaí ar teaghrán níos ísle;
–feithiclí hidrigine agus breosla-chille – trasuí téacs RTD Uimh. 13 ó na Náisiún Aontaithe, Céim 2;
–imbhualadh taobhaí cuaille – nuashonruithe lena dtugtar isteach ceanglais maidir le sábháilteacht iarthuairte feithiclí faoi thiomáint hidrigine;
–imbhualadh tosaigh le béim ar chórais srianta – nuashonrú lena dtugtar isteach ceanglais maidir le sábháilteacht iarthuairte feithiclí faoi thiomáint hidrigine;
–Córais ancaireachta ISOFIX, ancaireachtaí ar teaghrán uachtaracha ISOFIX agus ionaid suí i-Size – nuashonrú lena dtugtar isteach ceanglais agus nós imeachta tástála le haghaidh ancaireachtaí ar teaghrán níos ísle, agus soiléiriú maidir le líon na suíomhanna ISOFIX;
–gairis soilsithe bóthair – nuashonrú ar na ceanglais maidir le teilgin chúnaimh tiománaí;
–sláine an chórais breosla agus sábháilteacht an ghléasra cumhachta leictrigh i gcás imbhualadh deiridh - nuashonrú lena dtugtar isteach ceanglais maidir le sábháilteacht iarthuairte feithiclí faoi thiomáint hidrigine;
–WLTP – nuashonruithe lena dtugtar isteach cur chuige an fhachtóra úsáide nua le haghaidh hibridí inluchtaithe, i gcomhréir leis na forálacha a tugadh isteach le déanaí in Euro 6e;
–córais uathoibrithe coimeádta lána – nuashonruithe a bhaineann leis na ceanglais maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach;
–taifeadán sonraí teagmhais – soiléirithe maidir le cruinneas sonraí luasghéaraithe le haghaidh gné na sonraí luasghéaraithe cliathánacha agus fad‑luasghéaraithe;
–gairis i gcoinne úsáid neamhúdaraithe – nuashonrú ar cheanglais chomhoiriúnachta leictreamaighnéadacha; agus
–baic dhúisithe – nuashonrú ar cheanglais chomhoiriúnachta leictreamaighnéadacha;
–tograí le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh chun leanaí a iompar i mbusanna ar bhealach níos sábháilte; agus
–togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe – nuashonrú lena soláthraítear sonraíochtaí maidir leis an ngaireas ‘tástála antrapamorfaí WorldSID d’fhir fásta ón 50ú peircintíl’ atá le húsáid chun feithiclí bóthair a thástáil maidir le cosaint paisinéirí ar imbhualadh taobhaí.
Tá sé beartaithe ag WP.29 vóta a chaitheamh i leith na dtograí sin ag an gcruinniú a bheidh aige ón 14 go dtí an 16 Samhain 2023.
Ina theannta sin, ní mór seasamh an Aontais a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:
–togra le haghaidh údarú athbhreithnithe chun RTD ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le fíorastaíochtaí tiomána domhanda, lena n‑údaraítear tuilleadh oibre faoi RTD ó na Náisiún Aontaithe bunaithe ar mhodheolaíocht chun fíorastaíochtaí tiomána feithiclí saothair éadroim a chinneadh, ar feithiclí iad atá oiriúnaithe go hiomchuí do réimsí níos leithne d’oibriú feithiclí agus do thruailleáin bhreise;
–togra le haghaidh iarraidh ar údarú chun RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le marthanacht ceallraí infheithicle le haghaidh feithiclí tromshaothair leictrithe;
–togra le haghaidh leasú ar threoir maidir le gnéithe feidhmíochta taifeadáin sonraí teagmhais is iomchuí a ghlacadh i rúin nó i rialacháin Chomhaontú 1958 agus 1998, lena dtugtar isteach soiléirithe maidir le cruinneas sonraí luasghéaraithe do ghné na sonraí luasghéaraithe cliathánach agus na sonraí fad‑luasghéaraithe; agus
–togra le haghaidh nuashonrú ar mholtaí maidir le cibearshlándáil mótarfheithiclí agus nuashonruithe ar bhogearraí trí thagairt a dhéanamh do na caighdeáin ábhartha agus reatha uile, lena n‑áirítear caighdeáin ISO.
Ba cheart don Aontas tacú leis na gníomhartha thuasluaite ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir lena bheartas maidir leis an margadh inmheánach i dtaca leis an earnáil mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, agus i gcomhréir freisin lena bheartais maidir leis an iompar, an aeráid agus an fuinneamh.
Imríonn na gníomhartha sin uile tionchar an-dearfach ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar an trádáil idirnáisiúnta. Vótáil i bhfabhar na ngníomhartha sin, rachadh sin chun sochair don dul chun cinn teicneolaíoch, sholáthródh sé barainneachtaí scála, sheachnódh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus d’áiritheodh sé go gcuirfí caighdeáin chomhionanna maidir le mótarfheithiclí i bhfeidhm ar fud an Aontais.
I gcodarsnacht leis sin, níl an togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe réidh le haghaidh vóta i gcruinniú WP.29 i mí na Samhna 2023 agus ní mór é a phlé a thuilleadh i bhfochomhlacht tiomnaithe de chuid WP.29.
Níl saineolas seachtrach ábhartha i gcás an togra seo. Mar sin féin, rinne an Coiste Teicniúil um Mótarfheithiclí athbhreithniú ar an togra seo.
4.BUNÚS DLÍ
4.1. Bunús dlí nós imeachta
4.1.1. Na prionsabail
In Airteagal 218(9) CFAE, luaitear go nglacann an Chomhairle cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo mar gheall ar na rialacha dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. An coincheap, ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’, áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2. Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é WP.29 ina bpléann páirtithe conarthacha UNECE cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair.
Na gníomhartha a iarrtar ar WP.29 a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a bheidh sa ghníomh atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, féadfar tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse chineálcheadú na bhfeithiclí.
Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2. Bunús dlí substainteach
4.2.1.
Na prionsabail
Braitheann an bunús dlí substainteach maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
Féadfaidh dhá aidhm nó dhá chomhpháirt a bheith i gceist le gníomh atá beartaithe, ceann amháin is féidir a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach. Sa chás sin, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bheith bunaithe ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí substainteach leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2. Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é comhfhogasú na ndlíthe príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3. Conclúid
Ba cheart Airteagal 114 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2023/0372 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le tograí le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna; agus maidir le togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus ar na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.
(2)Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.
(3)Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil nua ar leithligh. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
(4)De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, rialacháin theicniúla dhomhanda (RTDanna) ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe agus tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 UNECE tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síntí a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.
(5)Ón 14 go dtí an 16 Samhain 2023, le linn an 191ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh:
tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161, agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe;
tograí le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh chun leanaí a iompar i mbusanna ar bhealach níos sábháilte; agus
togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe.
(6)Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar cinntitheach ar inneachar dhlí an Aontais i réimse chineálcheadú na bhfeithiclí. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a leagan síos maidir le glacadh na dtograí sin.
(7)Chun forbairtí teicniúla agus taithí a chur san áireamh, is gá na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 17, 24, 43, 48, 53, 74, 86, 90, 94, 95, 100, 122, 129, 134, 135, 137, 145, 149, 153, 154, 157, 160, 161 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe, agus le rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe, a leasú nó a fhorlíonadh.
(8)Chun dul chun cinn teicniúil a éascú agus chun an tsábháilteacht a fheabhsú, ní mór rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí tromshaothair a ghlacadh, agus rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le srianta sábháilteachta linbh chun leanaí a iompar i mbusanna ar bhealach níos sábháilte a ghlacadh.
(9)Tá na tograí sin i gcomhréir le beartas margaidh inmheánaigh an Aontais maidir leis an tionscal mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, chomh maith lena bheartais iompair, aeráide agus fuinnimh agus beidh tionchar an-dearfach acu ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar thrádáil idirnáisiúnta.
(10)I bhfianaise na dtairbhí a luaitear, moltar vótáil i bhfabhar na dtograí sin.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 191ú seisiún a thionólfar idir an 14 agus an 16 Samhain 2023, is ea vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán