Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0594

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair)

COM/2023/594 final

An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 594 final

2023/0364(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste atá beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE

2.Comhthéacs an togra

2.1.Comhaontú LEE

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach do shaoránaigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud 30 Stát LEE, mar atá Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Lena chois sin, cumhdaítear comhar i réimsí tábhachtacha eile le Comhaontú LEE amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig Comhaontú LEE i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí i gComhaontú LEE é an tAontas in éineacht lena Bhallstáit.

2.2.Comhchoiste LEE

Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a dhéanann sé a chuid cinntí agus tá siad ina gceangal ar na Páirtithe. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais. 

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE

Tá coinne leis go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 1 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

Ós rud é go bhfuil Cinneadh (AE) 2016/344 cuimsithe cheana i gComhaontú LEE, is gá, dá bhrí sin, é a aisghairm faoi Chomhaontú LEE.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.

Leis an ndréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit CSTE LEE san Údarás Eorpach Saothair, a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 2 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin, Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú. Dá bhrí sin, is é an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, is ar bhunús dlí substainteach an ghnímh dlí de chuid an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE a bhraitheann sé go príomha.

Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh de réir Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Ós rud é go ndéantar leis an gCinneadh ón gComhchoiste Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21) a ionchorprú i gComhaontú LEE, is iomchuí an cinneadh seo ón gComhairle a bhunú ar an mbunús dlí substainteach céanna agus atá ag an ngníomh atá á ionchorprú. Dá bhrí sin, is iad Airteagail 46 agus 48 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagail 46 agus 48 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme Chomhaontú LEE a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar, le gníomh Chomhchoiste LEE, Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE, is gníomh é is iomchuí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0364 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE

(An Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair)


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 3 , agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 4 (Comhaontú LEE) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 5 , ba cheart é a ionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE, ba cheart, dá bhrí sin, iad a leasú dá réir sin.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE, i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE, is ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bheidh sé bunaithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.
(2)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.
(4)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(5)    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344, IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.
Top

An Bhruiséil,18.10.2023

COM(2023) 594 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE



















(An Rialachán maidir leis an Údarás Eorpach Saothair)


IARSCRÍBHINN

DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimhir […]

an […]

lena leasaítear Iarscríbhinní V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus VI (Slándáil shóisialta) agus Prótacal 31 (Maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011 agus (AE) 2016/589 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 1 , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)Le Rialachán (AE) 2019/1149 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2021, Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní V agus VI agus Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 2 (Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘-32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).’

2.Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 9 (Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘, arna leasú le:

-32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).’

3.Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10n, (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1482 ón gCoimisiún):

‘11.32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011 agus (AE) 2016/589 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)    A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, tuigfear gur tagairtí do Chomhaontú LEE iad tagairtí do dhlí an Aontais.

(b)    D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis náisiúnta’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a núdaráis náisiúnta ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.

(c)    In Airteagal 1(2), cuirfear na focail ‘agus d’Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘don Choimisiún’ agus in Airteagal 2, cuirfear na focail ‘agus Údarás Faireacháin CSTE’ isteach i ndiaidh na bhfocal ‘an Coimisiún’.

(d)    In Airteagal 7(1)(e), cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘an Choimisiúin’ agus in Airteagal 13(13), cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, d’Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘don Choimisiún’.

(e)    In Airteagail 9(9) agus 10(3), an chéad fhomhír, cuirfear na focail ‘nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, d’Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘don Choimisiún’.

(f)    In Airteagal 12, cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 3:

‘3a. Beidh Stáit CSTE iomlán rannpháirteach san Ardán agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.’

(g)    In Airteagal 13:

(i)    I mír 1, cuirfear na focail ‘agus Chúirt CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘na Cúirte Breithiúnais’.

(ii)    I míreanna 3, 5 agus 6, cuirfear na focail ‘, ó Údarás Faireacháin CSTE, nuair atá ceann amháin nó níos mó de Stáit CSTE i gceist’ isteach tar éis na bhfocal ‘ón gCoimisiún’.

(h)In Airteagal 16(2), cuirtear isteach an abairt ‘Féadfaidh an tÚdarás cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Údarás Faireacháin CSTE chuig na meithleacha agus na painéil saineolaithe mar bhreathnóirí.’ tar éis na chéad abairte den chéad fhomhír.

(i)In Airteagal 17, cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

‘1a.    Beidh Stáit CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE iomlán rannpháirteach sa Bhord Bainistíochta agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais agus an Coimisiún faoi seach, cé is moite den cheart vótála.’

(j)    Cuirfear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 26:

‘5.    Glacfaidh Stáit CSTE páirt sa ranníocaíocht ón Aontas dá dtagraítear i mír 3, pointe (a). Chun na críche sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 82(1)(a) de Chomhaontú LEE agus i bPrótacal 32 a ghabhann leis an gComhaontú sin.’

(k)    Cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach in Airteagal 30:

‘De mhaolú ar Airteagal 12(2)(a) agus Airteagal 82(3)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, náisiúnaigh Stáit CSTE a bhfuil a gcearta iomlána acu mar shaoránaigh, féadfar iad a fhostú faoi chonradh faoi chumhachtaí an údaráis cheapacháin atá ag an Údarás.

De mhaolú ar Airteagal 12(2)(e), Airteagal 82(3)(e) agus Airteagal 85(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Chomhaontú LEE, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a mheas, i dtaca lena baill foirne, mar theangacha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’

(l)     In Airteagal 32, cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

‘1a.    Féadfaidh Stát CSTE Oifigeach Idirchaidrimh Náisiúnta a bhaineann le Stát CSTE eile nó a bhaineann le Ballstát den Aontas a ainmniú mar a Oifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh.’

(m)    Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 34:

‘Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-32019 R 1149: Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).’

Airteagal 3

Scriostar téacs an dara fleasc d’Airteagal 15(9) de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE (Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

Airteagal 4

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/1149 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha 3 *.

Airteagal 6

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, [...].

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   […]

   Na Rúnaithe

   ar Chomhchoiste LEE

   […]



Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha

i gCinneadh Uimh. …/... lena n‑ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Aithníonn na páirtithe go bhfuil ionchorprú an ghnímh seo gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh de chuid Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.

(1)    IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.
(2)    IO L 65, 11.3.2016, lch. 12.
(3)    *    [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
Top