Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0516

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha

    COM/2023/516 final

    An Bhruiséil,5.9.2023

    COM(2023) 516 final

    2023/0315(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2023) 306 final} - {SWD(2023) 292 final} - {SWD(2023) 293 final} - {SWD(2023) 294 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Eascraíonn an togra as rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022, arb é is aidhm dó comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúis eile san Aontas a chur chun cinn chun an margadh aonair a chomhlánú, a gcearta bunúsacha a chosaint agus spás daonlathach an Aontais a chothú. Níos cruinne fós, iarradh sa rún ar an gCoimisiún, faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), dhá thogra reachtacha nua a thíolacadh: Rialachán (faoi Airteagal 352 CFAE), lena gcruthaítear foirm dhlíthiúil ‘Comhlachais Eorpacha’, agus Treoir lena gcomhchuibhítear íoschaighdeáin choiteanna le haghaidh ENBanna (faoi Airteagal 114 CFAE). Thug an Coimisiún Eorpach freagra dearfach ar ghlaoch Pharlaimint na hEorpa ag roinnt an ghá timpeallacht cumasúcháin le haghaidh an earnáil neamhbhrabúsach a chruthú, lena n‑áirítear comhlachais mar an bhfoirm dhlíthiúil is mó atá ann.

    Is é is aidhm don togra feabhas a chur ar fheidhmiú margaidh inmheánach comhlachas neamhbhrabúsach trí bhíthin bearta a leagan síos lena gcomhordaítear na coinníollacha chun comhlachais trasteorann Eorpacha (ECBAnna) a bhunú agus a fheidhmiú, arb é is aidhm dó feidhmiú éifeachtach shaoirse gluaiseachta na gcomhlachas neamhbhrabúsach a oibríonn sa mhargadh inmheánach a éascú.

    Léiríonn comhlachais neamhbhrabúsacha an phríomhfhoirm dhlíthiúil i measc eagraíochtaí neamhbhrabúsacha san Aontas Eorpach, agus tá líon measta 3.8 milliún ann i mBallstáit an Aontais. Is iad comhlachais neamhbhrabúsacha an líon is mó freisin de na ceithre fhoirm dhlíthiúil a chuimsítear go traidisiúnta leis an ngeilleagar sóisialta 1 . Ina measc tá 310 000 comhlachas neamhbhrabúsach gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin, agus go teoiriciúil d’fhéadfadh 185 000 eile díobh a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí trasteorann, dá mbainfí bacainní. Is eagraíochtaí iad comhlachais neamhbhrabúsacha atá tiomanta ag príomhphrionsabail an gheilleagair shóisialta: tosaíocht na ndaoine chomh maith le cuspóir sóisialta agus/nó comhshaoil seachas brabús, an áth-infheistíocht den chuid is mó de bhrabúis agus de bharrachais chun gníomhaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le leas na gcomhaltaí/na núsáideoirí (leas comhchoiteann) nó na sochaí i gcoitinne (leas ginearálta) agus rialachas daonlathach nó rialachas rannpháirteach.

    Bíonn comhlachais neamhbhrabúsacha gníomhach in earnálacha ag a bhfuil tionchar sóisialta amhail cúram sláinte, seirbhísí cúraim, cuimsiú sóisialta, cultúr, spóirt, taighde agus forbairt, oideachas agus oiliúint, lena ndéantar ranníocaíocht 2,9 % le OTI an Aontais. Trína struchtúr comhaltaí‑bhunaithe, tá éifeacht ghiarála dírí acu freisin ar shaoránaigh atá ina gcomhaltaí, deontóirí nó tairbhithe a ngníomhaíochtaí. Gníomhaíochtaí comhlachas neamhbhrabúsach, is éard atá iontu seirbhísí de réir bhrí Airteagal 57 CFAE a sholáthraítear ar luach saothair.

    Bíonn tionchar dearfach ag comhlachais neamhbhrabúsacha ar chothroime shóisialta agus rathúnas le haghaidh saoránaigh den Aontas a áirithiú agus tá ról suntasach acu maidir le fás laistigh den mhargadh inmheánach. Mar sin féin, ní shaothraítear a n‑acmhainneacht shocheacnamaíoch go hiomlán. Ní féidir lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach mura mbaineann na rannpháirtithe uile leas as na cearta a sholáthraítear leis. Chuige sin, teastaíonn ó chomhlachais neamhbhrabúsacha creat dlíthiúil intuartha a chuireann ar a gcumas a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héasca, lena n‑áirítear nuair a dhéantar thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach iad.

    Faoi láthair, rialaítear comhlachais neamhbhrabúsacha agus a ngníomhaíochtaí trí bhíthin reachtaíocht shonrach in 24 Bhallstát 2 ar bhealach difriúil, a chruthaíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus as a neascraíonn nósanna imeachta agus ceanglais riaracháin éagsúla. Forchuirtear le rialacha maidir le foirmiú, comhaltas agus rialachas ceanglais éagsúla. Mar shampla, tá an líon daoine nádúrtha nó dlítheanacha is gá chun comhlachas neamhbhrabúsach a fhoirmiú idir 3 agus 20 ag brath ar an mBallstát. Tá feidhm ag ceanglais éagsúla a mhéid a bhaineann le teacht chun bheith ina chomhalta nó ról feidhmeannach a bheith aige sa chomhlachas neamhbhrabúsach, i gcásanna áirithe a bhaineann le náisiúntacht nó cónaí dlíthiúil. Cé go bhfuil comhlacht feidhmiúcháin agus cinnteoireachta ag comhlachais neamhbhrabúsacha uile, bíonn éagsúlacht sna rialacha a bhaineann lena rialachas ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, leanann fáil pearsantachta dlítheanaí comhlachas neamhbhrabúsach rialacha difriúla, agus deonaíonn roinnt Ballstáit pearsantacht dhlítheanach ar chlárú, Ballstáit eile ar aitheantas ag údaráis náisiúnta nó ar fhoirmiú simplí. Baineann éagsúlacht le féidearthachtaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh chomh maith. Ina theannta sin, ní thugann tromlach an-mhór de na Ballstáit aitheantas do chomhlachais ó Bhallstáit eile a fhéachann le dul i mbun gníomhaíochtaí trasteorann. Cuireann sé sin iallach ar chomhlachais neamhbhrabúsacha ar mian leo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh i mBallstát eile comhlachas neamhbhrabúsach úrnua a fhoirmiú agus a chlárú sa Bhallstát sin, lena dtugtar costais agus foirmiúlachtaí riaracháin breise le tuiscint. Bíonn iarmhairt aige sin freisin maidir le treorú caipitil idir comhlachais neamhbhrabúsacha, rud a chuireann bac ar shreabhadh éasca caipitil agus a bhaineann an bonn de chumas comhlachas neamhbhrabúsach a ngníomhaíochtaí a dhéanamh i mBallstát eile. Bíonn na rialacha éagsúil freisin maidir le rochtain ar chaipiteal agus bíonn deacrachtaí ann maidir le rochtain ar iasachtaí airgeadais, creidmheasanna agus ráthaíochtaí laistigh d’institiúidí creidmheasa. Bíonn na bacainní sin géar go háirithe mar gheall ar chineál neamhbhrabúsach na gcomhlachas, agus cuireann siad leis an ualach airgeadais a bhíonn orthu agus ag oibriú trasna teorainneacha san Aontas.

    Mar a shainaithnítear i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair lena dtacaítear leis an togra seo, forchuireann na dibhéirseachtaí sin costais chomhlíontachta nach bhfuil údar leo le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha atá ag féachaint le gníomhaíochtaí a dhéanamh i mBallstáit iolracha, cruthaíonn siad éiginnteacht maidir le hoibleagáidí is infheidhme, agus d’fhéadfadh siad stop a chur le soláthar agus forbairt bhreise seirbhísí ag a bhfuil tionchar sochaíoch sa mhargadh inmheánach. Ní hamháin go mbaineann an ilchineálacht sin bonn d’fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh, ach déanann sé dochar don tsaoirse comhlachais, in éineacht leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus, ar deireadh, cuireann sé isteach ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a n‑acmhainneacht iomlán a scaoileadh chun luach eacnamaíoch agus sochaíoch a ghiniúint san Aontas.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra san áireamh i gClár Oibre 2023 an Choimisiúin mar chuid de chreat an Gheilleagair Shóisialta faoi phríomh‑uaillmhian an Choimisiúin Geilleagar a fhóireann do dhaoine, 3  a chuireann leis an gcuspóir geilleagar atá in ann freagairt go hiomlán do riachtanais saoránach den Aontas Eorpach agus ar an gcaoi sin cothroime shóisialta agus rathúnas a áirithiú. Sa chiall sin, idirnascann sé leis na bearta a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta 4 agus in éindí leo cruthaíonn sé ‘creat an Gheilleagair Shóisialta’, mar atá: an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le ‘creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt sna Ballstáit’ 5 ; agus dhá Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin lena socraítear creataí cánachais ábhartha le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta 6 agus cánachas neamh-idirdhealaitheach ar eagraíochtaí carthanachta agus ar a ndeontóirí: prionsabal a tarraingíodh ó chásdlí an Aontais 7 . Go háirithe, cuirtear leis an Moladh ón gComhairle timpeallacht cumasúcháin le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta chun cinn, lena náirítear comhlachais, tugtar soiléireacht leis na Doiciméid Inmheánacha Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le hábhair chánachais agus cuirtear feabhas leo ar thuiscint na rialacha cánacha ábhartha le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta agus deonuithe trasteorann le haghaidh eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. Dá bhrí sin comhlánaíonn na téacsanna sin an togra reachtach seo toisc go ndéanann siad straitéisí cuimsitheacha le haghaidh eintitis an gheilleagair shóisialta, lena náirítear comhlachais neamhbhrabúsacha, agus déanann siad tagairt don réimse cánachais, nach rialaítear leis an togra.

    Leanann an togra go páirteach cuid de na réitigh a glacadh i gcomhthéacs rialacha an Aontais maidir le dlí na gcuideachtaí 8 agus le seirbhísí sa mhargadh inmheánach. Le rialacha an Aontais maidir le dlí na gcuideachtaí (Treoir AE 2017/1132) 9 , comhchuibhítear, inter alia, ceanglais agus oibríochtaí maidir le foirmiú, caipiteal agus nochtadh (cumaisc agus deighiltí intíre, comhshónna trasteorann, cumaisc agus deighiltí le haghaidh cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta) lenar féidir gnólachtaí a chur ar bun agus oibríochtaí a dhéanamh áit ar bith san Aontas. Éascaítear leis an Treoir um Sheirbhísí 10 feidhmiú na saoirse bunaíochta le haghaidh soláthraithe seirbhíse agus saorghluaiseacht na seirbhísí, agus ardcháilíocht seirbhísí a choinneáil ar bun an tráth céanna. Ar aon dul leis sin, is é is aidhm don togra dul i ngleic leis na srianta ar fheidhmiú saoirsí an mhargaidh inmheánaigh atá roimh chomhlachais neamhbhrabúsacha agus é a chur ar a chumas dóibh oibríochtaí a dhéanamh áit ar bith san Aontas, trí bhíthin fhoirm nua an chomhlachais trasteorann Eorpaigh.

    I bhfianaise a bhfuil thuas, líontar leis an Treoir bearna reachtach ós rud é nach bhfuil aon reachtaíocht tiomnaithe ar leibhéal an Aontais lena rialaítear coinníollacha le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a oibriú trasteorann sa mhargadh inmheánach 11 . Ar an gcuma sin, tá cur chuige spriocdhírithe an togra an‑éagsúil leis an gcur chuige leathan a lean togra an Choimisiúin 1992 chun foirm dhlíthiúil Eorpach a chruthú le haghaidh comhlachas (i.e. an Comhlachas Eorpach) 12 , ós rud é nach mbeartaíodh leis reacht Eorpach le haghaidh comhlachais a chruthú, agus cruthaítear leis ina ionad sin foirm dhlíthiúil náisiúnta nua lena néascaítear gníomhaíochtaí trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsach agus a soghluaisteacht agus traidisiúin náisiúnta á hurramú.

    Thairis sin, nascann an togra le rialacha an Aontais maidir le foirmeacha dlíthiúla Eorpacha eile atá ann cheana a dearadh go ginearálta chun gníomhaíochtaí trasteorann a éascú agus a fheabhsú i measc Ballstát agus níos ginearálta ar fud an Aontais, go háirithe an Ghrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE) 13 , an Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (EGTC) 14 , an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) 15 , agus an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC) 16 . Cé gur comhalta‑bhunaithe iad, níl na foirmeacha dlíthiúla sin inchomparáide le comhlachais neamhbhrabúsacha i gcomhthéacs an togra seo. Deartar chun cúraimí an‑sonrach agus teoranta a dhéanamh 17 (ERIC agus EDIC), nó tá cineál comhaltais an‑teoranta acu 18 (EGTC agus ERIC), níl siad faoi dhliteanas teoranta (GELE agus EGTC), nó níl cuspóir neamhbhrabúsach ná sriantacht neamhdháilte brabúis acu (GELE).

    Ar deireadh, ní fhéachtar leis an Treoir seo le rialáil a dhéanamh ar réimsí áirithe dlí a bhaineann le ECBAnna mar atá siad sa mhargadh inmheánach, go háirithe cánachas, dlí fostaíochta, iomaíocht, maoin intleachtúil, frithsciúradh airgid agus dócmhainneacht.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo leabaithe i gcuspóirí polaitiúla níos leithne an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (lena n‑áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’) agus tá sé ábhartha maidir le beartais eile an Aontais a cuireadh i bhfeidhm i réimsí amhail daonlathas agus cearta bunúsacha.

    Tá an togra leabaithe freisin i dtosaíocht an Choimisiúin Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach 19 agus tacaíonn sé le cuspóir polaitiúil na Deacáide Digití 2030 trí úsáid modhanna digiteacha a fheabhsú agus a spreagadh chun ualach riaracháin atá nasctha le gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach a laghdú. Tá sé sin ábhartha ar deireadh maidir leis na saoirsí chun tuairimí a nochtadh agus maidir le saoráil faisnéise sa tsochaí shibhialta a neartú, chomh maith le borradh a chur faoi rannpháirtíocht saoránach.

    Ag tabhairt aghaidh ar ghníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach, tá an togra i gcomhréir le torthaí na tuarascála bliantúla 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais 20 , a chuireann i dtábhacht gur féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta beartais agus reachtaíocht thar theorainneacha na mBallstát a mholadh, agus go bhfuil an ról atá acu ábhartha go háirithe i gcomhthéacs na ndúshlán atá ann faoi láthair roimh an Aontas. I dtaca leis sin, aithníodh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa 21 ról tábhachtach na sochaí sibhialta agus luadh inti an gá le reacht le haghaidh comhlachas trasteorann Eorpacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. D’fhéadfadh an togra giaráil dhearfach a thabhairt do chomhaontais na nOllscoileanna Eorpacha agus é mar aidhm dó comhar trasteorann níos doimhne, fadtéarmach agus solúbtha a éascú 22 . Ullmhaítear an togra freisin i dteannta an phacáiste dar teideal ‘Cosaint an Daonlathais’ a fógraíodh 23 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 50 CFAE agus ar Airteagal 114 CFAE.

    Fónann Airteagail 50(1) agus (2) CFAE, lena gcumhachtaítear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle forálacha a ghlacadh chun saoirse bunaíochta a bhaint amach, mar bhunús dlí le haghaidh bearta a éascaíonn feidhmiú an chirt bhunaíochta comhlachas atá páirteach i ngníomhaíocht eacnamaíoch agus a soghluaisteacht, e.g. aistriú na hoifige cláraithe.

    Le hAirteagal 114 CFAE, cumhachtaítear do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh is cuspóir dóibh.

    Is é is aidhm don togra feidhmiú cheart soghluaisteachta na gcomhlachas neamhbhrabúsach, agus feidhmiú éifeachtach ceart saorghluaiseachta a éascú trí bhíthin bearta a leagan síos lena gcomhordaítear na coinníollacha chun comhlachais trasteorann Eorpacha a bhunú agus a oibriú, lena bhforáiltear inter alia d’aitheantas uathoibríoch a bpearsantacht dhlítheanach ag Ballstáit, lena n‑áirithítear go bhfuil siad faoi réir oibleagáid chlárúcháin aonair agus lena bhforáiltear do rialacha comhchuibhithe maidir le soghluaisteacht (i.e. aistriú na hoifige cláraithe). Trí fhoirm dhlíthiúil nua de chomhlachais neamhbhrabúsacah a chruthú laistigh de dhlíchóras náisiúnta na mBallstát atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí trasteorann dá chuid oibríochtaí agus soghluaisteachta ar fud an Aontais agus trí na coinníollacha a leagan síos faoina gcomhair, is é an toradh atá ar an togra seo go ndéantar comhfhogasú ar ghníomhaíocht dlí agus riaracháin sna Ballstáit maidir le comhlachais neamhbhrabúsacha agus, dá bhrí sin, rannchuidíonn sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    Ina fhianaise sin, is bonn dleathach iomchuí é Airteagal 50 CFAE le haghaidh bearta a bhfuil sé d’aidhm dhíreach acu feabhas a chur ar cheart bunaíochta na gcomhlachas agus a soghluaisteacht laistigh den mhargadh inmheánach.

    Déantar Airteagal 50 CFAE a chomhcheangal le hAirteagal 114 CFAE. Go deimhin, seachas saoirse bhunaíochta a éascú, is é is aidhm don Treoir atá beartaithe a áirithiú gur féidir le comhlachais neamhbhrabúsacha leas iomlán a bhaint as saorghluaiseacht earraí, gníomhaíocht eacnamaíoch a fheidhmiú agus seirbhísí a fháil, agus gur féidir leo an tsaoirse chun caipiteal a fháil a fheidhmiú. Déanann sé amhlaidh trí dheireadh a chur le srianta, go háirithe na srianta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rialáil agus caipiteal a threorú. Dá bhrí sin, is bunús dlí breise é Airteagal 114 CFAE d’idirghabháil lena gcumhdaítear comhlachais neamhbhrabúsacha atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach, trí fhorálacha sriantacha éagsúla na mBallstát a chomhchuibhiú a mhéid a bhaineann le feidhmiú gníomhaíochta eacnamaíche agus a saoirse chuin caipiteal a fháil, a bhfuil tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Is é cuspóir foriomlán an togra bacainní a bhaint ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus soghluaisteacht trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach sa mhargadh inmheánach.

    Cuirtear luach soiléir leis trí ghníomhú ar leibhéal an Aontais toisc go bhfuil gné láidir trasteorann ag na fadhbanna lena dtéann an togra seo i ngleic. Faoi láthair, is beag an comhordú atá ann i measc na mBallstát chun éascaíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsach, a soghluaisteacht agus a gcumas saoirsí an mhargaidh inmheánaigh a theachtadh. Is cosúil, cé gur féidir go teoiriciúil é, nach dócha go dtarlóidh comhordú den sórt sin go luath amach anseo. Mar shampla, tar éis don Choimisiún a thogra lena cruthaíodh reacht le haghaidh comhlachas Eorpach a tharraingt siar in 2005, níor rith ach trí Bhallstát reachtaíocht ar bhealaí chun gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach a éascú trí bhíthin dleachtanna clárúcháin. Go háirithe, dírítear le gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht na mBallstát go príomha ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a rialú ina gcomhthéacs náisiúnta sonrach agus ní thugtar aghaidh ar an ngné trasteorann, cé is moite de chúpla Ballstát. Níl ach fócas trasteorann amháin ag an Treoir toisc go mbunaítear leis foirm dhlíthiúil lena ndírítear ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn in níos mó ná Ballstát amháin (an comhlachas trasteorann Eorpach)– agus déantar foráil léi maidir le coinníollacha a hoibríochtaí agus is é is cuspóir di cuidiú leis na comhlachais neamhbhrabúsacha sin tairbhiú go hiomlán de shaoirsí an margaidh inmheánaigh trí aitheantas a bpearsantachta dlítheanaí ar fud an Aontais agus de shoiléireacht fheabhsaithe maidir le nósanna imeachta riaracháin is infheidhme agus iad ag oibriú trasteorann. Ag brath ar ghníomhaíocht Ballstát amháin, is dócha go mairfeadh na bacainní dlíthiúla agus riaracháin a bhíonn roimh chomhlachais neamhbhrabúsacha agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí trasteorann, as a dtiocfadh leanúnachas éiginnteachta dlíthiúla agus rómhaorlathais agus gan cothrom na Féinne a cheadú do chomhlachais neamhbhrabúsacha sa mhargadh aonair.

    Trí ghníomh a dhéanamh, soláthróidh an tAontas creat soiléir agus intuartha a chuirfidh ar a chumas do chomhlachais neamhbhrabúsacha tairbhiú go hiomlán dá saoirsí inmheánach aonair agus iad ag oibriú trasteorann. Dá bhrí sin ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an tionscnaimh seo a ghnóthú go leordhóthanach ar a gconlán féin agus is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

    Comhréireacht

    Leis an togra spriocdhírítear ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn nó is mian leo a oibriú trasteorann agus ní gá go n‑eascrófar as go n‑athróidh na Ballstáit a gcuid rialacha náisiúnta maidir le comhlachais neamhbhrabúsacha atá ann cheana, agus ní bheidh impleachtaí díreacha aige ar chomhlachais neamhbhrabúsacha nach bhfuil spéis acu i ngníomhaíochtaí trasteorann. Tá ábhar agus foirm an togra, dá bhrí sin, i gcomhréir le scála agus raon feidhme na bhfadhbanna a sainaithníodh a bhíonn roimh chomhlachais neamhbhrabúsacha agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí nó soghluaisteacht trasteorann.

    Fágfar leis an bhfoirm dhlíthiúil nua a dheartar agus a thugtar isteach go sonrach ar an leibhéal náisiúnta, arb é gné lárnach an togra seo í, solúbthacht do na Ballstáit í a oiriúnú dá suíomhanna faoi seach. Ní cheanglófar leis na forálacha a fhorordaítear sa Treoir bheartaithe athrú a dhéanamh ar reachtaíocht na mBallstát lena rialaítear foirmeacha atá ann cheana de chomhlachais neamhbhrabúsacha a bunaíodh ina gcríoch.

    Léiríodh le hanailís na roghanna beartais a rinneadh sa Mheasúnú Tionchair, a chuir a n‑éifeachtacht, a n‑éifeachtúlacht, a gcomhleanúnachas agus a gcomhréireacht san áireamh, gur féidir go mbeadh tionchar dearfach ag na roghanna uile agus go raibh an rangú is airde ag an rogha a chuirtear i láthair sa togra.

    An rogha ionstraime

    Is i bhfoirm Treorach agus Rialacháin atá an togra seo.

    Le hAirteagal 50 CFAE ceanglaítear treoir a úsáid. Ina theannta sin, maidir le caoi a thabhairt do na bearta trasuímh a ndearnadh forordú orthu a oiriúnú do shuíomhanna náisiúnta, meastar gurb í an Treoir an ionstraim dlí is iomchuí agus is comhréirí chuige sin, agus go bhfuil an cumas aici, dá bhrí sin, glacadh na foirme dlíthiúla nua ag comhlachais a éascú.

    Is de chineál teicniúil é an Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 24 lenar bunaíodh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun a áirithiú go dtéann údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le chéile agus go malartaíonn siad faisnéis trí IMI nuair a chuireann siad na rialacha náisiúnta i bhfeidhm a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le forálacha an togra. Leasaítear leis sin freisin Rialachán (AE) 2018/1724 25 lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, chun a áirithiú go dtugann Ballstáit rochtain ar líne ar fhaisnéis is ábhartha maidir Comhlachais Trasteorann Eorpacha (ECBAnna) agus comhlachais neamhbhrabúsacha agus go néascaíonn siad malartú fianaise idir údaráis inniúla sna nósanna imeachta a bhaineann le ECBAnna a leagtar síos sa Treoir atá beartaithe. Is é an Rialachán an ionstraim iomchuí i bhfianaise phrionsabal comhthreomhaireachta na foirme.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Leanann an togra seo gníomhaíochtaí cuimsitheacha comhairliúcháin in éineacht le páirtithe leasmhara, is iad sin comhlachais neamhbhrabúsacha, Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha (NPOnna), saoránaigh den Aontas atá rannpháirteach i gcomhlachais neamhbhrabúsacha agus gníomhaíochtaí NPO eile, Ballstáit agus údaráis phoiblí, gnólachtaí, saineolaithe, agus taighdeoirí i ndlí neamhbhrabúsach.

    Foilsíodh comhairliúchán poiblí oscailte agus glao ar fhianaise ar an 5 Lúnasa 2022 agus bhí siad ar siúl go dtí an 3 Samhain 2022 26 . Chuir ionchur agus rannchuidithe ó pháirtithe leasmhara leis an bpróiseas méid na faidhbe agus roghanna beartais a chinneadh agus a shainmhíniú. 

    Choimisiúnaigh an Coimisiún staidéar seachtrach chun tacú le hullmhúchán an togra seo. Sa chomhthéacs seo, rinneadh comhairliúcháin spriocdhírithe bhreise leis na páirtithe leasmhara.

    Tógann an measúnú tionchair a thacaíonn le togra an Choimisiúin ar thorthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas:

    glao ar fhianaise, a fuair 50 freagra;

    comhairliúchán poiblí, a fuair 64 fhreagra;

    i gcomhthéacs an staidéir sheachtraigh, comhairliúchán spriocdhírithe trí shuirbhé ar líne, ag a raibh freagraí ó chomhlachais intíre agus trasteorann (88 san iomlán, lena náirítear brateagraíochtaí), soláthraithe seirbhíse (12 san iomlán), institiúidí an tsaoil acadúil/taighde (14 san iomlán), agus údaráis fhreagracha (11 san iomlán);

    i gcomhthéacs an staidéir sheachtraigh, 64 agallamh le comhlachais agus brateagraíochtaí a athghrúpálann comhlachais náisiúnta.

    Cé gur féidir dearbhlíon na bhfreagraí thar na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin a mheas mar theoranta go ginearálta, treisítear ionadaíochas na rannchuidithe trí rannchuidithe na 29 mbrateagraíochtaí, arbh ionann iad agus guth 3026 chomhlachas.

    Ar an bhforiomlán, léiríodh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin go bhfuil aitheantas leathan i measc na bpáirtithe leasmhara ar an ngá gníomhaíochtaí trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsach a threisiú agus tacaíocht le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais a thabhairt chun gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach sa mhargadh inmheánach a éascú 27 .

    Thuairiscigh bunús na bhfreagróirí dúshláin agus constaicí athfhillteacha agus gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh acu. Sa Ghlao ar Fhianaise, chuir na páirtithe leasmhara bacainní atá ann cheana i dtábhacht i réimsí amhail seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile gan chlárú, fadhbanna aitheantais i mBallstát eile, rochtain ar chistiú, córais agus cuir chuige CBL difriúla i dtíortha difriúla an Aontais. Sa chomhairliúchán poiblí, ba iad na saincheisteanna ab athfhilltí saincheisteanna a bhain le cáin, le próisis chlárúcháin, agus le foirmiúlachtaí riaracháin. Ba chomhchosúil na freagraí ó chomhairliúcháin spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara a thaispeáin go beacht saincheisteanna amhail tacair éagsúla rialacha náisiúnta chun comhlachais neamhbhrabúsacha a bhunú agus ina dhiaidh sin deacrachtaí comhlachais neamhbhrabúsacha a chumasc i mBallstáit éagsúla agus saincheisteanna cánach eile.

    Maidir leis an rogha beartais tosaíochta, bhí 36 % (22 as 64) de fhreagróirí uile an chomhairliúcháin phoiblí, (ina bhfuil 67 %, i.e. 43 as 64, ina cuid den earnáil neamhbhrabúis) i bhfabhar ‘foirm dhlíthiúil nua do chomhlachais’. Bhí 16 as 38 bhfreagróir a chuir in iúl go raibh siad faoi fhoirm dhlíthiúil na gcomhlachas, (i.e. 42 % de na freagróirí sin) ina fabhar chomh maith. Ba é an ‘comhchuibhiú íoschaighdeán coiteann’ (rogha beartais 2) an rogha ab fhearr ag 42 % (26 as 64) de fhreagróirí uile agus le haghaidh 32 % (12 as 38) de fhreagróirí faoi fhoirm dhlíthiúil an chomhlachais.

    I gcomhthéacs an tsuirbhé spriocdhírithe (a fuair 140 freagra), thacaigh na comhlachais neamhbhrabúsacha a thug freagra le hidirghabháil ón Aontas, agus is féidir go raibh siad i bhfabhar foirmeacha dlíthiúla nua a chruthú i dtéarmaí éifeachtachta chun oibríochtaí comhlachas i mBallstát eile a éascú, agus tacaíodh go forleathan le roghanna beartais eile freisin.

    Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le straitéis chomhairliúcháin, torthaí agus chonclúidí ó na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara in Iarscríbhinn 2 den tuarascáil ar an measúnú tionchair agus le Cloisimis uait! (europa.eu) .

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Chun tacú leis an anailís a bhí mar bhonn taca faoin measúnú tionchair, d’úsáid an Coimisiún torthaí staidéir sheachtraigh a bhí ar conradh chun tuilleadh fianaise a bhailiú ar ghníomhaíochtaí trasteorann comhlachas. Áiríodh leis anailís dhlíthiúil chomparáideach ar dhlíthe agus córais chomhlachas san Aontas, suirbhéanna spriocdhírithe agus measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil thionchair na mbeart féideartha.

    Anuas air sin, tacaíodh leis an measúnú tionchair trí bhíthin fianaise a d’eascair as an staidéar ar Anailís dhlíthiúil chomparáideach ar dhlíthe agus córais chomhlachas san Aontas , a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2022, agus an staidéir ar Anailís dhlíthiúil chomparáideach ar rialacha cumaisc a bhaineann le comhlachais san Aontas , (a foilsíodh i mí Iúil 2023). 

    Chomh maith leis na staidéir thacaíochta sin, aithníodh go raibh saineolas breise ar fáil trí thaighde litríochta agus trí na freagraí a fuarthas sna comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

    Sa chomhthéacs seo, i mí an Mheithimh agus mí na Samhna 2022 chuir an Coimisiún sainghrúpa an Choimisiúin maidir le geilleagar sóisialta agus fiontair shóisialta (GECES) ar an eolas agus phléigh sé leis faoin tionscnamh maidir le gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach.

    I dteannta na staidéir thacaíochta agus na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, thug an Coimisiún aird ar leith ar rún ó Parlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022, lena soláthraíodh moltaí don Choimisiún maidir le reacht le haghaidh comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha Eorpacha trasteorann, agus ar staidéar ó Parlaimint na hEorpa a bhí mar bhonn taca faoina rún freisin 28 .

    Measúnú tionchair

    Scrúdaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an measúnú tionchair don togra seo an 2 Márta 2023. Tar éis na tuairime diúltaí a fuarthas an 31 Márta, cuireadh measúnú tionchair athbhreithnithe faoi bhráid an Bhoird an 8 Bealtaine 2023. Tar éis thuairim dhearfach le cuntair an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 8 Meitheamh 2023, athbhreithníodh an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo chun aghaidh chuí a thabhairt ar mholtaí an Bhoird, e.g. trí rogha an bhunúis dlí a mhíniú a thuilleadh, na tionchair éagsúla i measc na roghanna beartais a shoiléiriú freisin i dtéarmaí coimhdeachta agus comhréireachta agus modheolaíocht scórála na roghanna beartais a chur i láthair ar bhealach níos gráinní.

    Rinneadh anailís leis an measúnú tionchair ar roghanna beartais ag tógáil ar an anailís ar chonstaicí a sainaithníodh i gceithre phríomhréimsí an mhargaidh inmheánaigh: i ndáil le ceart bunaíochta comhlachas neamhbhrabúsach nuair a oibríonn siad trasteorann, a gcumais seirbhísí agus earraí a sholáthar agus caipiteal a sheoladh agus a fháil; na féidearthachtaí do chomhaltas trasteorann agus rannpháirtíocht i gcomhlachtaí rialachais comhlachas neamhbhrabúsach nuair a oibríonn siad trasteorann; soghluaisteacht trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach.

    Sa chás nach mbeidh idirghabháil beartais ar leibhéal an Aontais, rialófar comhlachais neamhbhrabúsacha trí dhlí náisiúnta go heisiach fós. Sa chás bunlíne sin, léiríodh leis an measúnú tionchair gur dócha go bhfanfadh bacainní atá ann cheana, nó i gcásanna áirithe go rachaidís in olcas i bhfianaise dhúshláin shochaíocha agus forbairtí an mhargaidh. Níl reachtaíocht ag Ballstáit faoi láthair lena dtugtar aghaidh go sonrach ar ghníomhaíochtaí agus soghluaisteacht trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach, ach amháin ag cúpla tír. Thairis sin, níl aon tásc ann go bhfuil na Ballstáit ag pleanáil reachtaíochta sa spás seo. Gan aon bhealach iomchuí aitheantas a fháil ná soghluaisteacht a éascú, bheadh tairbhí teoranta ag bearta ar leibhéal na mBallstát.

    Dá bhrí sin, rinneadh measúnú ar thrí roghanna beartais chun na bacainní a bhíonn roimh chomhlachais neamhbhrabúsacha nuair a oibríonn siad trasteorann sa mhargadh inmheánach a laghdú.

    Rinneadh anailís ar an gcéad rogha beartais trí dhá fho‑rogha lena moltar tabhairt isteach: a) foirm dhlíthiúil Eorpach ar a dtugtar an ‘Comhlachas Eorpach’ lena rialófaí gnéithe uile fheidhmiúchán na foirme dlíthiúla nua sin agus chómhairfeadh sí le foirmeacha dlíthiúla náisiúnta gan a bheith ina n‑ionad. Rachadh an fhoirm Chomhlachais Eorpaigh chun tairbhe do chomhlachais neamhbhrabúsacha a bhfuil spéis acu bheith ag oibriú i mBallstáit iolracha, ach d’fhéadfaí nach mbeadh sí chomh oiriúnach do chomhlachais neamhbhrabúsacha bheaga nach mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann acu ach anois agus arís; b) foirm dhlíthiúil ar leibhéal an Aontais a bhunú ar a dtugtar an ‘Comhlachas trasteorann Eorpach’ lena gcumhdaítear gnéithe trasteorann go sonrach. Murab ionann agus an fo‑rogha faoi phointe a), ní fhorordaítear an fhoirm dhlíthiúil go foriomlán leis an bhfo‑rogha seo ach forordaítear leis gnéithe trasteorann go huileghabhálach amháin. Bheadh an dá fho‑rogha araon bunaithe ar Airteagal 352 CFAE agus dá bhrí sin chruthófaí an fhoirm dhlíthiúil nua trí rialachán.

    Moltar leis an dara rogha beartais comhchuibhiú íoschaighdeán coiteann le haghaidh gníomhaíochtaí agus soghluaisteacht trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach ar fud na mBallstát. D’éileofaí leis an rogha seo forálacha atá ann cheana a bhaint nó a leasú agus cinn nua a thabhairt isteach i ndlí Ballstáit chun na cuspóirí a bhaint amach. Spreagfaí leis an rogha seo clárú, cláir dhigiteacha, agus nósanna imeachta caighdeánaithe a bheith ar líne go hiomlán chun go n‑éascófaí clárúchán comhlachas neamhbhrabúsach a oibríonn trasteorann agus malartú faisnéise i measc Ballstát agus ar leibhéal an Aontais. Thairbheodh comhlachais neamhbhrabúsacha go huathoibríoch de na bearta comhchuibhithe sin, agus ag brath ar raon feidhme an chomhchuibhithe, is féidir go ndearnadh na rialacha nua difear do chomhlachais neamhbhrabúsacha uile. Shimpleodh comhchuibhiú páirteach dlíthe náisiúnta rialacha infheidhme maidir le comhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn i gcomhthéacsanna trasteorann, ag soláthar ceart agus coimircí le haghaidh a soghluaisteacht agus a ngníomhaíochtaí trasteorann. Bheadh Treoir san ionstraim dlí le haghaidh an rogha seo agus bheadh Airteagal 114 nó 50 CFAE sa bhunús dlí, nó teaglaim díobh, i bhfianaise raon feidhme ábhartha an tionscnaimh.

    Ar an tríú dul síos, rinneadh measúnú ar rogha beartais lena gcruthófaí ar an leibhéal náisiúnta foirm dhlíthiúil bhreise comhlachas neamhbhrabúsach a dhearfaí chun críoch trasteorann agus a d’aithneodh na Ballstáit. D’éileofaí ar gach Ballstát leis an rogha beartais seo foirm dhlíthiúil de chomhlachas neamhbhrabúsach atá spriocdhírithe chun críoch trasteorann a thabhairt isteach ina gcóras dlí náisiúnta. Ar leibhéal an Aontais, ní chuimseofaí leis ach ceanglais agus coimircí amháin a mbeadh gá leo chun na críocha trasteorann céanna a éascú, agus chómhairfeadh sí i dteannta foirmeacha dlíthiúla atá ann cheana le haghaidh comhlachas neamhbhrabúsach sa dlí náisiúnta, agus traidisiúin náisiúnta éagsúla i ndlí comhlachais a urramú an tráth céanna. Ní gá go gcláródh ‘comhlachais trasteorann’ i ngach Ballstát ar leithligh, toisc go n‑aithneofaí a bpearsantacht dhlítheanach agus a n‑acmhainneacht go huathoibríoch agus fiú i gcás ina bhfuil údar cuí le tuilleadh foirmiúlachtaí, níor cheart go n‑éileofaí ar ‘chomhlachais trasteorann’ faisnéis a sholáthar a cuireadh faoi bhráid údarás inniúil Ballstáit cheana féin. Ina ionad sin, malartófar faisnéis idir údaráis na mBallstát go digiteach.

    Soláthraítear leis an tríú rogha beartais meascán de ghnéithe ón gcéad agus dara rogha beartais, ós rud é go gcruthaítear leis foirm dhlíthiúil nua bhreise de chomhlachas neamhbhrabúsach (cosúil leis an gcéad rogha beartais), ach le forálacha atá ábhartha do ghnéithe trasteorann amháin, a d’fhéadfadh Ballstáit a oiriúnú dá suíomh náisiúnta faoi seach trí thrasuí (cosúil le rogha beartais 2), agus an gá a sheachaint rialacha maidir le foirmeacha dlíthiúla atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta a leasú.

    Cé go gcuirfeadh roghanna beartais uile le cuspóirí beartais an tionscnaimh a bhaint amach (ach ar bhealach agus go pointe difriúil), baineann na príomhdhifríochtaí eatarthu lena leibhéal comhlíontachta leis na prionsabail chomhréireachta agus choimhdeachta agus a leibhéal féidearthachta dlíthiúla i ndáil leis an bhfadhb a sainaithníodh. Sa chomhthéacs seo, d’eascair an tríú rogha mar an rogha ab fhearr, toisc go gcuidíonn sé leis an bhfadhb a sainaithníodh a réiteach agus tugann sé aghaidh ar na cuspóirí sonracha, agus tá sé spriocdhírithe agus cothromaithe i dtéarmaí costas agus tairbhe an tráth céanna 29 .

    Ina theannta sin, rinneadh leis an staidéar a bhí mar bhonn taca faoin Measúnú Tionchair meastóireacht ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an rogha beartais ab fhearr agus thángthas ar an gconclúid leis go bhfuil, go ginearálta, coinne le rogha beartais 3 go mbeidh tionchar dearfach aige ar údaráis inniúla go fadtéarmach gan costais mhóra oiriúnaithe.

    Ó thaobh an gheilleagair, ní fhorchuirtear leis an togra aon chostais. D’fhéadfadh comhlachais neamhbhrabúsacha a ghlacann an fhoirm dhlíthiúil nua teacht ar chostais áirithe, a bheidh ag brath ar cé chomh difriúil a bheadh na forálacha comhchuibhithe le rialacha náisiúnta, ach ní bheidh na costais sin suntasach. D’fhéadfadh costais neamhshuntasacha a tharlú do riaracháin phoiblí i gcás gur gá clár ar líne a fhorbairt nó a oiriúnú. Ní tharlódh costais coigeartaithe ná riaracháin do na comhlachais nach mian leo an fhoirm dhlíthiúil nua a ghlacadh. D’ísleofaí leis an rogha beartais seo costais aonuaire oibríochtaí a sheoladh agus costais athfhillteacha comhlachas neamhbhrabúsach a oibríonn trasteorann i gcomparáid leis an rogha beartais bunlíne. Níos beaichte fós, meastar gurb ionann laghdú róchostas seolta (e.g. costas faisnéise agus muirir dhíreacha) agus EUR 2 150 in aghaidh an tseolta. Laistigh den tráthchlár measúnaithe 15 bliana, d’fhéadfaí gurbh ionann laghduithe ar róchostais agus suas le EUR 338 milliún – EUR 378 milliún i gcás an mheastacháin is fearr (EUR 358 milliún don mheastachán lárnach de 166 500 comhlachas trasteorann nua sa tráthchlár measúnaithe 15 bliana). Meastar gurb ionann an laghdú ar róchostas na noibríochtaí (costais athfhillteacha, e.g. costais riaracháin agus chomhlíontachta) do chomhlachais neamhbhrabúsacha atá ag oibriú trasteorann faoi láthair agus EUR 770 milliún in aghaidh na bliana. Laistigh den tráthchlár measúnaithe de 15 bliana, d’fhéadfadh coigilteas costais a bheith suas le EUR 8.5 billiún, rud a chuirfeadh le laghdú ginearálta an ualaigh rialála. Déanann an measúnú tionchair an meastachán is fearr ar thairbhí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a ghiniúint: 157 000 – 176 000 comhlachas sa bhreis ag obair ar bhonn trasteorann, rud a chruthaíonn 64 000 – 71 000 post agus EUR 3,57 billiún – EUR 4 bhilliún breisluach, a fhreagraíonn don úsáid is mó a d’fhéadfaí a bhaint astu i gcaitheamh tráthchlár de 15 bliana 30 . 

    Maidir le tionchair shóisialta, bhí sé deacair gaolmhaireacht chúisíoch a rialú idir treoir a dhéanann níos simplí rialacha rialála agus riaracháin maidir le hoibríochtaí trasteorann  na gcomhlachas neamhbhrabúsach agus na hiarmhairtí sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, cinneadh leis an Measúnú Tionchair éifeachtaí dearfacha indíreacha ach dothomhaiste. Go háirithe, síltear go gcuireann an Treoir feabhas ar rochtain do shaoránaigh maidir le hearnálacha a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta ar fud na mBallstát (e.g. cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta, obair shóisialta mar seirbhís phobail, oideachas agus oiliúint, seirbhísí fostaíochta, etc.). Cothóidh sé tuilleadh cóineasaithe idir na samhlacha éagsúla a chuirtear ar fáil sna Ballstáit, rud a fhágann cáilíocht bhreisithe ar an bhforiomlán ar sheirbhísí den sórt sin san Aontas. A mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha, d’fhéadfadh an Treoir seo na cearta maidir le saoirse cruinnithe agus saoirse comhlachais a neartú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ós rud é go gcaithfí ar bhealach cothrom le comhlachais neamhbhrabúsacha a úsáideann na foirmeacha dlíthiúla nua agus na comhlachais neamhbhrabúsacha atá ann cheana féin faoi dhlíthe náisiúnta. De réir taighde deisce agus torthaí comhairliúcháin phoiblí, trí fheabhas a chur ar choinníollacha do chomhlachais neamhbhrabúsacha chun feidhmiú sa mhargadh inmheánach, síltear go bhfuil tionchar dearfach ag an tríú rogha beartais ar na cearta maidir le saoirse cruinnithe agus saoirse comhlachais agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil de chomhlachais neamhbhrabúsacha agus dá gcomhaltaí san Aontas.

    I bprionsabal, níltear ag súil go nginfear tionchair dhíreacha intomhaiste ar an gcomhshaol le cineál agus cuspóirí an tionscnaimh. Nuair a bhreathnaítear ar na buntáistí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann, tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an rogha beartais ab fhearr trí fheabhas a chur ar staid agus láithreacht na gcomhlachas neamhbhrabúsach a oibríonn ar bhonn trasteorann agus atá gníomhach in earnáil an chomhshaoil agus an athraithe aeráide, amhail an bhithéagsúlacht a chur chun cinn, cosaint an dúlra agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

    Bheadh tionchar eacnamaíoch indíreach ag an tionscnamh seo freisin ar nuálaíocht agus iomaíocht in earnálacha criticiúla ag a bhfuil ard‑ábharthacht shochaíoch (e.g. cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta, obair shóisialta, lánpháirtíocht oibre, seirbhísí oiliúna agus oideachais, seirbhísí fostaíochta agus taighde agus forbairt). Le níos lú bacainní do chomhlachais neamhbhrabúsacha laistigh den mhargadh inmheanach, beidh méadú ar líon na seirbhísí agus na dtáirgí a chuirtear ar fáil ar na margaí náisiúnta, chomh maith le níos mó comhair agus iomaíochta. Leis sin cothófar nuálaíocht agus cáilíocht phraghais do sheirbhísí agus earraí.

    Ar deireadh, cuireann an tionscnamh le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), agus tacaíonn sé go háirithe le SDG 8 ( fás eacnamaíoch marthanach cuimsitheach inbhuanaithe agus lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách ), trí chruthú post a chur chun cinn agus feabhas a chur ar rochtain chothrom agus ionchuimsitheach ar dheiseanna eacnamaíocha. Rannchuidíonn sé sin le SDG 16 ( Sochaithe córa, síochánta agus ionchuimsitheacha ), trí shochaí shibhialta a neartú trí chomhlachais agus eintitis eile a chosaint.

    Cearta bunúsacha

    Cé go bhfuil an togra seo bunaithe go príomha ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do chomhlachais neamhbhrabúsacha a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann, beidh tionchar dearfach aige sin freisin ar chosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach. Mar shampla, le feabhas a chur ar na coinníollacha do chomhlachais neamhbhrabúsacha chun feidhmiú sa mhargadh inmheánach, neartófar na saoirsí chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 11 den Chairt) agus an tsaoirse comhthionóil agus comhlachais (Airteagal 12 den Chairt) san Aontas. Cuirfidh sé sin comhlachais neamhbhrabúsacha, ar mhaith leo obair a dhéanamh ar bhonn trasteorann, ar a gcumas méadú a dhéanamh go héifeachtúil, agus ar an dóigh sin na cearta bunúsacha a bhaineann leis sin a fheidhmiú ar scála níos mó freisin, trí leas a bhaint as creat dlíthiúil níos chomhoiriúnaí, rud nach ndéanfadh faillí sna sainiúlachtaí náisiúnta.

    Ón dearcadh sin, beidh éifeachtaí iarmharta dearfacha ag an tionscnamh seo ar an tsochaí shibhialta san Aontas a neartú agus an treocht fhoriomlán a laghdú maidir leis an spás sibhialta laghdaithe a fheictear san Eoraip, trí ghníomhaíochtaí trasteorann a éascú agus soghluaisteacht na gcomhlachas neamhbhrabúsach agus iad a chur ar a gcumas chun comhaltaí, oibrithe deonacha agus grúpaí leasmhara a oibríonn sa mhargadh aonair a shlógadh. Leis an togra bheadh sé níos éasca do chomhlachais neamhbhrabúsacha aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí ar fud na mBallstát agus chuirfeadh sin ar a gcumas, ar an gcéad dul síos, leas a bhaint as a n‑acmhainneacht eacnamaíoch agus, ar an dara dul síos, a n‑acmhainneacht maidir le tairseach rannpháirtíocht na saoránach a laghdú sna comhlachais neamhbhrabúsacha ar fud an Aontais (mar a léirítear sa tuarascáil ar an measúnú tionchair, Roinn 4 maidir le cuspóirí ginearálta). Ar deireadh, beidh tionchar dearfach indíreach ag an tionscnamh ar spás daonlathach an Aontais.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Leagtar amach na himpleachtaí a bhaineann leis na hacmhainní buiséadacha, daonna agus riaracháin sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Treorach agus tuairisceoidh sé don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa gach 7 bliana. Chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh, lorgóidh an Coimisiún aiseolas ó príomhpháirtithe leasmhara maidir le tionchar an togra, lena n‑áirítear buntáistí, míbhuntáistí agus aon dúshláin phraiticiúla i dtaca le cur chun feidhme do na Ballstáit agus na comhlachais neamhbhrabúsacha. Le lúb aiseolais tráthrialta, beifear in ann sonraí a bhailiú ó Bhallstáit maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (ECBAnna) atá cláraithe ina gcríocha.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Chun cur chun feidhme ceart an togra seo a áirithiú, tá gá le doiciméid mhíniúcháin, ar doiciméid iad lena mínítear an ghaolmhaireacht idir a chomhpháirteanna agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leis an Treoir atá beartaithe, leagtar síos bearta lena gcomhordaítear na coinníollacha maidir le ‘comhlachais trasteorann Eorpacha’ (ECBAnna) a bhunú agus a oibriú, agus é mar aidhm leis sin éascaíocht a dhéanamh do chomhlachais neamhbhrabúis a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach, ar cearta iad a bhaineann leis an tsaoirse bhunaíochta, le saorghluaiseacht chaipitil, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus a fháil agus le saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach.

    Tá na forálacha seo a leanas ann:

    I gCaibidil 1, ar an gcéad dul síos, tá forálacha ginearálta amhail ábhar agus raon feidhme (Airteagal 1) agus na sainmhínithe (Airteagal 2). Ar an dara dul síos, sonraítear ann na saintréithe maidir le ECBA (Airteagal 3) agus na rialacha infheidhme maidir leis (Airteagal 4). Ar an tríú dul síos, leis sin tugtar do ECBAnna an phearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlítheanach agus an t‑aitheantas uathoibríoch dóibh sna Ballstáit uile (Airteagal 5). Ar an gceathrú dul síos, leis sin leagtar síos na rialacha comhchoiteanna do ECBAnna maidir lena reachtanna (Airteagal 6), rialú (Airteagal 7), agus ballraíocht (Airteagal 8).

    Liostaítear i gCaibidil 2 na cearta agus na srianta toirmiscthe de ECBAnna. Baineann ECBA leas as prionsabail na córa comhionainne (Airteagal 9) agus an neamh‑idirdhealaithe (Airteagal 10). Ba cheart gach cinneadh a dhéanann údaráis riaracháin sna Ballstáit maidir le ECBA a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach (Airteagal 11). Níor cheart do ECBA clárú ach amháin i mBallstát amháin chun pearsantacht dhlítheanach agus acmhainneacht a fháil, agus is féidir leis na Ballstáit bhaile nó óstacha, ach amháin ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail, foirmiúlachtaí breise a iarradh (Airteagal 12). Ba cheart do ECBA a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar chistiú sa Bhallstát/sna Ballstáit ina n‑oibríonn sé agus níor cheart dó a bheith srianta maidir lena chumas cistiú a sholáthar nó a fháil, ach amháin a mhéid a fhorordaítear na srianta sin le dlí, a bhfuil údar leo ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail, atá iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach. (Airteagal 13). Ina theannta sin, ba cheart do ECBA a bheith in ann seirbhísí a sholáthar agus a fháil agus earraí a thrádáil (Airteagal 14). Thairis sin, níor cheart do ECBA a bheith faoi réir srianta áirithe bunaithe, mar shampla, ar an náisiúntacht dá mbaill (Airteagal 15).

    Baineann Caibidil 3 leis na rialacha maidir le bunú agus clárú ECBA agus tá dhá roinn ann. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcruthófar ECBA trí bhíthin a chláraithe agus go bhfuil ar a laghad 3 chomhalta bunaidh aige (Airteagal 16). Soláthraítear leis an gcaibidil seo rialacha a bhaineann le comhlachas neamhbhrabúsach a aistriú ina ECBA (Airteagal 17). Leagtar síos ann na rialacha maidir le hiarratas ar chlárúchán (Airteagal 18) chomh maith leis an nós imeachta clárúcháin (Airteagal 19). Sonraítear ann gur cheart do na Ballstáit clár a bhunú chun ECBAnna a chlárú (Airteagal 20) agus ábhar an deimhniúcháin ECBA (Airteagal 21).

    Leagtar síos i gCaibidil 4 na rialacha maidir le cearta soghluaisteachta ECBA. Baineann sé sin go sonrach leis an bhféidearthacht atá ag ECBA a oifig chláraithe a aistriú gan an t‑aistriú sin agus díscaoileadh ECBA lena mbaineann (Airteagal 22) agus an nós imeachta chun oifig chláraithe ECBA a aistriú (Airteagal 23) mar thoradh air sin.

    Tá forálacha maidir le ECBA a dhíscaoileadh i gCaibidil 5. Chun bheith níos beaichte, leagtar síos ann na rialacha maidir leis an díscaoileadh deonach (Airteagal 24) agus an díscaoileadh ainneonach (Airteagal 27). Ina theannta sin, áirítear leis sin go bhfuil leachtú mar chuid de dhíscaoileadh ECBA, rud nach mór a bheith i gcomhréir leis an srian neamh-dháileadh atá nasctha lena chuspóir neamhbhrabúis (Airteagal 25).

    Áirítear i gCaibidil 6 forálacha maidir le forfheidhmiú, comhar agus faireachán ar na rialacha atá sa togra. Baineann sé seo le hainmniú an údaráis inniúil a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an togra seo (Airteagal 27) a chur i gcrích; an comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát agus an faireachán a dhéanann an Choimisiún ar an úsáid a bhaintear as an gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i gcomhthéacs an chomhair seo (Airteagal 28); na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an Treoir beartaithe seo (Airteagal 29).

    Leagtar amach i gCaibidil 7 na forálacha críochnaitheacha a ligfear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh (Airteagal 30), maidir le trasuí an togra seo (Airteagal 31) agus an teacht i bhfeidhm (Airteagal 32) chomh maith le seoltaí an togra (Airteagal 33).

    Tá Rialachán ag gabháil leis an Treoir, rud atá de chineál teicniúil agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 lenar bunaíodh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun a áirithiú go dtéann údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar agus go ndéanann siad faisnéis a mhalartú tríd an IMI i gcás ina bhfuil na rialacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm acu i gcomhréir le forálacha an togra (Airteagal 1). Leasaítear leis sin freisin Rialachán (AE) 2018/1724 31 lenar bunaíodh an Tairseach Aonair Dhigiteach, chun a áirithiú go dtugann Ballstáit rochtain ar líne ar fhaisnéis maidir le ECBAnna agus comhlachais neamhbhrabúsacha agus go ndéanann siad malartú fianaise a éascú idir údaráis inniúla le linn na nósanna imeachta a bhaineann le ECBAnna, mar a leagtar síos sa Treoir atá beartaithe (Airteagal 2).

     

    2023/0315 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 32 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)I gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina bhfuil saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil le háirithiú. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, déantar foráil le hAirteagal 50 CFAE, gur féidir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomhú trí bhíthin treoracha chun saoirse bunaíochta a fháil a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht áirithe. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 114 CFAE, go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh is cuspóir dóibh.

    (2)Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le bacainní ar fhorbairt gníomhaíochtaí comhlachas neamhbhrabúsach ar fud na mBallstát chun a saoirse bhunaíochta a bhaint amach, chomh maith le saoirsí bunúsacha eile amhail an tsaoirse chun caipiteal a sholáthar agus a fháil agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus a fháil laistigh den mhargadh inmheánach. Trí fhorálacha an dlí náisiúnta a chomhfhogasú, rud a dhéanann difear d’fheidhmiú na saoirsí sin, tá an Treoir seo ag freastal ar an gcuspóir maidir le feidhmiú an margaidh inmheánaigh a fheabhsú. Agus, ar an gcaoi sin, beidh an Treoir seo ag freastail a thuilleadh ar na cuspóirí maidir le lánpháirtíocht Eorpach a neartú, cothroime shóisialta agus rathúnas a chur chun cinn do shaoránaigh den Aontas Eorpach agus feidhmiú éifeachtach saoirse comhlachais agus saoirse comhthionóil a éascú ar fud an Aontais.

    (3)Ghlac Parlaimint na hEorpa le rún an 17 Feabhra 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le reacht le haghaidh comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha trasteorann Eorpacha 33 .

    (4)An 9 Nollaig 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta 34 . Sa phlean gníomhaíochta, chuir an Coimisiún bearta sonracha chun cinn chun deiseanna d’eintitis an gheilleagair shóisialta gnólachtaí a thosú agus a mhéadú agus lena áirithiú go bhfuil an geilleagar sóisialta agus an acmhainneacht a bhaineann leis níos feiceálaí. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh an bplean gníomhaíochta ina rún a eisíodh an 6 Iúil 2022 35 .

    (5)Ag leanúint ar aghaidh ón bplean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta, mhol an Coimisiún bearta coincréiteacha chun tacú leis an ngeilleagar sóisialta, lena dtugtar tús áite do dhaoine agus do chúiseanna sóisialta agus comhshaoil seachas brabús. Leis an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creat-dálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt an 13 Meitheamh 2023 36 áirítear moltaí do na Ballstáit chun straitéisí don gheilleagar sóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ar an lá céanna, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá Dhoiciméad Inmheánach Oibre freisin chun feabhas a chur ar an tuiscint ar rialacha cánach ábhartha maidir le heintitis 37 an gheilleagair shóisialta agus tabhartais trasteorann 38 ar de leas an phobail iad.

    (6)I measc na bhfoirmeacha dlíthiúla atá ar fáil san earnáil neamhbhrabúsach agus sa gheilleagar sóisialta, is é foirm dhlíthiúil an chomhlachais neamhbhrabúsaigh an rogha a dhéantar i bhformhór na gcásanna. I dteannta rannchuidiú le cuspóirí an Aontais agus le spriocanna atá chun leasa an phobail a bhaint amach, rannchuidíonn comhlachais neamhbhrabúsacha go mór leis an margadh inmheánach trí réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh ar bhonn tráthrialta, mar shampla trí sheirbhísí a chur ar fáil sna hearnálacha amhail seirbhísí sóisialta agus an earnáil sláinte, an earnáil cumarsáide agus faisnéise, an abhcóideacht, earnáil an chultúir, cosaint an chomhshaoil, oideachas, caitheamh aimsire, spóirt, agus an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíoch a chur chun cinn. Tá sé sin fíor nuair is é saothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha príomhghníomhaíocht nó príomhchuspóir an chomhlachais neamhbhrabúsaigh, agus i gcásanna eile.

    (7)Tá geilleagar margaidh inmheánaigh lánfheidhmiúil do ghníomhaíochtaí na gcomhlachas neamhbhrabúsach fíor-riachtanach chun fás eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn ar fud na mBallstát. Faoi láthair, tá bacainní laistigh den mhargadh inmheánach a chuireann bac ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a noibríochtaí a leathnú níos faide dá dteorainneacha náisiúnta agus dá bhrí sin cuirtear bac ar oibriú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh. Éilítear le hobair a dhéanamh i dtreo margadh inmheánach atá go hiomlán éifeachtach go mbeadh lán saoirse bunaíochta ann le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile a chuireann le cuspóirí an Aontais.

    (8)Chun fíormhargadh inmheánach a bhunú do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na gcomhlachas neamhbhrabúsach, is gá deireadh a chur le haon srian gan údar a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta, saorghluaiseacht seirbhísí, saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht chaipitil ag a bhfuil feidhm fós i ndlíthe Ballstáit áirithe. Cuireann na srianta seo bac ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a fheidhmiú ar bhonn trasteorann, ní hamháin toisc go bhforchuireann siad gá sonrach orthu maidir le hacmhainní a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí riaracháin nó comhlíontachta, rud ag a bhfuil éifeacht dhíspreagtha go háirithe i bhfianaise a gcineáil neamhbhrabúsaigh.

    (9)Eascraíonn na bacainní seo as neamhréireachtaí i gcreataí dlíthiúla náisiúnta na mBallstát. Tá an creat dlíthiúil ar an mbonn a dhéanann comhlachais neamhbhrabúsacha a ngníomhaíochtaí san Aontas bunaithe ar an dlí náisiúnta, gan comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Faoi láthair, ní fhaigheann comhlachais neamhbhrabúsacha aitheantas aonfhoirmeach dá bpearsantacht dhlítheanach agus dá nacmhainneacht ar fud an Aontais agus go minic is gá dóibh clárú den dara uair nó eintiteas dlítheanach nua a bhunú fiú chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i mBallstát seachas an ghníomhaíocht ina bhfuil siad bunaithe. Tá na heilimintí bunúsacha a bhaineann le soghluaisteacht na gcomhlachas neamhbhrabúsach laistigh den Aontas fós rialáilte go huireasach, rud a chruthaíonn débhrí dhlíthiúil do na comhlachais neamhbhrabúsacha uile a dhéanann gníomhaíochtaí ar bhonn trasteorann. Mar shampla, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlachais neamhbhrabúsacha a noifig chláraithe a athlonnú chuig Ballstát nua, tá éiginnteacht ann fós maidir le hathlonnú. Go háirithe, cuireann an easpa féidearthacht go naistreofaí an oifig chláraithe gan dul faoi leachtú bac ar chomhlachais neamhbhrabúsacha gníomhú, bogadh agus athstruchtúrú a dhéanamh thar theorainneacha laistigh den Aontas. Bíonn éagsúlachtaí ann maidir le rialacha náisiúnta agus go minic ní éiríonn leo réitigh shoiléire agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar maidir le soghluaisteacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha na gcomhlachas neamhbhrabúsach trasteorann a fheidhmiú.

    (10)Is gá leis an gcumas rochtain a fháil ar chistí agus caipiteal, agus iad a dhíriú go héifeachtúil thar theorainneacha, chun gníomhaíochtaí na gcomhlachas neamhbhrabúsach a éascú sa mhargadh inmheánach. Áirítear leis sin luach saothair as gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ach tabhartais, oidhreacht, nó cineálacha eile cistiúcháin. Creataí rialála éagsúla agus srianta atá ann cheana sna Ballstáit a mhéid maidir le fáil, tabhartais a shireadh agus ranníocaíochtaí eile den sórt sin a lorg agus a fháil i cibé foirm agus mar thoradh air sin beidh ilroinnt sa mhargadh inmheánach agus is rud é a bheidh ina bhacainn ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    (11)Thairis sin, le dlíthe Ballstáit áirithe, ceanglaítear ceanglais maidir le náisiúntacht nó cónaí dlíthiúil ar chomhaltaí na gcomhlachas neamhbhrabúsach nó ar chomhalta an chomhlachta feidhmiúcháin de chomhlachais neamhbhrabúis den sórt sin. Ba cheart ceanglais den sórt sin a dhíothú chun feidhmiú saoirse bunaíochta agus saoirse comhlachais de shaoránaigh den Aontas Eorpach a chosaint.

    (12)Tá an tsaoirse comhlachais ríthábhachtach d’fheidhmiú an daonlathais, toisc go bhfuil sé ina choinníoll fíor-riachtanach maidir le feidhmiú cearta bunúsacha eile ag daoine aonair, lena náirítear an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Mar a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (CFR) agus sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR), is ceart bunúsach í an tsaoirse comhlachais.

    (13)Is gá, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm lena néascófar saothrú gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas neamhbhrabúsach. Ba cheart na rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le comhlachais trasteorann a chomhchuibhiú ionas go bhféadfaidh na comhlachais neamhbhrabúis sin a bheith i bhfoirm dhlíthiúil atá ceaptha go sonrach chun oibríochtaí a éascú ar bhonn trasteorann. Ba cheart an fhoirm dhlíthiúil sin a sholáthar i ndlíchórais intíre na mBallstát trína rialacha faoi seach maidir le comhlachais neamhbhrabúis a oiriúnú. Ba cheart do na Ballstáit uile aitheantas a thabhairt go huathoibríoch don fhoirm seo, a ainmneofar an ‘Comhlachas Trasteorann Eorpach’, (‘ECBA’), agus leis an bhfoirm sin ceadófar do chomhlachais neamhbhrabúsacha bacainní a bhíonn orthu sa mhargadh inmheánach a shárú sa mhargadh inmheánach, agus traidisiúin na mBallstát maidir le comhlachais neamhbhrabúsacha a urramú ag an am céanna.

    (14)Ina theannta sin, nuair a cheadaítear go hiomlán do chomhlachais neamhbhrabúsacha an tsaoirse bunaíochta a bheith acu san Aontas trí chlárú aonair a bheadh bailí ar fud an Aontais agus aitheantas uathoibríoch ar a bpearsantacht dhlítheanach, is rud é sin a bhaineann go díreach le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus leis an bhféidearthacht chun tairbhiú go héifeachtach de na cearta a eascraíonn as an tsaoirse , agus atá riachtanach dóibh.

    (15)Níor cheart cead a bheith ag ceardchumainn agus comhlachais ceardchumann ECBA a bhunú, ós rud é go bhfuil stádas ar leith acu sa dlí náisiúnta.

    (16)Agus níor cheart cead a thabhairt do pháirtithe polaitiúla comhlachais de chuid páirtithe polaitiúla ECBA a bhunú ach an oiread, ós rud é go dteachtann siad stádas ar leith laistigh de dhlí náisiúnta agus dlí an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 .

    (17)Níor cheart cead a thabhairt ach an oiread d’eaglaisí agus eagraíochtaí reiligiúnacha eile ná eagraíochtaí fealsúnacha nó neamhchreidmheacha, de réir bhrí Airteagal 17 CFAE, chomh maith le comhlachais de na heintitis sin, chun ECBA a bhunú, mar gheall ar easpa inniúlacht an Aontais rialú a dhéanamh ar a stádas, agus mar gheall go bhfuil stádas ar leith sa dlí náisiúnta.

    (18)Ba cheart ECBA a bhunú mar thoradh ar chomhaontú idir daoine nádúrtha ar dhaoine iad ar saoránaigh de chuid an Aontais iad nó ar náisiúnaigh tríú tír iad, nó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe go dlíthiúil san Aontas, seachas daoine a ciontaíodh i gcionta a bhaineann le sciúradh airgid, i gcionta preideacáide gaolmhara 40 , nó i maoiniú sceimhlitheoireachta nó atá faoi réir bearta a thoirmeasc a choisceann orthu feidhmiú i mBallstát ar na forais chéanna. I bhfianaise chuspóir neamhbhrabúsach an ECBA, i gcás ina mbunaítear ECBA trí eintitis dhlítheanacha, ba cheart cuspóir neamhbhrabúsach a bheith acu sin freisin.

    (19)Ba cheart go gciallódh cuspóir neamhbhrabúsach ECBA i gcás ina bhfuil brabús á ghiniúint trí bhíthin gníomhaíochtaí eacnamaíocha, níor cheart é a úsáid ach amháin chun cuspóirí ECBA, mar atá sainithe ina reachtanna, a shaothrú, agus nach bhféadfar é a athdháileadh. Dá bhrí sin, ba cheart glas sócmhainní a bheith ann lena gceanglaítear nach ndéanfar aon dáileadh sócmhainní ar chomhaltaí, fiú i gcás díscaoileadh. Sa chás deireanach sin, ba cheart sócmhainní iarmharacha a aistriú ar bhealach neamhleasmhar, amhail chuig comhlachais neamhbhrabúis eile a bhfuil an cuspóir céanna acu.

    (20)I sochaí ina bhfuil an tiolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim, ba cheart do ECBAnna cuspóirí a shaothrú atá comhoiriúnach leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) amhail meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Ina theannta sin, níor cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as ECBAnna le haghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta, imghabháil cánach, seachaint cánach, sciúradh airgid nó aon chionta coiriúla nó chun críocha neamhdhleathacha.

    (21)Is gné lárnach í an ghné thrasteorann a bhaineann le ECBA. Dá bhrí sin, ba cheart do ECBA gníomhaíochtaí a dhéanamh nó ba cheart cuspóir a bheith aige ina reachtanna cuid dá ghníomhaíochtaí ar a laghad a dhéanamh thar theorainneacha san Aontas, in ar a laghad dhá Bhallstát, agus comhaltaí bunaidh a bheith aige a bhfuil naisc acu le dhá Bhallstát amháin ar a laghad, bunaithe ar shaoránacht nó ar áit chónaithe i gcás daoine nádúrtha, nó bunaithe ar shuíomh a noifige cláraithe, i gcás eintitis dhlítheanacha.

    (22)Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ECBAnna cuspóirí is bonn lena gcruthú, ba cheart méid an chomhchuibhithe ar ghnéithe agus ar chearta ECBA a bheith comhréireach le scála agus le raon feidhme na bhfadhbanna arna sainaithint a mbíonn ar chomhlachais neamhbhrabúsacha aghaidh a thabhairt orthu agus iad i mbun gníomhaíochtaí trasteorann.

    (23)Coinníoll riachtanach é chun cothrom iomaíochta a áirithiú do gach ECBA is ea comhchuibhiú a dhéanamh ar fud an Aontais ar phríomhghnéithe phearsantacht dhlítheanach ECBA agus ar a naitheantas uathoibríoch ar fud na mBallstát agus ar an nós imeachta clárúcháin, gan rialacha éagsúla a leagan síos maidir leis na saincheisteanna sin. Na gnéithe de ghníomhaíochtaí ECBA nach gcomhchuibhítear leis an Treoir seo, ba cheart a rialú leis na rialacha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcineál comhlachais neamhbhrabúsacha is cosúla sa dlí náisiúnta. Ba cheart d’eintitis den sórt sin, go neamhspleách ar a nainm sa dlíchóras intíre, a bheith bunaithe ar bhallraíocht i ngach cás, ba cheart cuspóir neamhbhrabúis a bheith acu, agus ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith acu. Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i leith na rialacha sin.

    (24)Chun a áirithiú go mbeidh na huirlisí iomchuí ag na Ballstáit chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus chun trédhearcacht gluaiseachtaí caipitil áirithe a áirithiú, ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le ECBAnna mar a dhéantar faoin Treoir seo a bheith gan dochar do bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun mí-úsáid comhlachas neamhbhrabúsach ar chúiseanna beartais phoiblí agus slándála poiblí a chosc agus chun trédhearcacht gluaiseachtaí caipitil áirithe a áirithiú nuair a cheanglaítear sin le dlí an Aontais, nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

    (25)Chun bacainní dlíthiúla agus riaracháin a bhaint i gcomhair comhlachais neamhbhrabúsacha a fheidhmíonn i níos mó ná Ballstát amháin agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit uile pearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlíthiúil ECBA a aithint go huathoibríoch. Ba cheart an phearsantacht dhlítheanach sin agus an inniúlacht dhlítheanach a dheonú ar chlárú do ECBA i mBallstát.

    (26)Ba cheart do ECBAnna a bheith in ann cinneadh a dhéanamh gan bhac maidir lena rialacha oibríochta. Ní fhéadfaidh leis na Ballstáit srianta a fhorchur, ach amháin i gcás ina gcuirtear srian i bhfeidhm ar bhealach ginearálta agus neamh‑idirdhealaitheach, mar a fhorordaítear le dlí, agus gur chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an leas poiblí an túdar leo, agus a mhéid atá an srian sin iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach.

    (27)Tá feidhm freisin ag Airteagail 52, 62 agus 65 CFAE agus ag cásdlí ábhartha maidir le ECBA freisin. Leis na hAirteagail sin de CFAE déantar foráil maidir le húdar a thabhairt do bhearta a chuireann srian ar shaoirse bunaíochta, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus saorghluaiseacht chaipitil ar fhoras lena náirítear beartas poiblí, slándáil phoiblí agus sláinte phoiblí. Ina theannta sin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais, ina cás dlí, forbairt ar an gcoincheap maidir le ‘cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail’ ina ndéantar tagairt d’fhorálacha áirithe na treorach seo. Maidir le bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit lena bhféadfaí bac a chur ar fheidhmiú shaoirsí an Chonartha sin, nó a d’fhéadfadh a fhágáil gur lú an mhealltacht a bheadh ann na saoirsí sin a fheidhmiú, níor cheart iad a cheadú ach amháin i gcás ina bhféadfaí údar a thabhairt leo le cuspóirí a liostaítear sa Chonradh nó le cúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail a aithnítear faoi dhlí an Aontais. Cé nach ann do shainmhíniú uileghabhálach, d’aithin an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir réasúnuithe a thabhairt ar fhorais éagsúla amhail an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí agus an tsláinte phoiblí, an tord poiblí a choinneáil sa tsochaí, cuspóirí beartais shóisialta, cosaint faighteoirí seirbhísí, cosaint tomhaltóirí, cosaint oibrithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile. Ní mór na bearta sin, in aon chás, a bheith iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá i gceist agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (28)D’fhonn cur chuige coiteann agus iomchuí a áirithiú maidir le rialachas ar fud an Aontais, ba cheart go gcuimseodh ECBA comhlacht cinnteoireachta a chiallaíonn an comhlacht ina mbailítear le chéile na comhaltaí uile, a dtugtar an cruinniú ginearálta nó an comhthionól ginearálta air go traidisiúnta i roinnt Ballstát. Ba cheart go gcuimseodh ECBA freisin comhlacht feidhmiúcháin, dá ngairtear coiste feidhmiúcháin nó bord stiúrthóirí go traidisiúnta i roinnt Ballstát; ba cheart don chomhlacht feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar riarachán, ar bhainistiú agus ar stiúradh ECBA. Ba cheart dó comhlíonadh reachtanna ECBA agus oibleagáidí dlíthiúla a áirithiú freisin, agus ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA agus é ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla. Ba cheart triúr ar a laghad a bheith i gcomhlacht feidhmiúcháin ECBA, bíodh siad ina ndaoine nádúrtha nó ina neintitis dhlíthiúla trína nionadaithe.

    (29)Chun a áirithiú go mbeidh ECBAnna in ann a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach agus chun cóir chomhionann a áirithiú i leith comhlachais neamhbhrabúsacha sa dlí náisiúnta, níor cheart caitheamh le ECBA le níos lú fabhair ná an comhlachas neamhbhrabúsach is mó is cosúil leis i ndlíchóras baile an Bhallstáit baile ina noibríonn sé.

    (30)I gcomhréir le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus chun an tsaoirse comhlachais a áirithiú, agus an Treoir seo á cur chun feidhme agus á cur i bhfeidhm, níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh in aghaidh aon ghrúpa nó aon duine aonair ar aon fhorais, amhail breith, aois, dath, gnéas agus inscne, claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne, riochtaí sláinte, stádas inimirce nó cónaitheachta, tréithe géineolaíocha, teanga, bunús náisiúnta, eitneach nó sóisialta, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, míchumas fisiciúil nó meabhrach, maoin, cine, reiligiún nó creideamh, nó stádas eile.

    (31)Chun comhar i measc na mBallstát agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil a ainmniú a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na rialach lena dtrasuitear an Treoir seo (‘údarás inniúil’). Ba cheart don Choimisiún liosta na núdarás inniúil a fhoilsiú. Chun forbhreathnú cuimsitheach a fháil ar an mbealach dlíthiúil a chaitear le ECBAnna sna Ballstáit, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi ainmneacha agus cúraimí na núdarás ábhartha, seachas na húdaráis inniúla, arna mbunú nó arna nainmniú chun críocha na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhlachas neamhbhrabúsach is mó is inchomparáide sa dlí náisiúnta, más infheidhme.

    (32)I gcomhréir leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 47 CFR agus Airteagal 13 ECHR, ba cheart cinntí arna ndéanamh ag údaráis inniúla agus forálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Ba cheart athbhreithniú breithiúnach den sórt sin a bheith ar fáil do ECBAnna mar aon le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha eile, i leith cinntí arna ndéanamh ag údaráis inniúla maidir le ECBAnna, lena náirítear i gcásanna ina mainnítear gníomhú. Áirítear leis an gceart chun athbhreithniú breithiúnach a fháil an ceart chun éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha i gcomhréir le Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    (33)I bhfianaise a gcuspóra neamhbhrabúsaigh, ba cheart do ECBAnna a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar chistiú ó fhoinse phoiblí nó foinse phríobháideach sna Ballstáit ina noibríonn siad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart aon srian a bheith ar cheart ECBA cistiú a fháil agus a sholáthar, ach amháin i gcás ina bhforordaítear srian le dlí, ina bhfuil údar maith leis ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail, ina bhfuil sé iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais.

    (34)Chun a áirithiú go mbaineann ECBAnna tairbhe go hiomlán as an margadh inmheánach, ba cheart do ECBAnna a bheith in ann seirbhísí a sholáthar agus a fháil, chomh maith le gabháil do thrádáil earraí gan trasnaíocht na mBallstát. Níor cheart srianta a cheadú ach amháin má fhorordaítear le dlí iad, má tá údar leo ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe le leas an phobail, agus má tá siad iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus más rud é nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear d’fhorálacha gníomhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart go náireofaí leis sin forálacha gníomhartha de chuid an Aontais a threisíonn na saoirsí bunúsacha, amhail na cinn a leagtar síos i dTreoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 lena ráthaítear an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar chomh maith le forálacha gníomhartha eile de chuid an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha a mbíonn ECBAnna ag gabháil dóibh.

    (35)Chun fíormhargadh inmheánach a bhunú do chomhlachais neamhbhrabúsacha, is gá deireadh a chur le srianta áirithe a bhaineann leis an tsaoirse bunaíochta, saorghluaiseacht seirbhísí, agus saorghluaiseacht chaipitil ag a bhfuil feidhm fós i ndlíthe Ballstáit áirithe. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit aon cheanglais idirdhealaitheacha a fhorchur bunaithe ar náisiúntacht chomhaltaí ECBA nó a chomhlachta feidhmiúcháin, seachas mar a fhoráiltear sa Treoir seo. Chomh maith leis sin, níor cheart do Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le haon cheanglas maidir le láithreacht fhisiceach na mBallstát maidir le bailíocht cruinnithe. Chun ECBAnna a chumasú tairbhí iomlána an mhargaidh inmheánaigh a bheith acu, níor cheart do na Ballstáit a cheangal ar oifig chláraithe ECBA a bheith sa Bhallstát céanna ina bhfuil a riarachán lárnach nó a phríomháit oibríochtaí. Ina theannta sin, níor cheart do na Ballstáit toirmisc ghinearálta a fhorchur ar ECBAnna dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ná níor cheart dóibh gan cead a thabhairt dóibh dul i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ach amháin má tá siad nasctha le cuspóir a leagtar amach i reachtanna ECBA.

    (36)Ba cheart clárú ECBA a bheith ina bhunchoinníoll le haghaidh ECBA. Chun clárú, ba cheart triúr comhaltaí bunaidh ar a laghad a bheith ag ECBA. Eintitis dhlíthiúla a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis acu agus atá bunaithe san Aontas agus daoine nádúrtha ar saoránaigh den Aontas iad nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch an Aontais, ba cheart dóibh a bheith in ann a bheith ina gcomhaltaí bunaidh de ECBA. Ba cheart an deis a bheith ag comhlachais neamhbhrabúsacha tiontú ina ECBAnna freisin laistigh den Bhallstát céanna.

    (37)Chun a áirithiú go mbeidh ECBAnna in ann oibriú thar theorainneacha agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart a cheangal orthu gan clárú ach aon uair amháin, sa Bhallstát baile, chun a bpearsantacht dhlítheanach agus a ninniúlacht dhlítheanach a fháil. Chun aitheantas uathoibríoch an chlárúcháin sin a áirithiú ar fud an Aontais, is gá an nós imeachta clárúcháin a chomhchuibhiú. Baineann sé sin go háirithe leis na doiciméid agus an fhaisnéis is gá le haghaidh iarratas ar ECBA a chlárú, chomh maith leis na seiceálacha atá le déanamh.

    (38)Níor cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal a cheangal ar ECBA cláraithe, dearbhú a dhéanamh, faisnéis a sholáthar, údaruithe a iarraidh nó a fháil chun gabháil do ghníomhaíochtaí áirithe ach amháin i gcás ach amháin maidir le ceanglais den sórt sin (i) i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach ginearálta agus neamh‑idirdhealaitheach, (ii) i gcás ina bhfuil siad forordaithe le dlí, (iii) i gcás ina bhfuil údar maith leo ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail, (iv) i gcás ina bhfuil siad iomchuí iad chun gnóthachtáil an chuspóra atá á shaothrú a áirithiú agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a ghnóthú. D’fhéadfadh ceanglais den sórt sin a bheith nasctha, mar shampla, le sainiúlachtaí earnálacha áirithe, amhail cúram sláinte. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta breise den sórt sin, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí chun a áirithiú go bhfuil ECBA in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh.

    (39)Chun calaois a chosc, tá sé tábhachtach go bhfíoróidh na Ballstáit céannacht na gcomhaltaí bunaidh agus na nionadaithe dlíthiúla de chuid an ECBA. Baineann tábhacht ar leith le fíorú a dhéanamh ar chéannacht má dhéantar an tiarratas ar chlárú go leictreonach. Mar gheall ar éagsúlacht na gcleachtas éagsúil atá sna Ballstáit, ba cheart na modhanna sonracha chun céannacht a fhíorú leanúint de bheith faoi rogha an Bhallstáit lena mbaineann.

    (40)Agus saoirse bhunaíochta agus comhlachais á hurramú, ba cheart clárú ECBA a dhiúltú i gcásanna ina mainnítear na ceanglais fhoirmiúla maidir le clárú a chomhlíonadh, mar a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás nach bhfuil an tiarratas comhlánaithe nó má sháraíonn na cuspóirí a thuairiscítear sna reachtanna dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais. Thairis sin, ní mór diúltú don chlárú, má mhainníonn an tiarratas na buncheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chun ECBA a bhunú, is é sin an cuspóir neamhbhrabúis, an líon íosta comhaltaí bunaidh agus an ghné trasteorann i dtéarmaí gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát ar a laghad agus comhaltaí bunaidh a bhfuil naisc acu le dhá Bhallstát ar a laghad. Aon diúltú ECBA a chlárú, ba cheart é a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart don údarás inniúil é réasúnaíocht chuí a chur ag gabháil leis an diúltú.

    (41)Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit clár a ainmniú chun críocha an chlárúcháin agus chun faisnéis maidir le ECBAnna a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú. Ba cheart faisnéis a bheith sa chlár seo maidir le ECBAnna agus na doiciméid a cuireadh isteach. Ós rud é go bhféadfadh an fhaisnéis a choinnítear sa chlár dul as dáta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh ECBA fógra don údarás inniúil maidir le haon athrú a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi ECBAnna agus go ndéanfar an fhaisnéis atá sa chlár a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit úsáid a bhaint as a gcláir náisiúnta atá ann cheana chun críoch na Treorach seo. Chun trédhearcacht a áirithiú, go háirithe i gcomhair chomhaltaí ECBA agus a chuid creidiúnaithe, más infheidhme, is píosaí faisnéise iad an deimhniú ECBA, leachtú agus díscaoileadh ECBA ar cheart iad a chur ar fáil go poiblí ar feadh 6 mhí ar a mhéad tar éis dhíscaoileadh ECBA. Leis na réitigh idir-inoibritheachta a forbraíodh mar chuid de chur chun feidhme an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais 42 , is féidir tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit gluaiseacht i dtreo idir-inoibritheacht trasteorann a gclár. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le ECBA a bheith ann fós ar fáil fiú tar éis a dhíscaoilte, ba cheart na sonraí uile a choinnítear agus a stóráiltear sa chlár a choinneáil ar feadh 2 bhliain tar éis a dhíscaoilte.

    (42)Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 43 agus (AE) 2018/1725 44 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs na Treorach seo, lena náirítear próiseáil sonraí pearsanta chun an clár náisiúnta nó cláir na ECBAnna agus a nionadaithe dlíthiúla a choinneáil ar bun, chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta sna cláir sin agus chun sonraí pearsanta a mhalartú i gcomhthéacs an chomhair riaracháin agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit faoin Treoir seo, i gcás inarb infheidhme, trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , agus taifid a choimeád i gcomhréir le hoibleagáidí na Treorach seo.

    (43)Chun ECBAnna a chumasú an leas is mó a bhaint as an margadh inmheánach agus i bhfianaise go bhfuil baint dhíreach ag cearta soghluaisteachta le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil gá leo ina leith, ba cheart do ECBAnna a bheith in ann an ceart chun a noifig chláraithe a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Níor cheart díscaoileadh ECBA sa Bhallstát baile nó cruthú eintitis dhlíthiúil nua sa Bhallstát baile nua a bheith mar thoradh ar aistriú sin na hoifige cláraithe, ná go ndéanfadh sé difear d’aon cheann de na sócmhainní nó de na dliteanais, lena náirítear aon téarmaí atá i gconarthaí, na de na creidiúnaithe, cearta nó oibleagáidí de chuid ECBA a bhí ann roimh an aistriú. I gcás soghluaisteachta den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar leasanna creidiúnaithe ECBA. Chun cosaint fostaithe ECBAnna a áirithiú, ba cheart a cheangal ar ECBAnna a iad a chur ar an eolas faoi aon aistriú atá beartaithe in am trátha agus a cheadú dóibh scrúdú a dhéanamh ar dhréacht‑théarmaí aon aistriú den sórt sin. Féadfaidh feidhm a bheith freisin ag forálacha eile de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le fostaithe a chosaint, amhail Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 .

    (44)Chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le haistriú oifige cláraithe ECBA, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb é comhlacht cinnteoireachta an ECBA lena mbaineann a chinnfidh aistriú oifige cláraithe. Ba cheart do ECBA an iarraidh, in éineacht leis na doiciméid ábhartha, a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an taistriú le déanamh chuige agus údarás inniúil a Bhallstáit baile a chur ar an eolas i gcomhthráth le linn dó an iarraidh ar aistriú a thíolacadh. I gcás inarb infheidhme, ba cheart reachtanna beartaithe ECBA a leasú i gcomhréir le ceanglais dhlí náisiúnta an Bhallstáit a niarrann ECBA an taistriú chuige. Ar aistriú na hoifige cláraithe, déantar ECBA den ECBA faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit baile nua. Chun dúbláil a sheachaint, níor cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile nua aon eilimint atá fíoraithe cheana féin le linn an chlárúcháin sa Bhallstát roimhe sin agus a chomhchuibhítear leis an Treoir seo a fhíorú mar thoradh ar an athrú sin ar an dlí is infheidhme a eascraíonn as aistriú na hoifige cláraithe. Níor cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag ECBA an oifig chláraithe a aistriú chuige an iarraidh ar aistriú a dhiúltú ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus níor cheart dó diúltú di ar fhorais eile. Go háirithe, níor cheart don údarás inniúil an iarraidh a dhiúltú ar fhoras neamhchomhlíonadh na gceanglas faoina dhlí náisiúnta nárbh fhéidir a bheith ina fhoras chun an clárú a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 19. Chun aistriú oifig chláraithe ECBA sa mhargadh inmheánach a éascú, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile nua deimhniú nuashonraithe a eisiúint i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 21, lena noiriúnaítear uimhir chlárúcháin uathúil agus cód tíre dhá litir an Bhallstáit ina naistrítear oifig ECBA agus seoladh poist na hoifige cláraithe, chomh maith le haon ghnéithe eile, más infheidhme.

    (45)I gcomhréir leis an tsaoirse comhthionóil agus comhlachais, níor cheart ECBA a dhíscaoileadh ach amháin le cinneadh óna chomhaltaí nó le cinneadh ó údarás inniúil an Bhallstáit baile. I gcás ina bhfuil díscaoileadh ECBA mar thoradh ar chinneadh óna chomhaltaí, ba cheart an cinneadh sin a ghlacadh ag dhá thrian de na vótaí a dhéanann suas ar a laghad leath de líon iomlán na gcomhaltaí le linn cruinniú urghnách. Ní fhéadfaidh díscaoileadh ECBA a bheith ainneonach le cinneadh ó údarás inniúil Bhallstát baile ECBA, mar rogha dheiridh, ach amháin i gcás nach nurramaíonn ECBA a chuspóir neamhbhrabúis, i gcás ina bhfuil a ghníomhaíochtaí ina bhagairt don ord poiblí, nó i gcás inar ciontaíodh comhaltaí chomhlacht feidhmiúcháin ECBA i gcion coiriúil fíorthromchúiseach nó inar ciontaíodh ECBA féin i gcion coiriúil, má cheadaítear leis an dlí náisiúnta an fhéidearthacht sin. Sa chás sin, ba cheart don údarás inniúil fógra foirmiúil a chur in iúl do ECBA maidir lena ábhair imní agus éisteacht a thabhairt do ECBA chun deis a thabhairt do ECBA freagra a thabhairt.

    (46)Ba cheart leachtú an ECBA a bheith mar thoradh ar dhíscaoileadh an ECBA. Ba cheart leachtú ECBA a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (EIR 2105) 47 lena gceanglaítear gurb é dlí an Bhallstáit a ndéantar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh dá chríoch an dlí is infheidhme maidir le himeachtaí dócmhainneachta agus a néifeachtaí. I gcomhréir le cuspóir neamhbhrabúis ECBAnna, ba cheart aon sócmhainn de chuid ECBA arna dhíscaoileadh a aistriú chuig eintiteas neamhbhrabúsach a dhéanann gníomhaíocht atá comhchosúil leis an ngníomhaíocht a dhéanann an ECBA díscaoilte nó arna aistriú chuig údarás áitiúil ar cheart dóibh í a úsáid le haghaidh gníomhaíocht atá ar aon dul leis an ngníomhaíocht atá á saothrú ag an ECBA díscaoilte.

    (47)Chun a chur ar chumas ECBA a chruthú gur chláraigh sé laistigh de Bhallstát agus chun nósanna imeachta trasteorann a éascú a thuilleadh agus foirmiúlachtaí a shimpliú agus a laghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla, mar chéim dheiridh den phróiseas clárúcháin, deimhniú (‘deimhniú ECBA’) a eisiúint ina bhfuil an fhaisnéis chlárúcháin bhunriachtanach, lena náirítear ainm ECBA, seoladh a oifige cláraithe, agus ainmneacha na nionadaithe dlíthiúla. Chun úsáid an deimhnithe sin a éascú i mBallstáit éagsúla gan oiriúnuithe breise ná costais chomhlíonta, ba cheart don Choimisiún teimpléad caighdeánaithe a bhunú a bheidh ar fáil i dteangacha uile an Aontais. Dá bhrí sin, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an ngníomh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun teimpléad caighdeánach a chur ar fáil lena náirítear i ndáil le sonraíochtaí teicniúla an teimpléid. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 . Ba cheart gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (48)Ba cheart do na Ballstáit sainmhíniú a thabhairt ar an gcoincheap ‘coireacht sár-thromchúiseach’ agus féadfar a áireamh leis sin sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, gáinneáil aindleathach ar dhrugaí, gáinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, éilliú, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus coireacht eagraithe.

    (49)Chun go mbeidh na Ballstáit in ann forálacha dlíthiúla na Treorach seo maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme go héifeachtúil agus comhar a éascú, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI). Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla IMI a úsáid chun fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile nuair a bhunaítear ECBA nua, lena náirítear nuair a thiontaítear comhlachas neamhbhrabúsach ina ECBA. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarratas ar chlárú, ba cheart dó cumarsáid a dhéanamh trí IMI le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát inar eisíodh na doiciméid sin chun, mar shampla, dlíthiúlacht na ndoiciméad sin a fhíorú. I gcás aistriú oifig chláraithe ECBA, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit baile nua fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile faoin aistriú sin agus IMI a thabhairt cothrom le dáta leis an bhfaisnéis ábhartha. I gcás díscaoileadh, idir deonach agus neamhdheonach, ba cheart don údarás inniúil fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile freisin chun iad a chur ar an eolas faoin díscaoileadh agus chun IMI a thabhairt cothrom le dáta leis an bhfaisnéis ábhartha.

    (50)Maidir le cuspóirí na Treorach seo, is é sin feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí dheireadh a chur le bacainní dlíthiúla agus riaracháin do chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (51)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 27 Meitheamh 2023,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Caibidil 1

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo, leagtar síos bearta lena gcomhordaítear na coinníollacha maidir le ‘comhlachais trasteorann Eorpacha’ (ECBAnna) a bhunú agus a oibriú, chun éascaíocht a dhéanamh do chomhlachais neamhbhrabúsach a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach, ar cearta iad a bhaineann leis an tsaoirse bhunaíochta, le saorghluaiseacht chaipitil, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus a fháil agus le saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críoch na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina mbunaíonn an ECBA a oifig chláraithe nó chuig naistríonn sé a oifig chláraithe;

    (b)ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát seachas an Ballstát baile ina noibríonn ECBA;

    (c)ciallaíonn ‘cuspóir neamhbhrabúis’, is cuma cé acu an de chineál eacnamaíoch nó nach ea gníomhaíochtaí an chomhlachais, nach núsáidtear aon bhrabúis a ghintear ach amháin chun cuspóirí ECBA a shaothrú mar a shainmhínítear ina reachtanna agus nach bhfuil siad le dáileadh i measc a chomhaltaí;

    (d)ciallaíonn ‘comhlachas neamhbhrabúsach’ eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta atá bunaithe ar bhallraíocht, a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis aige agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige;

    (e)Ciallaíonn ‘deimhniú ECBA’ deimhniú arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, a fhónann mar fhianaise ar chlárú ECBA.

    Airteagal 3

    Comhlachas Trasteorann Eorpach (ECBA)

    1.Déanfaidh gach Ballstát foirm dhlíthiúil an chomhlachais trasteorann Eorpaigh (ECBA) a bhunú ina chóras dlí. Áiritheoidh na Ballstáit gur eintiteas dlítheanach atá bunaithe ar bhallraíocht a bheidh in ECBA, arna bhunú trí chomhaontú deonach ag daoine nádúrtha ar saoránaigh den Aontas iad nó a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil san Aontas nó ag eintitis dhlítheanacha a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis acu agus atá bunaithe go dleathach san Aontas, cé is moite den mhéid seo a leanas:

    (a)ceardchumainn, páirtithe polaitiúla, eagraíochtaí reiligiúnacha agus comhlachais de chuid eintitis den sórt sin;

    (b)daoine a ciontaíodh i gcionta sciúrtha airgid, i gcionta preideacáide bainteacha, nó i maoiniú sceimhlitheoireachta;

    (c)daoine atá faoi réir bearta lena dtoirmisctear a ngníomhaíocht i mBallstát i dtaca le sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha, nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuspóir neamhbhrabúis ag ECBA agus go núsáidfear aon bhrabúis de chuid ECBA go heisiach chun a chuspóirí a shaothrú, mar a thuairiscítear iad ina reachtanna, gan aon dáileadh ar a chomhaltaí.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go déanfaidh ECBA gníomhaíochtaí nó beidh sé de chuspóir aige ina reacht gníomhaíochtaí a dhéanamh in dhá Bhallstát ar a laghad agus beidh comhaltaí bunaidh aige a bhfuil naisc acu le dhá Bhallstát ar a laghad, bunaithe ar shaoránacht nó ar chónaí dlíthiúil i gcás daoine nádúrtha, nó bunaithe ar shuíomh a noifige cláraithe, i gcás eintitis dhlítheanacha.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an tacrainm ‘ECBA’ roimh nó i ndiaidh ainm ECBA.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oifig chláraithe ECBA lonnaithe san Aontas.

    Airteagal 4

    Rialacha is infheidhme maidir le ECBAnna

    1.Maidir le gach ábhar a chomhchuibhítear leis an Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go rialófar ECBA leis na bearta lena dtrasuitear an Treoir seo sa Bhallstát ina bhfuil sé cláraithe nó ina noibríonn sé.

    2.I gcás nithe eile a bhaineann le bunú nó oibriú ECBA, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh feidhm maidir le ECBAnna ag na rialacha náisiúnta is infheidhme ar an gcomhlachas neamhbhrabúsach is mó is cosúil leis sa dlí náisiúnta.

    3.Ní dhéanfaidh na rialacha is infheidhme maidir le ECBAnna faoin Treoir seo difear do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ar fhorais an bheartais phoiblí agus na slándála poiblí chun an riosca go mbainfí mí-úsáid as comhlachais neamhbhrabúsacha a chosc agus chun trédhearcacht gluaiseachtaí caipitil áirithe a áirithiú nuair a cheanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

    4.Faoin [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], sainaithneoidh gach Ballstát an fhoirm dhlíthiúil de chomhlachas neamhbhrabúsach ina dhlíchóras intíre is mó is cosúil le ECBA dá dtagraítear i mír 2 agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin agus faoi na rialacha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfoirm dhlíthiúil sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athruithe ar na foirmeacha dlíthiúla a sainaithníodh agus ar na rialacha is infheidhme maidir leo. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an fhaisnéis faoina dtugtar fógra dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil go poiblí.

    Airteagal 5

    Pearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlítheanach

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh ECBA pearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlítheanach ar chlárú dó i gcomhréir le hAirteagal 19. Aithneoidh na Ballstát pearsantacht dhlítheanach agus inniúlacht dhlítheanach ECBAnna atá cláraithe i mBallstát eile, gan aon chlárú breise a éileamh.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an ceart ag ECBA conarthaí a thabhairt i gcrích agus gníomhartha dlí a dhéanamh, a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a shealbhú, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh, foireann a fhostú, síntiúis agus cistí eile de chineál ar bith ó aon fhoinse dhleathach a fháil, a iarraidh agus a dhiúscairt, páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí, agus iarratas a dhéanamh ar chistiú poiblí.

    Airteagal 6

    Reachtanna

    1.Cé is moite de na rialacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagail 3, 7 agus 8, ní leagfaidh an Ballstát baile síos rialacha lena gcuirfear srian ar an gceart atá ag ECBA a rialacha oibríochta a chinneadh, lena náirítear rialacha maidir le bainistíocht inmheánach agus struchtúir rialachais, mura rud é maidir leis na rialacha sriantachta sin:

    (a)forordaithe de réir an dlí;

    (b)a mhéid a bhfuil údar leis na ceanglais sin ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail;

    (c)a mhéid atá na ceanglais sin iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go náireofar an fhaisnéis seo a leanas i reachtanna ECBA:

    (a)ainm an ECBA;

    (b)tuairisc mhionsonraithe ar a chuspóirí agus ráiteas faoina chuspóir neamhbhrabúis;

    (c)ainmneacha agus seoltaí na gcomhaltaí bunaidh, i gcás inar daoine nádúrtha iad, agus ainmneacha ionadaithe dlíthiúla agus oifig chláraithe na gcomhaltaí bunaidh, i gcás inar eintitis dhlíthiúla iad;

    (d)i gcás ina bhfuil comhalta bunadh ina eintiteas dlítheanach, tuairisc mhionsonraithe ar a reachtanna agus tuairisc mhionsonraithe ar a chuspóir neamhbhrabúis;

    (e)seoladh oifig chláraithe an ECBA;

    (f)na sócmhainní de chuid ECBA tráth a chláraithe;

    (g)na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le ligean isteach, éirí as oifig agus eisiamh a chomhaltaí;

    (h)cearta agus oibleagáidí comhaltaí;

    (i)forálacha lena rialaítear comhdhéanamh, feidhmiú, cumhacht agus freagrachtaí an chomhlachta cinnteoireachta agus an chomhlachta feidhmiúcháin;

    (j)forálacha lena rialaítear ceapadh, cur as oifig, cumhachtaí agus freagrachtaí chomhaltaí an chomhlachta feidhmiúcháin;

    (k)na ceanglais tromlaigh agus chóraim is infheidhme maidir leis an gcomhlacht cinnteoireachta;

    (l)an nós imeachta chun na reachtanna a leasú;

    (m)an ré a mhairfidh an ECBA, i gcás ina bhfuil an ré sin teoranta;

    (n)modh diúscartha shócmhainní ECBA i gcás a dhíscaoilte.

    Airteagal 7

    Rialachas

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhlacht cinnteoireachta agus comhlacht feidhmiúcháin ag ECBAnna.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha ar saoránaigh den Aontas iad nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas agus eintitis dhlíthiúla a bhfuil cuspóir neamhbhrabúis acu atá bunaithe san Aontas, trína nionadaithe, a bheith ina gcomhaltaí de chomhlacht feidhmiúcháin ECBA. Triúr ar a laghad a bheidh ar chomhlacht feidhmiúcháin ECBA.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh daoine nádúrtha a ciontaíodh i gcion coiriúil sárthromchúiseach ina gcomhaltaí den chomhlacht feidhmiúcháin ná ina nionadaithe ar eintiteas dlíthiúil ar comhalta é den chomhlacht feidhmiúcháin.

    Airteagal 8

    Comhaltas

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh vóta amháin ag gach comhalta de ECBA.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh comhaltaí ECBA faoi dhliteanas pearsanta i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha de chuid an ECBA sin.

    Caibidil 2

    Cearta agus srianta toirmiscthe

    Airteagal 9

    Cóir Chomhionann

    Áiritheoidh gach Ballstát, in aon ghné dá n‑oibríochtaí, nach gcaithfear le ECBAnna ar bhealach is lú fabhar ná an comhlachas neamhbhrabúsach sa dlí náisiúnta arna sainaithint de bhun Airteagal 4(4).

    Airteagal 10

    Neamh‑idirdhealú

    Áiritheoidh na Ballstáit, laistigh de raon chur i bhfeidhm na Treorach seo , nach ndéanfaidh údaráis phoiblí aon idirdhealú in aghaidh aon ghrúpa nó aon duine aonair ar aon fhoras, amhail breith, aois, dath, gnéas agus inscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, riochtaí sláinte, stádas inimirce nó cónaitheachta, tréithe géineolaíocha, teanga, bunús náisiúnta, eitneach nó sóisialta, tuairimí polaitiúla nó eile, míchumas fisiciúil nó meabhrach, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, cine, reiligiún nó creideamh, nó stádas eile.

    Airteagal 11

    Athbhreithniú breithiúnach

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach cinneadh de chuid údarás inniúil ar a gcríoch a dhéanann difear do chearta agus oibleagáidí ECBA, nó do chearta agus oibleagáidí daoine eile i dtaca le hoibríochtaí ECBAnna, faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    Airteagal 12

    Clárúchán aonair

    1.Áiritheoidh na Ballstáit nach gceanglófar ar ECBA clárú ach aon uair amháin. Déanfar an clárú i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19.

    2.Ní cheanglóidh Ballstáit ar ECBAnna cláraithe dearbhú a dhéanamh, faisnéis a chur ar fáil, nó údaruithe a iarraidh nó a fháil chun dul i mbun gníomhaíochtaí sonracha, ach amháin:

    (a)forordaithe de réir an dlí;

    (b)a mhéid a bhfuil údar leis na ceanglais sin ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail;

    (c)a mhéid atá na ceanglais sin iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach.

    3.Ní dhéanfaidh mír 1 difear do na ceanglais maidir le dearbhú a dhéanamh, faisnéis a sholáthar, údaruithe a iarraidh nó a fháil chun dul i mbun gníomhaíochtaí áirithe dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó le forálacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

       Airteagal 13    

    Cistiú

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain shaor agus neamh-idirdhealaitheach ag ECBA, gan beann ar Bhallstát an chláraithe, ar chistiú ó fhoinse phoiblí, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.

    2.Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon srianta ar chumas ECBA maoiniú a sholáthar nó a fháil, lena náirítear deonacháin, ó aon fhoinse dhleathach, ach amháin:

    (a)forordaithe de réir an dlí;

    (b)a mhéid a bhfuil údar leis na ceanglais sin ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail;

    (c)a mhéid atá na ceanglais sin iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach.

    Airteagal 14

    Soláthar seirbhísí agus trádáil earraí

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ECBAnn saor chun seirbhísí a bhunú, a sholáthar agus a fháil, agus chun saorghluaiseacht earraí a fheidhmiú sa mhargadh inmheánach i gcomhréir le dlí an Aontais.

    2.Gan dochar d’fhorálacha gníomhartha eile de dhlí an Aontais, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon srianta ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mura rud é:

    (a)forordaithe de réir an dlí;

    (b)a mhéid a bhfuil údar leis na ceanglais sin ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail;

    (c)a mhéid atá na ceanglais sin iomchuí chun baint amach an chuspóra a shaothraítear a áirithiú, agus nach dtéann siad thar a bhfuil gá leis chun an méid sin a bhaint amach.

    Airteagal 15

    Srianta toirmiscthe

    Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ECBA faoi réir aon cheann de na ceanglais seo a leanas:

    (a)ceanglais a bhunaítear go díreach nó go hindíreach ar náisiúntacht nó sainchónaí daoine nádúrtha ar comhaltaí den ECBA nó dá bhord feidhmiúcháin iad, seachas dá ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo;

    (b)ceanglas maidir le láithreacht fhisiceach comhaltaí den ECBA, a chomhlachta feidhmiúcháin nó a chomhlachta cinnteoireachta le haghaidh bhailíocht aon chruinnithe;

    (c)ceanglas go mbeadh a riarachán lárnach nó a phríomhionad oibríochta sa Bhallstát céanna ina bhfuil a oifig chláraithe;

    (d)ceanglas trína ndéanann Ballstát óstach aitheantas ECBA atá cláraithe i mBallstát eile a chur faoi réir choinníoll na cómhalartachta a mhéid a bhaineann lena ECBA a aithint sa Bhallstát eile sin;

    (e)ceangal le ECBA a bheith cláraithe sa Bhallstát baile ar feadh tréimhse faoi leith chun oibriú sa Bhallstát óstach;

    (f)ceanglas maidir le húdarú nó formheas ó údarás Ballstáit mar choinníoll chun tabhartais a fháil ó fhoinse laistigh den Aontas;

    (g)na srianta seo a leanas maidir le feidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, cibé acu a dhéantar iad ar bhonn rialta nó ar bhonn ócáideach:

    (i) toirmisc ghinearálta ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a sheoladh;

    (ii) gan a cheadú do ECBAnna gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanamh ach amháin más rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí sin nasctha leis na cuspóirí a thuairiscítear ina reachtanna;

    (iii) a cheangal nach é saothrú na gníomhaíochta eacnamaíche an príomhchuspóir nó an phríomhghníomhaíocht de chuid ECBA.

    Caibidil 3

    Comhdhéanamh agus clárú

    Airteagal 16

    Comhdhéanamh

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar ECBA ar chlárú dó.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn triúr comhaltaí bunaidh ar a laghad ag ECBA.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na comhaltaí bunaidh in iúl go bhfuil sé ar intinn acu ECBA a bhunú trí chomhaontú i scríbhinn eatarthu nó trí chomhaontú ag cruinniú bunaithe ECBA a thaifeadtar sna miontuairiscí i scríbhinn; chuige sin, síneoidh na comhaltaí bunaidh comhaontú nó miontuairiscí den sórt sin go cuí.

    Airteagal 17

    Comhlachais neamhbhrabúsacha a thiontú go ECBA

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a bhunaítear san Aontas a thiontú ina ECBA laistigh de den Bhallstát céanna.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlacht cinnteoireachta an eintitis tiontaithe aon tiontú a fhormheas.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit nach dtarlóidh, mar thoradh ar an tiontú, díscaoileadh an chomhlachais neamhbhrabúsaigh atá á thiontú ná aon chaillteanas nó briseadh ar a phearsantacht dhlítheanach.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go naistreofar gach sócmhainn agus dliteanas chuig an ECBA nua-bhunaithe.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh éifeacht leis an tiontú ar chlárú an ECBA nuabhunaithe i gcomhréir le hAirteagal 19.

    6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear d’aon chlár an iontráil a bhaineann leis an gcomhlachas neamhbhrabúsach a tiontaíodh.

    Airteagal 18

    Iarratas ar chlárú

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear iarratas ar chlárú ECBA faoi bhráid an údaráis inniúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an ECBA ag beartú a oifig chláraithe a lonnú. Beidh na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil leis an iarratas, arna soláthar i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit sin nó in aon teanga eile a cheadaítear faoi dhlí an Bhallstáit sin:

    (a)ainm an ECBA;

    (b)reachtanna ECBA;

    (c)seoladh poist na hoifige cláraithe atá beartaithe agus seoladh ríomhphoist;

    (d)ainmneacha agus seoltaí, agus aon fhaisnéis eile is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir lena sainaithint, d’aon duine ag a bhfuil údarú chun feidhmiú mar ionadaí don ECBA i bpléití le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlí agus tásc maidir le cibé acu a fhéadfaidh na daoine sin an méid sin a dhéanamh ina naonar nó a éilítear orthu gníomhú i gcomhpháirt;

    (e)comhaontú i scríbhinn ó na comhaltaí bunaidh nó miontuairiscí ó chruinniú bunaithe ECBA ina bhfuil comhaontú den sórt sin, arna shíniú go cuí ag na comhaltaí bunaidh, nó an cinneadh chun tiontú dá dtagraítear in Airteagal 17;

    (f)dearbhú ag comhaltaí an chomhlachta feidhmiúcháin nár dícháilíodh iad ó fheidhmiú mar chomhalta bord ar na comhlachtaí inchomparáide de chomhlachais neamhbhrabúsacha nó de chomhlachtaí.

    Ní éileoidh na Ballstáit doiciméid ná faisnéis seachas iad sin a liostaítear sa mhír seo.

    2.D’ainneoin mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit, chun críche clárúcháin, go mbeidh an tiarratas iomlán nuair a bheidh na doiciméid agus an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 ann.

    3.De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh lena gceadófar don údarás inniúil doiciméid nó faisnéis sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh trí chinneadh i scríbhinn arna dhíriú chuig an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d), ina leagtar amach ábhar imní cuí-réasúnaithe go sáródh na cuspóirí a thuairiscítear i reachtanna ECBA dlí an Aontais nó forálacha an dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás ina bhfuil gá leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis sin.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir iarratas ar ECBA a chlárú a chur isteach ar líne.

    Airteagal 19

    Nós imeachta clárúcháin

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtarlaíonn clárú ECBA laistigh de 30 lá ó iarratas comhlánaithe a chur isteach agus go mbeidh sé bailí ar fud an Aontais.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra, gan mhoill, d’údaráis inniúla na mBallstát eile uile faoi aon chlárú nua de ECBA.

    3.I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear chun críocha clárúcháin neamhiomlán nó ina bhfuil earráidí follasacha inti, iarrfaidh an túdarás inniúil ar ECBA a thíolacadh a chomhlánú nó a cheartú laistigh de thréimhse réasúnach ama, nach mbeidh níos lú ná 15 lá ón dáta a rachaidh an túdarás inniúil i dteagmháil leis an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d).

    4.D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, ar iarratas comhlánaithe a fháil de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go bhfíoróidh an túdarás inniúil an tiarratas chun ECBA a chlárú agus nach ndiúltóidh sé é ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)ní dhéanann an tiarratas na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh;

    (b)nach gcomhlánaítear ná nach gceartaítear an tiarratas laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo;

    (c)nárbh fhéidir céannacht ionadaithe dlíthiúla ECBA a fhíorú nó a fhionnadh gur falsaíodh iad;

    (d)ina gcinnfidh an túdarás inniúil, tar éis dó an cinneadh a leagtar amach in Airteagal 18(3) a dhéanamh agus measúnú a dhéanamh ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis uile a sholáthraítear mar fhreagra ar an gcinneadh sin, go sáródh na cuspóirí a thuairiscítear i reachtanna ECBA dlí an Aontais nó forálacha an dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais;

    (e)i gcás inar ciontaíodh aon duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d) nó aon chomhalta den chomhlacht feidhmiúcháin, i gcion coiriúil fíorthromchúiseach.

    Beidh cinneadh lena ndiúltaítear clárú i scríbhinn, beidh réasúnú cuí leis agus díreofar é chuig an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d).

    5.I gcás ina gcinneann an túdarás inniúil diúltú don iarratas nó nár tháinig sé ar chinneadh laistigh de 30 lá ó chur isteach an iarratais chomhlánaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cinneadh sin nó easpa cinnidh den sórt sin faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach.

    Airteagal 20

    Clár

    1.Cuirfidh gach Ballstát clár ar bun chun críocha clárúcháin na ECBAnna de bhun Airteagal 19.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go stórálfar na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas sa chlár agus go mbeidh siad cothrom le dáta:

    (a)reachtanna ECBA;

    (b)cóip de dheimhniú ECBA de bhun Airteagal 21;

    (c)ainmneacha agus seoltaí, agus aon fhaisnéis eile is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir lena sainaithint, d’aon duine ag a bhfuil údarú chun feidhmiú mar ionadaí don ECBA i bpléití le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlí agus tásc maidir le cibé acu a fhéadfaidh na daoine sin an méid sin a dhéanamh ina naonar nó a éilítear orthu gníomhú i gcomhpháirt;

    (d)leachtú agus díscaoileadh ECBA.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann ECBAnna cláraithe fógra d’údarás inniúil a mBallstáit bhaile faoi athruithe san fhaisnéis a choinnítear sa chlár laistigh de 30 lá ó athrú den sórt sin.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go poiblí i leagan ar líne den chlár:

    (a)deimhniú ECBA de bhun Airteagal 21;

    (b)leachtú ECBA;

    (c)díscaoileadh ECBA.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 ar fáil go poiblí ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí tar éis dhíscaoileadh ECBA.

    6.Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoinneofar sonraí pearsanta sa chlár tar éis dhíscaoileadh ECBA ar feadh tréimhse is faide ná 2 bhliain.

    Airteagal 21

    Ábhar an deimhnithe ECBA

    1.Áiritheoidh an Ballstát go neiseoidh na húdaráis inniúla an deimhniú ECBA, go digiteach agus i bhfoirm páipéir araon, laistigh de 5 lá ón dáta a gclárófar ECBA. Áiritheoidh na Ballstáit go naithneofar deimhniú ECBA mar fhianaise ar chlárú ECBA. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas leis an deimhniú ECBA:

    (a)uimhir chlárúcháin uathúil an ECBA agus cód tíre dhá litir an Bhallstáit baile;

    (b)dáta clárúcháin an ECBA;

    (c)dáta aon aistrithe ar oifig chláraithe ECBA

    (d)ainm an ECBA;

    (e)seoladh poist na hoifige cláraithe de chuid an ECBA, agus a sheoladh ríomhphoist;

    (f)cuspóirí ECBA mar atá leagtha amach ina reachtanna.

    2.Ar fhógra a fháil ón duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d) go bhfuil athruithe tagtha ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, eiseoidh na Ballstáit deimhniú nuashonraithe ECBA, go digiteach agus i bhfoirm páipéir araon, laistigh de 5 lá ó fhógra a thabhairt faoi na hathruithe sin.

    (2)Chun úsáid an deimhnithe ECBA a éascú i ngach Ballstát, a fhormáid a chomhchuibhiú agus an tualach riaracháin ar údaráis inniúla na mBallstát agus ar ECBA a laghdú, bunóidh an Coimisiún an teimpléad le haghaidh dheimhniú ECBA agus a shonraíochtaí teicniúla trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

    Caibidil 4

    Soghluaisteacht

    Airteagal 22

    Aistriú na hoifige cláraithe

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag ECBA a oifig chláraithe a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit nach é an toradh a bheidh ar an aistriú dá dtagraítear i mír 1 go ndíscaoilfear ECBA ná go gcruthófar duine dlítheanach nua sa Bhallstát a naistrítear a oifig chuige. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh aistriú na hoifige cláraithe difear d’aon cheann de shócmhainní nó de dhliteanais ECBA a bhí ann roimh an aistriú, lena náirítear aon téarmaí i gconarthaí, nó creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh an taistriú i bhfeidhm ar dháta clárúcháin an ECBA sa Bhallstát baile chuig a naistrítear é.

    4.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit nach gceadóidh údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag ECBA a oifig chláraithe a aistriú chuige an taistriú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)i gcás nach gcomhlíonann ECBA ceanglais Airteagal 3, mír 1, mír 2 nó mír 3;

    (b)i gcás ina mbeidh cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 24(2) déanta nó i gcás inar eisíodh fógra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 25(3);

    (c)nuair atá dócmhainneacht ar feitheamh;

    (d)i gcás ina mbeidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d), aon chomhalta den chomhlacht feidhmiúcháin nó ECBA féin, má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta don fhéidearthacht sin, ina nábhar d’imeachtaí i leith cion coiriúil fíorthromchúiseach sa Bhallstát baile roimhe sin.

    Airteagal 23

    Nós imeachta maidir le haistriú na hoifige cláraithe

    1.Gan dochar d’aon fhorálacha atá i bhfeidhm atá níos fabhraí d’fhostaithe bunaithe ar an dlí náisiúnta nó ar dhlí an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fostaithe ECBA atá toilteanach a oifig chláraithe a aistriú ar an eolas faoin aistriú féideartha agus go mbeidh siad i dteideal, in am trátha agus ar a laghad mí amháin roimh an gcruinniú urghnách dá dtagraítear i mír 2, scrúdú a dhéanamh ar an dréachtchinneadh lena bhformheastar aistriú na hoifige cláraithe dá dtagraítear i mír 2.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit gur gá do chomhlacht cinnteoireachta ECBA aistriú na hoifige cláraithe a ghlacadh ag cruinniú urghnách. Déanfar an cinneadh sin le dhá thrian de na vótaí, a ionadaíonn do leath amháin de na comhaltaí ar a laghad.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlacht cinnteoireachta ECBA iarraidh ar aistriú oifige cláraithe a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ar mian leis a oifig chláraithe a aistriú chuige agus go gcuirfidh sé údarás inniúil a Bhallstáit baile ar an eolas faoin iarraidh sin. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh san iarraidh:

    (a)cinneadh chomhlacht cinnteoireachta an ECBA lena bhformheastar an taistriú;

    (b)an deimhniú ECBA;

    (c)an seoladh atá beartaithe d’oifig chláraithe ECBA sa Bhallstát chuig a naistrítear é;

    (d)reachtanna ECBA, lena sonraítear, más infheidhme, a ainm nua;

    (e)an dáta atá beartaithe don aistriú;

    (f)tuarascáil ina mínítear na coimircí do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe, más infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

    4.Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh lena gceadófar d' údarás inniúil an Bhallstáit ar mian le ECBA aistriú chuige doiciméid nó faisnéis sa bhreis orthu sin a leagtar amach i mír 3 a iarraidh trí chinneadh i scríbhinn arna dhíriú chuig an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d), ina leagtar amach ábhar imní cuí-réasúnaithe go sáródh na cuspóirí a thuairiscítear i reachtanna ECBA dlí an Aontais nó forálacha an dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás ina bhfuil gá leis na doiciméid nó leis an bhfaisnéis sin chun an tábhar sin a mheasúnú.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údarás ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe ag ECBA a oifig chláraithe a aistriú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar aistriú. Ní bheidh an túdarás inniúil sin i dteideal an iarraidh a dhiúltú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo;

    (b)i gcás nach náirítear san iarraidh na heilimintí uile a cheanglaítear faoi mhír 3;

    (c)i gcás ina dtarlaíonn ceann de na cásanna a leagtar amach in Airteagal 22(4);

    (d)ina gcinnfidh an túdarás inniúil, tar éis dó cinneadh a leagtar amach sa mhír seo a dhéanamh agus measúnú a dhéanamh ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis uile a sholáthraítear mar fhreagra ar an gcinneadh sin, go sáródh na cuspóirí a thuairiscítear i reachtanna ECBA an dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais.

    6.Glacfaidh an túdarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh de 30 lá ón iarraidh ar aistriú oifige cláraithe dá dtagraítear i mír 3 a fháil.

    7.D’ainneoin mhír 6, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an taistriú laistigh de 30 lá ón iarratas comhlánaithe a thíolacadh.

    8.I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear chun críocha aistrithe neamhiomlán nó ina bhfuil earráidí follasacha inti, iarrfaidh an túdarás inniúil ar ECBA a thíolacadh a chomhlánú nó a cheartú laistigh de thréimhse réasúnach ama, nach mbeidh níos lú ná 15 lá ón dáta a rachaidh an túdarás inniúil i dteagmháil leis an duine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar ECBA dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (d).

    9.Áiritheoidh na Ballstáit go gcláróidh údarás inniúil an Bhallstáit baile nua an ECBA agus go ndéanfaidh sé an deimhniú ECBA a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis na heilimintí a liostaítear i mír 1 d’Airteagal 21.

    10.Tar éis aistriú na hoifige cláraithe áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas uile faoi aistriú na hoifige cláraithe gan mhoill. Ar an bhfógra sin a fháil, bainfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile roimhe seo an ECBA ón gclár tar éis dó an fógra sin a fháil.

    Caibidil 5

    Díscaoileadh

    Airteagal 24

    Díscaoileadh deonach

    1.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar ECBA a dhíscaoileadh ach amháin le cinneadh óna chomhaltaí sna cásanna seo a leanas:

    (a)tá cuspóir an ECBA bainte amach;

    (b)tá an tam dár cuireadh ar bun é dulta in éag;

    (c)ar aon chúis i gcomhréir lena reachtanna.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh comhlacht cinnteoireachta an ECBA i dteideal ECBA a dhíscaoileadh ach amháin le cinneadh a ghlactar le dhá thrian de na vótaí, a dhéanann suas leath amháin ar a laghad de na comhaltaí ina niomláine, le linn cruinniú urghnách.

    Ar leachtú ECBA dá bhforáiltear in Airteagal 28, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‑údarás inniúil ECBA a bhaint den chlár ach amháin nuair a bheidh an leachtú críochnaithe agus go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha in IMI a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

    Airteagal 25

    Díscaoileadh neamhdheonach

    1.De mhaolú ar Airteagal 26(1), áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile ECBA a dhíscaoileadh ach amháin sna himthosca agus de réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo.

    2.Ní fhéadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhíscaoileadh ainneonach ECBA ach amháin ar bhonn ceann de na cúiseanna seo a leanas:

    (a)neamhchomhlíonadh ECBA leis an gcuspóir neamhbhrabúis;

    (b)bagairt thromchúiseach ar an ord poiblí nó ar an tslándáil phoiblí arb iad gníomhaíochtaí ECBA is cúis léi;

    (c)ciontú i gcion coiriúil tromchúiseach ECBA nó chomhaltaí a chomhlachta feidhmiúcháin;

    3.I gcás ina bhfuil imní ar an údarás inniúil go bhfuil ceann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ann, tabharfaidh sé fógra réasúnaithe do ECBA i scríbhinn maidir lena ábhair imní agus tabharfaidh sé am réasúnach do ECBA freagraí a thabhairt i ndáil leis na hábhair imní sin.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil, tar éis dó na freagraí ó ECBA de bhun mhír 3 den Airteagal seo a scrúdú go cuí, nach mór ECBA a dhíscaoileadh toisc go bhfuil ceann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faighte amach, go nglacfaidh sé cinneadh i scríbhinn chuige sin. Ní fhéadfar cinneadh ECBA a dhíscaoileadh a ghlacadh ach amháin i gcás nach bhfuil aon bhearta is lú srian in ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna dtarraingt anuas ag an údarás inniúil.

    5.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo réasúnaithe, faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, agus nach mbeidh éifeacht leis le linn d’athbhreithniú breithiúnach a bheith ar feitheamh.

    6.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an túdarás inniúil ECBA ar an eolas faoina chinneadh agus bainfidh sé ECBA den chlár in am trátha go dtí go mbeidh éifeacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 agus tar éis leachtú ECBA dá bhforáiltear in Airteagal 26 a bheith críochnaithe. Tabharfaidh an túdarás inniúil fógra d’údaráis inniúla na mBallstát maidir leis an bhfaisnéis ábhartha.

    Airteagal 26

    Leachtú i gcás díscaoileadh

    1.Áiritheoidh na Ballstáit gurb é leachtú ECBA a bheidh i gceist lena dhíscaoileadh, mar a fhoráiltear le hAirteagail 24 agus 25.

    2.Áiritheoidh an Ballstát baile go ndéanfar aon sócmhainní de chuid ECBA díscaoilte a bheidh fágtha tar éis leasanna airgeadais creidiúnaithe féideartha a lascainiú agus a aistriú chuig eintiteas neamhbhrabúis a dhéanann gníomhaíocht atá cosúil le gníomhaíocht ECBA díscaoilte nó go naistreofar na sócmhainní chuig údarás áitiúil, a bhfuil sé d’oibleagáid air iad a úsáid le haghaidh gníomhaíocht atá cosúil leis an ngníomhaíocht atá á saothrú ag an ECBA díscaoilte.

    Caibidil 6

    Cur i bhfeidhm agus comhar riaracháin

    Airteagal 27

    Údaráis inniúla

    1.Ainmneoidh gach Ballstát an túdarás inniúil (‘údarás inniúil) a bheidh freagrach as an Treoir seo a chur i bhfeidhm.

    2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha an údaráis inniúil a ainmnítear de bhun mhír 1. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla ainmnithe.

    3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha agus cúraimí na núdarás inniúil eile arna mbunú nó arna nainmniú i gcuspóirí na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcomhlachas neamhbhrabúsach is mó is cosúil ina ndlíchóras intíre, arna sainaithint de bhun Airteagal 4(4), más infheidhme.

    Airteagal 28

    Comhar riaracháin

    1.Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát comhar agus cúnamh dá chéile ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil chun críocha chun forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme.

    2.Déanfar an comhar riaracháin agus na malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla de bhun Airteagail 17, 18, 19(2), 19(4), 23(5), 23(6), 23(7), Airteagal 24(3), 25(6) agus 27 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar an fhaisnéis arna taifeadadh in IMI cothrom le dáta agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas faoi na hathruithe ar fhaisnéis a cuireadh in iúl roimhe sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

    Airteagal 29

    Tuairisciú  

    Faoi [7 bliana tar éis an sprioc‑ama don trasuí] ar a dhéanaí, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi thrasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, a mhéid is féidir trí uirlisí digiteacha, ar na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le ECBA mar atá cláraithe ar a gcríoch a chomhroinnt.

    Caibidil 7

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 30

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

    2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 31

    Trasuí

    1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin, agus na forálacha riaracháin a ghlacadh agus a fhoilsiú ar gá iad chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoi [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.  

    2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.  

    3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.  

    Airteagal 32

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 33

    Seoltaí

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo. 

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Comhlachais Trasteorann Eorpacha

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    An margadh inmheánach agus an geilleagar sóisialta

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

    x beart nua 

    ¨ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 49  

    ¨ síneadh ar bheart atá ann cheana 

    ¨ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhacainní riaracháin agus rialála a bhaint le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn thar theorainneacha chun scaoileadh lena n‑acmhainneacht iomlán chun luach eacnamaíoch agus sochaíoch a ghiniúint san Aontas Eorpach.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Cuspóir sonrach Uimh. 1

    Feabhas a chur ar fhéidearthachtaí do chomhlachas neamhbhrabúsach go dtabharfaí aitheantas dá phearsantacht dhlítheanach i mBallstáit eile, lena n‑áiritheofaí an chóir chomhionann sa mhargadh inmheánach.

    Cuspóir sonrach Uimh. 2

    Laghdú a dhéanamh ar líon na bhfoirmiúlachtaí rialála do chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Le hidirghabháil beartais ar leibhéal an Aontais, laghdófaí na bacainní atá ann cheana le haghaidh na ngníomhaíochtaí trasteorann agus le haghaidh shoghluaisteacht na gcomhlachas neamhbhrabúsach san Aontas. Is iad seo a leanas na hiarmhairtí a bhfuil coinne leo:

    Le haghaidh na mBallstát

    Na hathruithe chun an fhoirm dhlíthiúil nua sin a bhunú ar an leibhéal náisiúnta atá deartha chun críoch trasteorann, beidh siad ina gcúis le costais choigeartaithe agus costais chomhlíontachta/ualaigh riaracháin le haghaidh údaráis inniúla, a bheidh éagsúil ag brath ar mhéid na n‑athruithe sin.

    Is gá do chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn thar theorainneacha clárú nó bunaíocht thánaisteach a chruthú faoi láthair sna Ballstáit inar mian leo leathnú iontu, agus ag brath ar raon feidhme a gcuid gníomhaíochtaí. Tá coinne leis go mbainfear an ceanglas sin leis an togra maidir le cur ar bun agus aitheantas don phearsantacht dhlítheanach agus don acmhainneacht, agus go laghdófar dá dheasca sin an t‑ualach ar údaráis phoiblí san fhadtéarma. Sa ghearrthéarma, le foirm dhlíthiúil nua a thabhairt isteach, éileofar ar údaráis inniúla aithne a chur orthu féin ar an gcreat nua agus clárúchán ceart a chinntiú.

    Agus na costais aonuaire chun nósanna imeachta um chlárú agus cláir a oiriúnú á gcur san áireamh, braitheann na costais ar an ngá atá leis na cláir atá ann faoi láthair a oiriúnú nó le clár nua (ar líne) a chur ar bun. Beidh an tsolúbthacht ag na Ballstáit cibé acu a oiriúnóidh siad cláir atá ann cheana nó a chuirfidh siad cinn nua ar bun, agus ceanglófar orthu rogha de chlárú ar líne a thairiscint i gcás foirm dhlíthiúil nuachruthaithe. Ba cheart a thabhairt faoi deara, sna Ballstáit nach bhfuil aon chlár a bhaineann go sonrach le comhlachas bunaithe iontu, gur ann do shásraí eile (nó gur féidir sásraí eile a úsáid) lena chinntiú gur féidir le comhlachais neamhbhrabúsacha clárú. Taispeánadh sa mheasúnú tionchair chun tacú leis an togra reachtach go mbeadh coinne le luach EUR 100 000 ar an meán in aghaidh an Bhallstáit de chostais bhreise aonuaire ón oiriúnú. Dá dheasca sin, ní mheastar an méid sin a bheith róthrom, óir a luaithe a chuirfear an coigeartú sin chun feidhme, beidh coinne leis go bhfillfidh an t‑údarás poiblí ar a ghnó mar is gnách. Dá réir sin, níl coinne leis go bhféadfaidh aon chostas reatha bliantúil suntasach breise a bheith ann.

    Sna Ballstáit sin inar gá cláir a chur ar bun, a thiontú nó inar cheart ‘líne chlárúcháin’ nua a chruthú i gclár atá ann cheana, mholfaí cláir dhigiteacha a chur chun cinn. Meastar sa mheasúnú tionchair costais na huirlise clárúcháin ar líne (ag glacadh leis gur ann do chlár cheana féin) a bheith idir EUR 42 000 agus EUR 270 000, bunaithe ar chásanna aitheanta. Idir an gearrthéarma agus an meántéarma, féadfar a éileamh ar údaráis inniúla infheistíocht a dhéanamh in éadáil uirlisí den sórt sin agus próisis a choigeartú, lena n‑áirítear oiliúint na foirne. Costais oiriúnaithe agus chothabhála bhliantúla le haghaidh clárlanna digiteacha sna Ballstáit; faightear amach gur neamhshuntasach iad.

    Leis an togra seo, tugtar spreagadh freisin do bhearta chun idir‑inoibritheacht na gclár náisiúnta leis na huirlisí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a chinntiú, amhail an Tairseach Aonair Dhigiteach, chun a cheadú do rochtain agus idirmhalartú uathoibrithe sonraí, agus/nó d’úsáid íoschaighdeán comhaontaithe chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú, agus Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun comhar riaracháin a chothú i measc na n‑údarás inniúil.

    Ar deireadh, b’éigean do Bhallstáit gníomhaíochtaí múscailte feasachta a chur ar bun ionas go gcuirfí aithne níos fearr ar an bhfoirm dhlíthiúil nua ar an leibhéal náisiúnta.

    Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh

    Meastar an costas don Choimisiún Eorpach chun faisnéis a bhailiú agus a chur leis an Tairseach Aonair Dhigiteach / An Eoraip Agatsa ag costas aonuaire dar luach EUR 300 000 (Clár an Mhargaidh Aonair) chun an caiteachas breise a mbeidh gá leis a chumhdach chun faisnéis le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a chur leis, agus ag costas bliantúil dar luach EUR 100 000 don chothabháil.

    Ní foláir don Choimisiún Eorpach buiséadú freisin do na costais is gá chun Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a oiriúnú chun go mbeidh comhar riaracháin ann i measc na n‑údarás inniúil sna Ballstáit dá ndéantar foráil leis an togra seo. Meastar é sin ag costas bliantúil dar luach EUR 125 000 (Clár an Mhargaidh Aonair).

    I gcás comhlachais neamhbhrabúsacha / FBManna:

    Ní fhorchuirtear oibleagáidí riaracháin nua leis an tionscnamh ar chomhlachais neamhbhrabúsacha , lena náirítear comhlachais neamhbhrabúsacha a cháilíonn mar FBManna (á chur san áireamh go dtagann comhlachais a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi réim an tsainmhínithe ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide ).

    Is é an aidhm atá ann deireadh a chur le bacainní ar ghníomhaíochtaí comhlachas neamhbhrabúis thar theorainneacha. De bhrí gurb iondúil go mbíonn níos lú acmhainní agus cumas ag comhlachais neamhbhrabúsacha bheaga chun na bacainní atá ann cheana a shárú, agus tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag coigeartuithe don iontráil agus don oibriú ar staid iomaíoch na gcomhlachas neamhbhrabúsach ar mhéid FBM.

    Tá coinne leis go laghdófar costais seolta chomh maith leis na costais athfhillteacha a bhíonn ag comhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn thar theorainneacha:

       meastar go laghdófar na costais bharrachais seolta don oibríocht trasteorann nua faoi EUR 2 150 in aghaidh an tseolta. Laistigh den tráthchlár 15 bliana a ndearnadh measúnú air, d’fhéadfadh an laghdú costais barrachais sin a bheith suas le EUR 378 milliún.

       meastar an laghdú ar chostas barrachais atá nasctha le hoibríochtaí trasteorann (costais athfhillteacha, e.g. costais riaracháin agus chomhlíontachta) ag EUR 770 milliún in aghaidh na bliana. Laistigh den tráthchlár 15 bliana a ndearnadh measúnú air, d’fhéadfadh coigilteas costais a bheith suas le EUR 8,5 billiún

    Mínítear sa mheasúnú tionchair an acmhainneacht chun costais oibriúcháin a laghdú, go háirithe le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn i mBallstáit iomadúla, de bharr éifeacht chomhchuibhithe an togra agus shimpliú na nósanna imeachta rialála agus riaracháin, ónar tháinig éilimh níos ísle i dtéarmaí faisnéis a bhailiú, tacaíocht chomhairleach sheachtrach thráthrialta agus foireann inmheánach ag obair ar an gcomhlíontacht.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Táscaire Uimh. 1 (Cuspóir Sonrach Uimh. 1)

    Is mar a leanas a bheidh na táscairí:

       Leibhéal comhlíontachta ag Ballstáit (i.e. luas trasuite, cásanna sáraithe)

       Laghdú ar bharrachas costais le haghaidh comhlachais neamhbhrabúsacha a fíoraíodh de bharr laghdú ar fhoirmiúlachtaí rialála agus riaracháin le haghaidh seoladh oibríochtaí agus i dtéarmaí na gcostas reatha

       Líon, méid agus leathadh geografach na gcomhlachas/ECBAnna trasteorann san Aontas Eorpach

    Déanfar na táscairí a thomhas in aghaidh na bonnlíne (e.g. costais sula dtosaítear ar an gcur chun feidhme, go príomha ar bhonn na sonraí ón meastóireacht/taighde deisce/comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus údaráis náisiúnta, ó chlárlanna ar líne sna Ballstáit (agus faisnéis chomhiomlán ar leibhéal an Aontais i gcás ina bhfuil sonraí le fáil), faisnéis a bhailítear trí shuirbhéanna). Déantar an sprioc a mheasúnú trí athruithe ar chostais le haghaidh comhlachais trasteorann Eorpacha agus athruithe ar líon na gcomhlachas trasteorann cláraithe. Is deacair sprioc níos beaichte a fháil óir braitheann na figiúirí freisin ar roinnt tosca eile nach bhfuil bainteach leis an togra (e.g. dothuarthacht a ghlactha, naisc le traidisiúin náisiúnta, dúshláin eacnamaíocha agus shochaíocha).

    Táscaire Uimh. 2 (Cuspóir Sonrach Uimh. 2)

    Is mar a leanas a bheidh na táscairí:

       Sásamh braite na gcomhlachas neamhbhrabúsach a ghlacann foirm dhlíthiúil nua de ECBA a oibríonn thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach

    Déanfar an táscaire a thomhas in aghaidh na bonnlíne (e.g. líon na gclárúchán ag tús an chur chun feidhme). Déantar an sprioc a mheasúnú trí mhéaduithe ar na líonta.

    Déanfar faireachán ar na táscairí gach 7 bliana, ag tosú tráth nach luaithe ná nuair a bhíonn na bearta trasuite go hiomlán agus i bhfeidhm sna Ballstáit, d’fhonn iad a chur leis an tuarascáil mheastóireachta ar an Treoir a mbeidh coinne léi 7 bliana tar éis an sprioc‑ama do thrasuí na Treorach atá beartaithe agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Leanfaidh cur chun feidhme an togra seo cur chuige céimnithe. Ar theacht i bhfeidhm don Treoir seo, tosófar ar an obair ar dtús chun na huirlisí TF a oiriúnú dá chur chun feidhme, is é sin Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) agus an Tairseach Aonair Dhigiteach (SDG), d’fhonn na húdaráis inniúla sna Ballstáit a nascadh roimh dhul in éag na tréimhse trasuite agus an fhaisnéis a bhfuil gá léi a chur ar fáil go poiblí. Ag an am céanna agus chun cur chun feidhme na Treorach a éascú, déanfaidh an Coimisiún an obair ar an teimpléad do dheimhniú ECBA a achtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

    Is féidir amlíne cur chun feidhme shealadach a léiriú mar a leanas:

    - 2024: Teacht i bhfeidhm na Treorach,

    - 2025: oiriúnú an IMI, SDG

    - 2025-2026: gníomh cur chun feidhme ar an deimhniú ECBA

    - 2026: trasuí agus cur i bhfeidhm ag na Ballstáit

    — 7 mbliana tar éis spriocdháta an trasuí agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin: Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa (ex‑ante)

    Dírítear leis an togra ar chomhlachais neamhbhrabúsacha a oibríonn thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach.

    Léirítear leis an éagsúlacht agus/nó srianta rialála atá ann cheana i measc na mBallstát nach dtugtar aghaidh i gceart ar an bhfadhb ar an leibhéal náisiúnta, agus in éagmais sásraí um aitheantas frithpháirteach i measc na mBallstát, tá gá le réiteach Eorpach de bharr an chineáil trasteorann chun bacainní aitheanta os comhair gníomhaíochtaí trasteorann agus shoghluaisteacht trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsacha sa mhargadh aonair a bhaint. Thairis sin, is minice a dhíríonn gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht aonair ó Bhallstáit ar a gcomhthéacs náisiúnta sonrach, agus ba ghnách nach bhféachfaí leo an ghné thrasteorann a éascú.

    Dá bhrí sin, is fearr is féidir creat dlíthiúil comhleanúnach do ghníomhaíochtaí trasteorann na gcomhlachas neamhbhrabúsach a ghnóthú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ní bheadh na Ballstáit in ann feabhas leordhóthanach a chur ar na fadhbanna sin astu féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Is ón taighde (e.g. staidéir sheachtracha) agus gníomhaíochtaí comhairliúcháin a tháinig an bonn fianaise don togra seo, agus rinneadh staidéar seachtrach tiomnaithe chun tacú leis.

    Leis an togra, cuirtear san áireamh freisin na ceachtanna a foghlaimíodh ó rún Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 in éineacht le moltaí don Choimisiún maidir le reacht le haghaidh comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha trasteorann Eorpacha (2020/2026(INL), chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón togra ón gCoimisiún ó 1992 lenar cruthaíodh foirm dhlíthiúil Eorpach do chomhlachais, an Comhlachas Eorpach. Mar sin féin, tarraingíodh siar an togra sa deireadh thiar ar fhorais cháineadh na mBallstát (e.g. an choimhdeacht agus mí‑oiriúnacht an bhunúis dlí i gcomparáid lena raon feidhme agus cuspóirí, agus toisc ina dtuairimse nár freagraíodh aon éileamh cruthaithe leis, nár cuimsíodh éagsúlacht na reachtaíochta náisiúnta lena fhorálacha agus gur leagadh ualach riaracháin iomarcach ar na comhlachais leis).

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Rannchuidíonn an togra le cuspóirí polaitiúla an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Deacáide Digití 2030. Go sonrach, tugtar aghaidh ann ar thosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’, rud a chuireann leis an gcuspóir ‘geilleagar a fhéadann freagairt go hiomlán d’éilimh shaoránaigh an Aontais, lena n‑áiritheofar an chothroime shóisialta agus an rathúnas’. Ar an gcuma sin, déantar idirnasc sa Treoir seo le bearta eile den Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Sóisialta ó mhí na Nollag 2021, agus ceaptar pacáiste an Gheilleagair Shóisialta in éineacht leosan, mar a leanas: togra le haghaidh Moladh ón gComhairle lena bhforbraítear creatdálaí an gheilleagair shóisialta sna Ballstáit agus dhá Dhoiciméad Inmheánacha Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le ‘creataí ábhartha cánachais d’eintitis an gheilleagair shóisialta’ agus maidir le ‘cánachas neamh‑idirdhealaitheach d’eagraíochtaí carthanachta agus dá gcuid deontóirí: prionsabail arna mbaint ó chásdlí an Aontais’.

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Na costais a bhfuil gá leo chun raon feidhme SDG a oiriúnú do chomhlachais neamhbhrabúsacha agus úsáid IMI chun ceadú don chomhar riaracháin i measc na n‑údarás inniúil sna Ballstáit, dá ndéantar foráil sa togra seo, maoineofar faoi Chlár an Mhargaidh Aonair iad.

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    ¨ tréimhse theoranta

    ¨    i bhfeidhm ón LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    ¨    BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

    x tréimhse neamhtheoranta

    Cur chun feidhme le tréimhse nuathionscanta ó LL/MM]BBBB go [LL/MM]BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 50   

    x Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

    x ag a ranna, lena náirítear ag an bhfoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    ¨     trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    ¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

    ¨ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    ¨ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    ¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

    ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

    ¨ comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

    ¨ comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    ¨ comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a shainaithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    Bainfear úsáid as uirlisí TF leis an togra atá á gcistiú cheana féin ag Clár an Mhargaidh Aonair agus á mbainistiú ag an gCoimisiún, is é sin, IMI le haghaidh an chomhair riaracháin i measc údaráis inniúla na mBallstát agus SDG.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar dtús faoi chur chun feidhme na Treorach seo 7 bliana tar éis an sprioc‑ama do thrasuí na Treorach agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Leis an gcomhar riaracháin i measc na n‑údarás inniúil sna Ballstáit dá ndéantar foráil sa togra, bainfear úsáid as an IMI agus an SDG atá ann cheana arna n‑oibriú ag an gCoimisiún (AS GROW). Chun na críche sin, leis an Treoir atá beartaithe, méadaítear raon feidhme an IMI agus an SDG. Éilítear úsáid acmhainní leis sin chun an IMI a oiriúnú d’éilimh na Treorach atá beartaithe, cé nach meastar aon ghá a bheith le húsáid acmhainní breise chun an SDG a oiriúnú.

    Leis an togra seo, ní athraítear an modh bainistíochta, an sásra cur chun feidhme cistiúcháin, módúlachtaí íocaíochta agus ná an straitéis rialúcháin atá i bhfeidhm cheana don chóras agus atá in úsáid ag an gCoimisiún.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Baineann an príomhriosca atá aitheanta le cúrsaí ama agus róchostais de bharr fadhbanna nach raibh coinne leo i gcur chun feidhme TF i ndáil le hoiriúnú an IMI. Maolaítear an riosca sin leis an gcaoi a bhfuil an córas IMI i bhfeidhm cheana féin, agus a bhfuil taithí roimhe seo ag roinn ábhartha an Choimisiúin in oiriúnú an chórais d’éilimh nua ghnó.

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    Ní dhéanann an togra seo difear do chostéifeachtacht rialuithe an Choimisiúin atá ann cheana.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Baineann an ráiteas airgeadais reachtach le caiteachas foirne agus soláthar, agus tá feidhm ag rialacha caighdeánacha maidir leis an gcineál caiteachas sin.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas  
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Clár an Mhargaidh Aonair

    LD/LN 51 .

    ó thíortha de chuid CSTE 52

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 53

    Ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    1

    [03.02.01.02 - ‘Uirlisí chun Rialachas a Dhéanamh ar an Margadh Inmheánach’]

    LD/LN.

    Is mian

    Is mian

    NÍL

    NÍL

    ·

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    ¨    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    ¨    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    Uimhir

    1.An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

    Ard-Stiúrthóireacht: GROW

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    IOMLÁN

    x Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Líne bhuiséid: 03.020102 - ‘Uirlisí chun Rialachas a Dhéanamh ar an Margadh Inmheánach’

    Gealltanais

    (1a)

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 54  

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe 
    d’AS GROW

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

     



    x IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    Íocaíochtaí

    (5)

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    □ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDEAL 1 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    = 4+ 6

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850

    Íocaíochtaí

    = 5+ 6

    0.425

    0.225

    0.100

    0.100

    0.00

    0.00

    0.850





    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    7

    ‘Caiteachas riaracháin’

    Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    IOMLÁN

    AS GROW

    X Acmhainní daonna

    0.217

    0.217

    0,155

    0,155

    0.00

    0.00

    0.00

    0.744

    X Caiteachas riaracháin eile

    0

    0,054

    0,054

    0,054

    0.00

    0.00

    0.00

    0.162

    IOMLÁN AS um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna

    Leithreasuithe

    0.217

    0.271

    0.209

    0.209

    0.00

    0.00

    0.00

    0,906

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0.217

    0.271

    0.209

    0.209

    0.00

    0.00

    0.00

    0,906

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    0,642

    0,496

    0.309

    0.309

    0.00

    0.00

    0.00

    1.756

    Íocaíochtaí

    0,642

    0,496

    0.309

    0.309

    0.00

    0.00

    0.00

    1.756

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    ò

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Cineál 55

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 agus 2

    An modúl IMI a fhorbairt

    Córas TF

    0,125

    1

    0,125

    1

    0,125

    1

    0.25

    Costas forbartha don Tairseach Aonair Dhigiteach / An Eoraip Agatsa

    Córas TF

    0 150

    1

    0.300 

    1

    0.100 

    1

    0.100 

    1

    0.100

    1

    0.6

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    2

    0.425

    2

    0.225

    1

    0.100

    1

    0.100

    0.85

    IOMLÁN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

    ¨    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2024

    2025

    2026

    2027

    2028

    2029

    2030

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    0.217

    0.217

    0,155

    0,155

    0.744

    Caiteachas riaracháin eile

    0

    0,054

    0,054

    0,054

    0.162

    Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    0.217

    0.271

    0.209

    0.209

    0,906

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 56  
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile  
    de chineál riaracháin

    Fo‑iomlán  
    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    0.217

    0.271

    0.209

    0.209

    0.209

    0.209

    1.324

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    ¨    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    X Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 2026

    Bliain 2027

    Bliain 2028

    Bliain  
    2029

    Bliain  
    2030

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    1.5

    1.5

    1

    1

    1

    1

    1

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01  (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    1.5

    1.5

    1

    1

    1

    1

    1

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    1.5 FTES le haghaidh rúnaíocht an Choiste Coisteolaíochta agus le formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra chomh maith le cúnamh a thabhairt don fhoireann IMI agus d’fhoireann SDG/An Eoraip Agatsa le haghaidh beartais agus ranníocaíochtaí gnó le linn chur chun feidhme an tionscadail agus tar éis don mhodúl IMI teacht i bhfeidhm araon.

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Úsáidfidh an Coimisiún cistí ó Chlár an Mhargaidh Aonair chun tacú leis an tionscnamh seo, líne bhuiséid 03.020102 ‘Uirlisí chun Rialachas a Dhéanamh ar an Margadh Inmheánach’.

    ¨    is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

    ¨    is gá athbhreithniú ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 57

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

    X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ¨    ar acmhainní dílse

    ¨    ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ¨    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 58

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh an líne/na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.

    Ráitis eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    (1)    Is iad na heintitis dhlítheanacha eile atá ann sa gheilleagar sóisialta comharchumainn, cumainn chomhshochair (i.e. cumainn fhrithpháirteacha) agus fondúireachtaí.
    (2)    In Éirinn, sa Danmhairg agus sa tSualainn, rialaítear comhlachais trí bhíthin prionsabail a forbraíodh trí fhoirceadail agus cásdlí.    
    (3)     Geilleagar a fhóireann do dhaoine (europa.eu) .
    (4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Geilleagar a thógáil ar geilleagar é a fhóireann do dhaoine: an action plan for the social economy[plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], COM(2021) 778 final.
    (5)    Moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt, COM(2023) 316 final an 13.6.2023.
    (6)    Doiciméad Inmheánach Oibre: Creataí cánachais ábhartha le haghaidh Eintitis an Gheilleagair Shóisialta, SWD(2023) 211 final an 13.6.2023.
    (7)     Doiciméad Inmheánach Oibre: Cánachas neamh-idirdhealaitheach ar eagraíochtaí carthanachta agus ar a ndeontóirí: prionsabail a tarraingíodh ó chásdlí an Aontais, SWD(2023) 212 final an 13.6.2023.
    (8)    Is é is aidhm do rialacha an Aontais i réimse dlí na gcuideachtaí cosaint a sholáthar do scairshealbhóirí agus páirtithe eile a bhfuil spéis ar leith acu i gcuideachtaí, amhail fostaithe agus creidiúnaithe, gnó a dhéanamh níos éifeachtúla, iomaíche agus inbhuanaithe go fadtéarmach agus gnólachtaí atá bunaithe i dtíortha éagsúla an Aontais a spreagadh chun dul i gcomhar lena chéile. Comhlánaítear le rialacha cuideachta an Aontais maidir le tuairisciú, iniúchadh agus trédhearcacht an creat dlíthiúil sin.
    (9)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
    (10)    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
    (11)    Sainaithníodh leis an measúnú tionchair go bhfuil comhlachais faoi réir rialachán tiomnaithe i bhformhór na mBallstát. Go ginearálta, is dlíthe cuimsitheacha iad sin, a rialaíonn comhlachais go mionsonrach. Mar sin féin, ní rialaítear go cuimsitheach gnéithe trasteorann atá fíor-riachtanach do shoghluaisteacht agus do ghníomhaíochtaí comhlachas in aon Bhallstát.
    (12)    Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle ar an Reacht le haghaidh Comhlachas Eorpach (91/273). Sonraíodh leis an togra, a bhí bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, rialacha foirmithe, cláraithe, comhdhéanaimh, feidhmithe, maoinithe, díscaoilte, leachtaithe agus dócmhainneachta an chomhlachais. Tarraingíodh siar an togra in 2005.
    (13)    Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir leis an nGrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (EEIG) (IO L 199, 31.7.1985, lch. 1).
    (14)    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
    (15)    Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le Creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.).
    (16)    Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
    (17)    Teorannaítear a réimsí féideartha gníomhaíochta agus a gcuspóir leis an rialachán faoi seach.
    (18)    Níl siad oscailte ach do thíortha, eagraíochtaí idir‑rialtasacha (ERIC) nó údaráis na mBallstát (EGTC).
    (19)     Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach (europa.eu). .
    (20)    https://commission.europa.eu/aid-development-cooperation-fundamental-rights/your-rights-eu/eu-charter-fundamental-rights/application-charter/annual-reports-application-charter_en#ref-2022-report
    (21)     Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil maidir leis an toradh deiridh , Bealtaine 2022.
    (22)    Féach Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna an 18.1.2022, COM(2022) 16 final agus ‘tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha’ .
    (23)    Féach an Glao ar Fhianaise an 16 Feabhra 2023.
    (24)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
    (25)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
    (26)     Margadh aonair – Togra le haghaidh tionscnamh reachtach maidir le gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas (europa.eu) .
    (27)    Mar shampla, sa Chomhairliúchán Poiblí (64 fhreagra), tacaíonn tromlach na bhfreagróirí (i.e. 73 %; 47 as 64) gníomhaíocht de chuid an Aontais chun gníomhaíochtaí trasteorann comhlachas sa mhargadh aonair a éascú.
    (28)     Rún le haghaidh comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha Eorpacha trasteorann Tairbhí féideartha sa staid atá ann faoi láthair | Meitheal Mhachnaimh | Parlaimint na hEorpa (europa.eu) .
    (29)    Mar atá leagtha amach i Roinn 6 agus 7 den tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.
    (30)    Féach an tuarascáil ar an measúnú tionchair, roinn 6.3 maidir le ‘PO3: Cruthú foirm dhlíthiúil náisiúnta bhreise comhlachais ceaptha do bhallraíocht trasteorann agus/nó do chríche nó gníomhaíochtaí trasteorann, lch. 64-67. Is féidir teacht ar shoiléirithe breise agus léirmhíniú maidir leis na ríomhanna ar na figiúirí a chuirtear i láthair i roinn 6.3 (agus figiúirí eile a chuirtear i láthair i gcomhthéacs den mheasúnú tionchair a thacaíonn leis an tionscnamh reachtach seo) i ranna 2, 6, 7 agus 8 den tuarascáil ar an measúnú tionchair agus in iarscríbhinní 3, 4 agus 6 den tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (31)    Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
    (32)    Tag. den tuairim
    (33)    Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 le moltaí don Choimisiún maidir le reacht le haghaidh comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha trasteorann Eorpacha (2020/2026(INL)) (2022/C 342/17) (IO C 342, 6.9.2022, lch. 225).
    (34)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Geilleagar a thógáil ar geilleagar é a fhóireann do dhaoine: an action plan for the social economy[plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], COM(2021) 778 final.
    (35)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 maidir le plean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar sóisialta (2021/2179(INI)).
    (36)    Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt COM(2023) 316 final.
    (37)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Creataí cánachais ábhartha le haghaidh Eintitis an Gheilleagair Shóisialta, SWD(2023) 211 final.
    (38)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Cánachas neamh-idirdhealaitheach ar eagraíochtaí carthanachta agus ar a ndeontóirí: prionsabail a tarraingíodh ó chásdlí an Aontais, SWD(2023) 212 final.
    (39)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317 4.11.2014, lch. 1).
    (40)    Treoir (AE) Uimh. 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 22–30).
    (41)    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
    (42)    COM(2022)720.
    (43)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (44)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
    (45)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
    (46)    Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 39).
    (47)    Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (EIR 2105), IO L 141, 5.6.2015.
    (48)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011.
    (49)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (50)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
    (51)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (52)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (53)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
    (54)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (55)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (56)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (57)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (58)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top