Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0463

    Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/495 (AE) a mhéid a bhaineann le síniú ar an údarú don Danmhairg leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    COM/2023/463 final

    An Bhruiséil,28.7.2023

    COM(2023) 463 final

    2023/0291(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/495 (AE) a mhéid a bhaineann le síniú ar an údarú don Danmhairg leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    De bhun Airteagal 395 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach 1 breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú (CBL) a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

    Trí litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 21 Márta 2023, d'iarr an Danmhairg an túdarú chun leanúint de scéim ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir le húsáid phríobháideach feithiclí earraí éadroma a bhfuil uasmheáchan údaraithe trí thona acu, atá cláraithe le haghaidh úsáide gnó amháin, lena leathnaítear cur i bhfeidhm an bhirt speisialta arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 2 ón gComhairle lena maolaítear ó Airteagal 75 den Treoir CBL.

    I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir CBL, chuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Danmhairg in iúl do na Ballstáit eile, seachas Éire agus an Pholainn, trí litir dar dáta an 3 Bealtaine 2023. Cuireadh iarratas na Danmhairge in iúl d'Éirinn agus don Pholainn trí litir dar dáta 4 Bealtaine 2023. Thug an Coimisiún fógra don Danmhairg le litir dar dáta an 5 Bealtaine 2023 go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    D'fhonn bailiú CBL a shimpliú agus imghabháil cánach a chomhrac, d'iarr an Danmhairg in 2011 beart speisialta a cheadódh scéim ar ráta comhréidh a thabhairt isteach d’úsáid phríobháideach feithiclí earraí éadroma ag a bhfuil uasmheáchan údaraithe 3 thona agus atá cláraithe le haghaidh úsáid ghnó amháin. Formheasadh an iarraidh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/447/AE ón gComhairle an 24 Iúil 2012 3 . D'iarr an Danmhairg síneadh a chur leis an mbeart speisialta 3 huaire, a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/992 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2015 4 , le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle an 19 Márta 2018 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2020/1088 ón gComhairle an 22 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 5 . Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/445 le dul in éag an 31 Nollaig 2023.

    Gan beart speisialta den sórt sin tugtar le tuiscint i reachtaíocht na Danmhairge go gcaillfeadh an duine inchánach ceart asbhainte CBL ar chostas ceannaigh na feithicle go hiomlán d’aon úsáid phríobháideach a bhainfeadh le feithicil den sórt sin atá cláraithe chun críocha gnó amháin. Baineann an Danmhairg úsáid as foráil neamhghníomhaíochta faoi Airteagal 176 den Treoir CBL maidir le CBL a asbhaint ar chostais cheannaigh agus costais reatha feithiclí earraí éadroma a bhfuil uasmheáchan údaraithe suas le 3 thona acu. Má chláraíonn gnóthas feithicil earraí éadroma den sórt sin mar fheithicil chun críocha gnó amháin, beidh sé údaraithe an CBL ar cheannach na feithicle chomh maith leis na costais reatha a asbhaint go hiomlán. Mar sin féin, níl údarás ag gnólacht a chláraíonn feithicil earraí éadroma mar fheithicil earraí éadroma le haghaidh úsáid ghnó agus phearsanta an CBL a asbhaint ar an gcostas ceannaigh ach is féidir leis an CBL ar chostais reatha na feithicle a asbhaint go hiomlán.

    Is féidir le córas na Danmhairge, mar a mhínítear é thuas, a bheith casta agus costasach le riaradh, don duine inchánach agus don riarachán cánach araon. Dá bhrí sin tá iarrtha ag an Danmhairg leanúint de nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm mar a deonaíodh roimhe seo le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle, nós imeachta ar cuireadh síneadh lena bhailíocht le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2020/1088 ón gComhairle.

    De réir Airteagal 75 den Treoir CBL, i gcás ina n‑úsáidtear earraí atá mar chuid de shócmhainní gnóthais chun críocha príobháideacha, is é an méid inchánach a úsáidfear chun an CBL atá dlite a chinneadh ná an costas iomlán ar an duine inchánach as na seirbhísí a sholáthar. D’fhéadfadh duine inchánach an córas comhréidh a úsáidtear sa Danmhairg a úsáid ar feadh suas le 20 lá in aghaidh na bliana féilire. De bhun an chórais seo, íocann an duine inchánach táille in aghaidh an lae as úsáid phríobháideach na feithicle. Is é an ráta comhréidh atá le híoc in aghaidh an lae chun an fheithicil a úsáid chun críocha príobháideacha ná DKK 40, agus ní chumhdaíonn sé ach CBL. Chinn Rialtas na Danmhairge an méid seo ar bhonn anailís ar staitisticí náisiúnta. Theastódh íocaíocht dá samhail, faoi reachtaíocht náisiúnta ar leith, chun cáin ioncaim ar dhiúscairt cairr cuideachta, agus formhuirear ar an gcáin chúrsaíochta, a chumhdach. Dá n‑úsáidfeadh an duine inchánach an fheithicil chun críocha príobháideacha ar feadh níos mó ná 20 lá i rith na bliana féilire, bheadh feidhm ag na rialacha maidir le neamhghníomhaíocht, agus chaillfeadh an duine inchánach ina iomláine an ceart chun costais cheannaigh na feithicle a asbhaint.

    Tá córas leictreonach forbartha ag údaráis na Danmhairge trína bhféadfaidh daoine inchánach an ráta comhréidh laethúil a íoc ar líne nó trí aip shoghluaiste. Tráth na híocaíochta, faigheann an duine inchánach ‘dearbhán lae’ mar fhianaise dhoiciméadach gur íocadh an CBL. Measann na húdaráis an córas chun na hoibleagáidí cuntasaíochta do na daoine inchánach a shimpliú chomh maith le dualgas na n‑údarás cánach an cháin a ghearradh agus a bhailiú.

    Tá an nós imeachta simplithe roghnach. Mar sin, bheadh an duine inchánach fós in ann a fheithicil earraí éadroma a chlárú le haghaidh úsáid ghnó agus phríobháideach araon má oireann sin dá chúinsí.

    Mar a iarrtar le hAirteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle, thíolaic an Danmhairg, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, tuarascáil maidir leis an athbhreithniú ar an mbeart. De réir údaráis na Danmhairge, d'oibrigh an nós imeachta simplithe go han-mhaith le blianta beaga anuas agus feictear dóibh go bhfuil cúiseanna maithe ann le leanúint ar aghaidh le nós imeachta den sórt sin.

    Is iomchuí, dá bhrí sin, an Danmhairg a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2026.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

    Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí sin, údaraítear do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm faoi dhlíthe náisiúnta an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Mar sin tá roinnt forálacha ‘gan stad’ a chuireann srian leis an gceart chun asbhaint a dhéanamh i ndáil le gluaisteáin phaisinéirí.

    D'ainneoin tionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart chun asbhaint a dhéanamh 6 , is iomchuí beart speisialta den sórt sin le linn a bheith ag fanacht ar chomhchuibhiú ar na rialacha sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

    Comhréireacht

    Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát ar iarraidh uaidh féin agus níl aon oibleagáid ann.

    I bhfianaise raon feidhme teoranta an bhirt speisialta, tá sé comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. oibleagáidí CBL agus bailiú CBL a shimpliú, chomh maith le himghabháil cánach a chomhrac.

    An rogha ionstraime

    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.

    Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL ach amháin i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Danmhairg agus is leis an mBallstát áirithe sin amháin a bhaineann sé.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

    Measúnú tionchair

    Dearadh an togra chun imghabháil CBL a chomhrac agus chun an nós imeachta chun cáin a ghearradh a shimpliú agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aige ar ghnólachtaí agus ar lucht riaracháin araon. Tá an réiteach aitheanta ag an Danmhairg mar bheart oiriúnach. De réir údaráis na Danmhairge, d’oibrigh an nós imeachta simplithe go han-mhaith le blianta beaga anuas agus feictear dóibh go bhfuil cúiseanna maithe ann le leanúint ar aghaidh le nós imeachta den sórt sin.

    De réir na sonraí a chuir an Danmhairg isteach, in 2020, 2021 agus 2022 faoi seach, díoladh 33 100, 40 000 agus 43 500 dearbhán lae ag DKK 225, agus bhí CBL comhdhéanta de dearbhán DKK 40 in aghaidh an lae a díoladh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil líon méadaitheach daoine inchánach tar éis glacadh leis an mbeart.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairtí ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Tá clásal éagtha sa togra; teorainn ama uathoibríoch atá socraithe ag an 31 Nollaig 2026.

    I gcás ina measfadh an Danmhairg síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2026, ba cheart tuarascáil lena n‑áirítear athbhreithniú ar an mbeart a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an iarraidh ar shíneadh agus é sin tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2026.

    2023/0291 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/495 (AE) a mhéid a bhaineann le síniú ar an údarú don Danmhairg leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 7 , agus go háirithe Airteagal 395(1) di,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 8 ón gComhairle, údaraíodh don Danmhairg beart speisialta lena maolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE (‘an beart speisialta’) chun scéim ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir le húsáid phríobháideach feithiclí earraí éadroma a bhfuil uasmheáchan údaraithe 3 thona acu agus atá cláraithe le haghaidh gnó amháin. Tá an beart speisialta arna údarú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 le dul in éag an 31 Nollaig 2023.

    (2)Trí litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 21 Márta 2023, d’iarr an Danmhairg údarú i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 2023.

    (3)Le litreacha dar dáta an 3 Bealtaine 2023 agus an 4 Bealtaine 2023, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a chuir an Danmhairg isteach chuig na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE. Le litir dar dáta an 5 Bealtaine 2023, thug an Coimisiún fógra don Danmhairg go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (4)Dá gcuirfí an beart speisialta i bhfeidhm go leanúnach, cheadófaí do dhaoine inchánach a chláraigh feithicil chun críocha gnó amháin an fheithicil a úsáid chun críocha príobháideacha, agus chun méid inchánach an tsoláthair mheasta seirbhísí a ríomh de bhun Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE ar bhonn laethúil ar ráta comhréidh, seachas a gceart a chailleadh an CBL a thabhaítear ar chostas ceannaigh na feithicle a asbhaint.

    (5)Ba cheart, áfach, an modh ríomha simplithe sin a theorannú do 20 lá úsáide chun críocha príobháideacha do gach bliain féilire.

    (6)De réir na faisnéise a chuir an Danmhairg ar fáil ina hiarraidh, níor tháinig aon athrú ar an staid fhíorasach a thug údar maith leis an mbeart speisialta a chur i bhfeidhm. Chuir an Danmhairg tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh, ag athbhreithniú na suime comhréidh atá le híoc in aghaidh an lae chun an fheithicil a úsáid chun críocha príobháideacha. De réir na tuarascála sin, áitíonn an Danmhairg nach bhfuil aon athrú ar an méid CBL inbhailithe in aghaidh an lae ag DKK 40.

    (7)Tugann an Danmhairg le fios go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis an mbeart speisialta le blianta beaga anuas agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine inchánach a ghlac leis. Dearbhaíonn an Danmhairg freisin go bhfuil sé mar aidhm ag an mbeart speisialta simpliú a dhéanamh ar na hoibleagáidí CBL atá ar dhaoine inchánach a bhaineann úsáid ócáideach chun críoch príobháideach as feithicil a cláraíodh chun críocha gnó amháin , agus ar an gcaoi sin an nós imeachta chun CBL a bhailiú a shimpliú. Mar sin féin, d’fhéadfadh duine inchánach rogha a dhéanamh feithicil earraí éadroma a chlárú mar fheithicil a úsáidtear chun críoch gnó agus príobháideach araon. Agus é sin á dhéanamh aige, chaillfeadh an duine inchánach an ceart chun an CBL a tabhaíodh ar chostas ceannaigh na feithicle a asbhaint ach ní bheadh air táille laethúil a íoc as aon úsáid chun críoch príobháideach.

    (8)Tá sé comhsheasmach leis na rialacha ginearálta maidir le hasbhaint mar atá leagtha amach. i dTreoir 2006/112/CE beart a údarú lena náirithítear nach ndéantar an ceart iomlán chun an CBL ionchuir a asbhaint ar an bhfeithicil sin a bhaint de dhuine inchánach a bhaineann úsáid ócáideach chun críocha príobháideacha as feithicil atá cláraithe ach amháin chun críocha gnó .

    (9)Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/495. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an údaraithe ionas go bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar oiriúnacht an bhirt speisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, go rachadh an túdarú in éag an 31 Nollaig 2026.

    (10)I gcás ina niarrfaidh an Danmhairg síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2026, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an iarraidh ar shíneadh faoin 31 Márta 2026.

    (11)Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm an bhirt speisialta ar mhéid foriomlán ioncam cánach na Danmhairge a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

    (12)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

    ‘Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2026.

    Cuirfear aon iarraidh ar fhadú ar an mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2026 agus beidh tuarascáil ag gabháil leis ina mbeidh athbhreithniú ar an mbeart.’.

    Airteagal 2

    Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
    (2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle an 19 Márta 2018 lena núdaraítear don Danmhairg beart speisialta lena mhaolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 81, 23.3.2018, lch 13–14), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1088 ón gComhairle an 22 Iúil 2020 (IO L 239, 24.7.2020, lch 14–15).
    (3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Iúil 2012 lena núdaraítear don Danmhairg beart speisialta a thabhairt isteach lena mhaolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 202, 28.7.2012, lch 24-25).
    (4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/992 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2015 lena núdaraítear don Danmhairg beart speisialta a thabhairt isteach lena maolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 159, 25.6.2015, lch 66-67).
    (5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1088 ón gComhairle an 22 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 lena núdaraítear don Danmhairg beart speisialta a chur i bhfeidhm lena maolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 239, 24.7.2020, lch. 14-15).
    (6)    COM (2004) 728 final — Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 77/388/CEE d'fhonn oibleagáidí cánach breisluacha a shimpliú (IO C 24, 29.1.2005, lch. 10) a tarraingíodh siar an 21 Bealtaine 2014 (IO C 153 21. 05. 2014, lch 3)
    (7)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
    (8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/485 ón gComhairle an 19 Márta 2018 lena núdaraítear don Danmhairg beart speisialta a thabhairt isteach lena maolaítear ó Airteagal 75 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 81, 23.3.2018, lch. 13).
    Top