Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0451

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE

    COM/2023/451 final

    An Bhruiséil,13.7.2023

    COM(2023) 451 final

    2023/0284(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2023) 292 final} - {SWD(2023) 255 final} - {SWD(2023) 256 final} - {SWD(2023) 257 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis na hEorpa, arb é is aidhm dó geilleagar aeráidneodrach, glan agus ciorclach a áirithiú faoi 2050, ina mbarrfheabhsófar an bainistiú acmhainní agus ina n‑íoslaghdófar an truailliú. Leis an bplean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach 1 agus an straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht 2 , leagtar amach an treochlár chun go gcomhlíonfaidh tionscal na hEorpa cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. Tá gealltanas sa phlean gníomhaíochta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (FRCanna) agus é d’aidhm aige ‘samhlacha gnó níos ciorclaí a chur chun cinn trí shaincheisteanna maidir le dearadh a nascadh leis an gcóireáil deireadh ré, rialacha maidir le cion athchúrsáilte éigeantach a mheas i gcás ábhair áirithe, agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht athchúrsála’. Le plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ 3 , cuireadh i dtábhacht freisin an gá go mbeartóidh an Coimisiún bearta nua chun aghaidh a thabhairt ar lorg comhshaoil seachtrach an Aontais atá nasctha le honnmhairiú FRCanna agus le feithiclí caite.

    Tá tábhacht an tionscnaimh sin aitheanta ag an gComhairle Eorpach 4 agus ag Parlaimint na hEorpa 5 araon. Cuireadh i dtábhacht freisin leis an teachtaireacht a ghabhann leis an togra maidir leis an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla 6 tábhacht na hearnála mótarfheithiclí i soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus in uathriail straitéiseach an Aontais a mhéadú.

    Is é táirgeadh na bhfeithiclí ceann de na tionscail is déine ó thaobh acmhainní de. Bíonn earnáil mótarfheithiclí na hEorpa freagrach as 19 % den éileamh ar thionscal cruach an Aontais (os cionn 7 milliún tona in aghaidh na bliana), 10 % de thomhaltas foriomlán na bplaisteach (6 milliún tona in aghaidh na bliana), sciar suntasach den éileamh ar alúmanam (42 % le haghaidh an trealaimh iompair uile, thart faoi 2 mhilliún tona in aghaidh na bliana), copar (6 % le haghaidh páirteanna mótarfheithiclí), rubar (65 % den táirgeacht earraí rubair ginearálta) agus gloine (1,5 milliún tonna den ghloine chomhréidhe dá dtáirgtear san Aontas).

    De réir mar a aistríonn an earnáil mótarfheithiclí chuig an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, agus leictreonaic á comhtháthú i bhfeithiclí níos minice, beidh méadú ar an éileamh ar chopar agus ar amhábhair chriticiúla. Áirítear leo sin an tearc‑chré a úsáidtear i mbuanmhaighnéid na mótar r‑thiomána, arb í an earnáil mótarfheithiclí ceann de na húsáideoirí is mó dá bhfuil ann lena n‑aghaidh. Tá úsáid á baint as ábhair níos ardfhorbartha agus níos éadroime ag an earnáil mótarfheithiclí freisin amhail plaistigh chomhchodacha, cruach ardghráid agus cóimhiotail alúmanaim.

    Is é an toradh gur féidir lorg comhshaoil ard a bheith ag an táirgeadh feithiclí. Is amhlaidh sin i ngeall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a éilítear chun ábhair phríomhúla a eastóscadh agus a phróiseáil amhail gual agus amhiarann (le haghaidh cruach), báicsít (le haghaidh alúmanaim), copar agus ola (le haghaidh na bplaisteach). Ina theannta sin, baineann dúshláin áirithe leis an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ábhair shofaisticiúla agus chomhchodacha chun feithiclí a bhfuil a ré caite a dhíchóimeáil, a athúsáid agus a athchúrsáil.

    Ina fhianaise sin, is é aidhm an togra seo aistriú na hearnála mótarfheithiclí chuig an ngeilleagar ciorclach a éascú, ag céimeanna uile na feithicle ‑ idir dhearadh na feithicle agus chóireáil chríochnaitheach ag deireadh a ré. Tá an togra bunaithe ar mheastóireacht ar reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, atá comhdhéanta de dhá threoir (Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (‘Treoir FRC’)) 7 agus Treoir 2005/64/CE maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n‑in‑athúsáidteacht, lena n‑athchúrsáilteacht agus lena n‑in‑aisghábháltacht (‘Treoir maidir le cineálcheadú 3R’) 8 .

    Glacadh Treoir FRC in 2000 agus ba í an chéad chreat comhchuibhithe de chuid an Aontais dá ceapadh chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí, a bhfuil a ré beagnach caite agus a mheastar a bheith ina ndramhaíl, a chóireáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Leagtar amach forálacha leis an Treoir maidir le bailiú agus díthruailliú FRCanna, sriantar substaintí guaiseacha i bhfeithiclí nua agus leagtar spriocanna síos maidir leis an athúsáid agus leis an athchúrsáil (85 %) agus leis an athúsáid agus leis an aisghabháil (95 %), bunaithe ar mheánmheáchan FRCanna in aghaidh na feithicle agus na bliana. Ó glacadh an reachtaíocht, níl leasú substaintiúil déanta uirthi.

    Le linn an athbhreithnithe ar an Treoir Réime Dramhaíola in 2018, d’aontaigh na comhreachtóirí 9  ‘go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir [FRC], faoin 31 Nollaig 2020, agus chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach’. Léirigh sé gur cheart díriú leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir FRC ar a indéanta a bheadh sé spriocanna athchúrsála a shocrú le haghaidh ábhair shonracha agus ar an bhfadhb a bhaineann le feithiclí a bhfuil a ré caite ‘nach eol cá bhfuil siad’. 

    Leis an Treoir maidir le cineálcheadú 3R, a glacadh in 2005, leagtar síos nasc an‑dlúth idir forálacha Threoir FRC agus na forálacha maidir le dearadh i dtaca le hin‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabháltacht an phróisis chineálcheadaithe le haghaidh cineálacha feithicle. Go sonrach, luaitear sa Treoir maidir le cineálcheadú 3R gur cheart feithiclí a thógáil sa chaoi go mbeidh 85 % díobh in‑athchúrsáilte/in‑athúsáidte agus 95 % díobh in‑athúsáidte/in‑aisghabhála agus tá na spriocanna céanna sa Treoir FRC le haghaidh na mBallstát ó thaobh in‑athúsáidteacht, in‑aisghabháltacht agus in‑athchúrsáilteacht na bhfeithiclí de. Is cuid den chreat cineálcheadaithe 10 í an Treoir maidir le cineálcheadú 3R, agus is faoi sin a dhéantar cineálacha nua feithicle a thástáil agus cineálcheadú a dheonú dóibh sula gcuirtear ar mhargadh an Aontais iad, ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar ceanglas teicniúil.

    Aisghairtear leis an rialachán atá beartaithe idir an Treoir maidir le cineálcheadú 3R agus Threoir FRC agus cuirtear ionstraim dlí aonair ina n‑ionad. Is é a chuspóir foriomlán an reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana a nuachóiriú agus feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais agus laghdú á dhéanamh lena linn ar na tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol atá nasctha le dearadh, táirgeadh, ré feidhme agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí agus rannchuidiú le hinbhuanaitheacht na n‑earnálacha mótarfheithiclí agus athchúrsála.

    Tionscnamh is ea é sin atá laistigh den Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).  

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Ar an gcéad dul síos, tá an rialachán atá beartaithe fréamhaithe i reachtaíocht fhoriomlán an Aontais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí, arb é is aidhm di saorghluaiseacht na dtáirgí mótarfheithiclí sa mhargadh aonair a éascú trí cheanglais choiteanna a leagan síos atá ceaptha cuspóirí comhshaoil, feidhmíochta fuinnimh agus sábháilteachta a bhaint amach. Le Rialachán (AE) 2018/858 11 , socraítear an creat nós imeachta lárnach le haghaidh na gceanglas maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí. Leagtar síos leis na rialacha maidir le comhréireacht na gcineálacha feithicle le ceanglais roinnt píosaí reachtaíochta, a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin. Leis an rialachán atá beartaithe leagtar amach ceanglais maidir le dearadh ciorclach agus le táirgeadh na mótarfheithiclí agus áireofar sna hIarscríbhinní sin iad, chun go ndéanfar na ceanglais sin a sheiceáil agus a fhorfheidhmiú tríd an bpróiseas cineálcheadaithe 12 .

    Comhlánaíonn an rialachán atá beartaithe na tograí reachtacha atá tagtha ón gCoimisiún le déanaí agus tá sé i gcomhréir leo, ar tograí iad atá dírithe ar fheabhas a chur ar éicidhearthóireacht na dtáirgí agus ar bhainistíocht inbhuanaithe na dramhaíola a áirithiú.

    Is amhlaidh an cás leis an togra le haghaidh rialachán nua maidir le ceallraí 13 , lena gcumhdaítear ceallraí gluaisteáin agus ina bhfuil córas dlí nua cuimsitheach lena gcumhdaítear a saolré iomlán, atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar a lorg comhshaoil. Níl forálacha sa rialachán atá beartaithe maidir le cineálcheadú 3R agus FRC lena rialáiltear dearadh, táirgeadh agus deireadh ré na gceallraí. Cumhdaítear feithiclí iomlána leis mar aon lena bpáirteanna agus lena gcomhpháirteanna (seachas ceallraí), ar bhealach a chomhlánaíonn an togra le haghaidh rialachán maidir le ceallraí agus a d’áiritheodh go dtabharfar aghaidh ar lorg comhshaoil foriomlán na bhfeithiclí. Tá forálacha ann atá ceaptha baint na gceallraí de FRCanna a éascú, chun a áirithiú go mbeidh siad á n‑athúsáid nó á n‑athchúrsáil de réir an rialacháin maidir le ceallraí.

    Seachas ceallraí, chuir an Coimisiún tograí síos chun aghaidh a thabhairt ar lorg comhshaoil earnálacha eile atá dian ó thaobh acmhainní de (amhail táirgí foirgníochta 14 agus teicstíl 15 ) agus comhlánaíonn an rialachán atá beartaithe maidir le cineálcheadú 3R agus FRC an tionscnamh sin tríd an earnáil mótarfheithiclí a chumhdach, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag rialacha comhchoiteanna le haghaidh monaróirí chun feithiclí a thógáil a chuirfear ar mhargadh an Aontais, chun aistriú na hearnála sin chuig geilleagar ciorclach a éascú agus chun a hinbhuanaitheacht a láidriú.

    Tá an rialachán atá beartaithe i gcomhréir freisin leis an togra le haghaidh rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 16 , arb é is aidhm dó leagan síos na gceanglas maidir le feidhmíocht agus faisnéis inbhuanaitheachta a chumasú le haghaidh raon leathan táirgí fisiciúla. Murab ionann is táirgí eile, mar a léirítear thuas, tá na ceanglais maidir le dearadh agus le táirgeadh ciorclach na mótarfheithiclí bunaithe ar chreat dlíthiúil sonrach faoi láthair ag a bhfuil feidhm maidir le feithiclí, agus a leagtar amach agus a fhorfheidhmítear tríd an bpróiseas ‘cineálcheadaithe’. Is creat dlíthiúil ar leithligh é sin dá bhrí sin seachas an creat a leagtar amach faoin rialachán atá ar na bacáin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Ina theannta sin, ní láimhseálann an rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe le céim dheireadh ré na feithicle, atá faoi réir an rialacháin atá beartaithe maidir le cineálcheadú 3R agus FRC.

    Ar deireadh, ní thugann an rialachán atá beartaithe aghaidh ar lastais na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, a rialáiltear leis an rialachán maidir le loingsithe dramhaíola 17 . Meastar FRCanna mar dhramhaíl ghuaiseach agus, de réir an rialacháin maidir le loingsithe dramhaíola, tá toirmeasc ar a n‑onnmhairiú ón Aontas chuig tríú tíortha nach Baill de ECFE iad. Tá feidhm ag forálacha eile an rialacháin maidir le loingsithe dramhaíola i dtaca le loingsithe eile FRCanna, lena n‑áirítear idir Ballstáit an Aontais.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá sineirgí ann freisin idir an togra seo le haghaidh rialacháin agus beartais eile an Aontais, go háirithe beartais aeráide. Tá aistriú na hearnála mótarfheithiclí chuig an gciorclaíocht fíor‑riachtanach chun go mbainfidh an tAontas spriocanna 2050 maidir leis an aeráidneodracht amach a leagtar amach sa ‘Dlí Aeráide Eorpach’ 18 , rud a chomhlánaíonn roinnt tionscnamh eile faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ 19 . Ina theannta sin, comhlánaíonn an tionscnamh na forbairtí reachtacha eile atá ceaptha an earnáil mótarfheithiclí a athrú ó bhonn, amhail na caighdeáin CO2 a ndearnadh athbhreithniú le déanaí orthu le haghaidh gluaisteán agus veaineanna 20 , an caighdeán Euro 7 atá beartaithe maidir le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí nua 21 agus an t‑athbhreithniú leanúnach ar na trí threoir sa ‘phacáiste ródacmhainneachta’ 22 . Ina theannta sin, comhlánaíonn an rialachán an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla 23 , sa mhéid go dtugtar bearta isteach leis atá ceaptha go sonrach chun méid ciorclaíochta níos airde a bhaint amach i leith na n‑amhábhar criticiúil a úsáidtear i bhfeithiclí, go háirithe trí pháirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ina bhfuil na hamhábhair chriticiúla sin a bhaint, a athúsáid agus a athchúrsáil.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra reachtach bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a bhfuil sé d’aidhm aige feidhmiú an mhargaidh aonair a áirithiú 24 . Tá sé sin fíor‑riachtanach toisc go leagtar síos leis an togra ceanglais aonfhoirmeacha shoiléire lena rialaítear idir fheithiclí a chur ar mhargadh an Aontais agus iad a bhailiú agus a chóireáil ag deireadh ré, nithe is gá chun aistriú na hearnála chuig geilleagar ciorclach a éascú. Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an chreata rialála fhoriomláin maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí, lena n‑áirítear an Treoir maidir le cineálcheadú 3R, ach is é bunús dlí comhshaoil a bhaineann le Treoir FRC (Airteagal 192 CFAE).

    Tugtar aghaidh leis an togra seo ar roinnt príomhfhadhbanna a bhaineann leis an margadh aonair. Áirítear orthu sin: i) cur chun feidhme míchothrom Threoracha 3RTA agus FRC, ós rud é go bhfuil a bhforálacha faoi réir léirmhíniú, rud a fhágann go mbíonn staideanna difriúla i gceist le haghaidh oibreoirí ag brath ar an áit a gcuireann siad a bhfeithiclí ar an margadh agus maidir le FRCanna a chóireáil, ii) margadh tearcfhorbartha an Aontais le haghaidh ábhair thánaisteacha arb í an earnáil mótarfheithiclí a gceann scríbe, iii) bacainní roimh fheidhmiú na margaí athchúrsála agus roimh fheabhas a chur ar bharainneachtaí scála, iv) fadhb mharthanach na ‘bhfeithiclí ar iarraidh’ agus easpa soiléireachta chun FRCanna a idirdhealú ó fheithiclí caite i gcás onnmhairiúcháin agus v) an gá le creat rialála cobhsaí a bheidh go hiomlán comhchuibhithe chun go mbeifear in ann feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht, lena n‑áirítear na hinfheistíochtaí is gá, ó na hoibreoirí uile a bhfuil páirt acu i dtáirgeadh agus i gcóireáil deireadh ré na bhfeithiclí.

    An tráth céanna, is é príomhchuspóir an togra nasc níos dlúithe a leagan síos idir na ceanglais maidir le dearadh le haghaidh feithiclí agus na forálacha a bhaineann le bainistíocht FRCanna, rud lena gcumasófar feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, déantar na ceanglais maidir le dearadh feithiclí a fhoirmliú chun gur réamhriachtanais atá iontu go héifeachtach chun na forálacha maidir le bainistíocht FRC a fhorghníomhú i gceart. Ar shamplaí de nascadh sin na gceanglas áirítear na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta vs. spriocanna athúsáide, aisghabhála agus athchúrsála, na ceanglais maidir le substaintí atá i bhfeithiclí vs. an oibleagáid páirteanna agus comhpháirteanna ina bhfuil na substaintí sin a bhaint roimh an mionghearradh FRCanna, na ceanglais maidir leis an gcion athchúrsáilte vs. sprioc athchúrsála plaistigh agus an dearadh chun páirteanna a bhaint vs. an oibleagáid páirteanna a bhaint amach roimh mhionghearradh FRCanna.

    Is é Airteagal 114 de CFAE an bunús dlí iomchuí le haghaidh an togra seo dá réir sin toisc go bhfágann sé gur féidir croí‑eilimintí na gcoinníollacha, lena rialaítear an cineálcheadú, agus leis sin cur na bhfeithiclí ar mhargadh an Aontais, a dhéanamh de cheanglais a bhaineann leis an gcomhshaol, mar aon le ceanglais maidir le cóireáil deireadh ré feithiclí a chomhchuibhiú. Is é réasúnaíocht nó tástáil phríomhachta an togra na ceanglais maidir le feithiclí a chur ar an margadh a aonfhoirmiú (chun bheith níos beaichte – ceanglais maidir le cineálcheadú feithiclí) agus, dá dhroim sin chun a áirithiú nuair a shroichfidh feithiclí céim dheireadh a ré, go ndéanfar iad a chóireáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus gur féidir amhábhair thánaisteacha ar dhea‑cháilíocht a aisghabháil go héifeachtach uathu. Dá bhrí sin, i gcás an togra seo, ní cuspóir neamhspleách é an cuspóir comhshaoil, ach an rud a spreagann comhchuibhiú na gceanglas maidir le dearadh a bhaineann le hin‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabháltacht na bhfeithiclí.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Chun margadh aonair comhchuibhithe dea‑fheidhmiúil de chuid an Aontais a bhaint amach agus chun é a chur ar chumas na hearnála mótarfheithiclí aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach go rianúil, i gcomhréir leis an sprioc a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sé fíor‑riachtanach tacar coiteann rialacha a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ag a mbeidh ceanglais agus oibleagáidí soiléire le haghaidh na mBallstát agus gnólachtaí. Ní féidir le gníomhaíocht aonair ó na Ballstáit amháin cuspóirí na hoibre a ghnóthú go leordhóthanach i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite; i bhfianaise scála agus éifeachtaí na mbeart, is fearr iad a bhaint amach le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

    Ach na ceanglais a chomhchuibhiú, rachfaí i ngleic leis na fadhbanna cur chun feidhme a tharlaíonn de bharr léirmhínithe difriúla ar reachtaíocht atá ann cheana. Gan gníomhaíocht ar fud an Aontais, is baolach go n‑ilroinnfear margadh an Aontais agus go mbraithfidh dul chun cinn i leith an gheilleagair chiorclaigh ar ghníomhaíocht dheonach ó ghnólachtaí nó ó Bhallstáit aonair.

    Comhréireacht

    Léirítear prionsabal na comhréireachta i ndearadh na mbeart uile atá sa rialachán atá beartaithe. Mar shampla, leathnaítear leis raon feidhme na reachtaíochta atá ann cheana chun feithiclí nua a chuimsiú de réir a chéile, agus idirthréimhsí ann le haghaidh na gceanglas nua uile chun tréimhse a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú do na rialacha nua.

    Soláthraítear tuairisc níos mionsonraí ar an measúnú ar an gcomhréireacht in aghaidh gach ceann de na roghanna beartais in Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

    An rogha ionstraime

    Roghnaítear rialachán chun creat comhchuibhithe a chruthú ag a mbeidh feidhm maidir leis na céimeanna chun feithiclí a dhearadh, a tháirgeadh agus le céim dheireadh a ré. Soláthróidh sé sin an deimhneacht dhlíthiúil is gá d’oibreoirí agus d’údaráis na mBallstát. Simpleoidh sé an tírdhreach rialála atá ann faoi láthair trí na ceanglais uile a chomhdhlúthú in aon ghníomh aonair agus rannchuideoidh sé le margadh aonair an Aontais a chomhtháthú ar bhealach níos láidre. I gcomparáid le treoir, fágann roghnú rialacháin go laghdaítear na costais riaracháin atá nasctha leis an dlí a thrasuíomh i reachtaíocht náisiúnta freisin agus ceadaítear feidhm a bheith ag ceanglais nua de chuid an Aontais níos luaithe.Tá roghnú rialacháin i gcomhréir leis an gcreat rialála maidir le cineálcheadú, ar faoi sin a dhéantar rialacháin de threoracha mar chuid de na bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh tar éis scannal na n‑astaíochtaí a bhain le Dieselgate.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Leis na meastóireachtaí ar Threoir FRC 25 agus ar an Treoir maidir le cineálcheadú 3R 26 , sainaithníodh cineál cineálach a bhforálacha mar cheann dá bpríomheasnaimh a bhí ina gcosc ar aistriú an tslabhra soláthair mótarfheithiclí foriomláin chuig geilleagar ciorclach. Pléadh na heasnaimh sin sa tuairim maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F) 27 . Dá thoradh sin, sainaithníodh na fadhbanna seo a leanas mar fhadhbanna a bhí ina mbac ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais agus a d’fhág nach raibh leibhéal na cosanta comhshaoil mar arb aidhm don Aontas a bhaint amach:

    Ní rannchuidíonn dearadh agus táirgeadh na bhfeithiclí nua go leordhóthanach le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip go mbeidh geilleagar aeráidneodrach, glan agus ciorclach ann;

    Caighdeán na cóireála a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, tá sé fo‑optamach i gcomparáid lena hacmhainneacht rannchuidiú le geilleagar aeráidneodrach, glan agus ciorclach;

    Sciar tábhachtach de na feithiclí atá faoi réir na Treorach, ní bhailítear iad lena gcóireáil faoi dhálaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol san Aontas, rud a d’fhéadfadh a bheith ag rannchuidiú leis an truailliú i dtríú tíortha;

    Níl aon chur chuige comhchuibhithe ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir le dearadh, táirgeadh agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir FRC faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil acmhainneacht neamhshaothraithe ann ó thaobh chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip de i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach.

    Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, díríonn an rialachán atá beartaithe ar thrí phríomhghné: ceanglais chiorclaíochta i dtaca le cineálcheadú na bhfeithiclí, bainistíocht na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite agus onnmhairiú na bhfeithiclí caite.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara roinnt uaireanta i gcaitheamh na bpróiseas meastóireachta agus measúnaithe tionchair ar fad. Ba iad na comhairliúcháin sin an bunús leis an rialachán atá beartaithe, go háirithe na comhairliúcháin phoiblí oscailte, na comhairliúcháin spriocdhírithe, na ceardlanna le páirtithe leasmhara 28 agus na cruinnithe déthaobhacha.

    Bhí páirtithe leasmhara agus na Ballstáit ar aon tuairim a bheag nó a mhór faoi phríomhthorthaí na meastóireachta ar Threoir FRC agus faoin ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin.

    Chuir roinnt mhaith páirtithe leasmhara ón earnáil monaraíochta mótarfheithiclí i dtábhacht gur thosaigh siad cheana féin ar phrionsabail na ciorclaíochta a chomhtháthú ina gcleachtais ghnó agus nár ghá ach mionleasuithe chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair. Dá bhrí sin, níor léir dóibh gur ghá Treoir FRC agus an Treoir maidir le cineálcheadú 3R a chumasc. Bhí monaróirí eile i bhfabhar na gníomhaíochta chun an dearadh a oiriúnú le haghaidh na hathchúrsála sa reachtaíocht nua chun cothroime iomaíochta a áirithiú agus chun feabhas a chur ar an trédhearcacht. Bhí na hearnálacha díchóimeála agus athchúrsála, ar FBManna is mó atá i gceist leo, ag iarraidh reachtaíocht níos uaillmhianaí maidir leis an dearadh le haghaidh na díchóimeála/na hathchúrsála agus maidir le faisnéis ó mhonaróirí a chomhroinnt. ENRanna comhshaoil, údaráis bainistíochta dramhaíola agus údaráis phoiblí, thacaigh siad d’aon toil le cur chuige agus le dearadh saolré cuimsithí le haghaidh bearta ciorclaíochta.

    Cé go raibh tacaíocht láidir ann le spriocanna a shocrú maidir leis an gcion athchúrsáilte i bhfeithiclí nua ó na hearnálacha díchóimeála agus athchúrsála agus ó eagraíochtaí sochaí sibhialta, bhí tuairimí éagsúla ag an earnáil mótarfheithiclí maidir le spriocanna a shocrú le haghaidh na bplaisteach. Tharraing siad údair imní anuas maidir le heaspa féideartha an tsoláthair ba ghá agus mhol an athchúrsáil cheimiceach (cosúil le tionscal na bplaisteach). Níor thacaigh an tionscal cruach le sprioc maidir leis an gcion athchúrsáilte le haghaidh cruach i bhfeithiclí nua.

    Maidir le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite, bhí páirtithe leasmhara i bhfabhar bearta arbh é ab aidhm dóibh feabhas a chur ar cháilíocht na n‑ábhar ó FRCanna agus an cháilíocht sin a mhéadú i bhfabhar athúsáid na páirteanna agus na gcomhpháirteanna spártha, mar aon le hathchúrsáil ardcháilíochta na n‑ábhar ó FRCanna. Mar sin féin, tharraing an earnáil bainistíochta dramhaíola údair imní anuas maidir le méadú na gcostas a d’fhéadfaí a spreagadh le bearta nua lena rialófaí cóireáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite agus na dramhaíola uathu.

    Ar an bhforiomlán, thacaigh páirtithe leasmhara go láidir le bearta uaillmhianacha a ghlacadh chun dul i ngleic le fadhb leanúnach na ‘bhfeithiclí ar iarraidh’. Bhí tacaíocht ann freisin le ceanglais níos déine maidir le honnmhairiú na bhfeithiclí caite, chun seachaint nach nginfidh feithiclí caite nach bhfuil ródacmhainneach truailliú aeir agus go n‑onnmhairítear feithiclí caite ag a bhfuil rioscaí sábháilteachta ón Aontas chuig tríú tíortha.

    Ba é seasamh na monaróirí feithicle go bhfuil an earnáil díchóimeála féinchothaithe cheana féin agus nach bhfuil aon ghá ann cúiteamh a sholáthar i gcostas na cóireála trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunú. Má chuirtear scéimeanna den sórt sin ar bun, chuir siad i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go mbeidh an ceart ag monaróirí feithiclí a bhfreagracht a fheidhmiú go haonarach. D’iarr na hearnálacha díchóimeála, mionghearrtha agus athchúrsála freagracht airgeadais fheabhsaithe ón an earnáil mótarfheithiclí chun costais bhreise a chumhdach a bhaineann le feabhsuithe ar an gcáilíocht, in éineacht le coimircí chun a neamhspleáchas sna scéimeanna a chosaint.

    Bhí tromlach na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear ENRanna comhshaoil, údaráis phoiblí agus oibreoirí bainistíochta dramhaíola (FBManna go príomha), i bhfabhar raon feidhme rialála Threoir FRC a leathnú chun catagóirí feithiclí breise a chuimsiú. Chuir táirgeoirí agus soláthróirí mótarfheithiclí tuairimí éagsúla in iúl, á chur i dtábhacht nach mbeadh sé inmhianaithe an raon feidhme a leathnú go hiomlán chun catagóirí nua feithiclí a chuimsiú sa ghearrthéarma i ngeall ar a ndifríochtaí.

    Saineolas a bhailiú agus a úsáid

    Chun bheith mar bhonn taca faoin anailís ar roghanna rialála difriúla, d’fhostaigh an Coimisiún seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha faoi chonradh tacaíochta 29 .

    Tiomsaíodh fianaise ó na tuarascálacha meastóireachta ar Threoir FRC 30 agus ón meastóireacht spriocdhírithe ar an Treoir maidir le cineálcheadú 3R, rud a rinneadh go comhthreomhar leis an measúnú tionchair agus a cuireadh a i láthair in Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

    Chuir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), seirbhís eolaíochta agus eolais an Choimisiúin Eorpaigh, tuarascáil theicniúil ar fáil maidir le spriocanna le haghaidh cion plaisteach athchúrsáilte i ngluaisteáin nua paisinéirí 31 agus tuarascáil maidir le hamhábhair chriticiúla san earnáil mótarfheithiclí 32 . Cuireadh torthaí na dtuarascálacha sin san áireamh sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca faoin togra le haghaidh rialacháin.

    Cuirtear na moltaí a soláthraíodh sa tuairim maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F) san áireamh leis an togra 33 .

    Cuireadh fianaise thacaíochta bhreise san áireamh sa phróiseas trí thaighde deisce sonrach agus trí shonraí a bhailiú, rud atá comhtháite in obair fhoriomlán an mheasúnaithe tionchair freisin.

    Measúnú tionchair

    Tá an togra bunaithe ar mheasúnú tionchair, a fhoilsítear in éineacht leis an togra. I gcomhréir leis na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le rialáil níos fearr, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dhá thuairim maidir le dréachtleaganacha den tuarascáil ar an measúnú tionchair, rud a díríodh ar an mbonn cirt leis na bearta maidir le honnmhairiú na bhfeithiclí caite, an tuairisc ar thionchair na rogha beartais ab fhearr, roghnú bearta áirithe maidir leis an gcion athchúrsáilte agus scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora mar aon le saincheisteanna a bhí nasctha leis an modheolaíocht a leanadh sa tuarascáil. Cuireadh na tuairimí sin san áireamh i dtuarascáil chríochnaitheach an mheasúnaithe tionchair.

    Sainaithníodh ceithre réimse sa mheasúnú tionchair ar fadhbanna iad ar gá dul i ngleic leo ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:

    1.comhtháthú na ciorclaíochta i ndearadh agus i dtáirgeadh feithiclí in easnamh agus tá spleáchas mór ar amhábhair phríomhúla ann dá dheasca sin;

    2.cáilíocht na cóireála a dhéantar ar fheithiclí tráth dheireadh a ré fo‑optamach i gcomparáid leis an acmhainneacht go gcoinneofaí luach comhshaoil agus eacnamaíoch níos mó;

    3.Sciar tábhachtach de na ‘feithiclí ar iarraidh’ atá faoi réir Threoir FRC, ní bhailítear iad lena gcóireáil faoi dhálaí cearta comhshaoil agus déantar líon mór feithiclí caite atá truaillitheach agus nach bhfuil ródacmhainneach a onnmhairiú ón Aontas gach bliain;

    4.acmhainneacht ciorclaíochta neamhshaothraithe ag feithiclí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir FRC faoi láthair chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

    Chun aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na fadhbanna sin, dearadh agus rinneadh anailís ar roghanna beartais sonracha le haghaidh gach ceann de na réimsí seo a leanas:

    1.‘Déan dearadh ciorclach’: dearadh agus táirgeadh ciorclach a dhéanamh den dearadh agus den táirgeadh;

    2.‘Úsáid cion athchúrsáilte’: an cion athchúrsáilte i bhfeithiclí nua a mhéadú;

    3.‘Cóireáil níos fearr’: feabhas a chur ar chóireáil FRCanna;

    4.‘Bailigh níos mó’: níos mó FRCanna a bhailiú san Aontas and feabhas a chur ar cháilíocht na bhfeithiclí caite a onnmhairítear;

    5.EPR:na dreasachtaí cearta a sholáthar chun bailiú FRCanna a mhéadú agus feabhas a chur ar an gcóireáil dramhaíola trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora;

    6.‘Cumhdaigh níos mó feithiclí’: raon feidhme na reachtaíochta a leathnú chun catagóirí feithiclí breise a chuimsiú.

    Cuirtear na bearta atá i ngach rogha i láthair sa tábla a leanas. Léiríonn an colún deiridh na bearta atá roghnaithe mar an rogha beartais ab fhearr tar éis an mheasúnaithe tionchair.

    Roghanna Beartais

    Uimh.

    Bearta

    Roghnaithe

    Rogha

    PO1 –

    Déan Dearadh ciorclach

    1A

    M1 - Áirithigh go ndéanfar foráil le rialacha 3RTA maidir le cur chun feidhme ceart na gceanglas ciorclaíochta i dtaca le cineálacha nua feithicle  
    M2 - Tugtar de chumhacht don Choimisiún modheolaíocht bheachtaithe a fhorbairt chun comhlíontacht le ceanglais 3R a chinneadh

    M3 ‑ Bunfhaisnéis maidir leis an díchóimeáil a sholáthar d’oibreoirí cóireála FRC

    M4a - Dearbhú maidir le substaintí ar údar imní iad arna bhfíorú ag údaráis chineálcheadaithe 3R

    M5a ‑ Srianta ar shubstaintí faoi Threoir FRC athbhreithnithe

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    Ní hea

    Ní hea

    1B

    Áirítear bearta M1, M2, M3 de PO1A.

    M4b - Dearbhú sainordaitheach maidir leis an gcion athchúrsáilte plaisteach, cruach, alúmanaim

    M5b - Srianta ar shubstaintí faoi REACH agus faoi reachtaíocht eile atá ann cheana

    M6 - Oibleagáid ar mhonaróirí feithicle chun straitéisí ciorclaíochta a fhorbairt

    M7 - Ceanglais maidir le dearadh le haghaidh feithiclí nua chun baint na gcomhpháirteanna a éascú

    Is ea

    Ní hea

    Is ea

    Is ea

    1C

    Áirítear bearta M1-M3, M6, M7 de PO1A agus PO1B.

    M4c - Dearbhú sainordaitheach maidir leis an gcion athchúrsáilte le haghaidh ábhar, seachas plaistigh, lena n‑áirítear CRManna, cruach agus alúmanam

    M5c - Cur chuige hibrideach: srianta faoi FRC atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun in éineacht le srianta nua faoi REACH (a ndéantar anailís ar leith orthu in Iarscríbhinn 9)

    M8 - Pas Ciorclaíochta Digiteach Feithicle a bhunú

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    PO2-

    Úsáid Cion Athchúrsáilte

    2A

    M9a - Spriocanna maidir leis an gcion athchúrsáilte éigeantach le haghaidh plaisteach a úsáidtear i bhfeithiclí ‑ 6 % ina chion plaisteach athchúrsáilte faoi 2031, 10 % faoi 2035 ar leibhéal flít, ar d’ábhar athchúrsáilte ón táirgeadh lúbiata 25 % de sin, rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú

    M10a – Tabhair de chumhacht don Choimisiún sprioc a leagan síos maidir leis an gcion athchúrsáilte éigeantach le haghaidh cruach, lena n‑áirítear rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú, bunaithe ar staidéar indéantachta tiomnaithe

    Ní hea

    Is ea

    2B

    M9b ‑ Cion na bplaisteach athchúrsáilte: 25 % in 2031 i gcás feithiclí a cineálcheadaíodh le gairid agus ina gcás sin amháin, ar ón táirgeadh lúbiata é 25 % de sin, rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú

    M10b ‑ Cion athchúrsáilte cruach: 20 % i bhfeithiclí a cineálcheadaíodh le gairid, rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú

    Is ea

    Ní hea

    2C

    M9c ‑ Cion na bplaisteach athchúrsáilte: 30 % in 2031 i gcás feithiclí a cineálcheadaíodh le gairid agus ina gcás sin amháin, ar ón táirgeadh lúbiata é 25 % de sin, rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú

    M10c ‑ Cion athchúrsáilte cruach: 30 % i gcás feithiclí a cineálcheadaíodh le gairid, ar ón táirgeadh lúbiata é 15 % de sin, rialacha maidir leis an gcion a ríomh agus a fhíorú

    M11 ‑ Tabhair de chumhacht don Choimisiún spriocanna a leagan síos maidir leis an gcion athchúrsáilte sainordaitheach le haghaidh ábhair eile (cóimhiotail alúmanaim, CRManna), staidéar indéantachta, rialacha maidir le leibhéil na spriocanna a ríomh agus a fhíorú

    Ní hea

    Ní hea

    Is ea

    PO3-

    Cóireáil Níos Fearr

    3A

    M12 ‑ An sainmhíniú ar an athchúrsáil a ailíniú agus an mhodheolaíocht maidir le ríomh rátaí athchúrsála a ailíniú le reachtaíocht dramhaíola eile

    M13a - Baint shainordaitheach páirteanna/comhpháirteanna áirithe roimh an mionghearradh chun a n‑athchúrsáil nó a n‑athúsáid a spreagadh, ‘liosta A’

    M14a – Sainmhíniú nua ar an ‘athmhonarú’ agus ceanglais faireacháin nua maidir leis an athúsáid/athmhonarú

    M16a - Toirmeasc ar líonadh talún na n‑iarmhar dramhaíola mótarfheithiclí ó oibríochtaí le mótarfheithiclí a mhionghearradh

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    3B

    Áirítear bearta uile PO3A (carnach)

    M13b - Baint shainordaitheach liosta níos faide de chomhpháirteanna, lena n‑áirítear na comhpháirteanna sin ina bhfuil tiúchan ard miotal luachmhar nó CRManna, ‘liosta B’

    M14b - Tacaíocht mhargaidh chun páirteanna spártha a úsáid

    M15b - Spriocanna athchúrsála le haghaidh na bplaisteach – 30 %

    M16b - Toirmeasc ar mhionghearradh measctha FRCanna in éineacht le DTLL agus le dramhaíl ó phacáistíocht

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    3C

    Áirítear bearta uile PO3A agus PO3B (carnach)

    M13c - Baint shainordaitheach comhpháirteanna breise, ‘liosta C’

    M15c - Gloine – athchúrsáil 70 % mar cháilíocht ghloine coimeádáin nó a coibhéis

    M16c - Ceanglais a leagan síos maidir le teicneolaíochtaí iar‑mhionghearrtha chun feabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht an dramh‑mhiotail arna aisghabháil ó FRCanna

    Ní hea

    Ní hea

    Ní hea

    PO4 – 

    Bailigh Níos Mó

    4A

    M17a - Tuairisciú ó na Ballstáit maidir le feithiclí ar iarraidh, clárú feithiclí, allmhairiú agus onnmhairiú feithiclí caite, dreasachtaí chun seachadadh feithiclí chuig saoráid cóireála údaraithe a spreagadh agus pionóis

    M18 - Oibleagáidí le haghaidh díchóimeálaithe, athchúrsálaithe le FRCanna a sheiceáil agus tuairisciú orthu, deimhnithe scriosta

    M19a – Íoscheanglais a leagan síos maidir le cigireachtaí earnála agus gníomhaíocht forfheidhmithe (lena n‑áirítear Treoirlínte neamhcheangailteacha na gComhfhreagraithe Uimh. 9)

    Ní hea

    Is ea

    Is ea

    4B

    M17b – Fíneálacha a shocrú le haghaidh na hearnála FRC má dhíoltar FRC le díchóimeálaithe neamhdhleathacha agus le haghaidh déileálaithe (agus ardáin leictreonacha) a dhéileálann le páirteanna spártha díchóimeáilte (caite) ó shaoráidí neamhúdaraithe

    M19b - Sainmhíniú níos soiléire ar FRCanna chun a áirithiú go mbeidh idirdhealú níos fearr ann idir feithiclí caite agus FRCanna (CG9 ceangailteach)

    M20 ‑ Feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá i gclárlanna náisiúnta feithiclí agus clárlanna idir‑inoibritheacha a dhéanamh díobh

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    4C

    M19c ‑ Faisnéis a sholáthar nó a chur ar fáil maidir le haitheantas agus ródacmhainneacht feithicle d’údaráis chustaim (uimhir aitheantais feithicle)

    M21 ‑ Ceanglais onnmhairiúcháin le haghaidh feithiclí caite nasctha leis an ródacmhainneacht

    Is ea

    Is ea

    4D

    Áirítear bearta M17b, M18, M19a‑c, M20, M21 de PO4A, PO4B agus PO4C (carnach)

    Is ea

    PO5 –

    Scéim um Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora (EPR)

    5A

    M22 ‑ Ceanglas ar na Ballstáit scéimeanna EPR aonair nó comhchoiteann a bhunú, lena n‑áirítear faireachán a dhéanamh ar chostais chomhlíontachta agus ar íosoibleagáidí airgeadais

    M23 - Oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh táirgeoirí

    Is ea

    Is ea

    5B

    Áirítear bearta M22, M23 de PO5A (carnach)

    M24 - Modhnú comhchuibhithe táillí EPR

    M25 ‑ Aistriú na dtáillí EPR/ráthaíochtaí (EPR trasteorann)

    Is ea

    Is ea

    5C

    Áirítear bearta M22-M25 de PO5A agus PO5B (carnach)

    M26 ‑ Scéimeanna aisíoca éarlaise a bhunú

    M27 ‑ Critéir Chomhchuibhithe maidir leis an Soláthar Poiblí Glas (deonach)

    Ní hea

    Ní hea

    PO6 –

    Cumhdaigh níos mó feithiclí

    6A

    M28 ‑ Faisnéis a sholáthar do dhíchóimeálaithe agus d’athchúrsálaithe

    Is ea

    6B

    Áirítear beart M28 de PO6A (carnach)

    M30a - Cóireáil éigeantach fheithiclí chatagóirí L3e-L7e, leoraithe (N2, N3) agus busanna (M2, M3) agus leantóirí (O) a bhfuil a ré caite ag saoráidí cóireála údaraithe

    M30b – Ceanglais onnmhairiúcháin le haghaidh feithiclí caite nasctha le stádas ródacmhainneachta leoraithe (N2, N3) agus busanna (M2, M3) agus leantóirí (O)

    M31b ‑ Íoscheanglais EPR le haghaidh catagóirí L3e-L7e, leoraithe (N2, N3) agus busanna (M2, M3) agus leantóirí (O) a bhfuil a ré caite

    M32 – Clásal athbhreithniúcháin maidir le raon feidhme rialachán 3RTA a leathnú chun feithiclí nua a chuimsiú

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    Is ea

    6C

    Áirítear bearta M28, M30a‑b, M31b de PO6A agus PO6B (carnach)

    M31c – EPR agus dreasachtaí eacnamaíocha ardfhorbartha a chur i bhfeidhm go hiomlán

    M33 – Cur i bhfeidhm raon feidhme iomlán cheanglais nua 3RTA agus na cóireála deireadh ré maidir le catagóirí feithiclí breise

    Ní hea

    Ní hea

    Rinneadh anailís chuimsitheach ar thionchair gach rogha beartais, mar a rinneadh i gcás na dtionchar agus na sineirgí comhpháirteacha idir na roghanna. Cuireadh na tionchair ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san áireamh agus rinneadh achoimre orthu i dtástáil tiomnaithe FBM. Rinneadh na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta a ríomh suas le 2040 agus a chur i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Is é 2035 an phríomhbhliain chomparáide, a bhfuil na bearta fadtéarmacha uile le bheith tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

    Sa phacáiste beartais ab fhearr tá meascán de na roghanna seo a leanas.

    Déan dearadh ciorclach. Sa rogha beartais ab fhearr tá oibleagáidí gearrthéarmacha ar mhonaróirí feithiclí faisnéis mhionsonrach sholáimhsithe díchóimeála agus athchúrsála a chur ar fáil, lena n‑áirítear maidir le húsáid agus suíomh CRManna i bhfeithiclí agus faisnéis faoin gcion athchúrsáilte i bhfeithiclí nua. Ar ghníomhaíochtaí le haghaidh an mheántéarma áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun in‑athchúrsáilteacht agus in‑athúsáidteacht na bhfeithiclí nua a ríomh ag céim an chineálcheadaithe agus pas ciorclaíochta feithicle a fhorbairt. Ar an iomlán, fréamhaíonn sé sin ceanglais chiorclaíochta i gcineálcheadú cineálacha nua feithicle.

    Cion athchúrsáilte. Is é an rogha beartais ab fhearr leibhéal meánach uaillmhéine a shocrú lena ngabhfaidh sprioc 25 % le haghaidh chion na bplaisteach athchúrsáilte faoi 2030, ar ó chóireáil FRC lúbiata é 25 % de sin. I gcás cruach, tugann an rogha sin de chumhacht don Choimisiún sprioc le haghaidh cion cruach athchúrsáilte i bhfeithiclí a cineálcheadaíodh le gairid a shocrú laistigh de 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin, bunaithe ar staidéar indéantachta. Déanfar measúnú ar an rogha chun spriocanna maidir leis an gcion athchúrsáilte a shocrú i gcás ábhair eile amhail alúmanam agus CRManna amach anseo, bunaithe ar athruithe ar dhearthaí mótarfheithiclí agus ar an acmhainn athchúrsála a bheith ar fáil.

    Cóireáil níos fearr. Leis an rogha beartais ab fhearr, áirítear sainmhíniú níos déine ar an athchúrsáil, toirmeasc ar chodáin iarmhair ó mhionghearrthóirí mótarfheithiclí a bheith á gcur chuig líonadh talún agus leibhéal meánach uaillmhéine maidir le hoibleagáidí i dtaca le comhpháirteanna a bhaint chun feabhas a chur ar aisghabháil na bpríomh‑chomhpháirteanna ó FRCanna, gan costais dhíréireacha ar oibreoirí cóireála. Méadófar aisghabháil na n‑amhábhar (criticiúil) leis sin agus cuirfear feabhas ar cháilíocht chodáin na bplaisteach, an chruach agus an alúmanaim.

    Bailigh níos mó. Is í an rogha beartais ab fhearr an rogha beartais is uaillmhianaí. Trí bhearta amhail an fhreagracht as deimhnithe scriosta a leithdháileadh ar bhealach níos soiléire, critéir cheangailteacha maidir le feithiclí caite a idirdhealú ó FRCanna, agus forálacha nua forfheidhmiúcháin, déanfar méadú suntasach ar an líon FRCanna a chóireáiltear go dleathach san Aontas. Cuirfear toirmeasc leis an rogha freisin ar onnmhairiú na bhfeithiclí nach bhfuil ródacmhainneach a thuilleadh, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

    Dreasachtaí a sholáthar chun bailiú FRCanna a mhéadú agus feabhas a chur ar an gcóireáil dramhaíola. Áirítear dreasachtaí airgeadais agus eagraíochta leis an rogha beartais ab fhearr trí cheanglais i dtaca le EPR a leagan síos chun bailiú FRCanna a mhéadú agus chun costais na cáilíochta cóireála feabhsaithe a fhritháireamh, ar costais iad nach féidir a fhritháireamh le luach na n‑ábhar agus na gcomhpháirteanna arna n‑aisghabháil.

    Cumhdaigh níos mó feithiclí. Is é atá sa rogha beartais ab fhearr cur chuige céimnithe isteach chun tuilleadh feithiclí a chumhdach faoi rialacha nua an Aontais de réir a chéile trína chur de cheangal ar mhonaróirí faisnéis maidir le comhdhéanamh a bhfeithiclí a sholáthar. Tugtar tacar íoscheanglais chóireála isteach le haghaidh feithiclí, leoraithe, busanna agus leantóirí a bhfuil a ré caite i gcatagóir L3e-L7e. Tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an rogha beartais ab fhearr ar an gcomhshaol trí laghdú a dhéanamh ar an lorg comhshaoil atá nasctha leis na ceanglais maidir le táirgeadh agus deireadh ré feithiclí.

    An measúnú ar na sochair chomhshaoil fhoriomlána is ea go mbeidh laghdú bliantúil 12,3 milliún tona de choibhéis CO2 ann in 2035 (10,8 milliún tona in 2030 go 14,0 mhilliún tona in 2040), rud atá ríthábhachtach chun an earnáil mótarfheithiclí a dhícharbónú. EUR 2,8 billiún atá i gceist leis an gcoigilteas CO2 sin agus luach airgid curtha air. Tá sé sin nasctha le luachshocrú níos fearr ar 5,4 milliún tona d’ábhair (plaistigh, cruach, alúmanam, copar, CRManna) a d’athchúrsálfaí ar cháilíocht ní b’airde nó a d’athúsáidfí, agus leis an bhfíoras go ndéanfaí 3,8 milliún FRC bhreise a bhailiú agus a chóireáil san Aontas. Dhéanfaí 350 tona de dhúile tearc‑chré in ábhair bhuanmhaighnéid a bhailiú ar leithligh lena n‑athúsáid agus lena n‑athchúrsáil in 2035 (agus 1 500 tona in 2040), rud a rannchuideodh go mór le sprioc an Aontais uathriail straitéiseach a bhaint amach le haghaidh amhábhair chriticiúla. Is le spriocanna forbartha inbhuanaithe na nuálaíochtaí inbhuanaithe (SDG9), an tomhaltais agus táirgeadh freagrach (SDG12) agus an ghníomhaithe ar son na haeráide (SDG13) is mó a rannchuidíonn an rogha beartais ab fhearr.

    Is é EUR 5,2 billiún in 2035 an t‑ioncam bliantúil iomlán le haghaidh na rogha beartais ab fhearr, lena n‑áirítear EUR 2,8 billiún de choigilteas CO2 agus luach airgid curtha air, in aghaidh costas EUR 3,3 billiún a fhágann toradh EUR 1,8 billiún i nglanioncam.

    Meastar go sroichfidh costas na rogha beartais ab fhearr EUR 66 in aghaidh na feithicle a chuirfear ar an margadh in 2035. Meastar go gcruthóidh sí 22 100 post breise, a mbeadh 14 200 díobh sin in FBManna, agus ar díchóimeálaithe agus athchúrsálaithe is mó a bheadh iontu sin.

    Cé go mbeidh costais ghearrthéarmacha áirithe ann le haghaidh thionscal gluaisteán an Aontais, ginfidh an rogha beartais ab fhearr caomhnú fuinnimh freisin, laghdóidh sí spleáchas an Aontais ar ábhair a fhoinsítear ó thríú tíortha agus áiritheofar go ndéanfar an t‑aistriú chuig an leictriú feithiclí bunaithe ar shamhlacha gnó inbhuanaithe agus ciorclacha, agus iad uile ag rannchuidiú le hiomaíochas fadtéarmach na hearnála.

    Ginfidh an rogha beartais ab fhearr idir chostais (nasctha leis an infheistíocht i dteicneolaíochtaí nua) agus ioncam (nasctha le luachanna níos airde ar pháirteanna spártha agus ar ábhair athchúrsáilte) le haghaidh na hearnála bainistíochta dramhaíola. Cé go mbeidh an staid éagsúil idir na Ballstáit agus na hoibreoirí difriúla i ngeall ar dhifríochtaí i dteicneolaíochtaí a úsáidtear agus i gcostais saothair, láidreoidh agus nuachóireoidh na hathruithe atá pleanáilte tionscal díchóimeála, mionghearrtha agus athchúrsála an Aontais go suntasach.

    Tá coinne leis go mbeidh costais theoranta roimh údaráis na mBallstát, a bheidh bainteach le faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht leis an reachtaíocht nua agus lena forfheidhmiú. Is i ngeall ar chigireachtaí, seiceálacha ar onnmhairiú FRCanna agus na bhfeithiclí caite agus an ngá le córais chlárúcháin a oiriúnú go príomha a bheidh na costais. I gcomaoin air sin, leis an digiteáil mhéadaithe (chun tuairisciú ar an deimhniú scriosta, chun faisnéis a mhalartú ó chlárlanna clárúcháin náisiúnta feithiclí ar onnmhairiú FRCanna agus feithiclí caite agus leis an idir‑inoibritheacht le córas na n‑ionad ilfhreastail), méadófar an éifeachtúlacht le haghaidh údaráis forfheidhmithe agus gnólachtaí araon agus laghdófar a n‑ualach freisin. Tá an costas measta foriomlán d’údaráis phoiblí chun maoirseacht a dhéanamh ar scéimeanna EPR, obair forfheidhmithe a dhéanamh agus córais chlárúcháin náisiúnta feithiclí a oiriúnú thart faoi EUR 24 mhilliún, níos lú ná EUR 2 in aghaidh na feithicle.

    Féadfaidh méadú thart faoi EUR 39 in aghaidh na feithicle ar phraghsanna feithiclí nua a bheith roimh thomhaltóirí, agus praghsanna níos ísle (EUR 12 in aghaidh na feithicle) agus gluaisteáin athláimhe á ndíol i ngeall ar an titim ar onnmhairí. Os a choinne sin, tá coinne leis go n‑eascróidh praghsanna ceannaigh níos ísle as bearta chun tacú le haisghabháil agus le díol páirteanna spártha caite, mar aon le deisiú agus le cothabháil níos saoire do thomhaltóirí, rud atá ina thairbhe.

    D’fhéadfadh dúshláin do FBManna a bheith i gceist leis na ceanglais chasta maidir le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite, i dtéarmaí costais cur chun feidhme níos airde sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus i dtéarmaí an oiriúnaithe do theicneolaíochtaí cóireála nua. An tráth céanna, infheistíocht níos mó san earnáil athchúrsála mótarfheithiclí, tacaíocht le margadh athúsáide na bpáirteanna tánaisteacha agus rochtain níos éasca ar fhaisnéis díchóimeála feithicle, cuirfidh na bearta sin borradh faoin nuálaíocht, cuirfidh siad deiseanna nua ar fáil do FBManna agus cuideoidh siad le poist nua a chruthú san earnáil. Chun na tionchair ar FBManna a mhaolú a thuilleadh, cumasaíonn ceanglais níos láidre maidir le EPR na costais a fhritháireamh le rátaí bailithe agus le cáilíocht chóireála níos airde.

    Na costais athfhillteacha a bhaineann leis an gcur chuige ‘ceann‑isteach‑ceann‑amach’ in aghaidh na feithicle, measúnaítear gur EUR 81,8 milliún nó EUR 5,45 in aghaidh na feithicle nua na costais sin le haghaidh phacáiste na rogha beartais ab fhearr. Leis an rogha beartais ab fhearr, baintear an úsáid is mó as acmhainneacht na digiteála chun forfheidhmiú éifeachtúil na gceanglas nua a áirithiú i gcomhréir leis an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’. Gan an digiteáil, meastar gur EUR 32,2 milliún iad na tionchair nó 40 % níos airde.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Leis an rialachán atá beartaithe tá coinne leis go gcuirfear feabhas ar an éifeachtúlacht agus ar an gcomhchuibhiú. Cuirtear san áireamh leis tromlach na moltaí a rinneadh sa tuairim maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ (F4F) 34 . Ach sonraíochtaí na nósanna imeachta cineálcheadaithe feithiclí um cheanglais chiorclaíochta shoiléire a leagan síos, cuíchóireofar nósanna imeachta an mhargaidh aonair le haghaidh monaróirí. Bainfear tuilleadh simplithe amach trí shrianta ar shubstaintí ceimiceacha a lárú faoi REACH, príomhphíosa reachtaíochta an Aontais lena rialaítear ceimiceáin. Le haghaidh bhainistíocht na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, le sainmhínithe athchúrsála a ailíniú leis an Treoir Réime Dramhaíola, comhchuibheofar agus éascófar an léiriú dlíthiúil agus is mó a bheifear in ann sonraí tuairiscithe a chur i gcomparáid le chéile. Coiscfear cineálacha cur chuige neamhchothroma i measc na mBallstát trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a leagan síos a bhainfidh le FRCanna go sonrach. Cuirfidh sé sin feabhas ar an trédhearcacht agus ar leithdháileadh cothrom na bhfreagrachtaí airgeadais idir cuideachtaí a bhfuil páirt acu i gcóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite.

    Cuideoidh an digiteáil le feabhas a chur ar bhailiú FRCanna agus le dul i ngleic le saincheist na bhfeithiclí ar iarraidh freisin tríd an tuairisciú digiteach a thabhairt isteach i saoráidí cóireála údaraithe agus trí fhaisnéis chlárúcháin feithiclí a chomhroinnt i measc na mBallstát. Leis an idirnascadh le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, cuirfear é ar a chumas d’údaráis chustaim coinníollacha nua a fhorfheidhmiú ar onnmhairiú na bhfeithiclí caite. Beidh sé fíor‑riachtanach leas a bhaint as acmhainneacht na digiteála chun FBManna a chumhachtú, go háirithe cuideachtaí níos lú agus ar teaghlaigh a reáchtálann iad go minic, chun margaí nua a shroicheadh trína chur ar a gcumas nascadh le hardáin ar líne agus le cianmhargaí ar leibhéil áitiúla agus idirnáisiúnta araon. Ina theannta sin, tá coinne leis an tionchar tarraingthe a eascróidh as sprioc éigeantach a shocrú maidir le cion athchúrsáilte na bplaisteach go gcuirfidh sé borradh faoi iomaíochas na ndíchóimeálaithe, toisc gurbh iadsan a bheadh ina bpríomhfhoinse chun ábhair thánaisteacha ardcháilíochta, ardéilimh a sholáthar. Tugadh aird ar leith ar oibleagáidí tuairiscithe a theorannú don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta, agus tús áite á thabhairt do réitigh dhigiteacha agus cumhacht lánroghnach á fágáil maidir leis an mbealach ba cheart d’oibreoirí tuairisciú d’údaráis náisiúnta.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairt ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Beidh gá le foireann agus acmhainní airgeadais chun seirbhísí a cheannach chun an togra a chur chun feidhme. Meastar go gcomhlíonfar cuid de na riachtanais i dtéarmaí foirne faoi na leithdháiltí atá ann cheana le haghaidh an Choimisiúin, cé go gcuirtear riachtanais áirithe le foireann sheachtrach bhreise i láthair sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis. Tá coinne leis go mbeidh gá le hacmhainní breise teoranta ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, rud dá ndéanfar foráil i dtogra reachtach dá éis lena gcumhdófar an reachtaíocht maidir le Ceimiceáin.

    Tá roinnt airteagal sa togra ina bhfuil mionsonraí ar shreafaí oibre breise a mbeidh gá lena ndéanamh chun an rialachán a chomhlánú. Mar chuid den obair sin, glacfar gníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe i gcaitheamh 1-8 mbliana dá n‑éis.

    Ar na príomhchúraimí teicniúla áirítear:

    feabhas a chur ar an modheolaíocht chun na rátaí in‑athchúrsáilteachta, ath‑inúsáidteachta agus in‑aisghabháltachta (rátaí 3R) a ríomh;

    feabhas a chur ar mheasúnú riosca na ndíolúintí substaintí guaiseacha a bheidh fágtha (tacaíocht ECHA);

    na rialacha maidir le cion athchúrsáilte na bplaisteach a ríomh agus a fhíorú, staidéar indéantachta chun spriocanna maidir leis an gcion athchúrsáilte a shocrú le haghaidh cruach i bhfeidhmeanna mótarfheithiclí agus staidéar indéantachta níos leithne, lena n‑áirítear measúnú eacnamaíoch chun spriocanna maidir leis an gcion athchúrsáilte a shocrú le haghaidh ábhair agus formáidí dearbhaithe eile (ag tógáil ar shaineolas agus ar mhodheolaíocht JRC cé nach gá gur nithe iad sin a bheidh déanta ag JRC););

    ceanglais maidir leis an inbhainteacht a shonrú le haghaidh ceallraí EV agus gluaisteáin ríomhthiomána, faisnéis ghinearálta maidir le comhpháirteanna eile a bhaint agus na ceanglais le haghaidh Ghníomh CRM a ailíniú leis an Rialachán maidir le Ceallraí (mar atá thuas, ag tógáil ar shaineolas JRC);

    na formáidí cineálcheadaithe agus an fillteán faisnéise a bheidh le soláthar d’údaráis chineálcheadaithe a thabhairt cothrom le dáta;

    critéir a fhorbairt le haghaidh an phas ciorclaíochta feithicle;

    sásraí EPR trasteorann a bhunú;

    leasú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cáilíocht i bhfeidhmíocht na cóireála feithicle a ríomh agus a fhíorú (mar atá thuas, ag tógáil ar shaineolas JRC);

    digiteáil: cláir feithiclí idir‑inoibritheacha agus rialuithe onnmhairiúcháin fíor‑ama a chruthú trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, bunaithe ar cheanglais bhailí maidir leis an ródacmhainneacht ar dtús agus ar an measúnú rioscabhunaithe mar an dara céim (dlúthchomhar idir AS ENV, AS MOVE agus AS TAXUD);

    cur chuige céimnithe isteach a ghlacadh i leith raon feidhme na gcatagóirí feithicle a leathnú agus ullmhú le haghaidh athbhreithniú 8 mbliana tar éis an teachta i bhfeidhm.

    Beidh gá ag an gCoimisiún le foireann bhreise chun na cúraimí teicniúla sin a dhéanamh mar a leanas:

    0,5 coibhéis lánaimseartha (FTE) gníomhaithe conarthacha in 2024;

    3,0 gníomhaí conarthach FTE in 2025;

    4.0 gníomhaí conarthach FTE in 2026 agus 2027, móide saineolaí náisiúnta FTE amháin ar iasacht.

    Ar an bhforiomlán, meastar gur EUR 4.346 milliún na costais chur chun feidhme iomlána, lena n‑áirítear na costais le haghaidh fhoireann an Choimisiúin, bunaithe ar na rátaí tuarastail is déanaí.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar faireachán ar chur chun feidhme an rialachán atá beartaithe le roinnt táscairí lena rianófar faisnéis amhail méid na n‑ábhar athchúrsáilte a úsáidtear i bhfeithiclí nua, rátaí athchúrsála le haghaidh ábhair shonracha ó FRCanna, ábhair/comhpháirteanna/páirteanna a bhaintear roimh an mionghearradh, sciar margaidh na bpáirteanna spártha caite, an líon FRCanna a bhailítear agus a phróiseáiltear i gcomhréir le ceanglais maidir le FRCanna agus an méid feithiclí caite a onnmhairítear. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na táscairí sin a fháil sa tuarascáil ar an measúnú tionchair.

    Tá athbhreithniú ginearálta ar rialachán pleanáilte 8 mbliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leagtar amach na forálacha ginearálta i gCaibidil I. 

    In Airteagal 1 leagtar ábhar an rialacháin seo síos agus léirítear a raon feidhme in Airteagal 2 . Tá feidhm ag tromlach a fhorálacha maidir le feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1 (gluaisteáin agus veaineanna). Tá feidhm freisin ag forálacha áirithe maidir le bainistíocht na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite agus maidir le ceanglais onnmhairiúcháin i dtaca le feithiclí áirithe chatagóir L freisin (feithiclí chatagóirí L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e), i dtaca le leoraithe, busanna agus le leantóirí (feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3 agus O).

    In Airteagal 3, leagtar síos na sainmhínithe is gá chun críocha an rialacháin seo. Tugtar roinnt sainmhínithe anonn ó Threoir aisghairthe 2000/53/CE agus ó Threoir aisghairthe 2005/64/CE nó ó reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, amhail Treoracha 1999/37/CE, 2008/98/CE agus 2014/45/AE nó Rialachán (AE) 2018/858.

    I gCaibidil II tá ceanglais chiorclaíochta a bhaineann le dearadh feithiclí, atá le fíorú i bpróiseas cineálcheadaithe.

    In Airteagal 4 leagtar síos íoscheanglais maidir le hath‑inúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabháltacht na gcineálacha feithicle, agus na rátaí atá le baint amach de réir gach cineál á sonrú. Tugann sé de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach an mhodheolaíocht chun na rátaí sin a ríomh agus a fhíorú.

    In Airteagal 5 sriantar luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach a úsáid i bhfeithiclí agus déantar foráil le hIarscríbhinn III maidir le díolúintí ón srian sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leasófar an Iarscríbhinn chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

    In Airteagal 6 ceanglaítear ar gach cineál feithicle ar a laghad 25 % den phlaisteach ann a bheith athchúrsáilte ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, agus gur cheart 25 % den ábhar sin teacht ó fheithiclí athchúrsáilte a bhfuil a ré caite. Tugann sé de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh freisin lena socrófar spriocanna maidir leis an gcion athchúrsáilte le haghaidh ábhair eile. Ní mór measúnú mionsonrach a bheith mar bhonn taca faoi spriocanna féideartha den sórt sin a shocrú.

    In Airteagal 7 leagtar oibleagáid ghinearálta síos nach ceadmhach don dearadh feithiclí nua a bheith ina bhac ar bhaint na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna ag a bhfuil acmhainneacht thábhachtach lena n‑athúsáid nuair a thiocfaidh feithiclí chun bheith ina ndramhaíl. Leagann an tAirteagal ceanglas síos freisin maidir le feithiclí a dhearadh ar bhealach lena gcumasófar baint agus athsholáthar na gceallraí feithiclí leictreacha agus mótar ríomhthiomána ón gcineál feithicle le linn chéim na húsáide agus chéim na dramhaíola araon.

    I gCaibidil III leagtar síos ceanglais maidir le faisnéis agus lipéadú le haghaidh monaróirí.

    In Airteagal 8 leagtar amach an bealach nach mór do mhonaróirí comhlíontacht a gcineálacha feithicle leis na ceanglais a leagtar síos sa rialachán seo le linn an phróisis cineálcheadaithe a chruthú.

    In Airteagal 9 bunaítear an oibleagáid straitéis chiorclaíochta a ullmhú le haghaidh gach cineáil feithicle nua, ina mbeidh na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Ba cheart do mhonaróirí na straitéisí a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana, agus achoimre á déanamh ar thoradh na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh chun a ngealltanais a chomhlíonadh.

    In Airteagal 10 cuirtear d’oibleagáid ar mhonaróirí a dhearbhú sa doiciméadacht chineálcheadaithe sciar chion athchúrsáilte na n‑ábhar a léirítear atá i bhfeithiclí.

    In Airteagal 11 cuirtear d’oibleagáid ar mhonaróirí faisnéis a sholáthar faoi bhaint agus faoi athsholáthar sábháilte na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá i bhfeithiclí. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith inrochtana saor in aisce d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola agus d’oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála.

    In Airteagal 12 cumhdaítear lipéadú na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá i bhfeithiclí i gcomhréir le caighdeáin um chódú ábhair. Rialacha mionsonracha síos maidir le lipéadú mótar ríomhthiomána ina bhfuil buanmhaighnéid, leagtar síos in Iarscríbhinn VI iad.

    In Airteagal 13 bunaítear pas ciorclaíochta feithicle, ar uirlis dhigiteach atá ann a úsáidtear chun feabhas a chur ar sholáthar na faisnéise faoi bhaint agus faoi athsholáthar sábháilte na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna feithicle ar bhealach atá i gcomhréir le huirlisí agus le hardáin faisnéise dhigiteacha eile atá ann cheana nó a bhfuil tuilleadh forbartha á déanamh orthu san earnáil mótarfheithiclí.

    I gCaibidil IV leagtar rialacha amach maidir le bainistíocht na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite.

    I Roinn 1 tá forálacha lena gceanglaítear ar na Ballstáit na húdaráis a ainmniú a bheidh freagrach as Caibidlí IV agus V (Airteagal 14) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus as na coinníollacha ginearálta a shocrú maidir le ceadanna a eisiúint le haghaidh saoráidí cóireála údaraithe (Airteagal 15).

    I Roinn 2 leagtar ceanglais síos maidir le freagracht leathnaithe táirgeora.

    In Airteagal 16 bunaítear oibleagáid ghinearálta ar tháirgeoirí maidir le freagracht agus léirítear a raon feidhme. In Airteagal 17 ceanglaítear ar na Ballstáit clár a chruthú lena ndéanfar faireachán ar chomhlíontacht na dtáirgeoirí leis na ceanglais sin. Ní ceadmhach do tháirgeoirí nach bhfuil cláraithe feithiclí a chur ar fáil ar an margadh laistigh de chríoch Bhallstáit. Baineann Airteagal 18 le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. In Airteagal 19 leagtar coinníollacha síos maidir le húdarú na dtáirgeoirí, i gcás comhlíonadh aonarach oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. In Airteagal 20 léirítear na costais a bhaineann le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhainistiú ar costais iad ba cheart a chumhdach le ranníocaíochtaí airgeadais táirgeoirí. In Airteagal 21 leagtar critéir chomhchuibhithe síos maidir leis na táillí sin a mhodhnú. In Airteagal 22 leagtar rialacha amach maidir leis an sásra um leithdháileadh costas le haghaidh feithiclí a thagann chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite i mBallstát eile. Tugann sé de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann le rialacha mionsonracha maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar modhnúcháin táille agus maidir leis an sásra um leithdháileadh costas na freagrachta leathnaithe táirgeora trasteorann.

    I Roinn 3 cumhdaítear bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite.

    In Airteagal 23 leagtar amach oibleagáid ar tháirgeoirí chun córais bhailiúcháin a chur ar bun agus páirt a ghlacadh iontu le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite agus leagtar amach ceanglais na gcóras sin. Cuireann sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfeidhmíonn na córais sin i gceart.

    In Airteagal 24 bunaítear oibleagáid chun na feithiclí uile a bhfuil a ré caite a sheachadadh chuig saoráidí cóireála údaraithe.

    In Airteagal 25 sonraítear oibleagáid na saoráidí cóireála údaraithe chun deimhnithe scriosta a eisiúint le haghaidh na bhfeithiclí uile a bhfuil a ré caite.

    In Airteagal 26 liostaítear na hoibleagáidí ar úinéirí feithiclí a bhfeithiclí a sheachadadh chuig saoráid chóireála údaraithe agus céim dheireadh a ré sroichte aici agus an deimhniú scriosta dá éis sin le haghaidh dhíchlárú na feithicle a chur i láthair.

    I Roinn 4 cumhdaítear cóireáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite.

    In Airteagal 27 leagtar amach na hoibleagáidí ar shaoráidí cóireála údaraithe maidir leis an ngníomhaíocht shonrach is gá chun feithiclí a chóireáil i gceart.

    In Airteagal 28 leagtar amach na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a mhionghearradh. Cuireann toirmeasc freisin ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑ábhair a mheascadh le dramhaíl ó phacáistíocht agus le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach. 

    In Airteagal 29 leagtar síos ceanglais maidir le díthruailliú feithiclí a bhfuil a ré caite, á léiriú nach mór sreabháin agus leachtanna a bhaintear a stóráil ar leithligh, ar an gcaoi chéanna le páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ina bhfuil luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach. Cuireann sé i dtábhacht freisin, gur gá ceallraí a bhaintear d’fheithiclí leictreacha a stóráil agus a chóireáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/[Ceallraí].

    In Airteagal 30 cuirtear d’oibleagáid ar shaoráidí cóireála údaraithe na páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear in Iarscríbhinn VII Cuid C a bhaint roimh an mionghearradh agus leagtar amach na coinníollacha lena n‑údaraítear díolúine ón gceanglas sin.

    In Airteagal 31 leagtar amach na hoibleagáidí a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna a bhaintear chun iad a athúsáid, a athmhonarú, a athriochtú, a athchúrsáil, nó le haghaidh oibríochtaí cóireála eile agus an bealach ba cheart iad a lipéadú. Soláthraíonn sé liosta páirteanna freisin nár cheart a athúsáid, a athmhonarú ná a athriochtú.

    In Airteagal 32 leagtar ceanglais síos lena rialaítear trádáil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna caite, athmhonaraithe agus athriochtaithe. Ní mór na páirteanna agus comhpháirteanna sin a lipéadú agus a chumhdach i gceart le ráthaíocht.

    In Airteagal 33 sonraítear nach mór do na Ballstáit dreasachtaí a ghlacadh chun athmhonarú, athriochtú agus athchúrsáil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna a chur chun cinn.

    In Airteagal 34 leagtar amach trí sprioc: maidir le hathúsáid agus le hathchúrsáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, maidir lena n‑athúsáid agus lena n‑aisghabháil agus maidir leis an athchúrsáil phlaistigh.

    In Airteagal 35 tugtar toirmeasc isteach ar líonadh talún dramhaíola neamhtháimhe nach bpróiseáiltear trí theicneolaíocht iar‑mhionghearrtha.

    In Airteagal 36 leagtar rialacha síos chun spriocanna maidir le hathúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil a ríomh i staideanna ina loingsítear feithiclí a bhfuil a ré caite chuig tír eile lena gcóireáil.

    I gCaibidil V déantar foráil maidir le rialacha i dtaca le feithiclí caite agus lena n‑onnmhairiú.

    Baineann Roinn 1 le stádas feithiclí caite. In Airteagal 37 cuirtear d’oibleagáid ar an úinéir feithicle, a bhfuil úinéireacht na feithicle á haistriú aige, a bheith in ann a léiriú nach feithicil a bhfuil a ré caite í an fheithicil atá faoi réir an aistrithe.

    I Roinn 2 tá roinnt forálacha lena rialaítear onnmhairiú na bhfeithiclí caite.

    In Airteagal 38 leagtar coinníollacha síos maidir le feithiclí caite a onnmhairiú: níor cheart feithiclí a bhfuil a ré caite a bheith i gceist leo de réir critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ní mór ródacmhainneacht a bheith iontu. Míníonn sé freisin an bealach a fhíoróidh na húdaráis chustaim má chomhlíonann feithiclí na ceanglais sin agus an bealach a chomhlíonann siad amhlaidh iad.

    In Airteagal 39 cuirtear d’oibleagáid ar údaráis chustaim comhlíontacht na bhfeithiclí, atá le honnmhairiú, le ceanglais onnmhairiúcháin a fhíorú go huathoibríoch agus go leictreonach.

    In Airteagal 40 leagtar amach an uair ba cheart d’údaráis chustaim seiceálacha a dhéanamh ar fheithiclí caite atá le honnmhairiú.

    In Airteagal 41 léirítear an uair ba cheart d’údaráis chustaim scaoileadh feithicle úsáidte lena honnmhairiú a chur ar fionraí, baineann Airteagal 42 le staideanna nuair ba cheart feithicil chaite a scaoileadh lena honnmhairiú agus déanann Airteagal 43 foráil maidir le forais chun diúltú an fheithicil a scaoileadh lena honnmhairiú.

    In Airteagal 44 cumhdaítear an comhar idir na húdaráis agus malartú na faisnéise a bhaineann le custaim agus in Airteagal 45 léirítear an córas leictreonach atá le húsáid chun na críche sin.

    I gCaibidil VI tá forálacha maidir leis na rialacha atá sa rialachán a fhorfheidhmiú.

    In Airteagal 46 cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit cigireachtaí tráthrialta a dhéanamh ar shaoráidí cóireála údaraithe, oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála agus saoráidí agus oibreoirí eacnamaíocha eile a fhéadfaidh feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil.

    In Airteagal 47 cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit sásraí éifeachtacha um chomhar a bhunú ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena gcumasófar malartú na sonraí is gá faoin rialachán seo.

    In Airteagal 48 ceanglaítear ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a bhunú as an Rialachán seo a shárú.

    In Airteagal 49 leagtar rialacha síos maidir le tuairisciú na sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoi bhailiú agus cóireáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, mar aon le cur chun feidhme na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora.

    Is caibidil chaighdeánach í Caibidil VII ina bhfuil airteagail maidir le gníomhartha tarmligthe (Airteagal 50) agus maidir le gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 51).  

    I gCaibidil VIII leagtar amach leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020 agus ar Rialachán (AE) 2018/858.

    Is caibidil chaighdeánach í Caibidil IX maidir le forálacha críochnaitheacha, ina bhfuil airteagail ina gcumhdaítear an ceanglas maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an rialachán 8 mbliana tar éis a ghlactha (Airteagal 55), maidir le haisghairm agus le forálacha idirthréimhseacha (Airteagal 56) agus teacht i bhfeidhm (Airteagal 57). 

     

    2023/0284 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 35 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 36 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’) 37 straitéis nua fáis na hEorpa é arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, áit nach mbeidh aon ghlanastaíocht gás ceaptha teasa ann in 2050 agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Chun gur féidir le beartais táirge an Aontais rannchuidiú le hastaíochtaí carbóin a ísliú ar an leibhéal domhanda, ní mór a áirithiú go ndéantar táirgí a mhargaítear agus a dhíoltar san Aontas a fhoinsiú, a mhonarú agus a chóireáil tráth dheireadh a ré ar bhealach inbhuanaithe.

    (2)Is rannchuiditheoir tábhachtach í an earnáil mótarfheithiclí le húsáid na n‑acmhainní fuinnimh agus ábhair ag an Aontas, agus le giniúint gás ceaptha teasa dá réir. Táirgeadh na bhfeithiclí i dtríú tíortha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, rannchuidíonn sé sin le gáis ceaptha teasa dhomhanda a ghiniúint, rud ag a mbíonn tionchar comhshaoil diúltach ar an Aontas. Aistriú ó úsáid na mbreoslaí iontaise i bhfeithiclí chuig an tsoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, rud a ndéantar foráil maidir leis sa phacáiste Oiriúnach do 55, tá sé sin ar cheann de na réamhriachtanais chun an sprioc aeráidneodrachta a bhaint amach in 2050. Laghdóidh an t‑aistriú sin na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mótarfheithiclí atá nasctha le céim úsáide na bhfeithiclí. Tá an earnáil mótarfheithiclí ar cheann de na húsáideoirí alúmanaim, cruach agus plaisteach príomhúil is mó dá bhfuil ann, rud atá nasctha le monarú na bhfeithiclí nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Is féidir tionchar comhshaoil suntasach a bheith i gceist leis sin, rud atá nasctha leis an bhfuinneamh is gá chun na hábhair sin a eastóscadh agus a phróiseáil. D’fhéadfadh an lorg comhshaoil atá nasctha le monarú na bhfeithiclí nua dul i méid le leictriú leanúnach an fhlít, agus i ngeall ar úsáid a bheith á baint ar bhonn níos forleithne as leictreonaic i cineálacha feithicle amach anseo, ar gá le haghaidh an dá cheann sin méid nach beag d’amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha agus de mhiotail lómhara, amhail copar agus dúile tearc‑chré. Is é toradh na n‑athruithe sin go bhféadfadh lorg comhshaoil níos mó a bheith ag an gcéim tháirgthe ná ag céim úsáide na bhfeithiclí. Ina theannta sin, as na ceanglais atá i bhfeidhm faoi láthair i ndlí an Aontais maidir leis an mbainistiú dramhaíola, eascraíonn aisghabháil fho‑optamach acmhainní as feithiclí a bhfuil a ré caite, agus tá an‑acmhainneacht ann méadú a dhéanamh ar chainníocht agus ar cháilíocht na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá le hathúsáid, athmhonarú, athriochtú nó athchúrsáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite. Chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin ar an gcomhshaol agus chun rannchuidiú le dícharbónú na hearnála, is gá feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus aistriú na hearnála mótarfheithiclí chuig geilleagar ciorclach a fheabhsú. Tá sé sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le ‘Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach – Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach’ 38 lenar iarradh athbhreithniú ar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair chun ‘samhlacha gnó níos ciorclaí a chur chun cinn trí shaincheisteanna maidir le dearadh a nascadh leis an gcóireáil deireadh ré, rialacha maidir le cion athchúrsáilte sainordaitheach a mheas le haghaidh ábhair áirithe, agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht athchúrsála’. Chuir idir an Chomhairle 39 agus an Pharlaimint 40 i dtábhacht an gá le rialacha nua ón Aontas maidir leis na hábhair sin, le hathsholáthar na rialacha atá ann cheana i dtaca le feithiclí a chineálcheadú ó thaobh a n‑in‑athúsáidteachta, a n‑in‑athchúrsáilteachta agus a n‑inaisghabháltachta de agus maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite.

    (3)Le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 bunaítear ceanglais chóireála chomhchuibhithe maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite agus spriocanna maidir le hathúsáid agus athchúrsáil feithiclí agus maidir le hathúsáid agus aisghabháil feithiclí. Bunaítear oibleagáidí leis an Treoir maidir le bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, mar aon le hoibleagáidí le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus úsáid na miotal trom i bhfeithiclí á srianadh go háirithe. Cruthaítear léi bunrialacha freisin maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, lena gceanglaítear ar tháirgeoirí feithiclí cuid de na costais a chumhdach i dtaca le bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite.

    (4)Cuireadh i dtábhacht leis an meastóireacht ón gCoimisiún ar Threoir 2000/53/CE 42 go raibh an Treoir éifeachtach le roinnt mhaith dá cuspóirí tosaigh a bhaint amach, go háirithe deireadh a chur le caidmiam, luaidhe, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach i bhfeithiclí, méadú ar phointí bailiúcháin le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite agus na spriocanna aisghabhála agus athchúrsála a ghnóthú. Cinneadh leis an meastóireacht mar sin féin nár tugadh aghaidh go leordhóthanach leis an Treoir ar shaincheisteanna tábhachtacha atá nasctha le bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite agus nach raibh an Treoir oiriúnaithe a thuilleadh chun ardcháilíocht chóireála na bhfeithiclí sin a áirithiú.

    (5)Le Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 , rialáiltear cineálcheadú na bhfeithiclí i dtaca lena n‑ath-inúsáidteacht, lena n‑athchúrsáilteacht agus lena n‑in‑aisghabháltacht, chun go bhféadfadh na feithiclí sin na spriocanna a bhunaítear i dTreoir 2000/53/CE a chomhlíonadh ag céim dheireadh a ré. Ní raibh an Treoir sin éifeachtach maidir le feabhas a chur ar in‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht ná in‑aisghabháltacht na bhfeithiclí nua agus níl sí oiriúnaithe do thréithe feithiclí nua, a bhfuil athrú nach beag tagtha orthu ó tháinig an Treoir sin i bhfeidhm.

    (6)Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 tugadh isteach córas cuimsitheach um chineálcheadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí, leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, d’fhonn feidhmiú ceart an mhargaidh aonair a áirithiú agus chun ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil a thairiscint. Tá gá le gníomh rialála ar leithligh chun críocha nós imeachta cineálcheadaithe AE a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Is gá forálacha agus ceanglais a leagan síos maidir le ciorclaíocht na bhfeithiclí i bpróiseas cineálcheadaithe AE. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh feithiclí na ceanglais sin, is gá a bhfíorú i bpróiseas cineálcheadaithe AE a áirithiú. Forálacha riaracháin Rialachán (AE) 2018/858, lena n‑áirítear na forálacha maidir leis an bhfaireachas margaidh, bearta ceartaitheacha agus pionóis, tá feidhm acu maidir le cineálcheaduithe a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Forálacha riaracháin Rialachán (AE) 2018/858, lena n‑áirítear na forálacha maidir leis an bhfaireachas margaidh, bearta ceartaitheacha agus pionóis, tá feidhm acu maidir le cineálcheaduithe a eisítear i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

    (7)Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, agus ardleibhéal cosanta comhshaoil á áirithiú an tráth céanna, tá sé fíor‑riachtanach na coinníollacha maidir le cineálcheadú na bhfeithiclí a chomhchuibhiú a mhéid a bhaineann lena n‑in‑athúsáidteacht, lena n‑athchúrsáilteacht agus lena n‑in‑aisghabháltacht, mar aon leis na coinníollacha lena rialaítear an bhainistiú dramhaíola san earnáil mótarfheithiclí. Tá dlúthnaisc idir céim tháirgthe agus cóireáil deireadh ré feithiclí, toisc, i dtaobh feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, go mbraitheann cuid mhór de sin ar an mbealach a dheartar agus a thógtar feithiclí ar an gcéad dul síos. Is é an bealach is éifeachtúla chun aistriú na hearnála mótarfheithiclí chuig geilleagar ciorclach a éascú dá bhrí sin creat rialála aonfhoirmeach a bhunú ar leibhéal an Aontais, lena gcumhdófar ar bhealach comhsheasmhach agus comhtháite dearadh, monarú, cur ar an margadh san Aontas agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí. Tá sé sin fíor‑riachtanach freisin chun margadh an Aontais a fhorbairt le haghaidh amhábhair thánaisteacha a áirítear i bhfeithiclí nua a chuirtear ar an margadh, mar aon le bacainní roimh an trádáil agus saofaí iomaíochta a sheachaint, an tsoiléireacht dhlíthiúil a áirithiú agus feabhas a chur ar fheidhmíochtaí comhshaoil na n‑oibreoirí eacnamaíocha uile atá rannpháirtíoch i ndearadh, táirgeadh agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus an gá go mbeidh rialacha aonfhoirmeacha i bhfeidhm le haghaidh an mhargaidh aonair ar údair imní chomhshaoil a spreagann iad, agus i gcomhréir le reachtaíocht fhoriomlán an Aontais maidir le cineálcheadú le haghaidh mótarfheithiclí, ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE, ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (8)Níl feidhm ag Treoracha 2000/53/CE ná 2005/64/CE ach amháin maidir le feithiclí paisinéirí (M1) agus feithiclí tráchtála éadroma (N1), arb iad sin thart faoi 85 % de na feithiclí uile dá bhfuil cláraithe san Aontas. Na feithiclí atá fágtha, is é sin feithiclí dhá agus trí rotha, leoraithe, busanna agus leantóirí, níl siad faoi réir aon reachtaíocht de chuid an Aontais maidir lena n‑éicidhearthóireacht ná maidir lena mbainistiú ag céimeanna dheireadh a ré. Dá bhrí sin, chun creat ciorclach a áirithiú le haghaidh na bhfeithiclí uile dá bhfuil cláraithe san Aontas, lena n‑áirítear go ndéanfar iad a chóireáil ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil, mar aon le hilroinnt an mhargaidh aonair a chosc, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ní hamháin maidir le feithiclí chatagóirí M1 agus N1, ach, go páirteach, maidir le feithiclí áirithe chatagóir L (L3e-L7e), feithiclí tromshaothair agus a leantóirí (M2, M3, N2, N3, O). Tá easpa faisnéis chuimsitheach ann maidir le cóireáil na bhfeithiclí sin ag deireadh a ré san Aontas, rud atá ina chosc ar fheidhm a bheith ag an gcóras céanna maidir leo agus an córas ag a bhfuil feidhm maidir le feithiclí M1 agus N1 ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar sin féin, na ceanglais maidir le bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, seachadadh éigeantach na bhfeithiclí sin chuig saoráidí cóireála údaraithe lena gcóireáil mar aon lena ndíthruailliú, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le feithiclí chatagóir L (L3e-L7e) agus maidir le feithiclí tromshaothair agus a leantóirí (M2, M3, N2, N3, O). Chun cóireáil na bhfeithiclí sin a bhfuil a ré caite a éascú, ba cheart a monaróirí a cheangal faisnéis a sholáthar faoi bhaint agus faoi athsholáthar na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar ó na feithiclí sin. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha lena rialaítear an fhreagracht leathnaithe táirgeora maidir leis na catagóirí feithiclí sin, agus costais bhailithe agus díthruaillithe na bhfeithiclí sin ag deireadh a ré á gcumhdach.

    (9)Ní le feithiclí paisinéirí (M1) ná le feithiclí tráchtála éadroma amháin a bhaineann fadhbanna le feithiclí caite a onnmhairiú (N1), ach mar a léiríonn staidéir 45 , le feithiclí atá níos mó freisin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le feithiclí tromshaothair agus lena leantóirí freisin (M2, M3, N2, N3, O).

    (10)Ceaptar feithiclí sainchuspóireacha chun feidhm shonrach a chomhlíonadh agus tá socruithe cabhalra speisialta ag teastáil uatha nach bhfuil go hiomlán faoi rialú an mhonaróra. Dá dheasca sin, ní féidir na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑ais-ghabhálachta a ríomh i gceart. I gcás na bhfeithiclí sin, níor cheart feidhm a bheith ach amháin ag na forálacha a bhaineann le bailiú, díthruailliú agus baint shainordaitheach le haghaidh páirteanna agus comhpháirteanna. Ba cheart do tháirgeoirí na costais as na ngníomhaíochtaí sin a dhéanamh a chumhdach laistigh den scéim freagrachta leathnaithe táirgeora. Forálacha a bhaineann le substaintí i bhfeithiclí, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le feithiclí sainchuspóireacha freisin, mar is amhlaidh faoi Threoir 2000/53/CE. Monaróir dara céim na bhfeithiclí a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach, níl sé in ann na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta a ríomh le haghaidh feithiclí lánchríochnaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí gan ach a cheangal ar an mbonnfheithicil an Rialachán seo a chomhlíonadh.

    (11)Baineann ceann de na dúshláin choincréiteacha is mó a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2000/53/CE le cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil feithicil tagtha chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite, go háirithe i gcásanna loingsithe feithiclí trasteorann. D’ainneoin treoraíocht 46 a bheith eisithe maidir leis an tsaincheist sin, baineann fadhbanna leis an measúnú sin fós. Is gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh maidir le critéir bheachta atá ceangailteach ó thaobh an dlí de lena bhféadfar feithicil a bhfuil a ré caite a chinneadh. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húinéirí feithiclí uile, a dhéileálann le feithiclí a bhfuil a ré caite, na critéir sin a úsáid.

    (12)Leis an meastóireacht ar Threoir 2000/53/CE, thángthas ar an gconclúid go raibh tionchar an‑teoranta ag na forálacha sa Treoir sin maidir le dearadh feithiclí, a bhí dírithe ar dhíchóimeáil na bhfeithiclí a éascú agus ar ghlacadh na n‑ábhar athchúrsáilte, ar dhearadh agus ar mhonarú na bhfeithiclí nua, toisc nach raibh na forálacha sin sách mionsonrach, sonrach agus intomhaiste.

    (13)Beidh gá le ceanglais chiorclaíochta chomhchuibhithe a chur ar bun, a fhíorófar ag an gcéim chineálcheadaithe, chun aghaidh a thabhairt ar dhearadh na bhfeithiclí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus ar a gcéim deireadh ré chomh maith. Feithiclí a dhearadh agus a mhonarú chun a áirithiú go mbeidh a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna in‑athúsáidte, agus go mbeidh na hábhair iontu in‑athchúrsáilte, tá sé sin fíor‑riachtanach chun a sheachaint nach féidir luach ceart a chur ar na páirteanna, comhpháirteanna ná ábhair sin nuair a shroichfidh feithicil deireadh a ré. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí feithiclí agus dá soláthróirí straitéisí um dhearadh a chomhtháthú a chuirfidh feabhas ar an ath‑inúsáidteacht agus ar an in‑athchúrsáilteacht ag céim luath i bhforbairt feithiclí nua. Dá réir sin, ba cheart leanúint de chineálacha nua feithicle a thógáil ar bhealach chun go mbeidh íosmhéid 85 % de réir maise díobh in‑athúsáidte nó in‑athchúrsáilte agus suas le híosmhéid 95 % de réir maise díobh in‑athúsáidte nó in‑aisghabhála, rud a ndéantar foráil maidir leis cheana féin i dTreoir 2005/64/CE. Chun a áirithiú go ndéanfar na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta a ríomh ar bhealach aonfhoirmeach agus gur féidir faireachán a dhéanamh air sin, ba cheart modheolaíocht nua a bhunú chun na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta feithicle a ríomh agus a fhíorú. Ba cheart léiriú níos fearr a dhéanamh leis an modheolaíocht sin ar acmhainneacht iarbhír feithicle nua lena hathchúrsáil, a athúsáid agus a aisghabháil ag deireadh a ré, agus an dul chun cinn teicneolaíoch leanúnach á chur san áireamh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht mar sin a bhunú. Go dtí go mbunófar an mhodheolaíocht sin, ba cheart leanúint de na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta a ríomh i gcomhréir le caighdeán ISO 22628:2002, mar is amhlaidh i dTreoir 2005/64/CE.

    (14)Ba cheart feithiclí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach a chuirfeadh teorainn le láithreacht substaintí ar údar imní iad. Ina Theachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability – Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (‘an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht’) 47 , shonraigh an Coimisiún go bhfuil substaintí ar údar imní iad le híoslaghdú agus le hionadú a mhéid is féidir, agus go bhfuil deireadh le cur de réir a chéile leis na cinn is díobhálaí le haghaidh úsáid shochaíoch neamhriachtanach, go háirithe i dtáirgí tomhaltais. Dá réir sin, ba cheart substaintí ar údar imní iad mar chomhábhair d’ábhair a úsáidtear i bhfeithiclí nó d’aon cheann de na páirteanna nó comhpháirteanna feithiclí a íoslaghdú a mhéid is féidir chun a áirithiú nach mbíonn drochthionchar ag feithiclí, chomh maith le hábhair a athchúrsáiltear ó fheithiclí, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol, ar feadh a saolré.

    (15)Le Treoir 2000/53/CE, sriantar úsáid luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh i bhfeithiclí cheana féin agus soláthraítear díolúintí, i gcás ina bhféadfar na substaintí sin a úsáid i bhfeidhmeanna áirithe. Ba cheart an Rialachán seo na rialacha sin atá ann cheana a ghlacadh chuige féin. Mar sin féin, chun comhleanúnachas na reachtaíochta maidir le ceimiceáin a áirithiú, ba cheart aghaidh a thabhairt ar shrianta maidir le cur ar an margadh agus úsáid substaintí eile i bhfeithiclí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 . Ar an mbealach céanna, maidir le srianta ar úsáid na substaintí a rialáiltear i Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , ba cheart iad a thabhairt isteach ar bhonn fhorálacha an Rialacháin sin. Dá bhrí sin, níor cheart an Rialachán an deis a sholáthar aon substaint eile a shrianadh seachas luaidhe, mearcair, caidmiam agus cróimiam heicsifhiúsach i bhfeithiclí.

    (16)Soláthraítear i dTreoir 2000/53/CE díolúintí ó na srianta ar úsáid luaidhe agus caidmiam i gceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí, rud a nglacann an Rialachán seo chuige. Mar sin féin, déantar úsáid na substaintí i gceallraí a rialáil go cuimsitheach i Rialachán (AE) Uimh2023/[Ceallraí] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 . Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na substaintí sin agus na srianta agus na díolúintí a bhaineann leo a aistriú le himeacht ama, de réir mar is iomchuí, chuig an Rialachán sin agus níor cheart iad a rialáil sa Rialachán seo. Sula dtabharfar na srianta sin isteach faoi Rialachán (AE) Uimh. 2023/[Ceallraí], ba cheart measúnú cuimsitheach a dhéanamh faoin Rialachán sin chun meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá le díolúine fós agus ar an raon feidhme ina bhfuil gá léi.

    (17)Chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh, ba cheart leanúint den chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar dhíolúintí ó shrianta ar úsáid luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh i bhfeithiclí faoin Rialachán seo. Roimh na díolúintí sin a mhodhnú nó a scriosadh, ba cheart measúnú a dhéanamh ar thionchair shocheacnamaíocha an athraithe sin, rud atá ar iarraidh i dTreoir 2000/53/CE, lena n‑áirítear infhaighteacht na substaintí malartacha a mheas mar aon leis na tionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ar feadh shaolré na bhfeithiclí. Chun cinnteoireacht, comhordú agus bainistíocht éifeachtach a áirithiú i leith na ngnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin a bheidh i gceist leis an Rialachán seo a leasú i leith na srianta ar úsáid substaintí i bhfeithiclí, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán cúnamh a thabhairt don Choimisiún i measúnú den sórt sin.

    (18)Chun an chiorclaíocht san earnáil mótarfheithiclí a mhéadú, ba cheart feithiclí a dhearadh agus a mhonarú de réir a chéile ar bhealach lena gcuirfear ábhair athchúrsáilte seachas amhábhair phríomhúla ina gcodanna díobh. Le úsáid na n‑ábhar athchúrsáilte, is féidir úsáid a bhaint as ábhair atá níos tíosaí ar acmhainní, déantar an táirgeadh a dhícharbónú agus tionchair chomhshaoil dhiúltacha a bhaineann le húsáid na n‑amhábhar príomhúil a laghdú. Ciorclaíocht mhéadaithe le haghaidh na bhfeithiclí a mhonaraítear i dtríú tíortha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, rannchuideoidh sé sin freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an leibhéal domhanda agus san Aontas. Laghdaíonn sí spleáchais ar amhábhair agus ar fhuinneamh atá nasctha le soláthar na n‑amhábhar príomhúil agus an tráth céanna, treisíonn sí an margadh le haghaidh amhábhair thánaisteacha. Cé nach bhfuil aon cheanglas ann a bhaineann le húsáid an ábhair athchúrsáilte ar an leibhéal domhanda, tá ábhair athchúrsáilte curtha isteach ina gcodanna dá bhfeithiclí ag roinnt mhaith monaróirí cheana féin. Ach spriocanna agus forálacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir leis an mbealach chun an cion athchúrsáilte a ríomh, soláthrófar deimhneacht dhlíthiúil agus rannchuideofar le hiomaíocht chothrom a chruthú idir monaróirí. Beidh feidhm ag na ceanglais maidir leis na monaróirí uile a bheartaíonn feithiclí a chur ar mhargadh an Aontais, gan beann ar an áit a bhfuil siad bunaithe. Agus tábhacht na slabhraí luacha domhanda san earnáil mótarfheithiclí á haithint, ba cheart an Rialachán foinsiú amhábhair thánaisteacha ó lasmuigh den Aontas Eorpach a cheadú.

    (19)I bhfianaise ráta íseal na hathchúrsála le haghaidh na bplaisteach, go háirithe ó fheithiclí a bhfuil a ré caite, agus thionchair dhiúltacha fhoriomlána na bhfoirmeacha eile chun dramhaíl phlaisteach a chóireáil, is iomchuí glacadh na bplaisteach athchúrsáilte i bhfeithiclí a mhéadú. Chuige sin, ba cheart sprioc sainordaitheach maidir le plaisteach arna athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais a áireamh i bhfeithiclí nua. Dá réir sin, ba cheart 25 faoin gcéad de phlaisteach arna athchúrsáil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a bheith i ngach cineál feithicle. Ba cheart 25 faoin gcéad den sprioc sin maidir leis an gcion athchúrsáilte le haghaidh na bplaisteach a bhaint amach trí phlaistigh arna n‑athchúrsáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a áireamh sa chineál feithicle lena mbaineann. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an oibleagáid sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht a bhunú maidir le cion na bplaisteach arna n‑aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais, agus ó fheithiclí a bhfuil a ré caite faoi seach, atá i láthair agus a ionchorpraítear sa chineál feithicle, a ríomh agus a fhíorú.

    (20)Tá an earnáil mótarfheithiclí ar cheann de na húsáideoirí cruach is mó dá bhfuil ann agus tá glacadh reatha na cruach athchúrsáilte i bhfeithiclí nua fós íseal. Chun rannchuidiú leis an lorg carbóin atá nasctha le táirgeadh na bhfeithiclí nua a ísliú agus chun tacú le haistriú na hearnála mótarfheithiclí i dtreo na haeráidneodrachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sciar íosta cruach arna athchúrsáil ó dhramhaíl chruach iarthomhaltais, atá le bheith i láthair agus le a hionchorprú sna cineálacha feithicle, a bhunú. Sula mbunófar sprioc amach anseo, ba cheart don Choimisiún staidéar tiomnaithe a dhéanamh lena gcumhdófar na tosca teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha uile atá nasctha le hindéantacht na sprice sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht a bhunú maidir leis an sciar cruach arna aisghabháil ó dhramhaíl chruach iarthomhaltais atá i láthair agus a ionchorpraítear sa chineál feithicle, a ríomh agus a fhíorú.

    (21)Tá an deis ann úsáid an chion athchúrsáilte i bhfeithiclí a mhéadú le haghaidh ábhair eile a úsáideann an earnáil mótarfheithiclí go coiteann dá bhfuil margaí le haghaidh amhábhair thánaisteacha tearcfhorbartha, dá bhfuil an lorg comhshaoil atá nasctha le táirgeadh na n‑amhábhar príomhúil ard nó dá bhfuil leibhéil athchúrsála teoranta, cé go bhfuil feabhas ag teacht ar theicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála. Dá bhrí sin, is iomchuí dá bhrí sin don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an inmhianaitheacht, an indéantacht agus na tionchair a bheadh i gceist le spriocanna a leagan amach maidir leis an gcion athchúrsáilte neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, samairiam, agus bóróin a úsáidtear i mbuanmhaighnéid agus le haghaidh alúmanaim agus a chóimhiotail, nó maignéisiam agus a chóimhiotail. Ó thaobh a indéanta a bheadh sé spriocanna a shocrú maidir le cineálacha sonracha de chóimhiotail alúmanaim agus maignéisiam, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an staidéar ar mheaitseáil an éilimh leis an soláthar tánaisteach i gcoitinne agus imscrúdú a dhéanamh go háirithe ar an gcomhbhabhtáil idir barainneachtaí scála a uasmhéadú trí líon íosta finte cóimhiotal a shonrú versus coimeád luacha a uasmhéadú tríd shórtáil lena mbeidh raon níos leithne de chineálacha cóimhiotail sonracha ann.

    (22)Chun borradh a chur faoi na margaí tearcfhorbartha le haghaidh amhábhair thánaisteacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith sciar íosta alúmanaim agus a chóimhiotal, maignéisiam agus a chóimhiotal, neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam samairiam nó bóróin arna athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais a bheidh i láthair agus a ionchorprófar sna cineálacha feithiclí a bhunú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide sin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíocht a bhunú maidir leis an sciar de na hábhair arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais i gcineálacha feithicle, a ríomh agus a fhíorú. Is gá an mhodheolaíocht chun na sainmhínithe ar fhuíoll iarthomhaltais agus ar fhuíoll réamhthomhaltais a shoiléiriú. Is ábhartha é sin chun feabhsú na cáilíochta agus coimeád luacha a spreagadh, go háirithe le haghaidh codáin iarthomhaltais. Chun an dícharbónú a chur chun cinn trí chion athchúrsáilte níos mó a úsáid, is gá sainmhínithe soiléire chun athchúrsáil an fhuíll iarthomhaltais a spreagadh, agus an tráth céanna, úsáid an fhuíll réamhthomhaltais á íoslaghdú, rud lena mbaineann an lorg carbóin céanna agus a bhaineann leis an amhábhar príomhúil go hiondúil.

    (23)I gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) [Gníomh CRM] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 , agus i bhfianaise gur gá forálacha a leagan síos sa Rialachán seo maidir leis an gcion athchúrsáilte i bhfeithiclí agus maidir le hamhábhair chriticiúla a úsáidtear i bpáirteanna agus i gcomhpháirteanna feithiclí, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin mar chur chun feidhme earnáilsonrach na bhforálacha atá i Rialachán (AE) [Gníomh CRM]. Áiritheofar leis sin go ndéanfar oibleagáidí éagsúla maidir le faisnéis, lipéadú agus baint a chuíchóiriú agus a chomhtháthú faoi nósanna imeachta an Rialacháin seo leis na nósanna imeachta sin le haghaidh páirteanna, comhpháirteanna agus ábhar eile.

    (24)Chun a áirithiú go ndéanfar ceallraí a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2023/[Ceallraí], agus gur féidir mótair ríomhthiomána, ina bhfuil cainníochtaí suntasacha de dhúile tearc‑chré, a athsholáthar agus a athchúrsáil freisin, is gá ceanglais nua a thabhairt isteach maidir le dearadh le haghaidh cineálacha feithiclí nua, rud lena n‑áiritheofar gur féidir le saoráidí cóireála nó oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála údaraithe na ceallraí agus na mótair ríomhthiomána sin a bhaint ar bhealach réidh le linn aon chéim de shaolré feithicle. Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an Rialachán seo a leasú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta páirteanna agus comhpháirteanna atá le dearadh lena mbaint ó fheithiclí agus lena n‑athsholáthar. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an cheanglais deartha sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (25)Leis an gcóras cineálcheadaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858, ceanglaítear ar mhonaróirí a gcuid feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil faoi leith a thógáil i gcomhréir le cineál feithicle ceadaithe. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh monaróirí na ceanglais chiorclaíochta is infheidhme maidir leo ag an gcéim chineálcheadaithe agus a leagtar síos sa Rialachán seo, agus gur féidir le húdaráis chineálcheadaithe an comhlíonadh a fhíorú, is gá do mhonaróirí an fhaisnéis, a cheanglaítear le haghaidh an nós imeachta cineálcheadaithe, a áireamh san fhillteán faisnéise. Chun an trédhearcacht a mhéadú agus chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis faoi chineálcheadú is gá i láthair ar bhealach atá comhleanúnach leis na ceanglais i reachtaíocht eile lena rialaítear ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh feithiclí, ba cheart don Choimisiún na rialacha a bhunaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún 52 lena gcaighdeánaítear na doiciméid agus an fhaisnéis atá le háireamh san fhillteán faisnéise a leasú, agus ar an mbealach sin, na ceanglais riaracháin maidir le cineálcheadú a shonrú..

    (26)Chun a áirithiú go gcuirfidh monaróirí gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma gníomhaíochtaí i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais chiorclaíochta faoin Rialachán seo, agus chun iad a spreagadh chun feabhas a chur ar chiorclaíocht na gcineálacha feithicle a chuireann siad ar an margadh, ba cheart dóibh straitéis chiorclaíochta chuimsitheach a tharraingt suas le haghaidh gach cineáil nua agus í a sholáthar don údarás cineálcheadaithe. Ba cheart an straitéis sin a bheith bunaithe ar theicneolaíochtaí cruthaithe, atá ar fáil nó á bhforbairt tráth an iarratais ar an gcineálcheadú feithicle agus ba cheart an straitéis a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta maidir le ciorclaíocht na hearnála mótarfheithiclí ar bhonn na straitéisí ciorclaíochta a sholáthraíonn na monaróirí. Chun forbairtí teicniúla agus eolaíocha sa mhonarú feithiclí agus sa bhainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite a chur san áireamh, mar aon le forbairtí margaidh san earnáil mótarfheithiclí agus hathruithe rialála, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar an iarscríbhinn ina bhfuil ceanglais maidir le hinneachar na straitéise ciorclaíochta agus le nuashonruithe ar an straitéis sin.

    (27)Chun an trédhearcacht a mhéadú maidir le húsáid na n‑ábhar athchúrsáilte ag an earnáil mótarfheithiclí agus chun dreasachtaí a sholáthar chun leibhéil an chion athchúrsáilte a mhéadú, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí feithiclí doiciméadacht theicniúil a sholáthar lena dtaispeánfar céatadán na n‑ábhar athchúrsáilte atá i gcineálacha nua feithicle a chuirtear isteach lena gcineálcheadú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le rogha ábhar a n‑eascródh tairbhí comhshaoil, lena mbainfeadh tábhacht ar leith, as méadú ar leibhéal chion athchúrsáilte na n‑ábhar sin i bhfeithiclí. Ba cheart an dearbhú sainordaitheach a chur faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe in éineacht le doiciméid eile mar chuid den iarratas ar chineálcheadú.

    (28)Rochtain ar fhaisnéis atá cothrom le dáta agus cumarsáid thráthúil idir monaróirí feithiclí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola ar fud an tslabhra luacha mótarfheithiclí, tá siad sin fíor‑riachtanach chun athúsáid, athmhonarú agus athriochtú páirteanna agus comhpháirteanna feithicle a uasmhéadú agus chun athchúrsáil ardcháilíochta feithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí rochtain a sholáthar d’oibreoirí bainistithe dramhaíola agus d’oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála ar rochtain í a bheadh neamhshrianta, caighdeánaithe agus neamh‑idirdhealaitheach ar fhaisnéis lena gcumasófar baint agus athsholáthar sábháilte páirteanna, comhpháirteanna agus ábhar áirithe atá i bhfeithicil. Leis an bhfaisnéis, ba cheart na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na hoibreoirí deisiúcháin agus cothabhála a threorú trí na céimeanna agus treoracha soiléire a sholáthar faoi úsáid na n‑uirlisí nó na dteicneolaíochtaí is gá chun rochtain a fháil ar cheallraí feithiclí leictreacha agus iad a bhaint, lena n‑áirítear na huirlisí nó na teicneolaíochtaí lena gcumasófar iad a dhíluchtú go sábháilte, agus mótair ríomhthiomána. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ina cuidiú freisin chun na páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair a shainaithint, a lonnú agus a bhaint, ar páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair iad ar cheart a dhíthruailliú agus a bhaint den fheithicil roimh an mionghearradh, mar aon le páirteanna agus comhpháirteanna, ina bhfuil na hamhábhair chriticiúla i mbuanmhaighnéid dá dtagraítear i Rialachán (AE) [Gníomh CRM]. Ba cheart é sin a dhéanamh trí ardáin cumarsáide arna mbunú ag monaróirí agus ba cheart an fhaisnéis a sholáthar saor in aisce, gan costais riaracháin a chur san áireamh. Ba cheart do na húdaráis chineálcheadaithe a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis is gá curtha isteach ag na monaróirí. Chun raon feidhme na faisnéise a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, ar í sin an fhaisnéis atá le soláthar ag na monaróirí do na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus do na hoibreoirí deisiúcháin agus cothabhála, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Iarscríbhinn V a leasú.

    (29)Cé go bhfuil an úsáid a bhaintear as an gcódáil dhigiteach ag dul i méid chun páirteanna agus comhpháirteanna difriúla i bhfeithicil a rialú, leis an meastóireacht ar Threoir 2000/53/CE, sainaithníodh go bhféadfadh an chódáil sin bac a chur ar acmhainneacht athúsáide, athmhonaraithe agus athriochtaithe páirteanna agus comhpháirteanna áirithe. Bíonn sé fíor‑riachtanach dá bhrí sin go n‑iarrtar ar mhonaróirí feithiclí faisnéis a sholáthar lena bhfágfar gur féidir le hoibreoirí bainistithe dramhaíola gairmiúla na fadhbanna a bhaineann leis na páirteanna agus comhpháirteanna arna gcódú go digiteach i bhfeithicil a shárú, i gcás ina gcuirfidh an chódáil sin cosc ar oibríochtaí deisiúcháin, cothabhála nó athsholáthair i bhfeithicil eile.

    (30)Ba cheart do mhonaróirí agus dá soláthróirí úsáid a bhaint as caighdeáin um chódáil chomhpháirteanna agus ábhair, a bunaíodh i gCinneadh 2003/138/CE ón gCoimisiún 53 i dtosach báire, chun páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair phlaisteacha agus leaistiméire feithiclí a lipéadú agus a shainaithint. Ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar páirteanna agus comhpháirteanna uile na bhfeithiclí a mharcáil i gcomhréir le reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais, go háirithe reachtaíocht a bhaineann lipéadú na ceallraí agus na mbuanmhaighnéad a áirítear i bhfeithiclí a chuireann siad ar an margadh. Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith hIarscríbhinn VI a leasú lena sonraítear an bealach ba cheart páirteanna agus comhpháirteanna feithiclí a lipéadú.

    (31)Chun cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí a éascú, ba cheart do mhonaróirí feithiclí a sholáthar, trí uirlisí digiteacha, faisnéis chruinn, iomlán agus chothrom le dáta maidir le páirteanna agus comhpháirteanna feithiclí a bhaint agus a sholáthar go sábháilte. Ba cheart Pas Ciorclaíochta Feithicle a fhorbairt dá bhrí sin agus a chur ar fáil mar iompróir sonraí le haghaidh na faisnéise sin, ar bhealach bheadh i gcomhréir le huirlisí agus le hardáin faisnéise dhigiteacha eile atá ann cheana nó a bhfuil tuilleadh forbartha á déanamh orthu san earnáil mótarfheithiclí maidir le feidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí agus é a ailíniú le forálacha comhfhreagracha i Rialachán (AE) 2023 [Ceallraí], Rialachán [ESPR] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 agus Rialachán [Euro 7] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 . Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais maidir le dearadh agus le hoibriú teicniúil le haghaidh an phas a leagan síos mar aon le rialacha maidir le suíomh an iompróra sonraí nó aitheantóra eile lenar féidir rochtain a fháil ar an bpas ar an bhfeithicil.

    (32)Is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos le haghaidh bainistiú dramhaíola feithiclí a bhfuil a ré caite chun a áirithiú go bhfuil táirgeoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha céanna ar fud na mBallstát. Ba cheart ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine agus an chomhshaoil ar fud an Aontais a bheith ann dá thoradh sin. D’fhágfadh sé freisin go mbeadh tuilleadh comhchuibhithe ann ar cháilíocht na seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha agus go n‑éascófaí feidhmiú an mhargaidh le haghaidh amhábhair thánaisteacha.

    (33)Chun cóireáil shábháilte a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol a ráthú i leith feithiclí a bhfuil a ré caite, ba cheart d’aon bhunaíocht nó gnóthas a bheartaíonn oibríochtaí cóireála dramhaíola a dhéanamh le haghaidh na bhfeithiclí sin údarú a fháil ón údarás inniúil. Níor cheart an t‑údarú a dheonú ach amháin más rud é go mbeidh an inniúlacht theicniúil, airgeadais agus eagraíochtúil is gá ag an mbunaíocht nó ag an ngnóthas chun na hoibríochtaí cóireála deireadh ré a dhéanamh le haghaidh feithiclí ar bhealach a chomhlíonfaidh dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n‑áirítear na ceanglais chóireála shonracha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart an inniúlacht a bheith ag saoráidí cóireála údaraithe chun deimhnithe scriosta a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (34)Bunaítear bunoibleagáid le Treoir 2000/53/CE le haghaidh táirgeoirí feithiclí chun cuid de na costais i dtaca le bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a chumhdach. Ag cur leis an oibleagáid sin, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ agus i gcomhréir leis na híoscheanglais ghinearálta maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , is iomchuí ceanglais a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir le freagrachtaí na monaróirí feithiclí a bhaineann le bainistiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite. Ba cheart freagracht leathnaithe táirgeora a bheith ar tháirgeoirí as na feithiclí atá curtha ar an margadh acu nuair a bhaineann siad céim dheireadh a ré amach. Ba cheart a chumhdach leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora na hoibleagáidí chun a áirithiú go ndéanfar na feithiclí a chuireann na táirgeoirí ar an margadh i mBallstát a bhailiú agus a chóireáil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola a bhíonn ag cóireáil na bhfeithiclí sin na spriocanna athchúrsála a bhunaítear leis an Rialachán seo.

    (35)Chun éascaíocht a dhéanamh ar fhaireachán ar chomhlíontacht na dtáirgeoirí lena n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora, ba cheart do na Ballstáit clár táirgeoirí a bhunú. Ba cheart do na ceanglais a bheith comhchuibhithe ar fud an Aontais chun an clárú a éascú, go háirithe i gcás ina gcuirfidh táirgeoirí feithiclí ar fáil i mBallstáit dhifriúla. Ba cheart an clár a úsáid freisin chun feidhmíocht na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora a thuairisciú d’údaráis inniúla. Ba cheart na tréithe agus na gnéithe nós imeachta atá nasctha leis an gclár sin a bheith i gcomhréir le clár na dtáirgeoirí arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/[Oifig na bhFoilseachán: Ceallraí], chun é a chur ar a gcumas do tháirgeoirí feithiclí agus táirgeoirí ceallraí an clár ceannann céanna a úsáid.

    (36)I gcás ina gcuirfidh an táirgeoir feithiclí ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcás nach an táirgeoir bunaithe ann, ba cheart don táirgeoir ionadaí ceaptha a ainmniú le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora.

    (37)Ba cheart táirgeoirí a bheith in ann a roghnú cé acu a fheidhmeoidh siad a n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí a sholáthraíonn táirgeoirí dóibh a áirithiú. Chun a áirithiú go gcuirfear leasanna na n‑oibreoirí eacnamaíocha uile san áireamh i gceart agus a sheachaint nach gcuirfear oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi mhíbhuntáiste sna cinntí a dhéanfar i scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, ba cheart ionadaíocht chothrom idir táirgeoirí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola a áirithiú i gcomhlachtaí rialachais na n‑eagraíochtaí sin.

    (38)Ba cheart do tháirgeoirí cuid de na costais a bhaineann le bailiú agus cóireáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a mhaoiniú, ar costais iad is gá chun na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe oibleagáidí a bhfuil sé d’aidhm acu cáilíocht níos airde amhábhar tánaisteach arna n‑aisghabháil ó fheithiclí a áirithiú. Leibhéal beacht chostais na n‑oibríochtaí sin ar cheart do tháirgeoirí iad a chumhdach, ba cheart iad a chinneadh trí ioncaim na saoráidí cóireála údaraithe agus na n‑oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a chur san áireamh, ar ioncaim iad a fhaightear ó dhíol páirteanna nó comhpháirteanna spártha caite agus amhábhar tánaisteach a aisghabhtar ó fheithiclí a bhfuil a ré caite. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcomhar le táirgeoirí agus le hoibreoirí bainistithe dramhaíola, faireachán a dhéanamh ar mheánchostais na n‑oibríochtaí bailiúcháin, athchúrsála agus cóireála, mar aon le leibhéal na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann na táirgeoirí chun a áirithiú go mbeidh leithdháileadh na gcostas cothrom i bhfeidhm idir na hoibreoirí leasmhara uile.

    (39)Ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais na dtáirgeoirí costais na bhfeachtas oideachasúil a chumhdach freisin, feachtais arb é is aidhm dóibh bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a mhéadú, an córas fógartha a bhunú chun deimhnithe scriosta a eisiúint agus a aistriú agus sonraí a bhailiú agus a thuairisciú do na húdaráis inniúla. Bíonn na gníomhaíochtaí uile sin fíor‑riachtanach chun bainistiú ceart na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú, go háirithe chun na feithiclí a mbíonn táirgeoirí freagrach astu i gcomhréir leis an Rialachán seo a rianú.

    (40)Táirgeoirí a roghnaíonn a n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar bhonn aonair, ba cheart dóibh ráthaíocht a sholáthar freisin a bheidh le húsáid chun costais an bhainistithe feithiclí a bhfuil a ré caite a chumhdach. Féadfar ráthaíochtaí den sórt sin a úsáid go háirithe i gcásanna ina mbeidh na táirgeoirí lena mbaineann dócmhainneach nó ina scoirfidh siad dá n‑oibríochtaí go buan.

    (41)I gcás ina bhfeidhmeoidh táirgeoir a n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí ar bhonn comhchoiteann le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann an táirgeoir a mhodhnú ar bhonn critéir chomhchuibhithe. Ba cheart dreasachtaí eacnamaíocha a chruthú leis na critéir sin go méadóidh na monaróirí an chiorclaíocht i ndearadh agus i dtáirgeadh na bhfeithiclí nua, agus an méid ábhar príomhúil agus athchúrsáilte i bhfeithicil á chur san áireamh, a mhéid atá páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair inti a bhíonn deacair le baint, díchóimeáil, athúsáid nó athchúrsáil, mar aon leis an méid substaintí guaiseacha atá inti. Chun saobhadh an mhargaidh aonair a sheachaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonracha a leagan síos maidir leis an mbealach ba cheart na critéir i dtaca le modhnú na ranníocaíochtaí airgeadais a íoctar le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a chur i bhfeidhm.

    (42)Toisc gur minic a thagann feithiclí chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite i mBallstát difriúil seachas sa Bhallstát inar cláraíodh den chéad uair iad, is gá rialacha a thabhairt isteach maidir leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora trasteorann. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go gcumhdaítear i gceart le freagracht an táirgeora na costais bhailiúcháin agus chóireála a thabhaíonn na hoibreoirí bainistithe dramhaíola sa Bhallstát ina dtagann an fheithicil chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite. Chuige sin, ba cheart don táirgeoir ionadaí a cheapadh le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát agus sásraí a bhunú um chomhar trasteorann le hoibreoirí bainistithe dramhaíola ábhartha. Ach sásra den sórt sin a thabhairt isteach, rannchuidítear le cothroime iomaíochta a chruthú idir na saoráidí cóireála údaraithe ar fud an Aontais agus éascaítear le cineálacha cur chuige a fhorbairt atá i bhfeidhm ar fud an Aontais i gcás na freagrachta táirgeora aonaraí.

    (43)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin agus chun saobhadh an mhargaidh aonair a sheachaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith tuilleadh rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na hoibleagáidí ar na táirgeoirí, na Ballstáit agus na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus tréithe na sásraí trasteorann.

    (44)Rud atá ina phríomh‑réamhriachtanas maidir le cóireáil stuama na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite go mbaileofar na feithiclí uile a bhfuil a ré caite. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí áirithe a fhorchur leis an Rialachán seo atá nasctha leis an mbailiú agus a bheidh ar na táirgeoirí go príomha agus ar na Ballstáit go tánaisteach. Ba cheart do tháirgeoirí na córais bhailiúcháin a bhunú nó páirt a ghlacadh ina mbunú, agus ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na córais i bhfeidhm agus go gcumasaíonn na córais sin cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Leis na córais bhailiúcháin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’úinéirí feithiclí agus sealbhóirí feithiclí eile an fheithicil a sheachadadh ar shaoráid údaraithe gan iarrachtaí ná costais gan ghá. Is éard a chiallaíonn sé sin sa chleachtas gur cheart críoch iomlán gach Ballstáit a chumhdach go hiomchuí leis na córais sin. Leis na córais sin, ba cheart gur féidir gach branda feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú mar aon le dramhpháirteanna a eascraíonn as deisiú feithiclí.

    (45)Níor cheart feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil ach amháin i saoráidí cóireála údaraithe, dá réir sin, bíonn ról ríthábhachtach ag na saoráidí sin i mbailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite. Chun an bailiú a éascú agus infhaighteacht leormhaith na saoráidí a bhailíonn feithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú, foráiltear sa Rialachán seo gur féidir pointí bailiúcháin a bhunú. Bheadh ról na bpointí sin teoranta do bhailiú feithiclí a bhfuil a ré caite, iad a stóráil i ndálaí cearta agus iad a iompar chuig an tsaoráid chóireála údaraithe. Ceanglaítear cead sonrach chun pointe den sórt sin a oibriú. Ba cheart é a cheangal ar phointí bailiúcháin na feithiclí uile a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar shaoráidí cóireála údaraithe.

    (46)Chun na feithiclí uile a bhfuil a ré caite a bhailiú go héifeachtach, is gá an pobal a chur ar an eolas faoi na córais bailiúcháin a bheith ann. Ba cheart úinéirí feithiclí a bheith ar an eolas gur féidir leo feithicil a bhfuil a ré caite a sheachadadh i bprionsabal, in éineacht leis an gceallra feithicle leictrí nó dá uireasa, ar phointe bailiúcháin nó saoráid chóireála saor in aisce. Leis an bhfeachtas oideachasúil ó na táirgeoirí nó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, ba cheart na hiarmhairtí don chomhshaol agus do shláinte an duine a bhaineann le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú agus a chóireáil go mícheart a chur i láthair freisin.

    (47)Ba cheart don tsaoráid chóireála údaraithe deimhniú scriosta a eisiúint chun é a dhoiciméadú gur cóireáladh feithicil a bhfuil a ré caite. Is gá sin chun maoirseacht cheart ar bhainistiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú. Na híoscheanglais maidir leis an deimhniú sin, leagtar síos iad faoi láthair i gCinneadh 2002/151/CE ón gCoimisiún 57 agus ba cheart ábhar an Chinnidh sin a áireamh sa Rialachán seo, in éineacht leis na hoiriúnuithe is gá. Ba cheart an deimhniú sin a eisiúint i bhformáid leictreonach agus a sholáthar d’úinéir deireanach feithicle a bhfuil a ré caite, agus ba cheart do na saoráidí cóireála údaraithe agus don úinéir deireanach é a tharchur chuig údaráis ábhartha an Bhallstáit ansin, toisc gur féidir clárúchán feithicle a chealú ach an deimhniú a chur i láthair. Leis an gcóras fógartha leictreonach, ba cheart go mbeifí in ann an doiciméid lena ndeimhnítear bailiú na feithicle a bhfuil a ré caite agus an deimhniú scriosta a tharchur.

    (48)D’ainneoin oibleagáid i dTreoir 2000/53/CE chun na feithiclí uile a bhfuil a ré caite a aistriú lena gcóireáil chuig saoráid chóireála údaraithe, tá sciar an‑mhór feithiclí ann nach eol cá bhfuil siad, agus a d’fhéadfadh a bheith cóireáilte nó onnmhairithe go neamhdhleathach mar fheithiclí a bhfuil a ré caite, nó nach bhfuil a stádas tuairiscithe i gceart d’údaráis chlárúcháin na mBallstát. Tagraítear do na feithiclí sin mar ‘feithiclí ar iarraidh’. Ba cheart do na Ballstáit a gcomhar a láidriú chun an líon feithiclí ar iarraidh a laghdú. Ach deimhnithe scriosta a eisítear i mBallstát eile a aithint agus oibleagáid chun údaráis na mBallstát a chur ar an eolas, faoin áit a bhfuil an fheithicil cláraithe, go bhfuil deimhniú scriosta eisithe, ba cheart a bheith in ann an áit a bhfuil feithiclí a bhfuil a ré caite a rianú níos fearr.

    (49)Chun bailiú éifeachtach feithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú, ba cheart oibleagáidí sainráite a dhíriú ar úinéirí feithiclí. Ba cheart dóibh a bhfeithicil a sheachadadh nuair a bhaineann sí céim dheireadh a ré amach, ar phointí bailiúcháin nó ar shaoráidí cóireála údaraithe agus an deimhniú scriosta a chur faoi bhráid na n‑údarás clárúcháin chun clárúchán a bhfeithicle a chealú.

    (50)Chun cóireáil aonfhoirmeach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú i gcás feithiclí a bhfuil a ré caite san Aontas, tá sé fíor‑riachtanach a áirithiú go nglacfaidh agus go ndéileálfaidh na saoráidí cóireála údaraithe leis na feithiclí a bhfuil a ré caite, páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair uile, lena n‑áirítear dramhpháirteanna a eascraíonn as deisiúcháin ar fheithiclí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ina gceadanna, agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, na teicnící is fearr atá ar fáil, agus Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 .

    (51)I bhfianaise an phríomhróil atá ag saoráidí cóireála údaraithe maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhainistiú ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine agus a rannchuidíonn chun cuspóirí geilleagair chiorclaigh an Aontais a bhaint amach, is gá oibleagáidí a leagan síos a mbeidh feidhm acu maidir leis na saoráidí sin agus lena gcumhdófar a gcuid gníomhaíochtaí uile, ó ghlacadh agus stóráil feithicle a bhfuil a ré caite go dtí an chóireáil deiridh a ndéantar uirthi.

    (52)Chun inrianaitheacht a áirithiú maidir lena gcuid gníomhaíochtaí, ba cheart do na saoráidí cóireála údaraithe na hoibríochtaí cóireála a dhéanann siad a dhoiciméadú agus an taifead a stóráil go leictreonach ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus ba cheart dóibh a bheith in ann an taifead sin a chur faoi bhráid na n‑údarás náisiúnta ábhartha, arna iarraidh sin dóibh.

    (53)Is é díthruailliú feithicle a bhfuil a ré caite an chéad chéim i dtreo cosc a chur ar dhamáiste don chomhshaol, ar shláinte an duine agus ar rioscaí don tsábháilteacht ceirde. Dá bhrí sin, tá sé fíor‑riachtanach go ndéanfaí na hoibríochtaí díthruaillithe is gá ar fheithicil a bhfuil a ré caite a luaithe is féidir tar éis í a sheachadadh ar an tsaoráid chóireála údaraithe, sula ndéantar aon chóireáil bhreise ar an bhfeithicil a bhfuil a ré caite sin. Le linn na céime sin, ba cheart dramh‑olaí a bhailiú agus a stóráil ar leithligh ó na sreabháin agus na leachtanna eile, agus ba cheart iad a chóireáil a thuilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE. Ina theannta sin, ba cheart na páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ina bhfuil luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam heicsifhiúsach a bhaint ón bhfeithicil a bhfuil a ré caite, chun éifeachtaí díobhálacha ar an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint.

    (54)Chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2023/ [Oifig na bhFoilseachán: an Rialachán maidir le Ceallraí] chun feidhme i gceart, ní mór gach ceallra a ionchorpraítear i bhfeithiclí a bhaint ar leithligh ó fheithicil a bhfuil a ré caite agus a stóráil i limistéar ainmnithe le haghaidh tuilleadh cóireála.

    (55)Chun an acmhainneacht a bhaineann le hathúsáid, athmhonarú agus athriochtú páirteanna agus comhpháirteanna a uasmhéadú, agus chun ardluach ar na hábhair thánaisteacha a dhíorthaítear ó fheithiclí a bhfuil a ré caite chaomhnú, ba cheart páirteanna agus comhpháirteanna áirithe a bhaint ó fheithiclí a bhfuil a ré caite go sainordaitheach roimh an mionghearradh. Ba cheart na páirteanna agus na comhpháirteanna lena mbaineann a bhaint i bpróiseas díchóimeála láimhe nó i bpróiseas díchóimeála leath‑uathoibrithe. Chun dul chun cinn a spreagadh i dteicneolaíochtaí a bhaineann le díchóimeáil, sórtáil, mionghearradh agus iar‑mhionghearradh, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann imeacht ón gceanglas maidir le baint shainordaitheach páirteanna agus comhpháirteanna i gcásanna eisceachtúla áirithe. Ba cheart a léiriú gur féidir na páirteanna agus na comhpháirteanna lena mbaineann a bhaint ar bhealach chomh héifeachtach céanna ach na teicneolaíochtaí sin a úsáid agus a dhéantar i gcás próisis láimhe nó leath‑uathoibrithe, agus gan cáilíocht na gcodán cóireála a bhíonn ann dá bharr a ísliú. Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn VII a leasú.

    (56)A luaithe a bhaineann na saoráidí cóireála údaraithe páirteanna agus comhpháirteanna ó fheithicil a bhfuil a ré caite, ba cheart dóibh measúnú cúramach agus cinneadh a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na páirteanna agus na comhpháirteanna sin oiriúnach lena n‑athúsáid, lena n‑athmhonarú nó lena n‑athriochtú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla atá nasctha leis na gnéithe teicniúla de na páirteanna agus na comhpháirteanna agus na ceanglais maidir le sábháilteacht feithicle.

    (57)Le Rialachán (AE) 2023/[Ceallraí], leagtar amach rialacha maidir le hinbhuanaitheacht, feidhmíocht, sábháilteacht, bailiú, athchúrsáil agus dara húsáid ceallraí, chomh maith le rialacha maidir le faisnéis i dtaobh ceallraí a bhaint le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart an acmhainneacht a bhaineann le dara húsáid ceallraí a chur san áireamh sa Rialachán seo trí cheallraí feithiclí leictreacha a eisiamh ó na páirteanna nó na comhpháirteanna fíor‑riachtanacha chun go bhféadfar an fheithicil a thabhairt ar láimh lena cóireáil, saor in aisce, gan ceallra na feithicle leictrí.

    (58)Agus aitheantas á thabhairt don acmhainneacht a bhaineann le hathmhonarú agus athriochtú san earnáil mótarfheithiclí agus don mhéid a rannchuidíonn siad leis an ngeilleagar ciorclach, is gá soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an earnáil sin. Dá bhrí sin, maidir le páirteanna agus comhpháirteanna a bhaintear ó fheithicil a bhfuil a ré caite, atá oiriúnach lena n‑athúsáid, lena n‑athmhonarú nó lena n‑athriochtú, ba cheart a shoiléiriú nár cheart a mheas gur dramhaíl iad. Tá gá leis sin chun loingsiú, iompar nó aon aistriú eile de na páirteanna agus na comhpháirteanna sin a éascú. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta ábhartha a bheith in ann doiciméadacht a iarraidh, ón tsaoráid chóireála údaraithe a bhain an pháirt nó an chomhpháirt lena mbaineann, lena ndeimhnítear, trí mheasúnú tiomnaithe, oiriúnacht theicniúil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna ábhartha lena n‑athmhonarú, lena n‑athriochtú nó lena n‑athúsáid.

    (59)Sa mheastóireacht uaidh ar Threoir 2000/53/CE, shuigh an Coimisiún go gcuireann soláthraithe neamhaitheanta páirteanna agus comhpháirteanna spártha úsáidte ar fáil don phobal agus gur minic go n‑eascraíonn siad as gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais nua a leagan síos maidir le trádáil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe. Ba cheart, thar aon ní eile, na páirteanna agus na comhpháirteanna sin a mharcáil le lipéad ar a dtaispeánfar uimhir aitheantais feithicle na feithicle ónar baineadh an pháirt nó an chomhpháirt mar aon le mionsonraí an oibreora a bhain iad, agus ba cheart barántas a bheith ag gabháil leo freisin.

    (60)Ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre agus le cosaint an chomhshaoil, níor cheart páirteanna agus comhpháirteanna áirithe a baineadh ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a athúsáid, a athmhonarú ná a athriochtú. Níor cheart na páirteanna agus na comhpháirteanna sin a úsáid chun feithiclí nua a thógáil, ná i bhfeithiclí a cuireadh ar an margadh cheana féin.

    (61)Chun forbairt agus feidhmiú cuí an mhargaidh le haghaidh páirteanna agus comhpháirteanna in‑athúsáidte, athriochtaithe agus athmhonaraithe a spreagadh san Aontas, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun na dreasachtaí is gá a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta chun athúsáid, athriochtú agus athmhonarú páirteanna agus comhpháirteanna a chur chun cinn, cibé acu a bhaintear le linn na céime úsáide nó deireadh ré na feithicle iad. Ba cheart don Choimisiún an malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú trína gcuid dea‑chleachtas a roinnt maidir leis na dreasachtaí a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht.

    (62)Sa mheastóireacht uaidh ar Threoir 2000/53/CE, shuigh an Coimisiún go bhfuil an sainmhíniú ar athchúrsáil sa Treoir sin ró‑leathan agus nach bhfuil sé i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, toisc go meastar ann gur oibríocht athchúrsála é ‘aislíonadh’. Dá bhrí sin, leis an Rialachán ba cheart an sainmhíniú ar athchúrsáil a ailíniú le Treoir 2008/98/CE, agus aislíonadh a eisiamh óna raon feidhme.

    (63)Ba cheart feabhas leanúnach a chur ar athchúrsáil na bplaisteach uile ó fheithiclí a bhfuil a ré caite, agus tá sé tábhachtach soláthar leordhóthanach ábhar athchúrsáilte a áirithiú chun freastal ar an éileamh atá ann ar phlaistigh athchúrsáilte i bhfeithiclí. Dá bhrí sin, is gá sprioc shonrach athchúrsála mar atá 30 % de phlaistigh ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a leagan amach. Bheadh an sprioc sin comhlántach leis na spriocanna le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite (85 %) chomh maith le hathúsáid agus aisghabháil feithiclí a bhfuil a ré caite (95 %) de réir meánmheáchan in aghaidh na feithicle agus in aghaidh na bliana. Chun cur chun feidhme na gceanglas sin ag oibreoirí bainistithe dramhaíola a éascú, tá gá le hidirthréimhse 3 bliana. Idir an dá linn, na spriocanna atá ann faoi láthair maidir le hathúsáid agus athchúrsáil (85 %) chomh maith le hathúsáid agus aisghabháil feithiclí a bhfuil a ré caite (95 %), a leagtar síos le Treoir 2000/53/CE, agus atá bunaithe ar an sainmhíniú ar athchúrsáil sa Treoir sin, ba cheart go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu.

    (64)Tá sé tábhachtach aisghabháil ábhar tánaisteach ardchaighdeáin a mhéadú trí fheabhas a chur ar phróisis mhionghearrtha feithiclí a bhfuil a ré caite. Dá bhrí sin, feithiclí a bhfuil a ré caite, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑ábhair, níor cheart iad a phróiseáil i mionghearrthóir in éineacht le dramhaíl ó phacáistíocht agus le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, go háirithe chun feabhas a chur ar scagadh an chopair ó chodáin chruach.

    (65)Chun cáilíocht chóireála feithiclí a bhfuil a ré caite a mhéadú a thuilleadh, níor cheart an fhéidearthacht a bheith ann codáin dramhaíola a eascraíonn as feithiclí a bhfuil a ré caite mionghearrtha a chur i líonadh talún, ar codáin iad a bhfuil dramhaíl neamhthámh iontu agus nach bpróiseáiltear le teicneolaíocht iar‑mhionghearrthóra.

    (66)Déantar feithiclí a bhfuil a ré caite a aicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach agus ní féidir iad a onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha de chuid ECFE iad. Féadfar feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil lasmuigh den Aontas i gcónaí, ar choinníoll go ndéantar na feithiclí díthruaillithe sin a bhfuil a ré caite a sheoladh i gcomhréir le Rialachán (AE) 1013/2006.

    (67)I gcás ina seoltar feithicil a bhfuil a ré caite ón Aontas chuig tríú tír, ba cheart don onnmhaireoir fianaise dhoiciméadach arna formheas ag an údarás inniúil sa tír cinn scríbe a sholáthar, lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha cóireála coibhéiseach den chuid is mó le ceanglais an Rialacháin seo agus leis na ceanglais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) [an Rialachán nua maidir le Loingsithe Dramhaíola].

    (68)Chun a áirithiú go gcaitear le feithiclí a bhfuil a ré caite ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, tá sé tábhachtach soiléireacht a sholáthar maidir le stádas feithicle ar feadh a ré ina hiomláine, go háirithe i gcásanna inar gá feithiclí caite a idirdhealú ó fheithiclí a bhfuil a ré caite. Úinéir feithicle a bheartaíonn úinéireacht feithicle caite a aistriú, ba cheart a cheangal air go háirithe a léiriú nach feithicil a bhfuil a ré caite í an fheithicil. Chun measúnú a dhéanamh ar stádas feithicle caite, ba cheart d’úinéir na feithicle, d’oibreoirí eacnamaíocha eile agus d’údaráis inniúla a fhíorú an bhfuil critéir áirithe lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil lena mbaineann ina feithicil a bhfuil a ré caite á gcomhlíonadh. Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Iarscríbhinn I a leasú, iarscríbhinn lena gcinntear na critéir maidir leis an tráth is feithicil a bhfuil a ré caite í an fheithicil.

    (69)I bplean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ 59 , cuireadh i dtábhacht an gá go molfaidh an Coimisiún bearta nua chun aghaidh a thabhairt ar lorg comhshaoil seachtrach an Aontais atá nasctha le honnmhairiú feithiclí a bhfuil a ré caite agus feithiclí caite. Agus é á chur san áireamh go n‑eascraíonn dúshláin thábhachtacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus an tsláinte phoiblí as onnmhairiú feithiclí caite, rud a dhoiciméadaítear i gClár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe 60 , agus gurb é an tAontas an t‑onnmhaireoir feithiclí caite is mó ar fud an domhain, is gá ceanglais shonracha a leagan amach ar leibhéal an Aontais lena rialófar onnmhairiú feithiclí caite [ón Aontas]. Ba cheart na ceanglais a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla ar dá réir ní feithicil a bhfuil a ré caite í feithicil chaite agus ní mór í a bheith ródacmhainneach de bhun Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 . Ba cheart a áirithiú leis sin nach bhféadfar ach feithiclí caite atá oiriúnach lena dtiomáint ar bhóithre an Aontais a onnmhairiú chuig tríú tír, rud a laghdódh na rioscaí go rannchuideodh onnmhairiú feithiclí caite ón Aontas le truailliú aeir nó le tionóiscí bóthair i dtríú tíortha. Chun go bhféadfaidh údaráis chustaim a fhíorú go mbeidh na ceanglais sin á gcomhlíonadh tráth an onnmhairiúcháin, ba cheart a cheangal ar aon duine a onnmhaireoidh feithicil chaite uimhir aitheantais na feithicle a sholáthar do na húdaráis sin mar aon le ráiteas lena ndeimhnítear nach feithicil a bhfuil a ré caite í an fheithicil chaite agus go meastar í a bheith ródacmhainneach.

    (70)Tá sé tábhachtach sásra a bhunú lena bhféadfar fíorú éifeachtach a dhéanamh go gcomhlíonann feithiclí caite na ceanglais onnmhairiúcháin gan bac a chur ar an trádáil idir an tAontas agus tríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún córas leictreonach a bhunú a chuirfeadh é ar a gcumas do na húdaráis sna Ballstáit faisnéis a mhalartú i bhfíor‑am faoi uimhir aitheantais feithicle agus stádas ródacmhainneachta na bhfeithiclí caite atá le honnmhairiú. I bhfianaise na ngnéithe agus na bhfeidhmiúlachtaí atá aige cheana féin atá nasctha le faisnéis a bhaineann le feithiclí atá cláraithe san Aontas a chomhroinnt idir údaráis chlárúcháin feithiclí, d’fhorbair an Coimisiún MOVE‑HUB, ar ardán malartaithe teachtaireachtaí é, chun teachtaireachtaí a mhalartú chun cláir leictreonacha náisiúnta na mBallstát a idirnascadh. I láthair na huaire, óstálann an t‑ardán idirnasc na gclár Eorpach de ghnóthais iompair de bhóthar (ERRU), na cláir um cheadúnais tiomána (RESPER), idirnasc na gclár um oiliúint ghairmiúil do thiománaithe (ProDriveNet), an fógra maidir le teipeanna iniúchta cois bóthair ar fheithiclí (RSI) agus idirnasc na gclár um chártaí tacagraif tiománaithe (TACHOnet). Dá bhrí sin, ba cheart feidhmiúlachtaí MOVE‑HUB a leathnú a thuilleadh chun go bhféadfar faisnéis a mhalartú maidir le huimhir aitheantais feithicle agus stádas ródacmhainneachta na bhfeithiclí caite atá le honnmhairiú. Chun go bhféadfaidh údaráis chustaim fíorú leictreonach agus uathoibríoch a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann feithicil chaite atá le honnmhairiú na ceanglais onnmhairiúcháin, ba cheart an córas leictreonach arna oibriú ag MOVE‑HUB a idirnascadh le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 . Déantar foráil sa Rialachán sin maidir le creat cuimsitheach de rialuithe uathoibrithe, a bhfuil feidhm acu maidir le foirmiúlacht neamhchustaim shonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na príomheilimintí atá le rialú a leagan amach sa Rialachán seo, agus is faoi Rialachán (AE) 2022/2399 a leagfaí síos na gnéithe teicniúla de chur chun feidhme an rialaithe sin.

    (71)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na gceanglas onnmhairiúcháin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na córais leictreonacha is gá a fhorbairt agus chun a dhéanamh ar bhealach go mbeidh siad oibríochtúil leis na córais náisiúnta.

    (72)Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú maidir leis na ceanglais lena rialaítear onnmhairiú feithiclí caite agus chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar. Ba cheart malartú faisnéise a áireamh leis an gcúnamh sin chun stádas feithiclí roimh a n‑onnmhairiú a fhíorú, lena n‑áirítear faisnéis chlárúcháin a dheimhniú sa Bhallstát ina raibh siad cláraithe roimhe sin. Thairis sin, ar mhaithe le comhar cuimsitheach, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le húdaráis ó thríú tíortha.

    (73)Tá sé tábhachtach go bhféadfaidh údaráis chustaim rialuithe a dhéanamh ar fheithiclí caite atá le honnmhairiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 . Tá sciar nach beag d’fheithiclí caite a fhágann an tAontas ag déanamh ar thíortha ina bhfuil ceanglais maidir le allmhairiú bunaithe nó ina bhféadfaí iad a bhunú, amhail ceanglais i ndáil le haois na feithicle nó lena hastaíochtaí. Tá sé tábhachtach go bhféadfaidh na húdaráis chustaim fíorú leictreonach agus uathoibríoch a dhéanamh, trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann feithicil chaite atá le honnmhairiú na ceanglais sin, i gcás ina gcuirfidh na tríú tíortha lena mbaineann an fhaisnéis faoi na ceanglais sin in iúl don Choimisiún go hoifigiúil. Chun an comhshaol agus an tsábháilteacht ar bhóithre i dtríú tíortha a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais sin a leagan amach.

    (74)Chun cosc a chur ar an riosca go n‑onnmhaireofar feithiclí gan na doiciméid is gá lena léirítear uimhir aitheantais feithicle agus ródacmhainneacht na feithicle agus ar an riosca nach mbraithfear neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le honnmhairiú ach amháin nuair a bheidh an fheithicil imithe ón Aontas cheana féin, níor cheart cur i bhfeidhm na nósanna imeachta custaim simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a cheadú. Leis na nósanna imeachta sin, chuirfí cosc ar údaráis chustaim rialuithe fíor‑ama a dhéanamh trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, rud a mhéadódh an riosca go sárófaí rialacha an Aontais maidir le honnmhairiú feithiclí caite.

    (75)Sa mheastóireacht uaidh ar Threoir 2000/53/CE, mheas an Coimisiún gur easnamh sa Treoir é an easpa ceanglas maidir le iniúchtaí sainordaitheacha. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais íosta maidir le minicíocht na niniúchtaí, a raon feidhme agus saintréithe na saoráidí atá faoi réir na niniúchtaí sin a leagan amach sa Rialachán seo. Dhéanfaí iomaíochas na saoráidí cóireála údaraithe i ndáil leis na hoibreoirí neamhdhleathacha a chosaint mar sin agus dhéanfaí comhlíonadh leanúnach choinníollacha na gceadanna agus na gceanglas maidir le bailiú agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite a áirithiú.

    (76)Ba cheart comhlíonadh na bhforálacha maidir le honnmhairiú feithiclí caite agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite a chumhdach leis na hiniúchtaí. Gach bliain, ba cheart 10 % ar a laghad de na saoráidí cóireála údaraithe agus de na hoibreoirí a chumhdach leis na hiniúchtaí. Ba cheart suíomhanna deisiúcháin agus oibreoirí cothabhála a chur faoi réir iniúchta freisin. Ní mór a chur i dtábhacht gur cheart na hiniúchtaí a dhéantar faoin Rialachán seo a bheith comhlántach le hiniúchtaí ar loingsithe feithiclí a bhfuil a ré caite, a rialaítear go cuimsitheach i Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: an Rialachán nua maidir le Loingsithe Dramhaíola].

    (77)Ba cheart do na Ballstáit sásraí comhair a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ionas gur féidir iniúchtaí a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil. Ba cheart malartú sonraí maidir le clárúchán feithiclí a chumasú leis na sásraí sin, rud a bhfuil gá leis chun na feithiclí a rianú agus chun a sheiceáil an gcuirtear cóireáil chuí orthu nuair a bhaineann siad deireadh a ré amach.

    (78)Ba cheart do na Ballstáit gach beart forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun dul i ngleic le cóireáil neamhdhleathach ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, chun díobhálacha don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc. Dá bhrí sin, aon bhunaíocht nó gnóthas a dhéanann cóireáil ar fheithiclí a bhfuil a ré caite gan cead bailí, nó a sháraíonn na coinníollacha nó na ceanglais a leagtar amach sa chead, ba cheart iad a chur faoi réir pionós. Ba cheart do na Ballstáit bearta eile a mheas freisin, amhail an cead a tharraingt siar nó oibríochtaí oibreora a chur ar fionraí chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

    (79)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis a bhunú go háirithe i gcás sáruithe ar na forálacha maidir le honnmhairiú feithiclí caite, maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar shaoráidí cóireála údaraithe nó pointí bailithe agus maidir le trádáil páirteanna agus comhpháirteanna úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    (80)Is gá oibleagáidí tuairiscithe a leagan síos chun cur chun feidhme cuí reachtaíocht an Aontais, mar aon le faireachán agus meastóireacht uirthi, a áirithiú agus chun faisnéis atá cothrom le dáta agus trédhearcach a sholáthar do mhargaí. Tá sonraí cearta agus bailí fíor‑riachtanach chun go bhféadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán i gceart agus chun tuilleadh coigeartuithe a mholadh, i gcás inar gá, a bhfuil sé d’aidhm acu cóireáil fhónta ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite nó cur chun feidhme an Rialacháin a chuíchóiriú. D’fhonn srian a chur leis an ualach a bhaineann le tuairisciú, níor cheart ach sonraí atá fíor‑riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a thuairisciú agus ba cheart an tuairisciú a éascú trí uirlisí digiteacha. Ar bhonn na neilimintí sin, ba cheart a shonrú cé na sonraí atá le tuairisciú ag oibreoirí eacnamaíocha do na húdaráis ábhartha agus ag na Ballstáit don Choimisiún. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca le cur chun feidhme ceanglais maidir le tuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, ar cheart iad a chur in ionad Chinneadh 2005/293/CE ón gCoimisiún 64 , ba cheart modheolaíocht a leagan síos freisin chun ríomh agus fíorú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach nó nár baineadh amach na spriocanna athúsáide, athchúrsála agus aisghabhála.

    (81)Tá ról tábhachtach ag údaráis inniúla na mBallstát maidir le comhlíonadh na n‑oibleagáidí a bhunaítear faoin Rialachán seo a bhaineann le bailiú agus bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite a fhíorú, lena n‑áirítear rianú níos fearr ag na húdaráis sin ar an áit a bhfuil na feithiclí agus láimhseáil neamhdhleathach feithiclí a bhfuil a ré caite a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal go soláthródh oibreoirí bainistithe dramhaíola agus oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile sonraí do na húdaráis inniúla lenar féidir leo faireachán níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na forálacha maidir le bailiú agus bainistíocht feithiclí a bhfuil a ré caite á gcur chun feidhme.

    (82)Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 .

    (83)Agus gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán seo á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 66 . Chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (84)Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, lena liostaítear reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú gan forálacha maidir le pionóis, ba cheart í a leasú chun Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE a scriosadh ón liosta sin toisc gur gá go mbeadh forálacha pionóis sa Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.

    (85)Is gá a áirithiú go ndéanfar forálacha agus ceanglais an Rialacháin seo a bhaineann le cineálcheadú a fhíorú le linn an phróisis cineálcheadaithe AE. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/858 a leasú dá réir.

    (86)Aithníodh go bhfuil feithiclí ar iarraidh ar cheann de na dúshláin is mó a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 2000/53/CE. In éagmais córas éifeachtúil lenar féidir malartú faisnéise fíor‑ama idir na Ballstáit maidir le stádas clárúcháin feithiclí, is amhlaidh a chuirtear bac ar inrianaitheacht agus sainaithníodh é sin mar chúis leis an líon ard ‘feithiclí ar iarraidh’ san Aontas. Chun aghaidh a thabhairt air sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a mholadh ar Threoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí 67 . Leis an athbhreithniú sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit sonraí a thaifeadadh go leictreonach, i gcás feithiclí atá cláraithe ar a gcríoch, lenar féidir go ndoiciméadófaí i gceart na cúiseanna le clárú feithicle a chealú, go háirithe i gcás inar caitheadh le feithicil mar fheithicil a bhfuil a ré caite i saoráid chóireála údaraithe, inar athchláraíodh i mBallstát eile í, inar onnmhairíodh go tríú tír lasmuigh den Aontas í, nó inar goideadh í. Thairis sin, chun cosc a chur ar dhíchóimeáil nó onnmhairiú neamhdhleathach feithiclí a díchláraíodh go sealadach, ba cheart é a chur d’oibleagáid ar úinéirí feithiclí aon athrú ar a n‑úinéireacht a thuairisciú go pras don údarás náisiúnta clárúcháin feithiclí. Comhlánaíonn na leasuithe sin na ceanglais atá ann cheana go ndéanfadh na Ballstáit sonraí a thaifeadadh go leictreonach le haghaidh gach feithicle atá cláraithe ar a gcríoch, agus cuireann na leasuithe sin leo.

    (87)I bhfianaise an ghá atá ann ardleibhéal cosanta ar an gcomhshaol a áirithiú agus an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus ar an gcomhshaol. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a áireamh ina thuarascáil ar na forálacha maidir le feithiclí nua a dhearadh, lena n‑áirítear na spriocanna i dtaca le hin‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabhálacht, bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena n‑áirítear na spriocanna athchúrsála, agus pionóis chomh maith le measúnú ar an ngá atá le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú a thuilleadh chun feithiclí áirithe chatagóir L, feithiclí tromshaothair agus a leantóirí a chumhdach, agus ar a indéanta a bheadh sé sin. Leis an measúnú sin, ba cheart díriú ní hamháin ar ghnéithe a bhaineann le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite, ach chomh maith leis sin ar an ábharthacht agus ar an mbreisluach a bhaineann le ceanglais maidir le dearadh a leagan síos.

    (88)Ba cheart a áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún freisin measúnú ar na bearta a bhaineann le faisnéis a sholáthar faoi shubstaintí i bhfeithiclí ar údar imní iad agus ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le feabhas a chur ar inrianaitheacht na substaintí sin. Ba cheart measúnú a dhéanamh inti freisin ar cé acu is gá nó nach gá bearta a thabhairt isteach lena dtabharfaí aghaidh ar na substaintí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chóireáil feithiclí nuair a bhaineann siad an chéim deireadh ré amach, chun í a ailíniú ar bhonn níos dlúithe le Rialachán (AE) [Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe].

    (89)Is gá foráil a dhéanamh maidir le am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus do na Ballstáit chun an bonneagar rialacháin is gá a bhunú chun é a chur i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

    (90)Chun gur féidir leis na Ballstáit na bearta riaracháin is gá a dhéanamh maidir le córais bhailithe a bhunú, agus leanúnachas a choimeád le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus oibreoirí bainistithe dramhaíola, ba cheart aisghairm Threoir 2000/53/CE a chur siar.

    (91)Ní athraítear leis an Rialachán seo na rialacha maidir le srianta ar úsáid luaidhe, caidmiam mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh i bhfeithiclí a bunaíodh faoi Threoir 2000/53/CE ná na díolúintí ó na srianta sin. Mar sin féin, leagtar síos rialacha níos soiléire leis maidir leis an gcaoi a ndéanfar fíorú ar chomhlíonadh na srianta sin, chomh maith le comhlíonadh ceanglas ciorclaíochta eile, le linn an phróisis cineálcheadaithe. Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag monaróirí chun na rialacha sin a chomhlíonadh, ba cheart a gcur i bhfeidhm a chur siar. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha Threoir 2000/53/CE maidir le srianta ar úsáid luaidhe, caidmiam mearcair agus cróimiam heicsifhiúsaigh leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh feidhm ag na rialacha sin, chun leanúnachas a áirithiú agus chun a chinntiú nach bhfuil substaintí den sórt sin i bhfeithiclí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, i gcásanna seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Treoir sin.

    (92)Ina theannta sin, soláthraítear leis an Rialachán seo forálacha níos soiléire maidir le freagracht leathnaithe táirgeora ná mar a sholáthraítear le Treoir 2000/53/CE. Ó tharla go mbíonn roinnt ama i gceist le scéimeanna den sórt sin agus na forálacha náisiúnta is gá maidir le húdarú táirgeoirí agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bhunú, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a chur siar.Ba cheart forálacha comhfhreagracha Threoir 2000/53/CE leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh feidhm ag na forálacha sin chun leanúnachas a áirithiú i dtaobh maoiniú na dtáirgeoirí ar na costais a bhaineann le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú.

    (93)Ar an gcaoi chéanna, tá ceanglais nua sa Rialachán seo maidir le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite, go háirithe maidir le páirteanna agus comhpháirteanna a bhaint chun a n‑athúsáid, athmhonarú nó athriochtú a chur chun cinn chomh maith le cáilíocht na bpróiseas athchúrsála a mhéadú. Teastaíonn am ó oibreoirí bainistithe dramhaíola chun iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua sin agus dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sin a chur siar. Ba cheart forálacha comhfhreagracha Threoir 2000/53/CE leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh feidhm ag na ceanglais sin chun leanúnachas a áirithiú i dtaobh cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite.

    (94)Na hoibleagáidí faoi Threoir 2000/53/CE maidir le tuairisciú agus na hoibleagáidí gaolmhara maidir le tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, ba cheart feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse ama fós chun leanúnachas a áirithiú go dtí go nglacfaidh an Coimisiún na rialacha nua maidir le ríomh agus na formáidí tuairiscithe nua faoin Rialachán seo.

    (95)Ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha uile a bhaineann le feithiclí i gcatagóirí L3e-L7e, M2, M3, N2, N3 agus O a chur siar chun am leordhóthanach a sholáthar d’oibreoirí chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin a mhéid a bhaineann le ceadanna le haghaidh saoráidí cóireála údaraithe atá in ann díthruailliú a dhéanamh mar aon le tuilleadh cóireála ar na feithiclí sin.

    (96)Ar mhaithe le soiléireacht, réasúnaíocht agus simpliú, ós rud é go bhfuil na rialacha uile maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí maidir lena n‑in‑athúsáidteacht, lena n‑in‑athchúrsáilteacht agus lena n‑in‑aisghabhálacht sa Rialachán seo, ba cheart aisghairm Threoir 2005/65/CE a chur siar. Leis sin, soláthraítear am leordhóthanach do mhonaróirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha feithiclí a dhearann agus a thógann siad na ceanglais chiorclaíochta agus d’údaráis cheadaithe chun na rialacha nua a chur chun feidhme.

    (97)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair, na drochthionchair ar bhainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite a chosc agus a laghdú agus ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1
    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos ceanglais chiorclaíochta maidir le dearadh agus táirgeadh feithiclí a bhaineann le hin‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabhálacht agus le húsáid ábhair athchúrsáilte, atá le fíorú tráth cineálcheadaithe na bhfeithiclí, agus maidir le ceanglais faisnéise agus lipéadaithe le haghaidh páirteanna, comhpháirteanna agus ábhar i bhfeithiclí. Leagtar síos ceanglais leis freisin maidir le freagracht leathnaithe táirgeora, bailiú agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite, chomh maith le honnmhairiú feithiclí caite ón Aontas chuig tríú tíortha.

    Airteagal 2
    Raon feidhme

    1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

    (a)maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcatagóirí M1 agus N1 mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a)(i) agus (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858;

    (b)ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcatagóirí M2, M3, N2, N3 agus O mar a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858;

    (c)ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite agus feithiclí i gcatagóirí L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e mar a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointí (c) go (g), de Rialachán (AE) 168/2013.

    2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)feithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (31), de Rialachán (AE) 2018/858;

    (b)páirteanna eile d’fheithicil a cineálcheadaíodh i gcineálcheadú ilchéimneach ar chatagóir N1, N2, N3, M2 nó M3 seachas an bhonnfheithicil;

    (c)feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2018/858;

    (d)feithiclí atá inspéise ó thaobh na staire de, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (7), de Threoir 2014/45/AE.

    3.D’ainneoin mhír 1, pointe (b), ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcatagóirí M2, M3, N2, N3 agus O:

    (a)Airteagal 4 maidir le hin‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabhálacht feithiclí;

    (b)Airteagal 5 maidir le ceanglais i dtaca le substaintí i bhfeithiclí;

    (c)Airteagal 6 maidir le hábhar íosta athchúrsáilte i bhfeithiclí;

    (d)Airteagal 7 maidir le dearadh chun gur féidir páirteanna agus comhpháirteanna áirithe i bhfeithiclí a bhaint agus a athsholáthar;

    (e)Airteagal 8 maidir le hoibleagáidí ginearálta;

    (f)Airteagal 9 maidir leis an straitéis chiorclaíochta;

    (g)Airteagal 10 maidir le dearbhú i dtaca leis an ábhar athchúrsáilte atá i bhfeithiclí;

    (h)Airteagal 12 maidir le lipéadú na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá i bhfeithiclí;

    (i)Airteagal 13 maidir le pas ciorclaíochta feithicle;

    (j)Airteagal 21 maidir le modhnú táillí;

    (k)Airteagal 22 maidir leis an sásra um leithdháileadh costas le haghaidh feithiclí a thagann chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite i mBallstát eile;

    (l)Airteagal 28 maidir le ceanglais ghinearálta i dtaca le mionghearradh;

    (m)Airteagal 30 maidir le baint shainordaitheach páirteanna agus comhpháirteanna lena n‑athúsáid agus lena n‑athchúrsáil roimh an mionghearradh;

    (n)Airteagal 31 maidir le ceanglais a bhaineann leis na páirteanna agus na comhpháirteanna arna mbaint;

    (o)Airteagal 32 maidir le trádáil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe;

    (p)Airteagal 33 maidir le páirteanna agus comhpháirteanna a athúsáid, a athmhonarú agus a athriochtú;

    (q)Airteagal 34 maidir le spriocanna athúsáide, athchúrsála agus aisghabhála;

    (r)Airteagal 35 maidir le cosc a chur ar dhramhaíl neamhthámh a chur i líonadh talún;

    (s)Airteagal 36 maidir le loingsithe feithiclí a bhfuil a ré caite.

    4.D’ainneoin mhír 1, pointe (c), ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcatagóirí L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e:

    (a)Airteagail a liostaítear i mír 3;

    (b)Airteagal 38 maidir le rialuithe agus ceanglais i dtaca le honnmhairiú feithiclí caite;

    (c)Airteagal 39 maidir le fíorú uathoibrithe ar an Uimhir Aitheantais Feithicle agus ar an bhfaisnéis faoi stádas feithicle;

    (d)Airteagal 40 maidir le bainistiú riosca agus rialuithe custaim;

    (e)Airteagal 41 maidir le fionraí;

    (f)Airteagal 42 maidir le scaoileadh le honnmhairiú;

    (g)Airteagal 43 maidir le diúltú do scaoileadh le honnmhairiú;

    (h)Airteagal 44 maidir le comhar i measc na n‑údarás agus malartú faisnéise;

    (i)Airteagal 45 maidir le córais leictreonacha.

    5.D’ainneoin mhír 2, pointe (a), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le feithiclí sainchuspóireacha:

    (a)Airteagal 5 maidir le ceanglais i dtaca le substaintí i bhfeithiclí;

    (b)Airteagal 16 maidir le freagracht leathnaithe táirgeora;

    (c)Airteagal 20 maidir le freagracht airgeadais na dtáirgeoirí;

    (d)Airteagal 23 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú;

    (e)Airteagal 24 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar na saoráidí cóireála údaraithe;

    (f)Airteagal 25 maidir le deimhniú scriosta;

    (g)Airteagal 26 maidir le hoibleagáidí ar úinéir na feithicle;

    (h)Airteagal 29 maidir le díthruailliú;

    (i)Airteagal 30 maidir le baint sshainordaitheach páirteanna agus comhpháirteanna lena n‑athúsáid agus lena n‑athchúrsáil roimh an mionghearradh.

    6.D’ainneoin mhír 1, pointí (b) agus (c), beidh feidhm ag Airteagail 16, 19, 20, 27 agus 46 go 49 maidir le feithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcatagóirí L3, L4, L5, L6 L7, M2, M3, N2, N3 agus O ach na modhnuithe seo a leanas a bheith i gceist:

    (a)áireofar leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora, dá dtagraítear in Airteagal 16, an oibleagáid atá ar tháirgeoirí na bhfeithiclí sin a áirithiú, maidir le feithiclí a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit agus a thagann chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite, gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

    (i) baileofar i gcomhréir le hAirteagal 23 iad;

    (ii) díthruailleofar i gcomhréir le hAirteagal 29 iad;

    (b)deonófar an t‑údarú, dá dtagraítear in Airteagal 19, ach a thaispeáint go gcomhlíonann an t‑iarratasóir na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(2) a mhéid a bhaineann le bailiú agus díthruailliú feithiclí;

    (c)leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (a), cumhdófar na costais a bhaineann le bailiú agus díthruailliú feithiclí sna catagóirí sin, nach gcumhdófar le hioncaim na n‑oibreoirí bainistithe dramhaíola nasctha le díolacháin na bpáirteanna spártha úsáidte agus na gcomhpháirteanna spártha úsáidte, na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite arna ndíthruailliú, ná na n‑amhábhar tánaisteach arna n‑athchúrsáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite;

    (d)Beidh feidhm ag Airteagal 27 seachas mír 3, pointí (c) agus (d);

    (e)Ní bheidh feidhm ag Airteagail 46 go 49 ach amháin maidir le forfheidhmiú na n‑oibleagáidí is infheidhme maidir leis na catagóirí feithiclí sin.

    Airteagal 3
    Sainmhínithe

    1.Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘feithicil’ aon fheithicil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Rialachán (AE) 2018/858 nó a liostaítear in Airteagal 4(2), pointí (c) go (g), de Rialachán (AE) 168/2013;

    (2)ciallaíonn ‘feithicil a bhfuil a ré caite’ feithicil ar dramhaíl í mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE, nó feithiclí atá do‑dheisithe de réir na gcritéar i gCuid A, pointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I;

    (3)ciallaíonn ‘cineál feithicle’ aon chineál feithicle mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (32), de Rialachán (AE) 2018/858 nó cineál feithicle mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (73), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013;

    (4)ciallaíonn ‘in‑athúsáidteacht’ an fhéidearthacht páirteanna nó comhpháirteanna a aistríodh ó fheithicil a bhfuil a ré caite a athúsáid;

    (5)ciallaíonn ‘athúsáid’ aon oibríocht ina mbaintear úsáid as páirteanna nó comhpháirteanna ó fheithiclí a bhfuil a ré caite chun na críche céanna dár ceapadh iad;

    (6)ciallaíonn ‘in‑athchúrsáilteacht’ an fhéidearthacht páirteanna, comhpháirteanna nó ábhair a aistríodh ó fheithicil a bhfuil a ré caite a athchúrsáil;

    (7)ciallaíonn ‘in‑aisghabhálacht’ an fhéidearthacht páirteanna, comhpháirteanna nó ábhair a aistríodh ó fheithicil a bhfuil a ré caite a aisghabháil;

    (8)ciallaíonn ‘soláthróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn páirteanna, comhpháirteanna nó ábhair do mhonaróir a bhaineann úsáid astu chun feithiclí a mhonarú;

    (9)ciallaíonn ‘plaisteach’ polaiméir de réir bhrí Airteagal 3, pointe 5, de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha léi;

    (10)ciallaíonn ‘amhábhair chriticiúla’ amhábhair chriticiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) [An Gníomh um Amhábhair Chriticiúla];

    (11)ciallaíonn ‘dramhaíl iarthomhaltais’ dramhaíl a ghintear ó tháirgí i ndiaidh iad a bheith curtha ar an margadh;

    (12)ciallaíonn ‘baint’ láimhseáil láimhe, mheicniúil, cheimiceach, theirmeach nó miotalóireachta, arb é an toradh a bhíonn uirthi go mbíonn na páirteanna, na comhpháirteanna nó na hábhair spriocdhírithe ó fheithiclí a bhfuil a ré caite in‑sainaitheanta go haonarach mar shreabh aschuir ar leithligh nó mar chuid de shreabh aschuir;

    (13)ciallaíonn ‘mótar ríomhthiomána’ mótar leictreach a thiontaíonn cumhacht ionchuir leictreach go cumhacht aschuir mheicniúil chun fórsa tarraingthe a sholáthar d’fheithicil;

    (14)ciallaíonn ‘ceallra feithicle leictrí’ ceallra feithicle leictrí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14), de Rialachán (AE) 2023/ [Ceallraí agus ceallraí dramhaíola];

    (15)ciallaíonn ‘saoráid chóireála údaraithe’ aon bhunaíocht nó aon ghnóthas a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE agus leis an Rialachán seo chun bailiú agus cóireáil a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a ré caite;

    (16)ciallaíonn ‘cóireáil’ aon ghníomhaíocht tar éis don fheithicil a bhfuil a ré caite a bheith tugtha ar láimh do shaoráid lena díthruailliú, lena díchóimeáil, lena dlúthú, lena gearradh, lena mionghearradh, lena haisghabháil nó chun an dramhaíl ón mionghearrthóir a ullmhú lena diúscairt, agus aon oibríocht eile a dhéantar chun an fheithicil a bhfuil a ré caite agus a páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair a aisghabháil nó a dhiúscairt;

    (17)ciallaíonn ‘mionghearradh’ aon oibríocht a úsáidtear chun feithiclí a bhfuil a ré caite a stróiceadh ina bpíosaí nó a scoilteadh;

    (18)ciallaíonn ‘oibreoir deisiúcháin agus cothabhála’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn, ar bhealach atá bainteach le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm an duine sin, seirbhísí deisiúcháin nó cothabhála, bíodh sin neamhspleách ar mhonaróirí nó údaraithe acu;

    (19)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ feithicil a chur ar fáil san Aontas den chéad uair;

    (20)ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ feithicil a sholáthar lena dáileadh nó lena húsáid ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

    (21)ciallaíonn ‘oibreoir bainistithe dramhaíola’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéileálann ar bhonn gairmiúil le bailiú nó cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite;

    (22)ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáideann sé, lena n‑áirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7, de Threoir 2011/83/AE, a sholáthraíonn feithicil den chéad uair lena dáileadh nó lena húsáid, laistigh de chríoch Ballstáit ar bhonn gairmiúil;

    (23)ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;

    (24)ciallaíonn ‘ionadaí ceaptha don fhreagracht leathnaithe táirgeora’ duine nádúrtha dlítheanach atá bunaithe i mBallstát ina gcuireann an táirgeoir feithiclí ar fáil ar an margadh den chéad uair, atá éagsúil leis an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir bunaithe, agus a gceapann an táirgeoir é i gcomhréir le hAirteagal 8a(5), an tríú fomhír, de Threoir 2008/98/CE chun na oibleagáidí ar an táirgeoir sin faoi Chaibidil IV den Rialachán seo a chomhlíonadh;

    (25)ciallaíonn ‘amhábhair thánaisteacha’ ábhair a fuarthas trí phróisis athchúrsála agus ábhair is féidir a úsáid in ionad amhábhair phríomhúla;

    (26)ciallaíonn ‘úinéir feithicle’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a shealbhaíonn an ceart úinéireachta ar fheithicil agus, mura sonraítear a mhalairt, aon sealbhóir den deimhniú clárúcháin;

    (27)ciallaíonn ‘teicneolaíocht iar‑mhionghearrthóra’ na teicnící agus na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun ábhair a phróiseáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite, i ndiaidh mionghearradh a dhéanamh orthu, lena n‑aisghabháil a thuilleadh;

    (28)ciallaíonn ‘athmhonarú’ oibríocht ina monaraítear páirt nó comhpháirt nua as páirteanna agus comhpháirteanna a bhaintear ó fheithiclí nó ó fheithiclí a bhfuil a ré caite agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an bpáirt nó ar an gcomhpháirt a dhéanann difear dá sábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál;

    (29)ciallaíonn ‘athriochtú’ gníomhaíochtaí a dhéantar chun páirt nó comhpháirt a bhaintear ó fheithiclí nó ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a ullmhú, a ghlanadh, a thástáil agus, i gcás inar gá, a dheisiú, chun feidhmíocht nó feidhmiúlacht na páirte nó na comhpháirte sin a athchóiriú laistigh den úsáid bheartaithe agus den raon feidhmíochta a ceapadh ar dtús ag céim an dearaidh ab infheidhme tráth a curtha ar an margadh;

    (30)ciallaíonn ‘dramhaíl ó phacáistíocht’ dramhaíl ó phacáistíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 [Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) [An Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht]];

    (31)ciallaíonn ‘dramhthrealamh leictreach agus leictreonach’ dramhthrealamh leictreach agus leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (e), de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 ;

    (32)ciallaíonn ‘dramhaíl neamhthámh’ dramhaíl nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir leis an sainmhíniú ar ‘dhramhaíl thámh’ a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle 70 ;

    (33)ciallaíonn ‘feithicil chaite’ feithicil a cláraíodh i mBallstát nó in aon tír eile agus nach feithicil a bhfuil a ré caite í;

    (34)ciallaíonn ‘feithicil chaite atá le honnmhairiú’ feithicil chaite atá le cur faoin nós imeachta custaim a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (35)ciallaíonn ‘oibreoirí eacnamaíocha’ táirgeoirí, bailitheoirí, cuideachtaí árachais feithiclí, soláthróirí, oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála, oibreoirí bainistithe dramhaíola agus aon oibreoir eile a bhfuil baint aige i ndearadh feithiclí, i dtrádáil feithiclí caite, nó i mbainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite.

    2.I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)‘dramhaíl’, ‘dramh‑olaí’, ‘sealbhóir na dramhaíola’, ‘bainistiú dramhaíola’, ‘bailiú’, ‘cosc’, ‘athchúrsáil’, ‘aisghabháil’, ‘aislíonadh’, ‘diúscairt’ agus ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (1), (3), (6), (9), (10), (12), (15), (17), (17a), (19) agus (21), de Threoir 2008/98/CE;

    (b)‘cineálcheadú’, ‘cineálcheadú ilchéimneach’, ‘comhpháirt’, ‘páirteanna’, ‘páirteanna spártha’, ‘bonnfheithicil’, ‘feithicil a tháirgtear i sraitheanna beaga’, ‘feithicil shainchuspóireach’, ‘údarás faireachais margaidh’, ‘údarás formheasa’, ‘monaróir’, ‘allmhaireoir’ agus ‘dáileoir’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (1), (8), (19), (21), (23), (24) (28), (30), (31), (35), (36), (40), (42) agus (43), de Rialachán (AE) 2018/858;

    (c)‘clárú’, ‘deimhniú clárúcháin’, ‘fionraí’, ‘sealbhóir de dheimhniú clárúcháin’ agus ‘clárú a chealú’ a leagtar síos in Airteagal 2, pointí b), (c), (d), (e) agus (f), de Threoir 1999/37/CE;

    (d)‘feithicil atá inspéise ó thaobh na staire de’, ‘tástáil ródacmhainneachta’ agus ‘deimhniú ródacmhainneachta’ a leagtar síos in Airteagal 3, pointí (7), (9) agus (12), de Threoir 2014/45/AE;

    (e)‘substaint ar údar imní é’ agus ‘iompróir sonraí’ a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (28) agus (30) de Rialachán [Éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe].

    CAIBIDIL II
    CEANGLAIS CHIORCLAÍOCHTA

    Airteagal 4
    Ath‑inúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabhálacht feithiclí

    1.Gach feithicil a bhaineann le cineál feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 2018/858, tógfar í ar bhealach go mbeidh sí:

    (a)in‑athúsáidte nó in‑athchúrsáilte go dtí íosmhéid 85 % de réir maise;

    (b)in‑athúsáidte nó in‑aisghabhála go dtí íosmhéid 95 % de réir maise.

    2.I gcás gach cineáil feithicle dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh monaróirí na bearta seo a leanas:

    (a)na sonraí is gá a bhailiú tríd an slabhra soláthair iomlán, go háirithe cineál agus mais na n‑ábhar uile a úsáidtear agus na feithiclí á dtógáil, chun comhlíonadh leanúnach na gceanglas a áirithiú;

    (b)na sonraí iomchuí eile uile a bhaineann le feithiclí a cheanglaítear leis an bpróiseas ríomha dá dtagraítear i bpointe (e) a choimeád;

    (c)cruinneas agus iomláine na faisnéise a fhaightear ó sholáthróirí a fhíorú;

    (d)déanfar miondealú na n‑ábhar a bhainistiú agus a dhoiciméadú;

    (e)na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabhálachta a ríomh chun críocha mhír 1 i gcomhréir leis an modheolaíocht a bhunóidh an Coimisiún faoi mhír 3 nó, sula nglactar an mhodheolaíocht sin, i gcomhréir le caighdeán ISO 22628:2002 in éineacht leis na heilimintí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II;

    (f)páirteanna agus comhpháirteanna na bhfeithiclí atá déanta as polaiméirí agus leaistiméir a mharcáil i gcomhréir le hAirteagal 12(1);

    (g)a áirithiú nach n‑athúsáidfear na páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid E d’Iarscríbhinn VII agus feithiclí nua á dtógáil.

    3.Glacfaidh an Coimisiún faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear modheolaíocht nua maidir le rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabhálachta feithicle a ríomh agus a fhíorú, agus na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcur san áireamh.

    Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

    Airteagal 5
    Ceanglais maidir le substaintí i bhfeithiclí

    1.Déanfar láithreacht substaintí ar údar imní iad i bhfeithiclí agus ina bpáirteanna agus ina gcomhpháirteanna a íoslaghdú a mhéid is féidir.

    2.I dteannta na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, de réir mar is infheidhme, na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 agus i Rialachán (AE) 2023/[Oifig na bhFoilseachán: Ceallraí], aon chineál feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 2018/858, ní bheidh luaidhe, mearcair, caidmiam ná cróimiam heicsifhiúsach inti.

    3.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsach a bheith i gcineálacha feithicle faoi na coinníollacha agus suas leis na luachanna uastiúchana a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn III a leasú chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)luachanna uastiúchana a leagan síos ar suas leo a ghlacfar le luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsach a bheith i bpáirteanna, comhpháirteanna agus ábhair aonchineálacha sonracha feithiclí;

    (b)    páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair aonchineálacha áirithe feithiclí a dhíolmhú ón toirmeasc ar luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsach a bheith iontu a leagtar amach i mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (i) ní féidir úsáid na substaintí sin a sheachaint;

    (ii) léirítear gur mó na tairbhí socheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a eascraíonn as úsáid na substaintí sin;

    (iii) níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach oiriúnach ann.

    (c)    páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair aonchineálacha feithiclí a scriosadh ó Iarscríbhinn III, más féidir úsáid luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsaigh a sheachaint;

    (d)na páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair aonchineálacha sin ó fheithiclí a bhainfear a ainmniú sula ndéantar cóireáil bhreise orthu agus a cheangal go ndéanfaí iad a lipéadú nó a dhéanamh in‑sainaitheanta trí mhodhanna iomchuí eile.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn III a leasú, go háirithe trí dhíolúintí áirithe le haghaidh ábhair aonchineálacha agus comhpháirteanna a bhaint ón liosta, i gcás ina dtugtar aghaidh ar an díolúine shonrach faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

    5.Arna iarraidh sin don Choimisiún, agus laistigh de 12 mhí ón iarraidh a fháil, ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) tuarascáil ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch na roghanna malartacha a bhaineann le díolúintí atá ann cheana a liostaítear in Iarscríbhinn III agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin, ullmhóidh sí togra spreagtha maidir leis an leasú sonrach ar an díolúine sin.

    6.A luaithe a gheobhaidh an Ghníomhaireacht an iarraidh ón gCoimisiún, foilseoidh sí fógra ar a suíomh gréasáin go n‑ullmhófar tuarascáil ar leasú féideartha ar dhíolúine in Iarscríbhinn III agus iarrfaidh sí ar na páirtithe leasmhara uile barúlacha a chur isteach laistigh de 8 seachtaine ón dáta a fhoilsítear an fógra. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na barúlacha uile a gheobhaidh sí ó na páirtithe leasmhara ar a suíomh gréasáin.

    7.9 mí ar a dhéanaí i ndiaidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin, an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta, a bunaíodh de bhun Airteagal 76(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, glacfaidh sé tuairim maidir leis an tuarascáil agus maidir leis na leasuithe sonracha atá beartaithe. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuairim sin faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill.

    8.Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfidh sé san áireamh an tionchar socheacnamaíoch a bhaineann le díolúine ar an srian ar úsáid luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsaigh i gcineálacha feithicle a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a scriosadh, lena n‑áirítear infhaighteacht roghanna malartacha agus na tionchair a bhíonn ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ar fud shaolré iomlán na bhfeithiclí.

    Airteagal 6
    Ábhar íosta athchúrsáilte i bhfeithiclí

    1.An plaisteach atá i ngach cineáil feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 2018/858, beidh íosmhéid 25 % de phlaisteach arna athchúrsáil de réir meáchain ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais ann.

    Bainfear amach 25 % ar a laghad den sprioc a leagtar amach sa chéad fhomhír trí phlaistigh arna n‑athchúrsáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite sa chineál feithicle lena mbaineann a áireamh.

    2.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: [Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 23 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 51(2) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, tríd an modheolaíocht a leagan síos maidir le ríomh agus fíorú a dhéanamh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ar sciar na bplaisteach arna n‑aisghabháil ó dhramhaíl iarthomhaltais, agus ó fheithiclí a bhfuil a ré caite faoi seach, atá i láthair agus a ionchorpraítear sa chineál feithicle.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí sciar íosta de chruach arna hathchúrsáil ó dhramhaíl chruach iarthomhaltais a leagan síos, ar sciar é atá le bheith i láthair agus le hionchorprú i gcineálacha feithicle ar a ndéanfar cineálcheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/858.

    Bunófar an sciar íosta de chruach athchúrsáilte dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar staidéar indéantachta a dhéanfaidh an Coimisiún. Tabharfar an staidéar i gcrích faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 23 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus féachfar ann ar na gnéithe seo a leanas go háirithe:

    (a)infhaighteacht reatha agus réamh‑mheasta na cruach arna hathchúrsáil ó fhoinsí iarthomhaltais dramhaíola cruach;

    (b)an sciar reatha de dhramhaíl iarthomhaltais i leath‑tháirgí agus táirgí idirmheánacha cruach éagsúla a úsáidtear i bhfeithiclí;

    (c)glacadh féideartha na cruach athchúrsáilte iarthomhaltais ag monaróirí i bhfeithiclí atá le cineálcheadú amach anseo;

    (d)éileamh coibhneasta na hearnála mótarfheithiclí i gcomparáid leis an éileamh ar dhramhaíl chruach iarthomhaltais ó earnálacha eile;

    (e)inmharthanacht eacnamaíoch, dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n‑áirítear athruithe ar infhaighteacht teicneolaíochtaí athchúrsála a bhaineann le rátaí athchúrsála cruach;

    (f)an rannchuidiú ó sciar íosta de chion athchúrsáilte cruach i bhfeithiclí le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus lena chuspóirí aeráide agus comhshaoil;

    (g)an gá atá le tionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht feithiclí a chosc; agus

    (h)an tionchar ar chostais agus iomaíochas foriomlán na hearnála mótarfheithiclí.

    Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an mhodheolaíocht maidir le ríomh agus fíorú a dhéanamh ar an sciar cruach arna hathchúrsáil ó dhramhaíl chruach iarthomhaltais atá i láthair agus a ionchorpraítear i gcineálacha feithicle.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

    4.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta a bheadh sé ceanglas a leagan síos maidir le sciar íosta de na nithe seo a leanas:

    (a)alúmanam agus na cóimhiotail dá chuid, maignéisiam agus na cóimhiotail dá chuid, arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais agus arna n‑ionchorprú i gcineálacha feithicle; agus

    (b)neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, samairiam nó bórón arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais agus arna n‑ionchorprú i maighnéid bhuana i mótair ríomhthiomána.

    Tar éis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thabhairt i gcrích, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí sciar íosta a leagan síos maidir le halúmanam agus na cóimhiotail dá chuid, maignéisiam agus na cóimhiotail dá chuid, neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, samairiam nó bórón arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais a bheidh i láthair agus a ionchorprófar sna cineálacha feithiclí atá le cineálcheadú faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/858.

    Bunófar an sciar íosta de chion athchúrsáilte na n‑ábhar dá dtagraítear sa dara fomhír ar an staidéar indéantachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus na nithe seo a leanas uile á gcur san áireamh:

    (a)infhaighteacht reatha agus réamh‑mheasta na n‑ábhar a liostaítear sa dara fomhír arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais;

    (b)na sciartha reatha de chion athchúrsáilte ó dhramhaíl iarthomhaltais sna hábhair a liostaítear sa dara fomhír i bhfeithiclí a chuirtear ar an margadh;

    (c)inmharthanacht eacnamaíoch, dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, lena n‑áirítear athruithe ar infhaighteacht teicneolaíochtaí athchúrsála a bhaineann leis an gcineál ábhar a athchúrsáiltear, agus a rátaí athchúrsála;

    (d)an rannchuidiú ó sciar íosta de chion athchúrsáilte na n‑ábhar a liostaítear sa dara fomhír i bhfeithiclí le huathriail straitéiseach an Aontais agus lena chuspóirí aeráide agus comhshaoil;

    (e)tionchair fhéideartha ar fheidhmiú feithiclí i ngeall ar chion athchúrsáilte na n‑ábhar a liostaítear sa dara fomhír a ionchorprú i bpáirteanna agus comhpháirteanna feithiclí;

    (f)an gá atá le tionchair dhiúltacha dhíréireacha ar inacmhainneacht na bhfeithiclí ina bhfuil na hábhair a liostaítear sa dara fomhír a chosc;

    (g)an tionchar ar chostais agus iomaíochas foriomlán na hearnála mótarfheithiclí.

    Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an mhodheolaíocht maidir le ríomh agus fíorú a dhéanamh ar sciar na n‑ábhar arna n‑athchúrsáil ó dhramhaíl iarthomhaltais i gcineálacha feithicle.

    Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

    Airteagal 7
    Dearadh chun gur féidir páirteanna agus comhpháirteanna áirithe i bhfeithiclí a bhaint agus a athsholáthar

    1.Gach feithicil a bhaineann le cineál feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, dearfar é ar bhealach nach gcuirfidh bac ar shaoráidí cóireála údaraithe na páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII a bhaint ón bhfeithicil lena mbaineann le linn chéim dhramhaíola na feithicle.

    2.Gach feithicil a bhaineann le cineál feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, faoi Rialachán (AE) 2018/858, dearfar í, a mhéid a bhaineann le heilimintí ceangail agus séalúcháin, ionas gur féidir le saoráidí cóireála údaraithe nó oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála, ar bhealach éasca agus neamhscriosach, na ceallraí feithicle leictrí agus na mótair ríomhthiomána a bhaint agus a athsholáthar ón bhfeithicil le linn chéim úsáide agus chéim dhramhaíola na feithicle.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun mír 2 a leasú trí athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna atá le dearadh lena n‑aistriú agus lena n‑athsholáthar ó fheithiclí, chun go n‑áireofar sa mhír sin páirteanna agus comhpháirteanna breise a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII, agus an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á chur san áireamh.

    4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na coinníollacha maidir le dearadh chun páirteanna agus comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 2 a bhaint agus a athsholáthar, i gcás inar gá, chun cur chun feidhme comhchuibhithe na hoibleagáide a leagtar amach i mír 2 a áirithiú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR MHONARÓIRÍ

    Airteagal 8
    Oibleagáidí ginearálta

    1.Léireoidh monaróirí go ndéantar cineálcheadú ar na feithiclí nua a mhonaraíonn siad agus a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/858 agus ceanglais an Rialacháin seo.

    2.Chun cineálcheadú a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil feidhm ag na ceanglais in Airteagail 4, 5, 6 nó 7 maidir leo, soláthróidh an monaróir an doiciméadacht lena léireofar comhlíonadh na gceanglas sin agus déanfaidh sé:

    (a)í a áireamh san fhillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/858; agus

    (b)í a chur faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/858.

    3.Chun cineálcheadú a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil feidhm ag an ceanglas in Airteagal 9 maidir leo, cuirfidh an monaróir an straitéis chiorclaíochta faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe in éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/858.

    4.Chun cineálcheadú a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 maidir leo, déanfaidh an monaróir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a tharraingt suas agus í a chur faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe, i gcomhréir le hAirteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858, in éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin.

    5.Chun cineálcheadú a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 maidir leo, cuirfidh an monaróir an dearbhú lena ndeimhnítear comhlíonadh an cheanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1) faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe, i gcomhréir le hAirteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/858, in éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin.

    Airteagal 9
    Straitéis chiorclaíochta

    1.I gcás gach cineáil feithicle ar a ndéantar cineálcheadú faoi Rialachán (AE) 2018/858 ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ar aghaidh, déanfaidh an monaróir straitéis chiorclaíochta a tharraingt suas.

    2.Tabharfar tuairisc sa straitéis chiorclaíochta ar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na monaróirí chun bearta leantacha a dhéanamh ar a n‑oibleagáidí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais chiorclaíochta i gCaibidil II, ar ceanglais iad a fhíoraítear sna nósanna imeachta um chineálcheadú agus is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle lena mbaineann.

    3.Beidh na heilimintí a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV sa straitéis chiorclaíochta.

    4.Soláthróidh an monaróir cóip den straitéis chiorclaíochta don Choimisiún laistigh de 30 lá tar éis dheonú an chineálcheadaithe le haghaidh an chineáil feithicle lena mbaineann.

    5.Déanfaidh an monaróir faireachán agus bearta leantacha ar na gníomhaíochtaí atá sa straitéis chiorclaíochta agus tabharfaidh sé an straitéis cothrom le dáta gach 5 bliana i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IV. Soláthrófar an straitéis chiorclaíochta cothrom le dáta don údarás cineálcheadaithe a d’eisigh an cineálcheadú le haghaidh an chineáil feithicle agus don Choimisiún.

    6.Cuirfidh an Coimisiún na straitéisí ciorclaíochta agus aon nuashonrú ar na straitéisí sin ar fáil go poiblí, cé is moite d’fhaisnéis rúnda.

    7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Cuid B d’Iarscríbhinn IV a leasú trí na ceanglais maidir le hábhar na straitéise ciorclaíochta agus na nuashonruithe ar an straitéis sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch sa mhonarú feithiclí agus sa bhainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, d’fhorbairtí margaidh san earnáil mótarfheithiclí agus d’athruithe rialála.

    8.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 83 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chiorclaíocht na hearnála mótarfheithiclí a tharraingt suas agus a fhoilsiú. Beidh an tuarascáil bunaithe go háirithe ar straitéisí ciorclaíochta agus nuashonruithe ar na straitéisí sin.

    Airteagal 10
    Dearbhú i dtaca leis an ábhar athchúrsáilte atá i bhfeithiclí

    1.Dearbhóidh monaróirí, i gcás gach cineáil feithicle ar a ndéantar cineálcheadú ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, faoi Rialachán (AE) 2018/858, an sciar den ábhar athchúrsáilte seo a leanas faoi seach:

    (a)neoidimiam, diospróisiam, praiséidimiam, teirbiam, samairiam, bórón i maighnéid bhuana i mótair ríomhthiomána;

    (b)alúmanam agus a chóimhiotail;

    (c)maignéisiam agus a chóimhiotail;

    (d)cruach.

    Bainfidh an dearbhú le cion athchúrsáilte na n‑ábhar sin atá i láthair sa chineál feithicle agus léireofar leis, de réir sciar na n‑ábhar, cibé acu a dhéantar an t‑ábhar a athchúrsáil ó dhramhaíl réamhthomhaltais nó ó dhramhaíl iarthomhaltais.

    2.Fíoróidh na húdaráis chineálcheadaithe go bhfuil an doiciméadacht is gá curtha isteach ag na monaróirí agus go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ina cuid di.

    3.De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir leis an sciar den chion athchúrsáilte in ábhar áirithe a dhearbhú i gcás ina mbeidh sprioc leagtha síos le haghaidh an ábhair sin faoi Airteagal 6(3) nó (4).

    Airteagal 11
    Faisnéis faoi bhaint agus athsholáthar na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá i bhfeithiclí

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, soláthróidh monaróirí rochtain neamhshrianta, chaighdeánaithe agus neamh‑idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn V d’oibreoirí bainistithe dramhaíola agus d’oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála, rud a chumasóidh rochtain ar na nithe seo a leanas agus a chumasóidh a mbaint shábháilte agus a nathsholáthar sábháilte:

    (a)ceallraí feithicle leictrí atá ionchorpraithe san fheithicil;

    (b)mótair ríomhthiomána atá ionchorpraithe san fheithicil;

    (c)páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ina bhfuil na sreabháin agus na leachtanna a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VII agus atá i láthair i bhfeithiclí;

    (d)páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII atá i láthair i bhfeithiclí;

    (e)páirteanna agus comhpháirteanna, ina bhfuil na hamhábhair chriticiúla dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán (AE) [Gníomh CRM] tráth an chineálcheadaithe ar an bhfeithicil;

    (f)comhpháirteanna agus páirteanna i bhfeithicil atá códaithe go digiteach, i gcás ina gcuireann an códú sin cosc ar iad a dheisiú, a chothabháil nó a athsholáthar i bhfeithicil eile.

    2.Áiritheoidh monaróirí go mbeidh comhar ann leis na hoibreoirí cóireála údaraithe agus na hoibreoirí deisiúcháin agus cothabhála ach na hardáin chumarsáide is gá a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn V a sholáthar agus a choimeád cothrom le dáta.

    Soláthróidh na monaróirí an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír saor in aisce. Féadfaidh na monaróirí muirir a bhailiú ó oibreoirí bainistithe dramhaíola agus ó oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála suas leis an méid is gá chun na costais riaracháin a eascraíonn as an bhfaisnéis is gá a dhéanamh inrochtana trí ardáin chumarsáide a chumhdach.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn V a leasú trí athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar i bhfeithiclí agus ar raon feidhme na faisnéise atá le soláthar ag na monaróirí.

    Airteagal 12
    Lipéadú na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na n‑ábhar atá i bhfeithiclí

    1.Úsáidfidh monaróirí agus a soláthróirí ainmníocht na gcaighdeán códaithe maidir le comhpháirteanna agus ábhair a liostaítear i bpointí 1 go 3 d’Iarscríbhinn VI chun páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair feithiclí a lipéadú agus a shainaithint.

    2.Áiritheoidh monaróirí go mbeidh lipéad feiceálach doscriosta inléite go soiléir ar mhótair ríomhthiomána ina bhfuil maighnéid bhuana, ar a léireofar an fhaisnéis a liostaítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn VI.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

    Airteagal 13
    Pas Ciorclaíochta Feithicle

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 84 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] ar aghaidh, beidh pas ciorclaíochta feithicle ag gach feithicil a chuirfear ar an margadh, a bheidh ailínithe le pasanna comhshaoil eile a bhaineann le feithiclí arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus, i gcás inar féidir, a bheidh comhtháthaithe sna pasanna sin freisin.  

    2.Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo sa phas ciorclaíochta feithicle i bhformáid dhigiteach agus beidh rochtain saor in aisce air.

    3.Áiritheoidh an monaróir a chuirfidh an fheithicil ar an margadh go mbeidh an fhaisnéis sa phas ciorclaíochta feithicle cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

    4.Leis an bhfaisnéis uile a áireofar sa phas ciorclaíochta feithicle, comhlíonfar na rialacha a leagan an Coimisiún síos faoi mhír 6, agus:

    (a)beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte;

    (b)forbrófar i bhformáid idir‑inoibritheach í;

    (c)beidh sí inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir‑inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí;

    (d)beidh sí meaisín‑inléite, struchtúrtha agus inchuardaithe.

    5.Tiocfaidh deireadh le pas ciorclaíochta feithicle de chuid feithicle atá tagtha chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite 6 mhí ar a luaithe tar éis an deimhniú scriosta le haghaidh na feithicle sin a bhfuil deireadh a ré caite a bheith eisithe. 

    6.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas: 

    (a)bealach agus sonraíocht theicniúil an réitigh a atá le húsáid chun rochtain a fháil ar an bpas ciorclaíochta feithicle;

    (b)    na ceanglais theicniúla maidir le dearadh agus oibriú le haghaidh an phas ciorclaíochta feithicle, lena n‑áirítear rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i)idir‑inoibritheacht an phas ciorclaíochta feithicle le pasanna eile a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais;

    (ii)stóráil agus próiseáil na faisnéise a áirítear sa phas ciorclaíochta feithicle;

    (iii)infhaighteacht an phas ciorclaíochta feithicle tar éis deireadh a bheith tagtha leis an monaróir atá freagrach as na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh nó tar éis dó deireadh a chur lena ghníomhaíocht san Aontas;

    (c)tabhairt isteach, modhnú agus tabhairt cothrom le dáta na faisnéise a áirítear sa phas ciorclaíochta feithicle ag tríú páirtithe seachas an monaróir; 

    (d)suíomh an iompróra sonraí nó aitheantóra eile a chumasaíonn rochtain ar phas ciorclaíochta na feithicle.

    Agus na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á leagan síos, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le hardleibhéal slándála agus príobháideachais a áirithiú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2). 

    CAIBIDIL IV
    FEITHICLÍ A bhFUIL A RÉ CAITE A BHAINISTIÚ

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    Airteagal 14
    Údarás inniúil

    1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na hoibleagáidí faoin gCaibidil seo, go háirithe as faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí ar tháirgeoirí agus ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí mar a leagtar amach in Airteagail 15 go 36.

    2.Féadfaidh gach Ballstát pointe teagmhála amháin a ainmniú, i measc na n‑údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, chun cumarsáid a dhéanamh leis an gCoimisiún.

    3.Leagfaidh na Ballstáit síos na mionsonraí a bhaineann le heagrúchán agus oibríocht na n‑údarás inniúil, lena n‑áirítear na rialacha riaracháin agus nós imeachta maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)clárú táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 17;

    (b)údarú táirgeoirí agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 19;

    (c)formhaoirseacht ar chur chun feidhme na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 20;

    (d)bailiú sonraí faoi fheithiclí agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcomhréir le hAirteagail 17(12) agus 49(6);

    (e)faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 49.

    4.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n‑údarás inniúil arna n‑ainmniú de bhun mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athrú ar ainmneacha nó ar sheoltaí na núdarás inniúil sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

    Airteagal 15
    Saoráidí cóireála údaraithe

    1.Gan dochar do Threoir 2010/75/AE, aon bhunaíocht nó aon ghnóthas a bhfuil sé beartaithe aige oibríochtaí cóireála a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, gheobhaidh sé cead ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2008/98/CE agus comhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar síos sa chead sin.

    2.Chun gur féidir cead dá dtagraítear i mír 1 a eisiúint, déanfaidh an t‑údarás inniúil fíorú ar cé acu atá nó nach bhfuil an acmhainneacht theicniúil, airgeadais agus eagraíochtúil is gá ag an mbunaíocht nó ag an ngnóthas chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 27 a chomhlíonadh.

    3.Leis na ceadanna dá dtagraítear i mír 1, léireofar go mbeidh an inniúlacht ag na saoráidí cóireála deimhniú scriosta a eisiúint, dá dtagraítear in Airteagal 25.

    4.Áiritheoidh an t‑údarás inniúil, maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun an cead a dheonú, go ndéanfar iad a chomhordú go hiomlán i gcás ina mbeidh baint ag níos mó ná údarás inniúil amháin nó níos mó ná bunaíocht nó gnóthas amháin leis na nósanna imeachta sin um cheadanna, agus é beartaithe acu oibríochtaí cóireála a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a ré caite.

    ROINN 2
    Freagracht Leathnaithe Táirgeora

    Airteagal 16
    Freagracht leathnaithe táirgeora

    Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, beidh an fhreagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as feithiclí a chuirfidh siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit. An scéim arna bunú ag táirgeoirí chun an fhreagracht sin a fheidhmiú, beidh sí i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE agus comhlíonfaidh sí ceanglais na Caibidle seo.

    Áireofar leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora an oibleagáid ar tháirgeoirí an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)feithiclí a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit agus a thagann chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite

    (i) baileofar i gcomhréir le hAirteagal 23 iad;

    (ii) déantar cóireáil orthu i gcomhréir le hAirteagal 27;

    (b)na hoibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann cóireáil ar fheithiclí a bhfuil a ré caite dá dtagraítear i bpointe (a), comhlíonfaidh siad na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 34.

    Airteagal 17
    Clár na dtáirgeoirí

    1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh na Ballstáit clár de tháirgeoirí a mbeidh sé de chuspóir aige faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag táirgeoirí.

    Soláthrófar leis an gclár naisc chuig suíomhanna gréasáin de chláir náisiúnta táirgeoirí eile chun clárú na dtáirgeoirí nó clárú na n‑ionadaithe ceaptha le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora a éascú.

    2.Cláróidh táirgeoirí ar an gclár dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, cuirfidh siad iarratas isteach ar chlárú i ngach Ballstát ina gcuireann siad feithicil ar fáil ar an margadh den chéad uair.

    Cuirfidh táirgeoirí an t‑iarratas ar chlárú isteach trí chóras leictreonach próiseála sonraí dá dtagraítear i mír 8, pointe (a).

    Ní chuirfidh táirgeoirí feithiclí ar fáil ar mhargadh Ballstáit, ach amháin má bhíonn siad cláraithe sa Bhallstát sin, nó, i gcás údaraithe, má bhíonn a n‑ionadaithe ceaptha le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora cláraithe sa Bhallstát sin.

    3.Áireofar an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII san iarratas ar chlárú. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a iarraidh, de réir mar is gá, chun an clár táirgeoirí a úsáid ar bhealach éifeachtúil.

    4.De mhaolú ar mhír 3, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1(d) d’Iarscríbhinn VIII san iarratas ar chlárú faoi mhír 3 nó san iarratas ar údarú faoi Airteagal 19.

    5.I gcás ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ceaptha ag táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 18, comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonraíonn an Ballstát ina gcuirtear an fheithicil ar fáil ar an margadh den chéad uair a mhalairt.

    6.Féadfaidh ionadaí ceaptha le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann táirgeora.

    7.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur aon nós imeachta amháin atá sa nós imeachta um chlárúchán de bhun an Airteagail seo agus an nós imeachta um údarúchán de bhun Airteagal 19, ar choinníoll go gcomhlíonann an t‑iarratas ar údarú na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.

    8.Déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid a leanas:

    (a)faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin trí chóras leictreonach próiseála sonraí;

    (b)clárúcháin a dheonú agus uimhir chláraithe a sholáthar laistigh de 12 sheachtain ar a mhéad ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi mhíreanna 2 agus 3.

    9.Féadfaidh an t‑údarás inniúil:

    (a)módúlachtaí a leagan síos maidir le ceanglais agus próiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn sin a leagtar síos i míreanna 2 agus 3;

    (b)táillí a bheidh costas‑bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.

    10.Féadfaidh an t‑údarás inniúil diúltú do tháirgeoir a chlárú nó clárú an táirgeora a tharraingt siar i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus an fhianaise dhoiciméadach ghaolmhar nó nach leordhóthanach í nó i gcás nach gcomhlíonann an táirgeoir na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, pointe 1(d) a thuilleadh.    

    Déanfaidh an t‑údarás inniúil clárú an táirgeora a tharraingt siar murab ann don táirgeoir a thuilleadh.

    11.An táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí ceaptha an táirgeora le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh thar ceann na dtáirgeoirí dá ndéanann sí ionadaíocht, tabharfaidh sé nó sí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus faoi aon scor buan a mhéid a bhaineann leis na feithiclí dá dtagraítear sa chlárúchán a chur ar fáil ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit.

    12.An táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí ceaptha an táirgeora le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, tuairisceoidh sé nó sí don údarás inniúil atá freagrach as an gclár maidir le feidhmíocht na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí.

    Airteagal 18
    Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí

    1.Féadfaidh táirgeoirí a roghnú a n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh ar bhonn aonair nó féadfaidh siad a chur ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 19 na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar a gceann.

    2.Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh a mhéid a bhaineann le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n‑ionadaithe údaraithe le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora.

    3.Anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e), de Threoir 2008/98/CE, foilseoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar a suíomhanna gréasáin gach bliain ar a laghad, faoi réir rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch, faisnéis faoi bhailiú feithiclí a bhfuil a ré caite agus baint amach na spriocanna maidir le hathúsáid agus athchúrsáil, athúsáid agus aisghabháil agus athchúrsáil plaisteach ag na táirgeoirí a chuir an eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí ar iontaoibh.

    4.Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéanfar ionadaíocht chóir ar tháirgeoirí agus ar oibreoirí bainistithe dramhaíola ina gcomhlachtaí rialaithe.

    Airteagal 19
    Comhlíonadh na freagrachta leathnaithe táirgeora a údarú

    1.Déanfaidh táirgeoir, i gcás ina mbeidh oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn aonair, agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás ina mbeidh oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora á gcomhlíonadh ar bhonn comhchoiteann, iarratas ar údarú ón údarás inniúil.

    2.Ní dheonófar an t‑údarú ach amháin i gcás ina léireofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8a(3), pointí (a) go (d), de Threoir 2008/98/CE á gcomhlíonadh agus gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh maidir leis an líon feithiclí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit ag an táirgeoir nó na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí thar a gceann.

    3.Déanfaidh na Ballstáit, ina mbearta lena leagtar síos rialacha riaracháin agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), mionsonraí an nós imeachta um údarúchán a áireamh, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar cibé acu a bhaineann sé le comhlíonadh aonair nó comhlíonadh comhchoiteann na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, agus na módúlachtaí chun comhlíonadh ag táirgeoirí agus ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a fhíorú, lena n‑áirítear an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag táirgeoirí nó ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí chun na críche sin.

    4.Tabharfaidh an táirgeoir nó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis san údarú, faoi aon athrú a bhaineann le téarmaí an údaraithe nó faoi scor buan oibríochtaí.

    5.Déanfar an sásra féinrialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 8a(3), pointe (d), de Threoir 2008/98/CE a chur i bhfeidhm go tráthrialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, chun a fhíorú go mbeidh na forálacha sa phointe sin á gcomhlíonadh agus go leanfar de na coinníollacha maidir le húdarú dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, arna iarraidh sin, tuarascáil féinrialúcháin agus, i gcás inar gá, an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Gan dochar do na hinniúlachtaí faoi mhír 6, féadfaidh an t‑údarás inniúil barúlacha a thabhairt maidir leis an tuarascáil féinrialúcháin agus an dréachtphlean gníomhaíochta ceartaithí, agus cuirfidh sé aon bharúil den sórt sin in iúl don táirgeoir nó don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí. Déanfaidh an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme ar bhonn na mbarúlacha sin.

    6.Féadfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh an t‑údarú a chúlghairm mura gcomhlíonann an táirgeoir nó an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a thuilleadh na ceanglais maidir le bailiú agus cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite a eagrú, nó má mhainníonn sé i ndáil le tuairisciú don údarás inniúil, nó má mhainníonn sé fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi aon athrú a bhaineann le téarmaí an údaraithe, nó má scoir sé de bheith i mbun oibríochta.

    Airteagal 20
    Freagracht airgeadais na dtáirgeoirí

    1.Leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocfaidh an táirgeoir, cumhdófar na costais seo a leanas a bhaineann leis na feithiclí a chuireann an táirgeoir ar fáil ar an margadh:

    (a)na costais a bhaineann le bailiú feithiclí a bhfuil a ré caite is gá chun na ceanglais in Airteagail 23 go 26 a chomhlíonadh agus na costais a bhaineann le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite is gá chun na ceanglais in Airteagail 27 go 30, 34 agus 35 a chomhlíonadh, ar choinníoll nach gcumhdófar iad le hioncaim na n‑oibreoirí bainistithe dramhaíola nasctha le díolacháin na bpáirteanna spártha úsáidte agus na gcomhpháirteanna spártha úsáidte, na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite arna ndíthruailliú, ná na n‑amhábhar tánaisteach arna n‑athchúrsáil ó fheithiclí a bhfuil a ré caite;

    (b)na costais a bhaineann le feachtais múscailte feasachta a reáchtáil arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar bhailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite;

    (c)na costais a bhaineann leis an gcóras fógartha dá dtagraítear in Airteagal 25 a bhunú;

    (d)na costais a bhaineann le bailiú sonraí agus tuairisciú do na húdaráis inniúla.

    2.An t‑údarás inniúil, i ndlúthchomhar le táirgeoirí, le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus le hoibreoirí bainistithe dramhaíola, déanfaidh siad faireachán ar na nithe seo a leanas:

    (a)meánchostais na n‑oibríochtaí bailiúcháin, athchúrsála agus cóireála agus ioncaim na n‑oibreoirí bainistithe dramhaíola;

    (b)an leibhéal ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na táirgeoirí leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna gceapadh i gcás chomhlíonadh comhchoiteann na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí ionas go leithdháilfear na costais go cothrom idir na hoibreoirí leasmhara uile.

    3.Leis na ranníocaíochtaí airgeadais a íocfaidh na táirgeoirí a chuireann feithiclí sainchuspóireacha ar fáil ar an margadh, ní chumhdófar ach na costais sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a bhaineann le bailiú agus díthruailliú na bhfeithiclí sin.

    4.I gcás chomhlíonadh aonair na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, soláthróidh na táirgeoirí ráthaíocht le haghaidh feithiclí a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair i gcríoch Ballstáit. Leis an ráthaíocht sin, áiritheofar go maoineofar na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis na feithiclí sin.

    Is é an Ballstát ina gcuirtear an fheithicil ar fáil ar an margadh den chéad uair a chinnfidh méid na ráthaíochta, agus cuirfidh sé san áireamh na critéir a leagtar síos in Airteagal 21.

    D’fhéadfadh an ráthaíocht a bheith i bhfoirm rannpháirtíochta ag an táirgeoir sna scéimeanna iomchuí a bhaineann le maoiniú na bainistíochta ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, i bhfoirm árachais athchúrsála nó i bhfoirm cuntais bainc bhlocáilte.



    Airteagal 21
    Modhnú táillí

    1.I gcás chomhlíonadh comhchoiteann na n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go ndéanfar na ranníocaíochtaí airgeadais arna n‑íoc ag táirgeoirí leo a mhodhnú ach na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)meáchan na feithicle;

    (b)an cineál gléasra cumhachta;

    (c)ráta in‑athchúrsáilteachta agus in‑athúsáidteachta an chineáil feithicle lena mbaineann an fheithicil, ar bhonn na faisnéise arna cur faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe i gcomhréir le hAirteagal 4;

    (d)an t‑am is gá chun an fheithicil a dhíchóimeáil ag saoráid chóireála údaraithe, go háirithe i gcás páirteanna agus comhpháirteanna ar gá iad a bhaint roimh an mionghearradh faoi Airteagal 30;

    (e)sciar na n‑ábhar agus na substaintí a chuireann cosc ar phróiseas athchúrsála ardcháilíochta, amhail greamacháin, plaistigh ilchodacha nó ábhair charbón‑treisithe; 

    (f)an céatadán de chion athchúrsáilte na n‑ábhar a liostaítear in Airteagail 6 agus 10 a úsáidtear san fheithicil;

    (g)láithreacht agus méid na substaintí dá dtagraítear in Airteagal 5(2). 

    2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an gcaoi a gcuirfear na critéir dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm.

    Airteagal 22
    Sásra um leithdháileadh costas le haghaidh feithiclí a thagann chun bheith ina bhfeithiclí a bhfuil a ré caite i mBallstát eile

    1.I gcás ina dtiocfaidh feithicil chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite i mBallstát seachas an Ballstát ar laistigh dá chríoch a cuireadh an fheithicil ar fáil ar an margadh den chéad uair, déanfaidh táirgeoir na feithicle sin nó, i gcás a ceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, a áirithiú go gcumhdófar glanchostais na n‑oibríochtaí bainistithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 20 arna dtabhú ag oibreoirí bainistithe dramhaíola i mBallstáit eile.

    2.Déanfaidh táirgeoir nó, i gcás a ceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, an méid seo a leanas:

    (a)ionadaí ceaptha a ainmniú trí shainordú i scríbhinn le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora i ngach Ballstát;

    (b)sásraí comhair trasteorann a bhunú i gcomhar leis na hoibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanann na hoibríochtaí bainistithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 20.

    3.An Ballstát inar tháinig an fheithicil chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite, déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh mhíreanna 1 agus 2 ag táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. Beidh an faireachán bunaithe ar an bhfaisnéis arna tuairisciú agus arna fíorú ag táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, ag eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, do na húdaráis inniúla faoi chur chun feidhme mhíreanna 1 agus 2, go háirithe maidir le ríomh agus leithdháileadh na gcostas a bhaineann le feithiclí a bhfuil a ré caite a bhainistiú dá dtagraítear i mír 1, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ábhair imní eile a bhaineann le hiomaíochas.

    4.I gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo agus chun saobhadh an mhargaidh aonair a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán seo trí rialacha mionsonracha a leagan síos maidir leis na hoibleagáidí ar na táirgeoirí, ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus maidir le tréithe na sásraí dá dtagraítear i mír 1.

    ROINN 3
    Feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú

    Airteagal 23
    Feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú

    1.Déanfaidh na táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, córais bhailiúcháin, lena n‑áirítear pointí bailiúcháin, a bhunú, nó beidh siad rannpháirteach ina mbunú, le haghaidh na bhfeithiclí uile a bhfuil a ré caite a bhaineann le catagóirí feithiclí a cuireadh ar fáil ar an margadh den chéad uair i gcríoch Ballstáit.

    Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, córais bhailiúcháin a bhunú le haghaidh na bhfeithiclí uile a bhfuil a ré caite.

    2.Áiritheoidh na táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, go ndéanfar na nithe seo a leanas leis na córais bhailiúcháin dá dtagraítear i mír 1:

    (a)cumhdófar críoch iomlán an Bhallstáit;

    (b)áiritheofar infhaighteacht leordhóthanach na saoráidí cóireála údaraithe, agus méid agus dlús an daonra mar aon leis an líon feithiclí a bhfuil a ré caite a bhfuil coinne leis á gcur san áireamh, gan bheith teoranta do limistéir mar is brabúsaí an bailiú agus an bhainistíocht ina dhiaidh sin;

    (c)áiritheofar go mbaileofar dramhpháirteanna a eascraíonn as deisiúcháin ar fheithiclí;

    (d)cumasófar bailiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite de gach branda, gan beann ar a dtionscnamh;

    (e)cumasófar seachadadh saor in aisce na bhfeithiclí uile a bhfuil a ré caite ar shaoráidí cóireála údaraithe mar a fhoráiltear in Airteagal 24(2).

    3.Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 18, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, feachtais oideachasúla lena gcuirfear an córas bailiúcháin le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite chun cinn agus lena dtabharfar eolas maidir leis na hiarmhairtí ar an gcomhshaol a bhaineann le bailiú agus láimhseáil mhíchuí feithiclí a bhfuil a ré caite.

    4.Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí bainistithe dramhaíola nach saoráidí cóireála údaraithe iad a údarú chun pointí bailiúcháin a bunú le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite.

    Is amhlaidh a bheidh an méid seo a leanas maidir leis an oibreoir bainistithe dramhaíola a oibreoidh an pointe bailiúcháin:

    (a)áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an pointe bailiúcháin na coinníollacha maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a stóráil, a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn VII;

    (b)údaróidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 14 é chun feithiclí a bhfuil a ré caite a bhailiú agus beidh sé cláraithe sa chlár lena mbaineann;

    (c)dearbhóidh sé go n‑aistreofar na feithiclí uile a bhfuil a ré caite arna mbailiú chuig saoráid chóireála údaraithe laistigh de bhliain amháin ó fháil na feithicle a bhfuil a ré caite; agus

    (d)comhlíonfaidh sé na coinníollacha eile uile is infheidhme maidir le stóráil dramhaíola a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

    5.Na hoibreoirí bainistithe dramhaíola, lena n‑áirítear saoráidí cóireála údaraithe, eiseoidh siad doiciméad i bhformáid leictreonach chuig úinéir na feithicle lena ndeimhneofar go bhfuarthas feithicil a bhfuil a ré caite, agus soláthróidh siad d’údaráis ábhartha an Bhallstáit é trí nós imeachta um fhógra leictreonach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 25(2), lena n‑áirítear do na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú faoi Airteagal 14. 

    Airteagal 24
    Feithiclí a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar shaoráidí cóireála údaraithe

    1.Seachadfar na feithiclí uile a bhfuil a ré caite ar shaoráidí cóireála údaraithe lena gcóireáil.

    2.Beidh úinéir deiridh feithicle in ann feithicil a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar saoráid chóireála údaraithe saor in aisce mura rud é go mbeidh aon cheann de pháirteanna nó comhpháirteanna fíor‑riachtanacha na feithicle in easnamh san fheithicil a bhfuil a ré caite, seachas an ceallra feithicle leictrí, nó mura rud é go mbeidh dramhaíl inti a cuireadh leis an bhfeithicil a bhfuil a ré caite.

    Airteagal 25
    Deimhniú scriosta

    1.Eiseoidh saoráidí cóireála údaraithe deimhniú scriosta le haghaidh gach feithicle a bhfuil a ré caite a ndearnadh cóireáil uirthi d’úinéir deiridh na feithicle a bhfuil a ré caite. Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IX sa deimhniú scriosta.

    2.Eiseofar an deimhniú scriosta i bhformáid leictreonach agus soláthrófar trí nós imeachta um fhógra leictreonach é d’údaráis ábhartha an Bhallstáit, lena n‑áirítear do na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú faoi Airteagal 14. 

    3.Maidir le feithicil a bhfuil a ré caite ar eisíodh deimhniú scriosta ina leith i mBallstát, i gcás ina bhfuil sí cláraithe i mBallstát eile, déanfaidh údaráis chlárúcháin feithiclí an Bhallstáit inar eisíodh an deimhniú scriosta údaráis chlárúcháin feithiclí ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe a chur ar an eolas gur eisíodh deimhniú scriosta le haghaidh na feithicle atá i gceist.

    4.Ní chealóidh údaráis ábhartha Ballstáit clárú feithicle a bhfuil a ré caite ach amháin tar éis dóibh an deimhniú scriosta le haghaidh na feithicle sin a fháil.  

    5.Aithneofar deimhnithe scriosta a eiseofar i mBallstát amháin i ngach Ballstát eile. 

    Airteagal 26
    Oibleagáidí ar úinéir na feithicle

    Déanfaidh úinéir feithicle a thiocfaidh chun bheith ina feithicil a bhfuil a ré caite na nithe seo a leanas:

    (a)an fheithicil a bhfuil a ré caite a sheachadadh ar shaoráid chóireála údaraithe nó, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 23(4), ar phointe bailiúcháin, gan moill mhíchuí tar éis faisnéis a fháil go gcomhlíonann an fheithicil aon cheann de na critéir maidir le neamh‑indeisitheacht a leagtar síos i gCuid A, pointí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn I;

    (b)deimhniú scriosta a chur faoi bhráid an údaráis clárúcháin ábhartha.

    ROINN 4
    Cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite

    Airteagal 27
    Oibleagáidí ar shaoráidí cóireála údaraithe

    1.Áiritheoidh saoráidí cóireála údaraithe go nglacfar agus go ndéileálfar le gach feithicil a bhfuil a ré caite in éineacht lena páirteanna, a comhpháirteanna agus a hábhair, chomh maith le dramhpháirteanna a eascraíonn as deisiúcháin ar fheithiclí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach ina gceadanna, agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.Áiritheoidh saoráidí cóireála údaraithe go gcomhlíonfaidh an chóireáil uile a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil a ré caite Airteagail 28, 29, 30, 31, 34 agus 35 agus Iarscríbhinn VII den Rialachán seo ar a laghad, agus go gcuirfear na teicnící is fearr atá ar fáil i bhfeidhm maidir léi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Threoir 2010/75/AE.

    3.Déanfaidh saoráidí cóireála údaraithe na nithe seo a leanas:

    (a)na feithiclí uile a bhfuil a ré caite agus a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑ábhair a stóráil, go sealadach fiú, i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VII;

    (b)na feithiclí uile a bhfuil a ré caite a dhíthruailliú, i gcomhréir le hAirteagal 29 agus leis na híoscheanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VII;

    (c)na páirteanna agus na comhpháirteanna a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII a bhaint ón bhfeithicil a bhfuil a ré caite, roimh an mionghearradh nó dlúthú trí bhíthin díchóimeáil láimhe nó díchóimeáil uathoibrithe nó leath‑uathoibrithe ar bhealach neamhscriosach i gcás comhpháirteanna ag a bhfuil acmhainneacht athúsáide, athmhonaraithe nó athriochtaithe;

    (d)cóireáil a dhéanamh ar na feithiclí uile a bhfuil a ré caite agus a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑ábhair i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus leis na ceanglais ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, agus le hAirteagail 32, 34, 35 agus 36 den Rialachán seo.

    I dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 35 de Threoir 2008/98/CE, stórálfaidh na saoráidí cóireála údaraithe an taifead ar na hoibríochtaí cóireála a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil a ré caite go leictreonach ar feadh 3 bliana, agus beidh siad in ann an fhaisnéis sin a chur i láthair, arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta ábhartha.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn VII a leasú trí na híoscheanglais chóireála le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. 

    5.Spreagfaidh na Ballstáit na saoráidí cóireála údaraithe chun córais bainistithe comhshaoil deimhnithe a thabhairt isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009.

    Airteagal 28
    Ceanglais ghinearálta maidir le mionghearradh

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar aghaidh, iarrfaidh saoráidí cóireála údaraithe agus oibreoirí bainistithe dramhaíola eile go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis na feithiclí a bhfuil a ré caite a sheachadtar orthu lena mionghearradh:

    (a)doiciméadacht lena n‑áirítear an Uimhir Aitheantais Feithicle le haghaidh na feithicle a bhfuil a ré caite lena mbaineann;

    (b)cóip den deimhniú scriosta a eisíodh le haghaidh na feithicle a bhfuil a ré caite lena mbaineann.

    2.Saoráidí cóireála údaraithe agus oibreoirí bainistithe dramhaíola a fhaigheann feithiclí a bhfuil a ré caite nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

    (a)an neamhchomhlíonadh sin a thuairisciú don údarás inniúil;

    (b)gan na feithiclí sin a bhfuil a ré caite a úsáid ina n‑oibríochtaí mionghearrtha mura rud é go n‑údaraíonn an t‑údarás inniúil oibríochtaí den sórt sin.

    3.Oibreoirí bainistithe dramhaíola a dhéanfaidh feithiclí a bhfuil a ré caite a mhionghearradh, ní mheascfaidh siad feithiclí a bhfuil a ré caite, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑ábhair le dramhaíl ó phacáistíocht agus le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach.

    Airteagal 29
    Díthruailliú a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil a ré caite

    1.A luaithe is féidir tar éis feithicil a bhfuil a ré caite a sheachadadh don tsaoráid chóireála údaraithe, déanfaidh an tsaoráid sin na feithiclí sin a dhíthruailliú sula ndéanfar tuilleadh cóireála orthu, i gcomhréir leis na híoscheanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VII.

    2.Déanfar na sreabháin agus na leachtanna a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VII a bhailiú agus a stóráil ar leithligh, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VII. Déanfar dramh‑olaí a bhailiú agus a stóráil ar leithligh ó na sreabháin agus na leachtanna eile agus déanfar cóireáil orthu i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2008/98/CE.

    3.Bainfear na páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ina bhfuil na substaintí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) ó na feithiclí a bhfuil a ré caite agus láimhseálfar i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/98/CE iad.

    4.Bainfear na ceallraí ar leithligh ó fheithiclí a bhfuil a ré caite agus stórálfar i limistéar ainmnithe iad le haghaidh tuilleadh cóireála i gcomhréir le hAirteagal 70(3) de Rialachán (AE) 2023/ [Oifig na bhFoilseachán: an Rialachán maidir le Ceallraí].

    5.Láimhseálfar agus lipéadófar na páirteanna, comhpháirteanna agus amhábhair, a díthruaillíodh, i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19 de Threoir 2008/98/CE.

    6.Déanfaidh an tsaoráid chóireála údaraithe díthruailliú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a dhoiciméadú, tríd an bhfaisnéis a liostaítear i gCuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn VII a thaifeadadh.

    Airteagal 30
       Baint shainordaitheach páirteanna agus comhpháirteanna lena n‑athúsáid agus lena n‑athchúrsáil roimh an mionghearradh

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh saoráidí cóireála údaraithe go mbaintear na páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII ó fheithicil a bhfuil a ré caite roimh an mionghearradh, tar éis thabhairt i gcrích na n‑oibríochtaí díthruaillithe dá dtagraítear in Airteagal 29.

    2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 má léiríonn saoráid chóireála údaraithe go ndeighleann teicneolaíochtaí iar‑mhionghearrthóra ábhair ó pháirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid C, iontrálacha 13 go 19, d’Iarscríbhinn VII, ar bhealach chomh héifeachtúil céanna le próisis díchóimeála de láimh nó próisis díchóimeála leath‑uathoibrithe.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, soláthróidh an tsaoráid chóireála údaraithe an fhaisnéis a liostaítear i gCuid G d’Iarscríbhinn VII.

    3.I dteannta na n‑oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 35 de Threoir 2008/98/CE, coinneoidh na saoráidí cóireála údaraithe taifid de na feithiclí a bhfuil a ré caite a phróiseáiltear gan a bpáirteanna, comhpháirteanna agus ábhair a bhaint roimh ré i gcomhréir le mír 2, lena n‑áirítear ainm agus seoladh na saoráidí cóireála, agus Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite lena mbaineann.

    Soláthróidh na saoráidí cóireála údaraithe an fhaisnéis sna taifid dá dtagraítear sa chéad fhomhír don údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 49(6).

    Airteagal 31
    Ceanglais a bhaineann leis na páirteanna agus na comhpháirteanna arna mbaint

    1.Déanfar na páirteanna agus comhpháirteanna uile a baineadh as feithicil a bhfuil a ré caite a mheasúnú de bhun Airteagal 30(1) chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach le haghaidh:

    (a)athúsáide, i gcomhréir le Cuid D, pointe 1(a), d’Iarscríbhinn VII;

    (b)athmhonaraithe nó athriochtaithe, i gcomhréir le Cuid D, pointe 1(b), d’Iarscríbhinn VII;

    (c)athchúrsála; nó

    (d)oibríochtaí cóireála eile, agus na ceanglais chóireála sonracha i gCuid F d’Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh

    Ní mheasfar gur dramhaíl iad na páirteanna agus comhpháirteanna atá oiriúnach lena n‑athúsáid, lena n‑athmhonarú nó lena n‑athriochtú.

    Déanfar an measúnú trí indéantacht teicniúil na bpróiseas dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sna ceanglais um shábháilteacht feithiclí a thabhairt san áireamh go háirithe.

    Cuirfear doiciméadacht a dheimhníonn an measúnú a rinneadh, arna iarraidh sin, ar fáil do na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n‑áirítear i gcás ina n‑iompraítear páirteanna agus comhpháirteanna chun iad a athúsáid, a athmhonarú nó a athriochtú.

    2.Is amhlaidh a bheidh maidir leis na páirteanna agus comhpháirteanna bainte oiriúnach lena n‑athúsáid, lena n‑athmhonarú nó lena n‑athriochtú:

    (e)beidh siad lipéadaithe i gcomhréir le Cuid D, pointe 2, d’Iarscríbhinn VII;

    (f)beidh barántas ag gabháil leo, má aistrítear na páirteanna agus comhpháirteanna chuig duine eile nó má úsáideann duine eile iad.

    3.Ní athúsáidfear na páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid E d’Iarscríbhinn VII.

    Airteagal 32
    Trádáil na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe

    Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh aon duine a thrádálann páirteanna agus comhpháirteanna spártha úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe, an méid seo a leanas ag an díolphointe:

    (a)a áirithiú go bhfuil páirteanna agus comhpháirteanna lipéadaithe i gcomhréir le Cuid D, pointe 2, d’Iarscríbhinn VII;

    (b)barántas a sholáthar le haghaidh na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe.

    Airteagal 33
    Páirteanna agus comhpháirteanna a athúsáid, a athmhonarú agus a athriochtú

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit dreasachtaí is gá a ghlacadh chun athúsáid, athmhonarú agus athriochtú páirteanna agus comhpháirteanna a chur chun cinn, cé acu ar baineadh iad le linn chéim úsáide nó deireadh ré feithicle.

    Féadfar a áireamh leis na dreasachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír 1:

    (a)ceanglas ar oibreoirí cothabhála agus deisithe chun a thairiscint do chustaiméirí feithicil a dheisiú le páirteanna agus comhpháirteanna spártha úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe, ar choinníoll go bhfoirmlítear ceanglas den sórt sin ar bhealach nach gcuirfear costais nó ualaigh riaracháin ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga;

    (b)úsáid dreasachtaí eacnamaíocha, lena n‑áirítear ráta laghdaithe cháin bhreisluacha a bhunú le haghaidh páirteanna agus comhpháirteanna spártha úsáidte, athmhonaraithe nó athriochtaithe.

    Déanfaidh an Coimisiún malartú faisnéise agus comhroinnt dea‑chleachtas i measc na mBallstát a éascú le dreasachtaí den sórt sin.

    2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar éifeachtacht na ndreasachtaí a thugann Ballstáit.

    Airteagal 34
    Spriocanna athúsáide, athchúrsála agus aisghabhála

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbaineann oibreoirí bainistithe dramhaíola na spriocanna seo a leanas amach:

    (a)beidh athúsáid agus athghabháil, a ríomhfar le chéile, ag 95 % ar a laghad, de réir meánmheáchan in aghaidh na feithicle, gan ceallraí a chur san áireamh, agus in aghaidh na bliana;

    (b)beidh athúsáid agus athchúrsáil, a ríomhtar le chéile, ag 85 % ar a laghad, de réir meánmheáchan in aghaidh na feithicle, gan ceallraí a chur san áireamh, agus in aghaidh na bliana.

    2.Ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbaineann oibreoirí bainistithe dramhaíola sprioc bhliantúil maidir le hathchúrsáil dramhaíola amach mar atá 30 % de mheáchan foriomlán na bplaisteach atá i bhfeithiclí arna seachadadh ar na hoibreoirí bainistíochta dramhaíola ar a laghad.

    Airteagal 35
    Cosc a chur ar dhramhaíl neamhthámh a chur i líonadh talún

    Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní ghlacfar i líonadh talún le codáin ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a mionghearradh, ina bhfuil dramhaíl neamhthámh, nach bpróiseáiltear leis an teicneolaíocht iar‑mhionghearrthóra.

    Airteagal 36
    Loingsithe feithiclí a bhfuil a ré caite

    1.Féadfar tabhairt faoi chóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh loingsiú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

    2.Maidir le loingsithe feithiclí a bhfuil a ré caite ón Aontas chuig tríú tír i gcomhréir le mír 1, ní chomhairfear iad i dtreo comhlíonadh oibleagáidí agus spriocanna a leagtar amach in Airteagal 34 ach amháin má sholáthraíonn onnmhaireoir na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite fianaise dhoiciméadach arna formheas ag an údarás inniúil cinn scríbe, lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha cóireála coibhéiseach den chuid is mó leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus leis na ceanglais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

    CAIBIDIL V
    FEITHICLÍ CAITE AGUS A nONNMHAIRIÚ

    ROINN 1
    Stádas na bhfeithiclí caite

    Airteagal 37
    Idirdhealú idir feithiclí caite agus feithiclí a bhfuil a ré caite

    Chun úinéireacht feithicle caite a aistriú, beidh úinéir na feithicle in ann a léiriú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil spéis aige úinéireacht a fháil ar an bhfeithicil lena mbaineann nó do na húdaráis inniúla nach feithicil a bhfuil a ré caite atá san fheithicil. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar stádas feithicle caite, fíoróidh úinéir na feithicle, oibreoirí eacnamaíocha eile agus údaráis inniúla má chomhlíontar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I chun a chinneadh cé acu an feithicil a bhfuil a ré caite í nó nach ea.

    ROINN 2
    Feithiclí caite a onnmhairiú

    Airteagal 38
    Rialuithe agus ceanglais i dtaca le honnmhairiú feithiclí caite

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], beidh feithiclí caite atá le honnmhairiú faoi réir na rialuithe agus na gceanglas a leagtar síos sa Roinn seo.

    2.Tá an Roinn seo gan dochar d’aon fhoráil eile den Rialachán agus gan dochar d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear earraí a scaoileadh lena n‑onnmhairiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagail 46, 47, 267 agus 269 de.

    3.Ní féidir feithiclí caite a onnmhairiú ach amháin:

    (a)murar feithiclí a bhfuil a ré caite iad ar bhonn na gcritéar a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b)má mheastar iad a bheith ródacmhainneach sa Bhallstát inar cláraíodh na feithiclí go deireanach, i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 8 de Threoir 2014/45/AE.

    4.Soláthrófar nó cuirfear ar fáil d’údaráis chustaim an fhaisnéis seo a leanas faoi gach feithicil atá le honnmhairiú:

    (a)Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) na feithicle caite agus aitheantas an Bhallstáit inar cláraíodh an fheithicil go deireanach;

    (b)ráiteas lena dheimhnítear go gcomhlíonann an fheithicil chaite na ceanglais a leagtar amach i mír.

    5.Chun comhlíonadh na Roinne seo a fhíorú maidir le cead a thabhairt feithicil úsáidte a scaoileadh lena honnmhairiú:

    (a)go dtí go mbeidh an t‑idirnasc dá dtagraítear in Airteagal 45(4) oibríochtúil, malartóidh údaráis chustaim faisnéis agus comhoibreoidh siad le húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 44, agus, i gcás inar gá, cuirfidh siad san áireamh malartú faisnéise agus comhar den sórt sin chun cead a thabhairt feithicil chaite a scaoileadh lena honnmhairiú; 

    (b)nuair a bheidh an t‑idirnasc dá dtagraítear in Airteagal 45(4) oibríochtúil, beidh feidhm ag Airteagail 39, 40(2) agus (3) agus 42(3), agus tarlóidh fógraí agus malartuithe eile faoi Airteagail 41 go 43 trí bhíthin na gcóras leictreonach sin. 

    6.Ní bheidh feithicil úsáidte atá le honnmhairiú:

    (a)curtha faoi nós imeachta custaim bunaithe ar dhearbhú simplithe de bhun Airteagal 166 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (b)faoi réir iontráil i dtaifid an dearbhóra de bhun Airteagal 182 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (c)faoi réir féinmheasúnú de bhun Airteagal 185 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán seo, chun na critéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú, lena gcinntear cé acu an feithicil a bhfuil a ré caite atá i bhfeithicil chaite nó nach ea.

    Airteagal 39
    Fíorú uathoibrithe ar an bhfaisnéis faoi stádas feithicle

    1.Sula scaoilfear feithiclí caite lena n‑onnmhairiú, fíoróidh custaim go leictreonach agus go huathoibríoch trí na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 45, ar bhonn na hUimhreach Aitheantais Feithicle agus na faisnéise faoin mBallstát deiridh inar cláraíodh í, go meastar go bhfuil an fheithicil ródacmhainneach i gcomhréir le hAirteagal 38(3), pointe (b).

    2.I gcás nach gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil do na custaim don fhaisnéis sna cláir náisiúnta feithiclí agus sna córais leictreonacha náisiúnta maidir le ródacmhainneacht de bhun mhír 1, ní scaoilfidh údaráis chustaim an fheithicil sin lena honnmhairiú agus cuirfidh siad an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas faoi sin trí na córais sin.

    Airteagal 40
    Bainistiú riosca agus rialuithe custaim

    1.Chun na forálacha a leagtar síos in Airteagal 38 a fhorfheidhmiú, déanfaidh údaráis chustaim rialuithe ar fheithiclí caite atá le honnmhairiú i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Gan dochar d’Airteagal 39, beidh rialuithe den sórt sin bunaithe ar anailís riosca go príomha, mar a bhunaítear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    2.I dteannta an bhainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, nuair a bheidh an t‑idirnasc dá dtagraítear in Airteagal 45 oibríochtúil, úsáidfidh custaim na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 45(1) chun a chinneadh cé acu an gcomhlíonann feithicil chaite atá le honnmhairiú na coinníollacha sonracha nasctha le cosaint an chomhshaoil nó sábháilteacht ar bhóithre i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo nó nach gcomhlíonann.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha comhlíontachta dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach, lena n‑áirítear coinníollacha sonracha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairiú feithiclí caite ag tríú tír an allmhairithe nasctha le cosaint an chomhshaoil agus sábháilteacht ar bhóithre, i gcás inar thug an tríú tír sin fógra faoi na coinníollacha sin don Choimisiún. Beidh na coinníollacha sin infhíoraithe in aghaidh na faisnéise atá ar fáil sna córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 45(1).

    Airteagal 41
    Fionraí

    1.I gcás ina bhfuil forais réasúnacha le creidiúint nach gcomhlíonann feithicil chaite atá le honnmhairiú na ceanglais sa Roinn seo, cuirfidh na húdaráis chustaim ar fionraí scaoileadh na feithicle caite sin lena honnmhairiú. Ina theannta sin, tabharfaidh siad fógra láithreach do na húdaráis inniúla faoin bhfionraí agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun a chinneadh an gcomhlíonann an fheithicil chaite ceanglais an Rialacháin seo agus an féidir í a scaoileadh lena honnmhairiú.  

    2.Chun a chinneadh an gcomhlíonann feithicil chaite, faoi réir na fionraí dá dtagraítear i mír 1, an Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh, ar aon duine atá bainteach le honnmhairiú na feithicle caite sin, faisnéis bhreise, lena n‑áirítear faisnéis faoi dhíolachán nó aistriú úinéireacht na feithicle, amhail cóip den sonrasc nó den chonradh, agus fianaise dhoiciméadach go bhfuil úsáid bhreise i ndán don fheithicil chaite sin.  

    Airteagal 42
    Scaoileadh le honnmhairiú

    1.I gcás inar cuireadh scaoileadh le honnmhairiú feithicle caite ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 41, scaoilfear an fheithicil chaite sin lena honnmhairiú i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais agus foirmiúlachtaí eile uile a bhaineann le scaoileadh den sórt sin agus i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas: 

    (a)níor iarr na húdaráis inniúla, laistigh de 4 lá oibre ó thús na fionraí, ar na húdaráis chustaim an fhionraí a choinneáil ar bun, nó 

    (b)chuir na húdaráis inniúla na húdaráis chustaim ar an eolas faoina bhformheas ar scaoileadh le honnmhairiú de bhun na Roinne seo.

    2.Ní mheasfar gur cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais ná, go háirithe, an Rialacháin seo ná Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, é an scaoileadh le honnmhairiú. 

    3.Tar éis gach scaoilte le honnmhairiú feithicle caite, tabharfaidh údaráis chustaim fógra faoin scaoileadh le honnmhairiú sin d’údarás inniúil an Bhallstáit ina raibh an fheithicil i gceist cláraithe tráth an onnmhairithe. 

    Airteagal 43
    Diúltú do scaoileadh le honnmhairiú

    1.I gcás ina gcinneann an t‑údarás inniúil nach gcomhlíonann feithicil chaite, ar tugadh fógra faoina fionraí i gcomhréir le hAirteagal 41, an Roinn seo, ceanglóidh siad láithreach ar na húdaráis chustaim gan í a scaoileadh lena honnmhairiú agus fógra a thabhairt dóibh faoi sin. 

    2.Ar thabhairt an fhógra sin ag an údarás inniúil de bhun mhír 1, ní scaoilfidh na húdaráis chustaim an fheithicil chaite lena honnmhairiú.  

    Airteagal 44
    Comhar i measc na n‑údarás agus malartú faisnéise

    1.Cuideoidh Ballstáit le chéile go frithpháirteach chun an Roinn seo a chur chun feidhme trí mhalartú faisnéise ar leibhéal déthaobhach, go háirithe chun stádas feithicle a fhíorú, lena n‑áirítear fíorú a stádais clárúcháin sa Bhallstát ina raibh sí cláraithe roimhe sin.

    2.I gcás inarb iomchuí, rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le húdaráis riaracháin ó thríú tíortha freisin. D’fhéadfaí a áireamh ar chomhar den sórt sin comhroinnt faisnéise ábhartha, iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, agus foirmeacha eile cúnaimh fhrithpháirtigh a mheastar gá a bheith leis chun comhlíonadh dlíthe agus rialachán is infheidhme lena rialaítear onnmhairiú feithiclí caite a áirithiú.

    3.Rachaidh údaráis chustaim agus údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le chéile i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus malartóidh siad an fhaisnéis is gá chun a bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear trí mheán leictreonach. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑oibreoir nó an trádálaí bunaithe.

    4.I gcás ina bhfuair na húdaráis inniúla faisnéis i gcomhréir le míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla ó Bhallstáit eile.

    5.Malartófar faisnéis a bhaineann le riosca mar a leanas:

    (a)idir údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 46(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (b)idir údaráis chustaim agus an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (c)idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla, lena n‑áirítear údaráis inniúla ó Bhallstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.



    Airteagal 45
    Córais leictreonacha

    1.Úsáidfear an córas leictreonach MOVE‑HUB a d’fhorbair an Coimisiún chun Uimhir Aitheantais Feithicle agus faisnéis faoi chlárúchán agus stádas ródacmhainneachta na feithicle a mhalartú idir cláir náisiúnta feithiclí agus córais leictreonacha maidir le ródacmhainneacht na mBallstát, agus chun Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a idirnascadh, i gcás inar gá le haghaidh rialuithe agus ceanglas a leagtar síos sa Roinn seo.

    2.Soláthróidh córas leictreonach MOVE‑HUB, dá dtagraítear i mír 1, na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad:  

    (a)na sonraí a mhalartú i bhfíor‑am leis na cláir náisiúnta feithiclí, córais leictreonacha náisiúnta maidir le ródacmhainneacht na mBallstát , atá idirnasctha leis; 

    (b)seiceáil leictreonach uathoibrithe a chumasú ar na sonraí a sholáthraítear i ndeimhniú ródacmhainneachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/45/AE ón gcéad dáta de chlárúchán feithicle, chomh maith leis an mBallstát inar cláraíodh an fheithicil go deireanach, dá dtagraítear i dTreoir 1999/37/CE, chun a chinneadh an gcomhlíonann feithicil chaite na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 38, Airteagal 39(1) agus Airteagal 40; 

    (c)idirnascadh le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399 chun sonraí a mhalartú agus tacú leis an bpróiseas malartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 39(1) agus 40(2), chomh maith le tacú leis na fógraí dá dtagraítear in Airteagail 41 go 43;

    (d)chun críche comhair le tríú tíortha faoi Airteagal 44(2), malartú leictreonach faisnéise a chumasú leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha a thug fógra don Choimisiún de bhun Airteagal 40(2) faoi na coinníollacha sonracha maidir le honnmhairiú feithiclí caite a chuireann siad i bhfeidhm.

    3.Déanfaidh na Ballstáit a gcláir náisiúnta feithiclí agus a gcórais leictreonacha náisiúnta maidir le ródacmhainneacht a idirnascadh le córas leictreonach MOVE‑HUB dá dtagraítear i mír 1. Beidh an t‑idirnasc sin oibríochtúil laistigh de 2 bhliain tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

    4.Déanfaidh an Coimisiún córas MOVE‑HUB dá dtagraítear i mír 1 a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bunaíodh in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2399, ionas gur féidir na rialuithe uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 39 agus 40(2) agus na fógraí dá dtagraítear in Airteagail 41, 42 agus 43 a dhéanamh. Beidh an t‑idirnasc sin oibríochtúil laistigh de 4 bliana tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5. 

    5.Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe is gá chun feidhmiúlachtaí MOVE‑HUB dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na gnéithe teicniúla is gá chun córais leictreonacha náisiúnta MOVE‑HUB, na coinníollacha nasctha le MOVE‑HUB, na sonraí atá le tarchur ag na córais náisiúnta agus an fhormáid chun na sonraí sin a tharchur trí na córais náisiúnta idirnasctha.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).  

    CAIBIDIL VI
    FORFHEIDHMIÚ

    Airteagal 46 
    Iniúchtaí

    1.Déanfaidh na Ballstáit, chun an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, iniúchadh ar an méid seo a leanas:

    (a)saoráidí cóireála údaraithe;

    (b)oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála;

    (c)saoráidí agus oibreoirí eacnamaíocha eile, a d’fhéadfadh feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil.

    2.Cumhdófar leis na hiniúchtaí 10 % ar a laghad de na hoibreoirí a liostaítear i mír 1, pointí (a) agus (c), i ngach bliain féilire.

    3.Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit iniúchtaí a bhaineann le honnmhairiú feithiclí caite chun comhlíonadh Airteagal 38 a fhíorú.

    Airteagal 47 
    Comharsan fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta agus idir Ballstáit

    1.Bunóidh na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis na húdaráis inniúla ábhartha uile atá bainteach le forfheidhmiú an Rialacháin seo, sásraí éifeachtacha chun na húdaráis sin a chumasú comhar agus comhordú a dhéanamh go hintíre maidir le forbairt agus cur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí forfheidhmithe a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chlárú, díchlárú, fionraí agus cealú cláraithe feithiclí chomh maith le cóireáil neamhdhleathach feithiclí a bhfuil a ré caite a chosc.

    2.Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, chun cosc agus brath cóireála neamhdhleathacha feithiclí a bhfuil a ré caite a éascú. Déanfaidh siad faisnéis ábhartha maidir le clárú, díchlárú agus fionraí agus cealú cláraithe feithiclí a mhalartú, tríd an gcóras leictreonach malartaithe dá dtagraítear in Airteagal 45. Ina theannta sin, déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú maidir le saoráidí cóireála údaraithe agus oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála nach gceadaítear mar shaoráidí cóireála údaraithe, agus saoráidí eile agus oibreoirí eacnamaíocha, a d’fhéadfadh oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite. Roinnfidh siad taithí agus eolas maidir le bearta forfheidhmithe laistigh de struchtúir bhunaithe.

    Áireofar ar an malartú sonraí cláraithe feithicle rochtain ar shonraí ar fheidhmíocht, agus cineál agus torthaí na seiceálacha a rinneadh agus iad a mhalartú le húdaráis inniúla na mBallstát eile chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.

    3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi cé acu dá mbaill bhuana foirne atá freagrach as an gcomhar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 44.

    Airteagal 48 
    Pionóis

    Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 15(1), Airteagal 16, Airteagal 19(1), Airteagal 22(1) agus (2), Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1) agus (2), Airteagail 26 go 32, agus Airteagail 34, 35, 37 agus 38 den Rialachán seo a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    Airteagal 49
    Tuairisciú don Choimisiún

    1.Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí i bhfoirm chomhiomlánaithe le haghaidh gach bliana féilire agus san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 5, na sonraí seo a leanas, a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí a fhaightear ó tháirgeoirí, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola:

    (a)an líon feithiclí cláraithe sa Bhallstát;

    (b)an líon feithiclí a cuireadh ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch an Bhallstáit;

    (c)líon agus meáchan na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a bailíodh agus a díthruaillíodh sa Bhallstát;

    (d)líon agus meáchan na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a athchúrsáladh i gcríoch an Bhallstáit;

    (e)líon agus meáchan na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a onnmhairíodh nó a loingsíodh le haghaidh tuilleadh cóireála chuig Ballstát eile nó tríú tír;

    (f)an líon deimhnithe scriosta a eisíodh;

    (g)méid agus meáchan foriomlán na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na nábhar a bhaintear as feithiclí a bhfuil a ré caite chun críche;

    (i)athúsáide;

    (ii)athmhonaraithe nó athriochtaithe;

    (iii)athchúrsála;

    (iv)athshlánaithe, lena n‑áirítear athshlánú fuinnimh;

    (v)diúscartha;

    (h)méid agus meáchan feithiclí a bhfuil a ré caite a cóireáladh ar bhealach difriúil ná mar a thugtar le fios i bpointe (d);

    (i)méid agus meáchan na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a úsáideadh le haghaidh aislíonta;

    (j)rátaí na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 34 a bhain na hoibreoirí bainistithe dramhaíola uile amach atá gníomhach sa Bhallstát;

    (k)úsáid na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 30(2), agus an chaoi a ndearna an Ballstát tuairiscithe faireachán air;

    (l) sonraí maidir le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, lena n‑áirítear ainmneacha na ndaoine dlítheanacha dá ndéanann siad ionadaíocht;

    (m)sonraí maidir le cur chun feidhme Airteagal 21.

    Cuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí laistigh de 18 mí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe dá bailíodh iad. Beidh na sonraí inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, agus urramóidh siad caighdeáin oscailte le haghaidh na úsáide ag tríú páirtithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a chuirfear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil.

    Is é a bheidh sa chéad tréimhse tuairiscithe an chéad bhliain féilire tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

    2.Beidh tuarascáil seiceála cáilíochta ag gabháil leis na sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit a chur ar fáil i gcomhréir le mír 1. Déanfar an fhaisnéis sin a chur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 5.

    3.Tarraingeoidh na Ballstáit tuarascáil suas gach 5 bliana ina dtugtar achoimre ar an méid seo a leanas:

    (n)dreasachtaí a tugadh isteach chun athúsáid, athmhonarú agus athriochtú na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 33;

    (a)cur i bhfeidhm pionós agus smachtbhannaí eile a bheartaítear ina ndlí náisiúnta as sáruithe ar an Rialachán seo arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 48, lena n‑áirítear liosta de chineál sáruithe ar tugadh fógra fúthu agus cineálacha na mbeart a glacadh;

    (b)torthaí na niniúchtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 46;

    (c)an bealach a cuireadh i bhfeidhm na sainmhínithe ar ‘feithicil a bhfuil a ré caite’ agus ‘feithicil chaite’, lena n‑áirítear deacrachtaí praiticiúla ar thángthas orthu sa chomhthéacs sin.

    Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 5 bliana a chumhdaítear léi. Soláthrófar an chéad tuarascáil don Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na tuarascálacha a chuirfidh na Ballstáit faoina mbráid agus, más iomchuí, tarraingeoidh sé tuarascálacha suas ar an bhfaisnéis a fuarthas chun malartú faisnéise ar dhea‑chleachtais a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit a éascú.

    4.Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, baileoidh agus athbhreithneoidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos na nithe a leanas:

    (a)an mhodheolaíocht agus na rialacha maidir le sonraí a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú i gcomhréir le mír 1, lena n‑áirítear:

    (i)an mhodheolaíocht chun méid agus meáchan na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na nábhar a bhaintear chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, pointí (g), (h) agus (i) a chinneadh;

    (ii)an mhodheolaíocht chun meáchan na dramhaíola athchúrsáilte a chinneadh, lena n‑áirítear cinneadh na bpointí ríofa agus na bpointí tomhais, agus, más gá, féidearthachtaí a bhaineann le meánrátaí caillteanais a chur i bhfeidhm;

    (iii)an mhodheolaíocht chun baint amach na spriocanna athúsáide, athchúrsála agus aisghabhála dá dtagraítear in Airteagal 34 a ríomh agus a fhíorú.

    (b)an fhormáid le haghaidh an tuairiscithe don Choimisiún dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis an bhformáid le haghaidh na tuarascála seiceála cáilíochta.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

    6.Soláthróidh táirgeoirí, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, oibreoirí bainistithe dramhaíola agus oibreoirí eacnamaíocha ábhartha eile sonraí cruinne agus iontaofa do na húdaráis inniúla lenar féidir leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí tuairiscithe faoin Airteagal seo a chomhlíonadh.

    CAIBIDIL VII
    CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE, AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

    Airteagal 50
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.An chumhacht a thabharfar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagail 5(4), 6(3), 6(4), 7(3), 9(7), 11(3), 12(3), 21(2), 22(4), 27(4), 38(7) agus 40(3) tabharfar dó í ar feadh tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5(4), 6(3), 6(4), 7(3), 9(7), 11(3), 12(3), 21(2), 22(4), 27(4), 38(7) agus 40(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(4), 6(3), 6(4), 7(3), 9(7), 11(3), 12(3), 21(2), 22(4), 27(4), 38(7) agus 40(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 51
    Nós imeachta coiste

    1.Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL VIII  
    LEASUITHE

    Airteagal 53
    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1020

    I Rialachán (AE) 2019/1020, Iarscríbhinn II, scriostar pointí 10 agus 11.

    Airteagal 54
    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/858

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo.



    CAIBIDIL IX
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 55
    Athbhreithniú

    1.Faoin 31 Nollaig 203* [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den bhliain i ndiaidh 95 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuarascáil a tharraingt suas ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a thionchar ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

    2.Agus an cur dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil a baineadh amach sna Ballstáit chomh maith le hathbhreithniú ar bith ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún, ina thuarascáil, meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:

    (a)an gá le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú, go háirithe forálacha Chaibidlí II agus III, chomh maith le Caibidil IV Roinn II, chun feithiclí chatagóirí L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e a shainmhínítear in Airteagal 4(2), pointí (c) go (g), de Rialachán (AE) 168/2013 agus feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3 agus O a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a chumhdach;

    (b)na bearta a bhaineann le soláthar faisnéise faoi shubstaintí ar údar imní iad i láthair i bhfeithiclí agus an gá le forálacha breise a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar shubstaintí ar údar imní iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athchúrsáil ardcháilíochta feithiclí ag deireadh a ré;

    (c)na bearta maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite a leagtar síos i gCaibidil IV, lena n‑áirítear na leibhéil spriocanna a leagtar síos in Airteagal 34 agus an gá lena n‑athbhreithniú;

    (d)sáruithe agus éifeachtacht, comhréireacht agus athchomhairleacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 48;

    (e)an gá le hAirteagal 5 den Rialachán seo a leasú.

    Airteagal 56
    Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

    1.Aisghairtear Treoir 2000/53/CE le héifeacht ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].    

    Mar sin féin, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag forálacha Threoir 2000/53/CE:

    (a)Airteagal 4(2) go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lá dheireanaigh den mhí i ndiaidh 71 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

    (b)Airteagal 5(4), an dara fomhír, Airteagal 6(3), an dara fomhír, Airteagal 7(1), Airteagal 8(3) agus (4), go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

    (c)Airteagal 7(2) pointe (b), go dtí an 31 Nollaig 20** [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an bhliain = an lá deireanach den bhliain i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

    (d)Airteagal 9, míreanna (1a) fomhíreanna 1 agus 3, (1b) agus (1d) go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

    (e)Airteagal 9(1a), fomhír a dó, go dtí an [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 59 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

    2.Aisghairtear Treoir 2005/64/CE le héifeacht ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 71 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Mar sin féin, déantar Airteagal 6(3) di a aisghairm, le héifeacht ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an lá deireanach den mhí i ndiaidh 35 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    3.Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá in Iarscríbhinn XI.

    Airteagal 57 
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 54 ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 72 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE.

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    Réimsí beartais:    03 An Margadh Aonair

           09 An Comhshaol

    Gníomhaíochtaí:    09 02 02 An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) - An geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

           03 02 01 01 – Oibríocht agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 71  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais trí na tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol atá nasctha le dearadh, táirgeadh, ré feidhme agus cóireáil deireadh ré na bhfeithiclí agus rannchuidiú le hinbhuanaitheacht na n‑earnálacha mótarfheithiclí agus athchúrsála.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Dearadh agus táirgeadh

    - Baint, athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil ábhar, páirteanna agus comhpháirteanna atá i bhfeithiclí a éascú agus a mhéadú.

    - Úsáid ábhar athchúrsáilte a mhéadú i dtáirgeadh feithiclí, agus dá réir sin athchúrsáil a dhreasú, spleáchais straitéiseacha ar amhábhair a laghdú agus tacú le dícharbónú na hearnála mótarfheithiclí.

    - Ciorclaíocht a mhéadú le haghaidh leoraithe, busanna, leantóirí agus feithiclí de chatagóirí L áirithe nach dtagann faoi raon feidhme reachtaíochta maidir le FRC agus cineálcheadú 3R faoi láthair.

    Cóireáil deireadh ré

    - Feabhas a chur ar chóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite trí chainníocht agus cáilíocht na n‑ábhar athúsáidte, athmhonaraithe agus athchúrsáilte a mhéadú, agus dá réir sin ag laghdú an lorg comhshaoil nasctha leis an gcéim deireadh ré.

    - Bailiúchán FRCanna san Aontas a mhéadú agus a áirithiú go mbeidh feithiclí athláimhe a onnmhairítear ón Aontas ródacmhainneach, ionas go laghdófar an líon ‘feithiclí ar iarraidh’ agus go laghdaítear a lorg comhshaoil.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    - Ailíniú níos fearr an táirgthe in aghaidh céimeanna dramhaíola feithiclí

    - Athchúrsáil a dhreasú, spleáchais straitéiseacha ar amhábhair agus fuinneamh a laghdú

    - Tacú le dícharbónú na hearnála mótarfheithiclí.

    - An lorg comhshaoil atá nasctha le hathchúrsáil feithiclí a laghdú.

    - Lorg comhshaoil seachtrach an Aontais agus rioscaí um shábháilteacht ar bhóithre bainteach le honnmhairiú feithiclí caite nach bhfuil ródacmhainneach a laghdú.

    - Ciorclaíocht a mhéadú agus cóireáil cheart feithiclí nach bhfuil sa raon feidhme faoi láthair a áirithiú.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    - In‑athchúrsáilteacht agus ath‑inúsáidteacht feabhsaithe feithiclí

    - Faisnéis díchóimeála níos cuíchóirithe le haghaidh oibreoirí cóireála

    - Costais deisithe níos ísle ó pháirteanna spártha athláimhe

    - Bailiúchán feabhsaithe feithiclí, onnmhairithe laghdaithe d’fheithiclí caite agus feithiclí a bhfuil a ré caite ar cháilíocht íseal

    - Líon feithiclí laghdaithe a gcaitear leo go neamhdhleathach agus go neamhfhoirmiúil

    - Líon méadaithe páirteanna agus comhpháirteanna athúsáidte agus athchúrsáilte

    - Méideanna méadaithe ábhar athchúrsáilte, arna n‑athchúrsáil ar cháilíocht níos airde agus níos criticiúla agus ábhair straitéiseacha arna n‑athchúrsáil ag laghdú spleáchas,

    - Spleáchas fuinnimh laghdaithe ar tháirgeadh miotail agus plaisteach

    - Líon níos lú líonadh talún

    - Leibhéil ghlactha níos airde d’ábhar athchúrsáilte le haghaidh plaisteach agus ábhair eile b’fhéidir i bhfeithiclí nua

    - Coigiltis shuntasacha gás ceaptha teasa ó éifeachtúlacht acmhainne feabhsaithe

    - Truailliú aeir agus tionóiscí bóthair laghdaithe i dtíortha allmhairiúcháin ó fheithiclí de cháilíocht níos airde agus ródacmhainneach

    - Costais deisithe níos ísle d’úinéirí feithicle

    - Ioncaim mhéadaithe ó bhailiú agus cóireáil fheabhsaithe

    - Margaí feabhsaithe le haghaidh amhábhair thánaisteacha, go háirithe plaistigh

    - Truailliú aeir laghdaithe ó athchúrsáil mhéadaithe ar phlaistigh

    - Méadú suntasach ar fhostaíocht.

    - Seachtrachtaí comhshaoil laghdaithe ar dhramhaíl a ndéantar drochbhainistíocht uirthi

    - Tuilleadh ioncaim dlisteanach agus ioncam mhéadaithe ó cháin

    - Athúsáid agus athchúrsáil feabhsaithe feithiclí atá taobh amuigh den raon feidhme faoi láthair

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Bheadh gá na ceanglais mhionsonraithe a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe i dtréimhse ama idir 1–8 mbliana. Eascróidh sraith gníomhaíochtaí i dtéarmaí sainorduithe, cinntí tarmligthe nó cinntí cur chun feidhme agus tuarascálacha measúnaithe tionchair ón rialachán seo atá beartaithe.

    Cumhdóidh na gníomhaíochtaí sainmhíniú comhsheasmhach agus fíorú feabhsaithe le ceanglais faisnéise athchúrsáilte, ath‑inúsáidteachta, inbhainteachta agus ciorclaíochta, dearbhuithe ábhair athchúrsáilte. Maidir le bailiúchán agus cóireáil, is gá tuilleadh sonraíochta a bhunú le haghaidh forálacha éagsúla i gcomhair bailiúcháin agus cóireála, lena n‑áirítear rialacha ríofa le haghaidh spriocanna athúsáidte agus athchúrsála agus malartú leictreonach faisnéise idir Ballstáit chun cláir idir‑inoibritheacha agus rialuithe custaim cuíchóirithe a chumasú. Baineann eilimintí comhchuibhithe breise le critéir aonfhoirmeacha a bhunú le haghaidh modhnú táille EPR agus EPR trasteorann.

    Tuilleadh sonraí (amlíne chun tasc a chur i gcrích i míonna tar éis theacht i bhfeidhm):

    - Modheolaíochtaí a fheabhsú chun rátaí 3R a chinneadh (36 mhí),

    - Measúnú riosca feabhsaithe ar na díolúintí substainte guaiseacha atá fágtha le tacaíocht ó ECHA (24 mhí), aistriú díolúintí srianta substainte a bhaineann le ceallraí leis an Rialachán maidir le Ceallraí, athbhreithniú ginearálta agus ailíniú le REACH/ ‘Rialachán Omnibus’ (96 mhí)

    - Ríomh agus fíorú rialacha maidir le hábhar athchúrsáilte plaisteach (24 mhí), staidéar indéantachta chun spriocanna ábhar athchúrsáilte a leagan amach le haghaidh cruach (36 mhí) agus ábhair eile (36 mhí), formáidí dearbhaithe le haghaidh ábhair eile lena n‑áirítear Amhábhair Chriticiúla (60 mí)

    - Sonraíocht maidir le ceanglais inbhainteachta le haghaidh ceallraí EV agus mótair r‑thiomána, agus faisnéis ghinearálta bhainte le haghaidh comhpháirteanna ábhartha eile, lena n‑áirítear leasú ar chóireáil roghnaitheach Iarscríbhinn VII, (36 mhí), nuashonrú ar cheanglais faisnéise (72 mhí).

    - Sonraíocht na gceanglas straitéise ciorclaíochta agus tuairiscithe comhchuibhithe (36 mhí)

    - Ceanglais lipéadaithe páirteanna plaisteacha (tugtha cothrom le dáta ag 72 mhí), ceallraí EV agus mótair r‑thiomána, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin maidir le Ceallraí agus Gníomh CRM (36 mhí),

    - Oibleagáidí tuairiscithe a leasú le haghaidh onnmhairiúcháin agus rialacha ríofa maidir le feidhmíocht chóireála (24 mhí)

    - An tuairisciú atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus a fhormáidí maidir le feidhmíocht chóireála atá bunaithe faoi láthair ar Chinneadh 2005/293 ón gCoimisiún (forghníomhaithe ag ESTAT), go háirithe maidir le ceallraí agus mótair r‑thiomána bainte (36 mhí).

    - Na formáidí cineálcheadaithe agus an fillteán faisnéise a bheidh le soláthar d’údaráis chineálcheadaithe a thabhairt cothrom le dáta (idir 24 agus 48 mí ag úsáid cumhachtú atá ann cheana).

    - Critéir do Phas Ciorclaíochta Feithicle a Fhorbairt (84 mí).

    - Táille EPR comhchuibhithe (60 mí) agus critéir chomhair EPR trasteorann (36 mhí).

    - Critéir maidir le honnmhairiú feithiclí caite, ceanglas ródacmhainneachta agus idir‑inoibritheacht faisnéis clárúcháin feithicle (48 mí)

    - Forbairt TF ar chóras ‘Ionad Ilfhreastail’ agus tacaíocht AS TAXUD do tharchur faisnéise d’údaráis chustaim faoi MOVEHUB (84 mhí) - Meastóireacht ar fheidhmiú an mhargaidh do pháirteanna spártha (96 mhí, clásal athbhreithniúcháin)

    - Cur chuige de réir a chéile le haghaidh síneadh raon feidhme chatagóir na feithicle agus ullmhú lena athbhreithniú (96 mhí)

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante):

    Is gá Treoir FRC atá i bhfeidhm faoi láthair a glacadh níos mó ná 20 bliain ó shin a nuachóiriú lena áirithiú go bhfuil dreasacht ag monaróirí, allmhaireoirí agus oibreoirí eacnamaíocha maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus go bhfuil siad in ann rannchuidiú leis an bPlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach.

    Léirigh na meastóireachtaí ar na Treoracha sin go raibh feabhsuithe móra de dhíth chun borradh a chur faoi haistriú an tionscail gluaisteán chuig geilleagar ciorclach, agus laghdú a dhéanamh dá réir sin ar an lorg comhshaoil a bhaineann le táirgeadh feithiclí, agus lena gcóireáil deireadh ré agus neartú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an tionscail gluaisteán agus athchúrsála san Eoraip.

    Mar gheall go bhfuil claochlú ollmhar ar siúl san earnáil mótarfheithiclí leis an aistriú go feithiclí leictreacha, ciallaíonn sé sin go n‑aistreoidh an sciar is mó de lorg comhshaoil feithiclí ón gcéim úsáide chuig na céimeanna táirgthe agus athchúrsála, agus go mbeidh gá le soláthairtí tábhachtacha amhábhar criticiúil (CRManna).

    An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post):

    Laghdaítear leis an ngníomh seo leochaileacht shlabhraí soláthair thionscail an Aontais, go háirithe i gcás amhábhair chriticiúla atá fíor‑riachtanach do neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. An tráth céanna, trí cháilíocht na saoráidí bailiúcháin agus cóireála a fheabhsú éascaítear glacadh feabhsaithe le hábhair athchúrsáilte ag tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi suas le 14 mhilliún tona de CO2 coibhéiseach in aghaidh na bliana in 2040.

    Is é an breisluach a bhaineann le cur chuige AE i bhfoirm Rialachán aonair is ea go n‑áirithíonn sé comhsheasmhacht sa cheanglas a leagtar amach ag dearadh agus táirgeacht feithiclí faoi scáth cineálcheadaithe leis na ceanglais ag céimeanna bailiúcháin agus dramhaíola. Tá gá le sioncrónú feabhsaithe chun coinneáil cháilíocht eacnamaíoch agus comhshaoil páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair ó athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil a áirithiú.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Leanann an Rialachán seo an sampla atá sa Rialachán maidir le Ceallraí a chuireann creat cuimsitheach ar fáil chun ciorclaíocht ceallraí a fheabhsú. Tá roinnt forálacha ag comhlánú ceanglais inbhuanaitheachta le haghaidh ceallraí EV ag foirmiú na foroinne is mó amach anseo faoin Rialachán maidir le Ceallraí. Sonraítear a thuilleadh sa reachtaíocht dramhaíola earnála seo, le bheith leabaithe go hiomlán sa chreat cineálcheadaithe, na ceanglais mhionsonraithe le haghaidh dearadh, táirgeadh agus aisghabháil fheabhsaithe ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha mar a tugadh aghaidh orthu le déanaí i ngníomh CRM a glacadh le déanaí, go suntasach le haghaidh ábhair bhuanmhaighnéid i mótair r‑thiomána le haghaidh feithiclí.

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Tá an Coimisiún Eorpach ag beartú mórphlean téarnaimh bunaithe ar bhuiséad fadtéarmach atreisithe le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus le haghaidh ionstraim nua téarnaimh, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Comhaontú Glas don Eoraip mar bhunús ag straitéis téarnaimh an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis sin an cuspóir maidir le hiompar níos glaine agus lóistíocht, lena n‑áirítear leictrea‑shoghluaisteacht, atá ar cheann de na príomhrudaí a spreagann an fás easpónantúil san éileamh ar cheallraí, mótair r‑thiomána agus iliomad CRManna eile agus amhábhair straitéiseacha, lena n‑áirítear a bhfuinneamh táirgthe leabaithe.

    Tacaíonn an Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus Next Generation EU le cuspóirí an rialacháin seo, agus cuireann siad béim shuntasach ar chistiú agus infheistíochtaí chun tacú le haistriú gheilleagar an Aontais chuig samhlacha aeráidneodracha agus samhlacha ciorclacha. Áirítear air sin infheistíochtaí chun bainistiú dramhaíola a nuachóiriú, chun an cumas a mhéadú maidir le hathchúrsáil sruthanna dramhaíola sonracha agus chun athchúrsáil agus nuálaíocht ar ardcháilíocht a chur chun cinn.

    Tá coincheap an gheilleagair chiorclaigh leabaithe i maitrís chlár Fhís Eorpach maidir le taighde, eadhon a chomhpháirtíocht maidir le ciorclaíocht agus is coincheap é atá ar cheann de cholúin de chuid an Chláir don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE) 2021–2027. Beidh siad sin fíor‑riachtanach chun iomaíochas inbhuanaithe na hEorpa a áirithiú sa réimse seo chomh maith le dlús a chur lena gheilleagar, a fhás agus a fholláine. Táthar ag súil go leanfaidh an tAontas Eorpach ag cur an taighde maidir leis sin chun cinn agus i réimsí gaolmhara sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Maidir le cuíchóiriú agus feabhsú comhsheasmhachta i measúnú srianta substaintí, ba é saineolas ECHA (measúnuithe riosca ar shubstaintí) agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (modheolaíochtaí agus nósanna imeachta a fhorbairt) ar an gceann is iomchuí lena áirithiú go gcuirfear an cur chuige beartaithe chun feidhme go comhsheasmhach i ndáil le comhaid bhainteacha amhail EPSR, Ceallraí agus gníomh CRM ag gairm ar a saineolas.

    A mhéid a bhaineann le JRC, d’fhéadfadh obair forbairt ar thaighde JRC roimhe sin maidir le measúnú tionchar spriocanna ábhair athchúrsáilte agus fíorú rialacha maidir le rátaí ceallraí agus gníomhaíochtaí leanúnacha de chuid JRC le haghaidh ESPR chomh maith le gníomhaíochtaí JRC le haghaidh na hArd‑Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW) maidir le bearta beartais amach anseo do CRManna (EUR 0.837 M). Déanfaidh JRC breithniú ar an gcaoi is fearr le sineirge a bhaint amach agus tacú le hobair i gcomhar le ENV agus GROW.

    Chun an córas TF agus malartuithe sonraí a fhorbairt le haghaidh rialuithe custaim, tá na ceanglais foirne agus acmhainne in AS TAXUD agus AS MOVE bainteach le digiteáil MOVEHUB ar fhaisnéis clárúcháin feithicle agus léiríonn siad an uaillmhian chun onnmhairiú feithiclí nach bhfuil ródacmhainneach ar cháilíocht íseal a onnmhairiú chuig tríú tíortha le dul i ngleic le fadhb mharthanach a bhaineann le suíomh anaithnid feithiclí. Go fadtréimhseach, tacaíonn an fhorbairt TF seo le digiteáil bhreise faisnéise clárúcháin feithicle arna breith maidir le hathbhreithniú leanúnach Treoracha AS MOVE maidir leis an ábhar a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh níos déanaí in 2023.

    Don straitéis chiorclaíochta, critéir don Phas Ciorclaíochta Feithicle chomh maith le ceanglais a bhaineann le EPR, is le conraitheoirí seachtracha is fearr an tacaíocht theicniúil is gá a sholáthar (EUR 0.500 M ag AS GROW). Tá an méid céanna i gceist le haghaidh staidéir thacaíochta do cheanglais chóireála, feidhmiú na margaí le haghaidh páirteanna spártha), ullmhúchán chun díolúintí ar shrianta substainte a athbhreithniú (EUR 0.075 M) agus an cur chuige céimnithe tuartha maidir le síneadh leis an raon feidhme (EUR 0.575 M ag AS ENV le haghaidh 2024-2027)

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

     tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2025 go 2028,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é agus cur chun feidhme iomlán timpeall 2032.

    1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 72  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

    comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    Bainistíocht dhíreach ag AS ENV, AS GROW, AS MOVE, AS TAXUD agus socruithe riaracháin le JRC.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    Baineann soláthar, socrú riaracháin le JRC, agus an tionchar ar COM HR leis an tionscnamh.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    N.A.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    N.A.

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    N.A.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    N.A.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas  
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN 73

    ó thíortha de chuid CSTE 74

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 75

    ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    1

    03.02.01.01 Oibríocht agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí

    LD

    IS EA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    3

    09.02.02 – An geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

    LD

    IS EA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    7

    20.02.01.01 Baill foirne ar conradh

    LN

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    7

    20.02.01.03 Státseirbhísigh náisiúnta atá sannta go sealadach don institiúid

    LN

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    NÍ hEA

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    An cineál 
    caiteachas

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

    ó thríú tíortha eile

    ioncam sannta eile

    N.A.

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    1

    An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

    Ard‑Stiúrthóireacht: GROW

    03.02.01.01

    2024 
    N1

    2025 
    N

    2026 
    N+1

    2027 
    N+2

    IOMLÁN

    2024-2027

    Caiteachas oibríochtúil, staidéir tacaíochta

    Gealltanais

    (1a)

    -

    0.250

    -

    0.250

    0.500

    Íocaíochtaí

    (2a)

    -

    0.250

    -

    0.250

    0.500

    IOMLÁN na leithreasuithe 
    do AS GROW

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    -

    0.250

    -

    0.250

    0.500

    Íocaíochtaí

    =2a+2b+3

    -

    0.250

    -

    0.250

    0.500

    Mheas AS GROW go n‑éilítear i bhforbairt na modheolaíochta nuashonraithe le haghaidh na rátaí 3R, na critéir inbhainteachta le haghaidh ceallraí agus mótair r‑thiomána agus malartú faisnéise leictreonach don Phas Ciorclaíochta Feithicle faoi seach (EUR 0.250, 0.250 M).

    Beidh acmhainní breise ag teastáil le linn na tréimhse idir 2028-2033 chun leanúint den obair tar éis dheireadh CAI in 2027: maidir le AS GROW, tá méid foriomlán sceidealaithe don tréimhse ó 2028 go dtí cur chun feidhme foriomlán timpeall 2032 de EUR 0.150 M le haghaidh staidéir theicniúla.

    Bheadh an méid a tuairiscíodh thuas de dhíth freisin chun an sciar ábhartha de na socruithe riaracháin a mhaoiniú, le plé idir AS ENV/AS GROW agus JRC agus chun staidéir agus sonraí a bhaineann le forálacha AS GROW a sholáthar (modheolaíocht nuashonraithe le haghaidh rátaí 3R, critéir inbhainteachta le haghaidh ceallraí agus mótair r‑thiomána agus an malartú faisnéise leictreonach don Phas Ciorclaíochta Feithicle). Thabharfaí sineirgí suntasacha san áireamh leis an tacaíocht beartais leanúnach ó JRC le haghaidh Ghníomh CRM.



    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    3

    Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

    Ard‑Stiúrthóireacht: An Comhshaol

    09.02.02

    2024 
    N1

    2025 
    N

    2026 
    N+1

    2027 
    N+2

    IOMLÁN

    2024-2027

    Costais Oibríochtúla AS ENV, staidéir thacaíochta

    Gealltanais

    (1a)

    0.025

    0.200

    0.050

    0.300

    0.575

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.025

    0.200

    0.050

    0.300

    0.575

    Comhthoscaireacht chuig AS TAXUD, forbairt Custam Ionad Ilfhreastail

    Gealltanais

    (1b)

    -

    0.030

    0.260

    0.260

    0.550

    Íocaíochtaí

    (2b)

    -

    0.030

    0.260

    0.260

    0.550

    Comhthoscaireacht chuig AS MOVE, tacaíocht TF

    Gealltanais

    (1a)

    0.225

    0.080

    0.080

    0.080

    0.465

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.225

    0.080

    0.080

    0.080

    0.465

    Comhaontú Riaracháin le JRC

    Gealltanais

    (1a)

    -

    0.209

    0.293

    0.335

    0.837

    Íocaíochtaí

    (2a)

    -

    0.209

    0.293

    0.335

    0.837

    IOMLÁN leithreasuithe 
    do AS an Chomhshaoil

    Gealltanais

    =1a+1b+3

    0.250

    0.519

    0.683

    0.975

    2.427

    Íocaíochtaí

    =2a+2b+3

    0.250

    0.519

    0.683

    0.975

    2.427

    Mheas AS ENV an gá le staidéir thacaíochta theicniúla (ó 2024 go dtí 2031) le haghaidh ábhar athchúrsáilte plaisteach agus ionchais athchúrsála ceimiceacha (EUR 0.100 M), an staidéar chun spriocleibhéil ábhair athchúrsáilte cruach a chinneadh (EUR 0.100 M), an staidéar indéantachta níos leithne do CRManna, ábhar alúmanaim agus maignéisiaim athchúrsáilte (EUR 0.100 M in 2027), critéir le haghaidh modhnú táille EPR (EUR 0.050 M), ceanglais cháilíochta le haghaidh teicneolaíochtaí PST (EUR 0.050 M), sásra comhair EPR trasteorann (EUR 0.100 M), an t‑ullmhúchán le haghaidh díolúintí srianta substaintí a athbhreithniú (EUR 0.075 M) agus rialacha chun foriomlánú feidhmíochta athchúrsála a ríomh agus a fhíorú (EUR 0.575 M) don tréimhse 2024-2027.

    Is dóchúil go mbeidh ról tábhachtach ag JRC i dtacú leis an gCoimisiún le roinnt den obair theicniúil is gá mar a luadh thuas chun sonraíocht ábhair athchúrsáilte a fhorbairt, inbhainteacht ceallraí agus mótair r‑thiomána saibhir i CRM agus rialacha ríofa agus fíoraithe a bhaineann le cóireáil. Féadfaidh socrú riaracháin féideartha ceanglais mheasta a chumhdach (EUR 0.837 le haghaidh 2024-2027), fad is a uasmhéadaítear sineirgí le tascanna bainteacha faoi Ghníomh CRM, tograí SuP agus PPWR.

    Cuirtear comhthoscaireacht i bhfeidhm ó AS ENV go AS TAXUD agus AS MOVE chun faisnéis chlárúcháin feithicle a dhigitiú trí chórais TF a shíneadh chun idir‑inoibritheacht a chruthú ar dhigitiú clár feithicle agus mar dhara chéim chun rialuithe onnmhairithe fíor‑ama a bhunú trí chóras Ionaid Ilfhreastail Chustaim a nascadh don tréimhse 2024-2027.

    Beidh acmhainní breise ag teastáil le linn na tréimhse idir 2028-2033 chun leanúint den obair tar éis dheireadh CAI in 2027:

    (c)Maidir le AS ENV, tá méid foriomlán sceidealaithe don tréimhse ó 2028 go dtí cur chun feidhme foriomlán timpeall 2032 de EUR 0.550 M i staidéir theicniúla.

    (d)Maidir le AS TAXUD, tá méid foriomlán sceidealaithe don tréimhse ó 2028 go dtí cur chun feidhme foriomlán timpeall 2032 de EUR 0.500 M le haghaidh úsáid TF.

    (e)Acmhainní do JRC i bhfoirm socruithe riaracháin bhreise féideartha le haghaidh méid foriomlán EUR 0.335 M le haghaidh 2028-2032.

    IOMLÁN leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil(Méid tagartha)

    Gealltanais

    = 4+ 6

    0.250

    0.769

    0.683

    1.225

    2.927

    Íocaíochtaí

    = 5+ 6

    0.250

    0.769

    0.683

    1.225

    2.927



    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais  
    ilbhliantúil

    7

    Caiteachas riaracháin

    AS ENV, AS TAXUD

    2024 
    N1

    2025 
    N

    2026 
    N+1

    2027 
    N+2

    IOMLÁN

    2024-2027

    Acmhainní daonna, AS ENV

    Gealltanais

    (1a)

    0.139

    0.275

    0.321

    0.321

    1.055

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.139

    0.275

    0.321

    0.321

    1.055

    Acmhainní daonna, AS TAXUD

    Gealltanais

    (1a)

    -

    0.091

    0.137

    0.137

    0.364

    Íocaíochtaí

    (2a)

    -

    0.091

    0.137

    0.137

    0.364

    IOMLÁN na leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 
    le haghaidh AS GROW, AS TAXUD

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    0.139

    0.366

    0.457

    0.457

    1.419

    Íocaíochtaí

    =2a+2b+3

    0.139

    0.366

    0.457

    0.457

    1.419

    Tá an t‑údar le riachtanais foirne le fáil i roinn 3.2.3 thíos.

    2024 
    N1

    2025 
    N

    2026 
    N+1

    2027 
    N+2

    IOMLÁN

    2024-2027

    IOMLÁN na leithreasuithe  
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    0.389

    1.135

    1.140

    1.682

    4.346

    Íocaíochtaí

    0.389

    1.135

    1.140

    1.682

    4.346



    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Cineál 76

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 77

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

    3.2.3.1.Ceanglais mheasta maidir le leithreasuithe riaracháin sa Choimisiún

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    2024 
    N1

    2025 
    N

    2026 
    N+1

    2027 
    N+2

    IOMLÁN 2024 -2027

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    AS GROW: CT

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    AS ENV: CT

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01  (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) - AS ENV

    1.5

    3

    3.5

    3.5

    11.5

    20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) AS TAXUD

    0.0

    1.0

    1.5

    1.5

    4.0

    - i dToscaireachtaí

    01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    1.5

    4.0

    5.0

    5.0

    15.5

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Ní gá aon phoist TA breise don bhainistíocht ghinearálta. Cumhdóidh foireann TA atá ann cheana maoirseacht a bhfuil coinne leis ar gach tasc idirbheartaíochta in 2024 agus le haghaidh ullmhúchán, dréachtú agus glacadh reachtaíochta tánaistí de réir na sprioc‑amanna a bheartaítear.

    Pearsanra seachtrach

    Cumhdóidh foireann atá ann cheana tascanna teicniúla breise arna dtreorú ag AS GROW, arna bhforlíonadh ag tacaíocht AS ENV agus saineolas teicniúil JRC (i gcás ina gcomhaontaítear sin):

    - An mhodheolaíocht a fheabhsú chun rátaí 3R a chinneadh;

    - Measúnú riosca feabhsaithe ar na díolúintí substainte guaiseacha atá fágtha le tacaíocht ó ECHA, aistriú díolúintí srianta substainte a bhaineann le ceallra leis an Rialachán maidir le Ceallraí, athbhreithniú ginearálta agus ailíniú le REACH/ ‘Rialachán Omnibus’;

    - Sonraíocht maidir le ceanglais inbhainteachta le haghaidh ceallraí EV agus mótair r‑thiomána, agus faisnéis ghinearálta bhainte le haghaidh comhpháirteanna ábhartha eile (lena n‑áirítear leasú ar chóireáil roghnaitheach Iarscríbhinn IV, nuashonrú ar cheanglais faisnéise (tacaíocht JRC);

    - Sonraíocht cheanglais na straitéise ciorclaíochta;

    - Ceanglais lipéadaithe páirteanna plaisteacha (tugtha cothrom le dáta ag 72 mhí), ceallraí EV agus mótair r‑thiomána i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin maidir le Ceallraí agus Gníomh CRM (36 mhí);

    - Na formáidí cineálcheadaithe agus an fillteán faisnéise a bheidh le soláthar d’údaráis chineálcheadaithe a thabhairt cothrom le dáta;

    - Critéir do Phas Ciorclaíochta Feithicle a Fhorbairt.

    Maidir le AS ENV, beidh gá do phoist bhreise CA agus END chun tascanna breise a chumhdach. Maidir le AS ENV ba cheart gurb ionann é sin agus 1,0 FTE END ó 2024 ar aghaidh, arna chomhlánú ag 0,5 post FTE CA le haghaidh 2024, 2,0 post FTE CA le haghaidh 2025 agus 2,5 post FTE CA le haghaidh 2026 agus 2027 araon faoi seach chun obair theicniúil a dhéanamh, le tacaíocht JRC i gcás ina gcomhaontaítear, lena n‑áirítear:

    -Ríomh agus fíorú rialacha le haghaidh ábhar athchúrsáilte plaisteach, staidéar indéantachta chun spriocanna ábhar athchúrsáilte a leagan amach le haghaidh cruach, staidéar indéantachta teicniúil agus eacnamaíoch níos leithne do CRManna agus ábhair eile, formáidí dearbhaithe le haghaidh ábhair eile lena n‑áirítear Amhábhair Chriticiúla (AS GROW agus tacaíocht JRC);

    -Oibleagáidí tuairiscithe a leasú le haghaidh onnmhairiúcháin agus rialacha ríofa maidir le feidhmíocht chóireála (tacaíocht JRC);

    -Ceanglais cháilíochta le haghaidh cóireáil oibreoirí agus PST;

    -Táille EPR comhchuibhithe agus critéir chomhair EPR trasteorann;

    -Critéir maidir le feithiclí caite a onnmhairiú.

    -- Meastóireacht ar fheidhmiú an mhargaidh do pháirteanna spártha (96 mhí, clásal athbhreithniúcháin)

    -Cur chuige de réir a chéile le haghaidh síneadh raon feidhme chatagóir na feithicle agus ullmhú lena athbhreithniú (96 mhí)

    Maidir le AS TAXUD tuartar 1,0 post FTE le haghaidh 2025 agus 1,5 post FTE CA i dtreo 2026 agus 2027 agus cumhdóidh an fhoireann atá ann cheana tascanna AS MOVE, le tacaíocht theicniúil ó AS ENV (arna chumhdach ag an bhfoireann AS ENV liostaithe thuas):

    -Cur chun feidhme an cheanglais ródacmhainneachta agus idir‑inoibritheacht faisnéis clárúcháin feithicle;

    -- Forbairt TF ar chóras ‘Ionad Ilfhreastail’ agus tacaíocht AS TAXUD do tharchur faisnéise d’údaráis chustaim faoi MOVEHUB;

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

       is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

       is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 78

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    (1)     https://environment.ec.europa.eu/strategy/circular-economy-action-plan_en .   
    (2)     https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/european-green-deal/industry-and-green-deal_en  .
    (3)    https://environment.ec.europa.eu/strategy/zero-pollution-action-plan_en
    (4)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST‑13852-2020-INIT/en/pdf  .
    (5)     https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0040_EN.html .
    (6)    COM/2023/165 final.
    (7)    Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite.
    (8)    Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n‑in‑athúsáidteacht, lena n‑athchúrsáilteacht.
    (9)    Féach Airteagal 10a de Threoir 2018/849/AE, IO 150, 30.5.2018, lch. 93.
    (10)    Rialachán (AE) 2018/858 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin.
    (11)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
    (12)    Is féidir le monaróir deimhniúchán a fháil le haghaidh cineál feithicle in aon Bhallstát amháin agus é a mhargú ar fud an Aontais gan tuilleadh tástálacha. Eisíonn údarás náisiúnta cineálcheadaithe an deimhniúchán agus déanann na seirbhísí teicniúla ainmnithe na tástálacha: https://single-market-economy.ec.europa.eu/sectors/automotive-industry/technical-harmonisation/technical-harmonisation-eu_en
    (13)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020, 2020/0353(COD). 
    (14)    Togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (COM(2022)144)
    (15)    https://environment.ec.europa.eu/strategy/textiles-strategy_en
    (16)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE, COM(2022)142 final, 2022/0095 (COD).
    (17)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsithe dramhaíola agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) Uimh. 2020/1056, COM(2021) 709 final, 2021/0367(COD). 
    (18)    https://climate.ec.europa.eu/eu-action/european-green-deal/european-climate-law_en
    (19)    Tá tuilleadh eolais faoin bpacáiste le fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_21_3541 .
    (20)    Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú le haghaidh gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (IO L 110, 25.4.2023, lch.).
    (21)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, i ndáil lena n‑astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7).
    (22)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13132-Vehicle-safety-revising-the-EUs-roadworthiness-package_en .  
    (23)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020, COM(2023)160 final, 2023/0079 (COD).
    (24)    Tugtar faoi deara go leanann an togra seo samplaí tograí reachtacha eile atá curtha síos ag an gCoimisiún le déanaí, arb é is aidhm dóibh ceanglais inbhuanaitheachta/chiorclaíochta is infheidhme maidir le saolré iomlán táirgí a chumhdach faoi aon phíosa reachtaíochta aonair agus arb é Airteagal 114 a mbunús dlí. Samplaí is ea an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, an ttogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht.
    (25)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1912-End-of-life-vehicles-evaluating-the-EU-rules_en .  
    (26)    Féach Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.
    (27)     https://cor.europa.eu/en/our-work/Pages/Fit-for-Future-opinion-on-End-of-life-vehicles-and-3R-type-approval.aspx .   
    (28)    Reáchtáladh comhairliúchán poiblí le linn na meastóireachta ar an Treoir( https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1912-End-of-life-vehicles-evaluating-the-EU-rules_en ). Foilsíodh measúnú ar thionchar tionscanta an 15 Deireadh Fómhair 2020 chun aiseolas a fháil ón bpobal agus reáchtáladh comhairliúchán poiblí oscailte ar feadh 14 seachtaine le linn an mheasúnaithe tionchair idir an 20 Iúil 2021 agus an 26 Deireadh Fómhair 2021 ( https://ec.europa.eu/info/law/better‑regulation/have-your‑say/initiatives/12633-End-of-life-vehicles‑revision‑of-EU-rules/public-consultation_en ).
    (29)    Baron, Y.; Kosińska‑Terrade, I.; Loew, C.; Köhler, A.; Moch, K.; Sutter, J.; Graulich, K.; Adjei, F.; Mehlhart, G.: Study to support the impact assessment for the review of Directive 2000/53/EC on End-of-Life Vehicles [Staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair ar Threoir 2000/53/CE maidir le Feithiclí a bhFuil a Ré Caite] le Oeko‑Institut, Mí an Mheithimh 2023.
    (30)    SWD(2021) 60 final.
    (31)    Maury, T., Tazi, N., Torres De Matos, C., Nessi, S., Antonopoulos, I., Pierri, E., Baldassarre, B., Garbarino, E., Gaudillat, P. agus Mathieux, F., Towards recycled plastic content targets in new passenger cars [I dtreo spriocanna maidir leis an gcion plaisteach athchúrsáilte i ngluaisteáin nua paisinéirí], EUR 31047 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, ISBN 978-92-76-51784-9 (ar líne), doi:10.2838/834615 (ar líne), JRC129008. 
    (32)    N. Tazi, M. Orefice, C. Marmy, Y. Baron, M Ljunggren, P Wäger, F. Mathieux, Initial analysis of selected measures to improve the circularity of Critical Raw Materials and other materials in passenger cars [Anailís tosaigh ar bheartaithe roghnaithe chun feabhas a chur ar chiorclaíocht na nAmhábhar Criticiúil agus ábhar eile i ngluaisteáin paisinéirí], EUR 31468 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, ISBN 978-92-68-01625-1, doi: 10.2760/207541, JRC132821.
    (33)     https://cor.europa.eu/en/our-work/Pages/Fit-for-Future-opinion-on-End-of-life-vehicles-and-3R-type-approval.aspx .
    (34)     Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na moltaí roghnaithe ó thuairim F4F, féach Iarscríbhinní 1 agus 5 den Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.
    (35)    IO C , , lch. .
    (36)    IO C , , lch. .
    (37)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip, (COM (2019) 640 final).
    (38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an 11 Márta 2020, Plean Gníomhaíochta nua do Gheilleagar Ciorclach – Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach (COM(2020)98 final).
    (39)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Nollaig 2020, maidir le Téarnamh ciorclach agus glas a dhéanamh den téarnamh.
    (40)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach.
    (41)    Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).
    (42)    Meastóireacht ar Threoir (CE) 2000/53 an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, SWD(2021) 61 final.
    (43)    Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena n‑ath-inúsáidteacht, lena n‑athchúrsáilteacht agus lena n‑in‑aisghábháltacht agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lch. 10).
    (44)    Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
    (45)     https://www.unep.org/resources/report/global-trade-used-vehicles-report  
    (46)    Treoirlínte Uimh. 9 na gComhfhreagraithe maidir le feithiclí dramhaíola a loingsiú, https://ec.europa.eu/environment/pdf/waste/shipments/correspondents_guidelines9_en.pdf
    (47)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 14 Samhain 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability – Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM/2020/667 final).
    (48)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
    (49)    Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
    (50)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO […]).
    (51)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023) 160 final).
    (52)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).
    (53)    Cinneadh 2003/138/CE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2003 lena mbunaítear caighdeáin um chódáil chomhpháirteanna agus ábhair le haghaidh feithiclí de bhun Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 53, 28.2.2003, lch. 58–59).
    (54)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE.
    (55)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n‑astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009.
    (56)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
    (57)    Cinneadh 2002/151/CE ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2002 maidir le híoscheanglais chun an deimhniú scriosta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 50, 21.2.2002, lgh. 94–95).
    (58)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
    (59)    COM(2021)400
    (60)     https://www.unep.org/resources/report/global-trade-used-vehicles-report  
    (61)    Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 51–128).
    (62)    Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).
    (63)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
    (64)    Cinneadh 2005/293/CE ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2005 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le faireachán a dhéanamh ar na spriocanna athúsáide/aisghabhála agus na spriocanna athúsáide/athchúrsála a leagtar amach i dTreoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 94, 13.4.2005, lch. 30–33).
    (65)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (66)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    (67)    Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le doiciméid chlárúcháin mótarfheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
    (68)    Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).
    (69)    Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
    (70)    Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1-19).
    (71)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (72)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
    (73)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (74)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (75)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (76)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (77)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (78)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    Top

    An Bhruiséil,13.7.2023

    COM(2023) 451 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE

    {SEC(2023) 292 final} - {SWD(2023) 255 final} - {SWD(2023) 256 final} - {SWD(2023) 257 final}


    IARSCRÍBHINN I

    CRITÉIR CHUN A CHINNEADH CÉ ACU IS FEITHICIL A bhFUIL A RÉ CAITE Í FEITHICIL ATHLÁIMHE NÓ NACH EA

    CUID A

    CRITÉIR CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR INDEISITHEACHT FEITHICLÍ

    1.Tá feithicil do‑dheisithe go teicniúil má chomhlíonann sí ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

    (a)gearradh ina píosaí nó lomadh í;

    (b)táthaíodh suas í nó dúnadh le cúrinsliú í;

    (c)dódh go hiomlán í a mhéid a fhágann an urrann innill nó an urrann phaisinéirí scriosta;

    (d)tumadh in uisce í go leibhéal os cionn na deaise;

    (e)ní féidir ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna seo a leanas den fheithicil a dheisiú nó a athsholáthar:

    (i)comhpháirteanna cúplála talún (amhail boinn agus rothaí), crochadh, stiúradh, coscánú, agus na comhpháirteanna rialaithe díobh;

    (ii)fosúcháin agus ailt suíocháin;

    (iii) málaí aeir, réamhtheannasóirí, criosanna sábhála, agus na comhpháirteanna oibriúcháin forimeallacha díobh;

    (iv)cabhail agus fonnadh na feithicle;

    (f)tá fabhtanna teicniúla ina comhpháirteanna struchtúrtha agus sábháilteachta nach féidir a aisiompú agus a fhágann nach féidir iad a athsholáthar, amhail aosú miotail, bristeacha iomadúla i bprímeálaigh, nó creimeadh bréifnithe iomarcach;

    (g)ba ghá an tinneall, an giarbhosca, an sceall nó an chóimeáil fonnaidh a athsholáthar chun í a dheisiú, agus chaillfí aitheantas bunaidh na feithicle dá dheasca.

    2.Tá an fheithicil do‑dheisithe go heacnamaíoch más lú a margadhluach ná costas na ndeisithe is gá chun í a chur ar ais i riocht teicniúil san Aontas ba leordhóthanach chun deimhniú ródacmhainneachta a fháil sa Bhallstát inar cláraíodh an fheithicil roimh an deisiú.

    3.Féadfar feithicil a bhreithniú a bheith do‑dheisithe go teicniúil i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

    (a)tumadh in uisce í go leibhéal faoi bhun na deaise, agus rinneadh damáiste don inneall nó don chóras leictreach;

    (b)níl a doirse ceangailte d;

    (c)tá a cuid breosla nó gala breosla á scaoileadh uaithi agus tá baol dóiteáin nó pléasctha ann dá dheasca;

    (d)tá gás sceite óna córas gáis leachtaigh agus tá baol dóiteáin nó pléasctha ann dá dheasca;

    (e)scaoileadh a leachtanna oibriúcháin (breosla, leacht coscáin, leacht frithreo, aigéad ceallra, leacht fuartháin) agus tá an baol ann go dtruailleofar uisce dá dheasca; nó

    (f)tá a coscáin agus a comhpháirteanna stiúrtha ró‑chaite.

    Má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha sin, déanfar measúnú teicniúil aonair chun a mheasúnú an mbeadh stádas teicniúil feithicle leordhóthanach chun deimhniú ródacmhainneachta a fháil sa Bhallstát inar cláraíodh an fheithicil roimh an deisiú.

    CUID B

    LIOSTA TÁSCACH CRITÉAR MAIDIR LE FEITHICLÍ A bhFUIL A RÉ CAITE

    Féadfar na critéir seo a leanas a úsáid freisin mar údar breise leis an gcinneadh gur feithicil a bhfuil a ré caite í feithicil athláimhe:

    (a)níl aon mhodh ann chun feithicil a shainaithint, go háirithe Uimhir Aitheantais Feithicle a bheith in easnamh;

    (b)ní heol cé hé úinéir na feithicle;

    (c)an tástáil ródacmhainneachta theicniúil náisiúnta is gá a dhéanamh uirthi, ceanglaíodh í níos mó ná 2 bhliain ó shin agus ní dhearnadh í;

    (d)ní thugtar cosaint leormhaith ar dhamáiste di le linn stórála, iompair, luchtú agus díluchtú; nó

    (e)tugadh ar láimh do phointe bailithe údaraithe nó do shaoráid cóireála dramhaíola údaraithe í lena cóireáil.

    IARSCRÍBHINN II

    NA RÁTAÍ IN‑ATHÚSÁIDTEACHTA, IN‑ATHCHÚRSÁILTEACHTA AGUS IN‑AISGHABHÁLACHTA A RÍOMH

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘feithicil thagartha’ an leagan laistigh de chineál feithicle, a shainaithníonn an t‑údarás ceadaithe, i gcomhairle leis an monaróir agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II Cuid A, mar an leagan is achrannaí i dtéarmaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabhálachta.

    CUID A

    1.Na hábhair atá i láthair san fheithicil agus na sciartha díobh agus na háiteanna a bhfuil siad faoi seach, sonrófar iad sin in éineacht le haon fhaisnéis is gá chun na rátaí in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabhálachta a ríomh i gceart.

    2.Sloinnfear maiseanna in kg go hionad deachúil amháin. Ríomhfar na rátaí i gcéatadán go hionad deachúil amháin, agus slánófar ansin iad go dtí an tslánuimhir is giorra, mar seo a leanas:

    (a)má tá an figiúr i ndiaidh an phointe dheachúil idir 0 agus 4, slánófar an tiomlán síos;

    (b)má tá an figiúr i ndiaidh an phointe dheachúil idir 5 agus 9, slánófar an tiomlán suas.

    3.Chun críocha roghnú na bhfeithiclí tagartha, cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh:

    (a)an cineál cabhalra;

    (b)na leibhéil chóirithe atá le fáil;

    (c)an trealamh roghnach atá le fáil is féidir a fheistiú faoi fhreagracht an mhonaróra.

    4.Má theipeann ar an údarás cineálcheadaithe agus ar an monaróir go comhpháirteach an leagan is achrannaí a shainaithint, ó thaobh in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabháltachta de, roghnófar feithicil tagartha amháin laistigh de na nithe seo a leanas:

    (a)gach ‘cineál cabhalra’, mar a shainmhínítear i bpointe 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 i gcás fheithiclí M1;

    (b)gach ‘cineál cabhalra’, i.e. veain, cábán fonnaidh, trucailín, etc., i gcás fheithiclí N1.

    5.Chun críocha na seiceálacha ar ábhair agus ar mhaiseanna comhpháirteanna, cuirfidh an monaróir ar fáil feithiclí agus comhpháirteanna a measann an túdarás cineálcheadaithe go bhfuil gá leo.



    CUID B

    1.Chun go náireofar iad a bheith in‑athúsáidte, beidh comhpháirteanna nó páirteanna inbhainte go héasca agus ar bhealach neamhscriosach.

    2.Breithneofar mais iomlán na bpáirteanna, na gcomhpháirteanna agus na nábhar in‑athúsáidte a bheith 100 % in‑athúsáidte, in‑athchúrsáilte agus in‑aisghabhálachta.

    3.Páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid B, pointí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn VII, breithneofar iad a bheith 0 % in‑athúsáidte agus 100 % in‑athchúrsáilte agus in‑aisghabhálachta. Páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid E d’Iarscríbhinn VII, breithneofar iad a bheith 0 % in‑athúsáidte agus 100 % in‑athchúrsáilte agus in‑aisghabhálachta. Áiritheofar leis an modheolaíocht sin, i gcás ina leasófar torthaí Iarscríbhinn VII chun an liosta páirteanna agus comhpháirteanna a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn sin a leathnú, go mbreithneofar na páirteanna agus na comhpháirteanna nua sin a bheith 0 % in‑athúsáidte agus 100 % in‑athchúrsáilte agus in‑aisghabhála.

    4.Beidh ríomh na rátaí in‑athúsáidteachta, in‑athchúrsáilteachta agus in‑aisghabhálachta comhleanúnach leis an straitéis chiorclaíochta, lena léireofar dul chun cinn teicneolaíoch i dteicneolaíochtaí cóireála deireadh ré.



    IARSCRÍBHINN III

    COINNÍOLLACHA AGUS UASLUACHANNA TIÚCHANA MAIDIR LE LUAIDHE, MEARCAIR, CAIDMIAM AGUS CRÓIMIAM HEICSIFHIÚSACH A BHEITH IN ÁBHAIR, I bPÁIRTEANNA AGUS I gCOMHPHÁIRTEANNA

    Glacfar le huasluach tiúchana substaintí suas le 0,1 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gcomhair luaidhe, cróimiam heicsifhiúsach agus mearcair agus suas le 0,01 % de réir meáchain in ábhar aonchineálach le haghaidh caidmiam.

    Maidir le páirteanna spártha a chuirtear ar an margadh tar éis an 1 Iúil 2003 agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2003, cé is moite d’eirí cothromaíochta le haghaidh rothaí, scuaba carbóin do mhótair leictreacha agus líneálacha coscáin, díolmhófar iad ó Airteagal 5(2) den Rialachán.

    Ábhair, páirteanna agus comhpháirteanna aonchineálacha

    Raon feidhme agus dáta éaga na díolúine

    Le lipéadú nó le déanamh in‑sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (d)

    Luaidhe mar eilimint chóimhiotalaithe

    1(a). Cruach chun críoch meaisínithe agus baisc comhpháirteanna cruach galbhánaithe teothumtha ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain

    1(b). Leathán cruach galbhánaithe go leanúnach ina bhfuil suas le 0,35 % luaidhe de réir meáchain

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    2(a). Alúmanam chun críoch meaisínithe ina bhfuil cion luaidhe suas le 2 % de réir meáchain

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005

    2(b). Alúmanam ina bhfuil cion luaidhe suas le 1,5 % de réir meáchain

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

    2(c)(i). Cóimhiotail alúmanaim chun críoch meaisínithe ina bhfuil cion luaidhe suas le 0,4 % de réir meáchain

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2028 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    2(c)(ii). Cóimhiotail alúmanaim nach n‑áirítear in iontráil 2(c)(i) ina bhfuil cion luaidhe suas le 0,4 % de réir meáchain (2) 

    (1)

    3. Cóimhiotail chopair ina bhfuil suas le 4 % luaidhe de réir meáchain

    (3)

    4(a). Scealla imthaca agus boisc

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

    4(b). Scealla imthaca agus boisc in innill, traiseoltaí agus comhbhrúiteoirí aerchóirithe

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2011

    Luaidhe agus comhdhúile luaidhe i gcomhpháirteanna

    5(a). Luaidhe i gceallraí a úsáidtear i gcórais ardvoltais (4) nach n‑úsáidtear ach le haghaidh tiomána i bhfeithiclí M1 agus N1 

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin 

    X

    5(b)(i). Luaidhe i gceallraí:

    (1) a úsáidtear i bhfeidhmeanna 12 V

    (2) a úsáidtear i bhfeidhmeanna 24 V i bhfeithiclí sainchuspóireacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858

    (3)

    X

    5(b)(ii). Luaidhe i gceallraí a úsáidtear i bhfeidhmeanna nach n‑áirítear in iontráil 5(a) ná in iontráil 5(b)(i)

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X

    6. Maolairí creathaidh

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X


    7(a). Oibreáin agus cobhsaitheoirí bolcáin le haghaidh leaistiméirí i bpíobáin choscáin, píobáin bhreosla, píobáin aerála aeir, leaistiméir/páirteanna miotail sna feidhmeanna fonnaidh, agus gléasadh innill

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2005

    7(b). Oibreáin agus cobhsaitheoirí bolcáin le haghaidh leaistiméirí i bpíobáin choscáin, píobáin bhreosla, píobáin aerála aeir, leaistiméir/páirteanna miotail sna feidhmeanna fonnaidh, agus gléasadh innill ina bhfuil suas le 0,5 % luaidhe de réir meáchain

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2006

    7(c). Oibreáin nasctha le haghaidh leaistiméirí i bhfeidhmeanna gléasra cumhachta ina bhfuil suas le 0,5 % luaidhe de réir meáchain

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2009

    8(a). Luaidhe i sádair chun comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha a cheangal de chláir chiorcad leictreonacha agus luaidhe i mbailchríocha ar fhoircinn comhpháirteanna seachas toilleoirí alúmanaim leictrilíte, ar phionnaí comhpháirteacha agus ar chláir chiorcad leictreonacha

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(b). Luaidhe i sádair i bhfeidhmeanna leictreacha seachas sádráil ar chláir chiorcad leictreonacha nó ar ghloine

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2011 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(c). Luaidhe i mbailchríocha ar theirminéil toilleoirí alúmanaim leictrilíte

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2013 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(d). Luaidhe a úsáidtear i sádráil ar ghloine i mbraiteoirí mór‑aersreafa

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2015 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(e). Luaidhe i sádair de chineál ardteochta leáite (i.e. cóimhiotail luaidhe‑bhunaithe ina bhfuil 85 % luaidhe nó níos mó de réir meáchain)

    (1)

    X(5)

    8(f)(i). Luaidhe i nasc‑chórais pionnaí chomhlíontacha

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(f)(ii). Luaidhe i nasc‑chórais pionnaí chomhlíontacha seachas limistéar cúplála nascóirí úma feithicle

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(g)(i). Luaidhe i sádair le haghaidh nasc leictreach inmharthana a chur i gcrích idir dísle leathsheoltóra agus iompróir laistigh de phacáistí sliseanna flip ciorcaid iomlánaithe

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(g)(ii). Luaidhe i sádair le haghaidh nasc leictreach inmharthana a chur i gcrích idir an dísle leathsheoltóra agus an t‑iompróir laistigh de phacáistí sliseanna flip ciorcaid iomlánaithe, i gcás inarb é atá sa nasc leictreach sin aon cheann díobh seo a leanas:

    (1) nód teicneolaíochta leathsheoltóra 90 nm nó níos mó;

    (2) dísle aonair 300 mmnó níos mó in aon nód teicneolaíochta leathsheoltóra;

    (3) pacáistí díslí cruachta ina bhfuil díslí aonair 300 mmnó níos mó, nó idirshuiteoirí sileacain 300 mm nó níos mó.

    (1)

    Feithiclí a chineálcheadaítear ón 1 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(h). Luaidhe i sádair chun leatóirí teasa a cheangal den tslogaide teasa i gcóimeálacha leathsheoltóra cumhachta ag a bhfuil slismhéid ar a bhfuil achar teilgin 1 cm² ar a laghad agus dlús ainmniúil srutha 1 A/mm2 ar a laghad d’achar slise sileacain

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(i). Luaidhe i sádair i bhfeidhmeanna gloinithe leictreacha ar ghloine seachas le haghaidh sádrála i ngloiniú lannaithe

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(j). Luaidhe i sádair le haghaidh gloiniú lannaithe a shádráil

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    8(k). Feidhmeanna téimh a shádráil a bhfuil sruth teasa 0,5A nó níos mó acu in aghaidh an tsiúnta ghaolmhair le pánaí aonghloinithe lannaithe nach mó ná 2,1 mm a dtiús balla. Ní chumhdaítear leis an díolúine sin sádráil theagmhálach atá leabaithe sa pholaiméir idirmheánach.

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2024 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X(5)

    9. Suíonna comhla

    Mar páirteanna spártha le haghaidh na gcineálacha innill a forbraíodh roimh an 1 Iúil 2003

    10(a). Comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha, a bhfuil luaidhe iontu i ngloine nó i gceirmeach, i gcomhdhúil mhaitríse gloine nó cheirmeach, in ábhar gloine‑cheirmeach, nó i gcomhdhúil mhaitríse gloine‑cheirmeach.

    Ní chumhdaítear leis an díolúine seo úsáid luaidhe sna nithe seo a leanas:

    (I)gloine i mbolgáin agus i nglónra spréachphlocóidí,

    (II)ábhair cheirmeacha thréleictreacha comhpháirteanna a liostaítear faoi 10(b), 10(c) agus 10(d).

    X(6) (le haghaidh comhpháirteanna seachas písea‑chomhpháirteanna in innill)

    10(b). Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha bunaithe ar PZT as toilleoirí ar cuid iad de chiorcaid iomlánaithe nó de leathsheoltóirí scoite

    10(c). Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha toilleoirí ag a bhfuil voltas rátaithe ar lú é ná 125 V AC nó 250 V DC

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2016 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    10(d). Luaidhe in ábhair cheirmeacha thréleictreacha toilleoirí a chúitíonn dialltaí braiteoirí a bhaineann le teocht i gcórais sonóra ultrasonacha

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2017 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    11. Tionscnóirí piriteicniúla

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2006 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    12. Ábhair theirmileictreacha a bhfuil luaidhe iontu i bhfeidhmeanna leictreacha mótarfheithiclí le haghaidh astaíochtaí CO2 a laghdú trí theas sceite a aisghabháil

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2019 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X

    Cróimiam heicsifhiúsach

    13(a). Bratuithe coiscthe creimthe

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2007

    13(b). Bratuithe coiscthe creimthe a bhaineann le cóimeálacha boltaí agus cnónna le haghaidh feidhmeanna fonnaidh

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2008

    14. Cróimiam heicsifhiúsach mar oibreán frithchreimthe de chuid an chórais fuaraithe cruach carbóin i gcuisneoirí ionsúcháin suas le 0,75 % de réir meáchain sa tuaslagán fuaraithe:

    (a)atá deartha chun oibriú go hiomlán nó go páirteach le téitheoir leictreach, ag a bhfuil meán‑ionchur cumhachta leictrí a úsáidtear < 75W faoi dhálaí reatha tairiseacha;

    (b)atá deartha chun oibriú go hiomlán nó go páirteach le téitheoir leictreach, ag a bhfuil meán‑ionchur cumhachta leictrí a úsáidtear ≥ 75W faoi dhálaí reatha tairiseacha;

    (c)deartha chun oibriú go hiomlán le téitheoir neamhleictreach.

    I gcás (a): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2020 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    I gcás (b): Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Eanáir 2026 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X

    Mearcair

    15(a). Lampaí scaoilte le haghaidh feidhmeanna ceannsolais

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X

    15(b). Feadáin fhluaraiseacha a úsáidtear i dtaispeáintí painéil uirlisí

    Feithiclí a cineálcheadaíodh roimh an 1 Iúil 2012 agus páirteanna spártha le haghaidh na bhfeithiclí sin

    X

    Caidmiam

    16. Ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha

    Mar pháirteanna spártha le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2008

    Nótaí a ghabhann leis an tábla:

    1. Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2024.

    2. Tá feidhm aige maidir le cóimhiotail alúmanaim nach dtugtar luaidhe isteach iontu d’aon ghnó, ach a bhfuil cóimhiotail alúmanaim iontu mar gheall ar úsáid alúmanaim athchúrsáilte.

    3. Déanfar athbhreithniú ar an díolúine sin in 2025.

    4. Córais ag a bhfuil voltas > 75 V DC dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

    5. Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontráil 10(a), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.

    6. Díchóimeáil más rud é, i gcomhghaol le hiontrálacha 8(a) go 8(k), go sáraítear meántairseach 60 gram in aghaidh na feithicle. Chun críocha an nóta seo, ní chuirfear san áireamh feistí leictreonacha nach bhfuil suiteáilte ag an monaróir ar an líne tháirgthe.

    IARSCRÍBHINN IV

    STRAITÉIS CHIORCLAÍOCHTA

    CUID A

    EILIMINTÍ NA STRAITÉISE CIORCLAÍOCHTA

    1.Tuairisc neamhtheicniúil ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun a áirithiú go leanfaidh na feithiclí ar den chineál feithicle iad de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagail 4 go 7 ar feadh a dtáirgthe.

    2.Tuairisc neamhtheicniúil ar nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an monaróir chun:

    (a)na sonraí ábhartha a bhailiú tríd an slabhra soláthair iomlán;

    (b)an fhaisnéis a fhaightear ó na soláthraithe a sheiceáil agus a fhíorú;

    (c)freagairt leormhaith a dhéanamh i gcás ina léireoidh na sonraí a fhaightear ó na soláthraithe go bhfuil an riosca ann nach gcomhlíonfar na ceanglais faoi Airteagal 4, 5 nó 6.

    3.Faisnéis maidir leis na teicneolaíochtaí cóireála deireadh ré atá i bhfeidhm, dul chun cinn teicneolaíoch ábhartha i dteicneolaíochtaí cóireála deireadh ré agus infheistíocht chumais sna teicneolaíochtaí sin, tráth a chuirtear an tiarratas ar chineálcheadú isteach, a d’úsáid an monaróir chun in‑athúsáidteacht, in‑athchúrsáilteacht agus in‑aisghabhálacht a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 den chineál feithicle.

    4.Faisnéis maidir leis an sciar den chion athchúrsáilte i bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 10.

    5.Liosta gníomhaíochtaí a gheallann an monaróir a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an chóireáil ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, ar feithiclí den chineál lena mbaineann iad, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar na nithe seo a leanas:

    (a)bearta atá ceaptha baint páirteanna a léirítear in Iarscríbhinn VII Cuid C a éascú;

    (b)bearta a rannchuidíonn le forbairt teicneolaíochtaí athchúrsála le haghaidh ábhair a úsáidtear i bhfeithiclí, nach bhfuil teicneolaíochtaí den sórt sin ar fáil go forleathan lena naghaidh ar scála tráchtála tráth a chuirtear an tiarratas ar chineálcheadú isteach;

    (c)an faireachán ar conas a dhéantar páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair atá i bhfeithiclí ar den chineál feithicle iad a athúsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil sa chleachtas;

    (d)bearta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le húsáid ábhar agus teicnící a chuireann bac ar dhíchóimeáil éasca nó a fhágann gur an‑dúshlánach athchúrsáil a dhéanamh, mar shampla greamacháin nó ábhair snáithíntreisithe;

    (e)bearta chun athúsáid páirteanna agus comhpháirteanna a chur chun cinn.

    6.Tuairisc ar chineál agus foirm na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5, mar shampla infheistíochtaí i dtaighde agus forbairt, infheistíochtaí i bhforbairt teicneolaíochtaí nó bonneagair athchúrsála, agus ar an gcaoi a raibh sé ag dul i gcomhar le hoibreoirí bainistithe dramhaíola a bhfuil baint acu le feithiclí a athúsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil agus lena bpáirteanna a bhaint.

    7.Tuairisc ar an mbealach a ndéanfar measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 6.

    Sula dtiocfaidh Airteagail 4 go 7 i bhfeidhm, míneofar leis an straitéis chiorclaíochta conas a chomhlíonann an monaróir na ceanglais chiorclaíochta a leagtar síos i dTreoir 2005/64/CE arna bhfíorú le linn an phróisis cineálcheadaithe, go háirithe in Airteagal 5 den Treoir sin, agus leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2000/53/CE, go háirithe in Airteagal 4(2) den Treoir sin.

    CUID B

    BEARTA LEANTACHA AGUS NUASHONRÚ AR AN STRAITÉIS CHIORCLAÍOCHTA

    1.Tabharfaidh na monaróirí an straitéis chiorclaíochta cothrom le dáta gach 5 bliana ar a laghad.

    2.Áireofar na nithe seo a leanas sa straitéis chiorclaíochta nuashonraithe:

    (a)tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 6 de Chuid A agus, i gcás nach ndearnadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a léirítear sa straitéis, míniú ar na cúiseanna atá leis sin;

    (b)measúnú ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 6 de Chuid A;

    (c)tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh nó a gcuirfear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 6 de Chuid A san áireamh i ndearadh cineálacha nua feithicle.

    3.I gcás ina mbeidh athruithe móra ar dhearadh agus táirgeadh an chineáil feithicle, is ar na nithe seo a leanas go háirithe a dhíreofar sa straitéis chiorclaíochta nuashonraithe:

    (a)athruithe ar úsáid páirteanna agus comhpháirteanna i bhfeithiclí nua atá éasca a dhíchóimeáil le haghaidh athúsáide nó le haghaidh athchúrsáil ardcháilíochta;

    (b)athruithe ar úsáid ábhar i bhfeithiclí nua atá éasca a athchúrsáil;

    (c)gnéithe den dearadh a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le húsáid ábhar agus teicnící a chuireann bac ar bhaint éasca nó a fhágann gur an‑dúshlánach athchúrsáil a dhéanamh, mar shampla greamacháin, plaistigh chumaisc nó ábhair shnáithíntreisithe;

    (d)athruithe ar úsáid ábhar athchúrsáilte i bhfeithiclí nua, páirteanna agus comhpháirteanna athmhonaraithe nó athriochtaithe i bhfeithiclí agus comhoiriúnacht páirteanna agus comhpháirteanna ó chineálacha eile feithiclí; agus

    (e)athruithe ar úsáid substaintí dá dtagraítear in Airteagal 5 i bhfeithiclí nua.

    IARSCRÍBHINN V

    CEANGLAIS FAISNÉISE MAIDIR LE BAINT AGUS IONADÚ

    1.Ceallraí feithicle leictrí atá ionchorpraithe san fheithicil:

    (a)uimhir;

    (b)ionad;

    (c)meáchan;

    (d)an cineál ceimice atá ag an gceallra;

    (e)treoracha maidir le díluchtú sábháilte an cheallra;

    (f)treoracha teicniúla maidir le baint agus ionadú, lena náirítear seicheamh na gcéimeanna uile agus na cineálacha teicnící ceangail agus séalúcháin;

    (g)uirlisí nó teicneolaíochtaí is gá chun na ceallraí feithicle leictrí a rochtain, a bhaint agus a ionadú.

    2.Mótair tiomána leictrí atá ionchorpraithe san fheithicil:

    (a)uimhir;

    (b)ionad;

    (c)meáchan;

    (d)cineálacha buanmhaighnéad atá i mótair tiomána leictrí, más de na cineálacha seo a leanas iad:

    (i)Neoidimiam-Iarann-Bórón;

    (ii)Samairiam-Cóbalt;

    (iii)Alúmanam-Nicil-Cóbalt;

    (iv)Feirít.

    (e)treoracha teicniúla maidir le baint agus ionadú, lena náirítear seicheamh na gcéimeanna uile agus na cineálacha teicnící ceangail agus séalúcháin;

    (f)uirlisí nó teicneolaíochtaí is gá chun na mótair tiomána leictrí a rochtain, a bhaint agus a ionadú.

    3.Comhpháirteanna, páirteanna agus ábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn VII:

    (a)na substaintí a liostaítear in Airteagal 5(2) a bheith ann, nach mór a lipéadú i bhfeithicil ar an mbealach dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;

    (b)uimhir;

    (c)ionad;

    (d)meáchan;

    (e)treoracha teicniúla maidir le baint, lena náirítear seicheamh na gcéimeanna uile;

    (f)infhaighteacht na dteicnící cóireála is fearr.

    4.Comhpháirteanna, páirteanna agus ábhair a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII:

    (a)uimhir;

    (b)ionad;

    (c)treoracha teicniúla maidir le baint agus ionadú, lena náirítear seicheamh na gcéimeanna uile.

    5.Comhpháirteanna agus páirteanna i bhfeithicil atá códaithe go digiteach:

    (a)Uimhir;

    (b)Ionad;

    (c)treoracha teicniúla maidir le rochtain, baint agus ionadú, lena náirítear - códú agus bogearraí is gá chun páirteanna spártha agus comhpháirteanna a ghníomhachtú chun go bhfeidhmeoidh siad i bhfeithicil eile;

    (d)tuairisc ar fheidhmiúlacht, idir‑inathraitheacht agus comhoiriúnacht le páirteanna agus comhpháirteanna sonracha feithiclí de dhéanamh agus de chineálacha feithicle eile;

    (e)pointe teagmhála an mhonaróra le haghaidh cúnamh teicniúil.

    IARSCRÍBHINN VI

    CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ

    1.Páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair phlaisteacha feithicle ar mó a meáchan ná 100 gram:

    (a)ISO 1043‑1 Plaistigh - siombailí agus téarmaí giorraithe. Cuid 1: Bunpholaiméirí agus a saintréithe speisialta;

    (b)ISO 1043‑2 Plaistigh - siombailí agus téarmaí giorraithe. Cuid 2: Líontóirí agus ábhair threisiúcháin;

    (c)ISO 11469 Plaistigh - Sainaitheantas cineálach agus marcáil táirgí plaisteacha.

    2.Páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair leaistiméire feithicle ar mó a meáchan ná 200 gram, seachas boinn: ISO 1629 Rubair agus laitísí - Ainmníocht.

    3.Is féidir lúibíní cearnacha a chur in ionad na siombailí ‘<’ nó ‘>’ a úsáidtear i gcaighdeáin ISO.

    4.Faisnéis ar lipéad mótar tiomána leictrí ina bhfuil ábhair bhuanmhaighnéid:

    (a)tásc go nionchorpraítear buanmhaighnéad amháin nó níos mó sna táirgí sin;

    (b)tásc maidir leis na maighnéid sin a bheith ar aon cheann de na cineálacha seo a leanas:

    (i)Neoidimiam-Iarann-Bórón;

    (ii)Samairiam-Cóbalt;

    (iii)Alúmanam-Nicil-Cóbalt;

    (iv)Feirít;

    (c)i gcás buanmhaighnéid de na cineálacha dá dtagraítear i bpointe 3 (b)(i) agus (ii), iompróir sonraí atá nasctha le haitheantóir uathúil táirge lena soláthraítear rochtain ar na nithe seo a leanas:

    (i)ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus seoladh poist an duine nádúrtha fhreagraigh nó an duine dhlítheanaigh fhreagraigh agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, modhanna leictreonacha cumarsáide trínar féidir teagmháil a dhéanamh leo;

    (ii)faisnéis maidir le meáchan, suíomh agus cineál na mbuanmhaighnéad aonair uile sa táirge, agus láithreacht agus cineál bratú na maighnéad, gliúnna agus aon bhreiseán a úsáidtear;

    (iii)faisnéis lena néascaítear rochtain ar na buanmhaighnéid uile atá ionchorpraithe sa táirge agus lena néascaítear a mbaint, agus lena náirítear ar a laghad seicheamh na gcéimeanna bainte, na huirlisí nó na teicneolaíochtaí uile is gá chun an buanmhaighnéad a rochtain agus a bhaint, gan dochar d’Airteagal 15(1) de Threoir 2012/19/AE.

    IARSCRÍBHINN VII

    CEANGLAIS CHÓIREÁLA

    CUID A
    ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE LÁITHREÁIN STÓRÁLA AGUS LÁITHREÁIN CHÓIREÁLA

    1.Láithreáin stórála, lena náirítear láithreáin stórála ag na pointí bailithe, le haghaidh stóráil feithiclí a bhfuil a ré caite a stóráil, sula gcóireáiltear iad, agus le haghaidh stóráil a gcomhpháirteanna, a bpáirteanna agus a gcuid ábhar, beidh na nithe seo a leanas amhlaidh ina leith:

    (a)beidh dromchlaí neamhscagacha agus saoráidí bailithe doirte, scinceálaithe agus glantóirí is díbhealaitheoirí acu;

    (b)beidh siad feistithe le trealamh chun uisce a chóireáil, lena náirítear uisce báistí, i gcomhréir le ceanglais sláinte agus chomhshaoil.

    2.Beidh an stóráil eagraithe ar bhealach a seachnófar damáiste do na nithe seo a leanas:

    (a)comhpháirteanna agus páirteanna ina bhfuil na leachtanna agus na sreabháin a liostaítear i bpointí 1 agus 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn VII;

    (b)comhpháirteanna, páirteanna agus ábhair a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn VII.

    3.Beidh na nithe seo a leanas ag na láithreáin mar a ndéantar feithiclí a bhfuil a ré caite agus a gcomhpháirteanna, a bpáirteanna agus a gcuid ábhar a chóireáil:

    (a)dromchlaí neamhscagacha le haghaidh limistéir iomchuí agus soláthar saoráidí bailithe doirte, scinceálaithe agus glantóirí is díbhealaitheoirí;

    (b)stóráil iomchuí le haghaidh páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair a baineadh den fheithicil a bhfuil a ré caite, lena náirítear stóráil neamhscagach le haghaidh páirteanna, comhpháirteanna agus ábhair atá éillithe le hola;

    (c)coimeádáin iomchuí chun ceallraí a stóráil (ag a bhfuil neodrú leictrilíte ar an láthair nó áit éigin eile), scagairí agus comhdhlúthadáin ina bhfuil PCB/PCT;

    (d)umair stórála iomchuí ar leithligh le haghaidh stóráil dheighilte sreabhán as feithicil a bhfuil a ré caite: breosla, ola mótair, ola giarbhosca, ola traiseolta, ola hiodrálach, leachtanna fuartháin, oibreán frithreo, leachtanna coscáin, aigéid ceallraí, leachtanna córais aerchóiriúcháin agus aon leacht eile atá san fheithicil a bhfuil a ré caite,

    (e)trealamh chun uisce a chóireáil, lena náirítear uisce báistí, i gcomhréir le rialacháin sláinte agus chomhshaoil;

    (f)stóráil iomchuí le haghaidh boinn chaite, á chur san áireamh gur gá guaiseacha dóiteáin agus stoc‑charnadh iomarcach a chosc.

    4.Saoráidí cóireála údaraithe ag a bhfuil cead feithiclí leictreacha a chóireáil, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán 2023/ [Ceallraí agus Ceallraí Dramhaíola.

    CUID B
    ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE DÍTHRUAILLIÚ

    1.Bainfear na sreabháin agus na leachtanna seo a leanas den fheithicil a bhfuil a ré caite, ach amháin má tá gá leo chun na páirteanna lena mbaineann a athúsáid:

    (a)breosla;

    (b)ola mótair;

    (c)ola traiseolta;

    (d)ola giarbhosca;

    (e)ola hiodrálach;

    (f)leachtanna fuartháin;

    (g)oibreán frithreo;

    (h)leachtanna coscáin;

    (i)leachtanna córais aerchóiriúcháin; agus

    (j)aon leacht eile atá san fheithicil a bhfuil a ré caite.

    Déanfar na coimeádáin bailithe a lipéadú chun an cineál leachta atá iontu a léiriú agus stórálfar ar leithligh ó chéile i suíomh slán iad, i gcomhréir le Cuid A den Iarscríbhinn seo, chun doirteadh nó sceitheadh de thimpiste agus rochtain neamhúdaraithe orthu a chosc.

    2.Bainfear na comhpháirteanna, na páirteanna agus na hábhair seo a leanas d’fheithicil a bhfuil a ré caite:

    (a)neodrófar málaí aeir, umair gáis pheitriliam leachtaithe (GPL), umair gáis nádúrtha chomhbhrúite (CNG), umair hidrigine agus aon pháirt agus comhpháirt eile a d’fhéadfadh a bheith pléascach;

    (b)déanfar córais aerchóiriúcháin agus cuisneáin a chóireáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014;

    (c)comhpháirteanna a shainaithnítear mar chomhpháirteanna a bhfuil mearcair iontu, cuirfear i sreabh in‑sainaitheanta ar leithligh iad le linn cóireála a dhíchumasófar agus a dhiúscrófar go sábháilte i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/98/CE;

    (d)ábhair ina bhfuil substaintí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ar gá iad a lipéadú mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III, déanfar iad a dheighilt le linn na cóireála i sruth inaitheanta, a chuirfear ó ghluaiseacht go sábháilte agus a dhiúscrófar i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/98/CE.

    Na páirteanna, na comhpháirteanna agus na hábhair uile a bhailítear le linn díthruailliú, stórálfar i gcoimeádáin ainmnithe iad. Déanfar na coimeádáin bailithe a lipéadú chun na comhpháirteanna, na páirteanna agus na hábhair atá iontu a léiriú agus stórálfar i suíomh slán iad i gcomhréir le Cuid A, chun doirteadh nó sceitheadh de thimpiste agus rochtain neamhúdaraithe orthu a chosc.

    3.Taifeadfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le díthruailliú na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite:

    (a)dáta agus am na noibríochtaí díthruaillithe;

    (b)an cineál oibríochtaí díthruaillithe a dhéantar;

    (c)cainníocht agus cineál na dramhaíola díthruaillithe, lena náirítear ábhair agus truailleáin arna mbaint nó arna neodrú;

    (d)ainm agus sonraí teagmhála an iompróra dramhaíola, más infheidhme;

    (e)faisnéis teagmhála maidir le láithreán diúscartha deiridh na dramhaíola a bhailítear le linn an phróisis díthruaillithe.

    CUID C

    BAINT SHAINORDAITHEACH PÁIRTEANNA AGUS COMHPHÁIRTEANNA D’FHEITHICLÍ A bhFUIL A RÉ CAITE

    1.Ceallraí feithicle leictrí;

    2.Mótair tiomána leictrí, lena náirítear a gcásálacha agus aon aonad rialaithe, aon sreangú, agus aon pháirt, comhpháirt agus ábhar eile atá bainteach leo;

    3.Ceallraí gluaisteáin mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2023/****[maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola];

    4.Innill;

    5.Tiontairí catalaíocha;

    6.Giarbhoscaí;

    7.Gaothscáthanna, cúlfhuinneoga agus taobhfhuinneoga gloine;

    8.Rothaí;

    9.Boinn;

    10.Deaiseanna;

    11.Páirteanna den chóras faisnéise agus siamsaíochta atá inrochtana go díreach, lena náirítear rialaitheoirí fuaime, loingseoireachta agus ilmheán, lena náirítear taispeáintí ar mó a ndromchla ná 100 ceintiméadar chearnacha;

    12.Ceannlampaí, lena náirítear a ngníomhróirí;

    13.Úmacha sreinge;

    14.Tuairteoirí;

    15.Coimeádáin leachta;

    16.Malartóirí teasa;

    17.Aon chomhpháirt mhiotail aon‑ábhair eile, ar mó a meáchan ná 10 kg;

    18.Aon chomhpháirt phlaisteach aon‑ábhair eile, ar mó a meáchan ná 10 kg;

    19.Comhpháirteanna leictreacha agus leictreonacha:

    (a)inbhéartóirí na bhfeithiclí leictreacha;

    (b)cláir ciorcad priontáilte ar mó achar a ndromchla ná 10 cm2;

    (c)painéil ghréine ar mó achar a ndromchla ná 0,2 m2;

    (d)modúil rialaithe agus boscaí comhla le haghaidh an traiseolta uathoibríoch.

    CUID D

    ATHÚSÁID, ATHMHONARÚ AGUS ATHRIOCHTÚ PÁIRTEANNA AGUS COMHPHÁIRTEANNA

    1.Meastóireacht theicniúil ar na páirteanna agus comhpháirteanna arna mbaint:

    (a)Le haghaidh athúsáide:

    (i)tá an pháirt nó an chomhpháirt feidhmiúil;

    (ii)tá sí oiriúnach lena húsáid, ar bhealach éasca, chun na críche príomhúla dar ceapadh í.

    (b)Athmhonarú nó athriochtú:

    (i)tá an pháirt nó an chomhpháirt iomlán;

    (ii)measúnú ar dhamáiste, feidhmiúlacht laghdaithe nó feidhmíocht agus na deisithe is gá chun an pháirt nó an chomhpháirt a chur ar ais i riocht ina mbeidh sí oiriúnach lena húsáid;

    (iii)níl aon chreimeadh trom ann.

    2.Faisnéis íosta atá le soláthar ar lipéadú na bpáirteanna agus na gcomhpháirteanna:

    (a)ainm na comhpháirte nó na páirte;

    (b)tagairt d’uimhir aitheantais feithicle (VIN) na feithicle ónar baineadh an chomhpháirt nó an pháirt; agus

    (c)ainm, seoladh poist, lena léirítear pointe teagmhála aonair agus seoladh ríomhphoist, seoladh gréasáin, más infheidhme, lena sainaithnítear an toibreoir a bhain an chomhpháirt nó an pháirt.

    CUID E

    COMPHÁIRTEANNA AGUS PÁIRTEANNA NACH bhFUIL LE hATHÚSÁID

    1.Gach mála aeir, lena náirítear cúisíní, gníomhróirí piriteicniúla, aonaid rialaithe leictreonacha agus braiteoirí.

    2.Córais iarchóireála astaíochtaí (e.g. tiontairí catalaíocha, scagairí cáithníní).

    3.Tostóirí sceite.

    4.Cóimeálacha creasa sábhála uathoibríocha nó neamh‑uathoibríocha, lena náirítear strapaí, búclaí, feistí aistarraingthe, gníomhróirí piriteicniúla.

    5.Suíocháin i gcásanna ina nionchorpraítear daingnithe creasa sábhála agus/nó málaí aeir iontu.

    6.Cóimeálacha glais stiúrtha ag gníomhú ar an gcolún stiúrtha.

    7.Baic dúisithe, lena náirítear treasfhreagróirí agus aonaid rialaithe leictreonacha.

    CUID F

    CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE CÓIREÁIL NA bPÁIRTEANNA, NA gCOMHPHÁIRTEANNA AGUS NA nÁBHAR ARNA mBAINT

    1.Déanfar ceallraí gluaisteáin a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE) 2023/****[maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola].

    2.Déanfar ceallraí feithicle leictrí a chóireáil i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (AE) 2023/****[maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola].

    3.Ábhair bhuanmhaighnéid ina bhfuil neoidimiam, diospróisiam nó praiséidimiam (Neoidimiam-Iarann-Bórón (NdFeB)) mar a shainmhínítear in Airteagal 27 de Rialachán [togra le haghaidh Rialacháin maidir le CRManna], copar as mótair tiomána leictrí nach bhfuil oiriúnach lena athúsáid, lena athmhonarú nó lena athriochtú, bainfear iad i gcás ina mbeidh an próiseas bainte indéanta ag saoráidí cóireála údaraithe gan costas iomarcach. I gcás ina mbeidh easpa dul chun cinn teicniúil ann maidir le hábhair bhuanmhaighnéid NdFeB a athchúrsáil, déanfar na mótair tiomána leictrí nó na páirteanna díobh ina bhfuil ábhar buanmhaighnéid a stoc‑charnadh agus a lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán [togra le haghaidh Rialacháin maidir le CRManna].

    4.Comhpháirteanna agus páirteanna leictreonacha arna mbaint, nach bhfuil faoi réir a nathúsáide, a nathmhonaraithe nó a nathriochtaithe, agus codáin neamhfheiriúla, lena náirítear cláir ciorcad priontáilte mhionghearrtha, déanfaidh oibreoirí cóireála iad a chóireáil mar a shonraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/19/AE.

    5.Is éard a dhéanfar le gloine arna baint den fheithicil a bhfuil a ré caite, ar a laghad, í a athchúrsáil ina gloine le haghaidh coimeádán, ina snáithín gloine nó ina táirge de cháilíocht choibhéiseach.

    CUID G

    FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH DÍOLÚINTÍ ÓN OIBLEAGÁID PÁIRTEANNA, COMHPHÁIRTEANNA AGUS ÁBHAIR A BHAINT D’FHEITHICLÍ A bhFUIL A RÉ CAITE

    1.Cóip den chonradh i scríbhinn idir an tsaoráid chóireála údaraithe agus an tsaoráid a dhéanann na hoibríochtaí mionghearrtha agus a úsáideann teicneolaíochtaí iar‑mhionghearrtha, lena náirítear na sonraíochtaí maidir le cáilíocht na nábhar tánaisteach agus an tsonraíocht theicniúil a gcloítear léi chun codáin chóireála ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil.

    2.Tuarascáil ar an anailís shamplach ar cháilíocht agus cainníocht na gcodán cóireála (aschur) i ndáil le cumraíocht chóireála ionadaíoch arna soláthar ag comhlacht neamhspleách.

    3.Aon chineál eile doiciméadachta lena léirítear nach bhfuil cáilíocht agus cainníocht na nábhar ó fheithiclí a bhfuil a ré caite níos lú ná cáilíocht agus cainníocht comhpháirteanna agus páirteanna a baineadh ar leithligh roimh mhionghearradh i gcomparáid leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid C.



    IARSCRÍBHINN VIII

    FAISNÉIS LE hAGHAIDH CLÁRÚ I gCLÁR NA dTÁIRGEOIRÍ

    1.Faisnéis atá le cur isteach ag an táirgeoir nó ag a ionadaí údaraithe le haghaidh freagracht leathnaithe táirgeora:

    (a)ainm, agus ainmneacha branda má tá siad ar fáil faoi, na noibríonn an táirgeoir sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora lena náirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist, lena léirítear pointe teagmhála aonair;

    (b)cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena náirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Eorpach chéannachta chánach nó an uimhir náisiúnta chéannachta chánach;

    (c)catagóirí feithiclí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit;

    (d)faisnéis maidir le conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 16, lena náirítear faisnéise i bhfoirm scríofa maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i)na bearta a chuireann an táirgeoir i bhfeidhm chun na hoibleagáidí freagrachta táirgeora a leagtar síos in Airteagail 16 agus 20 a chomhlíonadh;

    (ii)na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an oibleagáid bailithe a leagtar síos in Airteagal 23 a chomhlíonadh maidir leis an líon feithiclí a chuireann an táirgeoir ar an margadh sa Bhallstát; agus

    (iii)an córas chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a thuairiscítear do na húdaráis inniúla iontaofa;

    (e)ráiteas ón táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionadaí ceaptha an táirgeora um fhreagracht leathnaithe táirgeora nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, lena luaitear go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.

    2.Faisnéis atá le soláthar, i dteannta na faisnéise a liostaítear i bpointe 1, i gcás ina gceaptar eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a dhéanamh:

    (a)ainm agus sonraí teagmhála, lena náirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeora;

    (b)uimhir na heagraíochta um fhreagracht táirgeora ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus a huimhir aitheantais chánach Eorpach nó náisiúnta; agus

    (c)sainordú an táirgeora ionadaithe.

    3.Faisnéis atá le soláthar, i dteannta na faisnéise a liostaítear i bpointe 1, ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcás údarú i gcomhréir le hAirteagal 18(1):

    (a)ainmneacha agus sonraí teagmhála, lena náirítear cóid phoist agus áiteanna poist, sráideanna agus uimhreacha sráideanna, tíortha, uimhreacha teileafóin, seoltaí gréasáin agus seoltaí ríomhphoist na dtáirgeoirí ionadaithe;

    (b)sainordú gach táirgeora ionadaithe, i gcás inarb infheidhme;

    (c)i gcás ina ndéanann an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ionadaíocht ar níos mó ná táirgeoir amháin, tabharfaidh an eagraíocht le fios ar leithligh conas a chomhlíonann gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 16.

    4.I gcás ina ndéanfaidh ionadaí ceaptha um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí oibleagáidí faoi Airteagal 16 a chomhlíonadh thar ceann táirgeora, ar ionadaí é a dhéanann ionadaíocht do bhreis agus táirgeoir amháin, soláthróidh an tionadaí sin, i dteannta na faisnéise a liostaítear i bpointe 1, ainm agus sonraí teagmhála gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe ar leithligh.

    IARSCRÍBHINN IX

    FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA DEIMHNIÚ SCRIOSTA

    1.Ainm, seoladh agus uimhir chlárúcháin nó aitheantais na bunaíochta nó an ghnóthais a eisíonn an deimhniú, i gcás ina soláthraítear uimhir den sórt sin sa chóras náisiúnta clárúcháin nó aitheantais.

    2.Ainm agus seoladh an údaráis inniúil a d’eisigh cead (i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán) don bhunaíocht nó don ghnóthas a eisíonn an deimhniú um scriosadh.

    3.Dáta eisiúna an deimhnithe um scriosadh.

    4.Marc náisiúntachta agus uimhir chlárúcháin na feithicle (doiciméad clárúcháin, i gcás inar ann don doiciméad sin ar páipéar, nó ráiteas ón tsaoráid chóireála údaraithe a d’eisigh an deimhniú á rá gur scriosadh an doiciméad clárúcháin(2) atá le cur i gceangal leis an deimhniú).

    5.Aicme na feithicle, a branda agus a cineál.

    6.Uimhir aitheantais na feithicle (fonnadh).

    7.Ainm, seoladh, náisiúntacht shealbhóir nó úinéir na feithicle a seachadadh.



    IARSCRÍBHINN X

    LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) 2018/858

    8.Is mar a leanas a leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858:

    (1)I gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil G13:

    G13

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    X

    X

    ’;

    (2)leasaítear Aguisín 1 mar a leanas:

    (a)i dtábla 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil G13:

    ‘G13

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    n/bh
    Beidh feidhm, áfach, ag Iarscríbhinn VII Cuid E maidir leis an toirmeasc ar athúsáid na gcomhpháirteanna sonraithe.

    (b)i dtábla 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil G13:

    ‘G13

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    n/bh
    Beidh feidhm, áfach, ag Iarscríbhinn VII Cuid E maidir leis an toirmeasc ar athúsáid na gcomhpháirteanna sonraithe.

    ’;

    (3)i bhFoscríbhinn 2, leasaítear pointe 4 mar a leanas:

    (a)sa tábla ‘Cuid I: I gcás feithiclí de chatagóir M1’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    59

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo] (Ciorclaíocht)

    Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.

    ‘:

    (b)sa tábla ‘Cuid II: I gcás feithiclí de chatagóir N1’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    59

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo] (Ciorclaíocht)

    Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.

    ’;

    (4)Leasaítear Cuid III mar a leanas:

    (a)I bhFoscríbhinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    ‘;

    59

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    N/B

    N/B

    ’,

    (b)i bhFoscríbhinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    ‘;

    59

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    N/B

    N/B

    ’;

    (c)i bhFoscríbhinn 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    59

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    N/B

    ’;

    (d)i bhFoscríbhinn 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 59:

    59

    Ciorclaíocht

    Rialachán [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach uimhir an Rialacháin seo]

    N/B

    N/B

    ’.

    IARSCRÍBHINN XI

    TÁBLA COMHGHAOIL

    1.Treoir 2000/53/CE

    Treoir 2000/53/CE

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 3(1) pointe (1)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 3(1) pointe (2)

    Airteagal 2(3)

    Airteagal 3(1) pointe (22)

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 2(5)

    Airteagal 3(1) pointe (16)

    Airteagal 2(6)

    Airteagal 3(1) pointe (5)

    Airteagal 2(7)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 2(8)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 2(9)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 2(10)

    Airteagal 3(1) pointe (35)

    Airteagal 2(11)

    -

    Airteagal 2(11) pointe (a)

    -

    Airteagal 2(11) pointe (b)

    -

    Airteagal 2(11) pointe (c)

    -

    Airteagal 2(11) pointe (d)

    -

    Airteagal 2(12)

    -

    Airteagal 2(13)

    -

    Airteagal 3(1)

    Airteagal 2(1) pointe (a)

    Airteagal 3(2)

    -

    Airteagal 3(3)

    -

    Airteagal 3(4)

    Airteagal 2(2) pointe (a) agus mír (5)

    Airteagal 3(5)

    Airteagal 2(1) pointe (c) agus mír (5) agus (6)

    Airteagal 4(1) pointe (a)

    Airteagal 5(1)

    Airteagal 4(1) pointe (b)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 4(1) pointe (c)

    Airteagal 6

    Airteagal 4(2) pointe (a)

    Airteagal 5(2) agus (3)

    Airteagal 4(2) pointe (b)(i)

    Airteagal 5(4)(a)

    Airteagal 4(2) pointe (b)(ii)

    Airteagal 5(4)(b)

    Airteagal 4(2) pointe (b)(iii)

    Airteagal 5(4)(c)

    Airteagal 4(2) pointe (b)(iv)

    Airteagal 5(4)(d)

    Airteagal 4(2) pointe (c)

    --

    Airteagal 5(1), an chéad fhleasc

    Airteagal 23(1) agus (2) pointe (c)

    Airteagal 5(1), an dara fleasc

    Airteagal 23(2) pointe (b)

    Airteagal 5(2)

    Airteagal 23(4) fomhíreanna 1 agus 2 pointe (c)

    Airteagal 5(3), an chéad fhomhír

    Airteagal 25

    Airteagal 5(3), an dara fomhír

    --

    Airteagal 5(3), an tríú fomhír

    --

    Airteagal 5(4), an chéad fhomhír

    Airteagal 24(2)

    Airteagal 5(4), an dara fomhír

    Airteagal 16 agus 20(1)(a)

    Airteagal 5(4), an tríú fomhír

    Airteagal 24(2)

    Airteagal 5(4), an ceathrú fomhír

    --

    Airteagal 5(5), an chéad fhomhír

    Airteagal 25(1) agus Iarscríbhinn IX

    Airteagal 5(5), an dara fomhír

    Airteagal 25(5)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 27 (1) agus (3)

    Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 15(1)

    Airteagal 6(2), an dara fomhír

    --

    Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

    Airteagal 30(1) agus Iarscríbhinn VII Cuid C

    Airteagal 6(3), an dara fomhír

    Airteagal 29(1)

    Airteagal 6(4)

    Airteagal 15(2)

    Airteagal 6(5)

    Airteagal 27(5)

    Airteagal 6(6)

    Airteagal 27(4)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 33(1)

    Airteagal 7(2) pointe (a)

    --

    Airteagal 7(2) pointe (b)

    Airteagal 34(1), pointí (a) agus (b)

    Airteagal 7(2), an dara fomhír

    --

    Airteagal 7(2), an tríú fomhír

    Airteagal 49(5)

    Airteagal 7(3)

    --

    Airteagal 7(4)

    --

    Airteagal 7(5)

    --

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 8(4)

    Airteagal 11(1) agus (2)

    Airteagal 9(1a), an chéad fhomhír

    Airteagal 49(1) pointe (j)

    Airteagal 9(1a), an dara fomhír

    Airteagal 49(1) an dara fomhír

    Airteagal 9(1a), an tríú fomhír

    Airteagal 49(1), an tríú fomhír

    Airteagal 9(1b)

    Airteagal 49(2)

    Airteagal 9(1c)

    --

    Airteagal 9(1d)

    Airteagal 49(5)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 9

    Airteagal 9a(1)

    Airteagal 50(1)

    Airteagal 9a(2)

    Airteagal 50(2)

    Airteagal 9a(3)

    Airteagal 50(3)

    Airteagal 9a(4)

    Airteagal 50(4)

    Airteagal 9a(5)

    Airteagal 50(5)

    Airteagal 9a(6)

    Airteagal 50(6)

    Airteagal 10(1)

    --

    Airteagal 10(2)

    --

    Airteagal 10(3)

    --

    Airteagal 10a

    Airteagal 55

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 51(1)

    Airteagal 11(2)

    Airteagal 51(2)

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 57(1)

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 57(2)

    Airteagal 12(3)

    --

    Airteagal 13

    --

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn VII

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III


    2.Treoir 2005/64/CE

    Treoir 2005/64/CE

    An Rialachán seo

    Airteagal 1, an chéad fhomhír

    Airteagal 1

    Airteagal 1, an dara fomhír

    --

    Airteagal 2

    Airteagal 2(1) pointe (a)

    Airteagal 3 pointe (a)

    Airteagal 2(2) pointe (a)

    Airteagal 3 pointe (b)

    Airteagal 2(2) pointe (b)

    Airteagal 3 pointe (c)

    Airteagal 2(2) pointe (c)

    Airteagal 4(1)

    Airteagal 3(1) pointe (1)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 3(2) pointe (b)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 3(1) pointe (3)

    Airteagal 4(4)

    Airteagal 3(1) pointe (2)

    Airteagal 4(5)

    Iarscríbhinn II

    Airteagal 4(6)

    Airteagal 3(2) pointe (b) i gcomhcheangal le hAirteagal 3(1) pointe (1)

    Airteagal 4(7)

    Airteagal 3(2) pointe (b)

    Airteagal 4(8)

    Airteagal 3(2) pointe (b)

    Airteagal 4(9)

    Airteagal 3(1) pointe (5)

    Airteagal 4(10)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 4(11)

    --

    Airteagal 4(12)

    Airteagal 3(2) pointe (a)

    Airteagal 4(13)

    Airteagal 3(1) pointe (4)

    Airteagal 4(14)

    Airteagal 3(1) pointe (6)

    Airteagal 4(15)

    Airteagal 3(1) pointe (7)

    Airteagal 4(16)

    --

    Airteagal 4(17)

    --

    Airteagal 4(18)

    Airteagal 9

    Airteagal 4(19)

    --

    Airteagal 4(20)

    --

    Airteagal 5(1)

    --

    Airteagal 5(2)

    Airteagal 8(1) an dara habairt

    Airteagal 5(3)

    Airteagal 8(4)

    Airteagal 5(4)

    Airteagal 24

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 4(2)

    Airteagal 6(2), an dara fomhír

    Airteagal 5(8)

    Airteagal 6(3)

    Airteagal 11

    Airteagal 6(4)

    --

    Airteagal 6(5)

    --

    Airteagal 6(6)

    --

    Airteagal 6(7)

    --

    Airteagal 6(8)

    --

    Airteagal 7 pointe (a)

    Iarscríbhinn VII Cuid E

    Airteagal 7 pointe (b)

    Iarscríbhinn VII Cuid E

    Airteagal 8

    --

    Airteagal 9

    --

    Airteagal 10(1)

    --

    Airteagal 10(2)

    --

    Airteagal 10(3)

    --

    Airteagal 10(3)

    --

    Airteagal 10(4)

    --

    Airteagal 11(1)

    --

    Airteagal 11(2)

    --

    Airteagal 12

    --

    Airteagal 13

    --

    Iarscríbhinn I

    Airteagal 4 (1)

    Iarscríbhinn II

    --

    Iarscríbhinn III

    --

    Iarscríbhinn VII

    --

    Iarscríbhinn V

    Iarscríbhinn VII Cuid E

    Iarscríbhinn VI

    --

    Top