AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.3.2023
COM(2023) 176 final
2023/0088(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ó bhí 1998 ann, tá an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina gcomhpháirtithe straitéiseacha le haghaidh taighde. Síníodh an chéad ‘Chomhaontú déthaobhach le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá’ (‘an Comhaontú’) in Washington DC an 5 Nollaig 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 1998. Ó shin i leith, cuireadh síneadh leis an gComhaontú ceithre huaire, i.e. in 2003, in 2008, in 2013 agus in 2018 go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Bhí leasú ag gabháil leis an dara síneadh, is é sin leasú chun taighde i réimse na slándála agus an spáis a chur le liosta na n‑earnálacha le haghaidh gníomhaíochtaí comhair (Airteagal 4 den Chomhaontú).
Sonraítear an méid seo a leanas i litir (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú: ‘Tugtar an Comhaontú seo i gcrích le haghaidh tréimhse thosaigh 5 bliana. Faoi réir athbhreithniú ag na Páirtithe sa bhliain deiridh de gach tréimhse chomhleanúnach, féadfar síneadh a chur leis an gComhaontú le leasuithe féideartha, go ceann tréimhsí breise 5 bliana ina dhiaidh sin trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe’.
Rachaidh an Comhaontú atá ann faoi láthair in éag an 14 Deireadh Fómhair 2023.
Is príomhghné de Chur Chuige Domhanda an Aontais i leith taighde agus nuálaíochta é an comhar le Stáit Aontaithe Mheiriceá a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021. Trí chomhghuaillíochtaí taighde agus nuálaíochta a fhorbairt le Stáit Aontaithe Mheiriceá, go déthaobhach agus laistigh d’fhóraim iltaobhacha araon, cuirtear le cumas na hEorpa aistriú glas agus aistriú digiteach rathúil a dhéanamh agus neartófar athléimneacht i gcoinne bagairtí sláinte domhanda agus dúshláin dhomhanda eile. I réimse na heolaíochta agus na teicneolaíochta, comhroinneann an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá bunluachanna maidir leis an eitic, sláine an taighde, an oscailteacht agus an trédhearcacht, agus ceapadh beartas fianaisebhunaithe, rud a fhágann gur comhpháirtithe nádúrtha iad. Trí dhlús a chur lena gcomhpháirtíocht maidir le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, is féidir leis an Aontas agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá bogadh ar aghaidh níos tapúla i dtreo fuinneamh glan; iompar inbhuanaithe agus sábháilte; aigéin ghlana agus an geilleagar gorm; cathracha cliste; sochaí athléimneach agus chuimsitheach; agus dul chun cinn eile a fhreastalóidh ar ár leasanna comhroinnte.
Sa chomhthéacs sin, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar an gcaoi a bhfuil an comhar le Stáit Aontaithe Mheiriceá ag athrú agus ar an gcaoi a gcuireann sé le cuspóirí na straitéise don chomhar idirnáisiúnta. Léirítear go soiléir sa mheasúnú sin go soláthraítear leis an gComhaontú creat tábhachtach chun comhar idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta (E&T), a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr. Is é Clár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht an phríomhionstraim le haghaidh comhair.
Tá an caidreamh atá ag an Aontas le Stáit Aontaithe Mheiriceá san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht níos láidre ná le haon tír eile lasmuigh den Eoraip. I measc tríú tíortha neamhchomhlachaithe, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an tír is gníomhaí ar fad i bhFís 2020. Tá sé sin fíor i gcás méideanna infheistíochta frithpháirtí sa taighde agus san fhorbairt (T&F), sreafaí eolaithe, an líon gníomhaíochtaí comhair agus an líon foilseachán agus paitinní comhscríofa.
Faoin gComhaontú atá ann faoi láthair, tá borradh faoin gcomhar ar an leibhéal déthaobhach agus ar an leibhéal iltaobhach araon. Ar an leibhéal iltaobhach, sampla thar a bheith luachmhar de Chomhghuaillíocht Dhomhanda, arna chur chun cinn ag an Aontas agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, is ea Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan, a spreag go mór coincheap iomlán na gComhghuaillíochtaí Domhanda mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 dá dtagraítear thuas. Sampla eile is ea an tionscnamh Mission Innovation, ar tionscnamh domhanda é de chuid 22 thír agus an Aontais, a bhfuil sé d’aidhm aige dlús a chur leis an iarracht i dtaca le nuálaíocht san fhuinneamh glan. Tá an tAontas ag oibriú go dlúth leis na Stáit Aontaithe i dtionscnaimh iltaobhacha éagsúla eile lena n‑áirítear i réimse na sláinte, an bhithgheilleagair agus fhaire na cruinne. Tá an comhar déthaobhach an-dinimiciúil i réimsí na sláinte, an iompair, na n‑ardábhar, na mbonneagar taighde, na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, na slándála bia agus na talmhaíochta inbhuanaithe, na haeráide agus an chomhshaoil, réimsí ina raibh tábhacht ar leith ag baint le rannpháirtíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhFís 2020 agus i bhFís Eorpach.
An Grúpa Comhairleach deireanach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta, a reáchtáladh an 12 Deireadh Fómhair 2022 ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta, dhearbhaigh sé toilteanas láidir an dá Pháirtí leanúint den chomhar agus é a leathnú i ngach réimse faoin gComhaontú.
Dheimhnigh an dá Pháirtí gur mian leo síneadh a chur leis an gComhaontú trí mhalartú litreacha, i.e. litir ó Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta dar dáta an 7 Samhain 2022, agus litir ó Roinn Stáit Aontaithe Mheiriceá dar dáta an 13 Nollaig 2022.
Trí shíneadh a chur leis an gComhaontú léirítear a thábhachtaí atá Stáit Aontaithe Mheiriceá mar phríomhthír chomhpháirtíochta san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus beifear in ann cur leis na naisc láidre atá ann cheana i raon leathan réimsí téamacha agus bonn taca a chur faoin idirphlé agus faoin gcomhar substaintiúil sa chéad thréimhse 5 bliana eile.
Is ionann substaint an Chomhaontaithe a gcuirfear síneadh leis agus substaint an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta ‘Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach’ (COM(2021)252 final/2).
Leis an Straitéis um an gCur Chuige Domhanda, deimhnítear ról Stáit Aontaithe Mheiriceá mar phríomhthír chomhpháirtíochta don Aontas trí bhéim a leagan ar an méid seo a leanas: ‘Le comhar le Stáit Aontaithe Mheiriceá, lena gcomhroinneann an tAontas ardleibhéil cumais taighde agus nuálaíochta agus luachanna agus prionsabail choiteanna, áirithítear go ndéanfar taighdeoirí, nuálaithe agus na saoráidí is fearr a chomhcheangal agus réitigh ar dhúshláin dhomhanda á lorg. Go háirithe, leis an ngealltanas a thugann na Stáit Aontaithe an athuair i dtaca le spriocanna aeráide agus neartú an oird iltaobhaigh, cuirtear deis ar fáil do chaidreamh athnuaite sa taighde agus sa nuálaíocht. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal ‘A new EU-US agenda for global change’ [Clár oibre nua idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá don athrú domhanda] leagtar amach roinnt tograí le haghaidh comhar le Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus go háirithe glao chun Comhghuaillíocht um Theicneolaíocht Ghlas a bhunú agus Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta nua idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhunú. Ag tógáil ar an téacs sin, molann an Coimisiún freisin an chómhalartacht sa chomhar déthaobhach a mhéadú, agus leibhéil an chomhordaithe agus an chomhleanúnachais idir infheistíochtaí an Aontais agus Stáit Aontaithe Mheiriceá sa taighde agus sa nuálaíocht a ardú, ag tosú le dúshláin aeráide, dhigiteacha, fuinnimh, chomhshaoil agus sláinte.’
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Deimhnítear le Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais gur gné thábhachtach de chuid bheartas seachtrach an Aontais an comhar taighde agus go sainaithnítear comhar taighde mar eilimint riachtanach de naisc shocheacnamaíocha níos láidre, lena n‑áirítear le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ag an gCruinniú Mullaigh deireanach idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, dearbhaíodh an tábhacht a bhaineann le comhar sa taighde agus sa nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna a bhaineann leis an tsláinte dhomhanda agus leis an aistriú glas agus iarradh go mbeadh comhar treisithe ann maidir le taighde agus nuálaíocht, go háirithe i réimsí na sláinte, an fhuinnimh, na n‑aigéan agus tríd an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta a bunaíodh le déanaí.
Le comhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoin gComhaontú, rannchuidítear le cuspóirí beartais uileghabhálacha an Aontais a bhaineann leis an méid seo a leanas go háirithe: i) an tAistriú Glas, mar shampla le tionscnaimh a eascraíonn as an tionscnamh Mission Innovation, as Comhghuaillíocht an Atlantaigh Uile um Thaighde ar an Aigéan, as taighde Artach, as an bhFóram Idirnáisiúnta um an mBithgheilleagar, agus as an nGrúpa um Fhaire na Cruinne (GEO); ii) Sláinte Dhomhanda trí chomhar iltaobhach agus déthaobhach maidir le galair thógálacha, ailse, meabhairshláinte, agus go leor eile; iii) an tAistriú digiteach, nuálaíocht, agus comhroinnt sonraí trí, mar shampla, obair ar mhodheolaíocht um speisialtóireacht chliste, Rochtain Oscailte agus Eolaíocht Oscailte, agus comhar déthaobhach sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá cumhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú go hidirnáisiúnta sa taighde agus i bhforbairt teicneolaíochta bunaithe ar Airteagal 186 CFAE. Is é pointe (a)(v) d’Airteagal 218(6) CFAE bunús dlí nós imeachta an togra.
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá inniúlacht chomhthreomhar chomhroinnte ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíche i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CFAE. Dá bhrí sin, ní féidir gníomhaíocht an Aontais a ionadú le gníomhaíocht na mBallstát.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Oiriúnacht Rialála agus simpliú
Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl ach acmhainní daonna agus riaracháin ag teastáil agus leagtar amach iad sa ‘Ráiteas Airgeadais Reachtach’.
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, iarrann an Coimisiún ar an gComhairle:
-
formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ar shíneadh a chur leis an ‘gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá’, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana (i.e. ó 14.10.2023 go dtí 13.10.2028);
-
Uachtarán na Comhairle a údarú chun go n‑ainmneoidh sé an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú athnuaite seo i bhfeidhm.
2023/0088 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 98/591/CE, d’fhormheas an Chomhairle tabhairt chun críche an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (an ‘Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú in Washington DC an 5 Nollaig 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 1998.
(2)I gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú, tugtar an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse thosaigh 5 bliana. Faoi réir athbhreithniú ag na Páirtithe sa bhliain deiridh de gach tréimhse chomhleanúnach, féadfar síneadh a chur leis an gComhaontú le leasuithe féideartha, go ceann tréimhsí breise 5 bliana ina dhiaidh sin trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe.
(3)Le Cinntí 2004/756/CE, 2009/306/CE, 2014/240/AE agus (AE) 2018/1578 d’fhormheas an Chomhairle síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Rachaidh an Comhaontú atá ann faoi láthair in éag an 14 Deireadh Fómhair 2023.
(4)An measúnú a rinne seirbhísí an Choimisiúin, léiríonn sé go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú creat tábhachtach chun comhar idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta, a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr. Dá bhrí sin is chun leas an Aontais Eorpaigh é síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann tréimhse nua 5 bliana.
(5)Dheimhnigh na Páirtithe gur mian leo síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann 5 bliana leis an malartú litreacha eatarthu, dar dáta an 7 Samhain 2022 agus an 13 Nollaig 2022.
(6)Ba cheart síneadh an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana.
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, thar ceann an Aontais, go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an síneadh leis an gComhaontú i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 12, pointe (b), den Chomhaontú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.FRAMEWORK OF THE PROPOSAL/INITIATIVE
1.1.Title of the proposal/initiative
1.2.Policy area(s) concerned
1.3.The proposal/initiative relates to:
1.4.Objective(s)
1.4.1.General objective(s)
1.4.2.Specific objective(s)
1.4.3.Expected results(s) and impact
1.4.4.Indicators of performance
1.5.Grounds for the proposal/initiative
1.5.1.Requirement(s) to be met in the short or long term including a detailed timeline for roll-out of the implementation of the initiative
1.5.2.Added value of Union involvement (it may result from different factors, e.g. coordination gains, legal certainty, greater effectiveness or complementarities). For the purposes of this point 'added value of Union involvement' is the value resulting from Union intervention which is additional to the value that would have been otherwise created by Member States alone.
1.5.3.Lessons learned from similar experiences in the past
1.5.4.Compatibility with the Multiannual Financial Framework and possible synergies with other appropriate instruments
1.5.5.Assessment of the different available financing options, including scope for redeployment
1.6.Duration and financial impact
1.7.Management mode(s) planned
2.MANAGEMENT MEASURES
2.1.Monitoring and reporting rules
2.2.Management and control system
2.2.1.Justification of the management mode(s), the funding implementation mechanism(s), the payment modalities and the control strategy proposed
2.2.2.Information concerning the risks identified and the internal control system(s) set up to mitigate them
2.2.3.Estimation and justification of the cost-effectiveness of the controls (ratio of "control costs ÷ value of the related funds managed"), and assessment of the expected levels of risk of error (at payment & at closure)
2.3.Measures to prevent fraud and irregularities
3.ESTIMATED FINANCIAL IMPACT OF THE PROPOSAL/INITIATIVE
3.1.Heading(s) of the multiannual financial framework and expenditure budget line(s) affected
3.2.Estimated impact of the proposal on appropriations
3.2.1.Summary of estimated impact on operational appropriations
3.2.2.Estimated output funded with operational appropriations
3.2.3.Estimated impact on appropriations of an administrative nature
3.2.4.Compatibility with the current multiannual financial framework
3.2.5.Third-party contributions
3.3.Estimated impact on revenue
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Straitéis bheartais agus comhordú Ard-Stiúrthóireachtaí RTD, AGRI, CLIMA, JRC, EAC, ENER, GROW, CNECT, MARE, MOVE agus SANTE go háirithe.
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ gníomhaíocht nua
◻ gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht
☑ síneadh a chur le gníomhaíocht atá ann cheana
◻ gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a chumasc nó a atreorú i dtreo gníomhaíocht eile/gníomhaíocht nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú a thuilleadh i réimsí leasa choitinn eolaíochta agus teicneolaíochta.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Leis an gcinneadh seo ba cheart don dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú go déthaobhach agus go hiltaobhach araon agus comhpháirtíocht níos straitéisí a fhorbairt trí scála agus raon feidhme an chomhair atá ann cheana a mhéadú, trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus tríd an rochtain chómhalartach ar chláir agus ar chistiú a chur chun cinn.
1.4.3.Na torthaí agus an tionchar a bhfuil coinne leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an gcinneadh seo féadfaidh an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá araon sochar frithpháirteach a bhaint as an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a bhainfear amach trí ghníomhaíochtaí comhair leanúnacha. Leis sin, féadfar saineolas a mhalartú a thuilleadh agus fios gnó a aistriú, rud a rachaidh chun tairbhe do chomhphobal eolaíochta, d’earnáil tionsclaíochta agus do shaoránaigh an dá Pháirtí.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán leanúnach ar na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gComhaontú, lena n‑áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí comhair. Áireofar leis an meastóireacht sin na heilimintí seo a leanas, i measc eilimintí eile:
(a) táscairí comhair – anailís ar an líon eintiteas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar chineál rannpháirteachais na n‑eintiteas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcláir arna gcistiú ag an Aontas (e.g. an líon tograí, an líon comhaontuithe deontais sínithe, príomhnaisc chomhair, príomhthéamaí; an t‑aschur a ghintear) agus vice-versa (nuair a bhíonn na sonraí ar fáil);
(b) táscairí feidhmíochta — ráta rathúlachta eintiteas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá atá rannpháirteach i gcláir réime an Aontais i gcomparáid le tríú tíortha eile agus le Ballstáit/Tíortha Comhlachaithe; anailís ar cháilíocht na rannpháirtíochta (e.g. an líon ollscoileanna is airde rangú atá rannpháirteach sa chlár, an líon paitinní agus foilseachán a eascraíonn as tionscadail chomhoibríocha);
(c) bailiú sonraí maidir le gníomhaíochtaí comhair agus naisc thar na cláir taighde ar leith agus measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin, amhail rannpháirtíocht i dtionscnaimh iltaobhacha agus i meithleacha.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh ar bhonn céimneach
Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta ar mhaithe le sochar frithpháirteach.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain mar thoradh ar chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Tá méadú seasta ag teacht ar an gcomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas le blianta anuas. Le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh féadfar gníomhaíochtaí lena mbainfidh scála agus raon feidhme méadaithe a bheith ann ar mhaithe le leas na mBallstát uile. Le síneadh a chur leis an gComhaontú seo, féadfaidh an tAontas rochtain níos fearr a fháil ar eolas eolaíochta a tháirgtear i Stáit Aontaithe Mheiriceá, páirt a ghlacadh i níos mó gníomhaíochtaí comhair a mbeidh malartú breise eolais agus teicneolaíochtaí mar thoradh orthu, agus rochtain níos éasca ar mhargadh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo i réimse an chomhair eolaíochta agus teicneolaíochta, meastar gur chun an tsochair fhrithpháirtigh é leanúint den chomhar taighde le Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar chomhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Meastar go bhfuil an síneadh leis an gComhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá comhleanúnach go hiomlán agus i gcomhréir leis an gcreat beartais foriomlán maidir le Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht, is é sin an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 a glacadh le déanaí maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, straitéis na hEorpa le haghaidh comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú (COM(2021)252 final/2)
Lorgófar sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais i réimse an chomhair idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe trí thionscnaimh earnálacha éagsúla de chuid an Choimisiúin, go háirithe tionscnaimh earnálacha éagsúla de chuid Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, CLIMA, JRC, EAC, ENER, GROW, CNECT, MARE, MOVE agus SANTE, i measc Ard-Stiúrthóireachtaí eile.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Tá na riachtanais airgeadais chun an gníomh atá beartaithe a chumhdach ar fáil laistigh den Chlár Fís Eorpach (leithreasuithe riaracháin). Cumhdóidh an Coimisiún comhordú an ghnímh atá beartaithe agus cur chun feidhme an ghnímh go hinmheánach, agus meastar go n‑éileofar 1.5 FTE go bliantúil ar feadh fad an ghnímh atá beartaithe leis an miondealú seo a leanas:
Bliain 2023: 3 mhí de thuarastal de 1.5 oifigeach
Blianta 2024-2027: 12 mhí de thuarastal de 1.5 oifigeach
Bliain 2028: 9 mhí de thuarastal de 1.5 oifigeach
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
☑ tréimhse theoranta
–☑
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 14/10/2023 go dtí an 13/10/2028
–☑
Tionchar airgeadais ón 14/10/2023 go dtí an 13/10/2028
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cur chun feidhme ag a bhfuil tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanfaidh an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);
–◻ an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Barúlacha’ le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Déanfar faireachán rialta ar rannpháirtíocht eintitis Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i ngníomhaíochtaí comhair eile faoin gComhaontú trí chruinnithe den Ghrúpa Comhairleach Comhpháirteach arna bhunú faoi Airteagal 6(b) den Chomhaontú.
2.2.Córas bainistíochta agus rialúcháin
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialúcháin atá beartaithe
Déanfar an tionscnamh atá beartaithe i gcomhthéacs Chlár Réime Fís Eorpach i leith Taighde agus Nuálaíochta a chur chun feidhme trí mhodh na bainistíochta dírí.
Mar ghníomhaíocht a bheidh le déanamh go hiomlán ag oifigeach beartais de chuid an Choimisiúin, is é bainistíocht dhíreach an modh cur chun feidhme is iomchuí. Go sonrach, is príomhghníomhaíochtaí na seirbhíse cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin – ‘Cur Chuige Domhanda & Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht’,Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, – na príomhchúraim ionchasacha is gá maidir le cur chun feidhme cuí na gníomhaíochta atá beartaithe, amhail idirphlé beartais, measúnú ar an timpeallacht comhair idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá sa taighde agus sa nuálaíocht, agus tosaíochtaí comhpháirteacha comhair agus cúraim chomhchosúla a shainaithint.
Féadfar cúraim tacaíochta bhreise de chineál eagrúcháin, lóistíochta, riaracháin agus comhairleach a shannadh faoi chreatchonradh a bheidh ann amach anseo i leith gníomhaíochtaí tacaíochta maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cúraim tacaíochta sin, a cheaptar chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an ghnímh atá beartaithe a mhéadú, agus fanfaidh siad faoina bhainistiú díreach.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialúcháin inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Bíonn cruinnithe agus teagmhálacha déthaobhacha ann ar bhonn rialta trínar féidir eolas agus rialú a roinnt go córasach. Níor aithníodh aon riosca sa chóras rialaithe.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialúcháin ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Bearta coisc agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe a shonrú.
Nuair a éilítear le cur i bhfeidhm an Chláir Réime go n‑úsáidtear conraitheoirí seachtracha nó nuair is éard atá i gceist leis go ndeonaítear ranníocaíochtaí do thríú páirtithe, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi iniúchtaí airgeadais, go háirithe má bhíonn údar amhrais aige i leith nádúr réalaíoch na hoibre arna déanamh nó a ndéantar cur síos uirthi sna tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.
Is iad a thabharfaidh faoi iniúchtaí airgeadais an Aontais Eorpaigh a fhoireann féin nó saineolaithe cuntasaíochta arna bhformheas i gcomhréir le dlí an pháirtí a ndéanfar iniúchadh air. Is faoi shaoirse a roghnóidh an tAontas Eorpach na saineolaithe, agus seachnóidh sé ag an am céanna aon riosca maidir le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl dó ag an bpáirtí a ndéanfar an t‑iniúchadh air. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún, agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí taighde, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh le seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, le bearta agus le pionóis dhíspreagthacha chomhréireacha.
Chun an aidhm seo a bhaint amach, déanfar rialacha maidir le seiceálacha, bearta agus pionóis, agus tagairt iontu do Rialacháin Uimh. 2988/95, Uimh. 2185/96 agus Uimh. 883/2013, a ionchorprú sna conarthaí uile a úsáidtear i gcur chun feidhme an Chláir Réime.
Ní mór, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na pointí seo a leanas sna conarthaí:
- go dtabharfar isteach clásail chonartha shonracha lena gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí sheiceálacha agus rialuithe a dhéanamh maidir leis an obair arna déanamh;
- go ndéanfar seiceálacha riaracháin mar chuid de bhearta frithchalaoise, i gcomhréir le Rialacháin Uimh. 2185/96, Uimh. 883/2013;
go gcuirfear i bhfeidhm pionóis riaracháin le haghaidh na neamhrialtachtaí intinneacha nó faillíocha uile i gcur chun feidhme na gconarthaí, i gcomhréir le Creat-Rialachán Uimh. 2988/95, lena n‑áirítear sásra dúliostála;
gurb amhlaidh nach mór d’aon ordú gnóthaithe i gcás neamhrialtachtaí agus calaoise, a bheith in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Mar bhreis air sin agus mar ghnáthbheart, beidh clár rialaithe ann i leith gnéithe eolaíochta agus buiséadacha, clár a dhéanfaidh an fhoireann fhreagrach in Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta; déanfaidh an tAonad um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta iniúchadh inmheánach; agus déanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa cigireachtaí áitiúla.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceanntheideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal 1 – an Margadh aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha– Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
1
|
01 01 01 01
|
Neamhdhifreáilte
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
|
1
|
01 01 01 03
|
Neamhdhifreáilte
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceanntheideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir [Ceannteideal………………………………………]
|
Leithreasuithe difreáilte (LD) / Leithreasuithe neamhdhifreáilte (LN)
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
☑
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceanntheideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
1
|
‘An Margadh aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha – Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach’
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: Taighde agus Forbairt Theicneolaíoch
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain
2028
|
IOMLÁN
|
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne buiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
·Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid 01 01 01 01
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
(3)
|
0,064
|
0,262
|
0,267
|
0,272
|
0,278
|
0,212
|
1,355
|
|
Líne bhuiséid 01 01 01 03
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
(3)
|
0,003
|
0,012
|
0,012
|
0,012
|
0,012
|
0,009
|
0,060
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
le haghaidh AS RTD
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach
|
(6)
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach
|
(6)
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
Ceanntheideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
IOMLÁN
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>
|
|
• Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
• Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS<…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain 2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
|
Íocaíochtaí
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
An líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain
2028
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,064
|
0,262
|
0,267
|
0,272
|
0,278
|
0,212
|
1,355
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
0,003
|
0,012
|
0,012
|
0,012
|
0,012
|
0,009
|
0,060
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
|
IOMLÁN
|
0,067
|
0,274
|
0,279
|
0,284
|
0,290
|
0,221
|
1,415
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–☑
Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
|
• Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0,375
|
1,5
|
1,5
|
1,5
|
1,5
|
1,125
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE)
|
|
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,375
|
1,5
|
1,5
|
1,5
|
1,5
|
1,125
|
XX is ea an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus foireann shealadach
|
Ullmhúchán agus bainistíocht Cruinnithe den Chomhchoiste atá beartaithe faoi Airteagal 6(b) den Chomhaontú agus misin lena n‑áirithítear dea-fheidhmiú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith le hathbhreithniú rialta.
Déantar ríomhanna go comhréireach de réir fhad an Chomhaontaithe.
|
|
Foireann sheachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–☑
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–☑ ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
–☑
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne bhuiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Cuir isteach an oiread blianta is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Barúlacha eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).