Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0174

    Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú

    COM/2023/174 final

    An Bhruiséil,20.3.2023

    COM(2023) 174 final

    2023/0087(NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Le bliain anuas, cuireadh isteach ar sholáthairtí gáis ón Rúis chuig an Aontas Eorpach mar iarracht d’aon ghnó chun an fuinneamh a úsáid mar arm polaitíochta. Le blianta fada, ba í an Rúis príomhsholáthróir gáis an Aontais. Go stairiúil, bhíodh an tAontas ag brath ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 40 % dá sholáthairtí gáis. Tháinig laghdú leanúnach ar sholáthar an gháis ó bhí mí Feabhra 2022 ann. Níos lú ná 10 % d’allmhairí gáis an Aontais i mí Eanáir 2023 a bhí i sreafaí píblíne an gháis ón Rúis. Ghníomhachtaigh 12 Bhallstát an chéad nó an dara leibhéal géarchéime de bhun aicmiú coiteann an Aontais Eorpaigh, dá bhforáiltear leis an Rialachán um Chinnteacht an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938. Tá an turraing soláthair sin tar éis tionchair mhóra a bheith aici ar leibhéal praghsanna agus luaineacht an gháis agus an leictreachais, ar bhoilsciú, ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais agus mhaicreacnamaíoch an Aontais agus ar na saoránaigh uile cheana féin.

    Idir an dá linn, cé go bhfuil foinsí soláthair éagsúlaithe go gníomhach ag an Aontas chun an laghdú mór ar allmhairí gáis na Rúise a chúiteamh, tá ionchas réalaíoch ann go gcuirfear isteach go hiomlán, ar feadh i bhfad, ar an ngás atá fágtha ón Rúis tráth ar bith. Ní mór don Aontas a bheith ullmhaithe chuige sin agus gníomhaíochtaí réamhchoisctheacha a dhéanamh chun tionchair mórshuaite soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Aontaíonn tromlach mór shaoránaigh an Aontais (84 %) gur cheart don Aontas a spleáchas ar fhoinsí fuinnimh ón Rúis a laghdú a luaithe is féidir. Ina theannta sin, deir 81 % gur ghníomhaigh siad chun a dtomhaltas fuinnimh féin a laghdú ( 1 ).

    Ar an gcúis sin, mhol an Coimisiún an 20 Iúil 2022 Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás, a ghlac an Chomhairle ar deireadh an 5 Lúnasa 2022 mar Rialachán (AE) 2022/1369. Le roinnt míonna anuas, d’oibrigh na Ballstáit go dícheallach agus ghlac siad bearta arb é is aidhm dóibh a n‑éileamh ar ghás faoi seach a laghdú 15 %, dá bhforáiltear leis an rialachán thuasluaite. Mar thoradh air sin, tá laghduithe éifeachtacha 19 % tagtha ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023.

    D’ainneoin an laghdú ar éileamh a baineadh amach agus éagsúlú an tsoláthair, tá deacrachtaí móra fós ann maidir le soláthar fuinnimh, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iomaíochas san Aontas agus don staid eacnamaíoch i gcoitinne. Áirítear ar na rioscaí éileamh ar GNL san Áise a d’fhéadfadh a athphreabadh, rud a d’fhéadfadh infhaighteacht gháis ar an margadh domhanda a laghdú, dálaí aimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta agus do tháirgeadh núicléach agus a cheangal go mbainfí leas níos mó as giniúint cumhachta gásadhainte agus go mbeadh suaitheadh soláthair gáis eile ann, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do líonadh saoráidí stórála gáis faoi thalamh a theastaíonn le haghaidh geimhreadh níos sábháilte 2023-2024. Thairis sin, murab ionann agus an séasúr líonta roimhe sin, ní féidir le séasúr líonta stórála 2023 brath ar 60 bcm de ghás píblíne na Rúise a allmhairíodh isteach san Aontas fós in 2022.

    I dtuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh an 12 Nollaig 2022, measann an Ghníomhaireacht go bhféadfadh ganntanas gáis a bheith ann in 2023, mura bhforlíonfar na bearta atá déanta cheana san Aontas le gníomhaíochtaí breise chun gás a ionadú nó a shábháil. Ina theannta sin, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil a ghabhann leis sin maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/1369 ag leanúint Airteagal 9 de ina ndearnadh anailís ar an laghdú éilimh a baineadh amach, ar na rioscaí agus ar na cásanna soláthair agus ganntanas a d’fhéadfadh a bheith ann go dtí deireadh an chéad gheimhridh eile 2 . Léiríodh i dtorthaí na tuarascála go bhfuil gá le laghdú leanúnach 15 % ar an éileamh go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024 chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit an sprioc stórála 90 % a leagtar amach le Rialachán (AE) 2022/1032 a chomhlíonadh, agus chun leordhóthanacht an tsoláthair agus an éilimh a áirithiú do gheimhreadh 2023/24, rud atá ríthábhachtach do shlándáil an tsoláthair gáis. Gan laghdú leanúnach a dhéanamh ar an éileamh, bheadh stóráil gáis ídithe faoi dheireadh gheimhreadh 2023-2024, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le ganntanas agus suaitheadh gáis.

    Sa tuarascáil, atá bunaithe ar Airteagal 9, léirítear nach n‑áirithítear go líonfar dóthain stórála le linn an tsamhraidh ach le síneadh 12 mhí. Cásanna ina mbeadh tréimhsí laghdaithe éilimh níos giorra, ní bheadh siad leordhóthanach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú ag deireadh gheimhreadh 2023-2024. I gcodarsnacht leis sin, le síneadh le haghaidh tréimhse laghdaithe ó mhí Lúnasa go mí an Mhárta, ní bheadh dóthain ama ann chun stóráil a líonadh ar an leibhéal iomchuí 90 %, agus bheadh deacrachtaí tromchúiseacha ann maidir le slándáil an tsoláthair i dtreo dheireadh an gheimhridh seo chugainn. D’ídeodh aimsir fhuar amháin stóráil iomlán nach mór faoin 31 Márta 2024. De rogha air sin, d’fhágfadh síneadh ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair go mbeadh an stóráil ídithe beagnach go hiomlán faoin 31 Márta 2024, fiú gan teochtaí fuara agus gan aon cheann de na rioscaí eile ar an taobh thíos a bheith ann a ndéantar anailís bhreise orthu sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis. Is é sin le rá, d’fhéadfadh síntí níos giorra ná 12 mhí a bheith ina gcúis le ceannach scaoill, le gníomhaithe Eorpacha ag ceantáil ar a chéile, le praghsanna arda agus le ganntanais fhéideartha.

    Leis an tréimhse níos faide de 12 mhí ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024, laghdófaí an fhéidearthacht go dtarlódh spící praghsanna agus, dá bhrí sin, chuirfí teorainn leis an gcostas ceannacháin gáis do na Ballstáit le haghaidh na méideanna céanna. Thairis sin, le síneadh lena ngabhann tréimhse laghdaithe 12 mhí, tugtar níos mó solúbthachta chun freastal ar na saintréithe éagsúla idir na Ballstáit. Cé go mbíonn sé níos éasca do roinnt Ballstát an t‑éileamh a laghdú sa samhradh (tús‑ualú), bíonn sé níos éasca ag Ballstáit eile an t‑éileamh sa gheimhreadh a laghdú (cúl-ualú). Le tréimhse laghdaithe níos giorra, ní cheadófaí an tsolúbthacht sin. Ina theannta sin, le tréimhse laghdaithe 12 mhí, cheadófaí solúbthacht idir earnálacha: ós rud é go bhfuil an t‑éileamh cónaithe íseal sa samhradh, chuirfeadh síneadh ó mhí Aibreán go mí Dheireadh Fómhair an t‑ualach díréireach ar earnáil na tionsclaíochta agus ar an earnáil cumhachta nach bhfuil chomh solúbtha céanna, rud atá ag brath infhaighteacht foinsí cumhachta malartacha.

    Dá bhrí sin, i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le soláthar na Rúise, dálaí aimsire agus forbairtí sa mhargadh gáis domhanda in 2023, is gá síneadh a chur le laghdú éilimh den aimplitiúid chéanna tar éis dheireadh thréimhse Rialachán (AE) 2022/1369, agus roimh thús an tséasúir líonta, chomh maith leis an ngá atá ann leanúint den laghdú sin thar thréimhse 12 mhí go dtí an 31 Márta 2024.

    Cé is moite de shlándáil an tsoláthair a áirithiú, le laghdú an éilimh d’éascófaí na deacrachtaí eacnamaíocha trí luaineacht na bpraghsanna a laghdú agus tríd an mbrú ar mhargadh gáis teann a laghdú. Cé go ndearnadh na tionchair eacnamaíocha is measa a sheachaint go dtí seo in 2022, tá na margaí gáis domhanda fós an‑srianta in 2023. Sroicheadh buaiceanna stairiúla le praghsanna gáis in 2022 le huasphraghas os cionn 320 €/MWh an 26 Lúnasa agus anois tá siad faoi bhun 45 €/MWh. Mar sin féin, tá praghsanna gáis fós ag leibhéal atá dhá oiread níos airde ná an meánleibhéal a bhí ann go stairiúil.

    Ba cheart leanúint den mheon dlúthpháirtíochta céanna a bhí ann agus nuair a glacadh agus a cuireadh i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1369. Ní leor fós an creat dlíthiúil do chinnteacht an tsoláthair gáis a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh fadtéarmach, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe ag na Ballstáit, a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair sna Ballstáit chomharsanachta a chur i mbaol agus ualach breise a chur ar earnáil tionsclaíochta an Aontais, ar thomhaltóirí an Aontais agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh san Aontas. Cé go bhfuil roinnt Ballstát níos neamhchosanta ar shuaitheadh ná Ballstáit eile, dhéanfaí dochar do gheilleagair na mBallstát uile le haon deacrachtaí nó ganntanais soláthair gáis. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Sábháil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’ ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022, tá sé níos saoire do shaoránaigh agus d’earnáil tionsclaíochta na mBallstát uile, de mheon na dlúthpháirtíochta, leanúint den éileamh a laghdú ar bhealach comhréireach agus soláimhsithe seachas aghaidh a thabhairt ar chiorrúcháin neamhchomhordaithe níos déanaí. Leis an laghdú, leanfaí ar aghaidh leis an gceann reatha, agus ní bheadh sé carnach. Bheadh sé ina laghdú leanúnach 15 % don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 i gcomparáid le tréimhse thagartha ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022, agus, dá bhrí sin, bheadh sé comhionann agus comhréireach leis an laghdú dá bhforáiltear leis an Rialachán atá ann faoi láthair. B’ionann an laghdú sin agus 60 bcm nach n‑ídeofar sa tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024.

    Ag an gComhairle Fuinnimh neamhfhoirmiúil a bhí ar siúl ar an 27 Feabhra 2023, phléigh airí fuinnimh an Aontais an t‑ullmhúchán don chéad gheimhreadh eile agus dá éis sin. Leagadh béim sa phlé sin ar an tuiscint leathan ar rioscaí móra leanúnacha maidir leis an soláthar gáis a bhaineann leis an Rúis agus le margadh domhanda GNL, agus b’fhéidir gur lú an méid gáis atá ar fáil mar gheall ar théarnamh iar-COVID gheilleagar na hÁise. Ina theannta sin, ní féidir neamhaird a thabhairt ar bhagairtí ar bhonneagar criticiúil gáis do sholáthar an Aontais.

    Dá bhrí sin, leis an Rialachán atá beartaithe, leathnaítear Rialachán (AE) 2022/1369 go dtí an 31 Márta 2024 agus déantar foráil maidir le tréimhse laghdaithe fhadaithe ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024, chun a áirithiú go leanfar den laghdú ar an éileamh le linn an tséasúir líonta stórála i samhradh 2023 agus i rith gheimhreadh 2023-2024. Déantar an tréimhse chun an t‑éileamh a laghdú agus an tréimhse thagartha a choigeartú dá réir, chomh maith leis na dátaí in Airteagal 5(5) maidir le líonadh stórála breise agus dáta athbhreithnithe Airteagal 9, chun comhsheasmhacht leis an tréimhse ama fhadaithe a áirithiú.

    Maidir le hoibleagáid faireacháin agus tuairiscithe an tomhaltais gáis chun measúnú a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a baineadh amach in Airteagal 8(1), méadaíodh í ó uair amháin gach dhá mhí go dtí gach mí, ós rud é gur gá figiúirí cothrom le dáta a bheith ann chun cinneadh éifeachtach a dhéanamh maidir le moladh a dhéanamh foláireamh de chuid an Aontais a dhearbhú. Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil sonraí mionsonraithe leordhóthanacha ar fáil ar leibhéal an Aontais chun a chinneadh conas a baineadh amach an laghdú ar an éileamh, tá sé beartaithe miondealú ar an tomhaltas gáis de réir earnála a chur san áireamh sa tuairisciú. Ba cheart go gcabhródh sé sin le tuiscint a fháil ar chineál an laghdaithe ar éileamh a baineadh amach, i.e. an coigilteas, ionadú nó scriosadh éilimh iad laghduithe ar an éileamh agus d’fhágfadh sé go bhféadfaí moltaí níos spriocdhírithe a dhéanamh i bhfianaise iomaíochas thionscal an Aontais a choinneáil ar bun ar leibhéal domhanda.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Leis an ionstraim atá beartaithe, leagtar amach bearta sealadacha, comhréireacha agus urghnácha. Comhlánaítear leis tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, rud lena n‑áirithítear gur féidir le saoránaigh tairbhiú de sholáthairtí gáis slána agus go gcosnaítear custaiméirí in aghaidh mórshuaitheadh soláthair.

    Sreabhann sé go loighciúil ó thionscnaimh atá ann cheana, amhail ‘REPowerEU’, an togra le haghaidh ‘Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis’ agus an tionscnamh ‘Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte’. Tá an tionscnamh atá beartaithe go hiomlán comhlántach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le slándáil an tsoláthair gáis, lenar bunaíodh cheana tacar cuimsitheach rialacha chun saoránaigh agus cuideachtaí a chosaint níos fearr in aghaidh bristeacha sa soláthar. Le Rialachán (AE) 2017/1938, tugadh isteach, inter alia, pleananna éigeandála trína gceanglófaí ar na Ballstáit ullmhú le haghaidh leibhéil géarchéime éagsúla agus plean a dhéanamh le haghaidh bearta a fhéadfaidh siad a dhéanamh i gcás foláireamh náisiúnta. Forlíontar leis freisin Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa. Tá sásraí dlúthpháirtíochta i bhfeidhm, lena n‑áirithítear go n‑oibríonn na Ballstáit i gcomhar thar theorainneacha chun a áirithiú go soláthraítear fuinneamh do na custaiméirí sin i réigiún is mó a bhfuil gá acu leis, i gcás suaitheadh soláthair.

    Tar éis ionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, leag an tAontas Plean REPowerEU amach, plean arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar amach i bPlean REPowerEU bearta a bhaineann le coigilteas fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar dlús a chur le rolladh amach fuinnimh ghlain lena chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, san earnáil tionsclaíochta agus sa ghiniúint cumhachta. Sa chomhthéacs seo, cuireann an tionscnamh atá beartaithe leis na huirlisí atá ar fáil don Aontas cheana féin agus tá sé comhsheasmhach go hiomlán leis na spriocanna a leagtar amach in REPowerEU.

    Le Rialachán (AE) 2022/1032  tugadh isteach oibleagáidí stórála mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ina bhféadfadh ganntanas soláthair agus buaiceanna praghsanna a bheith ann, ní hamháin mar thoradh ar chliseadh an bhonneagair nó ar dhálaí adhaimsire, ach mar thoradh ar athruithe geopholaitiúla freisin, rud a mbíonn suaitheadh níos marthanaí nó suaitheadh tobann sa soláthar ann dá bharr. Leis na hoibleagáidí líonta stórála i Rialachán (AE) 2022/1032, rannchuidítear le slándáil an tsoláthair gáis a chosaint le haghaidh gheimhreadh 2022–2023 agus na dtréimhsí geimhridh ina dhiaidh sin.

    Sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’, arna glacadh an 20 Iúil 2022, leagtar amach na huirlisí atá ar fáil don Aontas cheana féin chun laghdú comhordaithe ar an éileamh a bhaint amach, agus na bearta eile is gá a dhéanamh ionas go mbeidh an tAontas réidh le haghaidh suaitheadh iomlán nó suaitheadh páirteach. Sa tionscnamh atá beartaithe, tugtar freagairt ar na rioscaí méadaithe atá ann mar thoradh ar chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus tá sé go hiomlán comhlántach leis na rialacha atá ann cheana maidir le slándáil an tsoláthair. Cuireann sé síneadh le rialacha Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le laghduithe comhordaithe ar an éileamh agus cuirtear síneadh leis na forálacha maidir le foláireamh ón Aontas a fhógairt. Go deimhin, cé go bhfuil an fhéidearthacht ann cheana féin don Choimisiún éigeandáil a fhógairt ar leibhéal an Aontais, ba cheart síneadh a chur freisin leis an bhféidearthacht foláireamh a fhógairt ar leibhéal an Aontais. Leis an staid atá ann faoi láthair, léirítear go bhféadfadh an foláireamh sin a bheith úsáideach chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile na bearta coisctheacha is gá chun éigeandáil fuinnimh a sheachaint.

    Dá bhrí sin, maidir leis an togra chun Rialachán (AE) 2022/1369 atá ann faoi láthair a leathnú, lena gcumasaítear ullmhúchán comhordaithe le haghaidh géarchéimeanna trí rialacha comhordúcháin níos fearr a thabhairt isteach maidir le laghduithe ar an éileamh agus tríd an bhféidearthacht a chruthú laghduithe éigeantacha uile-Aontais ar an éileamh ar ghás a thabhairt isteach, tá an togra comhlántach leis na forálacha atá ann cheana agus leis na tionscnaimh is déanaí san earnáil fuinnimh, lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis agus lena n‑áirithítear comhordú idir bearta maidir le laghdú ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Is beart urghnách é an togra seo, atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta, atá comhsheasmhach le tacar níos leithne tionscnamh chun athléimneacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus chun ullmhú le haghaidh staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann, ós rud é, leis an togra, go leathnaítear Rialachán (AE) 2022/1369 atá ann faoi láthair go dtí an 31 Márta 2024. Ina theannta sin, tá an togra go hiomlán comhoiriúnach le rialacha na hiomaíochta agus le rialacha an mhargaidh, ós rud é go bhfuil margaí fuinnimh trasteorann feidhmiúla ríthábhachtach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcás ina mbeidh ganntanais soláthair ann. Le rialacha iomchuí sa togra, áiritheofar nach gcuirfidh bearta náisiúnta isteach ar an iomaíocht ná nach gcuirfidh siad sláine an mhargaidh inmheánaigh i mbaol. Foráil a dhéanamh maidir le laghduithe níos comhordaithe ar an éileamh, tá an méid sin i gcomhréir freisin le spriocanna Chomhaontú Glas an Choimisiúin.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) is bunús dlí don ionstraim seo.

    Is éard atá sa ghanntanas soláthairtí gáis atá ann faoi láthair deacracht thromchúiseach i soláthar táirge fuinnimh de bhun Airteagal 122 CFAE. Níl soláthar malartach curtha in ionad sholáthar gáis na Rúise ag an Aontas go fóill, agus faoi láthair tá sé ag brath ar ghás na Rúise le haghaidh níos lú ná 10 % de na hallmhairí píblíne. Dá gcuirfí deireadh iomlán leis na hallmhairí sin, bheadh leibhéil stórála neamhleora ann i mí na Samhna agus d’ídeofaí stóráil iomlán an Aontais le linn shéasúr an gheimhridh, rud a d’fhágfadh go mbeadh rioscaí tromchúiseacha ann do shlándáil an tsoláthair san Aontas. Ina theannta sin, leis na praghsanna eisceachtúla arda atá ann faoi láthair, agus iad a dhá oiread níos airde ná mar a bhí riamh, leagtar béim ar an ngá le gníomhaíocht phráinneach chun praghsanna gáis san Eoraip a laghdú a thuilleadh agus chun iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a chaomhnú. Dá bhrí sin, tá sé sainaitheanta ag ceannairí an Aontais agus ag an gCoimisiún go bhfuil gá práinneach le bearta leantacha le haghaidh gníomhaíocht níos comhordaithe ar an toirt, chun a bheith ullmhaithe níos fearr le haghaidh suaitheadh gáis breise a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na bliana. Leis na bearta a leanfar díobh faoin ionstraim ar feadh tréimhse theoranta ama, cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit uile ullmhú, ar bhealach comhordaithe agus de mheon dlúthpháirtíochta, do ghanntanais soláthair bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann. Le síneadh ama teoranta ar na bearta arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2022/1369, chomh maith le leasuithe spriocdhírithe ar na bearta sin, beidh an tAontas agus na Ballstáit in ann measúnú a dhéanamh ar éifeacht na mbeart sin agus leasuithe buana ar an ngnáthchreat dlíthiúil maidir le slándáil an tsoláthair gáis a mholadh agus a ghlacadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938. Dá bhrí sin, tá údar cuí leis an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Na bearta a bhfuil sé beartaithe leanúint díobh faoin tionscnamh reatha, tá siad i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Mar gheall ar an scála agus an éifeacht mhór a bhain leis na ciorruithe méadaithe a rinne an Rúis ar an soláthar gáis, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá gá le cur chuige comhordaithe leanúnach trí laghdú uile-Aontais ar an éileamh, de mheon na dlúthpháirtíochta, chun laghdú a dhéanamh ar riosca an mhórshuaite a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na míonna geimhridh, tráth a bheidh an tomhaltas gáis níos airde agus tráth a bheidh ar na Ballstáit brath, suas go pointe, ar an ngás a stóráiltear le linn an tséasúir líonta gáis.

    Ós rud é gur géarchéim í an ghéarchéim sa soláthar gáis, chomh maith lena héifeachtaí trasteorann, nach bhfacthas a leithéid riamh, agus i bhfianaise leibhéal comhtháthaithe mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais, tá údar fós le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit astu féin aghaidh a thabhairt go leormhaith agus go héifeachtach, ná ar bhealach comhordaithe, ar an mbaol go mbeidh deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha ann mar thoradh ar arduithe ar phraghsanna agus ar shuaitheadh mór sa soláthar. Is le gníomhaíocht ón Aontas, agus í á spreagadh ag meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, agus leis sin amháin, is féidir a áirithiú nach mbeidh díobháil mharthanach ann do shaoránaigh agus don gheilleagar mar gheall ar shuaitheadh sa soláthar.

    De bharr fairsinge agus éifeachtaí an bhirt, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, agus dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Comhréireacht

    Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 122(1) CFAE. Tá an idirghabháil beartais comhréireach le gné agus nádúr na bhfadhbanna a sainaithníodh agus le gnóthú na gcuspóirí a leagadh amach.

    Ós rud é gur staid gheopholaitiúil í seo nach bhfacthas a leithéid riamh agus gur bagairt mhór í do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, is léir go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar bhonn leanúnach. Dá bhrí sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach. Meastar go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach agus go gcuireann siad, a mhéid is féidir, leis na cineálacha cur chuige atá ann cheana, amhail na leibhéil ghéarchéime agus na pleananna éigeandála atá ann cheana arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938.

    Leis an togra seo, leagtar síos an toradh deiridh atá le gnóthú, i bhfoirm próisis chun oibleagáid maidir le laghdú ar an éileamh atá ceangailteach ó thaobh dlí a leagan amach do na Ballstáit, agus neamhspleáchas iomlán á thabhairt san am céanna do na Ballstáit an bealach is éifeachtaí a roghnú chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh de réir a sainiúlachtaí náisiúnta agus na mbeart dá bhforáiltear cheana sna pleananna éigeandála náisiúnta.

    An rogha ionstraime

    Agus gné na géarchéime fuinnimh á cur san áireamh chomh maith le raon a thionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais, measann an Coimisiún go bhfuil sé oiriúnach gníomhú trí bhíthin rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme láithreach agus go díreach. D’fhágfadh sin go mbeadh sásra tapa, aonfhoirmeach, uile-Aontais ann.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Mar gheall ar íogaireacht pholaitiúil an togra agus ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh go tráthúil, ní fhéadfaí comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, pléadh an t‑ábhar leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, lena n‑áirítear ionadaithe ó na Ballstáit agus ó chomhlachais Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar sholáthróirí, ar oibreoirí bonneagair, ar thrádálaithe agus ar phríomhthomhaltóirí an gháis. Léirigh comhaltaí an Ghrúpa Comhordaithe Gáis le linn a chruinnithe an 16 Feabhra a dtuiscint ar a thábhachtaí atá laghdú leanúnach ar an éileamh mar bheart an‑éifeachtach ó thaobh costais de chun slándáil an tsoláthair a chaomhnú agus a neartú. Ina theannta sin, ardaíodh an pointe le linn chruinniú neamhfhoirmiúil na Comhairle Fuinnimh an 27 Feabhra 2023, cruinniú inar dhearbhaigh na Ballstáit a thábhachtaí atá sé ullmhacht leordhóthanach a bheith ann i bhfianaise an chéad gheimhridh eile 2023/24 agus a thábhachtaí atá ról laghdaithe an éilimh ar ghás sa chomhthéacs sin.

    Cearta bunúsacha

    Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Leis na bearta faoin ionstraim seo, ní dhéanfar difear do chearta na gcustaiméirí a aicmítear mar chustaiméirí faoi chosaint faoi Rialachán (AE) 2017/1938, lena n‑áirítear na custaiméirí teaghlaigh uile. Leis an ionstraim seo, cuirfear ar ár gcumas na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a laghdú, ar rioscaí iad a mbeadh impleachtaí móra acu don gheilleagar agus don tsochaí murach sin.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl gá le hacmhainní breise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh an togra seo.

    5.ACHOIMRE AR NA HATHRUITHE A TUGADH ISTEACH

    Na hathruithe atá beartaithe, a chuireann le torthaí thuarascáil Airteagal 9, is athruithe spriocdhírithe iad a bhfuil raon feidhme teoranta acu ionas go síneofar an laghdú ar éilimh tar éis dheireadh thréimhse Rialachán (AE) 2022/1369 go dtí deireadh an chéad gheimhridh eile:

    In Airteagal 2, tá sé beartaithe an tréimhse thagartha a dtomhaisfear an laghdú ina coinne a athrú i Rialachán (AE) 2022/1369 ón tréimhse idir an 1 Lúnasa 2017 agus an 31 Márta 2022 go dtí an tréimhse idir an 1 Aibreán 2017 agus an 31 Márta 2022.

    In Airteagal 3, cuirtear an tréimhse idir an 1 Aibreán 2023 agus an 31 Márta 2024 in ionad na tréimhse idir an 1 Lúnasa 2022 agus an 31 Márta 2023, inar féidir leis na Ballstáit a dtomhaltas gáis a laghdú ar bhonn deonach.

    In Airteagal 5, cuirfear an tréimhse idir an 1 Aibreán 2023 agus an 31 Márta 2024 in ionad na tréimhse idir an 1 Lúnasa 2022 agus an 31 Márta 2023, inar gá do na Ballstáit a dtomhaltas gáis a laghdú ar bhonn éigeantach de réir foláireamh Aontais arna fhógairt ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.

    In Airteagal 8, in ionad an tuairiscithe dhémhíosúil ar an laghdú a bhaintear amach ar an éileamh, déantar tuairisciú míosúil ar laghdú ar an éilimh maidir le giniúint leictreachais agus teasa, an earnáil tionsclaíochta agus teaghlaigh agus seirbhísí, de réir sainmhínithe agus coinbhinsiúin Eurostat atá ann faoi láthair.

    In Airteagail 9 agus 10, déantar dáta an athbhreithnithe a rinne an Coimisiún agus tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin, faoi seach, a oiriúnú chun síneadh a chur leo go dtí an 31 Márta 2024. Tá feidhm fós ag forálacha Airteagal 5 atá ann cheana, lena n‑aithnítear imthosca sonracha náisiúnta i gcás laghdú éigeantach ar an éileamh mar thoradh ar fholáireamh Aontais. Tá an méid sin amhlaidh go háirithe a mhéid a bhaineann leis na díolúintí le haghaidh Ballstáit nach bhfuil idirnasctha go díreach le córas atá idirnasctha le gás, leis an bhféidearthacht gás a chur san áireamh a ídítear mar bhunábhar le linn na tréimhse tagartha, leis an bhféidearthacht laghdú a dhéanamh ar an laghdú i gcás acmhainneacht onnmhairiúcháin íseal atá á húsáid ag an leibhéal is airde cheana féin, agus ar deireadh, i gcás ina mbeadh riosca géarchéime leictreachais ann, lena n‑áirítear cás ina ndéantar an córas leictreachais a dhíshioncrónú ó thríú tír.

    2023/0087 (NLE)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse laghdaithe éilimh i gcás bearta laghdaithe le haghaidh gáis agus cur chun feidhme an tuairiscithe agus an fhaireacháin ar na bearta sin a threisiú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle( 3 ) laghdú deonach agus más gá, laghdú sainordaitheach a chur ar éileamh an Aontais ar ghás, líonadh stóras a éascú agus ullmhúchán níos fearr a áirithiú le haghaidh aon suaite eile soláthair. Glacadh Rialachán (AE) 2022/1369 ar bhonn Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i bhfianaise na géarchéime soláthair gáis a bhí ar tí tarlú mar thoradh ar ionradh na Rúise gan chúis agus gan údar ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus an ghá a bhí ann go ngníomhódh an tAontas trí bhíthin bearta sealadacha de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát.

    (2)De bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1369, bhí na Ballstáit lena ndícheall a dhéanamh a dtomhaltas gáis a laghdú 15 % ó mhí Lúnasa 2022 go dtí mí an Mhárta 2023. I gcás nach mbeadh bearta chun laghdú deonach a chur ar an éileamh leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le ganntanas tromchúiseach soláthair, tugadh de chumhacht don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/1369, lena spreagfaí oibleagáid maidir le laghdú sainordaitheach ar éileamh. Le míonna anuas, d’oibrigh na Ballstáit go dícheallach agus ghlac siad bearta arb é is aidhm dóibh an téileamh ar ghás a laghdú 15 %, de mheon na dlúthpháirtíochta. Mar thoradh air sin, chonacthas laghduithe éifeachtacha de níos mó ná 15 % ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais ó mhí Lúnasa 2022 go mí Eanáir 2023.

    (3)Tá deacrachtaí móra fós ann maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Níor tháinig feabhas ar an staid dhomhanda ar an margadh gáis ó bhí mí Feabhra 2022 ann agus tá an tAontas fós ag brath ar mhéideanna áirithe gáis ón Rúis chun an téileamh foriomlán ar ghás a shásamh, in ainneoin an laghdaithe ar an éileamh a baineadh amach faoi Rialachán (AE) 2022/1369. Seachnaíodh ciorrú ar an éileamh ar fhuinneamh le haghaidh shaoránaigh an Aontais le bliain anuas mar gheall ar bhearta éifeachtacha maidir le hathlíonadh stóras agus laghdú ar éileamh. Tá 11 Bhallstát fós ag fógairt luathrabhaidh áfach agus tá Ballstát amháin ag fógairt leibhéal foláirimh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil praghsanna gáis fós anard agus nár tháinig feabhas ar an soláthar domhanda ó bhí mí Lúnasa 2022 ann nuair a glacadh Rialachán (AE) 2022/1369, tá práinn le síneadh a chur leis na bearta lenar cuidíodh an ghéarchéim a shrianadh, go háirithe leanúint den laghdú ar éileamh. Dá gcuirfí deireadh leis na bearta maidir le laghdú ar éileamh, bheadh athrú ar an staid chobhsaí leochaileach a bhain an tAontas amach go dtí seo agus rachadh an athléimneacht in aghaidh forbairtí is dócha a bheidh ann sa todhchaí in olcas, amhail deireadh iomlán le hallmhairí ón Rúis. Is práinneach, dá bhrí sin, neamhchosaint an Aontais ar ghanntanas gáis agus ar luaineacht mhór praghsanna a sheachaint.

    (4)Mar gheall ar an laghdú mór ar allmhairí gáis píblíne ón Rúis le bliain anuas, tá laghdú mór ar chumas an Aontais stórais a athlíonadh faoi láthair, i gcomparáid leis an staid a bhí ann i samhradh 2022. Cé gur thosaigh an ghéarchéim fuinnimh anuraidh, le linn 2022, bhí an tAontas in ann tuairim agus 60 bcm de ghás a allmhairiú ón Rúis chun stórais a líonadh, lena náirítear iompar trí phíblíne NordStream 1; le linn samhradh 2022, áfach, chuir an Rúis isteach ar sholáthairtí gáis tríd an bpíblíne sin agus chuir sí stop ar fad leo ar deireadh, píblíne a ndearnadh damáiste chomh mór sin di i mí Mheán Fómhair 2022 le gníomhartha sabaitéireachta nach féidir aon ghás a iompar inti faoi láthair agus nach mbeifear in ann déanamh amhlaidh go ceann i bhfad. Leis na leibhéil allmhairí píblíne gáis atá ann faoi láthair, ní bhfaighidh an tAontas ach 20 bcm d’allmhairí píblíne ón Rúis ar a mhéad, is é sin mura gcuirtear isteach go hiomlán ar na hallmhairí sin. Dá bhrí sin, tá riosca mór ann go bhféadfadh ganntanais gháis a bheith ann san Aontas le linn an gheimhridh seo chugainn 2023 go dtí 2024.

    (5)Déantar na deacrachtaí tromchúiseacha sin níos measa fós mar gheall ar roinnt rioscaí breise agus eilimintí nua atá ann lena náirítear (i) téarnamh in éileamh na hÁise ar GNL lena laghdaítear infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis, (ii) coinníollacha aimsire atá tar éis dul in olcas le déanaí, rud a dhéanann difear don stóráil hidreachumhachta agus don táirgeadh núicléach mar gheall ar leibhéil ísle uisce, (iii) forbairtí nua teicniúla lena méadaítear na rioscaí éiginnteachta maidir le hinfhaighteacht an táirgthe núicléach atá ann cheana agus a fhágann gur gá dul i muinín na giniúna cumhachta gásadhainte, agus (iv) suaití eile a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca leis an soláthar gáis, lena náirítear stop iomlán leis na hallmhairí gáis ón Rúis.

    (6)Mar gheall ar na deacrachtaí tromchúiseacha nua agus leanúnacha sin, déantar difear do chomhlíonadh éileamh an Aontais ar ghás, go háirithe saoráidí stórála faoi thalamh a líonadh ar bhealach tráthúil éifeachtúil le haghaidh geimhreadh 2023-2024, agus don chothromaíocht idir soláthar agus éileamh le linn an gheimhridh seo chugainn.

    (7)I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/1369, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán sin, agus tugtar achoimre ar thorthaí an athbhreithnithe sin sa tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle. Déantar anailís sa tuarascáil ar chásanna éagsúla, cásanna ina gcuirtear síneadh leis na hiarrachtaí laghdaithe éilimh faoin Rialachán agus cásanna nach gcuirtear, lena náirítear síneadh 7 mí ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2023, síneadh 8 mí ó mhí Lúnasa 2023 go mí an Mhárta 2024, agus síneadh bliana ó mhí Aibreáin 2023 go mí an Mhárta 2024. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil nach mbainfí ach 69 bcm amach sna leibhéil stórála faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023 mura leanfaí den laghdú ar éileamh, méid atá go mór faoi bhun na sprice 90 % (89,4 bcm) le haghaidh an 1 Samhain a shonraítear i Rialachán (AE) 2017/1938 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 agus go mbeadh na leibhéil stórála iomlán ídithe faoi mhí Feabhra 2024.

    (8)Maidir leis na cásanna éagsúla a ndearnadh measúnú orthu sa tuarascáil, i gcás síneadh 7 mí ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair 2023, bheadh na stórais líonta go leordhóthanach faoi dheireadh an tsamhraidh 2023 (95 bcm faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus bhainfí an sprioc de 90 % amach). Ós rud é go mbíonn an téileamh ar ghás dhá oiread níos mó le linn gnáthgheimhridh ná mar a bhíonn sé sa samhradh áfach, bheadh na stórais beagnach iomlán ídithe faoi dheireadh an gheimhridh seo chugainn (9 bcm faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024). Tugtar le tuiscint leis sin gur ábhar mór imní í slándáil an tsoláthair agus fágann sé go mbeadh sé andeacair na stórais a líonadh go leordhóthanach le haghaidh an gheimhridh ina dhiaidh sin. I gcás síneadh 8 mí ó mhí Lúnasa 2023 go dtí mí an Mhárta 2024, líonfaí na stórais go rómhall, ní bhainfí ach 80 bcm amach faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2023, méid a bheadh go mór faoi bhun na sprice, agus thitfeadh na leibhéil stórála faoi bhun 30 % faoi dheireadh an gheimhridh seo chugainn (faoi bhun 28 bcm), rud ba chúis le himní mhór faoi shlándáil an tsoláthair agus a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair stórais a líonadh go leordhóthanach le haghaidh an gheimhridh ina dhiaidh sin. Ní bhainfí an sprioc 90 % le haghaidh na stóras amach faoin 1 Samhain 2024 ach i gcás síneadh bliana lena ngabhfadh laghdú leanúnach 15 % ar éileamh ó mhí Aibreáin 2023 go dtí mí an Mhárta 2024, bhainfí 89,4 bcm amach faoin 1 Samhain 2023 agus d’fhéadfadh sé go mbeadh na Ballstáit ar an mbóthar ceart chun an sprioc atá acu féin le haghaidh an 1 Bealtaine a bhaint amach agus 43 bcm a bheith stóráilte ar leibhéal an Aontais faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024.

    (9)I bhfianaise air sin, tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil gá le laghdú leanúnach 15 % ar éileamh thar thréimhse 12 mhí go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024 chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit an sprioc stórála 90 % a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 a chomhlíonadh, ar sprioc í atá ríthábhachtach le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis, agus chun aon bhearna sholáthair a sheachaint le linn an gheimhridh seo chugainn.

    (10)Cé gur féidir leis na Ballstáit a chinneadh cé na bearta is iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna stórála, ní féidir é sin a bhaint amach gan bearta maidir le laghdú ar éileamh. Tagtar ar an gconclúid sa tuarascáil go deimhin nach mbeadh méideanna leordhóthanacha gáis sa mhargadh chun an oibleagáid a chomhlíonadh i ngach Ballstát. Ciallaíonn sé sin nach féidir le gach Ballstát go fisiceach na stórais a líonadh go leibhéil leordhóthanacha, agus is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ann maidir le slándáil an tsoláthair ag deireadh an gheimhridh 2023-2024.

    (11)Léirítear sa tuarascáil freisin go bhfuil gá le laghdú ar an tomhaltas gáis atá comhréireach leis an laghdú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/1369 le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024. Bheadh an laghdú sínte is gá ag freagairt do laghdú 15 % le haghaidh na tréimhse ón 1 Aibreán 2023 gó dtí mí an Mhárta 2024 i gcomparáid le tréimhse thagartha ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022. Leis an síneadh ar na bearta maidir le laghdú ar éileamh agus leis an síneadh ar an tréimhse laghdaithe, thabharfaí solúbthacht don mhargadh freisin chun srian a chur ar an luaineacht i bpraghsanna gáis agus chuirfí cosc ar mhéaduithe praghais amhail na méaduithe a chonacthas in 2022.

    (12)I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an téileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh measartha fiú tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis. Tá feidhm ag an oibleagáid líonta stóras gáis ach amháin má fhógraítear éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938. Dá bhrí sin, mar gheall ar shuaitheadh tobann 10 % sna hallmhairí píblíne gáis chuig an Aontas, bheadh gá le bearta ollmhóra ar leithligh a dhéanfadh na Ballstáit chun an oibleagáid líonta stóras a chomhlíonadh nó bheadh éigeandáil Aontais nó éigeandáil réigiúnach le fógairt, mura leanfaí den laghdú deonach comhordaithe ar éileamh. Tá an laghdú sínte comhordaithe ar éileamh a dhéanfadh na Ballstáit uile de mheon dlúthpháirtíochta fíor-riachtanach chun an toilleadh stórála a athlíonadh ar bhealach éifeachtúil leis an suaitheadh is lú is féidir ar an margadh, rud atá ríthábhachtach fós le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis roimh gheimhreadh 2023-2024.

    (13)Is beart éigeandála é an síneadh mar fhreagairt ar na deacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha agus nua atá ann i dtaobh an tsoláthair fuinnimh, deacrachtaí lena mbaineann riosca géarchéime a d’fhéadfadh teacht chun cinn go tapa agus lena gceanglaítear an tréimhse laghdaithe éilimh ar ghás a oiriúnú chun síneadh a chur leis an laghdú deonach ar an éileamh ar ghás agus chomh maith leis sin chun a áirithiú go mbeidh an deis ann foláireamh Aontais a fhógairt agus an laghdú sainordaitheach comhfhreagrach ar an éileamh ar ghás a spreagadh tar éis mí an Mhárta 2023.

    (14)Mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ann le haghaidh na mBallstát uile mar gheall ar ghanntanas gáis i mBallstát amháin, is iad sin ganntanas fisiceach sa soláthar gáis, luaineacht praghsanna nó suaitheadh slabhraí tionsclaíocha mar gheall ar chiorrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann i dtionscadail shonracha i mBallstát. Thairis sin, de mheon na dlúthpháirtíochta, is féidir leis na Ballstáit uile rannchuidiú na rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh a laghdú agus an luaineacht i bpraghsanna gáis a shrianadh tríd an éileamh uathu uile a laghdú. Tá méadú mór tagtha ar an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag meon sin na dlúthpháirtíochta fiú le bliain anuas agus cumais nua idirnasctha Soir agus cumais bhreise allmhairiúcháin GNL á bhforbairt lena ndéantar nasc níos fearr idir na Ballstáit agus saoráidí athghásaithe GNL, go fisiceach nó go fíorúil.

    (15)Tá práinn leis an ngá chun gníomhú mar go dtosaíonn an séasúr líonta stóras i mí Aibreáin 2023. I bhfianaise na ndeacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha agus nua a dtugtar tuairisc orthu thuas, mura gcuirfí síneadh leis an laghdú comhordaithe ar éileamh in am roimh an líonadh stóras, bheadh éifeachtaí aige sin láithreach ar na treochtaí maidir le stórais a líonadh agus/nó ar choinníollacha margaidh, nithe a mbeadh tionchar acu ar shlándáil an tsoláthair agus ar luaineacht praghsanna.

    (16)Le hAirteagal 122(1) CFAE, cuirtear ar a cumas don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann deacrachtaí móra chun cinn maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is staid den sórt sin í an ghéarchéim atá ann faoi láthair maidir leis an soláthar gáis, táirge fuinnimh. Dá bhrí sin, is gá síneadh sealadach a chur leis na bearta a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2022/1369 agus leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar na bearta sin chun freagairt don staid leanúnach de mheon dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, tá údar maith leis an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

    (17)De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/1369, tá na Ballstáit leis an laghdú ar éileamh a bhaintear amach a thuairisciú don Choimisiún gach 2 mhí, tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin, trí Eurostat. Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, nach bhfuil tréimhse tuairiscithe 2 mhí leordhóthanach chun figiúirí atá cothrom le dáta a sholáthar chun cinneadh éifeachtach a dhéanamh faoi mholadh a dhéanamh foláireamh Aontais a fhógairt. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a dtomhaltas gáis a thuairisciú chun measúnú a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a bhaintear amach gach mí. Chun na bearta a dhíriú ar bhealach níos fearr d’fhonn an téileamh a laghdú, ba cheart an faireachán ar thomhaltas gáis ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith ag brath ar thuairisciú lena náirítear miondealú ar thomhaltas gáis le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa, teaghlach agus seirbhísí de réir na sainmhínithe agus na gcoinbhinsiún a bunaíodh i Rialachán (CE) 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh.

    (18)I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/1369, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh agus ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe sin, tá an Coimisiún i dteideal a mholadh go gcuirfí síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Chun an síneadh le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1369 atá beartaithe anois a chur san áireamh, ba cheart dáta nua athbhreithnithe a leagan síos le haghaidh an 1 Márta 2024.

    (19)Ba cheart na bearta leathnaithe agus modhnaithe maidir le laghdú ar éileamh a bheith ina mbearta sealadacha go fóill agus ba cheart feidhm a bheith leo go dtí deireadh an chéad séasúir eile geimhridh. Ar bhonn an athbhreithnithe nua atá le déanamh faoin 1 Márta 2024, ba cheart don Choimisiún, más iomchuí, a bheith in ann a mholadh go gcuirfí síneadh leis an tréimhse cur i bhfeidhm.

    (20)Dá bhrí sin ,ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2022/1369 go dtí an 31 Márta 2024. Na leasuithe a dhéanfar ar Rialachán (AE) 2022/1369, ba cheart feidhm a bheith leo ón 1 Aibreán 2023 toisc gur gá sin chun laghdú leanúnach 15 % ar éileamh a áirithiú thar thréimhse 12 mhí ó mhí Aibreáin 2023 go dtí deireadh mhí an Mhárta 2024 agus chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha, do na Ballstáit agus don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (21)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1369 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2022/1369

    Leasaítear Rialachán (AE) 2022/1369 mar a leanas:

    (1)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6):

    (a)‘(5) ciallaíonn ‘tomhaltas gáis tagartha’ toirt meántomhaltais gáis Ballstáit le linn na tréimhse tagartha; i gcás na mBallstát inar tháinig méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha, ní chiallaíonn ‘tomhaltas gáis tagartha’ ach toirt an tomhaltais gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022;

    (b)‘(6) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022.

    (2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    Airteagal 3

    Laghdú deonach ar éileamh

    Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a dtomhaltas gáis a laghdú sa tréimhse ón 1 Aibreáin 2023 go dtí an 31 Márta 2024 faoi 15 % ar a laghad i gcomparáid lena meántomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2022 (‘laghdú deonach ar éileamh’). Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir leis na bearta deonacha sin maidir le laghdú ar éileamh.

    (3)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Chun críche laghdaithe shainordaithigh ar éileamh, fad a bheidh an foláireamh Aontais á fhógairt, beidh an tomhaltas gáis i ngach Ballstát thar an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (‘an tréimhse laghdúcháin’) 15 % níos ísle i gcomparáid lena thomhaltas gáis tagartha. Aon laghdú ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse sular fógraíodh an foláireamh Aontais, cuirfear san áireamh é chun críoch an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.

    (4)in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a chríoch. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach mí agus tráth nach déanaí ná an 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin faoin tomhaltas gáis (i dteirigiúil, TJ). Cuimseoidh na Ballstáit sa tuairisciú miondealú ar an laghdú ar éileamh ar ghás in aghaidh na n‑earnálacha, lena n‑áirítear an t‑éileamh ar ghás sna hearnálacha seo a leanas:

    (a)    ionchur le haghaidh giniúint leictreachais agus teasa;

    (b)    tomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil na tionsclaíochta;

    (c)    tomhaltas deiridh fuinnimh teaghlach agus seirbhísí.

    Chun críoch na míre seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus ag na coinbhinsiúin a bunaíodh i Rialachán (CE) 1099/2008 maidir le staidreamh fuinnimh.

    Tabharfaidh an Grúpa Comhordaithe Gáis cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar an laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh.’

    (5)in Airteagal 9, cuirtear ‘1 Márta 2024’ in ionad ‘1 Bealtaine 2023’;

    (6)in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    ‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Márta 2024.’.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023.

    Beidh feidhm aige go dtí an 31 Márta 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2872
    (2)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2022/1369 (COM(2023) 173) agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD (2023) 63)
    (3)    Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).
    Top