Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0055

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin

    COM/2023/55 final

    An Bhruiséil,3.2.2023

    COM(2023) 55 final

    2023/0019(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam 1 (‘an Comhaontú’) i ndáil le Cinneadh ón gCoiste um Thrádáil a bhfuil sé beartaithe é a glacadh, cinneadh lena leasaítear Prótacal 1 den Chomhaontú maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

    Síníodh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam an 30 Meitheamh 2019. Glacadh an Comhaontú le Cinneadh (AE) 2020/753 ón gComhairle an 30 Márta 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2020.

    2.2.An Coiste um Thrádáil agus an Coiste um Chustaim

    Bunaítear an Coiste um Thrádáil de bhun Airteagal 17.1 (‘an Coiste um Thrádáil’) den Chomhaontú. I measc freagrachtaí eile, déanfaidh an Coiste um Thrádáil obair na gcoistí agus na meithleacha speisialaithe, agus na gcomhlachtaí ar fad eile arna mbunú faoin gComhaontú seo a mhaoirsiú agus a chomhordú, molfaidh sé aon ghníomhaíocht is gá do na comhlachtaí sin, agus déanfaidh sé cinntí a mheas agus a ghlacadh, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Chomhaontú seo, maidir le haon ábhar a chuirfidh na comhlachtaí sin faoina bhráid.

    Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 36 (‘an Coiste um Chustaim’) de Phrótacal 1 den Chomhaontú: ‘Féadfaidh an Coiste um Chustaim arna bhunú de bhun Airteagal 17.2 (Coistí Speisialaithe) den Chomhaontú seo athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an Phrótacail seo agus togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh atá le glacadh ag an gCoiste um Thrádáil chun é a leasú’.

    2.3.Gníomh beartaithe an Choiste um Thrádáil lena leasaítear Prótacal 1 den Chomhaontú maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin

    I gcomhréir le hAirteagal 36 de Phrótacal 1 den Chomhaontú, cuirfidh an Coiste um Chustaim, trí nós imeachta i scríbhinn, togra faoi bhráid an Choiste um Thrádáil le haghaidh cinneadh lena leasaítear Prótacal 1 den Chomhaontú maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin, agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis. Glacfaidh an Coiste um Thrádáil an Cinneadh sin trí nós imeachta i scríbhinn tar éis an dara cruinniú a bheidh aige an 25 Deireadh Fómhair 2022.

    Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Prótacal 1 den Chomhaontú a leasú maidir leis na heilimintí seo a leanas:

    Prótacal 1 a thabhairt cothrom leis an leagan is déanaí den ainmníocht a rialaítear leis an gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (an Córas Comhchuibhithe);

    an focal ‘aonair’ a shoiléiriú sa riail maidir le táirgí a aicmítear i gCaibidil 19 den Chóras Comhchuibhithe;

    riail a chur isteach le haghaidh táirgí a aicmítear i gCaibidil 41 den Chóras Comhchuibhithe;

    riail a chur isteach le haghaidh táirgí cniotáilte nó cróiseáilte a bhaineann le Ceannteideal 6212 den Chóras Comhchuibhithe;

    soiléiriú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm lamháltais le haghaidh táirgí teicstíle a aicmítear i gCaibidil 62 den Chóras Comhchuibhithe.

    Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 17.1 den Chomhaontú.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear ar na ‘gníomhartha... a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 2 .

    4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Is comhlacht é an Coiste um Thrádáil a cuireadh ar bun le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam.

    Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar an gCoiste um Thrádáil a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17.1 den Chomhaontú.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó príomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin, an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchomhpháirt.

    4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

    Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

    Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

    5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

    Ós rud é go ndéanfar, le gníomh an Choiste um Thrádáil, Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

    2023/0019 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)hug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/753 3 ón gComhairle an 30 Márta 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2020.

    (2)De bhun Airteagal 36 de Phrótacal 1 den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Chustaim togra a thíolacadh le haghaidh Cinneadh chun forálacha Phrótacal 1 a leasú, cinneadh a bheidh le glacadh ag an gCoiste um Thrádáil.

    (3)De bhun Airteagal 17.1 (an Coiste um Thrádáil) den Chomhaontú, déanfaidh an Coiste um Thrádáil cinntí a mheas agus a ghlacadh, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Chomhaontú seo, maidir le haon ábhar a chuirfidh an Coiste um Chustaim faoina bhráid.

    (4)Tá an Coiste um Thrádáil le Cinneadh a ghlacadh lena leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1.

    (5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chustaim agus sa Choiste um Thrádáil a leagan síos, ós rud é go mbeidh Cinneadh an Choiste um Thrádáil ina cheangal ar an Aontas.

    (6)Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’). Tá gá leis an gCinneadh chun Prótacal 1 agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta chun an leagan is déanaí de CC a léiriú.

    (7)Níl aon choinníoll in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212 a mheas mar tháirgí leoroibrithe nó leorphróiseáilte. Ní fhéadfar an riail i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin, ós rud é go bhfuil an riail teoranta do tháirgí ‘nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte’. Dá bhrí sin, ba cheart riail shonrach a chur isteach maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212.

    (8)Tá an t-oibriú nó an phróiseáil is gá le haghaidh táirgí a aicmítear i gCaibidil 41 in easnamh sa cholún ábhartha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1. Ba cheart an méid sin a chur isteach.

    (9)Féadfar an focal ‘aonair’ sa tríú agus sa cheathrú coinníoll den oibriú nó den phróiseáil is gá le haghaidh táirgí atá i gCaibidil 19 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla a mhéid a bhaineann le cion na n-ábhar atá i gCaibidil 4 agus le cion an tsiúcra. Chun an riail a shoiléiriú, ba cheart an focal ‘aonair’ a scriosadh sa dá chás.

    (10)Ní thagraítear do na lamháltais le haghaidh na dtáirgí teicstíle i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 sna rialacha malartacha éagsúla maidir leis an oibriú nó an phróiseáil is gá. Ba cheart é sin a chur ina cheart,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chustaim agus sa Choiste um Thrádáil, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste um Chustaim agus sa Choiste um Thrádáil mionathruithe teicniúla ar an gCinneadh a chomhaontú.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo ar an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 186, 12.6.2020, lch. 3.
    (2)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (3)    IO L 186, 12.6.2020, lch. 3.
    Top

    An Bhruiséil,3.2.2023

    COM(2023) 55 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil a bunaíodh leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin


    CINNEADH Uimh. 2022/01

    an Choiste um Thrádáil

    an … 

    lena modhnaítear Iarscríbhinn II (Liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá) a ghabhann le Prótacal 1, maidir le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin

    An Coiste um Thrádáil,

    Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe mír 1 d’Airteagal 36 de Phrótacal 1, agus fomhír (c) de mhír 3 d’Airteagal 17.1 den Chomhaontú,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 36 de Phrótacal 1 go bhféadfaidh an Coiste um Chustaim athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 1 agus togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh atá le glacadh ag an gCoiste um Thrádáil chun é a leasú.

    (2)Foráiltear le mír 1 d’Airteagal 17.4 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinntí ceangailteacha a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Chomhaontú.

    (3)Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’). Chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a thabhairt cothrom le dáta, ina bhfuil an liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá chun na leasuithe ar CC 2022 a léiriú.

    (4)Níl aon choinníoll in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212 a mheas mar tháirgí leoroibrithe nó leorphróiseáilte. Ní fhéadfar an riail i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin, ós rud é go bhfuil an riail teoranta do tháirgí ‘nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte’. Dá bhrí sin, ba cheart riail shonrach a chur isteach maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212.

    (5)Tá an t-oibriú nó an phróiseáil is gá le haghaidh táirgí a aicmítear i gCaibidil 41 in easnamh sa cholún ábhartha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1. Ba cheart an méid sin a chur isteach.

    (6)Féadfar an focal ‘aonair’ sa tríú agus sa cheathrú coinníoll den oibriú nó den phróiseáil is gá le haghaidh táirgí atá i gCaibidil 19 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla a mhéid a bhaineann le hábhar na n-ábhar atá i gCaibidil 4 agus le cion an tsiúcra. Chun an riail a shoiléiriú, ba cheart an focal ‘aonair’ a scriosadh sa dá chás.

    (7)Ní thagraítear do na lamháltais le haghaidh na dtáirgí teicstíle i gCaibidil 62 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 sna rialacha malartacha éagsúla maidir leis an oibriú nó an phróiseáil is gá. Ba cheart é sin a chur ina cheart.

    (8)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, ina bhfuil an liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá a dhéanamh ar ábhair neamhthionscnaimh chun go bhféadfar stádas tionscnaimh a bhaint amach don táirge monaraithe, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.

    Arna dhéanamh i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sa Vítneaimis, agus comhúdarás ag gach téacs.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus in Hanáí, [cuir isteach an dáta]

    Thar cheann an Choiste Trádála

    Na Comhchathaoirligh

    -----------------------------------------        ----------------------------------------------------------



    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:

    (1)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘0305’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;

    (2)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís;

    (3)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0307’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;

    (4)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Inveirteabraigh uisceacha nach crústaigh ná moilisc iad, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha deataithe, nach crústaigh ná moilisc iad, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís’;

    (5)Idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’ agus an ró a bhaineann le ‘ex Caibidil 4’, cuirtear an ró nua seo a leanas isteach:

    ‘0309

    Plúir, min agus millíní ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc agus ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

    Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 3, agus iad á n-úsáid, faighte go hiomlán.’;

    (6)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 15’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; cé is moite den mhéid seo a leanas:’;

    (7)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘1516 agus 1517’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu;

    Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi Cheannteideal 1516’;

    (8)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 16’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile, nó ó fheithidí’;

    (9)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 19’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é, agus lena mbaineann na nithe seo a leanas:

    — ní mó meáchan na n-ábhar faoi Chaibidlí 2, 3 agus 16 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;

    — ní mó meáchan na n-ábhar atá faoi Cheannteidil 1006 agus 1101 go 1108 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;

    — ní mó meáchan na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;

    — ní mó meáchan an tsiúcra a úsáidtear lena linn ná 40 % de mheáchan na dtáirgí deiridh; agus

    — ní mó meáchan carntha an tsiúcra agus na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 50 % de mheáchan an táirge deiridh.

    (10)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 24’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá ceaptha le hiontógáil nicitín i gcorp an duine; cé is moite den mhéid seo a leanas:’;

    (11)Idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 2402’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 25’, cuirtear na ceithre ró nua seo a leanas isteach:

    ‘2404 12

    Táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, nach bhfuil tobac ná tobac athdhéanta iontu, agus a bhfuil nicitín iontu

    Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó

    monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.

    ex 2404 19

    Cartúis agus athlíonta, iad líonta le haghaidh toitíní leictreonacha

    Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó

    monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.

    2404 91

    Táirgí eile seachas táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, lena n-úsáid de bhéal

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é, agus lena mbaineann na nithe seo a leanas:

    — ní mó meáchan aonair na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 20 % de mheáchan an táirge deiridh;

    — ní mó meáchan aonair an tsiúcra a úsáidtear lena linn ná 40 % de mheáchan an táirge deiridh; agus

    — ní mó meáchan carntha iomlán an tsiúcra agus na n-ábhar faoi Chaibidil 4 a úsáidtear lena linn ná 50 % de mheáchan an táirge deiridh.

    2404 92,

    2404 99

    Táirgí eile seachas táirgí atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán, lena n-úsáid go trasdeirmeach agus ar bhealaí eile seachas úsáid de bhéal

    Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é. Mar sin féin, féadfar ábhair atá faoi aon cheannteideal leis an táirge a úsáid, ar choinníoll nach mó a luach iomlán ná 20 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha; nó

    monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn’;

    (12)Cuirtear an dá ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 38’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘3823’:

    ‘ex 3816

    Meascán pulctha dolaimíte

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é; nó 
    monarú nach mó luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn ná 70 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha.

    ex 3822

    Fearais tástála diagnóisí maláire

    Táirgí imdhíoneolaíocha, nach bhfuil measctha, ná cóirithe ina ndáileoga tomhaiste ná i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol

    Táirgí imdhíoneolaíocha, iad measctha, nach bhfuil cóirithe ina ndáileoga tomhaiste ná i bhfoirmeacha ná i bpacáistí lena miondíol

    Táirgí imdhíoneolaíocha, iad cóirithe ina ndáileoga tomhaiste nó i bhfoirmeacha nó i bpacáistí lena miondíol

    Imoibrithe fuilghrúpála

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal.’;

    (13)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 41’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:

    ‘Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é’;

    (14)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 62’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’:

    ‘Fí lena ngabhann cur le chéile (lena n-áirítear gearradh) (3), (5); nó

    cur le chéile agus priontáil roimhe lena ngabhann dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche ar a laghad (amhail sciúradh, tuaradh, meirsiriú, teaschóiriú, ardú, cleandráil, próiseáil fhrithchrapthach, bailchríochnú buan, díchaitiú, tuile, deisiú agus díshnaidhmeadh), ar choinníoll nach mó luach na fabraice neamhphriontáilte a úsáidtear ná 47,5 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha (3), (5)’;

    (15)Idir an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6202, ex 6204, ex 6206, ex 6209 agus ex 6211’ agus an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6210 agus ex 6216’, cuirtear trí ró nua isteach mar a leanas:

    ‘ex 6212

    Cíochbhearta, sursaingí, cóirséid, guailleáin, crochóga, gairtéir agus baill éadaigh chomhchosúla agus codanna díobh, iad cniotáilte nó cróiseáilte

    - - A fhaightear trí dhá cheann nó níos mó de phíosaí fabraice cniotáilte nó cróiseáilte a fhuáil le chéile nó a chóimeáil ar shlí eile, agus iad gearrtha de réir crutha, sin nó faighte de réir crutha

    Cniotáil agus cur le chéile (lena n-áirítear gearradh). (7) (10)

    - Eile

    Ruaimniú snátha snáithíní nádúrtha lena ngabhann cniotáil (iad cniotáilte chun táirgí a mhúnlú). (10)’;

    (16)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘6306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, cláir seoil nó árthaí talún; earraí campála’;

    (17)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘7019’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Snáithíní gloine (lena n-áirítear olann ghloine) agus earraí déanta astu sin (mar shampla, snáth, caisirníní, fabraicí fite);

    (18)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8539’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Lampaí filiméid nó lampaí díluchtaithe leictreacha, lena n-áirítear aonaid lampa léis-séalaithe agus lampaí ultraivialait nó infridhearga; arclampaí; foinsí solais dé-óide astaithe solais (LED)’;

    (19)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile sa Caibidil seo’;

    (20)Cuirtear an ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 86’:

    ‘8549

    Fuíoll agus dramhaíl leictreach agus leictreonach.

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é; nó monarú nach mó ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha é luach na n-ábhar uile a úsáidtear lena linn.’;

    (21)Cuirtear an ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 9002’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 91’:

    ‘ex 9021

    Ábhair le haghaidh fearais ortaipéidice nó bhristeacha agus le haghaidh feistiú fiaclóireachta:

    - Tairní, greamanna, bioráin ordóige, tairní rocacha, stáplaí (seachas na stáplaí atá faoi cheannteideal 8305) agus earraí comhchosúla, as iarann nó as cruach, bíodh cnogaí ó ábhar eile orthu nó ná bíodh, ach gan earraí den chineál sin a bhfuil cnogaí copair orthu a áireamh

    - Earraí snáithithe agus earraí neamhshnáithithe déanta as iarann nó cruach, seachas scriúnna cóiste, scriúnna adhmaid, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, leicneáin sprionga agus leicneáin glasála eile, seamanna

    Monarú as ábhair faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é.

    - Tíotáiniam agus earraí tíotáiniam, lena n‑áirítear fuíoll agus dramhaíl

    Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal.’;

    agus

    (22)Sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 94’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘tuairisc ar an táirge’:

    ‘Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta chomhchosúla; aonaid soilsithe agus feistithe soilsithe, nach bhfuil sonraithe ná curtha san áireamh aon áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus earraí comhchosúla; foirgnimh réamhdhéanta’.

    Top