Escolha as funcionalidades experimentais que pretende experimentar

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Documento 52023M10992

    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2023/C 51/05

    PUB/2023/153

    IO C 51, 10.2.2023, p. 11—11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    10.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 51/11


    Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

    (Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (2023/C 51/05)

    1.   

    An 1 Feabhra 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

    Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

    Kaufland Immobilien GmbH & Co. KG (“Kaufland”, an Ghearmáin), atá faoi rialú SB Kaufland KG (“Kaufland-Gruppe”, an Ghearmáin), ar cuid é de Ghrúpa Schwarz,

    Réadmhaoin in Köln, Staßfurt agus Waiblingen (dá ngairtear “SCP Real Assets”, an Ghearmáin), gach ceann acu faoi rialú SCP Retail Properties A XII s.à r.l., SCP Retail Properties C XII s.à r.l. Agus SCP Retail Properties C XXII s.à r.l., ar cuid iad gach ceann acu de Ghrúpa SCP atá faoi rialú Ms Marjorie Brabet-Friel.

    Gheobhaidh Kaufland rialú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar SCP Real Assets ina iomláine.

    Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

    2.   

    Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

    Is i miondíol bia a oibríonn Grúpa Schwarz go príomha, tríd na slabhraí Kaufland agus Lidl. Ina theannta sin, soláthraíonn Grúpa Schwarz deochanna boga, táirgí bácáilte, uachtar reoite, pasta agus caife, agus tá sé gníomhach i mbailiú, dáileadh agus margú ábhar in-athchúrsáilte. Tá Grúpa Schwarz tosaithe le déanaí ar néalseirbhísí a thairiscint freisin,

    Is éard atá in SCP Real Assets réadmhaoin in Köln, Staßfurt agus Waiblingen sa Ghearmáin a úsáidtear mar áitribh le haghaidh ollmhargaí Real. Déanann Grúpa SCP infheistíocht agus/nó comhairliúchán in earnáil na réadmhaoine go príomha, lena n-áirítear áitribh thráchtála sa Ghearmáin a ligean ar cíos agus a bhainistiú.

    3.   

    Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

    4.   

    Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

    Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

    M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS

    Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

    R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

    Seoladh poist:

    European Commission

    Directorate-General for Competition

    Merger Registry

    1049 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË


    (1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


    Início