Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023JC0012

    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA maidir leis an troid in aghaidh an éillithe

    JOIN/2023/12 final

    An Bhruiséil,3.5.2023

    JOIN(2023) 12 final

    TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

    maidir leis an troid in aghaidh an éillithe


    1.        RÉAMHRÁ

    Déanann an t‑éilliú dochar mór don tsochaí, dár ndaonlathais, don gheilleagar agus do dhaoine aonair. Baineann sé an bonn de na hinstitiúidí ar a bhfuilimid ag brath, agus laghdaíonn sé a n‑inchreidteacht chomh maith lena gcumas beartais phoiblí agus seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán a chur ar fáil. Is cumasóir é don choireacht eagraithe agus do chur isteach eachtrach naimhdeach. Tá sé ríthábhachtach an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac go rathúil chun luachanna an Aontais agus éifeachtacht bheartais an Aontais a chosaint, agus chun an smacht reachta agus muinín astu siúd a rialaíonn agus sna hinstitiúidí poiblí a chaomhnú.

    Is bac é an téilliú ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, toisc go natreoraíonn sé acmhainní ó thorthaí táirgiúla, go mbaineann sé an bonn d’éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí agus go ndoimhníonn sé éagothromaíochtaí sóisialta. Cuireann sé bac ar fheidhmiú éifeachtach rianúil an mhargaidh aonair, cruthaíonn sé éiginnteachtaí maidir le gnó a dhéanamh agus cuireann sé bac ar infheistíocht. Rud é an téilliú, de bharr a chineáil, atá deacair a chainníochtú, ach tugann fiú meastacháin choimeádacha le fios go gcosnaíonn sé EUR 120 billiún ar a laghad ar gheilleagar an Aontais 1 . Tá éifeachtaí diúltacha an éillithe le brath ar fud an domhain, rud a laghdaíonn iarrachtaí chun dea-rialachas agus rathúnas a bhaint amach agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

    Is cuid ríthábhachtach den timpeallacht chumasúcháin is gá don smacht reachta iad beartais éifeachtacha frithéillithe, mar aon le hurraim do neamhspleáchas breithiúnach, na meáin shaora agus iolraíocha, riarachán poiblí trédhearcach ar ardchaighdeán, agus sochaí shibhialta atá saor agus gníomhach. Tá gá le tiomantas leanúnach do chosc, le chothabháil an chultúir ionracais agus le forfheidhmiú gníomhach na reachtaíochta frithéillithe, mar shampla coireanna éillithe a ionchúiseamh go héifeachtach, chun an t‑éilliú a choinneáil faoi smacht. Léirítear an cur chuige sin freisin i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le frithéilliú, gníomhaíocht a bhfuil tacaíocht don smacht reachta agus bainistiú airgeadais phoiblí na dtíortha comhpháirtíochta mar bhonn taca léi.

    Sna hinnéacsanna éillithe domhanda, tá go leor Ballstáit de chuid an Aontais i measc na dtíortha a mheastar gurb iad na Ballstáit is lú éilliú ar domhan iad 2 . Mar sin féin, mar a leagtar amach sna tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta freisin, tá go leor saincheisteanna ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu agus tá an téilliú fós ina ábhar imní do dhaoine ar fud an Aontais, mar a léirítear i sonraí Eorabharaiméadair. In 2022, chreid beagnach seachtar Eorpach as gach deichniúr (68 %) go raibh an téilliú forleathan ina dtír féin agus ní raibh ach 31 % den tuairim go bhfuil iarrachtaí a rialtais chun an téilliú a chomhrac éifeachtach. Ina theannta sin, ceapann níos mó ná leath de na cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas (51 %) nach dócha go ngabhfaí daoine nó gnólachtaí ina dtír féin, nó go dtuairisceofaí iad do na póilíní nó do na hionchúisitheoirí 3 .

    San aitheasc ar Staid an Aontais 2022, leag an tUachtarán von der Leyen amach an gá atá le gníomhaíocht chinntitheach i gcoinne an éillithe. Is féidir leis an Aontas ról mór a imirt: ní hamháin sa tslí a mbainistíonn sé a chuid oibre féin, ach freisin trí iarrachtaí leanúnacha chun bearta chun éilliú a chosc a chomhtháthú i gceapadh bheartais agus chláir an Aontais, agus trí thacú go gníomhach le hobair na mBallstát chun beartais agus reachtaíocht láidir frithéillithe a chur i bhfeidhm.

    Ghlac an Coimisiún dhá thogra spriocdhírithe inniu chun dlí an Aontais a neartú sa réimse sin. Ar an gcéad dul síos, tá treoir á moladh ag an gCoimisiún chun rialacha an Aontais maidir le sainmhínithe ar chionta éillithe agus pionóis i leith cionta éillithe a nuashonrú agus a chomhchuibhiú, chun ardchaighdeáin a chinntiú i gcoinne réimse iomlán na gcionta éillithe, chun éilliú a chosc ar bhealach níos fearr agus chun forfheidhmiú a fheabhsú 4 . Ar an dara dul síos, tá Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún, ag moladh go gcomhlánófar bosca uirlisí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (smachtbhannaí CBES) de bhearta sriantacha (smachtbhannaí) le córas tiomnaithe smachtbhannaí CBES chun an téilliú a chomhrac nuair a dhéanann gníomhartha éillithe difear tromchúiseach do leasanna bunúsacha an Aontais agus do chuspóirí CBES mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó nuair a d’fhéadfadh siad difear tromchúiseach a dhéanamh dóibh 5 . Dá bhrí sin, tá an tArdionadaí ag cur togra isteach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle agus, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat téamach le haghaidh smachtbhannaí CBES atá dírithe ar éilliú, chun ár ngníomhaíochtaí beartais inmheánaigh agus sheachtraigh chun an téilliú a chomhrac a chomhlánú.

    Cuirfidh an Coimisiún dlús lena ghníomhaíocht agus is cloch mhíle iad na tograí frithéillithe a cuireadh i láthair inniu sa chomhrac i gcoinne an éillithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Léirítear sa Teachtaireacht seo an chaoi a mbeidh na bloic thógála sin ag gabháil le hiarracht níos leithne cur chuige straitéiseach cuimsitheach córasach a fhorbairt. Chuige sin, ní mór an obair atá ann cheana a thabhairt le chéile agus treoracha nua agus uirlisí nua a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, rud a chuirfidh le tiomantas soiléir chun dul i ngleic leis an éilliú ar an leibhéal domhanda. Beidh an rath ag brath ar iarracht chomhpháirteach agus leanúnach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, a mbeidh údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta, agus an earnáil phríobháideach, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i dtreis ann. Ní hamháin go gcuirfidh sé sin an pobal ar an eolas faoi iarmhairtí an éillithe, ach tabharfaidh sé muinín freisin do shaoránaigh agus do ghnólachtaí dúshlán a thabhairt dó.

    2.        CAD IS ÉILLIÚ ANN?

    Míúsáid cumhachta chun gnóthachan príobháideach a fháil – sin a ghairtear ar an éilliú de ghnáth 6 . Cé go bhféadfadh cineál agus raon feidhme an éillithe a bheith éagsúil ó thír go tír, ní féidir le haon tír a rá go bhfuil sí saor ó éilliú. Mar fhadhb dhomhanda lena mbaineann mórimpleachtaí trasteorann, tá sé ina ábhar do Choinbhinsiún tiomnaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe (UNCAC). Is é an Coinbhinsiún an taon ionstraim uilíoch frithéillithe atá ceangailteach ó thaobh dlí agus tugann sé sainmhínithe ar chineálacha éagsúla éillithe, agus coireanna ar nós mionbhrabaireachta agus scannail mhóra pholaitiúla á gcur san áireamh. Is páirtithe sa Choinbhinsiún iad an tAontas agus gach Ballstát. Bhí comhrac an éillithe ina théama tábhachtach ag Comhairle na hEorpa freisin 7 , le hionstraimí ar nós Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa um an Dlí Coiriúil agus Sibhialta maidir le hÉilliú. Ina theannta sin, oibríonn an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar bhearta chun éilliú a chosc, agus tá forálacha bunaithe aici atá ceangailteach ó thaobh dlí chun coir a dhéanamh as breabanna a thabhairt d’oifigigh phoiblí eachtracha in idirbhearta gnó idirnáisiúnta 8 .

    Is é córas polaitiúil agus institiúideach atá bunaithe ar shláine, trédhearcacht agus cuntasacht sa saol poiblí an ráthaíocht is fearr i gcoinne an éillithe. Bíonn seirbhísí poiblí níos athléimní in aghaidh an éillithe freisin nuair a bhíonn cultúr láidir seirbhíse poiblí agus luach saothair cothrom ann. Ní mór do gach údarás poiblí cosaint a thabhairt i gcoinne an bhaoil éillithe. Thar aon ní eile is coir é an t‑éilliú, agus sainítear gníomhartha sonracha éillithe sa dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ach is féidir le teipeanna ionracais, coinbhleachtaí leasa nó sáruithe tromchúiseacha ar rialacha eitice a chur in iúl go bhfuil rioscaí éillithe ann freisin. Sin é an fáth gur minic a thógann cineálacha cur chuige éifeachtacha frithéillithe ar bhearta chun trédhearcacht, eitic agus ionracas a fheabhsú, agus ar rialáil a dhéanamh freisin ar réimsí ar nós coinbhleacht leasa, brústocaireachta agus doirse imrothlacha. Ba cheart do chomhlachtaí poiblí féachaint leis na caighdeáin is airde ionracais, trédhearcachta agus neamhspleáchais a bhaint amach mar chuid thábhachtach den dul i ngleic leis an éilliú ar bhonn níos leithne.

    Tá an téilliú ina dhlúthchuid de bheagnach gach gníomhaíocht coireachta eagraithe, agus 60 % den choireacht eagraithe ag dul i muinín an éillithe chun an earnáil phoiblí nó an earnáil phríobháideach a insíothlú 9 . Le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála 10 agus le Straitéis 2021-2025 an Aontais maidir leis an gcoireacht eagraithe, 11 aithníodh an nasc sin agus tarraingíodh aird ar leith ar an riosca éillithe in earnálacha sonracha: cúram sláinte, iompar, tógáil, bainistiú dramhaíola, aeraspás agus cosaint, talmhaíocht, bia, saothar, agus cosaint shóisialta, cuir i gcás. Léirítear i dtuarascáil a rinneadh le déanaí gurb é an téilliú an príomhchumasóir maidir le calafoirt agus slabhraí lóistíochta a insíothlú, agus líonraí coiriúla ag iarraidh líonraí éillithe a bhunú in áiteanna éagsúla chun coireanna ar nós gáinneáil ar dhrugaí a éascú 12 .   

    I roinnt de na hearnálacha sin, is riosca tábhachtach é an téilliú san earnáil phríobháideach freisin agus díríodh gníomhaíocht air, toisc go ndéanann idirbhearta éillitheacha san earnáil phríobháideach difear don slabhra soláthair ar fad, go saobhann siad margaí, go mbaineann siad an bonn den iomaíocht, agus go méadaíonn siad costais ar chuideachtaí. Tá an méid sin ina chuid de chorpas substaintiúil de rialacháin, de chláir a bhaineann le comhlíonadh dlí agus dícheall cuí, chomh maith le huirlisí níos boige, a bhfuil sé d’aidhm acu cultúr ginearálta eitice agus ionracais sa ghnó a chothú, rud a chuireann leis an gcreat frithéillithe níos leithne ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda 13 .

    3.    CREAT FRITHÉILLITHE AN AONTAIS

    Is féidir leis an obair a dhéanann an tAontas chun an t‑éilliú a chosc, a bhrath agus a chomhrac ar gach leibhéal cur le bonn láidir beart atá i bhfeidhm cheana féin. Ba cheart sin a bheith mar bhonn freisin do phróiseas lena bhforbrófar cur chuige straitéiseach níos cuimsithí, mar shampla sruthanna oibre nua agus cuir chuige nua chun dul i ngleic le scála an dúshláin agus chun coinneáil cothrom le dáta leis na rioscaí éillithe atá ag teacht chun cinn. Mar a aithnítear sna tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta, is deis thábhachtach é creat straitéiseach frith‑éillithe chun gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh den tiomantas polaitiúil agus den fhís pholaitiúil. Is féidir le straitéisí frithéillithe a chinntiú nach dtabharfar aghaidh ar bhealaí éalaithe aonair reachtacha ná institiúideacha ina n‑aonar, agus go ndéanfar forálacha frithéillithe a phríomhshruthú i ngach earnáil beartais ábhartha. Chuige sin, tá gá le straitéis frithéillithe Aontais. Chun go mbeidh sé éifeachtach, ní mór é sin a fhorbairt ar bhonn láidir comhdhearcaidh agus comhairliúcháin ghinearálta, go háirithe le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit. Ní mór cuspóirí sonracha intomhaiste, buiséad agus foireann shoiléir agus freagrachtaí dea-shainithe a bheith ag gabháil leis freisin.

    D’fhéadfadh saineolas agus comhroinnt taithí ar leibhéal an Aontais cuidiú go mór le hullmhú athchóirithe den sórt sin. Is í an chéad chéim sa phróiseas líonra Aontais a chur ar bun i gcoinne an éillithe. Ó bhí 2015 ann, tá fóram curtha ar fáil ag clár comhroinnte taithí frithéillithe Aontais do chleachtóirí frithéillithe ó na Ballstáit inar féidir leo inspioráid a fháil ó athchóirithe reachtacha, institiúideacha agus beartais i mBallstáit eile agus foghlaim uathu. Déanfar an obair sin a leathnú agus a dhoimhniú trí líonra chun gníomhú mar chatalaíoch d’iarrachtaí chun éilliú a chosc ar fud an Aontais. Cuirfear de chúram air dea-chleachtais agus treoir phraiticiúil a fhorbairt i réimsí éagsúla leasa choitinn. Tacóidh sé freisin le bailiú sonraí agus fianaise níos córasaí a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn láidir le gníomhaíochtaí frithéillithe agus le faireachán a dhéanamh ar rath na ngníomhaíochtaí sin. Cuirfidh an líonra leis an taithí a fuarthas ó bheith ag obair ní hamháin le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le húdaráis phoiblí, agus tabharfaidh sé le chéile na geallsealbhóirí ábhartha uile, cleachtóirí, saineolaithe agus taighdeoirí ina measc, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    3.1    Aghaidh a thabhairt ar éilliú mar choir

    Cé go bhfuil reachtaíocht choiriúil i bhfeidhm ag an Aontas chun an téilliú a chomhrac, tá sí ilroinnte, as dáta agus teoranta ó thaobh raon feidhme de. Is iad Coinbhinsiún 1997 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh i dtreis ann agus Cinneadh Réime 2003 ón gComhairle 14 maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach, a raibh an dá cheann acu ann roimh Chonradh Liospóin 15 , príomhreachtaíocht an Aontais maidir le frithéilliú coiriúil. Comhlánaíodh iad le hionstraimí níos déanaí, mar shampla an Treoir maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint tríd an dlí coiriúil 16 (‘Treoir CLA’), agus an Treoir atá beartaithe maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní 17 .

    Leis an togra le haghaidh Treoir a glacadh i gcomhthráth leis an Teachtaireacht seo, bunaítear rialacha maidir le sainmhínithe agus pionóis i leith cionta éillithe 18 . Leathnaíonn sé liosta na gcionta éillithe chun míleithreasú, trádáil tionchair, míúsáid feidhmeanna a chumhdach, chomh maith le bac a chur ar cheartas agus saibhriú aindleathach a bhaineann le cionta éillithe, rud a théann níos faide ná na cionta breabaireachta níos tipiciúla. Leagtar amach ann freisin leibhéil chomhsheasmhacha pionóis, chomh maith le himthosca géaraitheacha agus maolaitheacha. D’fhéadfadh imthosca géaraitheacha a bheith infheidhme, mar shampla, nuair atá oifig phoiblí ardleibhéil ag an gciontóir nó nuair atá sé freagrach as forfheidhmiú an dlí. D’fhéadfaí a áireamh ar chúinsí maolaitheacha cásanna ina sainaithníonn an ciontóir ciontóirí eile nó ina gcuidíonn sé leo iad a thabhairt os comhair na cúirte. Den chéad uair ar leibhéal an Aontais, tugtar le chéile leis an togra éilliú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach in aon ghníomh dlí amháin. Leagtar amach ann freisin ceanglais shoiléire faireacháin agus tuairiscithe chun cabhrú le forfheidhmiú.

    Is le cosc a thosaíonn gníomh maidir le héilliú, agus le cultúr ionracais a chruthú, áit nach nglactar le héilliú. Leis an Treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh, mar shampla feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chomh maith le cláir thaighde agus oideachais, agus spreagadh a thabhairt don tsochaí shibhialta agus d’eagraíochtaí pobalbhunaithe páirt a ghlacadh in iarrachtaí frithéillithe. Ceanglaítear orthu freisin a chinntiú go mbeidh príomhuirlisí coisctheacha den chineál seo a leanas i bhfeidhm: rochtain oscailte ar fhaisnéis ar mhaithe le leas an phobail, rialacha éifeachtacha maidir le coinbhleachtaí leasa san earnáil phoiblí a nochtadh agus a bhainistiú, rialacha éifeachtacha maidir le sócmhainní oifigeach poiblí a nochtadh agus a fhíorú agus rialacha éifeachtacha lena rialaítear an idirghníomhaíocht idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí. Cuireann sé sraith chomhleanúnach rialacha ar fáil chun dul i ngleic leis an éilliú ar bhealach níos fearr san Aontas agus chun feabhas a chur ar chomhordú na ngníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

    Neartófar forfheidhmiú leis an togra freisin. Léiríodh sna tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta go bhfuil córais cheartais choiriúil éifeachtúla a bhfuil na huirlisí cearta acu chun an t‑éilliú a chomhrac ríthábhachtach chun ardchaighdeáin a chomhlíonadh. Leis an Treoir, éascófar comhrac éifeachtach in aghaidh an éillithe ar fud an Aontais, lena gcuirfear rialacha íosta ar fáil chun dul i ngleic leis an ngréasán casta gníomhaíochtaí idirghaolmhara a chuireann leis an éilliú i sochaithe an lae inniu. Tabharfaidh sé aghaidh ar phríomhthosca in obair éifeachtach frithéillithe, mar shampla acmhainneacht, speisialtóireacht agus rochtain ar na huirlisí imscrúdaitheacha ábhartha, chomh maith le bacainní ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach ar nós nósanna imeachta troma agus teimhneacha chun díolúintí a bhaint nó tréimhsí teorann ró‑ghearra lena gcumhdaítear cionta éillithe.

    3.2    Frithéilliú a phríomhshruthú i ndearadh beartais an Aontais

    Tá ról lárnach ag an troid in aghaidh an éillithe i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. Ina chuid oibre, d’fhéach an Coimisiún i gcónaí le foráil a dhéanamh maidir le coimircí frithéillithe, bealaí éalaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a dhúnadh, a chinntiú go laghdófar, le trédhearcacht agus soiléireacht, an spás ina mbeidh rath ar an éilliú, agus go gcloífidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí atá freagrach as beartais an Aontais a chur chun feidhme ar gach leibhéal le hardchaighdeáin neamhspleáchais agus ionracais. Cuidíonn comhordú na bpríomhghníomhaithe san Aontas freisin leis an mbaol a íoslaghdú go ndéanfadh éilliú dochar do bheartais an Aontais, agus le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an domhain. Is bac éifeachtach iad bearta forfheidhmiúcháin lena gcinntítear go dtagann an t‑éilliú chun solais agus go ngearrtar pionós air. Dá bhrí sin, áirítear i mbeartais agus i gcláir an Aontais raon leathan beart, ní hamháin chun éilliú a dhíspreagadh agus a bhrath, ach chun éifeachtacht na gníomhaíochta a neartú chun éilliú a imscrúdú agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith nuair a tharlaíonn sé. Leis an Treoir atá beartaithe, neartófar an creat sin a thuilleadh.

    Cultúr ionracais agus trédhearcachta a fhorbairt

    Is é córas polaitiúil agus institiúideach atá bunaithe ar shláine, trédhearcacht agus cuntasacht sa saol poiblí an ráthaíocht is fearr i gcoinne an éillithe. Sin é an fáth gur minic a thógann cineálacha cur chuige éifeachtacha frithéillithe ar bhearta chun trédhearcacht, eitic agus ionracas a fheabhsú, agus ar rialáil a dhéanamh freisin ar réimsí ar nós coinbhleacht leasa, brústocaireachta agus doirse imrothlacha.

    Léiríonn taithí, sna tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta cuir i gcás, go gcuireann freagairt láidir ar an éilliú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais le córais chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu; cláir trédhearcachta agus brústocaireachta a bhunú; agus sásraí inmharthana a bhunú chun sócmhainní agus leasanna oifigeach poiblí a nochtadh agus a fhíorú.

    Ní hamháin go bhfuil an trédhearcacht lárnach sa chuntasacht pholaitiúil — tá sé ríthábhachtach freisin ó thaobh ionracas a fhorbairt. Tá sé ríthábhachtach gurb ann do chóras atá bunaithe ar chinnteoireacht thrédhearcach agus ar chur chun feidhme trédhearcach chun deireadh a chur leis na deiseanna éillithe. Bíonn sé níos deacra freisin malartuithe éillitheacha a dhéanamh mar gheall ar idirbhearta digiteacha agus sonraí airgeadais agus sonraí eile arna bhfoilsiú ag comhlachtaí poiblí. Is uirlisí cumhachtacha iad creataí eitice láidre agus soiléire, leis na struchtúir agus na hinstitiúidí is gá chun feidhmiú go maith. Tá gné thábhachtach idirnáisiúnta ann freisin: mar chuid den tionscnamh um Chosaint an Daonlathais atá ar na bacáin 19 , cuirfidh an Coimisiún reachtaíocht ar aghaidh maidir le trédhearcacht na hionadaíochta ar leasanna eachtracha, chun an baol go gcuirfear isteach faoi cheilt ar phróisis dhaonlathacha ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a theorannú.

    Le blianta beaga anuas, tá caighdeáin thábhachtacha ionracais agus frithéillithe forbartha sna réimsí sin. Bhain feidhmiú na bpríomhinstitiúidí agus forbairt creataí láidre frithéillithe agus ionracais tairbhe mhór as obair eagraíochtaí, mar shampla an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO), agus Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa, ECFE, agus Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC). Ní mór, áfach, cur leis na caighdeáin sin, leis na beartais ionracais agus leis na hathchóirithe beartais sin a chur in oiriúint don chomhthéacs má tá rath le bheith orthu. Leis na moltaí sa tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, féachtar le tacú leis na Ballstáit athchóirithe den sórt sin a achtú agus rialacha ionracais a neartú, coinbhleachtaí leasa a chosc, trédhearcacht brústocaireachta a fheabhsú, rialacha maidir le ‘doirse imrothlacha’ idir feidhmeanna poiblí agus príobháideacha a rialú agus a fhorfheidhmiú agus córais éifeachtacha nochta sócmhainní agus leasa a bheith i bhfeidhm acu.

    Beartais choisctheacha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí éillithe

    Cosúil le gach cineál coire, cothaíonn an t‑éilliú é féin ar dheiseanna. Féachann dearadh beartais an Aontais leis an acmhainneacht éillithe a laghdú, trí rioscaí a shainaithint agus trí na huirlisí is gá a chruthú chun aghaidh a thabhairt orthu. Ceann de na chéad chúraimí a bheidh ar líonra nua an Aontais i gcoinne an éillithe is ea limistéir choiteanna ardriosca a mhapáil faoi 2024. Stiúrfaidh an Coimisiún an obair sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Beidh sé ina chuid thábhachtach d’fhorbairt tionscnamh de chuid an Aontais amach anseo maidir leis an éilliú a chomhrac.

    Cuirfidh sé sin leis an obair atá déanta cheana féin i réimsí a bhfuil riosca follasach ag baint leo. Díríodh go háirithe ar sholáthar poiblí — arb é 14 % d’olltáirgeacht intíre na mBallstát. Le hathchóiriú mór in 2014 20 neartaíodh coimircí maidir le coinbhleacht leasa, agus cuireadh tairgeoirí as an áireamh ar fhorais éillithe roimhe seo. Tá an ríomhsholáthar iomlán éigeantach san Aontas ó bhí 2018 ann agus tá an obair fós ag tógáil cultúr trédhearcachta, agus na conarthaí soláthair phoiblí uile á bhfoilsiú agus oibleagáid ar na Ballstáit cásanna éillithe a bhaineann le soláthar an Aontais a thuairisciú. Tá iomaíocht oscailte i dtimpeallacht thrédhearcach a dhéanann gairmithe oilte ríthábhachtach chun deiseanna éillithe a dhúnadh.

    Bíonn rath ar an éilliú nuair nach féidir é a shainaithint ná a chruthú. Is minic a bhaineann cleachtais éillitheacha le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Cabhraíonn rialacha trédhearcachta i reachtaíocht chánach le cleachtais den sórt sin a bhrath. Nuashonruithe ar na rialacha maidir le comhar riaracháin i gcánachas díreach 21 , agus Cáin Bhreisluacha 22 , tá siad ceaptha dlús a chur leis an malartú faisnéise idir na Ballstáit, rud a chuidíonn le héilliú a shainaithint sula seoltar fiosrúcháin choiriúla fhoirmiúla.

    Fadhb ar leith maidir le héilliú a shainaithint is ea nuair a úsáidtear cuideachtaí caocha agus feithiclí corparáideacha teimhneacha agus casta eile 23 chun idirbhearta agus céannacht úinéirí tairbhiúla a cheilt. Tá Treoir an Aontais maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac athbhreithnithe agus neartaithe go rialta 24 chun cláir éigeantacha maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile a thabhairt isteach 25 . Cabhraíonn na cláir sin le coinbhleachtaí leasa a nochtadh, le héilliú ardleibhéil a nochtadh, agus le himscrúduithe ar shreafaí aindleathacha airgid. Tá luach coisctheach tábhachtach ag an Treoir freisin, toisc go gceanglaítear léi ar eintitis faoi oibleagáid ón earnáil phríobháideach dícheall cuí custaiméara níos mó a dhéanamh i gcásanna ina sainaithnítear rioscaí níos airde, mar shampla i ndáil le daoine atá neamhchosanta go polaitiúil 26 . Leis an togra ón bpacáiste maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac ó mhí Iúil 2021, neartaítear tuilleadh creat an Aontais chun ionracas a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh a chosaint 27 .

    Le tionscnaimh chun dul i ngleic le rioscaí sonracha na coireachta eagraithe, cabhraítear freisin leis na deiseanna éillithe a theorannú. Sampla de sin is ea gáinneáil ar earraí cultúrtha, áit a gcuirtear creat cuimsitheach ar fáil le Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúrtha 28 i mí na Nollag 2022 don Aontas agus do na Ballstáit chun cosc, brath agus freagairt an cheartais choiriúil ar gháinneáil ar earraí cultúrtha a chur chun cinn.

    Chun éilliú d’aon ghnó a chosc, tá gá le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht i gcomhlachtaí náisiúnta arna mbunú faoi dhlí an Aontais, cé acu más údaráis iomaíochta náisiúnta, comhlachtaí athbhreithnithe ar sholáthar poiblí, nó rialtóirí iad. Leis sin, tugtar le chéile leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta in aon chultúr coisc agus ionracais amháin. Mar shampla, sa reachtaíocht iomaíochta leagtar síos íosráthaíochtaí neamhspleáchais le haghaidh údaráis náisiúnta a chuireann rialacha iomaíochta an Aontais i bhfeidhm 29 . Áirítear orthu sin rialacha maidir le coinbhleacht leasa agus cosaint ar dhífhostú. Le reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach lena mbunaítear rialacha le haghaidh údaráis náisiúnta rialála agus sábháilteachta i réimsí ar nós cumarsáid leictreonach, na meán, leictreachais, gáis, bia agus beatha, an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid agus sábháilteacht iarnróid, ceanglaítear ar na Ballstáit a ráthú go bhfuil na comhlachtaí lena mbaineann neamhspleách ó thaobh feidhme de agus go bhfeidhmíonn siad a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach.

    Tá sé ríthábhachtach réimsí riosca a shainaithint agus a mhapáil chun gníomhaíocht éifeachtach frithéillithe a dhéanamh. Bíonn gníomhaíochtaí éillithe ag síorathrú agus ag dul in oiriúint do dheiseanna nua, agus tá patrúin éagsúla ann ar fud na mBallstát. Níl aon earnáil ná réimse gníomhaíochta sábháilte ó rioscaí éillithe, ach ní mór aird ar leith a thabhairt ar réimsí coiteanna ardriosca – go hiondúil iad siúd a bhaineann le bainistiú cistí poiblí móra nó rochtain ar cheadanna nó ar sheirbhís chriticiúil. Dá bhrí sin, is earnálacha leochaileach iad earnálacha ar nós cúram sláinte, tógála nó pleanáil uirbeach, agus is féidir le méaduithe tobanna ar infheistíocht phoiblí rioscaí nua a bhaineann leis an éilliú a chruthú. Ní mór faireachán leanúnach a dhéanamh ar limistéir ina bhfuil baol ard coiriúlachta, calafoirt mar shampla, ar pointí brú iad i gcás grúpaí coireachta eagraithe a dhéanann gáinneáil ar dhrugaí.

    I measc na samplaí den chaoi ar féidir dul i ngleic le réimsí gníomhaíochta atá ag teacht chun cinn tá scéimeanna cónaithe agus saoránachta le haghaidh infheisteoirí (‘víosaí órga’ agus scéimeanna ‘pas órga’) ar thug an Coimisiún rabhadh ina leith chun coireanna airgeadais a cheilt, breabaireacht agus éilliú ina measc 30 . Measann an Coimisiún go bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, faoina ndéantar saoránacht Ballstáit, agus, dá bhrí sin, saoránacht an Aontais, a bhronnadh go córasach mar mhalairt ar íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhchinntithe, agus nach bhfuil fíornasc acu leis an mBallstát is bronntóir, go bhfuil siad ag sárú dhlí an Aontais agus go bhfuil gníomh déanta aige i gcoinne na mBallstát a choinníonn na scéimeanna sin 31 . Is sampla eile é an spórt de limistéar a aithníodh le déanaí mar limistéar ardriosca ina lorgaíonn grúpaí coireachta eagraithe brabús trí chúbláil cluichí trí meán na caimiléireachta agus an tsracaidh 32 .

    Éilliú a bhrath

    Cé gurb iad na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha agus na húdaráis san earnáil phoiblí – chomh maith le comhlachtaí forfheidhmithe dlí atá gníomhach agus seiftiúil – is fearr atá in ann comharthaí de ghníomhaíochtaí éillitheacha a bhrath, tá ról lárnach ag an tsochaí ina hiomláine maidir leis an éilliú a thabhairt chun solais.

    Nochtadh go leor cásanna suntasacha le déanaí a bhuíochas do dhaoine a bheith ag labhairt amach nuair a thagann siad ar éagóir i gcomhthéacs a gcuid oibre. Aithnítear an ról lárnach atá ag sceithirí eolais i gcosaint leas an phobail sa Treoir maidir le Cosaint Sceithirí 2019 33 . Rannchuidíonn an Treoir seo leis an troid in aghaidh an éillithe i roinnt mhaith príomhréimsí beartais de chuid an Aontais, mar shampla soláthar poiblí, seirbhísí airgeadais, cosaint leasanna airgeadais an Aontais, cosaint an chomhshaoil, sábháilteacht iompair, sláinte phoiblí, agus sábháilteacht núicléach. Bunaítear leis caighdeáin éifeachtacha cosanta i gcoinne frithbhirt i gcás sceithirí eolais a nochtann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Ceanglaítear ar na Ballstáit bealaí tuairiscithe soiléire inmheánacha agus seachtracha a bhunú lena bhféadfar rúndacht a ráthú le haghaidh sceithirí eolais san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, chomh maith le haiseolas agus obair leantach atá sainmhínithe. Tá cur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le Cosaint do Lucht Sceite Eolais ar cheann de na príomhchéimeanna thaobh forfheidhmiú láidir na rialacha frithéillithe a thógáil. Rachadh an Treoir atá beartaithe céim eile níos faide tríd an gcosaint a leathnú chun daoine a thuairiscíonn cionta éillithe a chumhdach. Spreagfaidh sé sin daoine chun cionta éillithe a thuairisciú gan eagla a bheith orthu roimh fhrithbheartaíocht agus feabhsóidh sé éifeachtacht na nimscrúduithe frithéillithe.

    Tá ról thar a bheith tábhachtach ag iriseoirí maidir le héilliú a nochtadh. Mar sin féin, bíonn ar go leor iriseoirí agus eagraíochtaí meán dul i ngleic le ciapadh agus bagairtí eile agus iad ag labhairt amach faoi shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail agus éilliú á nochtadh acu. Mhol an Coimisiún bearta le déanaí chun a sábháilteacht a fheabhsú 34 agus chun cosaint níos fearr a thabhairt dóibh ar dhlíthíocht mhíúsáideach 35 . I dtogra 2022 le haghaidh Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán 36 , leagtar amach forálacha tábhachtacha chun neamhspleáchas na meán a neartú. Le coimircí i gcoinne cur isteach polaitiúil ar chinntí eagarthóireachta trí cheanglais neamhspleáchais, cistiú cobhsaí leordhóthanach do mheáin na seirbhíse poiblí, agus rialacha maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán agus leithdháileadh fógraíochta stáit, beidh na meáin in ann a ról tábhachtach sochaíoch a fheidhmiú ar bhealach níos fearr, ó thaobh maoirseacht a choinneáil ar bun agus éilliú a nochtadh, cuir i gcás. Leagtar amach sa togra freisin bearta chun neamhspleáchas na neagarthóirí a chosaint agus chun coinbhleachtaí leasa a nochtadh.

    Is comhpháirtí tábhachtach í an earnáil phríobháideach freisin sa chomhrac i gcoinne an éillithe. San earnáil airgeadais, tá oibleagáidí díchill chuí ar eintitis phríobháideacha a chuidíonn le córas airgeadais an Aontais a chosaint. Tá tacaíocht de dhíth orthu ina niarrachtaí cásanna sciúrtha na bhfáltas ón éilliú a shainaithint agus a thuairisciú, agus tá sé d’aidhm ag creat frithsciúrtha airgid an Aontais feabhas a chur ar an tuiscint atá ag eintitis san earnáil phríobháideach ar na rioscaí agus a gcumas braite agus tuairiscithe a neartú. Tacaítear leis sin le faisnéis ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus ó údaráis forfheidhmithe dlí maidir le típeolaíochtaí éillithe, treochtaí agus táscairí riosca. Chun cultúr ionracais a chothú, leagtar amach i dTreoir 2022 maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí 37 oibleagáidí le haghaidh eintiteas san earnáil phríobháideach laistigh dá raon feidhme chun faisnéis a bhaineann le heitic ghnó agus cultúr corparáideach, frithéilliú mar shampla, a chur san áireamh ina dtuarascálacha bainistíochta.

    Cniogbheartaíocht a dhéanamh ar an éilliú

    Is iad údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit atá freagrach, den chuid is mó, as an éilliú a imscrúdú, a ionchúiseamh agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Le faireachán faoi na tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta, léirítear na dúshláin a bhaineann le cásanna éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a bhreithniú, agus tugtar aghaidh ar laigí sonracha sa Treoir atá beartaithe maidir le héilliú a chomhrac leis an dlí coiriúil. Tá córais cheartais neamhspleácha agus éifeachtúla ag teastáil don troid in aghaidh an éillithe, córais a mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha acu, chomh maith le hacmhainní daonna leordhóthanacha agus an deis chun leas iomlán a bhaint as uirlisí digiteacha, chun reachtaíocht in aghaidh an éillithe a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, bunaithe ar imscrúduithe agus ionchúisimh neamhchlaonta. Tacaíonn smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i leith an éillithe agus aisghabháil chuí agus coigistiú fháltais na gcoireanna sin le hinchreidteacht an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí agus feidhmíonn siad mar dhíspreagadh.

    Trí dhlús a chur leis an gcomhar idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta, is féidir freagairt níos láidre a thabhairt ar an éilliú. Rannchuidíonn rialacha comhchuibhithe maidir le cionta agus smachtbhannaí, rialacha maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus obair gníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe, mar shampla Eurojust, Europol, an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), leis an éilliú a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    Tá céimeanna tábhachtacha glactha ag an gCoimisiún chun uirlisí níos fearr a thabhairt do na Ballstáit chun saibhreas a fuarthas go haindleathach a bhaint de choirpigh, sócmhainní a fhaightear ó choireanna éillithe san áireamh 38 . Trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha, 39  déantar sócmhainní coiriúla a chalcadh agus a choigistiú ar fud an Aontais ar bhonn níos tapúla agus níos simplí. Le déanaí, i mí na Bealtaine 2022 mhol an Coimisiún Treoir maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú 40 chun a chinntiú gur féidir na brabúis a eascraíonn as gníomhaíocht choiriúil – mar shampla éilliú – a rianú, a shainaithint, a reo, a bhainistiú agus a choigistiú go héifeachtach 41 .

    I reachtaíocht eile de chuid an Aontais a thacaíonn le hiarrachtaí forfheidhmithe dlí i gcoinne an éillithe tá an pacáiste r-fhianaise a glacadh le déanaí, lena léirítear an úsáid mhéadaithe a bhaineann coirpigh agus struchtúir choireachta eagraithe as bealaí cumarsáide leictreonaí. Cuirfidh sé sin ar chumas na núdarás náisiúnta fianaise leictreonach a iarraidh le haghaidh cásanna coiriúla go díreach ó sholáthraithe seirbhíse i mBallstáit eile. Tá an téilliú ar cheann de na cionta a bhféadfar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha a úsáid ina leith. Leis an mBarántas Gabhála Eorpach 42 , ceadaítear cheana féin nós imeachta tapa trasteorann um thabhairt suas idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát maidir le hionchúiseamh coiriúil nó forghníomhú pianbhreithe coimeádta, i gcásanna éillithe san áireamh. Éascaítear obair údaráis fhorfheidhmithe an dlí, go háirithe Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní agus údaráis frithéillithe, tríd an bhféidearthacht faisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a úsáid 43 .

    Tacaíonn obair an Aontais chun calaois a chomhrac le hiarrachtaí frithéillithe

    Tá an fhreagracht chéanna ar an Aontas agus ar na Ballstáit as leasanna airgeadais an Aontais a chosaint 44 . Is minic a chabhraíonn gníomhaíocht chun calaois a chomhrac – áit a ndéanann daoine iarracht gnóthachain aindleathacha ó bhuiséad an Aontais a fháil – le gníomhaíocht i gcoinne an éillithe – áit a bhfuil míúsáid á baint as cumhacht phoiblí chun na críche céanna.

    Áirítear i Rialachán Airgeadais an Aontais 45 forálacha ginearálta maidir le calaois a chosc agus a bhrath, lena leagtar amach rialacha maidir le soláthar poiblí agus maidir le cistiú a dhámhachtain, chun na rioscaí éillithe a dhéanann difear do chistí an Aontais a íoslaghdú. Áirítear leis sin rialacha maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint 46 . Cuireann Straitéis Frithchalaoise 47 reatha an Choimisiúin creat ar fáil chun na rialacha a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe lena gcosnaítear buiséad an Aontais ar chalaois, ar éilliú agus ar neamhrialtachtaí intinneacha eile. Chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme, tá uirlisí éagsúla i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirfear rialuithe dochta i gcrích, uirlisí atá curtha in oiriúint do cé acu a dhéanann an Coimisiún cláir airgeadais a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, faoi bhainistíocht indíreach, nó faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit. Cabhraíonn uirlisí ar nós an chórais luathbhraite agus eisiaimh (EDES) le hoibreoirí eacnamaíocha calaoiseacha nó neamhiontaofa a bhrath agus iad a dhícháiliú ó chistí an Aontais a fháil. Le togra a rinneadh le déanaí chun an Rialachán Airgeadais 48 a athbhreithniú, chuirfí feabhas freisin ar cháilíocht na sonraí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas (a núinéirí tairbhiúla san áireamh), lena náirítear trí úsáid éigeantach a bhaint as córas TF comhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca a chuireann an Coimisiún ar fáil. Leis an togra, leathnófaí córas EDES freisin chuig réimsí nua caiteachais 49 .

    Cuidíonn dianmheasúnuithe ex-ante lena chinntiú go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh éifeachtacha i bhfeidhm ag eintitis a chuireann cistí an Aontais chun feidhme, go háirithe chun an chalaois agus an téilliú a chosc. Is príomhcheanglais den chórais rialaithe le haghaidh chistí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta 50 iad coimircí frithchalaoise agus frithéillithe, agus tá oibleagáid ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a thuairisciú, ar neamhrialtachtaí iad a d’fhéadfadh a bheith nasctha le héilliú. Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí iniúchóireachta freisin maidir lena chinntiú go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm chun cleachtais éillitheacha a bhrath agus a chosc. Comhlánaíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin iniúchtaí na mBallstát agus iniúchtaí clár-shonracha agus cuirtear sásraí aisghlámtha i bhfeidhm ar gach ciste de chuid an Aontais a ndéanann an téilliú difear dó.

    Chomh maith leis an éilliú i gcistí an Aontais a chosc, tá struchtúr institiúideach láidir forbartha ag an Aontas freisin chun cuidiú le haon éilliú a bhaineann le buiséad an Aontais a shainaithint agus a ionchúiseamh. Áirítear leis sin OLAF, OIPE, ról comhordúcháin Eurojust, agus acmhainneacht anailíseach Europol, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta. Tá OIPE ag feidhmiú ó mhí an Mheithimh 2021 51 , agus tá sé freagrach as déantóirí cionta coiriúla – ar nós an éillithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhuiséad an Aontais – agus a gcomhchoirithe, a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Laistigh den raon feidhme sin, déanann sí imscrúduithe agus feidhmíonn sí feidhmeanna an ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát rannpháirteach.

    Feidhmiú cuí na seirbhísí imscrúdúcháin agus ionchúisimh phoiblí chun dul i ngleic leis an éilliú, tá sé sin ríthábhachtach chun a chinntiú go gcloítear leis an smacht reachta. Leis an gcóras ginearálta coinníollachta 52 , cosnaítear buiséad an Aontais ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear don bhuiséad nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaidh sé difear dó. Áirítear leis sin teipeanna sistéamacha na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an éilliú. Faoin Rialachán Coinníollachta seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, gealltanais nó íocaíochtaí a chur ar fionraí nó bearta eile a ghlacadh má dhéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sa Bhallstát sin 53 difear ar bhealach sách díreach do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó má tá baol mór ann go ndéanfadh siad difear dóibh.

    4.    TACÚ LEIS AN TROID IN AGHAIDH AN ÉILLITHE SNA BALLSTÁIT

    Is iomaí cineál éillithe atá ann agus tá patrúin éillithe éagsúla ar fud na mBallstát, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus in earnálacha éagsúla. Agus cé go bhfuil gá le comhrialacha, caighdeáin agus dea-chleachtais áirithe chun an t‑éilliú a chomhrac, ní mór freagairtí beartais éifeachtacha a oiriúnú do dhúshláin, rioscaí agus riachtanais shonracha. Dá bhrí sin, tá an tAontas ag tabhairt faoi thionscnaimh shaincheaptha chun tacú le gach Ballstát ina chomhrac in aghaidh an éillithe ar an leibhéal náisiúnta.

    Tacaíocht ón Aontas d’athchóirithe náisiúnta frithéillithe

    Tá rannchuidiú dá chuid féin á dhéanamh ag an Aontas chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt trí thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an Smacht Reachta. Ó bhí 2020 ann, tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fhorbairtí frithéillithe ar an leibhéal náisiúnta mar cheann de ghnéithe lárnacha an smachta reachta. Ó bhí 2022 ann, tá moltaí do gach tír sna tuarascálacha freisin, arb é is aidhm dóibh tacú leis na Ballstáit ina n‑iarrachtaí athchóirithe leanúnacha nó athchóirithe atá beartaithe a thabhairt chun cinn, forbairtí dearfacha a spreagadh, agus cuidiú le háiteanna ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe nó le hobair leantach i leith athruithe nó athchóirithe a rinneadh le déanaí a shainaithint.

    Léirítear sna measúnuithe tíre sna tuarascálacha bliantúla maidir leis an Smacht Reachta conas a oibríonn gach Ballstát chun an t‑éilliú a chosc, chun dlíthe a oiriúnú chun coinneáil suas le treochtaí nua agus chun tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh; conas a thógann siad cultúr chun an t‑éilliú a chomhrac; agus iarrachtaí chun an forfheidhmiú a fheabhsú. Trí mholtaí agus an obair leantach ar gach tuarascáil, téann an Coimisiún i dteagmháil, ar an leibhéal teicniúil agus polaitiúil, leis na Ballstáit chun saineolas a chur ar fáil, cabhrú leo na dúshláin a sainaithníodh a shárú agus na hathchóirithe is gá a thabhairt chun cinn. Tugann an próiseas léargas luachmhar coiteann freisin, ina leagtar béim ar théamaí sonracha ar féidir iad a thabhairt ar aghaidh sa líonra nua.

    Cuid den Seimeastar Eorpach is ea an comhrac in aghaidh an éillithe, mar aon le neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an chórais ceartais agus cáilíocht agus cuimsitheacht an phróisis reachtóireachta. I bhfianaise a dtábhacht eacnamaíoch agus a dtionchar díreach ar an timpeallacht ghnó, ar an infheistíocht, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar phoist, áirítear sna measúnuithe i dtuarascálacha an tSeimeastair Eorpaigh na dúshláin atá roimh roinnt Ballstát mar gheall ar an éilliú. San áireamh le samplaí sonracha tá cosaint níos éifeachtaí do sceithirí eolais, an creat frithéillithe a neartú trí chomhlachtaí rialaithe neamhspleácha nua a bhunú, nósanna imeachta rialaithe níos déine, rialuithe córasacha ar dhearbhuithe sócmhainní, bealaí neamhspleácha a chruthú chun cásanna d’éilliú a shaothrú, agus rialacha coinbhleachta leasa níos déine agus a bhforfheidhmiú.

    Leis na moltaí tírshonracha faoin Seimeastar, tugadh treoraíocht maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí nithiúla i roinnt Ballstát chun feabhas a chur ar a gcumas an t‑éilliú a chomhrac. Léirítear iad sin i ngarspriocanna nithiúla sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta. Le gealltanais athchóiriúcháin shonracha a ghlac roinnt Ballstát sna pleananna sin, cinnteofar go ndéanfar coinbhleacht leasa, éilliú agus calaois a bhaineann le húsáid cistí poiblí a chosc, a bhrath agus a cheartú.

    Baineann an Coimisiún úsáid freisin as cláir earnála chun tacú le hiarrachtaí in aghaidh an éillithe sna Ballstáit. Cuireann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit cur leis an gcumas riaracháin agus athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad a dhírigh go leor acu ar a gcosaint in aghaidh an éillithe a mhéadú. I measc na n‑athchóirithe a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil tá an trédhearcacht agus an chuntasacht a leabú sna struchtúir náisiúnta, tacaíocht theicniúil do dhearadh agus do chur chun feidhme treoirlínte eiticiúla agus straitéisí frithéillithe agus frithchalaoise, agus tacaíocht do thrasuí agus do chur chun feidhme dhlíthe an Aontais in aghaidh an éillithe.

    Faoin gCiste Slándála Inmheánaí, maoiníonn an tAontas raon gníomhaíochtaí frithéillithe freisin. Tá sé d’aidhm acu den chuid is mó comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis forfheidhmithe dlí agus idir údaráis náisiúnta eile, lena n‑áirítear le príomhchomhlachtaí ar nós Europol agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha. I measc na samplaí tá fothú acmhainneachta d’údaráis náisiúnta frithéillithe chomh maith le tacaíocht do thionscadail a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cuireann Clár Frithchalaoise an Aontais tacaíocht ar fáil do na Ballstáit chun an chalaois, an t‑éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Go sonrach, cuidíonn an clár le húdaráis náisiúnta a gcumas imscrúdaitheach a neartú agus tá rannóg oiliúna ann.

    Mar shampla: Is é is aidhm don tionscadal ‘Abair leat, a Eoraip’ muintir na hEorpa a chumhachtú chun labhairt amach faoi mhí‑iompar in eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus sochaí sibhialta. Spreagann sé bealaí sábháilte chun an t‑éilliú a thuairisciú agus cuireann sé cúnamh teicniúil, dlíthiúil agus abhcóideachta ar fáil. Maoiníonn an Coimisiún tionscadail náisiúnta freisin. San Ostair, áiríodh leis sin clár ón mBiúró Cónaidhme Frith‑Éillithe chun feasacht a ardú sa rialtas agus sa tsochaí shibhialta araon. Sa Liotuáin, tacaíodh leis an tSeirbhís Speisialta Imscrúdaitheach in 2021 chun ardán ríomhfhoghlama a sheoladh ar a bhfuil ábhar gairmiúil oiliúna oideachais frithéillithe do státseirbhísigh agus do dhaoine eile ar spéis leo timpeallacht frith‑éillithe a chruthú.

    Tacaíocht a thabhairt d’údaráis bhreithiúnacha agus d’údaráis forfheidhmithe dlí

    Is féidir leis an gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí rannchuidiú go mór leis an éilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cothaíonn Eurojust comhar breithiúnach idir na Ballstáit sa chomhrac in aghaidh an éillithe. In 2021, thacaigh sé leis na Ballstáit i 326 chás éillithe, chuir sé 11 fhoireann chomhpháirteacha um imscrúdú ar bun agus thionóil sé 13 chruinniú comhordúcháin cásshonrach. Leagtar béim ar bheartais frithéillithe sa Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach le haghaidh 2021-2024 54 chun oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais maidir le dlí an Aontais. D’eagraigh an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach roinnt seimineár frithéillithe in 2023. Ina chéad 7 mí de ghníomhaíochtaí in 2021, rinne OIPE imscrúdú ar 40 cás éillithe a rinne difear do bhuiséad an Aontais. In 2022, d’ardaigh an líon go 87.

    Ciallaíonn na naisc idir an t‑éilliú agus an choireacht eagraithe go dtacaíonn Europol go gníomhach leis na Ballstáit sa chomhrac in aghaidh an éillithe trí anailís straitéiseach a dhéanamh agus trí thacaíocht a thabhairt d’imscrúduithe coiriúla agus d’oibríochtaí faisnéise coiriúla. Tá Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch ag Europol chun tacaíocht oibríochtúil agus anailíseach a chur ar fáil do chomhpháirtithe Europol agus do na Ballstáit agus iad ag déanamh imscrúdaithe ar choireacht airgeadais agus eacnamaíoch, an t‑éilliú san áireamh, agus ag reo agus ag urghabháil sócmhainní coiriúla.

    Mar shampla: Thacaigh Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch Europol le Garda Sibhialta na Spáinne (Guardia Civil) agus leis na Póilíní Náisiúnta (Policía Nacional) chun an t‑éilliú a shainaithint i measc póilíní agus oifigigh chustaim a bhí ag éascú gáinneáil ar dhrugaí isteach san Aontas. Bhí sé d’aidhm ag an scéim éillithe sin éascú a dhéanamh ar sheoladh na gcéadta milliún euro de chócaon agus de roisín cannabais isteach in Iarthar na hEorpa. Thacaigh an Lárionad leis an imscrúdú le faisnéis inghníomhaithe agus tacaíocht anailíseach, chomh maith le tacaíocht oibríochtúil dhíreach.

    5.    INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS AGUS AN COMHRAC IN AGHAIDH AN ÉILLITHE

    Is ar éifeachtacht agus ar chlú a chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí féin a bhraitheann inchreidteacht ghníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an éilliú i mbeartais an Aontais, agus chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát. Ó bhí na 1990idí ann, tá sraith rialacha agus próiseas forbartha ag an Aontas atá ceaptha chun an baol d’éilliú ag a fhoireann féin agus ar an leibhéal polaitiúil a íoslaghdú. D’fhéach sé le tacar rialacha eitice, ionracais agus maidir le heitic, ionracas agus trédhearcacht a chur i bhfeidhm lena gcabhraítear leis an éilliú a chosc, chomh maith le comhlachtaí nua chun tabhairt faoi chásanna ar bith. Mar sin féin, chuir imeachtaí a tharla le déanaí i gcuimhne nach bhfuil institiúidí an Aontais díolmhaithe ón éilliú agus nach mór an creat sin a chur i bhfeidhm ní hamháin go dian agus go comhsheasmhach, ach gur gá é a thabhair cothrom le dáta go leanúnach. Ba cheart institiúidí an Aontais agus na Ballstáit a bheith faoi réir na gcaighdeán céanna, ag tarraingt ar an tiomantas céanna maidir leis an éilliú a chosc, cultúr ionracas a chothú agus rialacha éilitheacha a fhorfheidhmiú.

    Laistigh d’institiúidí an Aontais, tá beartas neamhfhulaingthe ann i leith an éillithe. Is é an bunús chun an téilliú a chosc creat láidir eitice, ionracais agus trédhearcachta. Bunaítear le Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh 55 na hoibleagáidí eitice aonair atá ar bhaill foirne an Aontais Eorpaigh. Tá rialacha sonracha iontu maidir le réimsí ar nós coinbhleachtaí leasa, fabhar agus bronntanas, onóracha agus oirneas, gníomhaíochtaí seachtracha agus oifig phoiblí, gníomhaíochtaí céilí, oibleagáidí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, rúndachta, tuairisciú gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach, sceithireachta agus smachtbhannaí araíonachta. Tá freagracht ar gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais as an gcreat dlíthiúil a chur i bhfeidhm ar a fhoireann agus as comhlíonadh a chinntiú. Áirítear leis sin rialacha inmheánacha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú, comhairle a thabhairt don fhoireann agus smachtbhannaí a ghearradh ar sháruithe ar rialacha. Faoi na Rialacháin Foirne, is féidir le baill foirne a bheith faoi réir smachtbhannaí araíonachta i leith sáruithe ar rialacha agus is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí cinneadh a dhéanamh seirbhísí inmheánacha speisialaithe tiomnaithe a chur ar bun le haghaidh imscrúduithe agus cúrsaí araíonachta 56 . Tá feidhm ag oibleagáidí faoi na Rialacháin Foirne sa bhreis orthu siúd faoi Rialachán Airgeadais an Aontais 57 .

    Chun gur féidir grinnscrúdú poiblí a dhéanamh agus chun deis a thabhairt do shaoránaigh agus do ghrúpaí leasmhara eile gníomhaíochtaí brústocaireachta ar leibhéal an Aontais a rianú, in 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún creat comhpháirteach nua le haghaidh a gcomhar ar an gclár trédhearcachta 58 chun ionadaíocht eitice agus thrédhearcach leasanna ar leibhéal Aontas a chur chun cinn tuilleadh 59 . Leagtar amach ann cód iompair ina bhfuil rialacha agus prionsabail eitice nach mór d’ionadaithe leasa cláraithe cloí leo agus déantar é a fhorlíonadh le bearta trédhearcachta inmheánacha sna hinstitiúidí maidir le cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí eile le brústocairí.

    Maidir le Comhaltaí d’institiúidí an Aontais, is é sin go príomha Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí, leagtar síos sna Conarthaí na creataí éagsúla le haghaidh oibleagáidí eitice aonair, agus smachtbhannaí i gcás sáruithe, ar Chomhaltaí gach institiúide 60 . Comhlánaítear iad sin de ghnáth le rialacha níos mionsonraithe, go háirithe rialacha nós imeachta nó cóid iompair 61 , rialacha atá éagsúil ó Bhallstát go chéile. Éilíonn na creataí eitice sin nuashonruithe rialta chun trédhearcacht, ionracas agus cuntasacht in institiúidí an Aontais a mhéadú tuilleadh. Dá bhrí sin, molfaidh an Coimisiún go mbunófaí comhlacht eitice idirinstitiúideach a leagfaidh síos caighdeáin choiteanna láidre chomh maith le bearta chun trédhearcacht a dhaingniú.

    Ceann de phríomhchúram na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) is ea fiosrúcháin riaracháin a dhéanamh ar chalaois, ar éilliú nó ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Chomhaontaigh institiúidí an Aontais in 1999 sainordú OLAF a leathnú chun gach cás mí‑iompair thromchúisigh a chumhdach a rinne foireann an Aontais nó baill d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, gan beann ar aon tionchar ar leasanna airgeadais an Aontais. Áirítear leis sin, mar shampla, nithe tromchúiseacha a bhaineann le comhlíonadh dualgas gairmiúil nó sáruithe ar an gcód iompair. Is féidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile a bheith páirteach sa Chomhaontú seo, ach bíonn roinnt bacainní ann maidir leis an gcur i bhfeidhm praiticiúil a mhéid a bhaineann le rochtain OLAF ar fhaisnéis nó ar áitribh de chuid roinnt institiúidí. Laistigh dá chumhachtaí ginearálta chun déileáil le cásanna drochriaracháin ag institiúidí de chuid an Aontais, tá ról tábhachtach maoirseachta ag an Ombudsman Eorpach freisin.

    Tá cúirteanna náisiúnta inniúil chun déileáil le cásanna a bhaineann le cionta coiriúla, an t‑éilliú agus an chalaois san áireamh, a dhéanann foireann nó Comhaltaí na n‑institiúidí. Is féidir le hionchúisitheoirí náisiúnta cásanna den sórt sin a thabhairt os comhair na cúirte nó, nuair a dhéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh OIPE iad a thabhairt os comhair na cúirte. Má bhaineann Comhaltaí nó baill foirne tairbhe as díolúine i leith gníomhartha a dhéantar i gcáil oifigiúil, ní mór don institiúid AE lena mbaineann an díolúine sin a tharscaoileadh nuair nach bhfuil tarscaoileadh den sórt sin contrártha do leasanna an Aontais agus má tá a cinneadh faoi réir rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    6.    CULTÚR COITEANN A THÓGÁIL CHUN DUL I NGLEIC LEIS AN ÉILLIÚ

    Is léiriú láidir ar thiomantas na hEorpa don smacht reachta agus d’ardchaighdeáin ionracais sa saol poiblí é cultúr comhchoiteann, uile-shochaí atá bunaithe ar neamhfhulaingt ar an éilliú. Is comhlánú fíor-riachtanach ar ghníomhaíocht láithreach maidir le cosc, brath agus ionchúiseamh é na luachanna sin a chothú. Teastaíonn gníomhaíocht i go leor bealaí chun cultúr den sórt sin a chruthú: idir eitic agus ionracas a leabú in ionchais daoine óga aonair trína n‑oideachas, agus mhalartuithe idir gníomhaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a éascú chun tuiscint ar na dúshláin a neartú agus iad a dhéanamh níos diongbháilte gníomhú. Tá dlúthchomhar tráthrialta leis na húdaráis phoiblí ábhartha uile, le heagraíochtaí iltaobhacha, leis an tsochaí shibhialta, leis na meáin agus leis an earnáil phríobháideach fíor-riachtanach.

    Trí chomhpháirtíocht a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta, le taighdeoirí agus leis an saol acadúil, leis na meáin agus le saoránaigh, is féidir cultúr ionracais a chruthú trí chur chuige uile-sochaí. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite d’fheachtais múscailte feasachta agus do chláir oideachais shibhialta, agus leagfaidh sé béim ar an ról ríthábhachtach atá ag daoine aonair maidir le tacú le cultúr ionracais, lena n‑áirítear trí fhéachaint ar an gcaoi a bhféadfadh na daoine sin a leanann na cláir sin feidhmiú mar ambasadóirí don ionracas mar éascaitheoirí. Ina theannta sin, leagfaidh an Coimisiún amach na deiseanna cistiúcháin atá ag an Aontas cheana i réimse an fhrith‑éillithe ionas go mbeidh siad níos feiceálaí agus níos comhleanúnaí.

    Áirítear i gclár Erasmus+ téamaí frithéillithe ina chuid oibre ar oideachas, oiliúint, an óige agus spórt san Eoraip. Tugtar aghaidh ar iarrachtaí frithéillithe faoi thosaíochtaí beartais éagsúla, cuir i gcás rannpháirtíocht shibhialta agus saoránacht fhreagrach. Tacaíonn an tAontas Eorpach, mar shampla, le Comhchéim Mháistir Erasmus Mundus in Eitic agus Ionracas Spóirt ar leibhéal ollscoile agus thacaigh Erasmus+ le cineálacha cur chuige nuálacha i leith oideachas frithéillithe i scoileanna san Ungáir, san Iodáil agus sa tSlóivéin. Tá na Cláir Réime um thaighde agus nuálaíocht ag tacú freisin le taighde agus ag bailiú fianaise maidir le cineálacha nua éillithe d’fhonn réitigh nuálacha a fhorbairt ar mhaithe le húdaráis agus cleachtóirí frithéillithe.

    Tá ról lárnach ag an tsochaí shibhialta, ní hamháin mar bhreathnóirí chun rioscaí nó cásanna d’éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, ach freisin mar chatalaígh chun cultúr frithéillithe a chothú agus a choinneáil ar bun, trí ardú feasachta, oideachas agus obair abhcóideachta. I roinnt mhaith Ballstát, is comhpháirtithe tábhachtacha iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme straitéisí náisiúnta frithéillithe. Is féidir an ról sin a leathnú. Sampla de sin is ea na ‘comhaontuithe ionracais’ a forbraíodh mar uirlis chun an t‑éilliú sa soláthar poiblí a chosc, bunaithe ar thiomantas an údaráis chonarthaigh agus na dtairgeoirí chun cloí leis an dea-chleachtas agus chun an trédhearcacht a uasmhéadú. Déanann an tríú gníomhaí, eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta de ghnáth, faireachán ar an obair sin. Tá comhaontuithe ionracais á gcur chun cinn i gcláir airgeadais an Aontais do 2021-2027 agus tá na Ballstáit á spreagadh chun comhaontuithe ionracais a fhorbairt de réir a chéile ina gcláir.

    Tá sé ríthábhachtach meáin shaora agus iolra agus timpeallacht a bheith ann inar féidir le hiriseoirí oibriú saor ó chiapadh nó imeaglú chun a chinntiú gur féidir leis na meáin a bpost a dhéanamh mar fhoras faire. Tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch. Áirítear orthu sin tacaíocht don iriseoireacht chomhoibríoch agus trasteorann, faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’iolrachas na meán, sáruithe ar shaoirse na meán a mhapáil agus iriseoirí atá faoi bhagairt a chosaint. Mar shampla, ó bhí 2021 ann, tá sásra mearfhreagartha uile-Eorpach maoinithe ag an Aontas le haghaidh sáruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán agus choinnigh sé ciste tacaíochta éigeandála ar bun d’iriseoirí iniúchacha agus d’eagraíochtaí meán.

    7.    FRITH-ÉILLIÚ I mBEARTAIS SHEACHTRACHA AN AONTAIS

    Cuid thábhachtach d’iarrachtaí chun dea-rialachas agus rathúnas a chur chun cinn ar fud an domhain is ea gníomhaíochtaí frithéillithe a fhorbairt i mbeartais sheachtracha. Tá cur chuige comhleanúnach idir beartais frithéillithe inmheánacha agus sheachtracha tábhachtach d’inchreidteacht an Aontais. Cuireann an tAontas cearta an duine, an rialachas daonlathach, an smacht reachta agus an comhrac in aghaidh beartais éillithe chun cinn mar thosaíocht ina ghníomhaíocht sheachtrach 62 . Tá togra á chur ar aghaidh inniu ag an Ardionadaí, le tacaíocht ón gCoimisiún, chun creat cothrománach smachtbhannaí CBES a bhunú. Ar bhonn níos ginearálta, ina chuid gníomhaíochtaí seachtracha, tacaíonn an tAontas le hathchóirithe dlíthiúla agus beartais chun institiúidí frithéillithe agus comhlachtaí formhaoirseachta a thógáil, agus chun an tsochaí shibhialta, sceithirí eolais, cosantóirí chearta an duine agus na meáin neamhspleácha a neartú mar fhorais faire in aghaidh an éillithe. Rannchuidíonn caighdeáin láidre ionracais i gcláir an Aontais féin le hardchaighdeáin a chur chun cinn i measc comhpháirtithe. Tá an comhrac in aghaidh an éillithe mar chuid den idirphlé polaitiúil agus slándála le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann an tArdionadaí thar ceann an Aontais chomh maith. Tacaíonn an tAontas le comhar idirnáisiúnta sa réimse sin, agus é ag obair le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun caighdeáin a ardú 63 .

    Smachtbhannaí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) a úsáid chun díriú ar an éilliú

    Sa bhreis ar chur chun feidhme na nionstraimí dlí idirnáisiúnta frithéillithe atá ann cheana, tá díospóireacht thábhachtach ar siúl faoi láthair ar leibhéal an Aontais maidir le smachtbhannaí CBES a úsáid chun dul i ngleic leis an éilliú córasach nó forleathan i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad nuair a dhéanann an téilliú sin difear tromchúiseach do luachanna bunúsacha agus do leasanna an Aontais, nó nuair a bhíonn baol ann go ndéanfaidh sé difear dóibh, nó nuair a bhíonn gá le gníomhaíocht chun cuspóirí CSFP eile a bhaint amach, cosúil le tacú leis an daonlathas agus leis an smacht reachta. Go dtí seo, níor ceapadh córas smachtbhannaí CBES ach chun a chur ar a chumas don Aontas díriú ar an éilliú lasmuigh den Aontas in dhá thríú tír shonraithe 64 . Le creat cothrománach téamach (gan a bheith teoranta do chomhthéacs geografach sonrach) lena dtabharfaí aghaidh ar an éilliú, chuirfí gné bhreise agus níos mó solúbthachta le bosca uirlisí smachtbhannaí 65 an Aontais. Dá bhrí sin, tá an tArdionadaí ag cur togra isteach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle agus, i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le creat téamach le haghaidh smachtbhannaí CBES atá dírithe ar éilliú, chun ár ngníomhaíochtaí beartais inmheánaigh agus sheachtraigh chun an téilliú a chomhrac a chomhlánú.

    Leis an togra maidir le creat cothrománach smachtbhannaí CBES a bhunú, comhlánófar agus feabhsófar cumas an Aontais dul i ngleic le gníomhartha tromchúiseacha éillithe, trí uirlis a thabhairt dó chun bearta sriantacha a ghlacadh i gcás ina ndéanann na gníomhartha sin difear tromchúiseach do leasanna bunúsacha an Aontais agus do chuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála nó go bhfuil an baol ann go ndéanfadh siad difear tromchúiseach dóibh. D’fhéadfadh éilliú éighníomhach nó gníomhach oifigigh phoiblí nó claonchasadh nó míleithreasú ag oifigeach poiblí a bheith ina ngníomhartha tromchúiseacha éillithe den sórt sin, go háirithe i dtír atá ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach, nó i dtír a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córais náisiúnta maidir le sciúradh airgid a chomhrac agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais.

    An frithéilliú mar thosaíocht i mbeartais an Aontais maidir le méadú agus i mbeartais chomharsanachta an Aontais

    Sa phróiseas um méadú, is iad an t‑ailíniú le dlí an Aontais atá ann cheana, comhlíonadh an smachta reachta agus athchóirithe frithéillithe, den chuid is mó, a chinneann luas dhul chun cinn na dtíortha is iarrthóirí i dtreo aontachas leis an Aontas. Is tosaíochtaí iad sin freisin de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, comhpháirtíocht faoina dtacaítear le straitéisí frithéillithe chun ardchaighdeáin ionracais agus trédhearcachta a chur chun cinn i gcomhlachtaí poiblí, agus chun gníomhaireachtaí frithéillithe, cumas imscrúdaitheach, athchóirithe ceartais agus an tsochaí shibhialta a neartú.

    San áireamh i bhfaireachán tráthrialta ar an bhfrithéilliú agus ar athchóirithe gaolmhara faoin ‘bpacáiste bliantúil um méadú’ tá measúnú mionsonraithe ar staid na himeartha i ngach tír is iarrthóir agus i ngach tír is iarrthóir ionchasach, lena náirítear treoirlínte maidir le tosaíochtaí um athchóiriú amach anseo. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an gcreat reachtach agus institiúideach a bhaineann le cosc agus cur faoi chois, agus béim á leagan ar an teist iarbhír maidir le himscrúduithe réamhghníomhacha, díotálacha agus rialuithe cúirte (go háirithe i gcás móréillitheachta). In 2022, chuir an Coimisiún tús le sraith misean athbhreithnithe piaraí i freisin inar díríodh ar an troid in aghaidh an éillithe, na coireachta eagraithe agus an sciúrtha airgid. Sna tuarascálacha anailíseacha is déanaí maidir leis an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia 66 , déantar measúnú ar a gcumas na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a ghlacadh chucu féin, agus tá an troid in aghaidh an éillithe ina tosaíocht sna tuarascálacha sin. Saincheist thábhachtach amháin is ea an ‘díolagarcú’, chun deireadh a chur le róthionchar leasanna dílsithe sa saol eacnamaíoch, polaitiúil agus poiblí.

    I measc na gcéimeanna dearfacha bhí ríomhardán nua chun sonraí maidir leis an gcoireacht eagraithe agus an mhóréillitheacht a bhailiú go córasach, sonraí ar féidir iad a úsáid chun cuidiú le measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn gach tíre comhpháirtíochta maidir leis an smacht reachta a chaomhnú. Is é is aidhm don ardán údaráis náisiúnta tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a chumhachtú bailiú sonraí a phríomhshruthú agus é a chur ar a gcumas dóibh sonraí a chomhiomlánú agus treochtaí a shainaithint, agus tacaíocht ar fáil dóibh trí dheais a úsáid atá bunaithe ar Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPI) lena sainaithnítear treochtaí agus aimhrialtachtaí 67 .

    Mar shampla: Cuireann an tAontas beagnach EUR 6 mhilliún le tionscadal a chuireann an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar thrialacha a bhaineann leis an éilliú tromchúiseach agus leis an gcoireacht eagraithe, chun saincheisteanna córasacha a shainaithint agus chun moltaí a thabhairt chun an smacht reachta a neartú sna Balcáin Thiar.

    Athchóirithe frithéillithe a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach agus i gcaidreamh trádála an Aontais

    I bPlean Gníomhaíochta an Aontais 2020-2024 maidir le cearta an duine agus an daonlathas, dírítear an‑chuid ar an smacht reachta agus tá línte gníomhaíochta frithéillithe san áireamh ann. Tá idirphlé polaitiúil, idirphlé maidir le cearta an duine agus idirphlé beartais earnála i measc na n‑uirlisí a úsáidtear chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme. Léirítear é sin freisin sa chistiú faoi chlár na hEorpa Domhanda/na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI).

    Cuireann an tAontas rialachas daonlathach agus an smacht reachta chun cinn trí chláir théamacha, dhéthaobhacha agus réigiúnacha, agus trí thacaíocht a thabhairt do bhainistíocht airgeadais phoiblí níos fearr. Díríonn an tacaíocht ar athchóiriú an riaracháin phoiblí agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, ar fhothú acmhainneachta d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha, ar chreat dlíthiúil láidir a bhunú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus ar chomhlachtaí speisialaithe frithéillithe a bhunú agus a neartú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta, do na meáin, do sceithirí eolais agus do chosantóirí chearta an duine. Téann tacaíocht níos leithne don smacht reachta sna príomhinstitiúidí agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta chun tairbhe an chreata frithéillithe freisin. Tá ról lárnach ag an idirphlé beartais, agus múnlú thacaíocht airgeadais an Aontais mar bhonn taca aige. Is uirlis thábhachtach í tacaíocht bhuiséadach an Aontais chun feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht ar leibhéal na tíre agus an téilliú ar cheann de na rioscaí a ndéantar anailís air i gcomhthéacs na noibríochtaí cistiúcháin sin 68 .

    Tá bearta ar bun chun an ghné frithéillithe i ngach réimse um fhorbairt a neartú. Chomh maith leis na cláir spriocdhírithe thuas, áirítear leis sin treoirlínte oibríochtúla chun treoraíocht dhomhain a chur ar fáil do Thoscaireachtaí an Aontais atá ag obair lasmuigh de réimsí traidisiúnta rialachais, in earnálacha a ndírítear orthu le Tionscnamh Global Gateway an Aontais san áireamh. Tá sé sin bunaithe ar chur chuige níos leithne Foireann na hEorpa i leith na bagartha éillithe, ag obair i gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí maoinithe idirnáisiúnta (IFInna) agus ag tógáil ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtas. Tacaíonn roinnt clár téamach domhanda freisin leis an bhfrithéilliú agus leis an smacht reachta. I dtionscnamh Foireann na hEorpa ar son an Daonlathais (TED) — ina dtugtar le chéile 14 Bhallstát — tá tacaíocht don smacht reachta agus béim ar an gcuntasacht. Tá an tAontas ag obair i gcomhar leis an tsochaí shibhialta freisin chun an t‑éilliú a chosc agus chun rialtas oscailte a chur chun cinn.

    I meastóireacht a rinneadh le déanaí ar thacaíocht an Aontais don smacht reachta agus don fhrithéilliú i dtíortha comhpháirtíochta 69 , thángthas ar an gconclúid nach raibh an tAontas Eorpach chomh feiceálach agus chomh rathúil céanna maidir leis an éilliú a chomhrac agus a bhí maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn, agus moladh go nglacfadh an tAontas ceannaireacht dhomhanda sa troid in aghaidh an éillithe. Ar cheann de na buntáistí a bhaineann le creat frithéillithe AE atá soiléir agus láidir, atá fréamhaithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, beidh sé ina thagarmharc ina chuid comhpháirtíochtaí le tíortha eile lasmuigh den Aontas.

    Tacaíonn beartas trádála an Aontais freisin leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe. Ó bhí 2015 ann, áirítear forálacha frithéillithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Áirítear freisin in uirlisí trádála uathrialacha amhail Scéim AE na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) forálacha atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an éilliú. Faoi GSP, is féidir rochtain bhreise ar an margadh (GSP+) a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha a dhaingníonn agus a chuireann chun feidhme go héifeachtach príomh‑chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe. Is éard atá i gceist le próiseas faireacháin an Aontais faoi rialacha GSP malartuithe faisnéise, idirphlé agus cuairteanna ar an tír chomh maith le foilsiú tuarascálacha tráthrialta ar dhul chun cinn.

    Tacú le hobair frithéillithe i bhfóraim iltaobhacha

    Tugann an tAontas dea-shampla sa troid in aghaidh an éillithe, agus luachanna na hurraime don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta á gcur chun cinn tríd an troid in aghaidh an éillithe a chur chun cinn ar an gclár oibre domhanda. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus chun cur le guth an Aontais, cuirfidh an tAontas dlús lena iarrachtaí seasaimh i bhfóraim iltaobhacha a éascú agus a chomhordú, i dteannta a chuid oibre mar pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe.

    Tá próiseas an athbhreithnithe ar chur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe ag an Aontas faoi lán seoil, agus an Coimisiún á chomhordú. I mí na Nollag 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar an Aontas Eorpach faoin Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe 70 inar leagadh amach na céimeanna don chomhar i measc institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá rannpháirteach sa phróiseas athbhreithnithe ó mhí Iúil 2021. I mí Mheán Fómhair 2022, thíolaic agus d’fhoilsigh an tAontas a fhéinmheasúnú don chéad timthriall den sásra um athbhreithniú. Tá an Coimisiún tiomanta don trédhearcacht agus do rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas athbhreithnithe a chur chun cinn agus tacóidh sé leis an athbhreithniú a chur i gcrích faoin gcéad timthriall faoi 2024.

    Ag cur leis an ngníomhaíocht a rinne rúnaíochtaí GRECO, ECFE agus UNODC roimhe seo in 2021, cuirfidh an tAontas leis an díospóireacht idirnáisiúnta maidir leis an mbealach is fearr chun feabhas a chur ar shineirgí agus athbhreithnithe ar chur chun feidhme beart in aghaidh an éillithe a chuíchóiriú. Cuideoidh an taithí a fuarthas le linn thimthriall tuarascálacha an Aontais maidir leis an Smacht Reachta agus le linn an athbhreithnithe leanúnaigh atá á dhéanamh ag an Aontas faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe lena chinntiú go mbeidh an tAontas an‑rannpháirteach ag Comhdháil na Stát is Páirtithe de chuid Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe i mí na Nollag 2023.

    Tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach faoi láthair le GRECO agus cuireann sé sin fóram tábhachtach saineolaithe ar fáil agus cuireann sé go mór le hobair thimthriall na tuarascála bliantúla maidir leis an Smacht Reachta. Tá sé cruthaithe ag GRECO gur foinse an‑luachmhar saineolais í féin agus go spreagann sé an t‑athchóiriú. Cuirfidh an Coimisiún dlús breise lena rannpháirtíocht le GRECO trí idirphlé níos rialta agus níos foirmiúla a bhunú, lena n‑áirítear trí iarraidh ar GRECO páirt bhuan a bheith aige sa líonra. Ag an am céanna, leanfaidh an Coimisiún de phlé a dhéanamh leis na hinstitiúidí eile ar an bhféidearthacht bogadh i dtreo rannpháirtíocht iomlán an Aontais i GRECO.

    8.    CONCLÚID: AG FÉACHAINT CHUN CINN

    Gealltanais pholaitiúla shoiléire de chuid an Aontais is ea an t‑ionracas, an trédhearcacht agus an troid in aghaidh an éillithe. Leis na tograí atá ann faoi láthair, neartófar a thuilleadh an troid in aghaidh an éillithe san Aontas, ardófar caighdeáin dhlí an Aontais chun a chinntiú go ndéanfar an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr agus déanfar foráil maidir le sásra smachtbhannaí idirnáisiúnta. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle machnamh a dhéanamh go pras ar an Treoir atá beartaithe maidir leis an troid in aghaidh an éillithe tríd an dlí coiriúil. Iarrann an Coimisiún agus an tArdionadaí ar an gComhairle machnamh a dhéanamh go pras ar an togra maidir le creat nua smachtbhannaí CBES a bhunú lena ndíreofar ar an éilliú.

    Comhlánóidh na tograí a ghabhann leis an Teachtaireacht seo na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun chun cur leis an bhfrithéilliú i raon leathan réimsí. San áireamh sna hiarrachtaí sin tá an creat a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an t‑ionracas a chur chun cinn agus cosaint a thabhairt ar rioscaí an éillithe, agus forálacha láidre frithéillithe a choinneáil ar bun sa reachtaíocht chothrománach agus earnáilsonrach ábhartha uile. Beidh sé ina thosaíocht fós ag an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfar cosc an éillithe a phríomhshruthú go leormhaith i ndearadh beartas agus clár nua, agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus ar chláir atá ann cheana. Beidh sé sin bunaithe ar an tsraith nua oibre chun rioscaí a bhaineann leis an éilliú a mhapáil in earnálacha ardriosca.

    Ní féidir an t‑éilliú a chomhrac as féin. Comhar agus malartú taithí, agus idirphlé leanúnach idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais maidir le conas athchóirithe agus uirlisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an t‑éilliú a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh, tá siad ar fad an‑tábhachtach chun go n‑éireoidh le hiarrachtaí in aghaidh éillithe ar an láthair. Trí líonra an Aontais in aghaidh an éillithe a bhunú, tabharfaidh an Coimisiún spreagadh nua d’iarrachtaí chun an t‑éilliú a chosc ar fud an Aontais.

    Téann an troid in aghaidh an éillithe chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, agus ba cheart do shaoránaigh aonair a bheith rannpháirteach go hiomlán san obair sin, in éineacht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis an earnáil phríobháideach. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite d’fheachtais ardaithe feasachta agus do chláir oideachais shibhialta, agus déanfaidh sé na deiseanna cistiúcháin atá ag an Aontas cheana féin le haghaidh gníomhaíochtaí in aghaidh an éillithe a mhapáil, d’fhonn níos mó infheictheachta agus comhleanúnachais a chur ar fáil agus chun a dtionchar a fheabhsú.

    Tá sé tábhachtach an t‑éilliú laistigh de theorainneacha an Aontais a chomhrac ar mhaithe le hinchreidteacht ghníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chomh maith le síneadh a chur leis an gcóras smachtbhannaí, cuideoidh rannpháirtíocht níos doimhne i bhfóraim iltaobhacha amhail UNCAC agus GRECO le rannchuidiú an Aontais chun tuiscint láidir agus chomhleanúnach a chothú maidir leis an bhfáth a bhfuil beartais éifeachtacha ionracais agus frithéillithe chomh lárnach sin don tslándáil agus don rathúnas ar fud an domhain. Leanfaidh an tAontas dá chuid oibre chun an t‑éilliú a chomhrac agus chun an dea-rialachas agus an smacht reachta a chur chun cinn mar cheann de phríomhthosaíochtaí an phróisis um mhéadú agus chaidreamh seachtrach an Aontais i gcoitinne.

    Is tiomantas mór de chuid an Aontais iad na sruthanna oibre a leagtar amach sa Teachtaireacht seo chun iarrachtaí a chur chun cinn maidir leis an éilliú a chomhrac agus chun oibriú i dtreo cur chuige cuimsitheach agus straitéiseach le Straitéis Frithéillithe de chuid an Aontais. Beidh an méid sin ina chuid ríthábhachtach den chaoi ar féidir leis an Aontas todhchaí dhaonlathach agus rathúil a chinntiú, todhchaí a bheidh thiocfaidh le hionchais shaoránaigh an Aontais.

    (1)

       Tá an meastachán seo bunaithe ar obair saininstitiúidí agus sainchomhlachtaí, amhail an Comhlachas Idirnáisiúnta Tráchtála, Transparency International, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, an Fóram Eacnamaíoch Domhanda, agus an foilseachán Clean Business is Good Business, a thugann le fios gurb é 5 % den OTI ar leibhéal domhanda an caillteanas rachmais eacnamaíoch mar gheall ar an éilliú. Thug meastachán eile le fios go raibh costais an éillithe idir EUR 179 billiún agus EUR 990 billiún in aghaidh na bliana san Aontas Eorpach (Staidéar ar Chostas na NeamhEorpa i Réimse an Éillithe arna dhéanamh ag RAND Europe, 2016).

    (2)

       Féach mar shampla 2022 Transparency International Global CPI:  https://www.transparency.org/en/cpi/2022 .

    (3)

       Eorabharaiméadar Speisialta 523 faoin Éilliú (2022) agus FlaisEorabharaiméadar 507 maidir le dearcadh na ngnólachtaí i dtaca leis an éilliú san Aontas Eorpach (2022).

    (4)

       Togra le haghaidh Treoir maidir le héilliú a chomhrac COM (2023) 234.

    (5)

       Togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe (HR(2023)108) agus Togra Comhpháirteach le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe (JOIN(2023)13).

    (6)

       Níl aon sainmhíniú dlíthiúil amháin ar éilliú mar gheall ar na foirmeacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis.

    (7)

       Coinbhinsiún an Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú móide an Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún an Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú (CETS 191), agus Coinbhinsiún an Dlí Shibhialta maidir le hÉilliú (CETS 191). Áirítear freisin in obair Chomhairle na hEorpa Fiche Treoirphrionsabal i gcoinne an Éillithe (Rún (97) 24), chomh maith le Moltaí lena gcumhdaítear réimsí ar nós freagrachtaí na noifigeach poiblí agus maoiniú na bpáirtithe.

    (8)

       Coinbhinsiún ECFE 1997 maidir le hoifigigh phoiblí eachtracha a bhreabadh in idirbhearta gnó idirnáisiúnta a chomhrac. Ar an obair maidir le cosc áirítear Prionsabail Trédhearcachta agus Ionracais ECFE maidir le Brústocaireacht agus Moladh ECFE maidir leis an tSláine Phoiblí.

    (9)

       Féach: https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/socta2021_1.pdf .

    (10)

       COM(2020) 605 final.

    (11)

       COM(2021) 170 final.

    (12)

         Tuarascáil chomhpháirteach ó Europol agus ó Choiste Stiúrtha Slándála chalafoirt Antuairp, Hamburg/Bremerhaven agus Rotterdam (2023) Líonraí coiriúla i gcalafoirt an Aontais, Rioscaí agus dúshláin le haghaidh údaráis forfheidhmithe dlí.

    (13)

       Cumhdaítear le UNCAC an téilliú san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Is ón bhFóram Domhanda Eacnamaíoch, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe , an Chomhghuaillíocht um Shláine , Transparency International, ECFE agus G20 a thagann tionscnaimh idirnáisiúnta bhreise a chuireann treoraíocht eitice gnó ar fáil. 

    (14)

       An Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann.

    (15)

       Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54-56).

    (16)

       Treoir (AE) 2017/1 371 an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais tríd an dlí coiriúil.

    (17)

       COM(2022) 245 final.

    (18)

         An Treoir atá beartaithe, tá sí bunaithe ar Airteagail 82(1)(d), 83(1) agus 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais.

    (19)

          https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13744-Transparency-of-covert‑interference-by-third‑countries_en .

    (20)

       Treoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE an 26 Feabhra 2014 (‘Treoir na Lamháltas’, an ‘Treoir Chlasaiceach’, agus an ‘Treoir maidir le Fóntais’).

    (21)

       Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin (‘DAC’) agus an leasú uirthi. Tá togra eile ar bun faoi láthair chun DAC (‘DAC8’ — COM (2022) 707) a leasú. Foráiltear leis an togra gur féidir faisnéis chánach a mhalartaítear faoin DAC idir údaráis chánach na mBallstát a úsáid freisin chun críocha eile, mar shampla chun críocha frithsciúrtha airgid agus frithéillithe agus chun críocha a chumhdaítear le gníomh atá bunaithe ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leis sin éascófar an comhar idir údaráis ábhartha na mBallstát agus comhrac níos éifeachtaí i gcoinne an éillithe.

    (22)

         Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha, bunaíodh Eurofisc, líonra Ballstát chun calaois CBL trasteorann a chomhrac, atá in ann faisnéis a iarraidh ó OLAF agus ó Europol. Beartaítear tuilleadh feabhsuithe ar chomhar na núdarás cánach le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí.

    (23)

         An 22 Nollaig 2021, mhol an Coimisiún príomhthionscnamh chun míúsáid eintiteas blaosc chun críocha cánach míchuí a chomhrac, COM(2021) 565 final.

    (24)

       Treoir 2015/849 an 20 Bealtaine 2015, arna leasú le Treoir 2018/843 an 30 Bealtaine 2018. Comhlánaítear é sin le Treoir 2018/1673 an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil, lena gcomhchuibhítear sainmhínithe agus smachtbhannaí ar chionta coiriúla a bhaineann le sciúradh airgid, éilliú mar choir phreideacáide san áireamh.

    (25)

         Tá bailiú sonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil déanta éigeantach freisin chun críocha rialaithe agus iniúchóireachta i roinnt gníomhartha bunúsacha, mar shampla an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nó Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Is cuid é seo freisin den togra le haghaidh an athbhreithnithe atá le teacht ar an Rialachán Airgeadais

    (26)

         Faoin reachtaíocht maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac, is éard atá i gceist le ‘duine atá faoi riteacht pholaitiúil’ duine aonair ar cuireadh feidhm fheiceálach air nó uirthi. Ós rud é go bhfuil seasaimh ag daoine atá faoi riteacht pholaitiúil ar féidir míúsáid a bhaint astu chun críche éillithe/breabaireachta agus chun na cistí aindleathacha a sciúradh ina dhiaidh sin, meastar go bhfuil riosca níos airde ag baint leo agus dá bhrí sin beidh siad faoi réir bearta breise díchill chuí. 

    (27)

         Is éard atá sa phacáiste tograí le haghaidh Treoir nua maidir leis an Sciúradh Airgid a Chosc (COM(2021)423); le haghaidh Rialachán maidir le Sciúradh Airgid a Chosc (COM(2021)420); le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Údarás Frithsciúradh Airgid (COM(2021)421) agus le haghaidh athmhúnlú ar Rialachán 2015 maidir le hAistriú Cistí (COM(2021)422). Is faoi chaibidil idirinstitiúideach atá an pacáiste faoi láthair.

    (28)

         COM (2022) 800 final.

    (29)

         Treoir (AE) 2019/1 an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (Airteagal 4 ‘Neamhspleáchas’).

    (30)

       COM(2019) 12 final an 23 Eanáir 2019.

    (31)

         I mí an Mhárta 2022, i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, mhol an Coimisiún do na Ballstáit measúnú a dhéanamh láithreach i dtaobh ar cheart eadóirseachtaí náisiúnaigh na Rúise nó na Bealarúise, a bhí bunaithe ar scéim saoránachta d’infheisteoirí, a tharraingt siar toisc go bhfuil an duine lena mbaineann faoi réir bhearta sriantacha an Aontais nó toisc go dtacaíonn sé go mór leis an gcogadh san Úcráin. Mhol an Coimisiún freisin go ndéanfadh na Ballstáit beart láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le scéimeanna cónaithe le haghaidh infheisteoirí (C(2022) 2028 final an 28 Márta 2022).

    (32)

         In 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar ar ‘Mapáil an éillithe sa spórt san Aontas’, inar leagadh amach na naisc idir dópáil agus cúbláil cluichí agus éilliú.

    (33)

       Treoir (AE) 2019/1937 an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais.

    (34)

    C(2021) 6650, an 16 Meán Fómhair 2021.

    (35)

    COM/2022/177 final agus C/2022/2428 an 27 Aibreán 2022.

    (36)

       COM(2022) 457 final.

    (37)

         Treoir (AE) 2022/2464 an 14 Nollaig 2022. 

    (38)

       COM(2021) 170 final.

    (39)

       Rialachán 2018/1805 an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta.

    (40)

       Togra le haghaidh Treoir maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú; COM(2022) 245 final.

    (41)

       In éineacht leis an Treoir atá beartaithe maidir le coiriúlú a dhéanamh ar shárú na mbeart sriantach, leis an Treoir maidir le Gnóthú Sócmhainní agus Coigistiú beifear in ann sócmhainní daoine aonair agus eintiteas a choigistiú atá ag teacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais a forchuireadh mar gheall ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    (42)

       Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (2002/584/CGB).

    (43)

         Treoir (AE) 2019/1153 an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena néascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    (44)

    Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (45)

       Rialachán 2018/1046.

    (46)

         Féach freisin an Fógra ón gCoimisiún ‘Treoir maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais’ 2021/C 121/01, IO C 121 an 9 Aibreán 2021.

    (47)

         COM(2019) 196 final. Mar chuid den chreat rialaithe inmheánaigh, tá Straitéis Frithchalaoise ar an leibhéal corparáideach (CAFS) ceaptha ag an gCoimisiún chomh maith le straitéisí saincheaptha frithchalaoise i ngach ceann dá ranna, a bhfuil feidhm aici maidir le modhanna bainistíochta uile chláir agus chistí an Aontais.

    (48)

         COM(2022) 223 final.

    (49)

         Bainistíocht chomhroinnte go háirithe, arb ionann í agus níos mó ná 70 % de bhuiséad an Aontais agus den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá uirlisí éagsúla curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin chun míúsáid fhéideartha chistí an Aontais a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, mar shampla an uirlis scórála riosca Arachne nó an Córas Bainistíochta Neamhrialtachta.

    (50)

    Rialachán 2021/1060 agus Rialachán 2021/2116.

    (51)

         Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Tá 22 Bhallstát mar chuid den chomhar feabhsaithe faoi láthair agus tá siad rannpháirteach in OIPE.

    (52)

       Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

    (53)

         I measc na sáruithe féideartha ar phrionsabail an smachta reachta faoin rialachán tá cásanna nach bhfeidhmíonn údaráis náisiúnta arb iad a dhéanann an téilliú a imscrúdú agus a ionchúiseamh i gceart, i gcás nach leor bearta náisiúnta chun éilliú a chosc agus a phionósú, nó i gcás ina bhfuil easpa comhair éifeachtaigh agus thráthúil ann le OLAF nó le OIPE.

    (54)

       COM(2020) 713 final.

    (55)

         Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach).

    (56)

       Bhunaigh an Coimisiún Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC) in 2002 chun eitic agus ionracas a fhorfheidhmiú sa Choimisiún. Déanann sí imscrúdú ar fhíorais a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar na Rialacháin Foirne, agus tugann sí faoi imeachtaí araíonachta atá le breithniú ag Bord Araíonachta i gcásanna míiompair thromchúisigh. Leagtar smachtbhannaí leagtha sna Rialacháin Foirne.

    (57)

    Féach Roinn 3.2.

    (58)

       Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach.

    (59)

       Faoin gComhaontú Idirinstitiúideach, is réamhchoinníoll riachtanach é ionadaithe leasa a chlárú sa chlár trédhearcachta chun cineálacha áirithe gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a dhéanamh. Leagtar amach sa Chomhaontú freisin cód iompair ina bhfuil na rialacha agus na prionsabail eitice atá le comhlíonadh ag ionadaithe leasa a chláraíonn leis an gclár trédhearcachta.

    (60)

         Airteagal 223(2) CFAE; Airteagal 15(5) agus (6) CAE d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí; Airteagal 245 CFAE do Chomhaltaí an Choimisiúin; Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do Chomhaltaí na Cúirte; Airteagal 11 de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh; Airteagal 286 CFAE do Chomhaltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    (61)

         Maidir leis na Coimisinéirí, soiléirítear leis an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin (C(2018)700, IO C 65, 21.2.2018, lch. 7) a noibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí, go háirithe maidir le prionsabal an neamhspleáchais, coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus an oibleagáid atá orthu a ndualgais a chomhlíonadh chun leas ginearálta an Aontais. Cuireann Coiste Eitice Neamhspleách comhairle ar an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht gníomhaíochtaí iar-oifige iar-Choimisinéirí atá beartaithe leis na Conarthaí agus maidir le haon cheist eitice a bhaineann leis an gCód. De réir Airteagal 245 CFAE, má sháraítear oibleagáidí, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle nó ón gCoimisiún, a rialú go bhfuil an Feisire lena mbaineann le scor go héigeantach nó go bhfuil a phinsean nó a cheart chun sochar eile ina ionad le baint.

    (62)

       Ag eascairt as Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is luachanna bunaidh de chuid an Aontais agus bunphrionsabail lena dtreoraítear gníomhaíocht an Aontais ina chaidreamh seachtrach iad urraim don smacht reachta agus uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

    (63)

    Mar shampla: Líonra ECFE um Rialachas (GovNet) agus Tascfhoireann Frith‑Éillithe (ACTT), Cruinniú Mullaigh do Chohóirt Daonlathais, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus eagraíochtaí iltaobhacha, tionscnaimh Bhallstáit an Aontais agus tionscnaimh Fhoireann na hEorpa.

    (64)

         Féach Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin agus Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin . Féach freisin Cinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na ngníomhaíochtaí atá ag díchobhsú na staide i bPoblacht na Moldóive agus Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na ngníomhaíochtaí atá ag díchobhsú na staide i bPoblacht na Moldóive.

    (65)

         Tá bearta sriantacha téamacha glactha ag an Aontas chun dul i ngleic le sáruithe agus míúsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, leis an sceimhlitheoireacht, le leathadh agus úsáid armán ceimiceach, agus le cibear-ionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol, féach, mar shampla, Léarscáil Smachtbhannaí an Aontais atá ar fáil ag https://www.sanctionsmap.eu .

    (66)

       2 Feabhra 2023, Tuarascálacha anailíseacha ar an Úcráin, ar an Moldóiv agus ar an tSeoirsia (europa.eu) .

    (67)

    Tuairisceoidh an deais ar na hEochairtháscairí Feidhmíochta ionas gur féidir comparáidí a dhéanamh idir tíortha. Beidh an leagan deiridh den ríomhardán ar fáil don Choimisiún ó mhí an Mheithimh 2023.

    (68)

    Agus cistí seachtracha á gcur chun feidhme, tá an t‑éilliú ar cheann de na forais faoinar féidir gach comhaontú um chómhaoiniú a shínítear le tíortha comhpháirtíochta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

    (69)

        Evaluation of the European Union support to rule of law and anticorruption in partner countries (2010-2021) [Meastóireacht ar thacaíocht an Aontais Eorpaigh don smacht reachta agus don fhrithéilliú i dtíortha comhpháirtíochta (2010-2021)] — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu)

    (70)

       COM(2020) 793 final.

    Top