Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0517

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN faoi Rialachán (AE) 2018/956 lena ndéantar anailís ar na sonraí arna dtarchur ag Ballstáit agus monaróirí do thréimhse tuairiscithe 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ó ídiú breosla fheithiclí nua tromshaothair

    COM/2023/517 final

    An Bhruiséil,15.9.2023

    COM(2023) 517 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

    faoi Rialachán (AE) 2018/956 lena ndéantar anailís ar na sonraí arna dtarchur ag Ballstáit agus monaróirí do thréimhse tuairiscithe 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ó ídiú breosla fheithiclí nua tromshaothair










    Clár na nábhar

    1.    Bunús dlí    2

    2.    Inneachar na tuarascála    2

    3.    Bunús sonraí    3

    4.    Anailís don tréimhse tuairiscithe 2020    3

    4.1    AstaíochtaíCO2 agus ídiú breosla    3

    4.1.1    Feidhmíocht fhlít an Aontais    3

    4.1.2    Feidhmíocht fhlít na mBallstát    5

    4.1.3    Feidhmíocht fhlít na monaróirí    7

    4.1.4    Astaíochtaí CO2 ag meascáin dhifriúla de phróifílí misin/pálasta    9

    4.1.5    astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla de réir cineál breosla    10

    4.2    Ardteicneolaíochtaí CO2 agus gléasraí cumhachta malartacha    11

    4.2.1    Ardteicneolaíochtaí CO2    11

    4.2.2    Breoslaí malartacha    12

    4.2.3    Gléasraí cumhachta malartacha    14

    5.    Conclúid    15

    5.1    Astaíochtaí CO2    15

    5.2    Breoslaí agus gléasraí cumhachta    16

    Iarscríbhinn    17

    A.1    Meáchain phróifíl mhisin    17

    A.2    Pálasta meánach    17

    A.3    Meánastaíochtaí CO2 in aghaidh an Bhallstáit    18



    1.    Bunús dlí

    I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin 1 , foilseoidh an Coimisiún gach bliain tuarascáil lena anailís ar na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit agus na monaróirí don tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Is é seo an dara tuarascáil faoin Rialachán seo, lena soláthraítear anailís sonraí don tréimhse tuairiscithe 2020 ag rith ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2021 mar sprioc-am tuairiscithe.

    Cinntear astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair throm agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin tríd an Vehicle Energy Consumption Calculation Tool [Uirlis Ríofa um Ídiú Breosla Feithiclí] (VECTO), uirlis ionsamhlúcháin le haghaidh feithiclí tromshaothair arna forbairt ag an gCoimisiún Eorpach. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2017/2400 maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair 2 do na prionsabail atá mar bhonn taca faoi spreagadh feithiclí tromshaothair nua a úsáideann VECTO.

    2.    Inneachar na tuarascála

    I gcomhréir le ceanglais Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/956, cumhdaítear leis an anailís seo anailís

    1)feidhmíocht fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais

    2)feidhmíocht fhlít feithiclí tromshaothair gach Ballstáit

    3)feidhmíocht fhlít feithiclí tromshaothair gach monaróra

    Tá na trí mhír thuas measta bunaithe ar astaíochtaí CO2 le haghaidh grúpaí feithiclí tromshaothair ionadaíocha roghnaithe le haghaidh próifíl mhisin dhifriúil, meascáin phálasta agus breoslaí difriúla. Chomh maith leis sin, áirítear freisin luachanna roghnaithe maidir le meánídiú breosla fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais.

    Cumhdaítear san anailís freisin na sonraí atá ar fáil maidir le húsáid nuatheicneolaíochtaí agus ardteicneolaíochtaí laghdaithe CO2, chomh maith le gléasraí cumhachta malartacha.

    Tá sé bunaithe ar na sonraí mar atá ar fáil an 07/11/2022.

    Is féidir teacht ar luachanna feidhmíochta breise ar an gClár Lárnach do shonraí maidir le feithiclí tromshaothair 3 .

    Níorbh fhéidir torthaí na dtástálacha um fhíorú ar an mbóthar a chur leis an tuarascáil mar nach bhfuil siad ar fáil don Choimisiún do thréimhse tuairiscithe 2020.

    3.    Bunús sonraí

    Tá an tuarascáil seo bunaithe ar shonraí lena n‑áirítear na feithiclí uile a thuairiscigh monaróirí, arna meaitseáil le clárúcháin sna Ballstáit le linn thréimhse tuairiscithe 2020. Cumhdaítear leo sin leoraithe i ngrúpaí feithicle 1, 2, 3, 4, 5, 9, 10, 11, 12 agus 16 4 . Cumhdaítear leoraithe i ngrúpaí 11, 12 agus 16 den chéad uair 5 .

    Sainmhínítear na leoraithe seo uile mar leoraithe troma i Rialachán (AE) 2017/2400. Déantar idirdhealú sa tuarascáil seo, i gcás inarb ábhartha, idir leoraithe faoi nó cothrom leis (grúpaí 1, 2 agus 3) agus os cionn (4, 5, 9, 10, 11, 12 agus 16) 16 tona den uasmheáchan ualaithe atá incheadaithe go teicniúil.

    Ní áirítear busanna agus cóistí.

    4.    Anailís don tréimhse tuairiscithe 2020 

    4.1    AstaíochtaíCO2  agus ídiú breosla

    Tugtar anailís sa roinn seo ar astaíochtaí CO2 arna déanamh ag Ballstáit, monaróirí, grúpaí feithicle agus próifílí misin difriúla. Anuas air sin, cuirtear i láthair luachanna roghnaithe ar ídiú breosla, chomh maith le cineálacha difriúla breosla a úsáideann na feithiclí nua‑chláraithe. Pléitear ar leithligh i roinn 4.2 feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta malartacha acu, i.e. feithiclí astaíochtaí nialasacha, feithiclí leictreacha hibride agus feithiclí débhreosla.

    4.1.1    Feidhmíocht fhlít an Aontais

    Braitheann na hastaíochtaí tuairiscithe CO2 go láidir ar na grúpaí agus foghrúpaí feithicle 6 . Table 1 tugtar sonraí maidir le comhdhéanamh agus astaíochtaí CO2 na ngrúpaí agus na bhfoghrúpaí feithicle. Go háirithe, léiríonn sé an líon feithiclí chomh maith leis na meánastaíochtaí sonracha CO2 de ghrúpaí agus foghrúpaí difriúla. Baineann na feithiclí oibre uile a cláraíodh le linn thréimhse tuairiscithe 2020 le grúpaí feithicle 4, 5 agus 9. Baineann tromlach mór na leoraithe meaitseáilte faoi 16 thona den uasmheáchan ualaithe atá incheadaithe go teicniúil le grúpaí 2 agus 3. A mhéid a bhaineann le leoraithe os cionn 16 thona, sciar 68 % de na leoraithe nua uile os cionn 16 thona is ea na feithiclí i bhfoghrúpa 5‑Cianaistear (5-LH). Is iad sin na feithiclí is coitianta a úsáidtear le haghaidh iompar lasta cianaistir san Aontas.

    Ríomhtar meánastaíochtaí sonracha CO2 ó fheithicil thromsaothair ó fhoghrúpa ar leith mar mheán ualaithe os cionn próifílí misin difriúla 7 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2019/1242. Le haghaidh grúpaí feithicle 1, 2, 3, 11, 12 agus 16, níl na meáchain phróifíl mhisin a úsáidtear le haghaidh na ríomhanna uile sainithe go fóill i reachtaíocht. Is féidir teacht ar na sainmhínithe a úsáidtear sa tuarascáil sin in Iarscríbhinn A.1.

    Table 1 tugtar an meán‑phálasta i dtonaí le haghaidh na ngrúpaí feithicle uile chomh maith leis na meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/tkm, arna ríomh ag roinnt na meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km faoin meán‑phálasta i dtonaí. Comhfhreagraíonn na meánastaíochtaí CO2 sonracha i g/tkm grúpa feithicle le hastaíochtaí tagartha CO2 grúpa feithicle mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), fomhír, pointe 38, fophointe (b) 8 de Threoir 1999/62/CE, arna leasú le Treoir 2006/38/CE, le Treoir 2011/76/AE, agus le Treoir (AE) 2022/362 9 , agus féadfar é a úsáid chun na críocha a leagtar amach sa Treoir sin.

    Tugtar tuairisc i Roinn A.2 den Iarscríbhinn maidir leis an gcaoi ar ríomhadh an meán‑phálasta le haghaidh na ngrúpaí feithicle uile.

    Tábla 1: Líon feithiclí, meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km, meán‑phálasta i dtonaí agus meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/tkm in aghaidh an ghrúpa agus an fhoghrúpa feithicle (tabhair faoi deara: Ciallaíonn RD feithiclí a úsáidtear go príomha le haghaidh Seachadadh Réigiúnach, LH le haghaidh Cianaistear, agus UD le haghaidh Seachadadh Uirbeach)

    Grúpa feithiclí

    Foghrúpa feithiclí 10

    An líon feithiclí

    Meánastaíochtaí sonracha CO2 (g/km)

    Pálasta meánach (t)

    Meánastaíochtaí sonracha CO2 (g/tkm)

    1

    -

    2 170

    592,1

    1,44

    410.1

    2

    -

    8 876

    625,5

    2,33

    267,9

    3

    -

    8 219

    696,3

    3,36

    207,2

    4

    4-UD

    94

    814,7

    2,65

    307,4

    4-RD

    10 816

    629,2

    3,18

    197,9

    4-LH

    3 223

    758,8

    7,42

    102,3

    feithicil oibre

    583

    1390,9

    -

     

    5

    5-RD

    1 318

    853,7

    10,26

    83.2

    5-LH

    130 194

    773,4

    13,84

    55,9

    feithicil oibre

    1

    954,5

    -

     

    9

    9-RD

    13 080

    701,5

    6,28

    111,7

    9-LH

    17 287

    857,4

    13,40

    64,0

    feithicil oibre

    1 703

    1554,5

    -

     

    10

    10-RD

    48

    907,4

    10,26

    88,5

    10-LH

    5 573

    810,5

    13,84

    58,6

    11

    -

    2 166

    846,3

    5,39

    157,0

    12

    -

    1 167

    1024,5

    9,81

    104,4

    16

    -

    3 201

    1082,5

    9,81

    110,3

    IOMLÁN AE

    -

    209 719

    773,7

     

     

    4.1.2    Feidhmíocht fhlít na mBallstát

    Table 2 tugtar faisnéis maidir leis na meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km le haghaidh gach Ballstáit. Ní chuirtear feithiclí oibre san áireamh. Le bheith achomair, ní thaispeántar ach luachanna astaíochta le haghaidh grúpa feithicle 2, foghrúpa 5‑Cianaistear (5-LH)m agus grúpa 16. Roghnaíodh na trí (fho) ghrúpa sin mar ghrúpaí ionadaíocha do leoraithe faoi bhun 16 thona (grúpaí 1, 2, agus 3) agus leoraithe os cionn 16 thona (faoi réir chaighdeáin CO2 faoi láthair: grúpaí 4, 5, 9 agus 10; ní siad faoi réir chaighdeáin CO2 atá i bhfeidhm faoi láthair: grúpaí 11, 12 agus 16) faoi seach 11 . Tugtar tuairisc i Roinn A.3 den Iarscríbhinn maidir le conas a ríomhtar na meánastaíochtaí sonracha CO2, arna dtuairisciú i dTábla 2.



    Tábla 2: Meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km de (fho-)ghrúpaí feithicle 2, 5-LH agus 16, chomh maith leis an líon leoraithe cláraithe i ngach Ballstát i ngrúpaí áirithe

     

    Grúpaí 1, 2, 3 
    Líon feithiclí

    Grúpa 2 
    Meánast. son. CO2 (g/km)

    Grúpaí 4, 5, 9, 10 
    Líon feithiclí

    Foghrúpa feithicle 5-LH 
    Meánast. son. CO2 (g/km)

    Grúpaí 11, 12, 16 
    Líon feithiclí

    Grúpa 16 
    Meánast. son. CO2 (g/km)

    An Ostair

    396

    614,6

    3 896

    780,7

    312

    1 080.3

    An Bheilg

    834

    622,0

    4 432

    784,2

    506

    1 050.3

    An Bhulgáir

    29

    635,5

    1 689

    759,4

    6

    1 102.4

    An Chróit

    63

    614,7

    500

    774,8

    14

    1 084.1

    An Chipir

    5

    573,3

    17

    789,8

    4

    N/B

    An tSeicia

    748

    644,5

    5 610

    767,3

    214

    1 080.2

    An Danmhairg

    225

    619,4

    2 428

    763,1

    280

    1 083.9

    An Eastóin

    3

    711,9

    542

    750,1

    41

    1 074.1

    An Fhionlainn

    169

    614,5

    1 081

    795,5

    694

    1 113.9

    An Fhrainc

    3 407

    599,2

    30 182

    781,3

    1 369

    1 080.5

    An Ghearmáin

    7 157

    624,4

    40 601

    778,7

    1 048

    1 048.6

    An Ghréig

    85

    615,0

    135

    792,3

    7

    1 108.2

    An Ungáir

    44

    629,7

    1 828

    765,3

    2

    1 009.7

    Éire

    147

    629,2

    1 401

    761,6

    91

    1 044.8

    An Iodáil

    1 780

    687,4

    16 785

    780,3

    80

    1 093.4

    An Laitvia

    27

    635,1

    996

    760,7

    31

    987,6

    An Liotuáin

    18

    629,9

    6 389

    771,4

    41

    N/B

    Lucsamburg

    4

    580,2

    601

    792,5

    2

    N/B

    Málta

    3

    640,7

    4

    790,6

    0

    N/B

    An Ísiltír

    833

    609,5

    8 128

    768,0

    211

    1 050.4

    An Pholainn

    992

    628,7

    23 277

    763,2

    203

    1 094.9

    An Phortaingéil

    207

    662,0

    3 455

    767,4

    88

    1 127.4

    An Rómáin

    73

    613,6

    3 821

    771,2

    40

    1 094.5

    An tSlóvaic

    163

    626,1

    1 943

    764,0

    27

    1 044.0

    An tSlóivéin

    35

    659,3

    1 254

    764,3

    21

    1 108.3

    An Spáinn

    1 331

    622,8

    17 057

    769,2

    118

    1 077.0

    An tSualainn

    477

    588,0

    3 463

    784,4

    1 078

    1 098.2

    Ní fios 12  

    10

    599,1

    118

    742,8

    6

    974,2

    IOMLÁN AE

    19 265

    625,5

    181 633

    773,4

    6 534

    1 082.5

    4.1.3    Feidhmíocht fhlít na monaróirí

    Table 3 Cuirtear i láthai na meánastaíochtaí sonracha CO2 g/km, le haghaidh na monaróirí uile, i gcomhréir leis na sonraí arna gcur ar fáil i Table 2.Ní chuirtear feithiclí oibre san áireamh.

    Tábla 3: Meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km de (fho-)ghrúpaí feithicle 2, 5-LH agus 16

     

    Leoraithe faoi bhun 16 thona

    Leoraithe os cionn 16 thona

     

    Grúpa 2 
    Meánastaíochtaí sonracha CO2 (g/km)

    Foghrúpa feithicle 5-LH 
    Meánastaíochtaí sonracha CO2 (g/km)

    Grúpa 16 
    Meánastaíochtaí sonracha CO2 (g/km)

    DAF Trucks N.V.

    669,3

    778,4

    1 031.1

    Daimler Truck AG

    628,7

    780,5

    1 126.1

    Ford Otomotiv Sanayi A.S.

    -

    812,4

    -

    ISUZU MOTORS LIMITED

    751,2

    -

    -

    Iveco S.p.A.

    706,1

    -

    -

    Iveco-Magirus A.G.

    -

    797,2

    1 112.7

    MAN Truck & Bus AG

    602,2

    771,1

    1 040.4

    RENAULT TRUCKS

    576,2

    794,7

    1 086.5

    SCANIA CV AB

    -

    736,5

    1 094.0

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    592,6

    771,8

    1 088.1

    IOMLÁN AE

    625,5

    773,4

    1 082.5

    Table 4 agus i Table 5 cuirtear i láthair an líon feithiclí cláraithe, le haghaidh na monaróirí uile, i ngrúpaí agus foghrúpaí difriúla, faoi seach. Ní áirítear feithiclí oibre.


    Tábla 4: An líon feithiclí in aghaidh an ghrúpa feithicle le haghaidh gach monaróir, maidir le grúpaí 1,2, 3, 11, 12 agus 16 13

     

    Grúpa feithiclí

    Fo-iomlán

     

    1

    2

    3

    11

    12

    16

    DAF Trucks N.V.

    94

    881

    705

    46

    49

    91

    1 866

    Daimler Truck AG

    548

    2 832

    2 752

    163

    186

    233

    6 714

    Ford Otomotiv Sanayi A.S.

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    ISUZU MOTORS LIMITED

    0

    9

    13

    0

    0

    0

    22

    Iveco S.p.A.

    427

    1 097

    1 366

    0

    0

    0

    2 890

    Iveco-Magirus A.G.

    0

    0

    0

    135

    26

    108

    269

    MAN Truck & Bus AG

    832

    2 101

    1 184

    274

    128

    633

    5 152

    Mitsubishi Fuso Truck & Bus Corporation

    246

    0

    0

    0

    0

    0

    246

    RENAULT TRUCKS

    0

    1 482

    1543

    160

    37

    221

    3 443

    SCANIA CV AB

    0

    0

    0

    545

    232

    1 048

    1 825

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    23

    474

    656

    843

    509

    867

    3 372

    Iomlán

    2170

    8 876

    8 219

    2 166

    1 167

    3 201

    25 799



    Tábla 5: An líon feithiclí in aghaidh an fhoghrúpa feithicle le haghaidh gach monaróir, maidir le grúpaí 4, 5, 9 agus 10

     

    Foghrúpa feithiclí

    Fo-iomlán

     

    4-UD

    4-RD

    4-LH

    5-RD

    5-LH

    9-RD

    9-LH

    10-RD

    10-LH

    DAF Trucks N.V.

    34

    854

    310

    83

    26 170

    173

    1 703

    8

    820

    30 155

    Daimler Truck AG

    0

    1 782

    876

    385

    22 505

    3 074

    3 859

    13

    549

    33 043

    Ford Otomotiv Sanayi A.S.

    0

    152

    24

    2

    1 152

    59

    19

    0

    0

    1 408

    ISUZU MOTORS LIMITED

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    Iveco S.p.A.

    11

    951

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    962

    Iveco-Magirus A.G.

    0

    311

    119

    100

    11 251

    1 599

    1 284

    0

    121

    14 785

    MAN Truck & Bus AG

    0

    1 937

    539

    244

    17 824

    2 577

    2 908

    12

    504

    26 545

    Mitsubishi Fuso Truck & Bus Corporation

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    0

    RENAULT TRUCKS

    0

    2 120

    503

    84

    10 461

    1 904

    771

    1

    230

    16 074

    SCANIA CV AB

    49

    1 510

    546

    343

    20 283

    2 241

    3 663

    6

    1 817

    30 458

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    0

    1 199

    306

    77

    20 548

    1 453

    3 080

    8

    1 532

    28 203

    Iomlán

    94

    10 816

    3 223

    1 318

    130 194

    13 080

    17 287

    48

    5573

    181 633

    4.1.4    Astaíochtaí CO2 ag meascáin dhifriúla de phróifílí misin/pálasta

    In VECTO, samhlaítear na feithiclí uile thar próifílí misin difriúla agus le dhá phálasta dhifriúla (íseal nó ionadaíoch). Samhlaítear gach grúpa feithicle thar líon sainithe próifílí misin comhfhreagracha.

    i Table 6 cmeánastaíochtaí sonracha i g/km agus g/tkm ó ghrúpaí feithicle 2, foghrúpa 5-LH agus grúpa 16.



    Tábla 6: Meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km agus g/tkm de ghrúpaí feithicle 2, 5 agus 16 maidir le gach próifíl mhisin

     

    Leoraithe faoi bhun 16 thona

    Leoraithe os cionn 16 thona

    Grúpa feithicle 2

    Foghrúpa feithicle 5 LH

    Grúpa feithicle 16

    Próifíl mhisin / pálasta

    Meánastaíochtaí CO2 (g/km)

    Meánastaíochtaí CO2 (g/tkm)

    Meánastaíochtaí CO2 (g/km)

    Meánastaíochtaí CO2 (g/tkm)

    Meánastaíochtaí CO2 (g/km)

    Meánastaíochtaí CO2 (g/tkm)

    RDL

    508,0

    849,8

    663,2

    255,1

    -

    -

    RDR

    546,7

    182,9

    824,5

    63,9

    -

    -

    LHL

    668,3

    514,8

    636,3

    244,7

    -

    -

    LHR

    771,8

    78.8

    831,8

    43.1

    -

    -

    UDL

    644,0

    1 077.3

    1 046.7

    402,6

    -

    -

    UDR

    743,8

    248,8

    1 437.9

    111,5

    -

    -

    REL

    -

    -

    838,7

    239,6

    -

    -

    RER

    -

    -

    1 064.2

    60.8

    -

    -

    LEL

    -

    -

    801.3

    228,9

    -

    -

    LER

    -

    -

    1 079.2

    40,7

    -

    -

    Mugilidae

    -

    -

    -

    -

    -

    -

    MUR

    -

    -

    -

    -

    -

    -

    COL

    -

    -

    -

    -

    908,8

    349,5

    CER

    -

    -

    -

    -

    1 156.9

    89,7

    4.1.5    Astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla de réir cineál breosla

    Table 7 soláthraítear na meánastaíochtaí sonracha CO2 de réir cineál breosla. Ar an gcaoi chéanna le Table 2 agus Table 3, cuireann sé i láthair luachanna le haghaidh grúpaí feithicle 2, 5-LH agus 16, seachas feithiclí oibre. Níor úsáid ceann ar bith de na feithiclí a cláraíodh le linn na tréimhse tuairiscithe 2020 Peitreal (PI), Eatánól (PI), ná LPG (PI) 14 . Tugtar anailís níos mionsonraithe ar na breoslaí difriúla a d’úsáid feithiclí nua‑chláraithe i roinn 4.2.2.



    Tábla 7: An líon feithiclí, meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/km agus meánídiú breosla na (bhfo-)(n)g(h)rúpaí feithicle 2,5-LH agus 16 de réir chineál breosla

     

    Leoraithe faoi bhun 16 thona

    Leoraithe os cionn 16 thona

    Grúpa feithicle 2

    Foghrúpa feithiclí 5-LH

    Grúpa feithicle 16

    Cineál breosla (inneall)

    An líon feithiclí

    Meánast. son. CO2 (g/km)

    Meánídiú breosla

    An líon feithiclí

    Meánast. son. CO2 (g/km)

    Meánídiú breosla

    An líon feithiclí

    Meánast. son. CO2 (g/km)

    Meánídiú breosla

    Díosal (AC)

    8 798

    625,5

    24 l/100 km

    124 406

    774,1

    30 l/100 km

    3 161

    1 082.8

    41 l/100 km

    Eatánól (CI)

    -

    -

    -

    5

    720,4

    49 l/100 km

    -

    -

    -

    LNG (PI)

    -

    -

    -

    5 003

    757,8

    274 g/km

    -

    -

    -

    CNG (PI)

    78

    620,0

    230 g/km

    770

    765,2

    284 g/km

    40

    1 054.8

    392 g/km

    NG (PI)

    -

    -

    -

    9

    749,8

    295 g/km

    -

    -

    -

    Maidir le 9 bhfeithicil gáis nádúrtha ó fhoghrúpa 5-LH samhlaithe le leaganacha luatha VECTO, níl aon sonraíocht ar fáil maidir leis an gcineál gáis nádúrtha, bíodh sin ina ghás nádúrtha leachtaithe (LNG), nó ina ghás nádúrtha comhbhruite (CNG). Aicmítear na feithiclí sin anseo amhail NG.

    4.2    Ardteicneolaíochtaí CO2 agus gléasraí cumhachta malartacha

    Dírítear sa roinn seo ar úsáid ardteicneolaíochta agus teicneolaíochtaí malartacha laistigh de na feithiclí cláraithe le linn na chéad tréimhse tuairiscithe. Go háirithe, liostaítear ann an líon iomlán feithiclí agus an sciar den fhlít atá feistithe le teicneolaíocht ar leith. Cuirtear i gcomparáid ann flíteanna monaróirí agus Ballstáit difriúla.

    4.2.1    Ardteicneolaíochtaí CO2

    Le linn na tréimhse tuairiscithe 2020, d’fhéadfadh monaróirí, ach ní raibh oibleagáid orthu, ‘ardteicneolaíochtaí CO2 15 breise a thabhairt le fios. Ní raibh aon tionchar ag an bhfaisnéis sin ar thorthaí samhlaithe VECTO.

    As na feithiclí nua uile de chuid an mhonaróra a thuairiscigh maidir le teicneolaíochtaí den sórt sin, bhí 66 % feistithe le gríle tosaigh gníomhach, aicmithe amhail ardbheart aeraidinimice. Thairis sin, bhí timpeall 94 % dá fheithiclí nua feistithe le teicneolaíocht bíge agus sleamhnaithe, a bhfuil tiomáint níos tíosaí ar fhuinneamh dá thoradh.

    Ní féidir teacht ar aon chonclúidí maidir le teicneolaíochtaí CO2 laistigh de fhlít iomlán an Aontais.

    Seachas an fhaisnéis roghnach seo maidir le ‘hardteicneolaíochtaí CO2’, b’éigean do mhonaróirí a thabhairt le fios, cibé an bhfuil nó nach bhfuil an fheithicil chláraithe feistithe le teicneolaíocht ardchórais chuidithe tiománaithe (ADAS) 16 . Table 8 cuirtear i láthair an líon iomlán feithiclí atá feistithe le teicneolaíocht ADAS.

    Tábla 8: An líon feithiclí in aghaidh an ghrúpa feithicle atá feistithe le teicneolaíocht ADAS

     

    Grúpa feithicle

    Iomlán

    Teicneolaíocht ADAS

    1

    2

    3

    4

    5

    9

    10

    11

    12

    16

    Éicea‑rolladh gan stopadh‑tosú innill

    287

    2 047

    1 818

    4 500

    102 002

    15 050

    3 385

    765

    504

    974

    131 330

    Luasrialú tuarthach

    0

    0

    0

    2 569

    83 993

    9 294

    2 258

    381

    375

    522

    99 392

    Sciar d’fheithiclí atá feistithe le 1 ADAS ar a laghad (%)

    13

    23

    22

    31

    78

    47

    60

    37

    51

    32

    60

    Ní raibh aon fheithicil cláraithe le linn thréimhse tuairiscithe 2020 feistithe le teicneolaíochtaí ADAS ‘stop‑tosaigh innill le linn stop feithicle’ nó ‘éicea‑rolladh le stop‑tosaigh innill’.

    4.2.2    Breoslaí malartacha

    Sonraíochtaí éigeantacha le linn na tréimhse tuairiscithe ba iad an cineál breosla agus innill d’fheithicil chláraithe mar go ndéanann siad difear don chinntiúchán astaíochtaí trí VECTO. Cé go n‑úsáideann beagnach 98 % d’fheithiclí cláraithe Díosal, úsáideann méid beag feithiclí nua‑chláraithe eatánól, LNG nó CNG. Table 9 tugtar forbhreathnú ar an mbreosla agus na hinnill dhifriúla laistigh de ghrúpaí feithicle.

     

    Grúpa feithiclí

    Iomlán

    Cineál breosla (inneall)

    1

    2

    3

    4

    5

    9

    10

    11

    12

    16

    Díosal (AC)

    2 166

    8 798

    8 117

    14 268

    125 685

    30 615

    5 602

    2 164

    1 166

    3 161

    201 742

    Eatánól (CI)

    0

    0

    0

    8

    5

    14

    1

    0

    0

    0

    28

    LNG (PI)

    0

    0

    0

    27

    5 013

    401

    9

    0

    0

    0

    5 450

    CNG (PI)

    4

    78

    99

    405

    800

    999

    9

    2

    1

    40

    2 437

    NG (PI)

    0

    0

    0

    0

    9

    2

    0

    0

    0

    0

    11

    Sciar feithiclí a úsáideann AF (%)

    0

    1

    1

    3

    4

    4

    0

    0

    0

    1

    4

    Tábla 9: An líon feithiclí in aghaidh an ghrúpa feithicle de réir cineál breosla (AF: Breoslaí malartacha)

    Maidir le 11 fheithicil gháis nádúrtha samhlaithe le leaganacha luatha VECTO, níl aon sonraíocht ar fáil maidir leis an gcineál gáis nádúrtha (GNL nó GNC). I Table 9 aicmítear na feithiclí sin anseo amhail NG.

    Table 10 léirítear sonraí in aghaidh an Bhallstáit i dtéarmaí an líon feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha. Suimítear na sonraí laistigh den dá chatagóir is tábhachtaí: leoraithe faoi bhun 16 thona (i.e. grúpaí 1, 2, agus 3), chomh maith le leoraithe os cionn 16 thona (i.e. grúpaí 4, 5, 9, 10, 11, 12 agus 16) agus eisiatar gléasraí cumhachta malartacha a chuirtear i láthair sa chéad chuid eile.

    Tábla 10: An líon feithiclí in aghaidh an Bhallstáit de réir cineál breosla. Áirítear LNG agus CNG ar gáschumhachtaithe

     

    Leoraithe faoi bhun 16 thona

    Leoraithe os cionn 16 thona

    An líon foriomlán feithiclí (seachas ZEV)

    Sciar feithiclí a úsáideann AF (%)

    Díosal (AC)

    Eatánól (CI)

    Ballstát

    Díosal (AC)

    Eatánól (CI)

    Gáschumhachtaithe

    Díosal (AC)

    Eatánól (CI)

    Gáschumhachtaithe

    An Ostair

    393

    0

    3

    4 181

    0

    62

    4 639

    1

    An Bheilg

    827

    0

    7

    4 931

    0

    186

    5 951

    3

    An Bhulgáir

    29

    0

    0

    1 531

    0

    167

    1 727

    10

    An Chróit

    63

    0

    0

    515

    0

    1

    579

    0

    An Chipir

    5

    0

    0

    22

    0

    0

    27

    0

    An tSeicia

    746

    0

    2

    5 764

    0

    98

    6 610

    2

    An Danmhairg

    225

    0

    0

    2 771

    0

    64

    3 060

    2

    An Eastóin

    3

    0

    0

    576

    0

    8

    587

    1

    An Fhionlainn

    165

    0

    4

    1 716

    0

    64

    1 949

    3

    An Fhrainc

    3 345

    0

    62

    30 432

    6

    1 426

    35 271

    4

    An Ghearmáin

    7 151

    0

    6

    40 134

    0

    2 080

    4 9371

    4

    An Ghréig

    85

    0

    0

    159

    0

    0

    244

    0

    An Ungáir

    44

    0

    0

    1 832

    0

    3

    1 879

    0

    Éire

    147

    0

    0

    1 497

    0

    14

    1 658

    1

    An Iodáil

    1 747

    0

    33

    15 926

    0

    1 181

    18 887

    6

    An Laitvia

    27

    0

    0

    948

    0

    79

    1 054

    7

    An Liotuáin

    18

    0

    0

    6 360

    0

    70

    6 448

    1

    Lucsamburg

    4

    0

    0

    596

    0

    8

    608

    1

    Málta

    3

    0

    0

    8

    0

    0

    11

    0

    An Ísiltír

    831

    0

    1

    8 463

    0

    249

    9 544

    3

    An Pholainn

    981

    0

    11

    22 600

    0

    1 000

    24 592

    4

    An Phortaingéil

    198

    0

    9

    3 526

    0

    46

    3 779

    1

    An Rómáin

    70

    0

    3

    3 770

    0

    107

    3 950

    3

    An tSlóvaic

    163

    0

    0

    1 931

    0

    43

    2 137

    2

    An tSlóivéin

    35

    0

    0

    1 250

    0

    26

    1 311

    2

    An Spáinn

    1 296

    0

    35

    16 688

    0

    545

    18 564

    3

    An tSualainn

    470

    0

    5

    4 409

    22

    188

    5 094

    4

    Ní fios 17

    10

    0

    0

    125

    0

    2

    137

    1

    Iomlán AE

    19 081

    0

    181

    182 661

    28

    7717

    209 668

    4

    D’fhéadfadh difríochtaí idir Ballstáit a bheith de thoradh bonneagair athlíonta arna bhforbairt go difriúil le haghaidh breoslaí malartacha, e.g. CNG/LNG. Mar sin féin, tá an líon feithiclí cláraithe a úsáideann breoslaí malartacha íseal ar fud an Aontais ar fad.

    4.2.3    Gléasraí cumhachta malartacha

    Sainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/1242 feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha (ZEV) amhail feithicil gan inneall dócháin inmheánaigh, nó le hinneall dócháin inmheánaigh a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh, nó le níos lú ná 1 g CO2/km.

    Níor cláraíodh aon fheithicil leictreach hibrideach 18 ná aon fheithicil dhébhreosla 19 le linn na tréimhse tuairiscithe 2020 sna grúpaí feithicle a chumhdaítear sa tuarascáil. Cláraíodh roinnt i ngrúpa 0 (idir 3.5 agus 7.5 tona)

    Table 11 léirítear go raibh an líon feithiclí astaíochtaí nialasacha a cláraíodh le linn na tréimhse tuairiscithe an‑teoranta.

    Tábla 11: An líon feithiclí le gléasra cumhachta malartacha de réir monaróirí (ZEV: Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha)

    Monaróir

    ZEV

    Sciar de ZEV

    DAF NV

    1

    0,00 %

    DAIMLER TRUCK AG

    0

    0,00 %

    FORD OTOMOTIV SANAYI AS

    0

    0,00 %

    ISUZU MOTORS LIMITED

    0

    0,00 %

    IVECO SPA

    0

    0,00 %

    IVECO MAGIRUS AG

    0

    0,00 %

    MAN TRUCK AND BUS SE

    14

    0,04 %

    MITSUBISHI FUSO TRUCK & BUS CORPORATION

    0

    0,00 %

    RENAULT TRUCK SA

    11

    0,06 %

    SCANIA CV AB

    1

    0,00 %

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    24

    0,08 %

    An líon foriomlán feithiclí

    51

    0,02 %

    Baineann formhór na 51 fheithicil sin leis an bhfoghrúpa 9-LH agus 9-RD (24 agus 15 ZEV, faoi seach), fad is a bhaineann na cinn eile le (fo-)grúpaí 3, 4-LH agus 5-LH.

    5.    Conclúid

    Tá sé mar aidhm leis an dara tuarascáil sin an status quo a chur i láthair de fhlít feithicil tromshaothair an Aontais.

    Cuireann sé i gcomparáid feidhmíocht flíteanna monaróirí ó Bhallstáit, monaróirí agus grúpaí feithicle difriúla. Cuireann sé ar fáil luachanna roghnaithe maidir le hastaíochtaí CO2, ídiú breosla, chomh maith leis an sciar de theicneolaíochtaí malartacha i bhfeithiclí tromshaothair a cláraíodh le linn na dara tréimhse tuairiscithe. Déantar achoimriú sa roinn seo ar na príomhbhreithnithe ó na sonraí a tuairiscíodh.

    5.1    Astaíochtaí CO2 

    Níl fáil ar chomparáid chóir ar fheidhmíocht na mBallstát agus monaróirí difriúla i dtéarmaí meánastaíochtaí sonracha CO2 a bhflíteanna ach laistigh de ghrúpa nó foghrúpaí ar leith (le haghaidh leoraithe i ngrúpaí 4, 5, 9 agus 10).

    Laistigh den ghrúpa ionadaíochta le haghaidh leoraithe faoi bhun 16 thona, i.e. grúpa 2, is féidir difríochtaí suntasacha i measc flíteanna Ballstáit dhifriúla agus monaróirí difriúla a bhreathnú. Ach, tá siad sin tiomanta freisin ag an líon feithiclí cláraithe i roinnt tíortha nó arna dtáirgeadh ag roinnt monaróirí. Seachas na tíortha agus na monaróirí sin, tá an difríocht choibhneasta idir an fhlít Ballstáit is fearr agus is measa feidhmíochta níos mó ná 15 % (féach Table 2). Maidir leis na monaróirí, is ionann an difríocht choibhneasta agus timpeall 20 % (féach Table 3).

    Maidir leis na leoraithe os cionn 16 thona, tá feidhmíochtaí flíteanna 5-Cianaistear agus flíteanna grúpa 16 na mBallstát agus na monaróirí difriúla níos ailínithe.

    Is féidir an éagsúlacht níos airde de mheánastaíochtaí CO2 leoraithe faoi bhun 16 thona i gcomparáid leo sin os cionn 16 thona a mhíniú de bharr go ndéantar leoraithe faoi bhun 16 thona a shamhaltú le pálasta beagán difriúil ag brath ar a n‑uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil, cé nach mbraitheann an pálasta a úsáidtear ag samhaltaithe leoraithe os cionn 16 thona ar shaintréithe teicniúla na feithicle aonair.

    Thairis sin, tugann na sonraí maidir le glacadh ardteicneolaíochtaí le fios go bhfuil beagnach leath de na feithiclí nuachláraithe feistithe le hardchórais cuidithe tiománaithe. Tá na sonraí maidir le hardteicneolaíochtaí CO2 breise teoranta, ach tugtar le fios ann go bhféadfadh ardsciar d’fheithiclí a bheith feistithe le hardbhearta aeraidinimiciúla nó le teicneolaíocht bíge agus sleamhnaithe.

    5.2    Breoslaí agus gléasraí cumhachta

    Faoi láthair, is mó ná sciar 96 % líon na bhfeithiclí tromshaothair nuachláraithe uile a chumhdaítear sa tuarascáil seo. Ní úsáideann ach líon teoranta feithiclí breoslaí malartacha nó gléasraí cumhachtacha malartacha, LNG agus CNG den chuid is mó.

    Athraíonn an sciar feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha, i.e. eatánól, CNG, nó LNG, go suntasach idir na Ballstáit. Cé go bhfuil sé an‑íseal (faoi bhun 0.5 %) sa Chróit, sa Chipir, sa Ghréig, san Ungáir agus i Málta, sroicheann sé 10 % sa Bhulgáir (féach Table 10). Tá sé sin mar gheall ar an sciar coibhneasta ard d’fheithiclí gáis nádúrtha, a léiríonn bonneagar athlíonta gáis atá dea‑fhorbartha sa tír sin.

    I láthair na huaire, tá an líon feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha ar fud an Aontais beag, gan ach 51 fheithicil meaitseáilte le linn na tréimhse tuairiscithe 2020 (féach Table 11). D’fhéadfadh roinnt ZEV a bheith ann, áfach, nach bhfuil tuairiscithe agus dá bhrí sin nach bhfuil áirithe.


    Iarscríbhinn

    A.1    Meáchain phróifíl mhisin

    Úsáidtear na luachanna a thugtar i Table 12 in VECTO chun astaíochtaí sonracha CO2 feithiclí aonair a thugtar le fios sa Deimhniú Comhréireachta (CoC) a chinneadh.

    Tábla 12:Meáchain phróifíl mhisin le haghaidh grúpaí feithicle 1, 2, 3, 11, 12 agus 16

    Grúpa feithiclí

    RDL

    RDR

    UDL

    UDR

    COL

    CER

    1

    0.1

    0.3

    0.18

    0.42

    0

    0

    2

    0.125

    0.375

    0,15

    0,35

    0

    0

    3

    0.125

    0.375

    0,15

    0,35

    0

    0

    11

    0,15

    0,35

    0

    0

    0,15

    0,35

    12

    0,21

    0.49

    0

    0

    0.09

    0,21

    16

    0

    0

    0

    0

    0.3

    0.7

    A.2    Pálasta meánach

    Maidir le grúpaí 4, 5, 9, 10, 11, 12 agus 16 tá an meán‑phálasta seasta laistigh de gach foghrúpa.

    Maidir le grúpaí 1, 2, agus 3, níl na luachanna pálasta seasta ach athraíonn siad de réir uasmhais ualaithe na feithicle aonair atá incheadaithe go teicniúil (TPMLM). Dá bhrí sin, chun an meán‑phálasta a ríomh laistigh de ghrúpa, is gá pálasta sonrach don fheithicil 20 a thabhairt san áireamh. Ríomhtar an meán‑phálasta maidir le grúpaí 1, 2, agus 3 mar a leanas:

    .

    .

    Ansin, is í suim fhoriomlán na bhfeithiclí uile ón ngrúpa , suim fhoriomlán na bpróifílí misin uile, an luach pálasta sannta leis an bhfeithicil maidir leis an bpróifíl mhisin , agus líon iomlán feithiclí ón ngrúpa feithicle .

     na meáchain phróifíl mhisin chéanna a úsáidtear chun astaíochtaí sonracha CO2 de ghrúpaí 1, 2, 3 a ríomh (féach Table 12).

    A.3    Meánastaíochtaí CO2 in aghaidh an Bhallstáit

    Na meánastaíochtaí sonracha CO2  i g/km de (fho) ghrúpa feithicle 21 in aghaidh an Bhallstáit, ríomhtar iad mar a leanas:

    .

    Ansin, is í suim fhoriomlán na bhfeithiclí uile ó (fho) ghrúpa áirithe agus Ballstát agus aris iad sin na meánastaíochtaí sonracha CO2 de ghrúpa feithicle tromshaothair ó ghrúpa agus Ballstát , Rialachán (AE) 2019/1242 (féach Table 12). an líon iomlán feithiclí ó ghrúpa cláraithe i mBallstát.

    (1)

    Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1).

    (2)

    Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).

    (3)

     De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/956. Foilsíonn EEA an Clár Lárnach faoi https://discomap.eea.europa.eu/app/CO2HDV/.

    (4)

     Mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/2400

    (5)

     D'fhéadadh sé nach bhfuil an líon feithiclí cláraithe i ngrúpaí 11, 12 agus 16 ionadaíoch ar thréimhse tuairiscithe thipiciúil. Ó tharla nach raibh siad deimhnithe roimh thús na tréimhse tuairiscithe, b’fhéidir gur cláraíodh roinnt feithiclí gan tuairisciú ó mhonaróir. 

    (6)

     Léiríonn na foghrúpaí feithicle gnáthphátrún úsáide agus saintréithe teicniúla sonracha na feithicle. Sainmhínítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242.

    (7)

     Sainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/1242 próifíl mhisin mar ‘mheascán de sprioc‑thimthriall luais, luach pálasta, cumraíocht cabhlach nó leantóra agus paraiméadair eile, más infheidhme, a léiríonn úsáid shonrach feithicle’.

    (8)

    Tagraíonn an sainmhíniú sin don mheánluach astaíochtaí CO2 feithiclí uile i ngrúpa feithicle, atá coibhéiseach le meánastaíochtaí sonracha CO2 i g/tkm de ghrúpa feithicle.

    (9)

    Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí as bonneagair bhóthair a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42)

    (10)

    Mar a shainítear i Rialachán (AE) 2019/1242

    (11)

     Chun críocha Leoraithe faoi bhun 16 thona, tá líon inchomparáide feithiclí i ngrúpaí 2 agus 3. Maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 agus meán‑phálasta, tú grúpa 2 ‘idir’ grúpaí 1 agus 3 (féach Tábla 2), agus dá bhrí sin is fearr a léiríonn sé na leoraithe sin. Grúpa ionadaíoch iad Foghrúpa 5-LH agus grúpa 16, mar gur ionann iad agus an sciar is airde de leoraithe nua‑chláraithe os cionn 16 thona i ngrúpaí nach bhfuil faoi réir na gcaighdeán CO2 atá i bhfeidhm faoi láthair, faoi seach. I roinnt tíortha, níor cláraíodh aon fheithicil i ngrúpa 16 le linn na tréimhse tuairiscithe, agus dá bhrí sin níl a meánastaíochtaí ar fáil.

    (12)

     Is iad feithiclí anaithnide iad sin atá cláraithe i níos mó ná Ballstát amháin, agus ansin nárbh fhéidir Ballstát beacht amháin a shannadh dóibh.

    (13)

    Féach fonóta 5

    (14)

     Ciallaíonn PI inneall Adhainte Deimhní agus ciallaíonn CI inneall Adhainte Comhbhrú.

    (15)

     Réimse 74 de Thábla 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956.

    (16)

     Réimsí 97-100 de Thábla 2 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/956.

    (17)

    Is éard iad feithiclí anaithnid iad sin cláraithe i níos mó ná Ballstát amháin, agus ansin nárbh fhéidir Ballstát beacht amháin a shannadh dóibh.

    (18)

     Feithicil is ea feithicil leictreach hibrideach a mheascann inneall dócháin inmheánaigh le mótar leictreach

    (19)

     Feithicil is ea feithicil dhébhreosla a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici atá deartha le hoibriú ar dhá bhreosla difriúil an tráth céanna

    (20)

     An Coimisiún Eorpach. (2017). Forbairt uirlis VECTO: Cur i gcrích modheolaíochta chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 Feithiclí Tromshaothair a shamhaltú. Uasghráduithe le leagan VECTO atá ann cheana agus cur i gcrích modheolaíocht deimhniúcháin le hionchorprú i dtogra reachtach ón gCoimisiún (lgh. 71-73).

    (21)

     Is iad na grúpaí feithicle mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2017/2400: 1, 2, 3, 4, 5, 9, 10. Is iad na foghrúpaí feithicle mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I le Rialachán 2019/1242: 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH. Tugtar le fios leis an gcéad digit d’fhoghrúpa feithicle an grúpa feithicle lena mbaineann sí.

    Top