Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023DC0283

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE

    COM/2023/283 final

    An Bhruiséil,31.5.2023

    COM(2023) 283 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE


    RÉAMHRÁ

    Le Treoir 2013/53/AE 1 leagtar síos ceanglais maidir le dearadh agus monarú árthaí áineasa agus árthaí uisce pearsanta agus rialacha maidir lena saorghluaiseacht san Aontas. Faoi Airteagal 47 den Treoir cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a leasú:

    -pointí 2.3, 2.4 agus 2.5 de Roinn 2, chomh maith le Roinn 3 de Chuid B agus Roinn 3 de Chuid C d’Iarscríbhinn I, lena bpléitear timthriallta tástála inneall muirí, cur i bhfeidhm aicme an innill agus rogha na máthair-inneall, breoslaí tástála, agus marthanacht na n-inneall a fhad agus a bhaineann sé le ceanglais maidir le hastaíochtaí sceite agus torainn (Airteagal 47(a)(i)), faoi seach, chun an dul chun cinn san eolas teicniúil agus fianaise eolaíoch nua a chur san áireamh;

    -Iarscríbhinní VII agus IX lena bpléitear faoi seach le ‘measúnú ar chomhréireacht táirgeachta le haghaidh astaíochtaí sceite agus torainn’ agus ‘doiciméadacht theicniúil’ (Airteagal 47(a)(ii)), chun an dul chun cinn san eolas teicniúil agus fianaise eolaíoch nua a chur san áireamh.

    -Iarscríbhinn V lena leagtar amach ceanglais maidir le ‘Comhréireacht choibhéiseach bunaithe ar Mheasúnú Iarthógála’ (Airteagal 47(b)), chun an dul chun cinn san eolas teicniúil, leordhóthanacht comhréireachta coibhéisí a áirithiú agus fianaise eolaíoch nua a chur san áireamh.

    BUNÚS DLÍ

    Ceanglaítear an tuarascáil seo a dhéanamh faoi Airteagal 48(2) de Threoir 2013/53/AE. De bhun na forála sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann thréimhse 5 bliana ón 17 Eanáir 2014 agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Cuireadh síneadh le tarmligean na cumhachta uair amháin cheana féin ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí an 17 Eanáir 2024.

    AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

    Ó theacht i bhfeidhm Threoir 2013/53/AE, níor bhain an Choimisiún úsáid as an gcumhachtú. Níor glacadh aon ghníomh tarmligthe go fóill.

    Mar sin féin, na cúiseanna a thug ar na comhreachtóirí an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún, is cúiseanna bailí iad fós agus d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an gcumhachtú amach anseo. Mar shampla, leagtar amach sa Treoir na timthriallta tástála le haghaidh innill mhuirí pheitril chomh maith le cinn dhíosail, ach ní chuimsítear inti timthriall tástála le haghaidh innill mhuirí a bhaineann leas as teicneolaíocht hibrideach. Is teicneolaíocht úrnua í seo a úsáidtear sa réimse muirí lena n‑úsáidtear innill dócháin agus tiomáint leictreach in éineacht. D’fhéadfadh sé go mbainfidh an Coimisiún úsáid as an gcumhachtú chun timthriallta tástála a thabhairt isteach le haghaidh innill mhuirí hibrideacha, dá bhrí sin.

    CONCLÚID

    Creideann an Coimisiún, in ainneoin nár ghlac an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe go dtí seo, gur cheart síneadh intuigthe 5 bliana a chur le tarmligean na cumhachta mar a shonraítear in Airteagal 47 de Threoir 2013/53/AE, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) den Treoir.

    Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

    (1)

    Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí siamsaíochta agus árthaí pearsanta uisce agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 90–131).

    Top