AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.3.2023
COM(2023) 139 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Torann Timpeallachta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2002/49/CE
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Torann Timpeallachta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2002/49/CE
1. Réamhrá
Ar leibhéal AE, is í Treoir 2002/49/CE maidir le measúnú agus bainistiú torainn timpeallachta (an Treoir) an phríomhionstraim reachtach maidir le sláinte agus folláine daoine a chosaint ar thruailliú torainn iomarcaigh de bharr trácht bóithre, iarnróid agus aerfoirt, agus suiteálacha móra tionsclaíocha. Déantar é sin léi trí (1) cur chuige coiteann a leagan síos d’fhonn éifeachtaí díobhálacha torainn timpeallachta a sheachaint, a chosc agus a laghdú agus (2) bonn a sholáthar chun bearta a fhorbairt chun torann a astaíonn as na príomhfhoinsí a laghdú. Ar an iomlán, is é ionstraim dlí an Aontais Eorpaigh é chun measúnú agus gníomhaíochtaí a nascadh ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal domhanda.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach le hAirteagal 11 den Treoir tuarascáil a chur isteach gach 5 bliana agus í a chur isteach chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní mór go n‑áireofaí sa tuarascáil sin athbhreithniú ar an timpeallacht fuaime chomh maith leis na bearta atá ar fáil chun torann timpeallachta a laghdú, an méid atá bainte amach i reachtaíocht eile AE lena rialaítear foinsí torainn agus measúnú ar an ngá atá le tuilleadh gníomhaíocht ón Aontas.
Déantar athbhreithniú sa tríú tuarascáil cur chun feidhme ar an gcás ó foilsíodh an dara tuarascáil . Déantar measúnú inti ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a moladh sa dara tuarascáil ó 2017 ar bhonn na meastóireachta a rinneadh in 2016 ar an Treoir .
Tá sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) gurb é torann an dara tosca um ghalar timpeallacht is tábhachtaí san Aontas (i ndiaidh truailliú aeir). D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach sláinte a bheith ag neamhchosaint fhada ar ardleibhéil truaillithe torainn (lena n‑áirítear brú fola ard, galar cardashoithíoch agus mortlaíocht anabaí) agus bíonn tionchar suntasach aige ar shláinte choirp, ar mheabhairshláinte agus ar fholláine (lena n‑áirítear suaitheadh ainsealach, amhail leibhéal ard suaite codlata, struis agus/nó bearráin). Tá 20 % de dhaonra an Aontais Eoraip - duine amháin as gach cúigear de gach aoisghrúpa - ina gcónaí i gceantair ina ndéanann leibhéil torainn dochar don tsláinte
Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá an tAontas Eorpach tiomanta d’uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach le haghaidh timpeallacht saor ó thocsainí. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach 2021 sprioc shonrach um laghdú 30 % faoi 2030 ar an líon daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach i ndáil le 2017.
Thiomnaigh an Coimisiún é féin sa phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach chun:
·díriú níos fearr ar dhul i ngleic le torann ag an bhfoinse – i gcomhréir le torthaí mheastóireacht 2016 3 den Treoir maidir le Torann Timpeallachta agus meastóireacht 2020 ar an Treoir maidir le Torann Lasmuigh , go háirithe trí chur chun feidhme ceart a áirithiú agus, i gcás inarb iomchuí, trí fheabhas a chur ar chreat rialála AE a bhaineann le torann maidir le feithiclí bóthair agus a mboinn, ar iarnróid, aerárthaí – agus gníomhaíocht chomhthreomhar ag gabháil leis ar an leibhéal domhanda;
·obair leantach a dhéanamh ar mheastóireacht 2020 ar an Treoir maidir le Torann Lasmuigh trí aghaidh a thabhairt ar threalamh lasmuigh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh in 2022; agus
·measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le spriocanna maidir le laghdú torainn a leagan síos ar leibhéal AE sa Treoir maidir le Torann Timpeallacht.
Léiríodh sa phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach freisin an gá atá le pleananna gníomhaíochta torainn na mBallstát a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sna pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe tríd an ngréasán iompair phoiblí ghlain a leathnú ag an am céanna agus modhanna iompair níos gníomhaí a chur chun cinn.
Deimhnítear leis an straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste agus leis an ochtú clár gníomhaíochta don chomhshaol freisin an gá atá le torann a laghdú , torann a thagann ó iompar den chuid is mó. Sa chiall sin, tá liosta de phointí gníomhaíochta atá le déanamh sa straitéis cheana féin maidir le boinn , muirir aerfoirt agus iarnróid a chur chun cinn .
2. Cáilíocht fuaime timpeallachta san Aontas agus a thionchar ar shláinte an phobail
Rinne EDS athbhreithniú córasach ar an bhfianaise eolaíoch a bhí mar bhonn agus taca ag cainníochtú éifeachtaí sláinte de thoradh torainn in 2014-2018. Soláthraíodh sa taighde a rinneadh ar thrí cinn de na hocht n‑éifeacht sláinte a bhaineann le torann (galair chardashoithíocha, suaitheadh codlata agus bearrán) bonn leordhóthanach do mholtaí láidre EDS chun torann a laghdú faoi bhun leibhéil shonracha ag brath ar an bhfoinse (Tábla 1).
Tábla 1: Mhol EDS uasleibhéil torainn (EDS 2018 )
|
Torann i rith an lae, sa tráthnóna agus san oíche (Lden)
|
Torann i rith na hoíche (Lnight) 13
|
Bóthar
|
53
|
45
|
Iarnród
|
54
|
44
|
Aerárthach
|
45
|
40
|
Ceanglaítear leis an Treoir ar na Ballstáit gan ach sonraí ó 55 Lden agus ó 50 Lnight a thuairisciú don Choimisiún. Tá na leibhéil sin os cionn uasleibhéil torainn mholta EDS (Tábla 1). Ciallaíonn sé sin go gclúdaítear in anailís an Choimisiúin, atá bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoin Treoir, cion níos lú de dhaonra an Aontais ná mar a bheadh sé dá gceanglófaí ar na Ballstáit sonraí a chur isteach i gcomhréir le moltaí EDS.
Bhain EEA úsáid as na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint ar thorann i mBallstáit AE, lena gclúdaítear 443 ceirtleán (i gcás ina ndéantar bóithre, iarnróid, aerfoirt agus suiteálacha tionsclaíocha a bhreithniú), chomh maith le 61 aerfort mór, 422 000 km de bhóithre móra agus 39 000 km d’iarnróid mhóra lasmuigh de cheirtleáin. Baineadh úsáid as modheolaíocht ar leith chun bearnaí sna sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit a líonadh. Cuirtear torthaí an mheasúnaithe sin i láthair i bhFíor 1.
Rinneadh measúnú i staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún ar líon 447 milliún duine san Aontas a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar leibhéil dhíobhálacha torainn os cionn an uasmhéid a mholann EDS. Chinn sé gurbh amhlaidh an cás i gcás 167 milliún saoránach maidir le torann bóithre; 36 milliún maidir le torann iarnróid; agus 15 mhilliún i ndáil le torann aerárthaí. Cuirtear i láthair i bhFíor 1 thíos an líon daoine a thuairiscítear go hoifigiúil don EEA mar dhaoine atá neamhchosanta ag leibhéil os cionn thairseacha na Treorach.
Léaráid 1: An líon daoine a bhí neamhchosanta ar thorann timpeallachta níos mó ná 55 dB Lden i 27 Bhallstát AE in 2007, 2012 agus 2017. Cuirtear i láthair san fhíor fothacar maidir le hiarnróid, bóithre, aerfoirt agus an tionscal, mar a cheanglaítear leis an Treoir maidir leis na trí bliana atá luaite, trí shonraí a chomhcheangal le haghaidh suíomhanna laistigh agus suíomhanna lasmuigh de cheirtleáin, agus bunaithe ar shonraí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2021.
I dTábla 2 thíos léirítear an líon daoine a gcuirtear isteach go mór orthu, a gcuirtear isteach go mór ar a gcodladh agus atá faoi réir galair iscéimeacha croí chomh maith leis an líon básanna roimh am mar gheall ar thorann.
Tábla 2: Éifeachtaí sláinte le haghaidh fhothacar na n‑eintiteas a cheanglaítear leis an Treoir arna ríomh de réir na modhanna a d’fhorbair EDS agus ag úsáid sonraí 2017 ).
|
Daoine a gcuirtear isteach go mór orthu
|
Daoine a gcuirtear isteach go mór ar a gcodladh
|
Cásanna de ghalar iscéimeach croí
|
Básanna roimh am
|
Trácht ar bhóithre
|
14 400 000
|
3 700 000
|
33 600
|
8 900
|
Trácht iarnróid
|
3 100 000
|
1 600 000
|
5 600
|
1 500
|
Aerthrácht
|
900 000
|
200 000
|
2 000
|
200
|
Tá mapaí torainn dréachtaithe ag na Ballstáit do bheagnach gach suíomh riachtanach le 20 bliain anuas. Nuashonraíodh na mapaí sin ceithre huaire (uair amháin gach 5 bliana). I gcomhréir le hAirteagal 11(3) den Treoir, is féidir féachaint ar a sonraí torainn ar shuíomh gréasáin EEA . Soláthraítear leis sin freisin ‘Seirbhís Breathnóireachta agus Faisnéise TORAINN don Eoraip’ ag baint úsáid as ionadaíocht gheospásúil, atá á déanamh comhsheasmhach agus á leathnú anois ar leibhéal AE i ndiaidh Chinneadh 2021 ón gCoimisiún lena gcuirtear sásra tuairiscithe éigeantach i bhfeidhm . Leis na forálacha nua maidir le tuairisciú, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022, beifear ábalta na héifeachtaí neamhchosanta agus sláinte a chinneadh do gach teaghais san Aontas (ar choinníoll go mbeidh mapa torainn ar fáil). Beifear ábalta féachaint freisin ar na bearta atá in aon phleananna gníomhaíochta a glacadh.
Cuirtear an t‑ionchas maidir le neamhchosaint ar thorann i láthair i bhFíor 2 thíos.
Léaráid 2: An líon daoine in AE27 atá neamhchosanta ar níos mó ná 55 dB Lden de thorann timpeallachta (sonraí comhcheangailte le haghaidh suíomhanna laistigh agus suíomhanna lasmuigh de cheirtleáin) mar a leagtar amach sa Treoir agus atá os cionn leibhéil EDS . Tá meastacháin 2030 bunaithe ar chur chun feidhme na mbeart ar leibhéal AE agus ar an leibhéal áitiúil atá ann cheana agus cuirtear san áireamh iontu an trácht agus na réamhaisnéisí maidir le méadú ar an daonra.
Tá an neamhchosaint ar thorann fós seasmhach go leor agus níor tháinig laghdú air in ainneoin 20 bliain de chur chun feidhme na Treorach agus beartas náisiúnta eile um thorann agus teorainneacha náisiúnta torainn. Measadh le déanaí sa chéad Tuarascáil chomhtháite ar Ionchas maidir le Truailliú Nialasach nach dócha go dtiocfaidh laghdú níos mó ná 19 % ar an líon daoine a gcuireann torann iompair de bhóthar isteach orthu ar bhonn ainsealach faoi 2030 (i.e. i bhfad faoi bhun na sprice laghdaithe 30 % atá leagtha síos sa phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach) mura ndéantar sraith shuntasach beart breise ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus mura soláthrófar le gníomhaíocht threisithe AE ar fud na n‑earnálacha ábhartha laghdú breise suntasach ar an truailliú torainn .
3. Cur chun feidhme na Treorach go dtí seo
De réir Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Treoir, bhí ar na Ballstáit mapaí agus pleananna gníomhaíochta a ullmhú le haghaidh na gceirtleán, na mbóithre, na n‑iarnród agus na n‑aerfort faoi raon feidhme na Treorach. Cé is moite de dhá Bhallstát a bhfuil roinnt fadhbanna acu fós, tá na mapaí riachtanacha go léir beagnach forbartha ag 25 Bhallstát go dtí seo agus tá plean cúig bliana amháin ar a laghad glactha acu (rud a chumhdaíonn thart ar 98 % de dhaonra an Aontais Eorpaigh).
Mar sin féin, bhí moill shuntasach ann le linn an chéad bhabhta agus an dara babhta mapaí agus pleananna. Dá bhrí sin, tá nósanna imeachta um shárú seolta ag an gCoimisiún i gcoinne 15 Bhallstát mar gheall ar chur chun feidhme neamhleor. Díríodh iad sin go príomha ar easpa mapaí torainn, pleananna gníomhaíochta agus comhairliúcháin phoiblí. Mar gheall gur cuireadh feabhas ar chomhlíonadh cheanglais na Treorach bhíothas ábalta 7 nós imeachta um shárú a dhúnadh agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar an 8 gcinn eile. Dá bhrí sin, chuidigh an iarracht forfheidhmiúcháin seo go mór le cur chun feidhme a bhaint amach.
Bhí 43 cás sáraithe neamhchumarsáide ann freisin, a bhí nasctha go hiondúil le moilleanna ar thrasuí na leasuithe teicniúla lena dtugtar isteach na modheolaíochtaí úrscothacha um ríomh torainn agus sláinte i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát.
D’eisigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnais ar dhá chás maidir le dhrochfheidhmiú na Treorach in 2022 . Rialaigh an Chúirt go sonrach, pé leibhéil teorainn a mbeidh daoine neamhchosanta orthu agus gan beann ar na teorainneacha náisiúnta teorainn, nach mór do na Ballstáit mapaí a ullmhú i gcónaí, éifeachtaí sláinte a mheasúnú agus pleananna gníomhaíochta a ghlacadh i gcás ina bhfuil nó ina bhféadfadh torann a bheith díobhálach do shláinte an duine. Rialaigh an Chúirt freisin go bhfuil sé i gceist le pleananna gníomhaíochta torann a bhainistiú seachas teorann a laghdú amháin. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Chúirt an aidhm leis an Treoir maidir le sláinte a chosaint agus mhínigh sí nach bhfuil sna teorainneacha náisiúnta ach critéir fhéideartha agus tús áite á thabhairt d’idirghabhálacha.
Ní shocraítear leis an Treoir aon teorainnluachanna a bhaineann go sonrach le foinse ar leibhéal AE, rud a fhágann gur féidir leis na Ballstáit teorainnluachanna náisiúnta ceangailteacha a bhunú más mian leo. Socraíodh luachanna den sórt sin i 21 Bhallstát agus socraíodh spriocanna neamhcheangailteacha i 4 Bhallstát eile. Mar sin féin, níl ach fianaise theoranta ann go dtí anois go bhfuil siad á bhforfheidhmiú go héifeachtach, b’fhéidir toisc go bhféadfadh sé go n‑éileofaí le comhlíonadh na dteorainneacha sin bearta aontaobhacha ceann píopa a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil (e.g. bacainní torainn) a d’fhéadfadh a bheith costasach agus neamh-éifeachtach ó thaobh costais de.15
Braitheann an deacracht a bhaineann le teorainneacha náisiúnta agus áitiúla a fhorfheidhmiú, mar chuid de na pleananna gníomhaíochta, ar an dóigh a gcuirtear an Treoir chun feidhme ar an talamh freisin. Na húdaráis inniúla atá i gceannas ar chur chun feidhme na Treorach, mar a shainaithnítear le linn seiceálacha maidir le comhlíonadh, is bardais iad de ghnáth le haghaidh ceirtleán, oibreoirí bonneagair iarnróid d’iarnród agus údaráis náisiúnta d’aerfoirt . Bíonn difríocht idir na húdaráis inniúla ó thaobh bóithre de, idir bhainisteoirí gréasán náisiúnta agus bhardais bheaga agus bhardais an-bheag. Mar a luadh cheana sa tuarascáil dheireanach ón gCoimisiún in 2017, deimhníodh in dhá staidéar a rinne an Coimisiún le déanaí 15, 25 go bhfuil an rogha beart teoranta toisc nach gceadaítear do na húdaráis inniúla i gcónaí gach beart indéanta a dhéanamh. Go sonrach, maidir le mapáil torainn, áirítear leis na dúshláin easpa ionchur sonraí láraithe agus chomhsheasmhaigh, easpa comhordaithe éifeachtaigh idir na húdaráis inniúla éagsúla agus easpa inchomparáideachta leis na mapaí torainn a eascraíonn as sin ar fud dlínsí. Ar an iomlán, léiríonn an fhianaise go raibh deacrachtaí ar leith ag na Ballstáit ag a bhfuil cur chuige an-díláraithe maidir le cur chun feidhme chun forfheidhmiú tráthúil na mbeart atá beartaithe chun an Treoir a chur chun feidhme a áirithiú.
Rinne na 27 mBallstát uile na leasuithe a rinneadh le déanaí ar mhodhanna na Treorach maidir le torann agus measúnú sláinte a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta i gceart, trí rialacháin nua cur chun feidhme a ghlacadh nó trí choigeartuithe ar an reachtaíocht atá ann cheana. Tá táscairí náisiúnta fós á n‑úsáid i dteannta le táscairí AE (Lden agus Lnight, ach mar thoradh ar chomhchuibhiú na modhanna measúnaithe in 2018 agus ar chomhchuibhiú na modhanna measúnaithe sláinte in 2020 déantar an measúnú a ailíniú ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais Eorpaigh trí na curr chuige a chaighdeánú.
Bainfear úsáid i sonraí ó 2022 as modhanna comhchuibhithe agus dá bhrí sin ní bheidh siad inchomparáide go díreach le sonraí do bhlianta roimhe sin nuair a úsáidtí modhanna náisiúnta. Mar sin féin, is féidir treochtaí ina mbaintear úsáid as sonraí 2007, 2012 agus 2017 a shainaithint i ndiaidh ceartú don mhodh nua, rud a fhágann gur féidir an anailís a chur i láthair sa dá fhíor thuas. Úsáidfear na sonraí ceartaithe sin freisin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc torainn 2030 a leagtar síos leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach a bhaint amach.
Beartaíodh roinnt beart chun feabhas a chur ar an gcás laistigh den tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme ón gCoimisiún. Ar na bearta a bhí beartaithe, d’fhorfheidhmigh an Coimisiún oibleagáid na mBallstát torann a mheasúnú agus pleananna gníomhaíochta a ghlacadh trí na nósanna imeachta um shárú thuasluaite. Chun cur chun feidhme a fheabhsú, rinne roinnt Ballstát athmhachnamh ar dháileadh na bhfreagrachtaí a mhol an Coimisiún. Chuir an Coimisiún beartas uirbeach chun cinn trí na treoirlínte maidir le pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe. Rinne sé níos éasca é freisin réitigh torainn iarnróid a chur chun feidhme trí mhaoiniú agus réitigh sé an bealach le haghaidh beart chun na feithiclí bóithre agus aerárthaí níos ciúine a spreagadh chun dul isteach sa mhargadh trí chritéir tacsanomaíochta a mholadh .
Éilítear le hAirteagal 1 den Treoir cur chuige comhcheangailte ina mbeidh na bearta áitiúla a chuirfear chun feidhme trí phleananna gníomhaíochta agus trí reachtaíocht AE maidir le hastaíochtaí ó fhoinsí. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún staidéar ar na bearta is fearr is féidir a chur chun feidhme ar leibhéal AE agus ar an leibhéal áitiúil chun torann a laghdú ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de, agus ar cén leibhéal ar cheart reachtaíocht a ghlacadh.
Tá trí cinn de na gníomhaíochtaí a sainaithníodh sa dá thuarascáil roimhe seo fós le déanamh: an Treoir a athscópáil, reachtaíocht foinse a oiriúnú agus idirghabhálacha a nascadh le spriocanna sláinte. Is féidir dul ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí sin anois mar gheall ar an eolas feabhsaithe ar na héifeachtaí sláinte agus ar chostais na ngníomhaíochtaí.
Ceanglaítear leis an Treoir freisin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na imistéir chiúine i dtimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe a chosaint ar thorann. Is i gcathracha go príomha a rinneadh limistéir chiúine a ainmniú agus a chosaint agus teastaíonn níos mó dul chun cinn maidir le limistéir chiúine a ainmniú agus a chosaint i gceantair thuaithe. D’fhéadfadh sé sin tarlú toisc nach dtugtar sainmhíniú comhsheasmhach ar limistéir chiúine den sórt sin leis an Treoir.
Tá easpa soiléireachta níos ginearálta sa Treoir maidir leis an easpa comhsheasmhachta idir an raon feidhme leathan in Airteagal 2 – ar cosúil go n‑áirítear ann gach torann timpeallachta ar a mbíonn daoine neamhchosanta – agus an fhírinne go ndéantar gearán in achainíocha na saoránach ar éifeachtaí díobhálacha sláinte, ní hamháin ó fhoinsí iompair, ach freisin ó thorann de bharr tuirbíní gaoithe agus gníomhaíochtaí tráchtála. Ní luaitear an dá fhoinse sin go sainráite sa sainmhíniú ar thorann timpeallachta in Airteagal 3(a) agus dá bhrí sin ní chumhdaítear iad faoin Treoir. Ní ardaítear saincheisteanna ar leith le hAirteagal 4 (údaráis inniúla) toisc go bhfuil na húdaráis sainaitheanta go soiléir ag na Ballstáit. Baineadh úsáid as na táscairí a shainítear in Airteagal 5, go háirithe Lden agus Lnight,go comhsheasmhach. Rinneadh modhanna measúnaithe a nuashonrú in 2021 agus rinne na Ballstáit go léir iad a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta. Tá roinnt saincheisteanna sonracha fós ann maidir le mapaí in Airteagal 7 agus pleananna gníomhaíochta in Airteagal 8. Go sonrach, níl thart ar 2 % de dhaonra AE ar chóir dóibh a bheith clúdaithe faoin na mapaí agus pleananna clúdaithe fós. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 9, bhí comhairliúchán poiblí ann maidir leis na pleananna gníomhaíochta uile a glacadh. Is i bhfoirm foilseacháin ar shuíomhanna ar líne an údaráis inniúil a dhéantar é sin de ghnáth. Ar deireadh, mar thoradh ar mhoilleanna suntasacha maidir le tuairisciú na mapaí agus na bpleananna gníomhaíochta mar a cheanglaítear le hAirteagal 10, níor tuairiscíodh go leor mapaí ná pleananna go dtí 2021.
4. An méid a baineadh amach leis an Treoir go dtí seo
Chun tuiscint a fháil ar an méid atá bainte amach leis an Treoir i ndáil le fadhbanna sláinte a laghdú go dtí seo, is gá measúnú a dhéanamh ar dtús ar a indéanta atá sé go teicniúil neamhchosaint torainn a laghdú leis na réitigh atá ar fáil faoi láthair, agus gan teorainn suntasach a chur leis an iompar. Sa staidéar 2021 thuasluaite a choimisiúnaigh an Coimisiún 15 déantar anailís ar shonraí ó na Ballstáit, ó dhoiciméid ábhartha eile AE agus náisiúnta, agus ón litríocht eolaíoch is déanaí. Rinneadh comhairliúchán cuimsitheach ann freisin le húdaráis inniúla agus le páirtithe leasmhara ó na Ballstáit go léir trí agallaimh chuimsitheacha, dhá cheardlann agus comhairliúchán poiblí ar líne. Tríd is tríd, dearbhaíodh ann an chuid is mó de thorthaí an staidéir meastóireachta in 2016, go háirithe go bhfuil an Treoir ag teacht le reachtaíocht eile agus go bhfuil sí ábhartha fós maidir le fadhb an torainn, agus go bhfuil sé éifeachtúil ó thaobh costais de na bearta a chur chun feidhme trí phleananna gníomhaíochta.
Fuarthas i staidéar 2021 15 freisin gurb é thart ar 45 % an t‑uasmhéid laghdaithe torainn atá indéanta go teicniúil idir 2017 (dáta na hanailíse deiridh) agus dáta measartha gar do 2030. Tá an Treoir ag cur go mór leis an laghdú féideartha sin toisc go bhfeidhmíonn sí mar chreat-reachtaíocht chun reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta a nascadh agus d’fhéadfadh cur chun feidhme na mbeart a chomhordú léi – rud a fheabhsaíonn a dtorthaí agus a dhéanann na hinfheistíochtaí sna bearta sin ar deireadh. Ní fhorordaítear leis an Treoir cad iad na bearta tosaíochta ba cheart a chur san áireamh, agus mar sin d’fhéadfadh sé i gcásanna áirithe nach mbeadh éifeacht ag na bearta a chuirtear chun feidhme (mar shampla, ní laghdaítear le rothaí réidhe vaigíní lasta nua thar ráillí nach bhfuil réidh an oiread torainn agus a d’fhéadfaidís ar ráillí a bhfuil dea-bhail orthu). Tá na costais riaracháin dhíreacha a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach an-íseal (EUR 0.04 in aghaidh an áitritheora lena mbaineann in aghaidh na bliana). Is í an Treoir an príomh-chumasóir i gcónaí maidir le measúnú eolasbhunaithe, digitithe ar thionchair sláinte torainn agus, bunaithe ar a haschur, is féidir cinntí a dhéanamh go héifeachtach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal AE.
Ní thugtar le fios leis an Treoir cad iad na bearta ba cheart a chur i bhfeidhm, mar sin tá a héifeachtaí díreacha teoranta do chomhchuibhiú an chur chuige maidir leis an measúnú ar éifeachtaí. Ní shocraítear sprioc shonrach leis an Treoir ná ní thugtar tús áite inti do ghníomhaíochtaí atá le déanamh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal trasteorann. Cé go bhfuil na pleananna gníomhaíochta áitiúla ag croílár an laghdaithe torainn, ní mór a shonrú i ngach ceann díobh leibhéal áitiúil na huaillmhéine agus na bearta atá le déanamh i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na buntáistí sláinte a sholáthrófar leis na bearta sin agus ceartú a bheith déanta orthu b’fhéidir ar bhonn aiseolais ón bpobal i gcoitinne.
Fuarthas amach i staidéar 2021 15 go bhfuil tuiscint i bhfad níos soiléire ag údaráis inniúla anois ar mhéid fhadhb an torainn agus ar na réitigh atá ar fáil ina leith – ach nach mbíonn an pobal i gcoitinne ar an eolas i gcónaí faoi chás an torainn agus scála an tionchair ar shláinte.
Fuarthas amach i meastóireacht 3 2016 go bhfuil an Treoir ábhartha (toisc go bhfuil torann fós ina fhadhb mhór do dhaoine) agus go bhfuil sí comhsheasmhach le dlíthe eile AE fiú mura n‑úsáidtear í go héifeachtach chun forbairtí reachtacha eile a threorú agus bearta áitiúla a chur chun feidhme. Tá sé mar chuspóir leis an Treoir an próiseas bainistithe torainn a chomhchuibhiú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de. Bheadh sé an-éifeachtach ó thaobh costais de na bearta torainn a mholtar i roinnt pleananna gníomhaíochta áitiúla agus náisiúnta a chur chun feidhme: i staidéar 2021 15 dearbhaítear go mbeadh sé sin amhlaidh trína léiriú go bhfuil fáltas EUR 10 i sochair shochaíocha in aghaidh gach euro a chaitear ar bhearta sonracha. Fágann sé sin, ní hamháin go gcuidíonn glacadh beart sonrach torainn ag údaráis na mBallstát le fadhb sláinte a réiteach, ach go gcruthaítear leis sochair shochaíocha fhadtéarmacha freisin. Cuimsítear sa bhreisluach a chuir an tAontas Eorpach leis go dtí seo comhchuibhiú agus digitiú feabhsaithe maidir le próisis bainistithe torainn ar fud an Aontais Eorpaigh, cé nár soláthraíodh na buntáistí sláinte a bhféachtar leo le hAirteagal 1(c) den Treoir go fóill leis na próisis sin. Leagtar béim i staidéar 2021 ar an bpointe go dtarlódh laghdú suntasach ar éifeachtaí diúltacha sláinte i gcomhréir le hAirteagal 1 dá gcuirfí bearta teicniúla atá ann cheana chun feidhme (e.g. trí tháirgí atá ann cheana a oiriúnú nó feithiclí iompair ábhartha a oibriú ar bhealaí difriúla) ar chostas cúpla deich euro in aghaidh gach saoránach den Aontas Eorpach in aghaidh na bliana .
Rinneadh tástáil i staidéar 2021 15 ar na bearta is éifeachtaí ó thaobh costais de faoi threoir cás bonnlíne d’fhonn tairbhí sláinte a chainníochtú. Maidir le bóithre, mar gheall nach bhfuil na feithiclí leictreacha níos ciúine ná feithiclí innill dócháin ar luasanna os cionn 30 km/u, is é an rogha is fearr boinn níos fearr a úsáid agus feabhas a chur ar dhromchlaí ar shuíomhanna ar leith; i gcás iarnród, is gá feabhas a chur ar rianta agus feithiclí ísealtorainn a choimeád; agus i gcás aerfort, is gá bearta a dhéanamh maidir le haerárthaí a oibriú ar an tslí is lú torann, an flít a athnuachan agus an trácht san oíche a laghdú. Maidir le torann tionsclaíoch, is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le déanaí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED) sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint tuilleadh ar éifeachtaí díobhálacha an truaillithe ó shuiteálacha móra agra-thionsclaíocha. Táthar ag súil freisin go gcruthófar leis sin comhthairbhí dearfacha trí thorann a laghdú tuilleadh.
5. An méid a baineadh amach go dtí seo i reachtaíocht eile AE lena rialaítear foinsí torainn
Tá na rialacháin ábhartha seo a leanas ag an Aontas Eorpach lena dtugtar aghaidh ar thorann ó bhóithre, iarnróid, aerárthaí, trealamh lasmuigh agus foinsí tionsclaíocha.
Is iad seo a leanas na hionstraimí ábhartha maidir le torann ar bhóithre: Rialachán (AE) 540/2014 maidir le gluaisteáin, veaineanna, busanna agus trucailí ; Rialachán (AE) 168/2013 maidir le móipéidí agus gluaisrothair ; Rialachán (AE) 2019/2144 maidir le cineálcheadú feithiclí bóthair lena n‑áirítear ceanglais maidir le boinn ; agus Rialachán (AE) 2020/740 maidir le lipéadú bonn . In dhá staidéar le déanaí , ina ndearnadh athbhreithniú ar acmhainneacht an chéad dá cheann de na rialacháin sin, thángthas ar an gconclúid nár soláthraíodh na tairbhí iomlána leo, agus léiríodh iontu go háirithe go mbeadh an beart is éifeachtaí ó thaobh costais de ag teastáil chun boinn ísealtorainn a úsáid. Maidir le Rialachán (AE) 540/2014 agus Rialachán (AE) 2020/740, d’fhéadfadh sé go mbeadh úsáid as boinn ísesaltorainn ar fheithiclí nua-tháirgthe mar thoradh orthu. Go sonrach, d’fhéadfadh Rialachán (AE) 2020/740 cuidiú go i ndíreach dá mbeadh sé níos éifeachtaí a chur ina luí ar thomhaltóirí boinn ísealtorainn a roghnú .
Is iad na príomhionstraimí le haghaidh torann iarnróid Rialachán (AE) 1304/2014 maidir le torann ó rothstoc agus Rialachán (AE) 2015/429 maidir leis na módúlachtaí atá le leanúint chun an muirear ar chostas éifeachtaí torainn a chur i bhfeidhm . Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 a athbhreithniú le déanaí agus ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh forchuirtear ‘bealaí níos ciúine’ maidir leis na bealaí lasta is mó a úsáidtear san Aontas Eorpach, i gcás nach ligfear isteach ach feithiclí lasta ísealtorainn nach mór. Cruthófar leis sin freisin éifeachtaí suntasacha iarmharta don chuid eile den ghréasán freisin. Ina ionad sin, thángthas ar an gconclúid i meastóireacht 2021 ar Rialachán (AE) 2015/429 maidir le costas éifeachtaí torainn gur bhaint éifeacht dhearfach ach sách teoranta leis an Rialachán maidir le haistriú go feithiclí lasta ísealtorainn , dá bhrí sin tá sé á aisghairm.
Is é an ionstraim ábhartha maidir le torann aerárthaí Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh bearta a bhaineann le torann ar aerfoirt . Fuarthas i staidéar 2022 ar laghdú torainn aerfoirt 25 roinnt easnamh a bhain lena chur chun feidhme. Leagadh béim sa staidéar freisin ar an bpointe nach léirítear go soiléir coincheap an chuspóra maidir le laghdú torainn a leagtar amach i Rialachán 598/2014 sa Treoir maidir le Torann Timpeallachta. Is minic a d’iarr páirtithe leasmhara leasú a dhéanamh ar an éifeacht sin, agus chuir siad ceist conas measúnú a dhéanamh ar chost-éifeachtúlacht na mbeart éagsúil.
tá reachtaíocht AE maidir le torann ó threalamh lasmuigh, a dtugtar aghaidh air go príomha sa Treoir maidir le Torann Lasmuigh , ábhartha freisin. Thángthas ar an gconclúd i meastóireacht 2020 ar an treoir seo gur chuir sí go mór le hastaíocht torainn ó threalamh lasmuigh a laghdú agus lena áirithiú go ndéanann monaróirí infheistíocht i dtaighde agus i bhforbairt dearaí, sásraí agus straitéisí ábhartha; agus freisin go raibh sí fós ar an bpríomhfhórsa lena spreagtar laghdú torainn don chineál sin trealaimh. Ina theannta sin, áfach, sainaithníodh sa mheastóireacht roinnt pointí criticiúla le haghaidh feabhsú, go háirithe an gá le roinnt pointí a oiriúnú chun teacht leis an dul chun cinn teicniúil (e.g. raon feidhme, teorainneacha torainn, modhanna tomhais torainn, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, bailiú sonraí torainn agus ailíniú leis an ‘gcreat reachtach nua’ ).
6. Moltaí agus na chéad chéimeanna eile
Léiríonn sonraí ó mhapaí torainn go bhfuil an líon mór daoine a bhfuil éifeachtaí tromchúiseacha sláinte orthu mar gheall ar thorann fós sách seasmhach le 15 bliana anuas.
I mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an chéad tuarascáil chomhtháite maidir le faireachán agus ionchas i dtaca le truailliú nialasach, lena n‑áirítear ionchas maidir le torann . Tugtar le fios sa tuarascáil nach mbainfear amach an sprioc a bunaíodh leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach, is é sin laghdú 30 % a dhéanamh faoi 2030 ar an líon daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach, i gcomparáid le 2017, mura ndéantar bearta breise. Tuartar sa tuarascáil freisin, fiú má chuirtear na bearta atá beartaithe i bhfeidhm, go dtiocfaidh méadú 3 % faoi 2030 ar an líon foriomlán daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach – ach mínítear inti freisin go bhféadfadh sraith shuntasach beart breise a dhéanfaí ar an leibhéal áitiúil an líon daoine a gcuireann an torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach a laghdú 19 % faoi 2030. Cinneadh sa tuarascáil go bhfuil gá le hiarracht i bhfad níos mó chun aghaidh a thabhairt ar thorann ó iompar ar bhóithre, arb é an truailleán torainn is mó fós é. Chun sprioc an phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach a bhaint amach, beidh gá le bearta chun díriú ní hamháin ar limistéir a bhfuil fadhbanna géarthorainn iontu, ach ar limistéir a bhfuil leibhéil mheasartha torainn iontu freisin. Éileofaí leis sin meascán beart, lena n‑áirítear rialacháin torainn níos déine d’iompar ar bhóithre; pleanáil uirbeach agus iompair níos fearr; agus laghduithe suntasacha ar an trácht ar bhóithre agus ar an luas tráchta ar bhóithre i gcathracha.
Chun an líon daoine a gcuireann torann iompair isteach go mór orthu ar bhonn ainsealach san Aontas a laghdú, ní mór gníomhú ar gach leibhéal (AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil).
Tá réitigh chost-éifeachtúla ar fáil cheana féin agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur i bhfeidhm ar bhealach níos gasta. Rinneadh iarracht i staidéar 2021 15 ar an Treoir maidir le Torann Timpeallachta cur chun feidhme na mbeart is éifeachtaí ó thaobh costais de a fheabhsú trí shraith dlíthe áitiúla, náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta lena spreagtar gníomhaíocht sa réimse seo a shainaithint. Dearbhaíodh i tuilleadh staidéir a rinneadh in 2021 39 agus 2022 25 ar reachtaíocht um fheithiclí bóthair agus bainistíocht torainn aerfoirt go bhfuil siad sin ina ngníomhaíochtaí tosaíochta.
Léiríodh sna staidéir thuasluaite freisin nach bhfuil aon dlí nó beart amháin ann lena ndéanfaí cuíchóiriú ann féin ar chur chun feidhm na mbeart ceart chun laghduithe suntasacha a bhaint amach. Ina ionad sin, bheifí ábalta neamhchosaint ar thorann a laghdú le sraith theoranta feabhsuithe comhchuibhithe ar líon an-bheag ionstraimí. Fuarthas go bhfuil an reachtaíocht reatha comhleanúnach (is é sin le rá bhfuil forluí ná contrárthachtaí ag baint léi), ach mar gheall ar easpa cuspóir choiteann beartais torainn cuireadh bac ar an dul chun cinn. Mar sin féin, leis an sprioc torainn agus na tiomantais torainn a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach treisíodh an móiminteam polaitiúil maidir le beartais agus gníomhaíocht reachtach a luathú agus a threisiú chun truailliú torainn a laghdú.
Is é an príomhghá aghaidh a thabhairt ar thorann ó iompar de bhóthar trí bhearta breise agus idirghabhálacha praiticiúla. Maidir le bóithre, ní mór úsáid as boinn chiúine, dromchlaí bóthair ísealtorainn agus luasteorainneacha bóthair laghdaithe a bhreithniú, mar ní sholáthrófar aon tairbhí le leictriú feithiclí. Go sonrach, ní mór an reachtaíocht um bhoinn a neartú d’fhonn lántairbhe a bhaint amach toisc gurb é sin an beart laghdaithe torainn is éifeachtaí ó thaobh costais de 15, 39. Ba cheart a áireamh ar bhearta le haghaidh modhanna iompair eile ráillí ciúine agus ráillí réidhe mar aon le vaigíní ciúine do na hiarnróid, agus nósanna imeachta feabhsaithe maidir le heitiltí mar aon le bearta oíche le haghaidh oibríochtaí aerárthaí. Ba cheart oibreoirí nuálacha bonneagair agus modhanna iompair a dhreasú freisin chun teicneolaíochtaí agus táirgí ‘gan torann trí dhearadh’ a úsáid tuilleadh.
Éilítear le gníomhaíocht éifeachtach cur chuige cuimsitheach ar fud na n‑earnálacha ábhartha go léir ina dtugtar na páirtithe ábhartha éagsúla le chéile.
Ar leibhéal AE, tabharfaidh an Coimisiún tús áite, nuair is gá, do ghníomhaíocht chun:
-teorainneacha ar bhoinn a athbhreithniú, ag obair ar bhonn Rialachán Uimh. 117 de chuid UNECE ;
-dlús a chur le tabhairt isteach vaigíní lasta ciúine amháin trí fheabhas a chur ar chur chun feidhme na ‘mbealaí ciúine’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2014/474441;
-nósanna imeachta feabhsaithe a chur chun cinn chun torann ó thuirlingt agus éirí de thalamh aerárthaí a laghdú;
- muirir chomhshaoil a thabhairt isteach chun úsáid aerárthaí ciúine a mhéadú agus an Treoir maidir le Táillí Aerfoirt á hathbhreithniú .
Tacóidh an Coimisiún freisin le huirlisí agus gníomhaíochtaí ábhartha faoin bplean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach do na Ballstáit.
Ar an leibhéal náisiúnta, tá cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Torann Timpeallachta agus na reachtaíochta foinse ábhartha ríthábhachtach i gcónaí. Ní mór do na Ballstáit dlús a chur lena n‑iarrachtaí comhlíontachta agus a áirithiú go n‑áireofar go córasach an méid seo a leanas ina bpleananna gníomhaíochta torainn:
-dromchlaí ciúine a thabhairt isteach aon uair a dhéanfar bóthar gnóthach a athphábháil, ag baint úsáid as na treoirlínte maidir le Soláthar Poiblí Glas ;
-luasteorainneacha bóthair níos ísle, i gcás ina bhfuil comhthairbhí eile amhail sábháilteacht ann;
-rianta iarnróid a chothabháil ionas go gcoimeádfar na ráillí réidh agus rianta íseal-astaíochtaí a shuiteáil gar do thithe;
-cuspóirí laghdaithe torainn iomchuí a shocrú i gcomhréir le Rialachán 598/2014 maidir le torann aerfoirt, mar aon le bearta éifeachtacha chun iad a bhaint amach.
Teastaíonn comhar optamach idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Is gá freisin páirtithe áitiúla a chumhachtú tuilleadh agus iad a spreagadh chun príomhthionscnaimh ó chathracha ar fud an Aontais a athchruthú chun aghaidh a thabhairt ar neamhchosaint ar thruailliú torainn timpeallachta i limistéir uirbeacha agus chun dea-shláinte agus dea-cháilíocht saoil a chur chun cinn. Ba cheart ionadaithe na sochaí sibhialta a spreagadh tuilleadh lena áiritheofar go gcuirfear pleananna gníomhaíochta bainistithe torainn i bhfeidhm i gceart agus chun feabhsuithe laghdaithe torainn a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil.
Mar sin bainfidh an Coimisiún leas iomlán as acmhainneacht Chomhaontú na gCathracha Glasa chun dlús a chur le laghdú an truaillithe torainn ar leibhéal cathrach. Ba cheart go spreagfadh iarrachtaí ceannródaíocha an 100 cathair a shínigh Comhaontú na gCathracha Glasa cheana cathracha eile san Aontas. Is eiseamláireach é tiomantas shínitheoirí Chomhaontú na gCathracha Glasa - lena n‑áirítear pleananna gníomhaíochta na Treorach a chur chun feidhme - maidir le laghdú suntasach a bhaint amach ar thruailliú torainn faoi 2030 agus bogadh níos gaire do na leibhéil a mholann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Ní hamháin go bhforbróidh siad pleananna uaillmhianacha ach gabhfaidh siad orthu féin freisin go n‑áiritheoidh siad go gcuirfear chun feidhme iad. Teastaíonn saineolas cáilithe chun pleananna gníomhaíochta torainn costéifeachtacha agus cost-éifeachtúla a dhréachtú i gceart agus d’fhéadfadh gach údarás áitiúil an líonra cathracha sin a úsáid mar acmhainn eolais iontach.
Tógfaidh an Coimisiún ar thiomantais shínitheoirí Chomhaontú na gCathracha Glasa trí mhalartú treorach a chur chun cinn maidir leis na pleananna gníomhaíochta torainn a dhréachtú. Ina theannta sin, spreagfaidh sé úsáid spriocdhírithe scéimeanna tacaíochta amhail an uirlis TAIEX-EIR PEER 2 PEER do shínitheoirí Chomhaontú na gCathracha Glasa agus d’údaráis inniúla, go háirithe, chun dea-chleachtais maidir le bainistiú torainn uirbigh ar fud an Aontais a scaipeadh. Ina theannta sin, féachfar ar úsáid na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil (TSI) , trína soláthraítear saineolas teicniúil spriocdhírithe do na Ballstáit (arna iarraidh sin dóibh) chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme thar réimse leathan réimsí beartais (lena n‑áirítear ceanglais chomhshaoil a chur chun feidhme a eascraíonn as reachtaíocht comhshaoil AE amhail an Treoir maidir le Torann Timpeallachta) mar bhealach chun gníomhaíocht ar leibhéal na cathrach a fheabhsú.
Ní hamháin go neartóidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí gearrthéarmacha leanúnacha maidir le reachtaíocht foinse, ach féachfaidh sé freisin le cur chun feidhme na Treorach maidir le Torann Timpeallachta a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar fheabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar an Treoir, lena n‑áirítear spriocanna laghdaithe torainn ar leibhéal AE (mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta le haghaidh truailliú nialasach).
Ar deireadh, breithneoidh an Coimisiún, i gcomhréir le cur chuige iomlánaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le truailliú torainn a chomhrac lasmuigh de raon feidhme na Treorach maidir le Torann Timpeallachta, lena dtugtar aghaidh go príomha ar éifeachtaí sláinte an duine. Le taighde atá le teacht agus rochtain ar shonraí atá ag méadú, lena n‑áirítear trí Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí na hEorpa (EMODnet) , tabharfar léargas níos fearr ar pheirspictíocht níos comhtháite ina gcuimseofaí tionchair torainn ar an timpeallacht agus ar an mbithéagsúlacht (e.g. na cinn a dtugtar aghaidh orthu maidir le torann faoi uisce i gcomhthéacs na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí).