EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0231

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (11908/2022 – C9-0429/2022 – 2022/0252(NLE))

IO C, C/2024/501, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/501/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/501/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/501

23.1.2024

P9_TA(2023)0231

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Téalainn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (11908/2022 – C9-0429/2022 – 2022/0252(NLE))

(Toiliú)

(C/2024/501)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11908/2022),

ag féachaint don dréacht-Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 209 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(iii) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0429/2022),

ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 14 Meitheamh 2023  (2) ar an dréachtchinneadh,

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0191/2023),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na Téalainne.

(1)   IO L 330, 23.12.2022, lch. 72.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0232.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/501/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top