Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023AP0089

    P9_TA(2023)0089 Bliain Eorpach na Scileanna 2023 Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023 (COM(2022)0526 – C9-0344/2022 – 2022/0326(COD)) P9_TC1-COD(2022)0326 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna

    IO C 341, 27.9.2023, p. 13–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 341, 27.9.2023, p. 6–6 (GA)

    27.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 341/6


    P9_TA(2023)0089

    Bliain Eorpach na Scileanna 2023

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023 (COM(2022)0526 – C9-0344/2022 – 2022/0326(COD))

    (An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (2023/C 341/04)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0526),

    ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0344/2022),

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Nollaig 2022  (1),

    tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 17 Márta 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don litir ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0028/2023),

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

    2.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    3.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    (1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 123.


    P9_TC1-COD(2022)0326

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2023/936.)


    Top