Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG0128(02)

Fógra le haghaidh aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis, ina dtaobh 2022/C 44/07

IO C 44, 28.1.2022, pp. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 44/21


Fógra le haghaidh aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis, ina dtaobh

(2022/C 44/07)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird do na hábhair sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2011/72/CBES (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/118 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 (4), arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113+ón gComhairle (5).

Is í Roinn RELEX.1.C san Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eachtracha, Méadú agus Cosaint Shibhialta rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC), ar féidir dul i dteagmháil léi ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht na Comhairle

RELEX.1. Gnóthaí Cothrománacha agus Domhanda

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2011/72/CBES, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/118, agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/113.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2011/72/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.

Ar na sonraí pearsanta a bhailítear, áirítear pé sonraí is gá chun an té lena mbaineann a shainaithint i gceart, mar aon leis an ráiteas ar chúiseanna, agus aon sonraí eile dá mbaineann leis sin.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail ceart rochtana, chomh maith leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin nó an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Déanfar sonraí pearsanta a choimeád go ceann 5 bliana ón uair a bhainfear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a rachaidh bailíocht an bhirt in éag, nó fad a mhairfidh imeachtaí cúirte i gcás inar cuireadh tús lena leithéidí.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.

(3)  IO L 19, 28.1.2022, lch. 67.

(4)  IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.

(5)  IO L 19, 28.1.2022, lch. 7.


Top