Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022SC0043

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR [ ] a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dícheall cuí i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

SWD/2022/43 final

An Bhruiséil,23.2.2022

SWD(2022) 43 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dícheall cuí i ndáil le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

{COM(2022) 71 final} - {SEC(2022) 95 final} - {SWD(2022) 38 final} - {SWD(2022) 39 final} - {SWD(2022) 42 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar thogra le haghaidh Treoir maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe

A. An gá atá le gníomhaíocht

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Is í an fhadhb is mó a dtugtar aghaidh uirthi ná an gá atá le hinbhuanaitheacht a threisiú i gcórais rialachais chorparáidigh agus i gcórais bhainistíochta, lena mbaineann dhá ghné: 1) nach ndéantar leasanna na bpáirtithe leasmhara ná rioscaí (inbhuanaitheachta) don chuideachta a bhaineann le páirtithe leasmhara  a chur san áireamh go leordhóthanach i gcórais agus i gcinntí bainistíochta riosca corparáideacha; 2) nach maolaíonn cuideachtaí go leordhóthanach na drochthionchair atá acu ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, nach bhfuil rialachas, córais bhainistíochta ná bearta leordhóthanacha acu chun a dtionchar díobhálach a mhaolú. Is iad clistí margaidh na príomhchúiseanna leis sin, amhail fócas gearrthéarmach cuideachtaí agus stiúrthóirí, agus clistí rialála de bharr rialacha neamhshoiléire agus rialacha éagsúla náisiúnta (lena n‑áirítear rialacha atá ag teacht chun cinn) agus creataí neamhéifeachtacha deonacha. Tá gné AE ag baint leis an bhfadhb ós rud é go bhfeidhmíonn cuideachtaí agus infheisteoirí thar theorainneacha, go bhfuil slabhraí soláthair trasnáisiúnta agus gur clistí sistéamacha iad na cistí margaidh a sainaithníodh. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an bhfadhb le himeacht ama: meastar go dtiocfaidh feabhas ar shainaithint na rioscaí agus na feasachta, ach meastar nach mbeidh an t‑athrú tapa, cothrom, sistéamach nó leathan go leor.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is é an cuspóir ginearálta leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair rannchuidiú leis an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, agus cruthú luacha inbhuanaithe a chothú agus feidhmíocht fhadtéarmach agus athléimneacht chuideachtaí an Aontais a fheabhsú. I measc na gcuspóirí sonracha tá an méid seo a leanas: soiléiriú a dhéanamh ar an méid a bhfuiltear ag súil leis ó stiúrthóirí chun go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas maidir le gníomhú ar mhaithe le leas na cuideachta; comhtháthú rioscaí agus tionchar inbhuanaitheachta sa bhainistíocht chorparáideach riosca a chothú; cuntasacht a mhéadú maidir le drochthionchar a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, lena n‑áirítear i slabhraí luacha; rochtain ar réiteach a fheabhsú; cleachtais rialachais chorparáidigh a fheabhsú chun inbhuanaitheacht a chomhtháthú níos fearr i gcinnteoireacht stiúrthóirí agus cuideachtaí.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Ní fhéadfadh gníomhaíocht aonair roinnt Ballstát na cuspóirí a bhaint amach go sásúil, i ngeall ar ghné AE/dhomhanda na faidhbe. Is fearr an seans a bhíonn ag rialacha an Aontais an brú gearrthéarmach atá ar chuideachtaí a mhaolú. Chuirfeadh rialacha nua an Aontais le creat rialachais chorparáidigh an Aontais atá ann cheana. Le hidirghabháil an Aontais, is féidir guth láidir an Aontais a áirithiú ar fud an domhain.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a ghnóthú? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Rinneadh roghanna a mheas go príomha le haghaidh dualgas díchill chuí chorparáideach agus le haghaidh dhualgais na stiúrthóirí. Cuireadh roghanna neamhrialála i leataobh toisc gur léiríodh nach raibh siad éifeachtach ná éifeachtúil. Maidir le dícheall cuí, cuireadh roghanna rialála áirithe (e.g. dleacht nó dliteanas a bheadh teoranta don chéad sraith sa slabhra luacha) i leataobh freisin de bharr neamhéifeachtúlachta. Tá éagsúlacht sna roghanna a coinníodh ó thaobh cur chuige foriomlán de (earnálach – cothrománach) agus ó thaobh raon feidhme pearsanta de. Moltar pacáiste roghanna tosaíochta, ar roghanna iad a chomhlánaíonn a chéile. Maidir le dícheall cuí corparáideach, thabharfaí isteach dleacht díchill chuí chothrománach do chuideachtaí móra faoi dhliteanas teoranta (LLC) (a shainmhínítear le dhá shraith mhalartacha fhéideartha de líon na bhfostaithe agus de chritéir láimhdeachais) mar aon le córas simplithe a bheadh dírithe ar na saincheisteanna is suntasaí le haghaidh LLCanna meánmhéide agus meánchaipitlithe in earnálacha inar mó an seans go dtarlódh drochthionchair ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine (earnálacha ardtionchair). Thacódh rialacha an Aontais maidir le dliteanas sibhialta comhchuibhithe agus forfheidhmiú riaracháin leis sin. Áireofar cuideachtaí tríú tír a ghineann láimhdeachas suntasach san Aontais. Maidir le dualgais stiúrthóirí, shoiléireodh an rogha thosaíochta, ar bhealach comhchuibhithe, dualgas na stiúrthóirí ginearálta gníomhú ar mhaithe le leas na cuideachta i gcás gach LLC (rialaithe i ndlíthe náisiúnta na gcuideachtaí). Bheadh roinnt dualgas stiúrthóirí sonracha (e.g. dualgais a bhaineann le bainistiú riosca, nó rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara) le haghaidh cuideachtaí móra mar bhonn taca leis sin agus dhéanfaí iad a tabhairt isteach de réir a chéile i gcás LLCanna meánmhéide ardtionchair agus FBManna liostaithe. Dualgais stiúrthóirí lena gcuirtear chun feidhme an oibleagáid maidir le dícheall cuí corparáideach, beidh feidhm acu maidir leis na cuideachtaí céanna agus an oibleagáid sin. Dualgais shonracha bhreise stiúrthóirí a bhaineann le straitéis a leagan síos le spriocanna eolaíochtbhunaithe, bheadh feidhm acu sin maidir le cuideachtaí móra a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí acu. Le clásal ginearálta gur cheart go n‑éascódh luach saothair comhlíonadh na rialacha nua, nó ar a laghad nach gcuirfeadh sé bac orthu, dhéanfaí é sin a chomhlánú.

Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara difriúla? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Léiríonn na gníomhaíochtaí comhairliúcháin, go háirithe an comhairliúchán poiblí as ar tháinig beagnach leathmhilliún freagra, go bhfuil tacaíocht fhoriomlán ann don chuspóir atá le gníomhaíocht AE agus don chuid is mó de na gníomhaíochtaí atá beartaithe. Maidir le dualgais stiúrthóirí, d’aithin formhór na bhfreagróirí i measc grúpaí páirtithe leasmhara an gá atá ann do chuideachtaí agus stiúrthóirí leasanna na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh i gcinntí corparáideacha, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú sa straitéis chorparáideach, leis an tacaíocht is mó ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus ina dhiaidh sin cuideachtaí aonair agus comhlachais ghnó. Chuir na comhlachais ghnó in iúl gur ábhar imní dóibh spriocanna intomhaiste a leagan síos agus leas na bpáirtithe leasmhara uile a chothromú. Maidir le dícheall cuí corparáideach, dearbhaíonn formhór mór na ngrúpaí páirtithe leasmhara go bhfuil gá le creat dlíthiúil cothrománach AE, lena bhforáiltear comhchuibhiú, cothroime iomaíochta agus deimhneacht dhlíthiúil. Ar an iomlán, táthar ag tacú le cur chuige uaillmhianach a mhéid a bhaineann le dualgas díchill chuí, i gcomhréir leis an rogha tosaíochta. A mhéid a bhaineann leis an ualach ar FBManna a laghdú, meastar go bhfuil bearta amhail bosca uirlisí, deasca náisiúnta cabhrach, tacaíocht um fhorbairt acmhainní, lena n‑áirítear maoiniú, agus treoirlínte neamhcheangailteacha, éifeachtach. Is cosúil go n‑aithnítear go bhfuil an luach saothair comhlántach, le freagraí beagán teoranta.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)? 

Chuirfeadh an pacáiste de roghanna tosaíochta ar chumas cuideachtaí feabhas a chur ar fheidhmíocht airgeadais, bunaithe ar fhachtóirí éagsúla amhail bainistiú riosca níos fearr, éifeachtúlacht oibríochtúil agus coigilteas costais feabhsaithe, athléimneacht níos fearr agus níos mó nuálaíochta. Ní thiocfaidh gach tairbhe chun cinn láithreach, d’fhéadfadh roinnt acu teacht chun cinn sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ná ní thiocfaidh siad chun cinn ar bhealach cothrom le haghaidh na gcuideachtaí go léir sa raon feidhme. Meastar go mbeidh tionchair dhearfacha ar chearta an duine, lena n‑áirítear cearta saothair, agus ar an gcomhshaol, i dtríú tíortha ina bhfuil slabhraí soláthair lonnaithe. Bheadh an pacáiste tosaíochta éifeachtach chun na tairbhí sin a bhaint amach.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Is éard atá i gceist le costais chomhlíonta ar chuideachtaí na costais a bhaineann le próisis agus nósanna imeachta díchill chuí a bhunú agus a fheidhmiú, mar aon le costais aistrithe, i.e. caiteachas agus infheistíochtaí is gá chun oibríochtaí agus slabhraí luacha na cuideachta féin a athrú chun drochthionchair a mhaolú. Ní thabhófar costas breise maidir le tuairisciú don phobal ach amháin ag cuideachtaí meánmhéide ardtionchair nach bhfuil liostaithe toisc nach bhfuil siad cumhdaithe ag togra an Choimisiúin i ndáil leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach. Meastar go mbeidh costais chomhlíonta dhíreacha idir EUR 500 milliún agus EUR 680 milliún ann nuair a chuirtear san áireamh líon na gcuideachtaí a ndéantar difear dóibh, agus idir EUR 1.72 agus 2.37 billiún de chostais athfhillteacha (bhliantúla) (ag brath ar an líon fostaithe roghnaithe/na critéir láimhdeachais chun cuideachtaí móra a chumhdaítear le rialacha maidir le dícheall cuí iomlán a shainmhíniú). D’iompródh roinnt cuideachtaí (fochuideachtaí, comhpháirtithe sa slabhra luacha) nach bhfuil faoi raon feidhme an tionscnaimh costais indíreacha (aithrise). Is é a bheidh i gceist le dualgais na stiúrthóirí costas aonuaire EUR 445 mhilliún a chur ar fáil, cé nach mbeidh ach tionchar an‑teoranta ag costas an luacha saothair.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Faoin bpacáiste tosaíochta, déantar cuideachtaí beaga agus micreachuideachtaí a eisiamh ó bhearta díchill chuí; ní chumhdaítear cuideachtaí meánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe ach amháin nuair atá siad gníomhach in earnálacha eacnamaíocha an‑ardtionchair ina bhfuil oibleagáidí níos spriocdhírithe agus céimnithe. Mar a thuairiscítear, meastar go mbeidh éifeacht indíreach ar gach cuideachta atá mar chuid de shlabhraí luacha; dá bhrí sin, áirítear sa phacáiste tosaíochta bearta chun nach gcuirfear an t‑ualach comhlíonta ar chomhpháirtithe slabhra luacha FBManna agus beidh bearta tacaíochta breise ina gcuidiú freisin chun na costais ar FBManna a íoslaghdú. Ar an iomlán, leis an rogha thosaíochta, ba cheart go dtiocfadh feabhas ar athléimneacht na gcuideachtaí, ar fheidhmíocht fhadtéarmach (féach ‘Tairbhí’), go háirithe sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus go mbeadh tairbhí comhchosúla ann ar leibhéal an gheilleagair mar thoradh air sin. Ós rud é go bhfuil an tionchar costais sách íseal i gcomparáid le hioncam cuideachtaí, meastar nach mbeidh aon saobhadh diúltach suntasach ann maidir le hiomaíochas chuideachtaí an Aontais sna margaí domhanda agus meastar go mbeidh dea-thionchar ar iomaíochas sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Faoin rogha thosaíochta, bheadh costas aonuaire EUR 0.13 milliún i gceist leis na costais fhoriomlána mhaoirseachta le haghaidh riarachán poiblí sna Ballstáit uile agus costas athfhillteach bliantúil idir EUR 7.86 agus 11.2 milliún (ag brath ar an líon fostaithe roghnaithe/na critéir láimhdeachais chun cuideachtaí móra a chumhdaítear le rialacha maidir le dícheall cuí iomlán a shainmhíniú). Baineann na ríomhanna sin leis an athbhreithniú maoirseachta rioscabhunaithe i dtaca le comhlíonadh díchill chuí. Meastar nach mbeidh aon chostas breise maoirseachta ann maidir le dualgais na stiúrthóirí ná luach saothair. D’fhéadfadh sé freisin go dtabhódh na Ballstáit roinnt costas íseal breise forfheidhmiúcháin mar gheall ar dhlíthíocht.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Mar gheall ar an bhfor-rochtain dhomhanda trí shlabhraí luacha, déanfar difear do chuideachtaí agus do gheilleagair tríú tír. Meastar go mbeidh éifeachtaí dearfacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, agus ar phobail áitiúla, trí fheasacht na bpáirithe leasmhara a mhéadú, cleachtais a bhaineann le hinbhuanaitheacht a fheabhsú, caighdeáin idirnáisiúnta a ghlacadh i dtíortha i mbéal forbartha, rochtain níos fearr ar réiteach d’íospartaigh, infheistíocht inbhuanaithe. Ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann tá na nithe seo a leanas: costais chomhlíonta ar chuideachtaí tríú tíortha, agus táirgeoirí ag aistriú ó thríú tíortha ina dhiaidh sin go margaí táirgí neamhrialaithe; an riosca go n‑athródh cuideachtaí chuig soláthróirí a bhfuil riosca níos ísle ag baint leo. Tugtar tuairisc ar bhearta maolaithe.

Comhréireacht? 

Ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na príomhchúiseanna agus chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. An t‑ualach ar chuideachtaí a eascraíonn as costais chomhlíonta, cuireadh é in oiriúint do mhéid agus d’acmhainní na cuideachta, agus don phróifíl riosca (féach freisin ar an tionchar ar FBManna thuas).

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

5 bliana tar éis an trasuí, agus an t‑am is gá chun an beartas a chur i bhfeidhm agus sonraí a bhailiú á chur san áireamh.

Top