EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0564

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939

COM/2022/564 final

An Bhruiséil,28.10.2022

COM(2022) 564 final

2022/0350(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 12 Deireadh Fómhair 2017, glacadh Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) agus tháinig sé i bhfeidhm an 20 Samhain 2017 1 . An 1 Meitheamh 2021, ghlac OIPE na cúraimí imscrúdúcháin agus ionchúisimh a tugadh dó leis an Rialachán sin. Cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 2 agus arna gcinneadh faoi Rialachán (AE) 2017/1939, tá OIPE freagrach as déantóirí na gcionta coiriúla sin agus as a gcomhchoirithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1939, is cuid de leibhéal lárnach OIPE iad na hIonchúisitheoirí Eorpacha. Gach Ionchúisitheoir Eorpach, is é sin, Ionchúisitheoir Eorpach amháin in aghaidh an Bhallstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú, na hIonchúisitheoirí sin in éineacht leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach, is iad Coláiste OIPE iad. I mí Iúil 2020 cheap an Chomhairle na chéad 22 Ionchúisitheoir Eorpach in OIPE 3 .

Maireann sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha 6 bliana agus féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis (Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939). Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939 gur cheart aon trian de na hIonchúisitheoirí Eorpacha a athrú gach 3 bliana agus ceanglaítear ar an gComhairle rialacha idirthréimhseacha a ghlacadh maidir le ceapachán na nIonchúisitheoirí Eorpacha don chéad tréimhse den sainordú agus le linn na tréimhse sin. Ar an mbonn sin, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle 4 an 9 Aibreán 2019, lena bhforáiltear maidir le sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha ó ocht mBallstát, arna chinneadh trí chrannchur, go mairfidh an sainordú sin 3 bliana agus nach mbeidh sé in-athnuaite. Dá bhrí sin, rachaidh sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha sin in éag i mí Iúil 2023.

Le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939 foráiltear gur cheart don Chomhairle duine de na hiarrthóirí arna nainmniú ag na Ballstáit le haghaidh phost na nIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh tar éis di an tuairim réasúnaithe a fháil ón bpainéal roghnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán céanna. I gcomhréir leis an bhforáil dheireanach sin, ba cheart dhá dhuine dhéag a bheith ar an bpainéal roghnúcháin, daoine a cheapfaidh an Comhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún, agus ba cheart na daoine sin a roghnú as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Iniúchóirí, iarchomhaltaí náisiúnta Eurojust, comhaltaí na gcúirteanna uachtaracha náisiúnta, ionchúisitheoirí ardleibhéil agus dlíodóirí a bhfuil inniúlacht aitheanta acu. Duine de na daoine a roghnófar, ba cheart é a bheith molta ag Parlaimint na hEorpa. Maidir le comhaltaí reatha an phainéil roghnúcháin, rachaidh a sainordú in éag an 9 Deireadh Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle 5 .

Ós rud é gur gá an painéal roghnúcháin a athnuachan chun agallamh a chur ar na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit le haghaidh ionadú ar ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha, molann an Coimisiún Cinneadh ón gComhairle maidir le comhaltaí an phainéil a cheapadh. Na comhaltaí uile atá á gcur chun cinn, comhlíonann siad na ceanglais thuasluaite a leagtar amach in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939. Duine de na daoine a roghnaíodh, mhol Parlaimint na hEorpa é an 7 Meitheamh 2022. Agus an dá chomhalta dhéag den phainéal roghnúcháin á moladh aige, chuir an Coimisiún san áireamh an gá atá le cothromaíocht a áirithiú maidir le dáileadh geografach, inscne agus eolas ar chórais dlí na mBallstát atá rannpháirteach in OIPE.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is trí bhíthin Rialachán (AE) 2017/1939 a bunaíodh OIPE, rialachán arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 86 CFAE. Tá OIPE ag feidhmiú na bhfeidhmeanna a shanntar dó le Rialachán (AE) 2017/1939 ón 1 Meitheamh 2021 i leith. Tríd an togra seo a chur isteach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin, tá an Coimisiún ag comhlíonadh a oibleagáide faoi Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939. Leis an togra seo ceadaítear ceapachán comhaltaí nua an phainéil roghnúcháin, ós rud é go rachaidh sainordú na gcomhaltaí reatha in éag an 9 Deireadh Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle. Agus an painéal roghnúcháin á cheapadh ag an gComhairle, ceadófar na nósanna imeachta is gá a sheoladh chun ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha a ionadú in 2023 agus, in am tráth, Ionchúisitheoirí Eorpacha eile agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach. Dá bhrí sin, tá an togra seo comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair sa réimse beartais ábhartha.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, arb é is aidhm dóibh cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is ar Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (AE) 2017/1939 atá an togra bunaithe.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

An togra i dtaca le ceapachán chomhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, is é an Coimisiún amháin a fhéadfaidh an togra sin a dhéanamh agus dá bhrí sin, is inniúlacht eisiach í nach bhfuil faoi réir phrionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra seo teoranta don mhéid is gá chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, agus dá bhrí sin tá sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tá an togra seo ríthábhachtach chun a áirithiú gur féidir na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach a ionadú nuair a thiocfaidh deireadh le tréimhse a sainordaithe, rud a áiritheoidh leanúnachas i ngníomhaíochtaí oibríochtúla OIPE.

An rogha ionstraime

Foráiltear le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin ar bhonn togra ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is í an reachtaíocht atá ann cheana ar an ábhar seo a fhorchuirfidh rogha na hionstraime atá beartaithe.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I bhfianaise chineál teicniúil an togra seo agus in éagmais rogha an Choimisiúin, rud atá ag comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, ní dhearnadh meastóireachtaí ex-post, comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ná measúnuithe tionchair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

I bhfianaise chineál an bhirt seo, níl aon ghá le pleananna cur chun feidhme agus faireachán ná le socruithe meastóireachta agus tuairiscithe.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Foráiltear le hAirteagal 1 gur cheart an dá dhuine dhéag a liostaítear ann a cheapadh ina gcomhaltaí den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 go ceann tréimhse 4 bliana ón dáta theacht i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 2.

2022/0350 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) 6 , agus go háirithe Airteagal 14(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a cheapfaidh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach as measc iarrthóirí arna roghnú ag an bpainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939. Is í an Chomhairle a cheapfaidh na hIonchúisitheoirí Eorpacha as measc triúr iarrthóirí cáilithe arna nainmniú ag gach Ballstát tar éis di tuairim réasúnaithe a fháil ón bpainéal roghnúcháin sin.

(2)De bhun Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle 7 , sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha ó ocht mBallstát, arna chinneadh trí chrannchur, go mairfidh an sainordú sin 3 bliana agus níor cheart é a bheith in-athnuaite. Dá bhrí sin, rachaidh sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha sin in éag i mí Iúil 2023.

(3)Maidir le sainordú chomhaltaí reatha an phainéil roghnúcháin, rachaidh an sainordú sin in éag an 9 Deireadh Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle 8 . Dá bhrí sin, tá comhaltaí nua le ceapadh.

(4)Is dhá dhuine dhéag a bheidh ar an bpainéal roghnúcháin, daoine a roghnófar as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Iniúchóirí, iarchomhaltaí náisiúnta Eurojust, comhaltaí na gcúirteanna uachtaracha náisiúnta, ionchúisitheoirí ardleibhéil agus dlíodóirí a bhfuil inniúlacht aitheanta acu.

(5)Duine amháin de chomhaltaí an phainéil roghnúcháin, ní mór é a bheith molta ag Parlaimint na hEorpa. An 7 Meitheamh 2022, d’ainmnigh Parlaimint na hEorpa Margreet Fröberg mar chomhalta an phainéil roghnúcháin.

(6)Chuir an Coimisiún san áireamh, maidir le comhaltaí an phainéil roghnúcháin, an gá atá le cothromaíocht gheografach, cothromaíocht inscne agus ionadaíocht chuí ar chórais dlí na mBallstát atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le OIPE a bhunú.

(7)I measc an aon duine dhéag a mhol an Coimisiún, tá iarchomhalta amháin den Chúirt Bhreithiúnais, iarchomhalta amháin den Chúirt Iniúchóirí, iarchomhalta náisiúnta amháin de Eurojust, seisear ionchúisitheoirí ardleibhéil agus beirt chomhaltaí ó chúirteanna uachtaracha náisiúnta, agus tá seisear fear agus cúigear ban ina measc.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, comhaltaí an phainéil roghnúcháin a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ar feadh tréimhse ceithre bliana ón [dáta theacht i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo], ceapfar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den phainéal roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939:

Jean-François BOHNERT

Vítor Manuel DA SILVA CALDEIRA

Peter FRANK

Margreet FRÖBERG

Ulrike HABERL-SCHWARZ

María Ángeles GARRIDO LORENZO

Saale LAOS

Ján MAZÁK

Marin MRČELA

Antonio MURA

Martine SOLOVIEFF

Tuire TAMMINIEMI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1 – 71
(2)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, IO L 198, 28.7.2017, lch. 29–41
(3)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, OJ L 244, 29.7.2020, lch. 18–20
(4)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 maidir le rialacha idirthréimhseacha i ndáil le ceapachán Ionchúisitheoirí Eorpacha don chéad tréimhse den sainordú agus le linn na tréimhse sin, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939, IO L 103, 12.4.2019, lch. 29–30
(5)    Cinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, IO L 238, 21.9.2018, lgh. 92–93
(6)    IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/598 ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 maidir leis na rialacha idirthréimhseacha i dtaca le ceapachán Ionchúisitheoirí Eorpacha don chéad tréimhse den sainordú agus le linn na tréimhse sin, dá bhforáiltear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939, IO L 103, 12.4.2019, lch. 29–30.
(8)    Cinneadh (AE) 2018/1275 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, IO L 238, 21.9.2018, lgh. 92–93.
Top