AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.9.2022
COM(2022) 465 final
2022/0282(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle
EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022PC0465
Proposal for a DECISION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL repealing Council Directive 89/629/EEC
Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle
Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle
COM/2022/465 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.9.2022
COM(2022) 465 final
2022/0282(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Déantar an togra seo lena n‑aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle a thíolacadh i gcomhthéacs chlár REFIT an Choimisiúin agus i gcomhthéacs a thiomantais maidir le rialáil níos fearr. Is é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh ann creat dlíthiúil ardchaighdeáin atá oiriúnach dá fheidhm, dá dtagraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht níos Fearr. Chuige sin, maidir leis an ngníomh sin atá imithe i léig, tá sé aitheanta ag an gCoimisiún go ndéanfaidh an Coimisiún an gníomh sin a aisghairm. D’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige Treoir 86/629/CEE ón gComhairle a aisghairm i gClár Oibre an Choimisiúin don bhliain 2017 1 .
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Bunaithe ar Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (sean‑Airteagal 80(2) CCE agus sean‑Airteagal 84(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), le Treoir 89/629/CEE ón gComhairle ceadaítear d’eitleáin áirithe a sháraíonn na caighdeáin ábhartha maidir le hastaíochtaí torainn leanúint d’oibriú, ach iad a bheith curtha isteach cheana i gclár náisiúnta Ballstáit. Níor ceadaíodh a thuilleadh clárú nua ar na heitleáin sin a áireamh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach.
Le Treoir 2006/93/CE 2 , tugadh isteach céimniú amach iomlán maidir leis na heitleáin thorannacha, lena n‑áirítear na heitleáin a chumhdaítear le Treoir 89/629/CEE ón gComhairle, is cuma cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh iad. Dá dheasca sin níl cead ag na heitleáin nach gcomhlíonann na caighdeáin ábhartha maidir le hastaíochtaí torainn sin eitilt a thuilleadh in aerspás an Aontais agus nárbh fholáir iad a bhaint de chláir náisiúnta na mBallstát.
Leis an gcur chuige athraithe ón riail nach ndéanfaí a thuilleadh clárúchán in 1989 go dtí an cur chuige céimnithe amach in 2006, agus ós rud é gur cuireadh deireadh le heitleáin nach gcomhlíonann na caighdeáin ábhartha maidir le hastaíochtaí torainn ó chláir náisiúnta agus nach gceadaítear dóibh eitilt a thuilleadh in aerspás an Aontais Eorpaigh, chuaigh Treoir 89/629/CEE ón gComhairle as feidhm agus ba cheart í a aisghairm.
2022/0282 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 3 , dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a dtiomantas comhpháirteach an reachtaíocht a nuashonrú agus a shimpliú.
(2)Le Treoir 89/629/CEE ón gComhairle 4 , ceadaíodh d’eitleáin áirithe a sháraíonn na caighdeáin ábhartha maidir le hastaíochta torainn leanúint d’oibriú, dá mba rud é go raibh siad iontráilte cheana féin i gclár náisiúnta Ballstáit. Mar sin féin, cuireadh riail i bhfeidhm nach ndéanfaí a thuilleadh clárúchán: níor ceadaíodh a thuilleadh clárú nua ar na heitleáin sin a áireamh tar éis theacht i bhfeidhm Threoir 89/629/CEE. Ceadaíodh leis sin eitleáin a chlárú nach gcomhlíonann na caighdeáin faoi Threoir 89/629/CEE ach a bhí á n‑úsáid cheana chun leanúint d’oibriú.
(3)Le Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , tugadh isteach céimniú amach iomlán do na heitleáin go léir nach raibh ag comhlíonadh na gcaighdeán ábhartha maidir le hastaíochta torainn, lena n‑áirítear na heitleáin sin a cumhdaíodh faoi Threoir 89/629/CEE roimhe seo, is cuma cé acu a cláraíodh nó nár cláraíodh iad cheana. Is é a thagann as sin nach bhfuil cead ag na heitleáin sin eitilt a thuilleadh in aerspás an Aontais agus nárbh fholáir iad a bhaint de chláir náisiúnta na mBallstát.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 89/629/CEE a aisghairm,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Treoir 89/629/CEE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán