Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0282

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

    COM/2022/282 final

    An Bhruiséil,1.6.2022

    COM(2022) 282 final

    2022/0179(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    An 3 Bealtaine 1998, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Ostair agus an Fhionlainn na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 1999. Bhain an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe leas as a gclásail um rogha gan bheith páirteach agus, dá bhrí sin, ní dhearna an Chomhairle measúnú orthu. I dtaca leis an nGréig agus an tSualainn de, mheas an Chomhairle gur Bhallstáit iad a raibh maolú acu.

    An 19 Meitheamh 2000, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Ghréig na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2001. Na tíortha a tháinig isteach san Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 (Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic), tháinig siad chun bheith ina mBallstáit ag a bhfuil maolú i gcomhréir le hAirteagal 4 den Ionstraim Aontachais.

    An 11 Iúil 2006, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóivéin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2007.

    An Bhulgáir agus an Rómáin, ar tíortha iad a tháinig isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 2007, tháinig siad chun bheith ina mBallstáit a bhfuil maolú acu i gcomhréir le hAirteagal 5 den Ionstraim Aontachais.

    An 10 Iúil 2007, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Chipir agus Málta na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2008.

    An 8 Iúil 2008, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóvaic na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh ón 1 Eanáir 2009.

    An 13 Iúil 2010, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh ón 1 Eanáir 2011.

    An Chróit, ar tír í a tháinig isteach san Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013, tháinig sí chun bheith ina Ballstát a bhfuil maolú aici i gcomhréir le hAirteagal 5 den Ionstraim Aontachais.

    An 9 Iúil 2013, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Laitvia na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh ón 1 Eanáir 2014.

    An 23 Iúil 2014, chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Liotuáin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh ón 1 Eanáir 2015.

    Le hAirteagal 140(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) luaitear nach mór don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach, ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, tuairisciú don Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit a bhfuil maolú acu maidir lena n‑oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghnóthú.

    Bunaithe ar a thuarascáil féin agus ar thuarascáil BCE, ba cheart don Choimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle a chur faoi bhráid na Comhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 140(2) den Chonradh, chun aisghairm a dhéanamh ar an maolú maidir leis na Ballstáit na coinníollacha is gá a chomhlíonadh.

    Eisíodh tuarascálacha cóineasaithe an Choimisiúin agus BCE an 1 Meitheamh 2022. Leis na tuarascálacha déantar scrúdú ar a chomhoiriúnaí atá reachtaíocht náisiúnta na Cróite, lena n‑áirítear reachtanna a bainc ceannais náisiúnta, le hAirteagail 130 agus 131 den Chonradh agus le Reacht CEBC agus BCE.

    Scrúdaítear sna tuarascálacha freisin ar baineadh amach ardleibhéal cóineasaithe inbhuanaithe, faoi threoir chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú, agus cuirtear san áireamh iontu roinnt tosca eile a cheanglaítear faoin bhfomhír dheiridh d’Airteagal 140(1) den Chonradh.

    Ina thuarascáil maidir le cóineasú, is é conclúid an Choimisiúin go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha chun an euro a ghlacadh.

    Ar bhonn a thuarascála agus thuarascáil BCE, ghlac an Coimisiún an togra atá i gceangal leis seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le maolú na Cróite a aisghairm, le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

    2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

    Is faoi cheannteidil éagsúla sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus i gComhairle ECOFIN/an Grúpa Euro a dhéantar plé go tráthrialta leis na Ballstáit faoi na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch sna Ballstáit. Áirítear orthu sin plé neamhfhoirmiúil ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an ullmhúchán maidir le dul isteach sa limistéar euro (lena n‑áirítear beartais maidir le ráta malairte). Is ag comhdhálacha/seimineáir agus ar bhonn ad hoc a dhéantar an comhphlé leis an lucht acadúil agus le grúpaí leasmhara eile.

    Déantar forbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro agus sna Ballstáit a mheasúnú trí bhíthin na nósanna imeachta éagsúla maidir le comhordú agus faireachas an bheartais eacnamaíoch (go háirithe faoi Airteagal 121 den Chonradh), agus i gcomhthéacs fhaireachán agus anailís rialta an Choimisiúin ar fhorbairtí tírshonracha agus ar fhorbairtí ar fud an limistéir (lena n‑áirítear réamhaisnéisí, sraith foilseachán rialta, agus ionchur chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus chuig Comhairle ECOFIN/an Grúpa Euro). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus i gcomhréir leis an gcleachtas roimhe seo, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair foirmiúil.

    3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    3.1.Bunús dlí

    Is é Airteagal 140(2) den Chonradh an bunús dlí don togra seo, lena leagtar síos an nós imeachta le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an euro a ghlacadh agus chun an maolú a aisghairm sna Ballstáit lena mbaineann.

    Gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, tar éis plé sa Chomhairle Eorpach agus tar éis moladh a fháil ó thromlach cáilithe de na comhaltaí siúd dá cuid a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit arb é an euro an t‑airgeadra atá acu.

    3.2.Coimhdeacht agus comhréireacht

    Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

    Ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú agus comhlíonann sé mar sin prionsabal na comhréireachta.

    3.3.Rogha na hionstraime dlí

    Níl d’ionstraim dlí iomchuí ann ach Cinneadh de réir Airteagal 140(2) den Chonradh.

    4.IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Ní bheidh aon impleacht ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

    2022/0179 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach( 1 )

    Ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach( 2 )

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

    Ag féachaint don phlé sa Chomhairle Eorpach,

    Ag féachaint don mholadh ó chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit arb é an euro an t‑airgeadra atá acu,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Cuireadh tús leis an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (‘AEA’) an 1 Eanáir 1999. Ag cruinniú sa Bhruiséil an 3 Bealtaine 1998, chinn an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeann Stáit nó Rialtais, gur chomhlíon an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an Fhionlainn na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 1999( 3 ) .

    (2)Le Cinneadh 2000/427/CE( 4 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Ghréig na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2001. Le Cinneadh 2006/495/CE( 5 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóivéin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2007. Le Cinntí 2007/503/CE( 6 ) agus 2007/504/CE( 7 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Chipir agus Málta na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2008. Le Cinneadh 2008/608/CE( 8 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóvaic na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2010/416/AE( 9 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2013/387/AE( 10 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Laitvia na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2014/509/AE( 11 ), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Liotuáin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh.

    (3)I gcomhréir le mír 1 den Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg, atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gCinneadh arna ghlacadh ag na Ceannairí Stáit nó na Ceannairí Rialtais i nDún Éideann i mí na Nollag 1992, chuir an Danmhairg in iúl don Chomhairle nach mbeidh sí rannpháirteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Níor iarr an Danmhairg an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a thionscnamh.

    (4)De bhua Chinneadh 98/317/CE, tá maolú ag an tSualainn mar a shainítear in Airteagal 139(1) CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 4 d’Ionstraim Aontachais 2003( 12 ), tá maoluithe mar a shainítear in Airteagal 139(1) CFAE ag Poblacht na Seice, ag an Ungáir agus ag an bPolainn. I gcomhréir le hAirteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2005( 13 ), tá maoluithe mar a shainítear in Airteagal 139(1) CFAE ag an mBulgáir agus ag an Rómáin. I gcomhréir le hAirteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012( 14 ), tá maolú mar a shainítear in Airteagal 139(1) CFAE ag an gCróit.

    (5)Bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach (‘BCE’) an 1 Iúil 1998. Cuireadh sásra ráta malairte in ionad an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, córas ar comhaontaíodh é a bhunú le rún ón gComhairle Eorpach maidir le sásra ráta malairte a bhunú sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an 16 Meitheamh 1997( 15 ) . Na nósanna imeachta maidir le sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (ERM II) leagadh síos iad i gComhaontú an 16 Márta 2006 idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro, comhaontú lena leagtar síos na nósanna imeachta oibriúcháin le haghaidh sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta( 16 ).

    (6)Le hAirteagal 140(2) CFAE leagtar síos na nósanna imeachta maidir le maolú na mBallstát lena mbaineann a aisghairm. Ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, tuairisceoidh an Coimisiún agus BCE don Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 140(1) CFAE.

    (7)Déanfar an reachtaíocht náisiúnta sna Ballstáit, lena náirítear reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta, a oiriúnú de réir mar is gá d’fhonn comhoiriúnacht a áirithiú le hAirteagail 130 agus 131 CFAE agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (‘Reacht CEBC agus BCE’). Leis na tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE soláthraítear measúnú mionsonraithe ar chomhoiriúnacht reachtaíocht na Cróite le hAirteagail 130 agus 131 den Chonradh agus le Reacht CEBC agus BCE.

    (8)I gcomhréir le hAirteagal 1 de Phrótacal Uimh. 13 maidir leis an gcritéar um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 140(1) de CFAE, ciallaíonn an critéar um chobhsaíocht praghsanna dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 140(1) CFAE gur inbhuanaithe an fheidhmíocht praghsanna atá ag Ballstát agus go bhfuil meánráta boilscithe aige, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná aon phointe céatadáin go leith os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna. Chun críoch an chritéir um chobhsaíocht praghsanna, tomhaistear an boilsciú de réir innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí a shainítear i Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle( 17 ) . Chun an critéar um chobhsaíocht praghsanna a mheas, déantar boilsciú Ballstáit a thomhas leis an athrú céatadáin ar an meán uimhríochtúil de 12 innéacs mhíosúla i gcoibhneas le meán uimhríochtúil 12 innéacs mhíosúla ón tréimhse roimhe sin. Sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE, úsáideadh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí boilscithe na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide 1,5 pointe céatadáin. Sa tréimhse bliana dar críoch mí Aibreáin 2022, ríomhadh gurb é 4,9 faoin gcéad an luach tagartha boilscithe, agus is iad an Fhrainc, an Fhionlainn agus an Ghréig na trí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, tíortha ag a raibh rátaí boilscithe 3,2 faoin gcéad, 3,3 faoin gcéad agus 3,6 faoin gcéad, faoi seach. I dtaca leis na tíortha nach féidir a mheas gur tagarmharc fiúntach a rátaí boilscithe do Bhallstáit eile, tá údar leis na tíortha sin a eisiamh ó na tíortha is fearr feidhmíocht. Sainaithníodh na hasluitigh sin san am a chuaigh thart in 2004, 2010, 2013, 2014 agus 2016. Faoi láthair, tá údar le Málta agus an Phortaingéil a eisiamh ó na tíortha is fearr feidhmíocht( 18 ) . Chun an luach tagartha a ríomh, cuirtear an Fhionlainn agus an Ghréig ina nionad, arb iad na chéad Bhallstáit eile is ísle ó thaobh meánrátaí boilscithe.

    (9)I gcomhréir le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar maidir leis an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 140(1) CFAE ceanglaítear nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) CFAE go bhfuil easnamh iomarcach ann.

    (10)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar um rannpháirtíocht i meicníocht rátaí malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 140(1) CFAE, ceanglaítear nach mór do Bhallstát na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le Meicníocht Rátaí Malairte (ERM) an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a chomhlíonadh gan ghéartheannais i rith an dá bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, ní fhéadfaidh an Ballstát ráta lárnach déthaobhach airgeadra a thíre a dhíluacháil in aghaidh an euro ar a thionscnamh féin ar feadh na tréimhse céanna. Ó bhí an 1 Eanáir 1999 ann, soláthraíonn ERM II an creat chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir ráta malairte. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag BCE ina dtuarascálacha ar chomhlíonadh an chritéir sin, scrúdaigh siad an tréimhse 2 bhliain dar críoch an 18 Bealtaine 2022.

    (11)I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 13, an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE, is critéar é ceanglaítear go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse bliana roimh an scrúdú, meánráta ainmniúil fadtéarmach úis nach dtéann níos mó ná dhá pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht praghsanna. Is é an critéar a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chóineasú rátaí úis, rátaí úis inchomparáide ar bhannaí tagarmhairc rialtais 10 mbliana. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir um rátaí úis, sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE breithníodh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí boilscithe na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide dhá phointe céatadáin. Tá an luach tagartha bunaithe ar na rátaí úis fadtéarmacha sa Fhrainc (0,3 faoin gcéad), san Fhionlainn (0,2 faoin gcéad) agus sa Ghréig (1,4 faoin gcéad) agus 2,6 faoin gcéad a bhí sé sa tréimhse bliana dar críoch mí Aibreáin 2022.

    (12)I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 13, is é an Coimisiún a chuirfidh ar fáil na sonraí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú. Chuir an Coimisiún na sonraí sin ar fáil. Chuir an Coimisiún sonraí buiséadacha ar fáil tar éis do na Ballstáit iad a thuairisciú roimh an 1 Aibreán 2022, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle.( 19 )

    (13)Ar bhonn tuarascálacha arna gcur i láthair ag an gCoimisiún agus ag BCE maidir le dul chun cinn na Cróite i dtaca le comhlíonadh a hoibleagáidí maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghnóthú, is é an chonclúid atá ann:

    (a)go bhfuil reachtaíocht náisiúnta na Cróite, lena náirítear reachtanna a bainc ceannais náisiúnta, comhoiriúnach le hAirteagail 130 agus 131 den Chonradh agus le Reacht CEBC agus BCE;

    (b)maidir leis an gCróit na critéir um chóineasú a luaitear sna ceithre fhleasc d’Airteagal 140(1) CFAE a chomhlíonadh:

    is é 4.7 faoin gcéad a bhí sa mheánráta boilscithe sa Chróit sa bhliain dar críoch Aibreán 2022, ráta atá faoi bhun an luacha tagartha, agus is dócha go bhfanfaidh sé faoi bhun an luacha tagartha sna míonna amach romhainn,

    nach bhfuil an Chróit faoi réir cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann,

    Tá an Chróit ina ball de ERM II ó bhí an 10 Iúil 2020 ann. Le linn an 2 bhliain roimh an measúnú, ní raibh ráta malairte an kuna (HRK) faoi réir géartheannas agus níor dhíluacháil an Chróit ráta lárnach déthaobhach HRK in aghaidh an euro ar a tionscnamh féin,

    sa bhliain dar críoch Aibreán 2022, is é 0,8 faoin gcéad ar an meán an ráta úis fadtéarmach sa Chróit, ráta atá go mór faoi bhun an luacha tagartha.

    (c)i bhfianaise an mheasúnaithe ar chomhoiriúnacht dhlíthiúil agus ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú agus na dtosca breise, comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. An maolú i bhfabhar na Cróite dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012, aisghairfear é le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1) ()    Tuarascáil an 1 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
    (2) ()    Tuarascáil an 1 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
    (3) ()    Cinneadh 98/317/CE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 i gcomhréir le hAirteagal 109j(4) den Chonradh (IO L 139, 11.5.1998, lch. 30).
    (4) ()    Cinneadh 2000/427/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 2000 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an nGréig an 1 Eanáir 2001 (IO L 167, 7.7.2000, lch. 19).
    (5) ()    Cinneadh 2006/495/CE ón gComhairle an 11 Iúil 2006 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóivéin an 1 Eanáir 2007 (IO L 195, 15.7.2006, lch. 25).
    (6) ()    Cinneadh 2007/503/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an gCipir an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 29).
    (7) ()    Cinneadh 2007/504/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag Málta an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 32).
    (8) ()    Cinneadh 2008/608/CE ón gComhairle an 8 Iúil 2008 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóvaic an 1 Eanáir 2009 (IO L 195, 24.7.2008, lch. 24).
    (9) ()    Cinneadh 2010/416/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010 i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh maidir le glacadh an euro ag an Eastóin an 1 Eanáir 2011 (IO L 196, 28.7.2010, lch. 24).
    (10) ()    Cinneadh 2013/387/AE ón gComhairle an 9 Iúil 2013 maidir le glacadh an euro ag an Laitvia an 1 Eanáir 2014 (IO L 195, 18.7.2013, lch. 24).
    (11) ()    Cinneadh 2014/509/AE ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le glacadh an euro ag an Liotuáin an 1 Eanáir 2014 (IO L 228, 31.7.2014, lch. 29).
    (12) ()    IO L 236, 23.9.2003, lch. 33.
    (13) ()    IO L 157, 21.6.2005, lch. 203.
    (14) ()    IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.
    (15) ()    IO C 236, 2.8.1997, lch. 5.
    (16) ()    IO C 73, 25.3.2006, lch. 21.
    (17) ()    Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2016, lch. 11).
    (18) ()    I mí Aibreáin 2022, is é 2,1 % agus 2,6 % meánrátaí boilscithe 12 mhí Mhálta agus na Portaingéile faoi seach agus is é 4,4 % meánráta boilscithe 12 mhí an limistéir euro.
    (19) ()    Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).
    Top