AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.5.2022
COM(2022) 201 final
2022/0143(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2022/001 FR/Air France
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
COMHTHÉACS AN TOGRA
1.Na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), is rialacha iad a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (dá ngairtear Rialachán CED anseo feasta).
2.Tar éis iomarcaíochtaí a theacht chun cinn in Air France sa Fhrainc, chuir an Fhrainc iarratas EGF/2022/001 FR/Air France ar ranníocaíocht airgeadais ó CED isteach an 21 Eanáir 2022.
3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme i Rialachán CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.
ACHOIMRE AR AN IARRATAS
Iarratas ar CED
|
EGF/2022/001 FR/Air France
|
Ballstát
|
an Fhrainc
|
Na réigiúin is mó lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS)
|
Île de France (FR10)
|
An dáta a cuireadh an t‑iarratas isteach
|
an 21 Eanáir 2022
|
An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an t‑iarratas
|
an 21 Eanáir 2022
|
An dáta a iarradh faisnéis bhreise
|
an 4 Feabhra 2022
|
An sprioc-am leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar
|
an 25 Feabhra 2022
|
An sprioc-am leis an measúnú a chur i gcrích
|
an 12 Bealtaine 2022
|
An critéar idirghabhála
|
Airteagal 4(2)(a) de Rialachán CED
|
An príomhfhiontar
|
Air France
|
An líon fiontar lena mbaineann
|
3
|
An earnáil/na hearnálacha lena mbaineann an ghníomhaíocht eacnamaíoch
(Rannán NACE Athbhreithniú 2)
|
Rannán 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealamh)
Rannán 51 (Aeriompar)
|
An tréimhse thagartha (4 mhí):
|
an 1 Iúil 2021 – an 1 Samhain 2021
|
An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)
|
282
|
An líon iomarcaíochtaí roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh (b)
|
1 298
|
An líon iomlán iomarcaíochtaí (a + b)
|
1 580
|
An líon iomlán tairbhithe incháilithe
|
1 580
|
An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
|
1 580
|
An buiséad i gcomhair seirbhísí pearsantaithe (EUR)
|
20 873 656
|
An buiséad chun CED a chur chun feidhme (EUR)
|
00 000 000
|
Buiséad iomlán (EUR)
|
20 873 656
|
Ranníocaíocht ó CED (85 %) (EUR)
|
17 742 607
|
MEASÚNÚ AR AN IARRATAS
Nós imeachta
4.Chuir an Fhrainc an t‑iarratas EGF/2022/001 FR/Air France isteach an 21 Eanáir 2022, faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an t‑iarratas ar an dáta céanna, agus, an 4 Feabhra 2022, d’iarr sé ar an bhFrainc faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin laistigh de 15 lá oibre ón tráth a iarradh í. An sprioc-am 50 lá oibre ón tráth a fuarthas an t‑iarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar chomhlíontacht an iarratais leis na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar, is sprioc-am é a rachaidh in éag an 12 Bealtaine 2022.
Incháilitheacht an iarratais
Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann
5.Baineann an t‑iarratas le 282 oibrí iomarcach a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Air France. Bíonn an fiontar ag obair san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi rannán 51 NACE Athbhreithniú 2 (Aeriompar). Tá na hiomarcaíochtaí in Air France lonnaithe in 12 réigiún Fhrancacha de chuid leibhéal 2 NUTS ar mhórthír na Fraince agus in 4 réigiún Fhrancacha de chuid leibhéal 2 NUTS 2 thar lear.
Critéir idirghabhála
6.Chuir an Fhrainc an t‑iarratas isteach faoi na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2)(a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go dtarlódh scor do ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcacha ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát, lena n‑áirítear oibrithe iomarcacha i soláthraithe agus i dtáirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a ar tharla scor dá ngníomhaíocht.
7.An tréimhse thagartha 4 mhí atá leis an iarratas, is tréimhse í a mhaireann ón 1 Iúil 2021 go dtí an 1 Samhain 2021. Bhí 282 oibrí iomarcacha in Air France le linn na tréimhse tagartha.
Iomarcaíochtaí agus scor na gníomhaíochta a ríomh
8.Rinneadh scor ghníomhaíochtaí na 282 oibrí iomarcacha le linn na tréimhse tagartha a ríomh ó dháta an fhógra aonair ón bhfostóir lenar cuireadh in iúl go raibh an t‑oibrí le leagan as nó go raibh conradh fostaíochta an oibrí le foirceannadh.
Tairbhithe incháilithe
9.I dteannta na n‑oibrithe a ndearnadh tagairt dóibh cheana féin, áirítear leis na tairbhithe incháilithe 1 298 n‑oibrí iomarcacha ar cuireadh scor gníomhaíochta orthu roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó tar éis sin. Chuir na hoibrithe sin uile deireadh lena ngníomhaíocht laistigh de na 6 mhí roimh thús na tréimhse tagartha an 1 Iúil 2021 agus/nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá roimh ghlacadh an togra seo. Is féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas ba chúis le scor gníomhaíochta na n‑oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha.
10.Is é 1 580 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.
Tuairisc ar na teagmhais as ar eascair an iomarcaíocht agus scor na gníomhaíochta
11.Na heachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí sin, is toradh iad ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda gan choinne a d’eascair as an bpaindéim. Chuir an ghéarchéim COVID-19 isteach go dian agus go tobann ar Air France mar aon aerlíne eile, rud a chuir iallach air a thairiscint eitilte a laghdú mar gheall ar dhúnadh na dteorainneacha agus an titim san aerthaisteal.
12.Chomh maith leis an laghdú mór ar ioncam agus ar thrácht, lenar bhain gluaiseachtaí gur bheag nárbh ann dóibh ag tús na paindéime, tá COVID-19 ina chúis le géarchéim fhadtéarmach san aeriompar. Tháinig laghdú 8 % ar OTI na Fraince in 202 agus d’ainneoin gur tháinig méadú 7 % air in 2021, níl sé ar an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim go fóill. An titim san ioncam teaghlaigh atá ar fáil ag daoine, tá tionchar aige sin ar chaiteachas taistil. Thairis sin, leis an teilea-obair agus na riachtanais nua sláinte agus chomhshaoil, tá ceistiú á dhéanamh ar an gcaidreamh leis an aeriompar, rud a d’fhéadfadh athrú a dhéanamh ar iompar an chustaiméara san fhadtéarma. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh téarnamh an aeriompair mall agus éiginnte. Meastar nach mbainfidh Air France 95 % dá thairiscint eitilte a bhí ann roimh an bpaindéim amach ach go dtí 2023.
13.Ag tús na géarchéime, bhí Air France ag cailleadh EUR 450 milliún de shreabhadh airgid gach mí. Bheadh an fiontar dócmhainneach agus ní bheadh sé in ann tuarastail a íoc a thuilleadh mura mbeadh EUR 7 billiún faighte aige in iasachtaí arna ráthú ag an Stát. Mar sin féin, níor leor na hiasachtaí amháin chun an fhadhb a shárú gan bearta breise a dhéanamh, amhail oibríochtaí a laghdú, an líonra intíre a athshainiú, agus feidhmeanna tacaíochta a shimpliú agus a chuíchóiriú (amhail margaíocht, cumarsáid, acmhainní daonna, etc.). Tháinig laghdú ar an bhfoireann de bharr na mbeart sin.
An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, sin agus ar an bhfostaíocht
14.Is don réigiún Île de France is mó a ndearna na hiomarcaíochtaí in Air France difear ós rud é gur tharla 57 % de na hiomarcaíochtaí sa chríoch sin.
15.Míníonn údaráis na Fraince gur eascair meath an mhargaidh saothair in Île-de-France, amhail a tharla sa chuid eile den Fhrainc, ón ngéarchéim shláintíochta, agus go háirithe ón gcéad dianghlasáil (17 Márta go 10 Meitheamh 2020), ós beag nár tháinig stad ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch lena linn.
16.Ag tús na mbeart pearsantaithe sa chéad ráithe de 2021, díreach tar éis na chéad sraithe dífhostuithe, ba é 7,7 % an ráta dífhostaíochta in Île de France. Bhí níos mó ná aon mhilliún (1 056 950) cuardaitheoir poist cláraithe ann, sin méadú 8 % bliain ar bhliain. Tháinig méadú 9,2 % ar an líon cuardaitheoirí poist i gcás na bhfear agus méadú 6,7 % i gcás na mban. Bhí beagnach leath (49,8 %) den iomlán sin ina gcuardaitheoirí poist fadtéarmacha (níos mó ná 12 mhí), sin 4 phointe céatadáin (pp) níos airde ná mar a bhí in 2020 R1.
17.Tá feabhas tagtha ar staid na fostaíochta sa Fhrainc ó tharla na dífhostuithe sin agus ó cuireadh tús leis an tacaíocht. Tháinig laghdú 5,8 % ar an líon cuardaitheoirí poist in 2021 R4 bliain ar bhliain, ach tá beagnach milliún cuardaitheoir poist cláraithe in Île de France (994 110 in 2021 R4), d’ainneoin laghdú 6,1 % bliain ar bhliain. Is ionann cuardaitheoirí poist fadtéarmacha agus 49,3 % den líon iomlán cuardaitheoirí poist (i.e. 1,2 pointe céatadáin níos mó ná 2020 R4), d’ainneoin an laghdaithe faoi 3,9 % le linn na bliana.
18.Shonraigh riarachán saothair na Fraince go ndearna athstruchtúrú Air France difear don chóimheá fostaíochta sna críocha lenar bhain. Dá réir sin, thug sé fógra don fhiontar maidir leis na hoibleagáidí a bhí air ó thaobh athbheochan na fostaíochta sna críocha sin de. Ní mór don fhiontar gníomhaíochtaí a sholáthar amhail cúnamh fostaíochta díreach, cistiú le haghaidh staidéar a d’fhéadfaí a dhéanamh, ranníocaíocht airgeadais i gcistí frithpháirteacha le haghaidh athbheochana sa réigiún, etc. gníomhaíochtaí a cheaptar chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha úra a chur chun cinn agus chun poist a chruthú a chúiteodh na cinn a cailleadh.
Cur i bhfeidhm Chreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus ar athstruchtúrú (QFR)
19.Thug an Fhrainc tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh um oirchill ar athrú agus athstruchtúrú: de réir Chód Saothair na Fraince, aon chuideachta in bonis (i.e. cuideachta nach bhfuil faoi leachtú) a bhfuil 1 000 fostaí nó níos mó aici, is faoin gcuideachta sin atá sé costais iomlána na mbeart gníomhach maidir leis an margadh saothair a íoc le baill foirne a dífhostaíodh mar iarmhairt ar an athstruchtúrú eagraíochtúil. Ní fhoráiltear d’idirghníomhú ó údaráis phoiblí ach a mbeidh deireadh leis na bearta a chuireann an fiontar atá ag dífhostú ar fáil.
20.Tá sé curtha in iúl ag an bhFrainc go bhfuil pacáiste cuimsitheach de bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair curtha ar bun ag Air France arb é is aidhm dó cúnamh a thabhairt do na hoibrithe a leagadh as a bpost. I gcomhar le comhairleoireacht socrúcháin sheachtraigh (Alixio Mobilité and Sodesi), bhunaigh Air France pointe faisnéise treoraíochta (Espaces d’information, d’accompagnement et de conseil) ar an gcéad phointe teagmhála do na hoibrithe lena mbaineann. Ag an bpointe faisnéise seo, ní hamháin go bhfaigheann oibrithe treoraíocht maidir le deiseanna, ach tugtar cuidiú dóibh freisin lena n‑iarrachtaí páirt a ghlacadh i mbearta oiliúna, nó fostaíocht nua a fháil.
21.Maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do na hoibrithe iomarcacha, tá sé curtha in iúl ag an bhFrainc gur tosaíodh ar chur i bhfeidhm na coda sin d’oibleagáid dhlíthiúil Air France a bhaineann le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair láithreach tar éis na ndífhostuithe.
Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais
22.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thíos agus a gheobhaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Fhrainc nach bhfaighidh siad ranníocaíochtaí airgeadais ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais freisin.
‑Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha
23.Tá sé tugtha le fios ag an bhFrainc gur cuireadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe le chéile i gcomhairle le hionadaithe foirne agus ceardchumainn. I sraith cruinnithe idir Air France agus SNPNC, l’UNAC, l’UNSA-PNC, CFDT, FO, agus CFE/CGC, cheap na comhpháirtithe caibidlíochta an pacáiste beart chun cúnamh leis na fostaithe lena mbaineann. Cuireadh tús leis na babhtaí caibidlíochta inmheánaí sin an 8 Iúil 2020 agus tháinig deireadh leo an 28 Bealtaine 2021.
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe
Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú
24.Táthar ag súil leis go nglacfaidh na hoibrithe iomarcacha uile páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú a rinneadh ar na hoibrithe sin de réir inscne, aoisghrúpa, agus an leibhéil oideachais atá acu:
Catagóir
|
An líon
tairbhithe a bhfuil coinne leo
|
Inscne:
|
Fir:
|
695
|
(44,0 %)
|
|
Mná:
|
885
|
(56,0 %)
|
|
Neamh‑dhénártha
|
0
|
(0,0 %)
|
Aoisghrúpa:
|
Faoi bhun 30 bliain:
|
21
|
(1,3 %)
|
|
30-54 bliana:
|
1 073
|
(67,9 %)
|
|
Os cionn 54 bliana:
|
486
|
(30,8 %)
|
Leibhéal oideachais
|
Oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú
|
65
|
(4,1 %)
|
|
Oideachas meánscoile uachtaraí nó oideachas iar-mheánscoile
|
1 051
|
(66,5 %)
|
|
Oideachas treasach
|
464
|
(29,4 %)
|
25.Tá 96 n‑oibrí ann atá faoi mhíchumas.
Na bearta atá beartaithe
26.Na bearta dá n‑iarrann údaráis na Fraince cómhaoiniú ó CED, baineann siad le síneadh a chur leis an tréimhse saoire ath‑imlonnaithe (‘congé de reclassement’) thar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar an bhfiontar. Is le haghaidh oibrithe a dífhostaíodh atá an beart sin ceaptha, sin agus le haghaidh oibrithe nach raibh, tráth a d’fhág siad an fhostaíocht dá dtoil féin, pleananna ath‑imlonnaithe beachta acu go fóill agus ar mhian leo leas a bhaint as bearta athoiliúna, comhairle, treoraíocht nó cúnamh chun gnólacht a bhunú nó a ghlacadh ar láimh.
27.Seo a leanas na bearta atá i gceist leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar do na hoibrithe iomarcacha:
–Seirbhísí comhairleacha agus treoir ghairme: Tabharfar treoir ghairme do na hoibrithe a leagadh as a bpost agus tabharfar cúnamh dóibh ina gcuardach poist, nó tabharfar treoir maidir le gnólachtaí nuathionscanta dóibh sa chás go bhfuil sé d’aidhm acu a ngnó féin a thosú. Gheobhaidh na rannpháirtithe comhairleoireacht agus treoir ghairme, tacaíocht sa chuardach post, faisnéis faoin oiliúint atá ar fáil, agus moltaí ar son na fiontraíochta. Faoin mbeart sin, cuirfear deiseanna socrúcháin sheachtraigh ar fáil d’oibrithe, deiseanna a eascraíonn as cuardach gníomhach poist a dhéanfaidh speisialtóirí, agus cuideofar leo tairiscintí poist a roghnú, iad féin a ullmhú le haghaidh agallamh, etc. Cabhróidh comhairleoirí speisialaithe leis na hoibrithe arb í an fhéinfhostaíocht, táthcheangal gnó nó cruthú gnó an aidhm atá acu, phlean gnó a tharraingt suas, maoiniú agus seirbhísí tionlacain eile i dtreo na fiontraíochta a chuardach.
–Oiliúint: Tairgfear réimse cúrsaí oiliúna uas‑scilithe agus athscilithe do na hoibrithe a bheidh saincheaptha dá riachtanais, de réir mar a shainaithneoidh na comhairleoirí a sholáthróidh na seirbhísí comhairleacha iad. Na hoibrithe arb í an fhéinfhostaíocht an aidhm atá acu, tairgfear oiliúint i dtreo cruthú gnó dóibh, oiliúint a chuirfidh Sodesi (PASS CREA), an Comhlachas Tráchtála agus Tionscail, nó an Comhlachas Trádála agus Ceardaíochta ar fáil.
–Ranníocaíocht chun gnólacht a chruthú. Na hoibrithe a thionscnaíonn a ngnó féin (táthcheangal gnó nó tionscnamh gnó), gheobhaidh siad suas le EUR 15 000 chun costais tionscanta, infheistíocht i sócmhainní agus costais reatha a chumhdach. Íocfar an ranníocaíocht i dtrí thráthchuid bunaithe ar gharspriocanna réamhshainithe a bhaint amach. Íocfar an chéad tráthchuid de EUR 3 000 chomh luath agus a thabharfar cruthúnas a thionscanta nó cruthúnas gnó a bheith glactha ar láimh acu, amhail admháil an chlárúcháin. Is é sin, dara agus tríú tráthchuid de EUR 6 000 an duine, tar éis an chéad ráitis gníomhaíochta agus an dara ráiteas gníomhaíochta a thíolacadh don Régime Social des Indépendants, ina léireofaí láimhdeachas de EUR 200 agus de EUR 500 ar a laghad faoi seach do dhaoine féinfhostaithe agus do dhílseánaigh aonair; nó ar dheimhniú arna eisiúint ag cuntasóir cairte a thíolacadh, ina léireofaí láimhdeachas de EUR 500 agus EUR 1 000 ar a laghad faoi seach le haghaidh fiontar.
–
Sochair a ghabhann leis an bhfriliú Na FBManna a fhostaíonn iar-oibrí Air France ar chonradh buan nó ar chonradh ar théarma seasta 6 mhí ar a laghad, gheobhaidh siad suas le dhá mhí de phá agus de ranníocaíochtaí fostóra, agus cuid de chostais na hoiliúna chun dul in oiriúint don phost nua, dá mba ghá an oiliúint sin.
–Liúntas athfhostaíochta gasta. Na hoibrithe a fhilleann go gasta ar an bhfostaíocht trí chonradh buan nó sealadach de shé mhí ar a laghad, gheobhaidh siad liúntas is cothrom leis an liúntas cuardaigh poist a gheobhaidís mura bhfaighidís an post. Ní fhéadfaidh an méid sin a bheith níos mó ná 4 mhí den liúntas cuardaigh poist.
–Méaduithe ar thuarastal. Is é is aidhm don bheart sin dreasacht a thabhairt chun glacadh le fostaíocht nua (tréimhse bhuan nó téarma seasta de shé mhí ar a laghad), fiú más lú tuarastal na fostaíochta nua ná tuarastal an phoist roimhe sin. Beidh an liúntas comhionann leis an difríocht idir tuarastail suas le EUR 600 in aghaidh na míosa ar feadh uastréimhse 30 mí, nó suas le EUR 375 in aghaidh na míosa ar feadh uastréimhse 48 mí. In aon chás, ní fhéadfaidh an méid iomlán in aghaidh an oibrí a bheith níos mó ná EUR 18 000.
28.Is ionann na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, agus bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.
29.Thug Air France le fios go gcuireann Selecta cúrsaí oiliúna ar fáil go tráthrialta dá fhoireann, cúrsaí ina dtugtar aird ar scileanna digiteacha agus ar scileanna a theastaíonn i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, mar chuid dá phlean chun scileanna a fhorbairt. Beidh an oiliúint arna cur ar fáil ar ardáin oiliúna dhigiteacha Air France ar fáil do na hoibrithe iomarcacha fad a bheidh siad rannpháirteach i mbearta CED.
30.Sholáthair an Fhrainc an fhaisnéis a theastaíonn maidir le bearta atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfadh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na mbeart sin.
Buiséad measta
31.Is é EUR 20 873 656 na costais mheasta iomlána, méid a chuimsíonn caiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe amháin. Chinn an Fhrainc caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialúcháin agus tuairiscithe a chumhdach lena hacmhainní féin.
32.Is é EUR 17 742 607 (85 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ar CED.
33.Is é Air France a sholáthraíonn an réamh‑mhaoiniú agus an cómhaoiniú náisiúnta.
Bearta
|
An líon measta rannpháirtithe
|
An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
(EUR)
|
Costais mheasta iomlána
(EUR)
|
Seirbhísí pearsantaithe (bearta faoi Airteagal 7(2)(a) de Rialachán CED)
|
Seirbhísí comhairleacha agus treoir ghairme
(accompagnement congé de reclassement Alixio et Sodesi)
|
1 162
|
2 098
|
2 437 820
|
Oiliúint
(formation)
|
805
|
2 815
|
2 266 400
|
Ranníocaíocht chun gnólachtaí a chruthú
(prime à la création d'entreprise)
|
591
|
15 000
|
8 865 000
|
Fo-iomlán (a):
An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe
|
–
|
13 569 220
|
|
|
(65,00 %)
|
Liúntais agus dreasachtaí (bearta faoi Airteagal 7(2)(b) de Rialachán CED)
|
Sochair a ghabhann leis an bhfriliú
(aide TPE - PME)
|
46
|
5 296
|
243 608
|
Liúntas athfhostaíochta gasta
(indemnité de reclassement rapide/immédiat)
|
512
|
11 467
|
5 871 235
|
Méaduithe ar thuarastal
(indemnité différentielle de rémunération)
|
83
|
14 332
|
1 189 593
|
Fo-iomlán (b):
An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:
|
–
|
7 304 436
|
|
|
(35,00 %)
|
Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(5) de Rialachán CED
|
1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin
|
–
|
0
|
2. Bainistíocht
|
–
|
0
|
3. Faisnéis agus poiblíocht
|
–
|
0
|
4. Rialú agus tuairisciú
|
–
|
0
|
Fo-iomlán (c):
An céatadán de na costais iomlána:
|
–
|
0
|
|
|
(0,00 %)
|
Costais iomlána (a + b + c):
|
–
|
20 873 656
|
Ranníocaíocht ó CED (85 % de na costais iomlána)
|
–
|
17 742 607
|
34.Costais na mbeart atá sainaitheanta sa tábla thuas mar bhearta faoi Airteagal 7(2)(b) de Rialachán CED, ní mó iad ná 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Fhrainc go ngabhann coinníoll leis na bearta sin, eadhon nach mór do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú a bheith rannpháirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist nó i ngníomhaíochtaí oiliúna.
35.Dheimhnigh an Fhrainc nach rachadh costais na n‑infheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ag fostaithe thar EUR 22 000 in aghaidh an tairbhí.
Tréimhse incháilitheachta an chaiteachais
36.An 1 Feabhra 2021, thosaigh an Fhrainc ag soláthar na seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, an caiteachas ar na bearta, is caiteachas é a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Feabhra 2021 go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm.
37.Thosaigh an Fhrainc ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 6 Eanáir 2021, ach chinn sí é a chumhdach lena hacmhainní féin.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
38.Tá tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Thug an Fhrainc fógra don Choimisiún go ndéanfadh an Délégation générale à l’emploi et à la formation professionnelle (DGEFP) san Aireacht Saothair, Fostaíochta, Gairmoiliúna agus Idirphlé Shóisialta, an ranníocaíocht a bhainistiú, go sonrach an t‑aonad Fonds national de l’emploi (DGEFP - MFNE). Is é an t‑aonad Affaires financières (DGEFP - MAFI) laistigh den DGEFP a dhéanfaidh na híocaíochtaí. Is é Commission interministérielle de coordination des contrôles (CICC) údarás iniúchóireachta na Fraince le haghaidh CED. Is é Air France a bheidh freagrach as cur chun feidhme na mbeart. I ndáil leis sin, tabharfaidh údaráis na Fraince comhaontú comhpháirtíochta i gcrích le Air France.
Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann
39.Chuir an Fhrainc na dearbhuithe uile ar fáil a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:
–cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh‑idirdhealú sa rochtain ar na bearta atá beartaithe agus i gcur chun feidhme na mbeart sin,
–comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,
–maidir le Air France, a lean lena ghníomhaíochtaí tar éis dó na daoine lena mbaineann a leagan as, rinne sé a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus riar sé dá chuid oibrithe dá réir,
–beidh cosc ar aon mhaoiniú dúbailte,
–cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus le rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.
IMPLEACHT BHUISÉADACH
Togra buiséadach
40.Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027.
41.Tar éis dó an t‑iarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán CED, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na bearta atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, molann an Coimisiún EUR 17 742 607 a shlógadh as CED, sin 85 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.
42.Maidir le CED a shlógadh, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséadacha agus bainistiú fónta an airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach.
Gníomhartha gaolmhara
43.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinnidh CED a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le EUR 15 645 511a aistriú go dtí an líne bhuiséadach iomchuí.
44.An tráth céanna a ghlac sé an togra seo le haghaidh cinnidh CED a shlógadh, ghlac an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais arb é atá ann cinneadh maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Tiocfaidh an cinneadh maoiniúcháin sin i bhfeidhm an dáta a fhaigheann an Coimisiún fógra faoi fhormheas an aistrithe bhuiséadaigh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.
2022/0143 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2022/001 FR/Air France
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) dlúthpháirtíocht a léiriú agus fostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas trí thacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i gcás mórtheagmhais athstruchtúraithe, sin agus cúnamh a thabhairt dóibh filleadh ar fhostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe a luaithe is féidir.
(2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (i bpraghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle.
(3)An 21 Eanáir 2022, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun CED a shlógadh, iarratas i leith iomarcaíochtaí oibrithe in Air France sa Fhrainc. Bhí faisnéis bhreise ann mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, faisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2021/691. Comhlíonann an t‑iarratas sin na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED, coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/691.
(4)Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 17 742 607 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhrainc isteach.
(5)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlactar é,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2022, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh chun méid EUR 17 742 607 a sholáthar ina leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán