Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0120

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír

    COM/2022/120 final

    An Bhruiséil,16.3.2022

    COM(2022) 120 final

    2022/0074(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2022) 160 final} - {SWD(2022) 75 final} - {SWD(2022) 76 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is leis an Taisclann Lárnach Urrús a fheidhmítear an bonneagar lena gcumasaítear socraíocht urrús, i.e. idirbheart urrús a chur i gcrích trí airgead nó urrúis, nó an dá rud, a aistriú 1 . Tá ról ríthábhachtach ag taisclanna lárnacha urrús sa bhunmhargadh trí thaifeadadh tosaigh na nurrús nua-eisithe (‘seirbhís nótaire’) a lárú. Coimeádann siad cuntais urrús freisin ina dtaifeadtar líon na nurrús atá ina seilbh, agus taifeadtar leo gach athrú ar shealbhú na nurrús sin (‘seirbhís lárnach cothabhála’). Ina theannta sin, cuireann roinnt taisclann lárnach urrús seirbhísí coimhdeacha ar fáil, 2 lena náirítear seirbhísí baincéireachta.

    Tá ról ríthábhachtach ag taisclanna lárnacha urrús i maoiniú an gheilleagair tríd an ról atá acu maidir le hurrúis a eisiúint agus trí chead a thabhairt idirbhearta urrús a chur i gcrích. Tá ról tábhachtach ag taisclanna lárnacha urrús freisin maidir le beartas airgeadaíochta a bheith á chur chun feidhme ag bainc cheannais. Mar shampla, comhthaobhacht incháilithe le haghaidh oibríochtaí airgeadaíochta banc ceannais, go háirithe sa limistéar euro, sreafaí trí chórais socraíochta urrús a oibríonn taisclanna lárnacha urrús. Inniu, tá 26 thaisclann lárnach urrús údaraithe san Aontas Eorpach. In 2019, láimhseáil córais socraíochta urrús an Aontais Eorpaigh níos mó ná 420 milliún treoir seachadta arbh fhiú breis is EUR 53 thrilliún d’urrúis lenar bhain láimhdeachas iomlán os cionn EUR 1 120 trilliún 3 .

    Le Rialachán 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús, féachadh le sábháilteacht agus éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú chomh maith le sraith ceanglas comhchoiteann a chur ar fáil do thaisclanna lárnacha urrús ar fud an Aontais. Cé go raibh taisclanna lárnacha urrús athléimneach, fiú i ngéarchéim airgeadais 2008, agus iad faoi réir rialála faoin dlí náisiúnta agus faoi chaighdeáin idirnáisiúnta, ní dhearnadh iad a rialáil go comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh (AE). D’fhág sé sin go raibh difríochtaí ann maidir lena sábháilteacht agus go raibh ábhair imní ann maidir le cothrom na Féinne. Bhí sé tábhachtach taisclanna lárnacha urrús a rialáil freisin chun creat rialála na mbonneagar margaidh trádála agus iarthrádála a chur i gcrích, tar éis na Treorach maidir leis an Margadh in Ionstraimí Airgeadais (Treoir 2004/39/CE 4 ), lenar tugadh aghaidh ar ionaid trádála, agus ar an Rialachán maidir le Bonneagar Margaí Eorpach (Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 5 ), lenar tugadh aghaidh ar chontrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Thairis sin, bhí cur chuige rialála comhsheasmhach maidir le córais socraíochta agus próisis socraíochta tábhachtach chun Urrúis-Target2 (T2S) a chomhlánú agus a éascú 6 . Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús, ba é sin freagra an Aontais ar ghlao an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB), an 20 Deireadh Fómhair 2010 7 , go ndéanfaí athbhreithniú agus feabhsú ar chaighdeáin chun bonneagair margaidh airgeadais níos láidre a áirithiú 8 .

    Is institiúidí airgeadais iad taisclanna lárnacha urrús a bhfuil tábhacht shistéamach leo do na margaí airgeadais, agus dá bhrí sin tá sé riachtanach go mbeidh a gcreat oiriúnach don fheidhm i gcónaí. Tá údar le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús chun a áirithiú go leanfaidh sé dá cuspóirí a bhaint amach agus, i gcás inar féidir, go mbeidh an creat níos comhréirí agus níos éifeachtaí. Is príomhghníomhaíocht é an tathbhreithniú ar CSDR i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 9 chun tírdhreach iarthrádála níos éifeachtúla a fhorbairt san Aontas Eorpach. Le margaí athléimneacha éifeachtúla maidir le socraíocht in AE, ba cheart comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar an mbonneagar iarthrádála agus cur le hiomaíochas Thaisclanna Lárnacha Urrús an Aontais agus mhargaí airgeadais an Aontais i gcoitinne.

    Le hAirteagal 75 de CSDR ceanglaíodh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus ullmhú a dhéanamh ar thuarascáil lena ndéanfaí measúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin agus ar an mbealach chun cinn dá athbhreithniú faoin 19 Meán Fómhair 2019. Thug Parlaimint na hEorpa, ina rún maidir le tuilleadh forbartha ar Aontas na Margaí Caipitil, 10  cuireadh freisin don Choimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras araíonachta socraíochta 11 faoi CSDR ag féachaint do Brexit agus do ghéarchéim Covid19. Chuige sin, reáchtáladh comhairliúchán spriocdhírithe 12 idir an 8 Nollaig 2020 agus an 2 Feabhra 2021. An 1 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún tuarascáil 13 . Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil CSDR ag baint amach a chuspóirí bunaidh i gcoitinne chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta in AE agus ar fhóntacht TLUnna. I gcás fhormhór na limistéar, measadh go raibh athruithe suntasacha ar CSDR róluath i bhfianaise chur i bhfeidhm na gceanglas le déanaí. Mar sin féin, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí ina bhféadfadh gá a bheith le tuilleadh gníomhaíochta chun cuspóirí CSDR a bhaint amach ar bhealach níos comhréirí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.

    Ós rud é gur gá deireadh a chur le costais dhíréireacha agus le hualaí díréireacha agus rialacha a shimpliú gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, cuireadh athbhreithniú CSDR san áireamh le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) 2021 14 . 

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Baineann CSDR le roinnt píosaí de reachtaíocht AE, lena náirítear an Treoir maidir le Críochnaitheacht Socraíochta, 15 MiFID agus MiFIR mar aon leis na taisclanna lárnacha urrús sin atá údaraithe faoi CSDR chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, 16 an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil 17 agus an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc 18 .

    Tá na tograí maidir le leasú a dhéanamh ar CSDR i gcomhréir le plean an Choimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil 19 . Is é is aidhm d’Aontas na Margaí Caipitil sreabhadh caipitil ar fud an Aontais a chumasú ar mhaithe le tomhaltóirí, infheisteoirí agus cuideachtaí. Mar gheall ar an ngéarchéim Covid19 tá sé níos práinní Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach toisc gur cuid ríthábhachtach é maoiniú margadhbhunaithe chun go bhfillfidh geilleagar na hEorpa ar an bhfás fadtéarmach agus chun aistrithe comhshaoil agus digiteacha an Aontais a mhaoiniú. Is gné bhunriachtanach de mhargaí caipitil láidre iad socruithe iarthrádála atá sábháilte agus éifeachtúil. Chuideodh na hathruithe reachtacha atá beartaithe le forbairt tírdhreach iarthrádála níos éifeachtúla san Aontas.

    Tá dlúthbhaint ag CSDR leis an bPacáiste Airgeadais Digiteach freisin 20 . Baineann sé go háirithe leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le córas píolótach do bhonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht 21 mórleabhar dáilte (DLT). Faoin Rialachán sin, féadfar córais socraíochta DLTanna agus córais trádála DLT agus socraíochta a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe de chuid CSDR a chomhlíonadh faoi réir coinníollacha áirithe d’fhonn nuálaíocht a spreagadh sa réimse sin, agus cosaint infheisteoirí, sláine margaidh agus cobhsaíocht airgeadais á cosaint ag an am céanna. Leis an gcomhaontú polaitiúil maidir leis an togra sin, tugadh isteach freisin an fhéidearthacht rialacha CSDR maidir le ceannach isteach éigeantach a chur siar, chun machnamh níos doimhne a cheadú mar chuid d’athbhreithniú CSDR 22 . Ina theannta sin, baineann CSDR leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach na hearnála airgeadais 23 arb é is aidhm dó a áirithiú go mbeidh na coimircí riachtanacha i bhfeidhm ag gach rannpháirtí sa chóras airgeadais, lena náirítear taisclanna lárnacha urrús, chun cibear-ionsaithe agus rioscaí gaolmhara TFC a mhaolú.

    Bhí bonneagair mhargaidh, lena náirítear taisclanna lárnacha urrús, mar chuid den teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’ 24 . Leagtar amach sa Teachtaireacht sin conas is féidir leis an Aontas a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a threisiú sna réimsí maicreacnamaíocha agus airgeadais, go háirithe trí bhonneagair mhargadh airgeadais an Aontais a fhorbairt tuilleadh agus trí chur lena nathléimneacht. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach é córas socraíochta AE láidir, mar atá á rialú ag CSDR, gné a chuireann le neamhspleáchas straitéiseach oscailte AE i réimse bhonneagar na margaí airgeadais.

    Ar deireadh, tá an togra seo comhsheasmhach leis an obair atá ar siúl ar an leibhéal idirnáisiúnta i gcreat an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais arb é is aidhm dó, i measc nithe eile, cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bPrionsabal do Bhonneagar na Margaí Airgeadais (PFMInna) a bhaint amach, ar prionsabail iad a d’fhorbair an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPMI) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO).

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Ba cheart breathnú ar an tionscnamh seo i gcomhthéacs chlár oibre níos leithne an Choimisiúin chun cur le hiomaíochas agus le hathléimneacht mhargaí an Aontais, an chúis le hAontas na Margaí Caipitil, tionscnaimh maidir le hairgeadas digiteach agus uathriail straitéiseach oscailte. Is gné bhunriachtanach de mhargaí caipitil láidre iad socruithe iarthrádála atá sábháilte agus éifeachtúil. Le margadh lánfheidhmiúil comhtháite le haghaidh caipitil beidh geilleagar an Aontais in ann fás ar bhealach inbhuanaithe agus a bheith níos iomaíche, i gcomhréir le tosaíocht straitéiseach an Choimisiúin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, tosaíocht ina ndírítear ar chruthú na ndálaí cearta le haghaidh poist a chruthú, fáis agus infheistíochta.

    Níl aon tionchar díreach nó in-sainaitheanta ag an tionscnamh as a dtiocfaidh dochar suntasach nó a dhéanann difear do chomhsheasmhacht chuspóirí na haeráidneodrachta agus na noibleagáidí a eascraíonn as an Dlí Aeráide Eorpach 25 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é an bunús dlí do CSDR, bunús dlí an togra seo. Aithnítear san anailís a rinneadh mar chuid den tuarascáil ar an Measúnú Tionchair nach mór gnéithe de CSDR a leasú chun deireadh a chur le costais dhíréireacha agus ualaí comhlíontachta agus chun rialacha a shimpliú gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol chun éifeachtúlacht an Rialacháin a fheabhsú agus chun comhtháthú an mhargaidh socraíochta urrús san Aontas Eorpach a éascú.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Ní féidir cuspóirí CSDR, eadhon ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais san Aontas Eorpach, rialacha maidir le heagrúchán agus iompraíocht TLUnna agus chun socraíocht shábháilte éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn, a bhaint amach go leordhóthanach trí bhíthin na mBallstát amháin, faoi mar a d’admhaigh na comhreachtóirí in 2014 agus CSDR á ghlacadh acu.

    Sa lá atá inniu ann, ní féidir leis na Ballstáit ná leis na maoirseoirí náisiúnta réiteach a fháil leo féin ar na dúshláin a eascraíonn as na ceanglais thromualaigh dhoiléire a bhaineann le CSDR nó leis na rioscaí a eascraíonn as cleachtais mhaoirseachta náisiúnta éagsúla. Ní féidir leo aghaidh a thabhairt leo féin ar an riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar easpa faisnéise faoi ghníomhaíochtaí TLUnna tríú tír. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh.

    Comhréireacht

    Is é is aidhm don togra seo a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí CSDR ar dhóigh a bheidh níos comhréirí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ná mar a bhaintear anois. Ba cheart go mbeadh ceanglais níos simplí nó níos lú mar thoradh air sin arb é is aidhm dóibh ualach riaracháin an Rialacháin ar gheallsealbhóirí a laghdú, go háirithe ar thaisclanna lárnacha urrús, gan cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe maoirseachta le haghaidh taisclanna lárnacha urrús (go háirithe iad siúd a oibríonn ar bhonn trasteorann mar aon leo siúd atá ina gcodanna de ghrúpaí de thaisclanna lárnacha urrús), tugtar aghaidh sa togra ar na dúshláin a thugtar faoi deara maidir le cóineasú maoirseachta a bhaint amach. Ina theannta sin, le hathchalabrú ceanglas áirithe maidir le próiseas an nós imeachta pas, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus leis an araíonacht socraíochta, tugtar aghaidh ar na hábhair imní a chuir geallsealbhóirí in iúl, lena n‑áirítear an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), agus cuspóirí CSDR á gcosaint ag an am céanna. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le faireachán agus maolú a dhéanamh ar aon riosca de bhun oibríochtaí TLUnna a oibríonn laistigh nó lasmuigh den Aontas do chobhsaíocht airgeadais. Déantar comhréireacht na roghanna beartais tosaíochta a mheasúnú tuilleadh i gCaibidil 6 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo.

    An rogha ionstraime

    Rialachán is ea CSDR agus, dá bhrí sin, is gá é a leasú le hionstraim dlí den chineál céanna.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Sa mheastóireacht ar CSDR rinneadh measúnú ar a mhéid agus a bhain ceanglais bheartais shonracha CSDR a gcuspóirí amach agus go háirithe ar cé acu a rinneadh é leis na ceanglais sin ar bhealach éifeachtúil éifeachtach nó nach ndearnadh agus, san am céanna, iad a bheith comhleanúnach ábhartha agus breisluach ar leibhéal an Aontais ag gabháil leo. Cuirtear torthaí na meastóireachta i láthair in Iarscríbhinn 5 den Mheasúnú Tionchair.

    Ós rud é nach raibh cuid de phríomhcheanglais CSDR infheidhme go dtí le deireanas nó nach bhfuil siad infheidhme go fóill, ní raibh an measúnú ina mheastóireacht iomlán.

    Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht:

    ·Éifeachtacht agus éifeachtúlacht: Cé gur tháinig méadú ar mhéid na dtrádálacha socraithe ó theacht i bhfeidhm CSDR, d’fhan idirbhearta trasteorann cobhsaí. I roinnt réimsí, e.g. an nós imeachta pas, tá bacainní suntasacha ann agus moladh sna réamhthorthaí go bhféadfaí gníomhaíochtaí a dhéanamh chun ualach díréireach comhlíontachta a laghdú agus chun feabhas a chur ar ghníomhaíocht trasteorann. D’fhéadfaí feabhsuithe a lorg freisin i réimsí na seirbhísí baincéireachta, ós rud é go bhfuil an rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta teoranta, rud a chuireann bac ar shocraíocht in airgeadraí eachtracha, agus ar shocruithe maoirseachta, rud a mbeadh tionchar aige ar na féidearthachtaí nó ar na deiseanna atá ag taisclanna lárnacha urrús seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann.

    ·Ábharthacht: Is ábhartha i gcónaí iad cuspóirí CSDR chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht mhargadh socraíochta an Aontais a mhéadú agus cothrom iomaíochta a áirithiú do sheirbhísí Taisclainne Lárnaí Urrús.

    ·Comhleanúnachas: Tá CSDR ailínithe le hiarrachtaí idirnáisiúnta cobhsaíocht agus sábháilteacht bonneagar iarthrádála a áirithiú. Tá CSDR comhleanúnach le píosaí eile reachtaíochta agus le tionscnaimh bheartais de chuid an Aontais Eorpaigh.

    ·Breisluach AE: Cumhdaíodh le CSDR bearna a bhí ann sa reachtaíocht trí chreat nua a thabhairt isteach arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt, i bpróiseas aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais, ar an easpa cur chuige comhchuibhithe maidir le margaí socraíochta an Aontais agus maidir le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí sistéamacha gaolmhara. 

    Ós rud é gur gá réimsí spriocdhírithe CSDR a shimpliú agus iad a dhéanamh níos comhréirí, mar a léirítear leis an rannchuidiú leis an gcomhairliúchán spriocdhírithe maidir le CSDR agus leis an athbhreithniú a rinne an Coimisiún ar an Rialachán, is tionscnamh REFIT é an t‑athbhreithniú ar CSDR.

    Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí i rith an phróisis ina ndearnadh an togra seo a ullmhú. Go háirithe an méid seo a leanas:

    ·comhairliúchán spriocdhírithe 26 idir an 8 Nollaig 2020 agus an 2 Feabhra 2021;

    ·comhairliúchán maidir le measúnú tionchair tosaigh 27 idir an 8 Márta 2021 agus an 5 Aibreán 2021;

    ·dhá chruinniú de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát (22 Meán Fómhair 2020 agus 15 Iúil 2021) ar tugadh cuireadh chucu don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), ÚEUM agus do rúnaíocht Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa.

    Tríd is tríd, tacaíodh le cuspóirí CSDR chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú agus chun fóntacht TLUnna a áirithiú. Measadh go raibh bunriachtanais ghaolmhara ag baint amach na gcuspóirí sin, agus ag comhlíonadh ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le hathchóiriú rialála. Mar sin féin, leag geallsealbhóirí, lena n‑áirítear ionadaithe na mBallstát, béim ar roinnt réimsí ina bhféadfaí ceanglais CSDR a choigeartú gan cur isteach ar a cuspóirí foriomlána d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) na ceanglais a shimpliú agus a n‑éifeachtúlacht a fheabhsú; agus (ii) costais dhíréireacha agus ualaí díréireacha a laghdú.

    Cuirtear an t‑aiseolas seo ó gheallsealbhóirí san áireamh sa togra, chomh maith leis an aiseolas a fhaightear trí chruinnithe le raon leathan geallsealbhóirí agus údaráis agus institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tugtar isteach léi leasuithe spriocdhírithe ar CSDR lena ndírítear ar an méid seo a leanas:

    (a)íoslaghdú a dhéanamh ar bhacainní ar shocraíocht trasteorann trí cheanglais thromualaigh an nós imeachta pas a shimpliú agus a shoiléiriú, comhar idir maoirseoirí a fheabhsú agus rochtain ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a éascú chun socraíocht in airgeadraí eachtracha a éascú;

    (b)cur i bhfeidhm ceanglas áirithe a chalabrú ar bhealach níos fearr (e.g. ceanglais araíonachta socraíochta, seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta) chun an tualach riaracháin agus costais chomhlíontachta a laghdú gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol;

    (c)a áirithiú go mbeidh cumhachtaí agus faisnéis leordhóthanach ag na húdaráis san Aontas chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí i ndáil le taisclanna lárnacha urrús AE agus tríú tír araon, lena náirítear feabhas a chur ar a gcomhar maoirseachta.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Agus an togra seo á ullmhú, bhí an Coimisiún ag brath ar shaineolas seachtrach:

    Tuarascálacha ó ÚEUM: Chuir ÚEUM ceithre thuarascáil in 2020 agus 2021 faoi bhráid an Choimisiúin maidir le socraíocht inmheánaithe, 28 soláthar seirbhísí trasteorann ag TLUnna agus láimhseáil iarratas chun seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí a chur ar fáil ar bhonn trasteorann, 29 seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil 30 agus úsáid teicneolaíochta airgeadais ag TLUnna 31 . Cuireadh san áireamh sna tuarascálacha sin freisin freagraí ar shuirbhéanna ÚEUM ó údaráis náisiúnta, ó thaisclanna lárnacha urrús agus ó rannpháirtithe. Rinne an Coimisiún machnamh freisin ar Thuarascálacha ÚEUM leathbhliantúla maidir le treochtaí, rioscaí agus leochaileachtaí 32 sna hearnálacha bonneagair airgeadais agus seirbhísí airgeadais;

    Ionchur spriocdhírithe ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) chuig comhairliúchán CSDR, lena náirítear toradh comhdhlúite anaithnidithe ar shuirbhé a dhéantar i measc TLUnna.

    Comhlánaíodh an t‑ionchur sin ag amanna éagsúla le hionchur rúnda, cainníochtúil agus cáilíochtúil ó rannpháirtithe sna margaí airgeadais.

    Measúnú tionchair

    Rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais ábhartha. Aithníodh roghanna beartais bunaithe ar na cúig spreagadh seo a leanas: (i) ceanglais thromualaigh dhoiléire maidir leis an nós imeachta pas, (ii) comhordú agus comhar neamhleor idir na húdaráis, (iii) ceanglais shriantacha maidir le soláthar seirbhísí baincéireachta a bhaineann le socraíocht in airgeadraí eachtracha, (iv) ceanglais dhoiléire agus chasta don araíonacht socraíochta agus (v) faisnéis neamhleor maidir le gníomhaíochtaí TLUnna tríú tír san Aontas Eorpach. Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais i gcomparáid leis na cuspóirí sonracha maidir le bacainní ar shocraíocht trasteorann a íoslaghdú, an t‑ualach riaracháin agus costais chomhlíontachta a laghdú gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol agus cumhachtaí agus faisnéis leormhaith a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí.

    Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach mar aon le barúlacha i leith an Mheasúnaithe Tionchair an 29 Deireadh Fómhair 2021 inar ndearnadh na príomh-mholtaí seo a leanas maidir le feabhsuithe:

    ·An tidirghníomhú idir an CSDR athbhreithnithe agus an Teachtaireacht maidir le ‘Córas Eacnamaíoch agus Airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’;

    ·Míniú níos fearr a thabhairt ar an bhfáth nach noibríonn an nós imeachta pas, ar cleachtas é a úsáidtear go rathúil in iliomad réimsí eile den dlí airgeadais, sa deighleog seo;

    ·Mínigh an anailís as a dtáinig tabhairt isteach na gceannach isteach sainordaitheach mar ghné den chóras araíonachta socraíochta in 2014 agus an chaoi ar tháinig athrú ar mheasúnú an Choimisiúin ó shin;

    ·Na roghanna beartais atá comhlántach agus atá comheisiatach a shoiléiriú.

    Cuireadh na soiléirithe a iarradh isteach sna ranna ábhartha den Mheasúnú Tionchair, i.e. maidir leis an Teachtaireacht i ndáil le uathriail straitéiseach oscailte i roinn 1.4.2, samplaí de cheanglais thromualaigh an nós imeachta pas a mbíonn ar thaisclanna lárnacha urrús dul i ngleic leo lena gcuirtear bac ar sholáthar seirbhísí trasteorann in Iarscríbhinn 6, míniú ar thionscnamh na gceannach isteach sainordaitheach i Roinn 2.2.2 agus soiléiriú maidir le nádúr comhlántach nó comheisiach na roghanna beartais i Roinn 6.

    Bunaithe ar mheasúnú agus ar chomparáid na roghanna beartais uile, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair ar na roghanna beartais tosaíochta seo a leanas:

    ·Próiseas nós imeachta pas CSDR a shimpliú trí dheireadh a chur leis an deis a bhíonn ag na maoirseoirí aíochta an pas a dhiúltú, agus trí fhógra a chur ina ionad ó na maoirseoirí baile chuig na maoirseoirí aíochta. Leis an rogha beartais thosaíochta íoslaghdaítear bacainní ar shocraíocht trasteorann agus laghdaítear an tualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta. Ba iad na roghanna beartais eile a ndearnadh measúnú orthu raon feidhme cheanglais an nós imeachta pas a laghdú go hurrúis chothromais nó ról agus cumhachtaí na núdarás inniúil agus na ceanglais a bhaineann le dlíthe náisiúnta a shoiléiriú. Mar sin féin, ní chomhlíonfadh an dá cheann na cuspóirí ach i bpáirt.

    ·Feabhas a chur ar an gcomhar idir maoirseoirí náisiúnta trí choláistí maoirseoirí a bhunú chun rochtain a éascú do thaisclanna lárnacha urrús ar mhargaí seachas margaí a núdaraithe agus an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú trí níos mó cumhachtaí a chur ar fáil do mhaoirseoirí chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí. I measc na roghanna eile a breithníodh bhí feabhas a chur ar na rialacha CSDR atá ann cheana maidir le socruithe comhair agus tuilleadh maoirseachta a thabhairt isteach ar thaisclanna lárnacha urrús ar leibhéal an Aontais. Baineann coláistí an chothromaíocht cheart amach, áfach, idir na cuspóirí a bhaint amach gan aon chur isteach ar an bhfíoras gur le Ballstát baile TLUnna an dualgas faireacháin i gcónaí.

    ·Rochtain TLUnna ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a éascú trí cheadú do TLUnna a bhfuil ceadúnas baincéireachta acu seirbhísí den sórt sin a thairiscint do thaisclanna lárnacha urrús eile agus athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha ar faoina mbun a fhéadfaidh taisclanna lárnacha urrús banc tráchtála a úsáid. Rogha eile a measadh ab ea deireadh a chur le srianta maidir le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús, ach rinneadh neamhaird de sin toisc go bhféadfadh méadú suntasach a bheith tagtha ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais.

    ·An rogha is éifeachtaí agus is éifeachtúla ná meascán de ghnéithe éagsúla a bhaineann leis an araíonacht socraíochta a shoiléiriú (e.g. raon feidhme) agus an amlíne maidir le cur chun feidhme na gceannach isteach sainordaitheach 33 (‘cur chuige dhá chéim’) a mhodhnú. Beidh cur chun feidhme na gceannach isteach sainordaitheach ag brath ar theacht chun cinn na héifeachtúlachta socraíochta san Aontas Eorpach. Ar an gcéad dul síos, tugann an fhianaise a bailíodh le fios go spreagfaidh pionóis airgid feabhsuithe ar éifeachtúlacht socraíochta, gan cobhsaíocht agus leachtacht sna margaí agus sna hionstraimí airgeadais a chur i mbaol. Ar an dara dul síos, tar éis do phionóis airgid a bheith curtha i bhfeidhm, is féidir measúnú a dhéanamh ansin ar an dóigh is fearr an ceannach isteach sainordaitheach a chur i bhfeidhm i bhfianaise éabhlóid éifeachtúlacht na socraíochta. Tugadh neamhaird ar an rogha chun an creat a chur ar fionraí ina iomláine ós rud é go bhfuil teipeanna socraíochta san Aontas i gcónaí níos airde ná i mórmhargaí airgeadais eile.

    ·Dáta deiridh a thabhairt isteach le haghaidh clásal marthanachta do thaisclanna lárnacha urrús AE agus tríú tíortha 34 mar aon le ceanglas maidir le fógra a thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír. Leis an bhfaisnéis a fhaightear, bheadh an Coimisiún in ann tosaíocht a thabhairt dá mheasúnú ar choibhéiseacht creataí taisclainne lárnaí urrús tríú tír, ós rud é gur coinníoll é go ndeonóidh an Coimisiún coibhéiseacht chun go dtabharfaidh ÚEUM aitheantas do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír ar mian leo seirbhísí nótaire agus cothabhála lárnaí a thairiscint maidir le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit. Leis na bearta sin a chomhcheangal, áiritheofar, dá bhrí sin, go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha agus faisnéis thráthúil ag na húdaráis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí i gcomhréir le héabhlóid riachtanais an mhargaidh. Mar sin féin, ní dhéanann na leasuithe atá beartaithe difear do na próisis coibhéise agus aitheantais is infheidhme cheana faoin Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús; dá bhrí sin, iarrtar fós ar thaisclanna lárnacha urrús tríú tír agus TLUnna tríú tír is iarratasóirí féideartha a niarrataí ar choibhéiseacht agus iarratais ar aitheantas a chur isteach faoi na ceanglais reatha CSDR. Rogha eile a measadh is ea feabhas a chur ar an gcóras do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi dhlí Ballstáit, mar shampla, trí aitheantas a éileamh ó ÚEUM chun seirbhísí socraíochta a sholáthar nó trí chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a mhéadú, ach measadh é sin a bheith róluath agus díréireach.

    ·Beidh tionchar dearfach ag an bpacáiste foriomlán roghanna ar an tírdhreach iarthrádála san Aontas trí rialáil níos comhréirí ar thaisclanna lárnacha urrús a chumasú, trí éifeachtúlacht socraíochta urrús a fheabhsú agus ar an gcaoi sin cur le hiomaíochas mhargaí airgeadais an Aontais.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Is é an cur chuige foriomlán atá ann bearta a mholadh a bhfuil gá leo ar mhaithe le comhtháthú margaidh agus cobhsaíocht airgeadais agus, san am céanna, an t‑ualach rialála agus comhlíontachta a laghdú do rannpháirtithe sa mhargadh. Tá sé sin i gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Tá éifeacht dhearfach ag na roghanna a choimeádtar, lena n‑áirithítear rialáil níos comhréirí ar thaisclanna lárnacha urrús agus lena bhfeabhsaítear iomaíochas mhargadh socraíochta an Aontais ina iomláine.

    Bhainfeadh taisclanna lárnacha urrús tairbhe as costais laghdaithe agus iad ag oibriú san Aontas, go háirithe mar gheall ar laghdú na mbacainní ar shocraíocht trasteorann a eascraíonn as (i) bunú coláistí agus (ii) an nós imeachta reatha pas a shimpliú. Go háirithe, dá ndéanfaí an t‑ualach a bhaineann leis na ceanglais an nós imeachta pas a laghdú, shimpleofaí an próiseas agus chuirfí dlús leis. Le próiseas simplithe an nós imeachta pas, lena n‑áirítear fógra a thabhairt d’údaráis inniúla aíochta seachas formheas a fháil uathu, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú suas le 75 % ar na costais, rud a chruthódh coigilt aonuaire EUR 585 000 in aghaidh TLU ar an meán. Rachadh tabhairt isteach coláistí chun tairbhe freisin do Thaisclanna Lárnacha Urrús AE mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil a eascraíonn as feabhas a chur ar chóineasú maoirseachta. Ina theannta sin, dá dtabharfaí isteach coláistí agus dá dtabharfaí isteach dáta deiridh i leith an chlásail mharthanachta, d’fheabhsófaí an chobhsaíocht airgeadais maidir le taisclanna lárnacha urrús AE agus taisclanna lárnacha urrús tríú tír.

    Le simpliú na gceanglas maidir le rochtain a bheith ag taisclanna lárnacha urrús ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, rud a bhíonn riachtanach chun socraíocht a dhéanamh in airgeadraí eachtracha, chuirfí leis an iomaíocht sa réimse sin freisin. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh athbhreithniú ar an tairseach ar féidir le taisclanna lárnacha urrús úsáid a bhaint as seirbhísí den sórt sin faoina bun a chur ar chumas taisclanna lárnacha urrús a gcuid seirbhísí a fhorbairt tuilleadh d’infheisteoirí intíre agus trasteorann. Meastar go bhféadfaí a bheith ag súil le EUR 16 bhilliún de shocraíocht bhreise in airgeadraí eachtracha ar bhonn bliantúil mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe.

    Le simpliú an nós imeachta pas, cruthú coláistí sainordaitheacha agus soláthar méadaithe seirbhísí baincéireachta a bhaineann le socraíocht in airgeadraí eachtracha, méadófar an iomaíocht idir taisclanna lárnacha urrús san Aontas, rud a rachaidh chun tairbhe infheisteoirí agus eisitheoirí, FBManna san áireamh. Ar an iomlán, bheadh rogha níos mó ag eisitheoirí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus FBManna, agus ag infheisteoirí ó thaobh socruithe maoiniúcháin de agus bhainfeadh siad tairbhe as an iomaíocht mhéadaithe, as rogha níos leithne maidir le heisiúint, éagsúlú riosca agus éagsúlú airgeadra ina n‑infheistíochtaí trasteorann, rud a chuideodh le doimhniú Aontas na Margaí Caipitil.

    Ar deireadh, leis na hathruithe atá beartaithe ar an gcóras araíonachta socraíochta, d’áiritheofaí cur chuige níos comhréirí maidir leis an gcaoi a gcaitear le teipeanna socraíochta, agus d’áiritheofaí ag an am céanna go leanfadh leibhéil éifeachtúlachta na socraíochta de bheith ag feabhsú san Aontas chun tairbhe infheisteoirí agus gheilleagar an Aontais ina iomláine. Leis an gcur chuige dhá chéim, go háirithe, ba cheart na tionchair dhiúltacha is mó a bhaineann le leachtacht a mhaolú, i gcás nach bhfuil bonn cirt leis na ceanglais ábhartha a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh tionchar dearfach indíreach aige sin ar FBManna nach bhfuil a n‑urrúis chomh leachtach céanna.

    Níor tugadh aghaidh sa tionscnamh seo ar dhigitiú ná ar thionchar teicneolaíochtaí nua ar sheirbhísí iarthrádála ós rud é gur measadh iad a bheith lasmuigh den raon feidhme. Thug an comhairliúchán spriocdhírithe lena dtacaítear leis an tionscnamh seo le fios gurbh fhearr leis na geallsealbhóirí eispéiris a thiomsú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le córas píolótach DLT sula mbeartófar aon athrú a dhéanamh ar CSDR. Ina thuarascáil maidir le húsáid teicneolaíochtaí airgeadais ag taisclanna lárnacha urrús, níor thacaigh ÚEUM ach oiread le leasuithe fairsinge ar CSDR ag an am seo chun úsáid na nuálaíochta teicneolaíochta ag taisclanna lárnacha urrús a éascú, ach mhol sé fanacht ar aiseolas maidir le heispéiris chóras píolótach an Aontais Eorpaigh. Cinneadh dá bhrí sin go gcuirfí siar aon athrú bunúsach a dhéanfaí ar CSDR chun acmhainneacht iomlán na teicneolaíochta a bhaint amach go dtí gur féidir ceachtanna a bhaint as cur chun feidhme an Rialacháin maidir le córas píolótach DLT.

    Cearta bunúsacha

    Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach agus tá raon leathan coinbhinsiún maidir le cearta an duine sínithe aige. Sa chomhthéacs seo, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin, cearta a liostaítear i bpríomhchoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá mar dhlúthchuid de Chonarthaí an Aontais, agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

    Na nithe a d’imreodh an tionchar is mó ar ÚEUM ná rannpháirtíocht na gcoláistí, forbairt nó nuashonrú 5 chaighdeán teicniúil agus bainistiú an phróisis lena dtugann taisclanna lárnacha urrús tríú tír fógra maidir lena gcuid gníomhaíochtaí san Aontas Eorpach. Costas beag aonuaire, áfach, a bheadh sa dara ceann. Mar sin féin, dá ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta pas, laghdófaí costais ÚEUM toisc go mbeadh ceanglais an nós imeachta pas níos simplí agus níos soiléire. Thairis sin, dá gcinnfí idirbhearta a thagann faoi raon feidhme an chórais araíonachta socraíochta, laghdófaí freisin an t‑ualach riaracháin ar ÚEUM a bhaineann le freagra a thabhairt ar cheisteanna. Ina theannta sin, leis an oiriúnú i dtréimhsiúlacht na dtuarascálacha a cheanglaítear ar ÚEUM a chur faoi bhráid an Choimisiúin, laghdófar tuilleadh an t‑ualach riaracháin a chuirtear ar an Údarás. Bhainfeadh ÚEUM tairbhe freisin as cuid de na roghanna beartais tosaíochta lena neartófaí an timpeallacht mhaoirseachta, go háirithe an próiseas fógartha do thaisclanna lárnacha urrús tríú tír.

    Ní bheidh ar ÚEUM poist bhreise a chur ar bun chun na cúraimí atá beartaithe a dhéanamh; is féidir iad a dhéanamh leis na hacmhainní atá ann cheana. Is amhlaidh atá i gcás ÚBE a mbeidh ceanglas air caighdeán teicniúil amháin a fhorbairt lena gcinnfear an tairseach ar faoina bhun a fhéadfaidh taisclanna lárnacha urrús institiúidí creidmheasa a úsáid chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Áirítear sa togra ceanglas go dtuairisceodh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm CSDR ina hiomláine, le béim ar a héifeachtacht agus ar a héifeachtúlacht maidir lena cuspóirí a bhaint amach (i.e. feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht mhargaí socraíochta an Aontais Eorpaigh). Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar gach gné de CSDR, lena n‑áirítear cé acu atá nó nach bhfuil bacainní substainteacha eile ar an iomaíocht i ndáil leis na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo ar cheart aghaidh a thabhairt orthu, an gá le bearta breise a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le bearta breise chun teorainn a chur leis an tionchar a bheidh ag teip TLUnna ar cháiníocóirí.

    I bprionsabal, ba cheart an mheastóireacht sin a dhéanamh laistigh de chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe sin. Ba ghá ionchur a fháil ó ÚEUM freisin agus ó údaráis náisiúnta agus ó bhainc cheannais. Ba cheart sonraí staitistiúla a lorg ó ÚEUM.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    5.2.1 Sainmhínithe

    Tugtar isteach le hAirteagal 1(1) sainmhíniú ar choincheap an ghrúpa gnóthas, i gcomhréir leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.

    5.2.2 An córas araíonachta socraíochta

    Le hAirteagal 1(2) tugtar isteach leasuithe ar an gcóras araíonachta socraíochta.

    I bpointe (a), foráiltear le leasuithe ar Airteagal 7(2) de CSDR i gcásanna ina dteipeann ar shocraíocht mar gheall ar thosca nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart nó i gcás nach bhfuil dhá pháirtí trádála i gceist leis an idirbheart, ní bhíonn an teip socraíochta sin faoi réir an tsásra pionóis. Sonraítear ann freisin gur cheart pionóis airgid a ríomh go dtí deireadh an phróisis ceannach isteach má tá an gníomh cur chun feidhme ábhartha glactha ag an gCoimisiún nó go dtí an dáta socraíochta iarbhír, cibé acu is túisce.

    Le pointe (b) tugtar isteach mír 2a nua trínar féidir leis an gCoimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena ndéantar cinneadh ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais áirithe nó ba cheart feidhm a bheith ag ceannaigh isteach shainordaitheacha i gcás catagóirí áirithe idirbheart. Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh sin a dhéanamh i gcás ina measann sé gur modh comhréireach iad na bearta sin chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas agus, bunaithe ar líon agus ar mhéid na dteipeanna socraíochta, go gcomhlíontar coinníollacha áirithe a leagtar amach san fhoráil sin.

    I bpointe (c), sa leasú ar Airteagal 7(3) de CSDR sonrófar cathain a dhéanfar an próiseas ceannach isteach a thionscnamh i gcás ina mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(2a) agus go ríomhfar an tréimhse sínidh d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar mhargadh fáis FBManna ar bhonn laethanta féilire.

    Le pointe (d) tugtar isteach mír 3a nua in Airteagal 7 de CSDR lena mhíniú conas a oibreoidh an sásra cur ar aghaidh. Le sásra cur ar aghaidh, cuirfear cosc ar chascáid de shocraíochtaí teipthe ina n‑éilítear próiseas ceannach isteach ar leithligh le haghaidh gach ceann acu, trí chead a thabhairt do gach rannpháirtí sa slabhra idirbhirt fógra ceannach isteach a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a bhfuil ag teip air ionas nach mbeidh ach ceannach isteach amháin riachtanach chun slabhra iomlán na n‑idirbheart a réiteach. Is féidir ansin an sásra cur ar aghaidh sin a mhacasamhlú go conarthach idir na rannpháirtithe agus a gcliaint chomh fada leis na ceannaitheoirí agus na díoltóirí deiridh.

    Le pointe (e), leasaítear Airteagal 7(4) de CSDR ag foráil maidir le cásanna ina dteipeann ar shocraíocht mar gheall ar thosca nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart nó i gcás nach bhfuil dhá pháirtí trádála i gceist leis an idirbheart, ní bhíonn an teip socraíochta sin faoi réir an tsásra ceannach isteach shainordaithigh.

    Le pointe (f) leasaítear Airteagal 7(6) de CSDR lena dtugtar isteach siméadracht íocaíochtaí idir an ceannaitheoir agus an díoltóir i gcás ina bhfuil difear idir téarmaí eacnamaíocha an idirbhirt tráth an cheannach isteach agus an t‑idirbheart bunaidh. Is é an cuspóir atá ann a áirithiú go ndéanann an ceannach isteach na páirtithe san idirbheart a thabhairt ar ais chuig an suíomh eacnamaíoch céanna amhail is gur tharla an t‑idirbheart bunaidh.

    Le pointe (g), leasaítear Airteagal 7(11) de CSDR lena soiléirítear nach mbeidh feidhm ag an díolúine ó na ceanglais araíonachta socraíochta do chontrapháirtithe lárnacha ach amháin nuair a idirchuireann an contrapháirtí lárnach é féin idir contrapháirtithe. Soiléirítear ann freisin, má thabhaíonn contrapháirtithe lárnacha caillteanais as ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur i bhfeidhm, go bhféadfaidh siad sásra a bhunú ina rialacha chun na caillteanais sin a chumhdach.

    Le pointe (h) tugtar isteach 13a nua in Airteagal 7 de CSDR lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún an sásra ceannach isteach a chur ar fionraí le haghaidh catagóirí sonracha ionstraimí airgeadais nuair is gá sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi. Leagtar amach i mír 13a nua seo an nós imeachta ba cheart don Choimisiún a leanúint le haghaidh fionraí den sórt sin, i.e. tar éis moladh a fháil ó ÚEUM i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an CEBC agus leis an BERS. Sonraítear ann freisin go mbeidh fionraí den sórt sin bailí ar feadh uastréimhse sé mhí, tréimhse a bheidh inathnuaite ag tréimhsí trí mhí ar feadh uastréimhse iomlán 12 mhí ó thús na fionraí.

    I bpointe (i), soiléirítear le leasuithe ar Airteagal 7(14) de CSDR go gcuirfear éifeachtaí na rátaí diúltacha úis san áireamh le gníomh tarmligthe an Choimisiúin, lena sonraítear na paraiméadair chun leibhéal díspreagthach agus comhréireach na bpionós airgid a ríomh.

    Le pointe (j) tugtar isteach mír 14a nua in Airteagal 7 de CSDR lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún na cásanna a shonrú inar cheart a mheas gur theip ar shocraíocht mar gheall ar thosca nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe agus i gcás nach bhfuil baint ag dhá pháirtí trádála leis an idirbheart, de réir na leasuithe a tugadh isteach i mír 2 agus i mír 4 d’Airteagal 7.

    Le pointe (k), leasaítear Airteagal 7(15) de CSDR lena dtugtar isteach dáta nua faoina gcuirfidh ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála isteach lena sonrófar na gnéithe sin den chóras araíonachta socraíochta a liostaítear sa mhír chéanna sin. Leis an athrú sin ar an dáta, ba cheart an cumas a bheith ag ÚEUM athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála chun na hathruithe a rinneadh CSDR i ndiaidh an athbhreithnithe sin a chur san áireamh agus chun aon leasú is gá a dhéanamh d’fhonn na ceanglais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála sin a shoiléiriú, amhail na coinníollacha faoina bhféadfaidh rannpháirtithe a gceannach isteach féin a fheidhmiú.

    5.2.3 Comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, athbhreithniú agus meastóireacht agus téarnamh agus straitéisí um fhoirceannadh ordúil.

    Le hAirteagal 1(3) leasaítear míreanna (b) agus (c) d’Airteagal 12 de CSDR d’fhonn a shoiléiriú, i gcás nach ndéanfaidh taisclann lárnach urrús gníomhaíocht socraíochta roimh thús an phróisis údarúcháin, go gcuirfear san áireamh sna critéir lena gcinnfear cé na húdaráis ábhartha ar cheart baint a bheith acu leis an bpróiseas sin an ghníomhaíocht socraíochta réamh-mheasta.

    Le pointe (b) d’Airteagal 1(4) leasaítear Airteagal 17(4) de CSDR maidir le dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i ndáil leis an bpróiseas údarúcháin le haghaidh taisclann lárnach urrús. I bpointe (e) d’Airteagal 1(6), tugtar isteach leasuithe coibhéiseacha ar Airteagal 22(6) de CSDR, maidir leis na húdaráis inniúla a bheith ag dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha maidir leis an bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta. Tugtar isteach leis na hathruithe ar Airteagal 17(4) agus ar Airteagal 22(6) de CSDR próiseas trína bhféadfaidh na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim réasúnaithe a eisiúint laistigh de thrí mhí tar éis don údarás inniúil an fhaisnéis a fháil. I gcás ina dtabharfaidh ceann de na húdaráis ábhartha a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim dhiúltach den sórt sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil tuairim dhiúltach den sórt sin in iúl i gcinneadh réasúnaithe, cinneadh a d’fhéadfadh a bheith faoi réir tuairim dhiúltach arís ó na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo. Mura n‑aontaíonn an t‑údarás inniúil leis an tuairim dhiúltach sin, cuirfidh sé é sin in iúl do na húdaráis sin a rinne an agóid agus d’fhéadfaidís an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEUM. Mura réiteofar an t‑ábhar laistigh de 30 lá tar éis tharchur den sórt sin, déanfaidh an t‑údarás inniúil an cinneadh críochnaitheach maidir leis an athbhreithniú agus an meastóireacht agus cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar a chinneadh ar fáil i scríbhinn do na húdaráis ábhartha.

    Le pointe (c) d’Airteagal 1(4) cuirtear isteach mír (7a) nua in Airteagal 17 de CSDR chun ceanglais nua a thabhairt isteach lena bhféadfaidh údaráis inniúla faisnéis a roinnt le húdaráis eile, go háirithe údaráis ábhartha.

    Le hAirteagal 1(5) leasaítear Airteagal 20(5) de CSDR, ina soiléirítear go n‑áireofar sna nósanna imeachta nach mór don taisclann lárnach urrús a bheith i bhfeidhm i gcás údarú a bheith tarraingthe siar aistriú na gcuntas eisiúna agus na dtaifead a choimeádtar chun na seirbhísí lárnacha dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 de Roinn A den Iarscríbhinn a sholáthar.

    Le hAirteagal 1(6) leasaítear míreanna 1, 4 agus 7 d’Airteagal 22 de CSDR d’fhonn tréimhsiúlacht an phróisis athbhreithniúcháin agus meastóireachta a athrú, ó bhonn bliantúil go bonn débhliantúil. Ina theannta sin, leasaítear leis míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 22 de CSDR d‘fhonn soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart go n‑ullmhódh taisclanna lárnacha urrús chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfadh cosc a chur orthu a n‑oibríochtaí criticiúla agus a seirbhísí criticiúla a chur ar fáil mar ghnóthas leantach. Baintear an ceanglas maidir le pleananna réitigh a tharraingt ós rud é go meastar go bhfuil sé doiléir agus nach ann do chóras réitigh don Aontas a bhféadfaí plean réitigh a dhréachtú ar a bhonn faoi láthair. Ina ionad sin, ceanglaítear le mír 2 athbhreithnithe ar thaisclanna lárnacha urrús pleananna iomchuí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil chun iad a aisghabháil nó a fhoirceannadh go hordúil. Sonraítear sa leagan athbhreithnithe de mhír 3 an t‑ábhar íosta a bheidh sna pleananna dá dtagraítear i mír 2 chomh maith le tréimhsiúlacht an athbhreithnithe agus an nuashonraithe ar phleananna den sórt sin (gach re bliain ar a laghad). Soiléirítear ann freisin go dtabharfar aird sna pleananna sin ar mhéid, ar thábhacht shistéamach, ar chineál, ar scála agus ar chastacht ghníomhaíochtaí na taisclainne lárnaí urrús lena mbaineann agus ar aon phlean téarnaimh nó réitigh ábhartha arna bhunú i gcomhréir leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD). Ní dhéanfaidh na hathruithe ar mhír 3 difear don cheanglas atá ar na húdaráis inniúla ÚEUM a chur ar an eolas i gcás ina mbunófar agus ina gcoinneofar plean réitigh le haghaidh taisclann lárnach urrús. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i ngeall ar reachtaíocht náisiúnta nó i ngeall ar an gceanglas go gcloífí le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais, amhail an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

    Le pointe (c) d’Airteagal 1(6) leasaítear Airteagal 22(11) de CSDR trí dháta nua a thabhairt isteach faoina gcuirfidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a shonrú le haghaidh an athbhreithnithe agus na meastóireachta. Leis an athrú sin ar an dáta, ba cheart go bhféadfadh ÚEUM na caighdeáin theicniúla rialála a chur in oiriúint, i gcás inar gá, do na hathruithe a dhéanfar ar thaisclann lárnach urrús tar éis an tionscnaimh seo.

    Ar deireadh, leasaítear Airteagal 55 de CSDR le hAirteagal 1(18) d’fhonn síneadh a chur leis an spriocdháta ó mhí amháin go dhá mhí faoina bhféadfaidh údaráis ábhartha agus údaráis inniúla tuairim réasúnaithe a eisiúint maidir leis an údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar. Go deimhin, tá an sprioc-am míosa róghearr chun tuairim den sórt sin a eisiúint.

    5.2.4 Nós imeachta pas agus dlí corparáideach nó dlí den chineál céanna sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis

    Le hAirteagal 1(15) leasaítear an dara fomhír d’Airteagal 49(1) de CSDR d‘fhonn a shoiléiriú go n‑áireofar an méid seo a leanas araon i ndlí corparáideach nó i ndlí comhchosúil an Bhallstáit faoina mbunaítear na hurrúis agus a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige i gcomhthéacs eisiúintí trasteorann urrús: (i) dlí corparáideach nó dlí comhchosúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eisitheoir bunaithe agus (ii) i gcás nach ionann é, an dlí corparáideach rialaitheach nó dlí comhchosúil faoina n‑eisítear na hurrúis. Cumhdaítear leis sin go háirithe cás na mbannaí arna n‑eisiúint ag eisitheoir atá lonnaithe i mBallstát amháin ach atá faoi réir conartha faoi dhlí Ballstáit eile. Le hAirteagal 1(15) leasaítear freisin an tríú fomhír d’Airteagal 49(3) de CSDR chun ceanglas a chur ar na Ballstáit liosta na bhforálacha ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.

    Leasaítear Airteagal 23 de CSDR le hAirteagal 1(7) d’fhonn na gnéithe seo a leanas de phróiseas an nós imeachta pas a shoiléiriú.

    Ar an gcéad dul síos, oiriúnaítear leis an chrostagairt don dara fomhír d’Airteagal 49(1), i míreanna (2) agus (3) d’Airteagal 23, sa chaoi is go gcuirfidh taisclann lárnach urrús ar mian léi seirbhísí nótaire nó seirbhísí lárnacha cothabhála a sholáthar maidir le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile san áireamh dlí an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eisitheoir bunaithe agus, i gcás nach ionann é, an dlí corparáideach rialaitheach nó dlí comhchosúil faoina n‑eisítear na hurrúis.

    Ar an dara dul síos, leasaítear leis Airteagal 23(2) de CSDR chun cead a thabhairt do thaisclanna lárnacha urrús nua dul ar aghaidh le hiarraidh ar phas i gcomhthráth le hiarratas ar údarú, ionas go bhféadfaidh siad tús a chur lena ngníomhaíocht trasteorann ó dháta a n‑údaraithe ag a n‑údarás inniúil baile ar choinníoll go mbeidh ar a laghad mí amháin caite ón dáta a gcuirfidh an t‑údarás inniúil baile an iarraidh ar phas in iúl don údarás inniúil aíochta.

    Ar an tríú dul síos, leasaítear leis Airteagal 23(3), pointe (e) de CSDR chun a shoiléiriú gur cheart do thaisclann lárnach urrús a iarrfaidh pas measúnú a chur ar fáil i gcónaí ar na bearta atá beartaithe aici chun go bhféadfaidh a húsáideoirí an dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh.

    Ar an gceathrú dul síos, leasaítear leis Airteagal 23(4) de CSDR, chun an tréimhse ama a ghiorrú faoina gcuirfidh údarás inniúil baile an iarraidh ar phas in iúl don údarás inniúil aíochta.

    Ar an gcúigiú dul síos, leasaítear leis Airteagal 23(6) lena gcuirtear deireadh leis an bhféidearthacht atá ann d’údarás inniúil aíochta diúltú d’iarraidh ar phas. Faoin bhforáil athbhreithnithe, féadfaidh an taisclann lárnach urrús tús a chur le seirbhísí a sholáthar tar éis mí amháin ón dáta a gcuirfidh an t‑údarás inniúil baile an iarraidh ar phas in iúl don údarás inniúil aíochta, nó níos luaithe má chomhaontaíonn an t‑údarás inniúil aíochta é.

    5.2.5 Coláistí maoirseoirí

    Le hAirteagal 1(9) tugtar isteach Airteagal 24a de CSDR mar chuid de Roinn 4a nua i dTeideal III maidir le comhar údarás trí choláistí, lena gceanglaítear bunú coláistí maoirseoirí in dhá chás:

    (a)i gcás ina mbeidh taisclann lárnach urrús faoi réir nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7), i.e. ‘coláiste an nós imeachta pas’, mar a thugtar air; nó

    (b)i gcás ina mbeidh taisclann lárnach urrús mar chuid de ghrúpa corparáideach ina mbeidh dhá thaisclann lárnach urrús nó níos mó ná sin a bheidh údaraithe in dhá Bhallstát ar a laghad, i.e. an ‘coláiste ar leibhéal grúpa’ mar a thugtar air.

    I gcás ina mbeidh taisclann lárnach urrús atá faoi réir an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) mar chuid de ghrúpa corparáideach ina mbeidh taisclann lárnach urrús eile ar a laghad freisin, ba cheart go bhféadfaí coláiste amháin a bhunú don taisclann lárnach urrús sin seachas dhá choláiste ar leith (i.e. coláiste ar leith don nós imeachta pas agus coláiste ar leith ar leibhéal grúpa), chun sineirgí a áirithiú agus chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na húdaráis lena mbaineann a sheachaint.

    Ba cheart, freisin, go bhféadfaí díreach coláiste amháin a bhunú i gcás ina mbeidh na taisclanna lárnacha urrús eile laistigh den ghrúpa faoi réir an nós imeachta pas, d’fhonn an cás a sheachaint ina mbeadh roinnt coláistí nós imeachta pas ann mar aon le coláiste ar leith ar leibhéal grúpa le haghaidh TLUnna atá mar chuid den ghrúpa céanna agus a mbeadh, i mórán cásanna, nósanna imeachta coiteanna acu, comhroinnt acmhainní ar siúl acu, measúnuithe á ndéanamh acu ar na bearta atá curtha i bhfeidhm acu chun comhlíonadh dhlíthe an Bhallstáit aíochta ina soláthraíonn siad seirbhísí trasteorann etc a áirithiú. Mar sin féin, i gcás ina mbíonn na TLUnna eile laistigh den ghrúpa faoi réir nós imeachta pas freisin, ní féidir díreach coláiste amháin a bhunú don ghrúpa iomlán mura n‑aontaíonn údaráis inniúla na TLUnna sin leis.

    Ina theannta sin, bunaítear le hAirteagal 24a na rialacha maidir leis an gcathaoirleach a chinneadh go háirithe don choláiste ar leibhéal grúpa, comhdhéanamh na gcoláistí agus a gcúraimí chun cur chuige maoirseachta comhleanúnach a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Tugtar de chumhacht don ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na socruithe praiticiúla maidir le hoibriú na gcoláistí.

    Ar deireadh, tugtar isteach leasuithe ar fud an Rialacháin chun a áirithiú go gcuirfear na coláistí ar an eolas maidir le cinntí tábhachtacha arna nglacadh i ndáil le taisclanna lárnacha urrús (i.e. leasuithe ar Airteagal 22(7), míreanna (4), (5) agus (7) d’Airteagal 23, míreanna (1) agus (5) d’Airteagal 24, míreanna (1) agus (2) d’Airteagal 60 de CSDR.)

    5.2.6 Taisclanna Lárnacha Urrús tríú tír agus deireadh an chlásail mharthanachta

    Le hAirteagal 1(10) leasaítear Airteagal 25 de CSDR ina leagtar amach an creat le haghaidh taisclanna lárnacha urrús tríú tír. Le pointe (a) tugtar isteach ceanglas ar thaisclanna lárnacha urrús a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí socraíochta a sholáthar maidir le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit fógra a chur faoi bhráid ÚEUM, agus leis sin aghaidh a thabhairt ar an easpa faisnéise ina leith sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Le pointe (c) tugtar de chumhacht do ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú maidir le sonrú na faisnéise a chuirfidh TLU tríú tír ar fáil do ÚEUM san fhógra sin, sonraítear leis go mbeidh an fhaisnéis sin teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus tugtar liosta samplaí ann.

    Le pointe (b) d’Airteagal 1(10) leasaítear an cúigiú fomhír d’Airteagal 25(6) lena sonraítear go gcuirfidh ÚEUM in iúl don taisclann lárnach urrús tríú tír atá ag déanamh iarratais ar aitheantas chun seirbhísí nótaire nó lárnacha cothabhála a chur ar fáil i scríbhinn cinneadh lán-réasúnaithe ina sonrófar cé acu a deonaíodh an t‑aitheantas nó a diúltaíodh é laistigh de shé mhí ón dáta deiridh sin idir an tráth a chuirfidh an Coimisiún iarratas iomlán isteach agus an tráth a ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéiseachta.

    Le hAirteagal 1(23) leasaítear Airteagal 69(4) de CSDR trí dháta deiridh a thabhairt isteach don chlásal marthanachta do thaisclanna lárnacha urrús AE agus tríú tír araon. Go sonrach, leasaítear Airteagal 69(4) le pointe (a) trína leagan amach go mbeidh an dáta deiridh don chlásal marthanachta le haghaidh Taisclanna Lárnacha Urrús AE aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Le pointe (b) tugtar isteach mír 4a nua ina leagtar amach dáta deiridh don chlásal marthanachta le haghaidh taisclanna lárnacha urrús tríú tír, a mhairfidh trí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i ngeall ar na próisis choibhéiseachta agus aitheantais. Ina theannta sin, beidh sé de cheangal ar thaisclanna lárnacha urrús tríú tír a bhaineann tairbhe as an gclásal marthanachta fógra a chur faoi bhráid ÚEUM nuair a bheidh seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí á dtairiscint acu maidir le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an easpa faisnéise ina leith sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon. Le pointe (b) tugtar de chumhacht do ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú maidir le sonrú na faisnéise a chuirfidh TLU tríú tír ar fáil do ÚEUM san fhógra sin, sonraítear leis go mbeidh an fhaisnéis sin teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus tugtar liosta samplaí ann. Ar an gcaoi chéanna, tugtar isteach ceanglas maidir le fógra a thabhairt i gcás TLUnna tríú tír a thairg seirbhísí socraíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    5.2.7 Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

    Ar an gcéad dul síos, leasaítear le hAirteagal 1(13) Airteagal 40(2) de CSDR agus le pointe (a) d’Airteagal 1(17) leasaítear pointe (b) d’Airteagal 54(2) de CSDR chun an fhéidearthacht a thabhairt isteach do thaisclanna lárnacha urrús a bhfuil údarú acu seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na seirbhísí sin a sholáthar do thaisclanna lárnacha urrús nach bhfuil an t‑údarú sin faighte acu agus nach féidir leo, dá bhrí sin, socraíocht a dhéanamh in airgeadraí sonracha os cionn méideanna áirithe i gcás nach mbíonn teacht acu ar an mbanc ceannais ábhartha.

    Le pointe (b) d’Airteagal 1(17) leasaítear an fhoclaíocht réamhráiteach i mír 4, agus ar an gcaoi sin cuirtear ar chumas taisclanna lárnacha urrús soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a lorg, ní hamháin ó institiúidí creidmheasa ainmnithe ach ó thaisclanna lárnacha urrús eile freisin atá údaraithe chun seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil de bhun Airteagal 54(3), beag beann ar na taisclanna lárnacha urrús sin a bheith ina gcuid den ghrúpa corparáideach céanna nó gan a bheith. I ndáil leis sin, le pointe (b) d’Airteagal 1(17) scriostar pointe (c) d’Airteagal 54(4) de CSDR, agus ar an gcaoi sin cuirtear deireadh leis an toirmeasc nach féidir le hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe príomhsheirbhísí TLU a thairiscint.

    Ar an dara dul síos, le pointe (c) d’Airteagal 1(17) leasaítear Airteagal 54(5) de CSDR lenar soláthraíodh tairseach shonrach in CSDR faoina bhféadfadh taisclanna lárnacha urrús institiúid chreidmheasa a úsáid le haghaidh seirbhísí baincéireachta. D’fhonn an tairseach sin a chalabrú go leordhóthanach agus d’fhonn rioscaí airgeadais a bhainistiú, tugtar isteach le pointe (d) d’Airteagal 1(17) sainordú do ÚBE, i gcomhar le CEBC agus ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún, lena socrófar tairseach iomchuí ar faoina bun is féidir le hinstitiúidí creidmheasa seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, lena n‑áirítear bainistíocht riosca ábhartha agus caighdeáin stuamachta, chun rioscaí féideartha a mhaolú ón tairseach a leasú.

    Ar deireadh, le hAirteagal 1(19) leasaítear Airteagal 59(4) de CSDR chun ceanglais stuamachta leordhóthanacha a áirithiú, comhsheasmhacht le reachtaíocht eile is infheidhme a áirithiú nó ceanglais áirithe a dhéanamh níos follasaí chun comhsheasmhacht maoirseachta a áirithiú nó roinnt saincheisteanna níos lú a shonrú i réimse an bhainistithe riosca. Chuige sin pointe (a):

    (a)leasaítear leis pointe (c) d’Airteagal 59(4) agus é á chur in iúl go follasach agus é á thabhairt i gcomhréir leis na caighdeáin rialála atá ann cheana gur cheart acmhainní leachtacha cáilitheacha a choinneáil i gcás struis leachtachta seachas acmhainní leachtacha agus ba cheart go mbreithneofaí an dá rannpháirtí is mó seachas díreach an ceann is mó sa chás struis.

    (b)leasaítear leis pointe (d) d’Airteagal 59(4) lena soiléirítear gur cheart acmhainní leachtacha cáilitheacha a choinneáil le haghaidh na nairgeadraí ábhartha seachas le haghaidh na nairgeadraí uile.

    (c)leasaítear leis pointe (e) d’Airteagal 59(4), lena soiléirítear gur cheart go mbeadh socruithe cistiúcháin réamhshocraithe an-iontaofa i gcás go núsáidtear iad. Cuirtear in iúl go soiléir freisin, nuair a úsáidtear socruithe comhchosúla le socruithe geallta, gur cheart iad sin a choimeád de réir an chaighdeáin chéanna atá an-iontaofa agus a choimeádtar le hinstitiúidí creidmheasa inchairde amháin.

    (d)leasaítear leis pointe (i) d’Airteagal 59(4) lena soiléirítear gur féidir le taisclann lárnach urrús comhshó go hairgead tirim, seachas ‘leachtú’, aon chomhthaobhacht a chuireann an cliant mainneachtana ar fáil, agus, i gcás ina núsáidfear socruithe neamhgheallta, gur cheart go mbeadh TLU in ann a shuí gur sainaithníodh agus gur maolaíodh aon riosca gaolmhar a d’fhéadfadh a bheith ann. Is é an cuspóir atá ann socruithe gan gealltanas a cheadú ar an gcoinníoll go bhfuil creat cuimsitheach i bhfeidhm.

    (e)cuirtear isteach pointe (k) nua in Airteagal 59(4) chun a shoiléiriú gur cheart do thaisclanna lárnacha urrús rioscaí ábhartha a chumhdach ina gcreataí bainistíochta riosca agus stuamachta, lena náirítear socruithe ábhartha glanluachála. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go ndéanfaidh taisclanna lárnacha urrús bainistiú mar is ceart ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta i ndáil le socruithe glanluachála. Ba cheart an ceanglas sin a shoiléiriú tuilleadh sna caighdeáin theicniúla rialála atá ann cheana agus ar fhorbair ÚBE iad i gcomhréir le hAirteagal 59(5).

    5.2.8 Ceanglais agus naisc eagraíochtúla

    Le pointe (a) d’Airteagal 1(4) cuirtear isteach fomhír nua in Airteagal 17(2) de thaisclann lárnach urrús ionas gur féidir le húdarás inniúil, i gcás nach gcomhlíonann taisclann lárnach urrús is iarratasóir ceanglais uile CSDR tráth an iarratais ach inar féidir glacadh leis go réasúnta go ndéanfaidh sí amhlaidh nuair a sheolfaidh sí a cuid gníomhaíochtaí, an t‑údarú a dheonú don taisclann lárnach urrús sin faoi réir an choinníll go mbeidh na socruithe uile is gá i bhfeidhm ag an taisclann lárnach urrús chun cloí leis an Rialachán maidir le taisclanna lárnacha urrús nuair a bheidh a gníomhaíochtaí á seoladh aici.

    Le hAirteagal 1(11) cuirtear isteach mír 3a nua in Airteagal 27 de CSDR chun brí an téarma ‘comhalta neamhspleách den chomhlacht bainistíochta’ a shoiléiriú i gcomhthéacs an airteagail sin.

    Le hAirteagal 1(12) leasaítear mír 3 d’Airteagal 28 de CSDR d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le léirmhíniú choincheap ‘leibhéal na seirbhíse’, trí liosta samplaí de na topaicí ar cheart dó a chumhdach a chur leis.

    Leasaítear Airteagal 36 de CSDR le hAirteagal 1(32) d’fhonn a shoiléiriú ní hamháin gur cheart do thaisclanna lárnacha urrús na rioscaí a bhaineann le cumhdach agus socraíocht idirbheart urrús a laghdú, ach gur cheart go bhféachfaidís leis na rioscaí sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, cuirtear an téarma ‘íoslaghdú’ in ionad an téarma ‘laghdú’.

    Le hAirteagal 1(16) leasaítear Airteagal 52(1) de CSDR chun a áirithiú nach gcuirfidh taisclann lárnach urrús is faighteoir moill gan ghá ar oibriú naisc údaraithe. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a chur ar an taisclann lárnach urrús is faighteoir an nasc a chur chun feidhme laistigh de 12 mhí.

    5.2.9 Tuarascálacha ÚEUM

    Le hAirteagal 1(24) tugtar isteach athruithe ar Airteagal 74 de CSDR d’fhonn tréimhsiúlacht na dtuarascálacha a chuirfidh ÚEUM faoi bhráid an Choimisiúin a oiriúnú níos fearr.

    2022/0074 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 144 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 35 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 36 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Foilsíodh Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 28 Lúnasa 2014, agus tháinig sé i bhfeidhm an 17 Meán Fómhair 2014. Déantar caighdeánú leis ar na ceanglais maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na dtaisclann lárnach urrús (TLUnna) chun socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn. Leis an Rialachán sin tugadh isteach tréimhsí socraíochta níos giorra, bearta araíonachta socraíochta, diancheanglais eagraíochtúla, diancheanglais déanta gnó, agus diancheanglais stuamachta le haghaidh TLUnna, ceanglais mhéadaithe stuamachta agus maoirseachta le haghaidh TLUnna agus institiúidí eile a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta a thacaíonn le socraíocht urrús, agus córas lena gceadaítear do TLUnna údaraithe a gcuid seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais.

    (1)Tá simpliú na gceanglas i réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin (REFIT) ina gcuirtear i dtábhacht an gá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla, agus é mar aidhm dó go háirithe ualaí riaracháin agus rialála a laghdú.

    (2)Is eilimintí riachtanacha iad bonneagair iarthrádála éifeachtúla athléimneacha le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil atá dea-fheidhmiúil agus cuireann siad le dlús na niarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin. Ar an gcúis sin, i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil ón gCoimisiún a glacadh in 2020 38 bhí athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar áireamh ann mar cheann dá phríomh-ghníomhaíochtaí.

    (3)In 2019, rinne an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. Fuair an Coimisiún ionchur freisin ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ÚEUM’) agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (‘CEBC’). De thoradh na gcomhairliúchán ba chosúil go dtacaíonn na páirtithe leasmhara le cuspóirí an Rialacháin sin, agus go measann siad go bhfuil siad ábhartha, i.e. socraíocht ionstraimí airgeadais atá sábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn, agus nár ghá aon mhórathrú ó bhonn. An 1 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin 39 i gcomhréir le hAirteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. Cé nach bhfuil forálacha uile an Rialacháin sin go hiomlán infheidhme go fóill, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí inar gá dul i mbun gníomhaíocht spriocdhírithe chun a áirithiú go mbaintear amach a chuid cuspóirí ar bhealach níos comhréirí, éifeachtúla agus éifeachtaí.

    (4)Tá Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tar éis rialacha a thabhairt isteach maidir le haraíonacht socraíochta chun teipeanna ó thaobh socraíochtaí idirbheart urrús a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, agus dá bhrí sin chun sábháilteacht socraíochtaí idirbheart a áirithiú. Ar rialacha den sórt sin áirítear go háirithe ceanglais tuairiscithe, córas pionós airgid agus ceannaigh isteach shainordaitheacha. Dainneoin easpa taithí a bheith ann ar na rialacha sin a chur i bhfeidhm, tá forbairt agus sonrú an chreata i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 40 ón gCoimisiún tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile tuiscint níos fearr a fháil ar an gcóras agus ar na dúshláin a d’fhéadfadh eascairt as a chur i bhfeidhm. Maidir leis sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na bpionós airgid agus na gceannach isteach sainordaitheach a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE)Uimh. 909/2014, go háirithe trí na catagóirí idirbheart atá eisiata a shonrú. Ba cheart go gcumhdófaí le heisiaimh den sórt sin, go háirithe, idirbhearta a theip ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe agus idirbhearta nach mbaineann beirt pháirtithe trádála leo, ar ina leith nach mbeadh sé indéanta na pionóis airgid ná na ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur i bhfeidhm nó a d’fhéadfadh iarmhairtí dochracha a bheith mar thoradh orthu, amhail idirbhearta áirithe ón bpríomh-mhargadh, gníomhaíochtaí corparáideacha, atheagruithe, aonaid chiste a chruthú agus a fhuascailt agus athailínithe. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 trí shonrú breise a dhéanamh ar mhionsonraí eisiaimh den sórt sin trí bhíthin gníomh tarmligthe.

    (5)Is é cuspóir uileghabhálach an chórais araíonachta socraíochta feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochtaí laistigh den Aontas. Mhéadaigh an luaineacht sa mhargadh in 2020, áfach, ar an imní a bhí ann i dtaobh éifeachtaí diúltacha féideartha na rialacha maidir le ceannaigh isteach shainordaitheacha, le linn dálaí margaidh normálta agus anáis araon. Dá bhrí sin ba cheart do chur i bhfeidhm na rialacha sin a bheith faoi réir measúnú ag an gCoimisiún maidir lena iomchuibheas i bhfianaise éabhlóid na héifeachtúlachta socraíochtaí san Aontas. Ba cheart, áfach, go leanfadh pionós airgid agus ceanglais tuairiscithe d’fheidhm a bheith acu d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn acu maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta san Aontas. I bhfianaise na dtionchar féideartha a bhaineann le rialacha ceannach isteach sainordaitheach, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha den sórt sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe, eadhon i gcás nár tháinig laghdú leanúnach fadtéarmach ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar phionóis airgid a chur i bhfeidhm, i gcás nach bhfuil leibhéil iomchuí bainte amach ag an éifeachtúlacht socraíochta san Aontas i bhfianaise na staide i margaí caipitil tríú tír atá inchomórtais i dtéarmaí méide, leachtachta agus i dtéarmaí ionstraimí a thrádáiltear agus cineálacha idirbheart a fhorghníomhaítear ar mhargaí den sórt sin chomh maith, nó i gcás ina bhfuil nó inar dócha go mbeidh tionchar diúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil aon cheann de na coinníollacha sin comhlíonta agus go bhfuil cur i bhfeidhm ceannach isteach sainordaitheach comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear na hionstraimí airgeadais nó na catagóirí idirbheart maidir lenar cheart go dtosódh feidhm a bheith ag na rialacha maidir le ceannaigh isteach shainordaitheacha. Ba cheart na pionóis airgid dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ríomh ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a mainnítear idirbheart a shocrú go dtí deireadh an phróisis ceannach isteach dá dtagraítear nó go dtí lá na socraíochta iarbhír, cibé acu is túisce.

    (6)Chun an iliomad ceannach isteach a sheachaint i leith na hionstraime airgeadais céanna feadh slabhra contrapháirtithe, rud a d’fhéadfadh costais neamhriachtanacha dhúblacha a chruthú agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leachtacht na hionstraime airgeadais, ba cheart go mbeadh sásra ‘cur ar aghaidh’ ar fáil do rannpháirtithe in idirbhearta den sórt sin. Ba cheart a cheadú do gach rannpháirtí sa slabhra idirbheart fógra ceannach isteach a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a theipeann ina leith go dtí go mbaineann sé amach an rannpháirtí bunaidh a dteipfidh air.

    (7)Le ceannaigh isteach shainordaitheacha agus próisis cúitimh airgid ceadaítear go níocfaidh an díoltóir an difríocht idir an praghas ceannach isteach agus an bun-phraghas trádála leis an gceannaitheoir i gcás inarb airde praghas tagartha sin an cheannach isteach nó an chúitimh airgid ná an bun-phraghas trádála, agus sa chás sin amháin. Maidir leis an neamhshiméadracht atá ann ó thaobh íocaíocht na difríochta, d’fhéadfadh sí réiteach míchothrom a chruthú a rachadh chun tairbhe go míchuí don cheannaitheoir i gcás inarb airde an praghas ceannach isteach nó tagartha ná an bun-phraghas trádála. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm sa dá threo ag íocaíocht na difríochta idir an praghas ceannach isteach agus an bunphraghas trádála chun a áirithiú go dtabharfar ar ais na páirtithe trádála chuig na téarmaí eacnamaíocha, amhail is dá mbeadh an tidirbheart bunaidh tar éis tarlú.

    (8)Níor cheart feidhm a bheith ag an gcóras araíonachta socraíochta a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le rannpháirtí a dteipfidh air agus atá ina chontrapháirtí lárnach (‘CPL’) mar a sainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 . Mar sin féin, maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ag CPL nuair nach nidirchuireann sé é féin idir contrapháirtithe, amhail úsáid cheadaithe chomhthaobhachta chun críocha infheistíochta, ba cheart do CPL a bheith faoi réir an chórais araíonachta socraíochta cosúil le haon rannpháirtí eile.

    (9)I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceannaigh isteach shainordaitheacha, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a gcur i bhfeidhm a fhionraí go sealadach in imthosca eisceachtúla áirithe. Ba cheart go bhféadfaí fionraí den sórt sin a dhéanamh le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Ba cheart fionraí den sórt sin a bheith comhréireach leis na cuspóirí sin.

    (10)Ba cheart comhthéacs na rátaí diúltacha úis a chur san áireamh sa ghníomh tarmligthe le haghaidh na pionóis airgid a ríomh chun éifeachtaí neamhbheartaithe a sheachaint ar an rannpháirtí nach bhfuil ag cliseadh trí dheireadh a chur le haon dreasachtaí díobhálacha chun teipe a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtimpeallacht ina bhfuil rátaí úis ísle nó diúltacha.

    (11)Ba cheart do ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála a ullmhú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáín theicniúla rialála atá ann cheana chun na hathruithe arna ndéanamh le Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014 a chur san áireamh chun é a chur ar a chumas don Choimisiún na coigeartuithe nó leasuithe is gá a dhéanamh d'fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar amach i gcaighdeán teicniúil rialála den sórt sin, amhail na coinníollacha faoinar féidir le rannpháirtithe a gcuid ceannach isteach féin a fhorghníomhú.

    (12)I gcás nach ndéanann taisclann lárnach urrús (TLU) gníomhaíocht socraíochta roimh thús an phróisis údarúcháin, maidir leis na critéir lena gcinntear cé na húdaráis ábhartha gur cheart a bheith bainteach le próiseas údarúcháin den sórt sin, ba cheart dóibh an ghníomhaíocht socraíochta lena bhfuiltear ag coinne a chur san áireamh chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh tuairimí na núdarás ábhartha uile a d’fhéadfadh spéis a chur i ngníomhaíochtaí an TLU sin.

    (13)Cé go gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar mhaoirseoirí náisiúnta comhoibriú le húdaráis ábhartha agus iad a rannpháirtiú, ní cheanglaítear ar mhaoirseoirí náisiúnta na húdaráis ábhartha sin a chur ar an eolas faoinar cuireadh agus faoi conas a cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh i dtoradh an phróisis údarúcháin agus faoinar sainaithníodh saincheisteanna breise le linn athbhreithnithe agus meastóireachtaí bliantúla. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh na húdaráis ábhartha in ann tuairimí réasúnaithe a eisiúint maidir le húdarú TLUnna agus maidir leis an bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla tuairimí den sórt sin a chur san áireamh nó a mhíniú i dtuairim réasúnaithe an fáth nár leanadh tuairimí den sórt sin.

    (14)Is gá do na húdaráis inniúla athbhreithnithe agus meastóireachtaí rialta a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí iomchuí de bheith ar bun ag TLUnna chun meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil an TLU, nó a d’fhéadfadh sé a bheith, neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar fheidhmiú rianúil na margaí urrús. Léiríodh le taithí, áfach, go mbaineann ualach díréireach le hathbhreithnithe agus meastóireachtaí bliantúla le haghaidh TLUnna agus údaráis inniúla araon agus gur teoranta an tairbhe a bhaintear dá mbarr. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhsiúlacht a shocrú atá calabraithe ar bhealach níos iomchuí chun an tualach sin a mhaolú agus chun dúbláil faisnéise ó athbhreithniú go chéile a sheachaint. Níor cheart, áfach, an bonn a bhaint d’inniúlachtaí maoirseachta na núdarás inniúil agus de na cuspóirí lena ndéantar an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

    (15)Ba cheart do TLU a bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar chásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach agus chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil. Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tugadh isteach ceanglais ina leith sin, lena bhforáiltear go háirithe go bhfuil údarás inniúil chun a cheangal ar TLU plean leormhaith téarnaimh a chur isteach agus go bhfuil sé chun a áirithiú go ndéantar plean leormhaith réitigh a bhunú agus a chothabháil i gcás gach TLU. Ní ann faoi láthair, áfach, do chóras comhchuibhithe réitigh ar a bhféadfaí plean réitigh a bhunú. Cé go dtagann TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar faoi raon feidhme Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , níl forálacha sonracha ann le haghaidh TLUnna nach bhfuil údaraithe chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar agus dá bhrí sin ní mheastar gur institiúidí creidmheasa faoi Threoir 2014/59/AE iad ar an bhfuil oibleagáid chun pleananna téarnaimh agus réitigh a bheith ar bun acu. Dá bhrí sin ba cheart soiléirithe a thabhairt isteach dfhonn ailíniú níos fearr a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le TLUnna agus lena gcuirtear san áireamh an easpa creata ón Aontais le haghaidh théarnamh agus réiteach gach TLU.

    (16)I gcás ina ndéanann TLU nua iarratas ar údarú agus nach féidir comhlíonadh ceanglas áirithe a mheasúnú mar gheall nach bhfuil TLU ag obair go fóill, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann an túdarú a dheonú faoi réir an choinníll go gcomhlíontar na ceanglais sin nuair a sheolann TLU a chuid gníomhaíochtaí go héifeachtach.

    (17)Maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le TLUnna ag soláthar seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit seachas Ballstáit a údaraithe, is léir go mbaineann ualach leis an nós imeachta sin agus tá cuid dá cheanglais míshoiléir. Mar thoradh air sin bíonn ar TLUnna dul trí phróisis atá as cuimse costasach agus fadálach. Ba cheart dá bhrí sin an nós imeachta a shimpliú chun na bacainní ar shocraíocht trasteorann a dhíchur ar bhealach níos fearr chun go mbainfidh TLUnna tairbhe iomlán as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas.

    (18)Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear go bhfaighfí comhoibriú ó údaráis ar spéis leo oibríochtaí TLUnna a thairgeann seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais a eisítear faoin dlí de chuid níos mó ná Ballstát amháin. Mar sin féin, tá na socruithe maoirseachta ilroinnte i gcónaí agus féadann difríochtaí eascairt astu maidir le leithroinnt agus cineál na gcumhachtaí maoirseachta ag brath ar an TLU lena mbaineann. Dá réir sin cruthaítear bacainní ar sholáthar trasteorann seirbhísí TLU san Aontas, buanaítear na neamhéifeachtúlachtaí atá fanta i margadh socraíochta an Aontais, agus bíonn tionchair dhiúltacha ar chobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais. Dainneoin na féidearthachta chun coláistí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 24(4) den Rialachán sin, is ar éigean atáthar tar éis an rogha sin a úsáid. Chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis inniúla comhordú éifeachtach éifeachtúil ar an maoirseacht, ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le coláistí sainordaitheacha a bhunú in dhá chás. Ar an gcéad dul síos, le haghaidh TLUnna a thairgeann seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí i ndáil le hionstraimí airgeadais a eisítear faoin dlí de chuid níos mó ná Ballstát amháin (coláistí an nós imeachta pas) agus ar an dara dul síos le haghaidh TLUnna a bhaineann leis an ngrúpa céanna (na ‘coláistí grúp-leibhéil’). Chun laghdú a chur ar an ualach riaracháin ar na húdaráis atá rannpháirteach i gcoláistí, ba cheart do chathaoirleach an choláiste sin a bheith in ann a chinneadh nach bhfuil ach coláiste amháin bunaithe don TLU sin. I gcás ina soláthraíonn TLUnna eile sa ghrúpa seirbhísí trasteorann freisin, níor cheart do chathaoirleach an choláiste sin a bheith in ann an cinneadh sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtoilíonn údaráis na dTaisclann Lárnach Urrús eile sin leis. Sa chás sin, ní bheadh ann ach coláiste amháin le haghaidh gach TLU laistigh den ghrúpa sin a d’fheidhmeodh na cúraimí a shanntar do choláistí an nós imeachta pas agus do choláistí grúp-leibhéil. Ba cheart do choláistí den sórt sin a áirithiú go roinntear faisnéis a bhaineann le TLUnna lena mbaineann.

    (19)Ar roinnt cúiseanna, tá faisnéis theoranta faoi láthair ag ÚEUM agus údaráis inniúla maidir leis na seirbhísí a thairgeann TLUnna atá bunaithe i dtríú tír i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar chur i bhfeidhm iarchurtha ceanglas aitheantais, gan dáta deiridh, le haghaidh TLUnna tríú tír a sholáthair seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí san Aontas cheana roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 de bhun Airteagal 69(4) den Rialachán sin. Ar an dara dul síos, toisc i gcás nach soláthraíonn TLU tríú tír ach an tseirbhís socraíochta, nach mbíonn sé faoi réir ceanglais aitheantais. Ar deireadh, ó tharla nach gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar TLUnna atá bunaithe i dtríú tír fógra a thabhairt d’údaráis an Aontais faoina gcuid gníomhaíochtaí i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Bhallstáit. Mar gheall ar an easpa faisnéise sin, ní bheadh eisitheoirí ná údaráis phoiblí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, in ann measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na dTaisclann Lárnach Urrús sin san Aontas más gá. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar TLUnna atá bunaithe i dtríú tír údaráis an Aontais a chur ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit.

    (20)Le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear ar TLU comhlacht bainistíochta a bheith aige a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, ach líon nach lú ná beirt díobh, ina gcomhaltaí neamhspleácha. Mar sin féin, d’fhéadfadh coincheap an neamhspleáchais a bheith faoi réir léirithe éagsúla agus ba cheart dá bhrí sin é a shoiléiriú, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘comhaltaí neamhspleácha’ faoi Airteagal 2(28) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    (21)Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir le léiriú na bpríomh-shaincheisteanna ar ina leith ba cheart do choistí úsáideoirí comhairle a thabhairt don chomhlacht bainistíochta, ba cheart soiléiriú breise a thabhairt maidir leis na heilimintí atá ar áireamh sa ‘leibhéal seirbhíse’.

    (22)I bhfianaise an róil lárnaigh a bhíonn acu maidir le sábháilteacht na nidirbheart, ba cheart do TLUnna ní hamháin laghdú a chur ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú, ach ba cheart dóibh féachaint leis na rioscaí sin a íoslaghdú.

    (23)In imthosca áirithe, féadfar urrús a chomhdhéanamh faoin dlí náisiúnta corparáideach nó faoi dhlíthe comhchosúla de chuid dhá Bhallstát éagsúla. Is amhlaidh atá an cás go hairithe le haghaidh urrúis fiachais i gcás ina bhfuil an teisitheoir bunaithe i mBallstát amháin agus ina bhféadfar na hurrúis a eisiúint faoin dlí de chuid Ballstáit eile. I gcás den sórt sin, ba cheart go leanfadh dlíthe náisiúnta corparáideacha nó dlíthe comhchosúla d’fheidhm a bheith acu.

    (24)Maidir le heisitheoirí a shocraíonn go ndéanfar a gcuid urrús a thaifeadadh in TLU atá bunaithe i mBallstát eile, chun a áirithiú gur féidir leo comhlíonadh a dhéanamh ar na forálacha ábhartha sa dlí corparáideach nó i ndlí comhchosúil de chuid Ballstáit den sórt sin, ba cheart do Bhallstáit nuashonrú a dhéanamh go tráthrialta ar an liosta de phríomh-fhorálacha ábhartha náisiúnta den sórt sin arna fhoilsiú ag ÚEUM.

    (25)Chun rioscaí socraíochta i ngeall ar dhócmhainneacht an ghníomhaire socraíochta a sheachaint, ba cheart do TLU an ghné airgid den urrús a shocrú trí chuntais a osclaítear le banc ceannais, tráth ar bith a bheidh an rogha sin praiticiúil agus ar fáil. I gcás nach bhfuil an rogha sin praiticiúil agus ar fáil, lena náirítear i gcás nach gcomhlíonann TLU na coinníollacha i dtaobh rochtain a fháil ar bhanc ceannais seachas banc ceannais a Bhallstáit baile, ba cheart don TLU sin a bheith in ann an ghné airgid d’idirbhearta in airgeadraí eachtracha a shocrú trí chuntais a osclaítear le hinstitiúidí atá údaraithe chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014. B’fhearrde éifeachtacht an mhargaidh socraíochta feabhas a chur ar na féidearthachtaí a bheadh ann do TLUnna socraíocht a sholáthar in airgeadraí eachtracha trí úsáid a bhaint as cuntais a osclaítear le hinstitiúidí atá údaraithe chun seirbhísí baincéireachta a sholáthar, laistigh de theorainneacha iomchuí riosca, dfhonn margaí caipitil a dhoimhniú agus socraíocht trasteorann a fheabhsú. Chun na críche sin, TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar ina leith a dhéantar faireachán ar na rioscaí ábhartha cheana, ba cheart dóibh a bheith in ann seirbhísí den sórt sin a thairiscint do TLUnna nach sealbhaíonn ceadúnas den sórt sin, gan beann ar na Taisclanna Lárnacha Urrús gan cheadúnas sin a bheith mar chuid den ghrúpa céanna cuideachtaí.

    (26)Maidir le TLUnna nach bhfuil údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, ba cheart dóibh a bheith in ann, laistigh de theorainn riosca atá socraithe go hiomchuí, méid leordhóthanach de shocraíocht airgeadra eachtraigh a thairiscint trí chuntais a osclaítear le hinstitiúidí creidmheasa nó trína chuntas féin. Maidir leis an tairseach faoinar féidir le TLU institiúid chreidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh agus gan é a bheith de cheangal TLU comhlíonadh a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart é a chalabrú ar bhealach a chuireann chun cinn éifeachtúlacht socraíochta agus úsáid seirbhísí coimhdeacha baincéireachta agus ar an am céanna cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Mar chomhlacht ag a bhfuil saineolas speisialaithe maidir le cúrsaí baincéireachta agus cúrsaí riosca creidmheasa, ba cheart cúram a chur ar ÚBE i ndáil le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena socrófar na tairseacha iomchuí agus, más gá, aon cheanglais maolaithe riosca. Ba cheart do ÚBE comhoibriú go dlúth freisin le comhaltaí CECB agus le ÚEUM. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin rialála theicniúla a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na heilimintí mionsonraithe den chinneadh i ndáil le soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, na sonraí tionlacain maidir leis na ceanglais bainistithe riosca agus na ceanglais chaipitil le haghaidh TLUnna agus na ceanglais stuamachta maidir le rioscaí creidmheasa agus leachtachta le haghaidh TLUnna agus institiúidí creidmheasa ainmnithe atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

    (27)Ba cheart do TLUnna, lena náirítear TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, agus ba cheart d’institiúidí creidmheasa ainmnithe rioscaí ábhartha a chumhdach ina gcuid creataí bainistithe riosca agus stuamachta, lena náirítear socruithe glanluachála. Ar na huirlisí chun na rioscaí sin a chumhdach ba cheart go náiritheofaí acmhainní leordhóthanacha cáilitheacha leachtacha i ngach airgeadra ábhartha agus go mbíonn na cásanna struis láidir go leor. Ba cheart do TLUnna a áirithiú freisin go ndéanfar na rioscaí comhfhreagracha leachtachta a bhainistiú agus a chumhdach trí shocruithe cistithe ard-iontaofa le hinstitiúidí inchairde, cibé acu atá nó nach bhfuil na socruithe sin tiomanta nó a bhaineann iontaofacht chomhchosúil leo. Ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a dréachtú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáín theicniúla rialála atá ann cheana chun na hathruithe sin ar na ceanglais stuamachta a chur san áireamh, chun é a chur ar a chumas don Choimisiún na leasuithe is gá a dhéanamh dfhonn soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar amach i gcaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin, amhail na ceanglais sin a bhaineann le heasnaimh fhéideartha leachtachta a bhainistiú.

    (28)Maidir le tréimhse nach bhfuil inti ach 1 mhí a bheith ag údaráis ábhartha agus údaráis inniúla chun tuairim réasúnaithe a eisiúint ar an údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, is léir go bhfuil tréimhse den sórt sin ró-ghearr chun go mbeadh na húdaráis sin in ann anailís a bhfuil bunús léi a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse níos faide a mhaireann 2 mhí a leagan síos.

    (29)D’fhonn dóthain ama a thabhairt do TLUnna atá bunaithe san Aontas nó i tríú tíortha chun iarratas a dhéanamh ar údarú agus aitheantas i leith a gcuid gníomhaíochtaí, rinneadh dáta chur i bhfeidhm na gceanglas údaraithe agus aitheantais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a iarchur i dtosach go dtí go raibh cinneadh údaraithe agus aitheantais déanta de bhun an Rialacháin sin. Tá dóthain ama caite ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart go dtosódh na ceanglais sin ar fheidhm a bheith acu chun, ar thaobh amháin, cothrom na Féinne áirithiú i measc na dTaisclann Lárnach Urrús uile a thairgeann seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit, agus, ar an taobh eile, chun a áirithiú go mbeidh ag údaráis, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, an fhaisnéis is gá chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcobhsaíocht airgeadais.

    (30)Faoi láthair, le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear ar ÚEUM tuarascálacha bliantúla a ullmhú ar 12 thopaic, i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta agus ÚBE, agus na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tá an ceanglas sin díréireach i bhfianaise an chineáil atá ag roinnt le topaicí áirithe nach gá nuashonrú bliantúil a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart athchalabrú a dhéanamh ar mhinicíocht agus líon na dtuarascálacha sin chun an tualach ar ÚEUM agus ar údaráis inniúla a laghdú agus chun a áirithiú go soláthraítear don Choimisiún an fhaisnéis is gá dó chun cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a athbhreithniú.

    (31)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú dá réir.

    (32)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun go sonrófar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag teipeanna, i gcomhthéacs rátaí úis diúltacha, ar na contrapháirtithe dá ndéantar difear i ndáil le pionóis airgid a ríomh nó lena ndreasachtaí díobhálacha chun teipe, na cúiseanna le teipeanna socraíochta atá le meas mar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart agus na hidirbhearta nach bhfuil le meas mar idirbhearta lena mbaineann beirt pháirtithe trádála, feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí, an fhaisnéis faoina bhfuil fógra le tabhairt ag TLUnna tríú tír; agus an tuasmhéid faoinar féidir le TLUnna aon institiúid chreidmheasa a úsáid chun íocaíochtaí airgid a shocrú.

    (33)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir cur chun feidhme agus fionraí ceanglas ceannach isteach, i gcás ina bhfuil feidhm acu sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 .

    (34)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon méadú a chur ar sholáthar socraíochta trasteorann ag TLUnna, ualach riaracháin agus costas comhlíontachta a laghdú agus a áirithiú go mbíonn faisnéis leordhóthanach ag údaráis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a scála agus a néifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (35)Maidir le cur i bhfeidhm raon feidhme athbhreithnithe na rialacha maidir le pionóis airgid, na ceanglais nua maidir le bunú coláistí maoirseoirí, cur isteach fógra ag TLUnna tríú tír faoi na croísheirbhísí a sholáthraíonn siad i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Bhallstáit, an tairseach athbhreithnithe faoinar féidir le hinstitiúidí creidmheasa tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh cuid de chóras socraíochta urrús an TLU, agus na ceanglais athbhreithnithe stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart iad a chur siar chun dóthain ama a chur ar fáil le haghaidh na gníomhartha tarmligthe riachtanacha a ghlacadh lena sonraítear ceanglais den sórt sin a thuilleadh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:

    (1) in Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe (25a) seo a leanas:

    ‘(25a) ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa de réir bhrí Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE;’;

    (2) Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    ‘Beidh ar áireamh sa sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír pionóis airgid le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (“rannpháirtithe a dteipfidh orthu”) ach amháin i gcás inarb éard is cúis leis na teipeanna socraíochta sin tosca nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart nó le haghaidh oibríochtaí nach mbaineann beirt pháirtithe trádála leo. Ríomhfar pionóis airgid ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a dteipfear ar idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta a beartaíodh dó go dtí deireadh an phróisis ceannach isteach dá dtagraítear i míreanna 3 go 8 agus atá le cur i bhfeidhm de bhun mhír 2a, nó go dtí lá na socraíochta iarbhír, cibé acu is túisce. Níor cheart na pionóis airgid a chumrú mar fhoinse ioncaim do TLU.’;

    (b)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a. Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus don cheart chun an t‑idirbheart a chealú go déthaobhach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cé na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó cé na catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin nach mbeidh feidhm ag na bearta araíonachta socraíochta dá dtagraítear i míreanna 3 go 8 den Airteagal seo maidir leo i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na bearta sin ina modhanna comhréireacha chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas agus, bunaithe ar líon agus méid na dteipeanna socraíochta, go bhfuil aon cheann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

    (a) níor tháinig laghdú fadtéarmach leanúnach ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an tsásra pionóis airgid dá dtagraítear i mír 2;

    (b) níor bhain éifeachtúlacht socraíochta san Aontas leibhéil iomchuí amach i bhfianaise na staide sna margaí caipitil tríú tír atá inchomórtais i dtéarmaí méide, leachtachta agus i dtéarmaí ionstraimí a thrádáiltear agus cineálacha idirbheart a fhorghníomhaítear ar mhargaí den sórt sin chomh maith;

    (c) bíonn nó is dócha go mbeidh tionchar diúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3. I gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 2a agus i gcás nár sholáthair rannpháirtí a dteipfidh air ionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme sin don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe (‘tréimhse sínithe’) atá cothrom le 4 lá gnó cuirfear tús le próiseas ceannach isteach i gcás ina mbeidh na hionstraimí sin ar fáil le haghaidh socraíochta agus go ndéanfar iad a sheachadadh chuig an rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse ama iomchuí.

    Má bhaineann an t‑idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádálfar ar mhargadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide, beidh 15 lá féilire sa tréimhse sínithe ach amháin má chinneann margadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.’

    (d)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    ‘3a. I gcás nach bhfaigheann rannpháirtí is faighteoir (an ‘rannpháirtí is faighteoir idirmheánach’) na hionstraimí airgeadais faoin dáta dá dtagraítear i mír 3 agus ina dteiptear mar thoradh air sin na hionstraimí airgeadais sin a sheachadadh ar aghaidh chuig rannpháirtí is faighteoir eile (an ‘rannpháirtí is faighteoir deiridh’), meastar go bhfuil an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach ag comhlíonadh na hoibleagáide chun ceannach isteach a fhorghníomhú in aghaidh an rannpháirtí a dteipfidh air i gcás ina bhforghníomhaíonn an rannpháirtí is faighteoir deiridh an ceannach isteach le haghaidh na n‑ionstraimí airgeadais sin. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach a chuid oibleagáidí i leith an rannpháirtí is faighteoir deiridh a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a dteipfidh air de bhun mhíreanna 6, 7 agus 8.’;

    (e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4. Gan dochar do mhír 3a, beidh feidhm ag na maoluithe seo a leanas ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 3:

    (a) ar bhonn an chineáil sócmhainne agus ar leachtacht na n‑ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse sínithe a mhéadú ó 4 lá gnó suas le 7 lá gnó ar a mhéid áit a mbeadh tionchar ag tréimhse sínithe níos giorra ar fheidhmiú ordúil réidh na margaí airgeadais lena mbaineann;

    (b) maidir le hoibríochtaí casta ina bhfuil roinnt mhaith idirbheart i gceist lena n‑áirítear comhaontuithe athcheannaigh urrús nó comhaontuithe iasachta, ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina mbeidh tréimhse ama na n‑oibríochtaí sin gearr go leor agus ina mbeidh an próiseas ceannach isteach neamhéifeachtach mar thoradh air sin;

    (c) i gcás teipeanna socraíochta a tharla ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe, ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 maidir leo;

    (d) i gcás idirbhearta nach mbaineann beirt pháirtithe trádála leo, ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 maidir leo.’;

    (f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6. Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2, i gcás ina mbeidh praghas na n‑ionstraimí airgeadais a comhaontaíodh tráth na trádála difriúil ón bpraghas a íocadh as an gceannach isteach a fheidhmiú, déanfaidh an rannpháirtí a bhaineann tairbhe as difríocht den sórt sin sa phraghas difríocht chomhfhreagrach a íoc leis an rannpháirtí eile tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na hionstraimí airgeadais a bheith curtha ar fáil i ndiaidh an cheannach isteach.’;

    (g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

    ‘11. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 9 maidir le rannpháirtithe a dteipfidh orthu atá ina CPLanna, ach amháin i gcás idirbhearta arna ndéanamh ag CPL nuair nach n‑idirchuireann sé é féin idir contrapháirtithe.

    Má thabhaíonn CPL caillteanais de bharr chur chun feidhme Airteagal 7(2), an tríú fomhír, féadfaidh CPL sásra a leagan síos ina chuid rialacha chun caillteanais den sórt sin a chumhdach.’;

    (h)cuirtear isteach an mhír 13a seo a leanas:

    ‘13a. Féadfaidh ÚEUM a mholadh go bhfionróidh an Choimisiún, ar bhealach comhréireach, an sásra ceannach isteach dá dtagraítear i míreanna 3 go 8 le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin. Ag gabháil le moladh den sórt sin beidh measúnú lánréasúnaithe ar an ngá atá leis agus ní dhéanfar é a phoibliú.

    Sula ndéanfaidh sé an moladh, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus CEBC.

    Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis an moladh a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a sholáthair ÚEUM, an sásra ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais a fhionraí trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, nó an fhionraí mholta a dhiúltú. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fhionraí a iarradh, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3).

    Cuirfear fionraí an tsásra ceannach isteach in iúl do ÚEUM agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

    Beidh fionraí an tsásra ceannach isteach bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 6 mhí ó dháta chur i bhfeidhm na fionraí sin.

    I gcás ina leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear sa tríú fomhír le haghaidh tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí, ach ní mhairfidh tréimhse iomlán na fionraí tréimhse níos faide ná 12 mhí. Déanfar síneadh ar bith a chuirtear leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse fionraí dá dtagraítear sa séú fomhír nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa seachtú fomhír, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu a leanann nó nach leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu.’;

    (i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    ‘14. Cumhachtófar an Coimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 lena sonraítear paraiméadair chun ríomh a dhéanamh ar leibhéal díspreagtha agus comhréireach le haghaidh na bpionós airgid dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo bunaithe ar chineál sócmhainne, leachtacht na hionstraime airgeadais, cineál idirbhirt agus ar an éifeacht a bheadh ag rátaí úis ísle nó diúltacha ar dhreasachtaí contrapháirtithe agus ar theipeanna. Leis na paraiméadair a úsáidfear chun pionóis airgid a ríomh áiritheofar ardleibhéal araíonachta socraíochta agus feidhmiú réidh agus ordúil na margaí airgeadais lena mbaineann;

    (j)cuirtear an mhír 14a seo a leanas isteach:

    ‘14a. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun forlíonadh a dhéanamh ar an Rialachán seo lena sonraítear na cúiseanna le teipeanna socraíochta atá le meas mar theipeanna nach bhfuil inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart agus na hidirbhearta nach bhfuil le meas mar idirbhearta lena mbaineann beirt pháirtithe trádála faoi mhír 2 agus mhír 4, pointí (c) agus (d), den Airteagal seo.’;

    (k)i mír 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (3) in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    ‘(b) na bainc cheannais san Aontais a eisíonn na hairgeadraí is ábhartha ina ndéantar nó ina ndéanfar socraíocht;

    (c) i gcás inarb ábhartha, an banc ceannais san Aontas arb ina chuid leabhar a shocraítear nó a shocrófar an ghné airgid den chóras socraíochta urrús a oibreoidh an TLU.’;

    (4) Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach gcomhlíonann TLU ceanglais uile an Rialacháin seo, ach i gcás ina bhféadfaí glacadh leis le réasún go ndéanfaidh sé amhlaidh nuair a bheidh a chuid gníomhaíochtaí seolta aige go hiarbhír, féadfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a dheonú faoi réir an choinníll go mbíonn na socruithe uile is gá ar bun ag TLU chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nuair a sheolann sé a chuid gníomhaíochtaí go hiarbhír.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4. Ón tráth a mheasfar go bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis go léir atá ar áireamh san iarratas chuig na húdaráis ábhartha agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na gnéithe den chóras socraíochta urrús a oibríonn TLU is iarratasóir.

    Féadfaidh gach údarás ábhartha tuairim réasúnaithe a eisiúint don údarás inniúil laistigh de 3 mhí tar éis don údarás ábhartha an fhaisnéis a fháil. I gcás nach soláthróidh údarás ábhartha tuairim laistigh den tréimhse ama sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

    I gcás ina n‑eisíonn ar a laghad ceann amháin de na húdaráis ábhartha tuairim réasúnaithe dhiúltach, déanfaidh an t‑údarás inniúil ar mian leis an t‑údarú a dheonú, laistigh de 30 lá féilire, cinneadh réasúnaithe ina dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a sholáthar do na húdaráis ábhartha.

    Más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don údarás inniúil an cinneadh réasúnaithe dá dtagraítear sa tríú fomhír a eisiúint, go n‑eisíonn aon cheann de na húdaráis ábhartha tuairim dhiúltach eile agus go n‑easaontaíonn an t‑údarás inniúil, cuirfidh sé an méid sin in iúl do na húdaráis ábhartha sin. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEUM le haghaidh cúnaimh faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    I gcás nach ndéanfar socrú faoin tsaincheist 30 lá féilire tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, glacfaidh an t‑údarás inniúil ar mian leis an t‑údarú a dheonú, an cinneadh deiridh agus cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar fáil i scríbhinn maidir lena chinneadh do na húdaráis ábhartha.

    I gcás inar mian leis an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an cheist a tharchur chuig ÚEUM.

    Sa tuairim dhiúltach sin luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.’;

    (c)cuirtear isteach an mhír 7a seo a leanas:

    ‘7a. Déanfaidh an t‑údarás inniúil torthaí an phróisis údaraithe, lena n‑áirítear aon ghníomhaíocht leasúcháin, a chur in iúl gan moill mhíchuí do na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle de bhun mhíreanna 4 go 7.’;

    (5) in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena n‑áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás údarú dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar. Áireofar ar nósanna imeachta den sórt sin aistriú na gcuntas eisiúna agus na dtaifead atá bainteach le soláthar na gcroísheirbhísí dá dtagraítear in Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn sin.’;

    (6) Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:

    ‘1. Déanfaidh an t‑údarás inniúil, gach 2 bhliain ar ar a laghad, athbhreithniú ar na socruithe, ar na straitéisí, ar na próisis agus ar na sásraí a bheidh curtha chun feidhme ag TLU maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a mbeidh TLU nó a bhféadfadh TLU a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthaíonn TLU le haghaidh feidhmiú rianúil na margaí urrús nó cobhsaíocht na margaí airgeadais.

    2. Sainaithneoidh TLU cásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil. Cuirfidh na cásanna sin san áireamh na rioscaí éagsúla neamhspleácha agus gaolmhara ar ina leith a bhíonn TLU ar neamhchosaint. Ag úsáid na hanailíse sin, ullmhóidh TLU agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil pleananna iomchuí le haghaidh a théarnaimh nó a fhoirceannta ordúil.

    3. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh sna pleananna dá dtagraítear i mír 2:

    (a) achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh nó foirceannta ordúil;

    (b) sainaithint oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla an TLU;

    (c) nósanna imeachta leormhaithe lena n‑áirithítear go ndéantar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás inar éirigh sé dodhéanta go buan ag TLU a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí a athbhunú;

    (d) tuairisc ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme.

    Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na pleananna a chur chun feidhme ar bhonn tráthúil le linn cásanna struis, beidh sé de chumas ag TLU an fhaisnéis sin a shainaithint agus a sholáthar d’eintitis ghaolmhara.

    Déanfaidh TLU na pleananna a athbhreithniú agus a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Beidh aird ag na pleananna ar mhéid, tábhacht chórasach, cineál, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí a ghabhann leis an TLU lena mbaineann agus ar aon phlean ábhartha téarnaimh nó réitigh arna bhunú i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE.

    I gcás ina mbunófar agus ina gcothófar plean téarnaimh le haghaidh TLU agus é d’aidhm aige a chroí-fheidhmeanna a áirithiú, cuirfidh an t‑údarás inniúil ÚEUM ar an eolas faoin méid sin.

    4. Is é an t‑údarás inniúil a shocróidh minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 ag féachaint don mhéid, don tábhacht chórasach, don chineál, don scála agus do chastacht na ngníomhaíochtaí a ghabhann leis an TLU lena mbaineann. Déanfar an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad gach 2 bhliain.’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

    ‘6. Le linn dó an t‑athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an t‑údarás inniúil, ag céim luath, faisnéis is gá a tharchur chuig na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus rachaidh sé i gcomhairle leo maidir le feidhmiú na seirbhísí socraíochta urrús arna n‑oibriú ag an TLU.

    Féadfaidh na húdaráis dá ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe a eisiúint laistigh de 3 mhí tar éis don údarás inniúil an fhaisnéis a fháil.

    I gcás nach soláthróidh údarás tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

    I gcás ina n‑eisíonn ar a laghad ceann amháin de na húdaráis ábhartha tuairim réasúnaithe dhiúltach, déanfaidh an t‑údarás inniúil, laistigh de 30 lá féilire, cinneadh réasúnaithe ina dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a sholáthar do na húdaráis ábhartha.

    Más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis an cinneadh réasúnaithe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo a eisiúint, go n‑eisíonn aon cheann de na húdaráis ábhartha tuairim dhiúltach eile agus go n‑easaontaíonn an t‑údarás inniúil, cuirfidh an t‑údarás inniúil an méid sin in iúl don údarás ábhartha sin. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t‑ábhar a tharchur chuig ÚEUM le haghaidh cúnaimh faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    I gcás nach ndéanfar socrú faoin tsaincheist 30 lá féilire tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t‑údarás inniúil an cinneadh deiridh ar an athbhreithniú agus meastóireacht agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe i scríbhinn maidir lena chinneadh do na húdaráis ábhartha.

    Sa tuairim dhiúltach sin luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i gcodanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

    7. Déanfaidh an t‑údarás inniúil go tráthrialta, agus uair amháin ar a laghad gach 2 bhliain, na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a den Rialachán seo, agus an t‑údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n‑áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis.’;

    (c)i mír 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (7) in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 7:

    ‘2. Maidir le TLU údaraithe, nó TLU a rinne iarratas ar údarú de bhun Airteagal 17, a bheartaíonn soláthar a dhéanamh ar na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlíthe Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, nó a bheartaíonn brainse a chur ar bun i mBallstát eile, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 3go 7 den Airteagal seo. Ní fhéadfaidh TLU seirbhísí den sórt sin a sholáthar ach amháin tar éis dó a bheith údaraithe de bhun Airteagal 17 ach tráth nach luaithe ná an dáta ábhartha is infheidhme i gcomhréir le mír 6.

    3. Aon TLU ar mian leis soláthar a dhéanamh, den chéad uair, ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlíthe Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, nó ar mian leis raon na seirbhísí sin a sholáthraítear a athrú, déanfaidh sé doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit baile:

    (a) an Ballstát aíochta;

    (b) clár oibríochtaí ina luafar go háirithe na seirbhísí a bheartaíonn TLU a sholáthar;

    (c) an t‑airgeadra nó na hairgeadraí a bheartaíonn TLU a phróiseáil;

    (d) i gcás gurb ann do bhrainse, struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine a bheidh freagrach as bainistiú an bhrainse;

    (e) measúnú ar na bearta a bheartaíonn TLU a dhéanamh chun go mbeidh a cuid úsáideoirí in ann na dlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh.

    4. Laistigh de 1 mhí ón dáta a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna aige, tar éis an soláthar seirbhísí a bheidh beartaithe a chur san áireamh, a bheith amhrasach faoi leordhóthanacht struchtúr riaracháin an TLU, nó faoin staid airgeadais ina bhfuil an TLU, ar mian leis a cuid seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta. I gcás ina soláthraíonn TLU seirbhísí do Bhallstáit aíochta eile cheana, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile coláiste an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas freisin.

    Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na húdaráis ábhartha de chuid an Bhallstáit sin a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon teachtaireacht a gheofar faoin gcéad fhomhír.

    5. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcomhréir le mír 4, gan an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, tabharfaidh sé cúiseanna an diúltaithe sin don TLU lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón tráth a gheobhaidh sé an fhaisnéis uile agus cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus coláiste an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas faoina chinneadh.

    6. Féadfaidh TLU tosú ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar sa Bhallstát aíochta tráth an dáta is luaithe de na dátaí:

    (a) tar éis 1 mhí ón dáta a tarchuireadh an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 4;

    (b) ar theachtaireacht a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit aíochta lena bhformheastar soláthar na seirbhísí sa Bhallstát aíochta.

    Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile TLU ar an eolas láithreach faoi dháta tarchuir na teachtaireachta dá dtagraítear i mír 4.

    7. I gcás ina n‑athraítear an fhaisnéis a leagtar amach sna doiciméid a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 3 den Airteagal, tabharfaidh TLU fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfear an t‑athrú chun feidhme. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, agus coláiste an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 24a, ar an eolas, gan mhoill, faoin athrú sin freisin.’;

    (8) leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

    ‘Ar iarratas ó aon chomhalta de choláiste an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 24a, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cuireadh a thabhairt do bhaill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát aíochta a bheith rannpháirteach i gcigireachtaí ar an láthair.

    Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile aon fhaisnéis a fhaightear ó TLUnna le linn nó i ndáil le cigireachtaí ar an láthair a tharchur chuig ÚEUM.’;

    (b)scriostar mír 4;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. I gcás ina mbeidh forais shoiléire, inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil TLU a sholáthraíonn seirbhísí laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 23 ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, d’ÚEUM agus do choláiste an nós imeachta pas.

    I gcás ina leanfaidh TLU de ghníomhú ag sárú na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, d’ainneoin na mbeart a ghlac údarás inniúil an Bhallstáit baile, tar éis dó an scéal a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na bearta iomchuí uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfear bearta den sórt sin in iúl gan mhoill do ÚEUM agus do choláiste an nós imeachta pas dá dtagraítear in Airteagal 24a.

    Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus an Bhallstáit baile an cheist a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

    (d)scriostar míreanna 7 agus 8;

    (9) i dTeideal III, cuirtear isteach an Roinn 4a seo a leanas:

    ‘Roinn 4a

    Comhar na n‑údarás trí choláistí

    Airteagal 24a

    Coláistí Maoirseoirí le haghaidh TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát eile agus le haghaidh TLUnna atá mar chuid de ghrúpa ina bhfuil dhá TLU nó níos mó

    1. Bunófar coláistí maoirseoirí sna cásanna seo a leanas chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh:

    (a) i gcás ina mbíonn TLU faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) (‘coláiste an nós imeachta pas’);

    (b) i gcás ina bhfuil TLU mar chuid de ghrúpa ina bhfuil dhá TLU nó níos mó atá údaraithe in dhá Bhallstáit ar a laghad (‘coláiste grúp-leibhéil’).

    Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), déanfaidh údarás inniúil baile TLU coláiste an nós imeachta pas a bhunú agus a bhainistiú agus beidh sé ina chathaoirleach air. Bunófar an coláiste sin laistigh de 1 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(6). I gcás ina gcuirfidh TLU fógraí isteach ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 23(3), tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cuireadh d’údaráis inniúla na mBallstát aíochta ábhartha chuig coláiste an nós imeachta pas laistigh de 1 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 23(6).

    Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás inar TLU atá údaraithe san Aontas é an máthairghnóthas, déanfaidh an t‑údarás inniúil de chuid Bhallstát baile an TLU sin an coláiste grúp-leibhéil a bhunú agus a bhainistiú agus beidh sé ina chathaoirleach air. I gcás nach TLU atá údaraithe san Aontas é an máthairghnóthas, is é an t‑údarás inniúil de chuid Bhallstát baile TLU ag a bhfuil an t‑iomlán is mó ar a chlár comhardaithe a dhéanfaidh an coláiste grúp-leibhéil a bhunú agus a bhainistiú agus is é a bheidh ina chathaoirleach air.

    De mhaolú ar an tríú fomhír, i gcás ina mbeadh sé míchuí na critéir dá dtagraítear san fhomhír sin a chur i bhfeidhm, féadfaidh an t‑údarás inniúil na critéir sin a tharscaoileadh, trí chomhaontú comhchoiteann, agus údarás inniúil eile de chuid TLU a cheapadh chun bainistiú agus cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcoláiste, agus TLUnna lena mbaineann agus tábhacht choibhneasta a gcuid gníomhaíochtaí á gcur san áireamh. I gcásanna den sórt sin, beidh ag an máthair-TLU nó ag TLU ag a bhfuil an t‑iomlán is mó ar a chlár comhardaithe, de réir mar is infheidhme, an ceart chun éisteacht a fháil sula ndéanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh.

    Cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas gan mhoill faoi aon chomhaontú arna dhéanamh de bhun an cheathrú fomhír.

    2. Is éard a bheidh sa choláiste dá dtagraítear i mír 1:

    (a) ÚEUM;

    (b) an t‑údarás inniúil de chuid Bhallstáit baile an TLU;

    (c) na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12;

    (d) i gcás choláiste an nós imeachta pas, údarás inniúil na mBallstát baile;

    (e) i gcás coláiste grúp-leibhéil, an t‑údarás inniúil agus t‑údaráis ábhartha de chuid gach TLU sa ghrúpa;

    (f) ÚBE, i gcás inar údaraíodh TLU de bhun Airteagal 54(3).

    3. I gcás ina bhfuil TLU atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) mar chuid de ghrúpa freisin ina bhfuil dhá TLU nó níos mó agus ina bhfuil a údarás inniúil ina chathaoirleach ar an gcoláiste grúp-leibhéil, féadfaidh an túdarás inniúil sin a chinneadh nach mbunófar ach coláiste amháin chun críocha mhír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo le haghaidh an TLU sin. I gcás ina mbíonn aon cheann de na Taisclanna Lárnacha Urrús eile laistigh den ghrúpa faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) freisin, ní fhéadfaidh cathaoirleach an choláiste an cinneadh sin a dhéanamh ach amháin le comhaontú ó údarás inniúil na dTaisclann Lárnacha Urrús sin.

    Maidir le coláiste a bhunaítear de bhun na chéad fhomhíre:

    (a)i gcás ina dtionóltar é chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 6, pointí (a) go (d), den Airteagal seo a fheidhmiú, beidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f) den Airteagal seo, i ndáil le gach TLU laistigh den ghrúpa, rannpháirteach sa chruinniú sin den choláiste;

    (b)i gcás ina dtionóltar é chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 6, pointe (e), den Airteagal seo a fheidhmiú, ní bheidh rannpháirteach sa chruinniú sin den choláiste ach na húdaráis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b), (c), (e) agus, i gcás inarb infheidhme, (f) den Airteagal seo.

    4. Tabharfaidh an cathaoirleach fógra do ÚEUM faoi chomhdhéanamh an choláiste laistigh de 30 lá féilire ó bhunú an choláiste agus faoi aon athrú ar a chomhdhéanamh laistigh de 30 lá féilire ón athrú sin. Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta de chomhaltaí an choláiste sin agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

    5. An túdarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é, féadfaidh sé a iarraidh ar an gcoláiste aon fhaisnéis a bheidh ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

    6. Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)malartú faisnéise, lena náirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 13; 14 agus 15, agus faisnéis maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta de bhun Airteagal 22;

    (b)maoirseacht níos éifeachtúla trí bhearta maoirseachta neamhriachtanacha dúblacha a sheachaint, amhail iarrataí ar fhaisnéis ;

    (c)comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach.

    (d)i gcás choláiste an nós imeachta pas, comhoibriú ón mBallstát baile agus aíochta de bhun Airteagal 24 agus maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(4), pointe (e) agus maidir le haon cheann de na saincheisteanna a thagann chun cinn le linn seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile;

    (e)i gcás coláiste grúp-leibhéil, malartú faisnéise faoi acmhainní a roinntear agus socruithe seachfhoinsithe atá ar bun laistigh de ghrúpa TLUnna de bhun Airteagal 19, faoi athruithe suntasacha ar struchtúr agus úinéireacht an ghrúpa, agus faoi athruithe san eagraíocht, bainistíocht shinsearach, próisis nó socruithe i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ag na hathruithe sin ar chúrsaí rialachais nó bainistiú riosca le haghaidh TLUnna a bhaineann leis an ngrúpa.

    Tionólfaidh an cathaoirleach cruinniú den choláiste ar a laghad uair sa bhliain.

    Chun éascaíocht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcúraimí a shanntar do choláistí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, féadfaidh comhaltaí den choláiste dá dtagraítear i mír 2 pointí a chur le clár oibre cruinnithe.

    7. Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

    Leis an gcomhaontú sin cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n‑áirítear módúlachtaí na cumarsáide i measc comhaltaí coláiste, agus féadfar a chinneadh leis na cúraimí a bheidh le cur ar údarás inniúil TLU nó ar chomhalta eile den choláiste.

    8. Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear mionsonraithe na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 7.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

    (10) leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a. Maidir le TLU tríú tír a bheartaíonn soláthar a dhéanamh ar an gcroísheirbhís dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, cuirfidh an TLU sin fógra faoi bhráid ÚEUM.’;

    (b)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

    ‘Laistigh de 6 mhí ón tráth a chuirfear isteach iarratas comhlánaithe, nó ón tráth a ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 9, cibé acu is déanaí, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn, le cinneadh lán-réasúnaithe, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t‑aitheantas nó ar diúltaíodh é.’;

    (c)cuirtear an mhír 13 seo a leanas leis:

    ‘13. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag TLU tríú tír do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear i mír 2a. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme agus agus ina bhfuil siad ar fáil, na nithe seo a leanas:

    (a)líon na rannpháirtithe Aontais dá soláthraíonn TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2a;

    (b)líon agus méid na nidirbheart in ionstraimí airgeadais, arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit, a socraíodh le linn na bliana roimhe sin;

    (c)líon agus méid na nidirbheart a shocraigh rannpháirtithe Aontais le linn na bliana roimhe sin.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

    (1) in Airteagal 27, cuirtear an mhír 3a seo a leanas leis:

    ‘3a. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ciallóidh comhalta neamhspleách den bhord bainistíochta comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige a bheadh ina chúis coinbhleachta leasanna maidir leis an TLU lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena rannpháirtithe, agus nach raibh gaol den sórt sin aige le linn na gcúig bliana sula raibh sé ina chomhalta den bhord;’

    (12) in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3. Cuirfidh coistí úsáideoirí comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir leis na príomhshocruithe a mbeidh tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n‑áirítear na critéir chun glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi seach, agus ar leibhéal seirbhíse, lena n‑áirítear socrú réitigh agus socraíochta a roghnú, struchtúr oibriúcháin an TLU, raon feidhme táirgí a shocraítear nó a thaifeadtar, agus úsáid teicneolaíochta agus nósanna imeachta le haghaidh oibríochtaí TLU .’;

    (13) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36:

    Airteagal 36

    Forálacha ginearálta

    Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí ag TLU le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sé, lena n‑áirítear rialtáin agus cleachtais chuntasaíochta stóinsithe, d’fhonn cabhrú chun sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú a íosmhéadú agus a bhainistiú.’;

    (14) in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2. I gcás nach mbeidh sé praiticiúil, nó nach mbeidh an rogha ar fáil, chun socrú a dhéanamh i gcuntais bainc ceannais mar a fhoráiltear le mír 1, féadfaidh TLU tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh trí bhíthin cuntais a osclaítear le hinstitiúid chreidmheasa, trí TLU atá údaraithe chun na seirbhísí a liostaítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar cé acu laistigh nó gan a bheith laistigh den ghrúpa céanna gnóthas atá faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh. Má thairgeann TLU socraíocht a dhéanamh i gcuntais a osclaíodh le hinstitiúid chreidmheasa, trína chuntais féin nó trí chuntais TLU eile, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir le forálacha Theideal IV.’;

    (15) in Airteagal 49(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

    ‘Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh feidhm i gcónaí ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstáit faoina mbunaítear na hurrúis. Áirítear na nithe seo a leanas ar an dlí corparáideach nó dlí comhchosúil de chuid an Bhallstáit faoina gcomhdhéantar na hurrúis:

    (a)an dlí corparáideach nó dlí comhchosúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an teisitheoir bunaithe; agus

    (b)an dlí rialála corparáideach nó dlí comhchosúil faoina neisítear na hurrúis.

    Cuirfidh na Ballstáit liosta i dtoll a chéile dá bpríomhfhorálacha ábhartha dlí, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin ar aghaidh chuig ÚEUM faoin 18 Nollaig 2014. Foilseoidh ÚEUM an liosta sin faoin 18 Eanáir 2015. Déanfaidh Ballstáit an liosta sin a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Cuirfidh siad an liosta nuashonraithe sin in iúl do ÚEUM ag na tráthanna rialta sin. Foilseoidh ÚEUM an liosta nuashonraithe.’;

    (16) in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1. Nuair a chuirfidh TLU iarraidh isteach ar rochtain ar TLU eile de bhun Airteagail 50 agus 51, déileálfaidh TLU is faighteoir leis an iarraidh sin go pras agus cuirfidh sí freagra chuig TLU iarrthach laistigh de 3 mhí. Má chomhaontaíonn TLU is faighteoir leis an iarraidh, cuirfear an nasc i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnach, ach tráth nach déanaí ná 12 mhí.’;

    (17) leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

    (a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b) ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun mhír 3 den Airteagal seo a ainmniú chun na críche’.

    (b)i mír 4, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    ‘I gcás ina bhféachfaidh TLU le hinstitiúid chreidmheasa a ainmniú, nó le húsáid a bhaint as TLU atá údaraithe de bhun mhír 3, chun aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ón taobh istigh d’eintiteas dlíthiúil ar leith a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den ghrúpa a mbaineann an TLU céadluaite leis, cibé acu atá nó nach bhfuil sé faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh, ní dheonófar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:’;

    (ii) scriostar pointe (c);

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a dhéanann tairiscint na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh cuid de córas socraíochta urrús an TLU, más rud é nach mó luach iomlán na socraíochta airgid sin trí chuntais a osclaítear leis na hinstitiúidí creidmheasa sin ná uasmhéid arna ríomh thar tréimhse bliana. Cinnfear an tairseach sin i gcomhréir le mír 9.

    Déanfaidh an t‑údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, d’fhonn féachaint an bhfuiltear á hurramú, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do ÚEUM, CEBC agus ÚBE. Má chinneann an t‑údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh sé de cheangal ar an TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 4. Tíolacfaidh an TLU lena mbaineann a iarratas ar údarú laistigh de shé mhí.’;

    (d)cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

    ‘9. Déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an t‑uasmhéid dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh, á chur san áireamh an gá atá ann cothromú a dhéanamh ar na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a éiríonn as íocaíochtaí airgid a shocrú trí chuntais a osclaítear le hinstitiúidí creidmheasa agus an gá atá ann cead a thabhairt do TLUnna socraíocht a dhéanamh in airgeadraí eachtracha trí chuntais a osclaítear le hinstitiúidí creidmheasa den sórt sin. Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a fhorbairt cinnfidh ÚBE freisin, i gcás inar gá, aon cheanglais iomchuí maidir le bainistiú riosca agus aon cheanglais stuamachta maolaithe a ghabhann leo.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’;

    (18) in Airteagal 55(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    Déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim réasúnaithe a eisiúint maidir leis an údarú laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin. I gcás nach gcuirfidh údarás tuairim ar fáil laistigh den sprioc-am sin, glacfar leis go bhfuil tuairim dhearfach aige.’;

    (19) leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

    (a) leasaítear mír 4 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c), (d) agus (e):

    ‘(c) coimeádfaidh sé acmhainní leachtacha leordhóthanacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha le haghaidh seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna féideartha struis, lena n‑áirítear an riosca leachtachta arna giniúint ag mainneachtain beirt rannpháirtithe ar a laghad, lena n‑áirítear a máthairghnóthais agus fochuideachtaí, ar ina leith a bheidh sé neamhchosanta orthu;

    (d) maolóidh sí na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáilitheacha i ngach airgeadra ábhartha amhail airgead ag an mbanc lárnach eisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte creidmheasa tiomanta eile nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtacht nó infheistíochtaí a bheidh ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead le socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocruithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh a bheidh foircneach ach sochreidte agus déanfaidh sí sainaithint, tomhas agus faireachán ar a riosca leachtachta a eascróidh as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidfear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;

    (e) i gcás ina n‑úsáidtear socruithe cistiúcháin ard-iontaofa agus réamhshocruithe, línte creidmheasa tiomanta nó socruithe comhchosúla, ní roghnóidh sé ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthraithe leachtachta; bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm teorainneacha comhchruinnithe iomchuí i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n‑áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí;’;

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    ‘(i)    beidh socruithe réamhshocruithe agus ard-iontaofa aige chun a áirithiú gur féidir leis an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana dó a chomhshó go tráthúil ina hairgead tirim agus i gcás ina núsáidtear socruithe neamh-thiomanta, gníomhóidh sé chun a shuíomh gur sainaithníodh agus gur maolaíodh aon rioscaí féideartha gaolmhara;’;

    (iii) cuirtear an pointe (k) seo a leanas leis:

    ‘(k) déanfaidh sé faireachán agus bainistiú leormhaith ar aon rioscaí, lena n‑áirítear socruithe glanluachála ábhartha i ndáil leis an ngné airgid dá samhail socraíochta fheidhmithe.’;

    (b) i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (20) leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    ‘Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú go tráthrialta, agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, ar an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh údarás inniúil TLU na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a, ar an eolas ansin i ndáil leis na torthaí, lena n‑áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.’;

    (b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Cuirfidh údarás inniúil TLU na torthaí in iúl, go tráthrialta agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, do na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 24a, lena n‑áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis a bhaineann lena athbhreithniú agus lena mheastóireacht faoin mír seo.’;

    (21) leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

    (a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(14a), 24a(8), 25(13) agus 54(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 7(14), Airteagal 24(7), Airteagal 7(14a), Airteagal 24a(8), Airteagal 25(13) agus Airteagal 54(9) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 7(14), Airteagal 24(7), Airteagal 7(14a), Airteagal 24a(8), Airteagal 25(13) agus Airteagal 54(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.’

    (22) in Airteagal 68, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

    ‘3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.’;

    (23) leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4. Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le húdarú TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta is túisce de an dátaí seo a leanas:

    (a) an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le húdarú TLUnna agus a gcuid gníomhaíochtaí, lena n‑áirítear naisc TLUnna; nó

    (b) … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (b)cuirtear isteach na míreanna 4a, 4b agus 4c seo a leanas:

    ‘4a. Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna tríú tír d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta is túisce de an dátaí seo a leanas:

    (a) an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le haithint na dTaisclann Lárnach Urrús tríú tír faoi seach agus a gcuid gníomhaíochtaí; nó

    (b) … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 3 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Maidir le TLU tríú tír a sholáthraíonn na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí (1) agus (2), den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de bhun na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le haithint TLUnna tríú tír, cuirfidh sé fógra faoi bhráid ÚEUM laistigh de 2 bhliain ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis a sholáthróidh TLU tríú tír do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme agus agus ina bhfuil siad ar fáil, na nithe seo a leanas:

    (a)líon na rannpháirtithe dá soláthraíonn TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír;

    (b)na catagóirí d’ionstraimí airgeadais ar ina leith a sholáthraíonn TLU tríú tír seirbhísí den sórt sin; agus

    (c)méid agus luach iomlán ionstraimí airgeadais den sórt sin.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 1 bhliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4b. Maidir le TLU tríú tír a sholáthair an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointí (3), den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1) roimh ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh sé isteach an fógra dá dtagraítear in Airteagal 25(2a) laistigh de 2 bhliain ón ...[Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    4c. I gcás ina mbeidh TLU tar éis iarratas comhlánaithe ar aitheantas a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 25(4), (5) agus (6) roimh an [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ach nach mbeidh UEUM tar éis cinneadh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 25(6) faoin dáta sin, leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí go n‑eiseofar cinneadh ÚEUM.’;

    (c)cuirtear an mhír 6 seo a leanas leis:

    ‘6. Déanfaidh údaráis inniúla bhaile coláistí a bhunú agus a bhainistiú de bhun Airteagal 24a le haghaidh gach TLU a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí i ndáil le hionstraimí airgeadais arna gcomhdhéanamh faoi dhlí Bhallstáit eile de bhun Airteagal 23(2) roimh an [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó le haghaidh TLUnna a bhaineann le grúpa ina bhfuil TLUnna eile faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá 4 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

    (24) leasaítear Airteagal 74 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    ‘Cuirfidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ina soláthrófar measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí féideartha agus, i gcás inar gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó cheartaitheach sna margaí le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh ar áireamh sna tuarascálacha sin measúnú ar an méid seo a leanas:’;

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a) éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit bunaithe líon agus méid na dteipeanna socraíochta agus ar an éabhlóid a thiocfaidh orthu, lena n‑áirítear anailís ar thionchar na bpionós airgid ar theipeanna socraíochta thar ionstraimí, fad ama agus príomhchúiseanna na dteipeanna socraíochta, na catagóirí d’ionstraimí agus margaí airgeadais ina bhfeictear na rátaí i airde teipeanna socraíochta agus comparáid idirnáisiúnta ar rátaí teipeanna socraíochta, lena n‑áirítear measúnú ar ar líon na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus, i gcás inarb infheidhme, ar líon agus méid na n‑idirbheart ceannach isteach dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) agus ar aon chritéir ábhartha eile;’;

    (iii) cuirtear isteach an pointe (l) seo a leanas:

    ‘(l) láimhseáil fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 25(2a);’;

    (b)cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

    ‘1a. Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar a leanas:

    (a)ar a laghad gach 2 bhliain ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] le haghaidh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);

    (b)gach 2 bhliain le haghaidh tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c);

    (c)ar bhonn bliantúil go dtí an … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ón … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) agus (f);

    (d)ar iarratas ón gCoimisiún, le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (h), (j) agus (k);

    (e)ar bhonn bliantúil go dtí an … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta atá 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 2 bhliain ón … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta atá 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (i) agus (l);

    (c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2. Cuirfear na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán den bhliain ábhartha de réir mar a chinnfear i gcomhréir leis an tréimhsiúlacht a leagtar amach i mír 1a.’;

    (25) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75:

    Airteagal 75

    Athbhreithniú

    Faoin … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta atá cothrom le 5 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán seo agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta faoi. Déanfaidh an tuarascáil sin, go háirithe, measúnú ar na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 74(1), pointí (a) go (l), chun a shuíomh cé acu atá nó nach bhfuil bacainní substainteacha ar an iomaíocht i ndáil leis na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo agus nach dtugtar aghaidh orthu go leormhaith, agus leagfar amach inti an gá a d’fhéadfadh a bheith ann bearta breise a chur i bhfeidhm chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a) éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú;

    (b) teorainn a chur leis an tionchar a bheidh ag teip TLUnna ar cháiníocóirí;

    (c) bacainní ar shocraíocht trasteorann a íosmhéadú;

    (d) cumhachtaí leormhaithe agus faisnéis leormhaith a áirithiú le haghaidh údarás chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí.

    Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.’;

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe(2)(a), pointe (9), pointe (10)(a), pointe (17)(c), pointe (19)(a) agus pointe (23)(b), an dara fomhír, ón …. [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta atá cothrom le 24 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

    Margadh Inmheánach – Seirbhísí Airgeadais.

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 44  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta

    Cur le margadh inmheánach atá níos doimhne agus níos cothroime – margadh níos éifeachtúla agus níos cobhsaí a chruthú le haghaidh socraíochta san Aontas.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha

    Cuspóir sonrach Uimh.

    Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an togra chun cuspóirí ginearálta mhargadh inmheánach an Aontais le haghaidh sheirbhísí TLU a bhaint amach:

    -    An tualach riaracháin agus costas comhlíontachta a laghdú, gan cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol;

    -    Bacainní ar shocraíocht trasteorann a íosmhéadú;

    -    Cumhachtaí leormhaithe agus faisnéis leormhaith a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí.

    An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Is é is aidhm don togra rialacha níos comhréirí a leagan síos i réimse nós imeachta an phas, araíonacht socraíochta chomh maith le réimse na seirbhísí baincéireachta chun gur féidir le gníomhaithe sa mhargadh tairbhe a bhaint as soláthar feabhsaithe seirbhísí trasteorann, e.g. i réimse na socraíochta airgeadra eachtraigh agus maoirseacht níos comhréirí, e.g. coláistí, maoirseacht tríú tír chomh maith le comhar maoirseachta.

    1.4.3.Táscairí feidhmíochta

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Maidir le gach cuspóir sonrach táthar tar éis na táscairí feidhmíochta seo a leanas a leagan síos.

    An t‑ualach riaracháin agus costas comhlíontachta a laghdú (ag ÚEUM):

    -    Rátaí éifeachtúlachta socraíochta an Aontais.

    -    Fad ama (líon laethanta) na dteipeanna socraíochta.

    -    An líon TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann, atá in ann rochtain ar sheirbhísí baincéireachta, a sholáthraíonn socraíocht in airgeadra eachtrach, atá in ann an eisceacht faoin tairseach a úsáid.

    -    An líon tíortha ina soláthraíonn TLUnna seirbhísí trasteorann.

    Bacainní ar shocraíocht trasteorann a íosmhéadú (ag ÚEUM, CEBC, TLUnna):

    -    An líon TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann, atá in ann rochtain ar sheirbhísí baincéireachta, a sholáthraíonn socraíocht airgeadra eachtraigh, atá in ann an eisceacht faoin tairseach a úsáid.

    -    An líon tíortha ina soláthraíonn TLUnna seirbhísí trasteorann.

    -    Fás na socraíochta airgeadra eachtraigh.

    Cumhachtaí leormhaithe agus faisnéis leormhaith a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí (ag ÚEUM):

    -    Líon na TLUnna tríú tír a rinne iarratas ar aitheantas.

    -    An líon coláistí a bhunaigh TLUnna AE.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Maidir leis an meastóireacht ar RTLU a rinneadh 5 bliana tar éis é a thabhairt isteach in 2014, léirigh sé gur tháinig méadú suntasach ar shocraíocht san Aontas ach, ina ainneoin sin, go bhfacthas fás níos moille i socraíocht trasteorann i gcoibhneas leis sin, mar gheall go príomha ar shocraíocht fho-optamach airgeadra eachtraigh agus seachas sin mar gheall ar cheanglais shriantacha. Ina theannta sin, ba cheart do na huirlisí agus féidearthachtaí maoirseachta coinneáil bord ar bord leis na rioscaí i margadh an Aontais, amhail TLUnna tríú tír a bhaineann tairbhe go nuige seo as an marthanacht ón gceanglas aitheantais.

    Le cur chun feidhme an togra seo, lena n‑áirítear an fhéidearthacht go bhforbrófaí a thuilleadh é le linn leibhéal 2, táthar ag coinne leis go ndéanfaidh an pobal maoirseachta agus an margadh araon a gcuid féin de na rialacha, atá go príomha níos comhréirí, thart ar bhliain amháin tar éis comhaontú idir na comhreachtóirí agus a theacht i bhfeidhm.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa (ex‑ante)

    Is cuid dhoscartha de mhargadh airgeadais an Aontais é margadh socraíochta an Aontais. Dá réir sin, ba cheart do ghníomhaíocht an Aontais a áirithiú go mbíonn ceanglais rialála RTLU níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhréirí, go gcuirtear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach, agus go ráthaíonn siad creat rialála fónta comhsheasmhach le haghaidh socraíocht urrús san Aontas agus in oibríochtaí TLUnna. Tá margadh socraíochta an Aontais, i dteannta mhargadh airgeadais an Aontais, ina bhunchloch fhíor-riachtanach le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus chun margadh aonair sábháilte agus éifeachtúil le haghaidh seirbhísí airgeadais a áirithiú chomh maith céanna.

    An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)

    Maidir le cuspóirí RTLU, eadhon ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais san Aontas agus rialacha a leagan síos maidir le heagrú agus iompar TLUnna chun socraíocht shábháilte éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn, is bloc tógála fíor-riachtanach iad le haghaidh margadh inmheánach airgeadais rathúil san Aontas, i bhfianaise na comhpháirte trasteorann. Ní féidir le Ballstáit agus maoirseoirí náisiúnta ar a gconlán féin réiteach a chur ar fáil maidir le cur chun cinn agus éascú na socraíochta trasteorann, gan trácht ar an gcreat le haghaidh TLUnna tríú tír. I bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, 2020 aithnítear go sainráite go bhféadfadh leasú ar RTLU cuidiú le tírdhreach iarthrádála níos chomhtháite a fhorbairt san Aontas agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le forbairt Aontas na Margaí Caipitil.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Cuirtear san áireamh sa togra seo an taithí a fuarthas ó phacáistí reachtacha eile comhchosúla i réimse na seirbhísí airgeadais. Mar shampla, topaic sheanbhunaithe ar an bhfuil sáreolas i réimsí eile seirbhísí airgeadais is ea nós imeachta an phas. Ar an gcaoi chéanna, bíonn córais tríú tír i bhfeidhm i réimsí eile seirbhísí airgeadais mar a bhíonn coláistí maoirseoirí; cuirtear an taithí sin san áireamh sa dearadh atá ar na ceanglais nua atá beartaithe.

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Tá an togra seo agus a chuid ceanglas sonrach i gcomhréir leis na socruithe atá ann faoi láthair le haghaidh seirbhísí airgeadais laistigh de CAI agus tá sé ailínithe le cleachtais chaighdeánacha maidir le buiséad an Aontais a chur chun oibre agus tá sé i gcomhréir le cleachtais AS FISMA atá ann faoi láthair maidir le tograí nua a phleanáil agus a bhuiséadú.

    Ina theannta sin, tá cuspóirí an tionscnaimh comhsheasmhach le roinnt beartas eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh an Aontais atá ar siúl faoi láthair a bhfuil na haidhmeanna seo a leanas acu: (i) Aontas na Margaí Caipitil a fhorbairt agus (ii) feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chomhordaithe maoirseachta ar leibhéal an Aontais, laistigh de agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon.

    Ar an gcéad dul síos, tá sé comhsheasmhach le hiarrachtaí reatha an Choimisiúin aontas na margaí caipitil a fhorbairt a thuilleadh. Ach tuilleadh cóineasaithe maoirseachta ar mhargaí socraíochta a dhéanamh, tacóidh sin le margaí caipitil atá níos dlúithe agus níos comhtháite a fhorbairt, óir is gnéithe ríthábhachtacha iad CPLanna atá níos éifeachtúla agus níos athléimní do dhea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil. Cuireadh béim ar an bpráinn atá le margaí caipitil an Aontais a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil i Meán Fómhair 2020. Os a choinne sin, le teacht margaí airgeadais atá níos mó agus níos leachtaí, margaí is intuigthe ó aontas na margaí caipitil, déanfar níos mó idirbheart a imréiteach trí CPLanna agus méadófar ábharthacht shistéamach CPLanna. I bhfianaise na méideanna méadaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, tá gá le tuilleadh feabhsuithe ar an gcreat maoirseachta chun Aontas na Margaí Caipitil atá láidir agus cobhsaí a áirithiú.

    Anuas air sin, tá sé comhsheasmhach le Gníomh 16 de Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, 2020 inar cuireadh i dtábhacht go n‑oibreoidh an Coimisiún i dtreo leabhar rialacha aonair feabhsaithe le haghaidh margaí caipitil trí rochtain a dhéanamh ar an ngá le tuilleadh comhchuibhithe ar rialacha an Aontais agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cóineasú maoirseachta ag tabhairt dá aire go bhféadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta a mholadh, i measc bearta eile, le haghaidh comhordú maoirseachta níos láidre ag na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha.

    .

    Ar an tríú dul síos, tá sé comhsheasmhach le beartas coibhéise an Choimisiúin le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad mar a leagtar amach i dTeachtaireacht 2019 ón gCoimisiún maidir leis an gcoibhéis i réimse na seirbhísí airgeadais. .

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    N/B

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

     tréimhse theoranta

       i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 45

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    trína ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a dainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

    Nótaí

    N/B

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

    I gcomhréir le socruithe atá ann cheana ullmhaíonn ÚEUM tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíochtaí (lena n‑áirítear tuairisc inmheánach a thabhairt don bhainistíocht shinsearach, tuairisciú boird bainistíochta, tuairisciú gach sé mhí chuig an mbord maoirseoirí agus tuairisc bhliantúil a fhoilsiú), agus déanann Cúirt na nIniúchóirí agus an tSeirbhís Inmheánach Iniúchta iniúchtaí air maidir leis an gcaoi a n‑úsáideann sé acmhainní. An faireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar na gníomhaíochtaí reatha atá beartaithe, comhlíonfaidh siad na ceanglais chéanna atá ann cheana féin.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach na leithreasuithe a eascróidh ón togra, meastar nach dtiocfaidh den togra rioscaí nua nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ann faoi láthair.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán ÚEUM. Oibríonn ÚEUM i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin lena áirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí sna réimsí rialaithe inmheánacha uile. Beidh feidhm freisin ag na socruithe sin maidir le ról ÚEUM de réir an togra reatha. Seoltar tuarascálacha bliantúla iniúchóireachta inmheánaí chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    N/B

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frith-Chalaoise.

    Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir le ÚEUM ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

    Aontóidh ÚEUM do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile ÚEUM.

    Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a dtagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar thairbhithe an airgid atá eisíoctha ag ÚEUM agus ar bhaill foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne bhuiséid

    Cineál
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir

    LD/LN 46 .

    ó thíortha de chuid CSTE 47

    ó thíortha is iarrthóirí 48

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    LD/LN.

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne bhuiséid

    Saghas 
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir

    LD/LN.

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    TÁ/NÍL

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    Uimhir

    AS: <…….>

    Bliain 
    N 49

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Líne bhuiséid 50

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2a)

    Líne bhuiséid

    Gealltanais

    (1b)

    Íocaíochtaí

    (2b)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 51  

    Líne bhuiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe 
    i gcomhair AS <….>

    Gealltanais

    =1a+1b +3

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3

     



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL <….>
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

    • IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    7

    ‘Caiteachas riaracháin’

    Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    AS: <…….>

    •Acmhainní daonna

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN AS <….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 52

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Cineál 53

    Meánchostas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Uimh.

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 54

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    IOMLÁIN

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    N 55

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 56  
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    •Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

    01 01 01 01 (Taighde indíreach)

    01 01 01 11 (Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 57

    20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 xx yy zz 58

    - sa Cheanncheathrú

    - i dToscairechtaí

    01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

    01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

       is gá an corrlach gan leithdháileadh faoi cheannteideal ábhartha CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear i Rialachán CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

       is gá athbhreithniú ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

       ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain 
    N 59

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

     

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

    má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 60

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

    (1)    Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014 (CSDR).
    (2)    Áirítear orthu sin cuntais airgid a sholáthar, taiscí a ghlacadh ó rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús, creidmheas airgid a sholáthar, ráthaíochtaí i dtaobh seirbhísí íocaíochta. Ar na seirbhísí coimhdeacha eile tá bainistiú comhthaobhachta, cothabháil clár scairshealbhóirí, tacú le gníomhaíochtaí corparáideacha.
    (3)    Sonraí arna nginiúint tríd an mBunachar Sonraí maidir le Staitisticí Trádála, Imréithe agus Socraíochta Urrús, an Banc Ceannais Eorpach, https://sdw.ecb.europa.eu/browse.do?node=9691131  
    (4)    Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, IO L 145, 30.4.2004. Bhí MiFID i bhfeidhm go dtí an 2 Eanáir 2018. Inniu, déantar é a athmhúnlú go páirteach le MiFID2 (Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE, IO L 173, 12.6.2014) agus cuirtear ina ionad i bpáirt MiFIR (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 173, 12.6.2014).
    (5)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, IO L 201, 27.7.2012.
    (6)     https://www.ecb.europa.eu/paym/target/t2s/html/index.en.html .
    (7)     https://www.fsb.org/wp-content/uploads/pr_101020.pdf .  
    (8)     https://www.bis.org/cpmi/publ/d101.htm .  
    (9)    Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún, Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – Plean gníomhaíochta nua, COM(2020) 590, Gníomhaíocht 13.
    (10)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Aontas na Margaí Caipitil (CMU), (2020/2036, (INI)), féach mír 21.
    (11)    Tá sé mar aidhm ag an gcóras araíonachta socraíochta rannpháirtithe sa mhargadh a spreagadh chun teipeanna socraíochta a sheachaint; is iad an dá phríomhghné atá ann na bearta chun teipeanna socraíochta a chosc (Airteagal 6 de CSDR) agus na bearta chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna socraíochta (Airteagal 7 de CSDR). Tá trí phríomhcholún sa cheann deireanach sin; ceanglais maidir le tuairisciú, pionóis airgid agus ceannach isteach éigeantach.
    (12)    Comhairliúchán spriocdhírithe ón gCoimisiún i dtaca le hathbhreithniú ar an rialachán maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús, https://ec.europa.eu/info/consultations/finance-2020-csdr-review_en  
    (13)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2013 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, COM(2021) 348 final.
    (14)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 ‘Aontas beoga i ndomhan leochaileach’, Iarscríbhinn I, COM(2020) 690 final.
    (15)    Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, IO L 166, 11.6.1998.
    (16)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013.
    (17)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena naisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013.
    (18)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 173, 12.6.2014.
    (19)    Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún, Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – Plean gníomhaíochta nua, COM(2020) 590.
    (20)     https://ec.europa.eu/info/publications/200924-digital-finance-proposals_en .
    (21)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, COM/2020/594 final.
    (22)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/MEX_21_6293  
    (23)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil na hearnála airgeadais, COM/2020/595 final.
    (24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, ‘Córas Eacnamaíoch agus Airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú’, COM(2021) (32).
    (25)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), IO L 243, 9.7.2021.
    (26)    Chun forléargas a fháil ar an Doiciméad Comhairliúcháin ón gCoimisiún, ar na haighneachtaí ó dhaoine aonair agus ar Achoimre ar an ionchur a fuarthas, féach ‘Comhairliúchán spriocdhírithe ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le socraíocht urrús a fheabhsú san Aontas Eorpach agus maidir le taisclanna lárnacha urrús’, atá ar fáil ag: https://ec.europa.eu/info/consultations/finance-2020-csdr-review_en .
    (27)    Le haghaidh an Mheasúnaithe Tionchair Tosaigh agus barúlacha a fháil, féach: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12649-Central-securities-depositories-review-of-EU-rules_en .
    (28)    Tuarascáil ÚEUM chuig an gCoimisiún Eorpach, ‘Socraíocht Inmheánaithe CSDR’, 5 Samhain 2020, ESMA70-156-3729.
    (29)    Tuarascáil ÚEUM chuig an gCoimisiún Eorpach, ‘Seirbhísí trasteorann agus láimhseáil iarratas faoi Airteagal 23 de CSDR’, ESMA70-156-3569, 5 Samhain 2020.
    (30)    Tuarascáil ÚEUM don Choimisiún Eorpach, ‘Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar faoi CSDR’, 8 Iúil 2021, ESMA70-156-4582.
    (31)    Tuarascáil ÚEUM chuig an gCoimisiún Eorpach, ‘Úsáid na Teicneolaíochta Airgeadais ag taisclanna lárnacha urrús’, 2 Lúnasa 2021, ESMA70-156-4576.
    (32)    ‘Tuarascáil ÚEUM ar threochtaí, rioscaí agus leochaileachtaí’, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ESMA-50-165-1287, Uimh. 2, 2020.
    (33)    I gcás go dteiptear ar idirbheart socraíocht a dhéanamh ag deireadh tréimhse forordaithe, tionscnaíonn ceannaitheoir na nurrús, a bhfuil iallach air iad a athcheannach in áit eile, próiseas ceannach isteach sainordaitheach. Ceanglaítear ar an bpáirtí a bhfuil ag teip air aon difreálach praghais a íoc idir an tidirbheart bunaidh, an tidirbheart nua agus costais uile an cheannach isteach.
    (34)    I gcomhréir le hAirteagal 69(4) de CSDR beidh feidhm i gcónaí, sula dtiocfaidh CSDR i bhfeidhm, ag na rialacha náisiúnta maidir le húdarú agus aitheantas, go dtí go mbeidh taisclanna lárnacha urrús AE nó tríú tíortha údaraithe nó aitheanta faoi seach de bhun CSDR ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus ag ÚEUM.
    (35)    IO C […], […], lch. […].
    (36)    IO C , , p. .
    (37)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
    (38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, COM(2020/) 590.
    (39)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (COM(2021) 348 final).
    (40)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1229 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le haraíonacht socraíochta (IO L 230, 13.9.2018, lch. 1).–
    (41)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
    (42)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
    (43)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (44)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (45)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (46)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (47)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (48)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
    (49)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (50)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
    (51)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (52)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (53)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (54)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (55)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (56)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (57)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (58)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    (59)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
    (60)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 20 % a asbhaint le haghaidh costais bhailiúcháin.
    Top