EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0037

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin

COM/2022/37 final

An Bhruiséil,1.2.2022

COM(2022) 37 final

2022/0026(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin

{SWD(2022) 25 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá comhpháirtíocht á forbairt ag an Úcráin leis an Aontas Eorpach ó bhí 2014 ann, agus sa bhreis ar chomhar déthaobhach, tá an chomhpháirtíocht ag forbairt de réir a chéile i dtreo comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch. An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 agus lena gcuimsítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, is é an phríomhionstraim é chun an Úcráin agus an tAontas a nascadh. Anuas ar cheangail pholaitiúla dhoimhne, naisc eacnamaíocha láidre agus urraim do luachanna comhroinnte a chur chun cinn, tugadh leis an gComhaontú creat stóinseach maidir le clár oibre uaillmhianach don athchóiriú a shaothrú, atá dírithe ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, ar chóras breithiúnach neamhspleách, ar an smacht reachta agus ar thimpeallacht ghnó feabhsaithe. Tá tacaíocht leanúnach léirithe ag an Aontas do na hathchóirithe sin, ar rudaí iad atá ríthábhachtach chun infheistíochtaí a mhealladh, chun borradh a chur faoin táirgiúlacht agus chun na caighdeáin mhaireachtála a ardú sa mheántéarma. I measc ionstraimí tacaíochta eile, tá tacaíocht tugtha ag an Aontas don Úcráin maidir le cúig oibríocht as a chéile a bhaineann le Cúnamh Macrairgeadais (MFA) agus ba é EUR 5 bhilliún méid iomlán na n‑iasachtaí le haghaidh na n‑oibríochtaí sin sa tréimhse ó 2014 go 2021.

Mar sin féin, d’ainneoin an treoshuímh pholaitiúil straitéisigh fhadtéarmaigh agus an ghealltanais d’athchóirithe a chur chun feidhme, tá dúshláin mhóra fós roimh an Úcráin. Ó thosaigh paindéim COVID-19, bhí níos mó ná 3,8 mhilliún cás éillithe san Úcráin a raibh 100 000 bás mar thoradh orthu. Filleadh mall a bhí ann ar an bhfás eacnamaíoch in 2021, rud a bhí ag brath go príomha ar an earnáil miondíola agus an earnáil tógála, agus tá rioscaí móra i gceist leis an ionchas. Tháinig borradh faoin mboilsciú agus mhéadaigh sé go 10 % ag deireadh 2021. Bhí tionchar suntasach iarmhartach ag an teannas geopholaitiúil atá ag fás ag teorainn na hÚcráine leis an Rúis ar mhuinín, go háirithe muinín na n‑infheisteoirí coigríche. Chaill an t‑airgeadra náisiúnta 9 % dá luach i gcoibhneas le dollar na Stát Aontaithe ó bhí lár mhí na Samhna 2021 ann, d’ainneoin na n‑idirghabhálacha a rinne Banc Náisiúnta na hÚcráine dar luach thart ar USD 1.6 billiún le linn na tréimhse céanna, agus leis sin tarraingíodh anuas stoc na gcúlchistí oifigiúla faoi 5,5 %.

Sa chomhthéacs sin, tháinig méadú ar tháirgeacht Eorabhanna rialtas na hÚcráine go leibhéil a bhfuil toirmeasc orthu i lár mhí Eanáir 2022. Dá bhrí sin, níl maoiniú príobháideach ar fáil a thuilleadh ar théarmaí inbhuanaithe le haghaidh na bearna foluití i gcomhardú na n‑íocaíochtaí. Ar bhonn na réamh‑mheastachán is déanaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ina chéad athbhreithniú ar an gclár, a tugadh i gcrích an 8 Samhain agus a formheasadh an 22 Samhain 2021, thiocfadh méadú ar bhearna chistithe na tíre atá coibhéiseach le thart ar USD 2.5 billiún in 2022 mar thoradh ar easpa rochtana ar mhargaí caipitil. Thairis sin, tá drochthionchair ag an teannas geopholaitiúil atá ag dul in olcas ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine atá forbhásach cheana féin. Is iad bagairtí dianseasmhacha slándála ba chúis leis an heis‑sreabhadh caipitil a tharla cheana féin. Leis an tionchar diúltach sin ar infheistíocht sa todhchaí, réimse ina bhfuil an Úcráin taobh thiar dá piaraí réigiúnacha cheana féin, laghdaítear a thuilleadh athléimneacht na tíre i leith turraingí eacnamaíocha agus polaitiúla araon. Thairis sin, leis na bagairtí iomadúla a bhfuil an Úcráin ag tabhairt aghaidh orthu faoi láthair, cuireadh brú mór ar institiúidí stáit a saoránaigh a chosaint, rud a chruthaíonn rioscaí móra breise do chobhsaíocht fhoriomlán na tíre agus na sochaí i gcoitinne.

I bhfianaise gur chaill sí rochtain ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta i ngeall ar an éiginnteacht gheopholaitiúil mhéadaithe agus an tionchar atá aici sin ar an staid eacnamaíoch san Úcráin, tá an Coimisiún ag cur togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun MFA nua dar luach EUR 1.2 billiún a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí chun cobhsaíocht a chothú san Úcráin.

An MFA éigeandála atá beartaithe, rud a cuireadh chun cinn chun tacaíocht a thabhairt go pras i ngéarchéim dhian agus chun athléimneacht na tíre a neartú, beidh fad 12 mhí ag gabháil leis agus dhá eisíocaíocht a bheidh ann. Faoi réir an réamhchoinníll pholaitiúil agus chur chun feidhme sásúil chlár CAI, scaoilfí an chéad tráinse go pras i ndiaidh fhormheas an togra seo, ar theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana (MT) maidir le bearta sonracha struchtúracha beartais arna gcomhaontú idir an Coimisiún Eorpach thar ceann an Aontais agus an Úcráin. Bheadh eisíocaíocht an dara tráinse ag brath ar chur chun feidhme sásúil chlár CAI agus na mbeart beartais arna gcomhaontú sa MT araon go leanúnach. Sa MT atá mar bhonn ag an oibríocht éigeandála cúnaimh macrairgeadais, is dócha go ndíreofar ar líon teoranta bearta gearrthéarmacha atá indéanta sna réimsí tosaíochta is práinní, amhail athléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch, rialachas agus smacht reachta a neartú, agus fuinneamh. Le MFA níos fadtéarmaí ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí féachaint níos faide ná an ghéarchéim reatha agus díriú ar shraith níos leithne de thosaíochtaí um athchóiriú. Táthar ag súil go mbeidh cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe ar aon dul leis an tacaíocht faoi oibríochtaí buiséadacha arna maoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI). Beidh tábhacht leis an leithdháileadh breise EUR 120 milliún i ndeontais NDICI a fógraíodh chun iarrachtaí na hÚcráine i ndáil le cothú stáit agus athléimneacht a neartú a thuilleadh. Thairis sin, oibreoidh an tAontas i ndlúthchomhar leis an Úcráin chun obair leantach a dhéanamh maidir lena hiarraidh ar oibríocht cúnaimh macrairgeadais tráthrialta ina dhiaidh sin nuair a chobhsóidh an cás.

De réir an chur síos níos mionsonraithe atá sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus bunaithe, i measc rudaí eile, ar an measúnú ar an staid pholaitiúil a rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí le chéile, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na réamhchoinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha comhlíonta maidir leis an oibríocht MFA atá beartaithe.

Comhthéacs ginearálta

Tá na rioscaí a bhaineann leis an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus leis na hábhair imní slándála ag an teorainn leis an Rúis ag méadú go seasta ó bhí lár mhí na Samhna ann. Cuireann an méid sin isteach go mór ar mhuinín na n‑infheisteoirí, mar a léirítear leis an eis‑sreabhadh rialta caipitil agus ídiú cúlchistí oifigiúla eachtracha. I ngeall ar an lagú ar an hryvna, d’ainneoin na n‑idirghabhálacha leanúnacha ó Bhanc Náisiúnta na hÚcráine chun tacú leis an airgeadra intíre, agus an caillteanas de facto maidir le rochtain an rialtais ar mhargaí caipitil, méadaítear go mór na rioscaí a bhaineann le hionchas maicreacnamaíoch na hÚcráine. Tar éis cúlú eacnamaíoch 4 % in 2020 nach raibh chomh dian lena rabhthas ag súil, tháinig crapadh 2,2 % ar an Olltáirgeacht Intíre bliain ar bhliain sa chéad ráithe de 2021. Is cúis díomá é an méadú 5,7 % bliain ar bhliain a tharla sa dara ráithe, i bhfianaise mhéid an chraptha roimhe sin, agus ina dhiaidh sin tháinig laghdú 2,7 % ar fhás sa tríú ráithe. Is é is cúis leis na laigí san fhás an phaindéim dhian leanúnach (agus líon chásanna COVID-19 ag méadú agus ráta vacsaínithe réasúnta íseal faoi bhun 33 % faoi dheireadh mhí Eanáir 2022), an tionchar ar mhuinín mar gheall ar an teannas atá ag dul in olcas, agus tosca struchtúracha srianta, lena n‑áirítear ráta infheistíochta fíoríseal. I measc na mbacainní struchtúracha móra ar an infheistíocht, leanann an t‑éilliú forleathan agus an t‑athchóiriú rialachais neamhchríochnaithe ar an dlúthlíonra fiontar atá faoi úinéireacht stáit de bheith ina dtosaíochtaí maidir le hiarrachtaí beartais a bheidh ann amach anseo.

Agus an fás airgeadaíochta agus an dlús atá faoin mboilsciú á gcur san áireamh, mhéadaigh Banc Náisiúnta na hÚcráine (NBU) a phríomhráta beartais faoi 400 bonnphointe go 10 % idir mí an Mheithimh 2021 agus mí Eanáir 2022. I ndiaidh díbhoilsciú mór sa chéad leath de 2020, bhí dlús ag teacht faoin mboilsciú arís i mí na Samhna 2020. Shroich an meánmhéadú ar phraghsanna earraí do thomhaltóirí leibhéal 11 % i mí Mheán Fómhair 2021, sular shocraigh sé ag 10 % i mí na Nollag. Tá dlús fós faoi bhoilsciú praghsanna earraí táirgeoirí, le ráta ard 62,2 % bainte amach aige i mí na Nollag 2021. Cé go measann NBU gur baineadh amach an bhuaicphointe sa bhoilsciú, tá coinne le tuilleadh géarú airgeadaíochta i rith 2022, go háirithe chun an boilsciú a chur ar ais chuig an sprioc idir 4 % agus 6 %. Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair maidir le coinníollacha maoiniúcháin a ghéarú de réir a chéile ar fud an domhain, agus mar mhargadh atá ag teacht chun cinn, tá an Úcráin neamhchosanta freisin ar leochaileacht bhreise a eascraíonn as athmheasúnú ar rioscaí domhanda.

De dhroim an bhorrtha faoin bhfás agus ioncam cánach níos airde, meastar go bhfuil easnamh poiblí 2021 cothrom le 3,1 % den Olltáirgeacht Intíre, rud atá 200 bonnphointe níos ísle ná an t‑easnamh a bhí beartaithe ar dtús. Tháinig méadú 24 % ar ioncam poiblí in 2021, rud atá 2,8 phointe céatadáin níos airde ná mar a bhí beartaithe, agus tháinig méadú 11 % ar an gcaiteachas, rud atá 1,5 phointe céatadáin faoi bhun na sprice. I bhfianaise na dtorthaí sin, bhí rath ar an iomlán ar an airgeadas poiblí anuraidh. Meastar go mbeidh an t‑easnamh i mbuiséad 2022 ag 3,5 % den Olltáirgeacht Intíre, ach tá an ráta iarbhír an‑neamhchinnte, d’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos measa, agus beidh sé ag brath go háirithe ar an gcaoi a n‑athróidh an comhthéacs geopholaitiúil idirnáisiúnta.

Tar éis athchromadh ar an bhfás eacnamaíoch, d’fhorbair an barrachas mór a bhí sa chuntas reatha in 2020 ina easnamh in 2021, rud a léiríonn comhbhrú an éilimh. Tar éis barrachas USD 5.3 billiún in 2020, cláraíodh easnamh USD 830 milliún sa chuntas reatha, nó 0,5 % den Olltáirgeacht Intíre, sa tréimhse idir mí Eanáir agus mí Lúnasa 2021. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 36 % agus 30 % bliain ar bhliain ar onnmhairí agus allmhairí earraí, faoi seach, ar rud é a d’fhág easnamh USD 3 bhilliún sa trádáil i dtráchtearraí. Barrachas USD 2.3 billiún a bhí in iarmhéid na seirbhísí, réimse inar tháinig méadú 12 % agus 21 % faoi seach ar onnmhairí agus allmhairí. Easnamh mór USD 3 bhilliún a bhí san ioncam príomha, i gcomparáid leis an mbarrachas USD 3.2 billiún a bhí ann idir mí Eanáir agus Lúnasa 2020, d’ainneoin méadú 18 % a tháinig ar íocaíochtaí go USD 8.9 billiún. Tháinig feabhas mór ar stoc na hinfheistíochta dírí coigríche sa chéad leath de 2021, go háirithe mar gheall ar ath‑infheistiú tuillimh.

Bhí cúlchistí malairte eachtraí na hÚcráine cobhsaí le linn na paindéime in 2020, agus shroich sé USD 31.6 billiún i mí Lúnasa 2021, arbh é sin ab airde riamh é, lena n‑áirítear leithdháileadh breise na gCeart Tarraingthe Speisialta ag CAI dar luach USD 2.73 billiún. D’ainneoin laghdú beag i mí Mheán Fómhair 2021, lean na cúlchistí de bheith ag fás agus d’fhan siad gar do USD 31 bhilliún i mí na Nollag anuraidh, rud atá fós 6 % níos airde ná an bhliain roimhe sin. Mar sin féin, i bhfianaise an athraithe a tháinig le déanaí ar mhuinín infheisteoirí agus idirghabhálacha an bhainc cheannais sa mhargadh malairte eachtraí dar luach USD 700 milliún é ag tús 2022, meastar go mbeidh laghdú tagtha ar chúlchistí oifigiúla.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cinneadh Uimh. 701/2020/AE maidir leis an gcúnamh macrairgeadais arna chur ar fáil don Úcráin roimhe seo (mar chuid den phacáiste MFA do thíortha an mhéadaithe agus do thíortha comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19), cúnamh macrairgeadais arbh fhiú EUR 1.2 billiún in iasachtaí, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an gCinneadh sin an 25 Bealtaine 2020. Rinneadh an cúnamh a eisíoc go hiomlán le linn 2020-2021.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an cúnamh macrairgeadais atá beartaithe i gcomhréir le cuspóirí Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Rannchuidíonn sé le cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus forbairt san Úcráin a chur chun cinn agus, níos ginearálta fós, an athléimneacht a chur chun cinn i gcomharsanacht Oirthear na hEorpa. Trí thacú le hiarrachtaí na n‑údarás creat seasmhach maicreacnamaíoch a bhunú agus athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha a chur chun feidhme, cuirfidh an oibríocht atá beartaithe leis an mbreisluach a bhaineann leis an ról atá ag an Aontas Eorpach san Úcráin agus le héifeachtacht cineálacha eile cúnaimh airgeadais ón Aontas, lena n‑áirítear cúnamh buiséid agus deontais atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais seachtracha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha don tréimhse 2021-2027. An MFA éigeandála atá beartaithe, is cuid de phacáiste de chuid an Aontais é ina bhfuil eilimint deontais, trí bhíthin EUR 120 milliún a imlonnú sa bhreis faoin ‘Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta’ (NDICI-An Eoraip Dhomhanda), agus is cuid lárnach é den tacaíocht idirnáisiúnta iomlán don Úcráin. Le MFA leanfar den chúnamh a thugann deontóirí iltaobhacha agus déthaobhacha eile a chomhlánú.

Ba cheart féachaint ar na hiarrachtaí sin i bhfianaise na nasc tábhachtach eacnamaíoch atá bunaithe ag an Úcráin leis an Aontas Eorpach. An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin i bhfeidhm. Na forálacha a bhaineann le Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, bhí siad á gcur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2016 ann, tráth a thosaigh an tAontas agus an Úcráin ag oscailt a gcuid margaí earraí agus seirbhísí dá chéile. Tá an tAontas Eorpach ar an gcéad chomhpháirtí trádála atá ag an Úcráin, agus b’fhiú an trádáil sin agus 38,1 % (de réir luacha) de láimhdeachas trádála seachtrach iomlán na hÚcráine in 2020. Is iad Ballstáit an Aontais is cúis go leanúnach le haon trian d’onnmhairí earraí agus seirbhísí na hÚcráine. Tá tuilleadh méadaithe tagtha ar líon na n‑allmhairí ó na Ballstáit agus sroicheadh leibhéal 43,3 % de na hallmhairí uile in 2020.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 212 CFAE an bunús dlí atá leis an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leormhaith maidir le cobhsaíocht mhacrairgeadais a athshlánú go gearrthéarmach san Úcráin agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú maith idir na deontóirí chun gur féidir cur le scála agus le héifeachtacht an chúnaimh a oiread agus is féidir.

Comhréireacht

Comhlíontar leis an togra prionsabal na comhréireachta: ní théann sé thar an méid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhacrairgeadais a ghnóthú go gearrthéarmach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs an tSocraithe Teannta atá ann faoi láthair, tá méid an chúnaimh macrairgeadais atá beartaithe cothrom le thart ar leath den bhearna iarmharach sa mhaoiniú a mheastar a bheidh ann le haghaidh 2022, agus ag cur san áireamh gur ríomhadh an bhearna sin roimh an meath a tháinig ar an ngéarchéim. Tá an sciar sin comhsheasmhach leis na cleachtais chaighdeánacha maidir le comhroinnt ualaigh d’oibríochtaí MFA (i gcás tíre a bhfuil Comhaontú Comhlachais aici, is é 60 % an uasteorainn a bheadh ann i gcomhréir leis na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 8 Deireadh Fómhair 2002), agus an cúnamh a thug deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile don Úcráin á chur san áireamh.

An rogha ionstraime

Ní bheadh maoiniú tionscadal ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha sin. Is é an breisluach is mó a bhainfeadh leis an gcúnamh macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile an Aontais go maolófaí srianta airgeadais sheachtraigh agus go mbeadh sé ina chuidiú chun creat maicreacnamaíoch cobhsaí a chruthú, lena n‑áirítear cuidiú trí chomhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach a bheadh inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí chúnamh a thabhairt creat beartais iomchuí a chur ar bun, bíonn sé de bhua ag an gcúnamh macrairgeadais go gcuireann sé le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear san Úcráin faoi ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuirtear cúnamh macrairgeadais ar fáil mar dhlúthchuid den tacaíocht idirnáisiúnta do chobhsaíocht eacnamaíoch na hÚcráine. Agus an togra seo le haghaidh cúnamh macrairgeadais á ullmhú, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le CAI agus leis an mBanc Domhanda, a bhfuil cláir mhaoiniúcháin measartha mór curtha ar bun acu cheana féin. Bhí an Coimisiún i dteagmháil rialta freisin le húdaráis na hÚcráine.

Bailiú agus úsáid saineolais

I gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais agus i gcomhthéacs phacáiste MFA COVID-19, rinne seirbhísí an Choimisiúin Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na hÚcráine chun a áirithiú go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le bainistíocht chúnamh an chláir, an cúnamh macrairgeadais san áireamh. Sa Mheasúnú Oibríochtúil sin, baineadh leas as torthaí Mheasúnú Oibríochtúil 2018 a d’fhéadfaí a mheas a bheith nach mór cothrom le dáta, agus as an anailís chríochnúil ar thuarascáil mheasúnachta 2019 ar fheidhmíocht maidir le Caiteachas Poiblí agus Cuntasacht Airgeadais. Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú go bhfuil na scagchuarda airgeadais agus na nósanna imeachta airgeadais san Úcráin bunaithe ar phrionsabail fhónta agus go n‑oibríonn siad ar na prionsabail sin agus dá bhrí sin meastar iad a bheith iomchuí chun críoch Cúnaimh Macrairgeadais. Leanfar d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin freisin trí na tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn maidir le hathchóirithe PFM a rinne Toscaireacht an Aontais in Kyiv.

Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macrairgeadais an Aontais Eorpaigh agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, ní gá, mar chuid den togra seo maidir le cúnamh macrairgeadais, Measúnú Tionchair a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD (2015) 111 final) mar go bhfuil riachtanas polaitiúil ann gníomhú go pras i gcás a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith.

Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh as meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí roimhe seo i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an gcúnamh macrairgeadais nua, agus leis an gclár um choigeartú eacnamaíoch agus um athchóiriú a ghabhann leis, cuideofar le riachtanais mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha na hÚcráine a mhaolú. Leis na bearta beartais arb é is aidhm dóibh comhardú meántéarmach na n‑íocaíochtaí agus an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú, méadófar athléimneacht agus rannchuideofar le samhail fáis níos inbhuanaithe agus, ar an gcaoi sin, comhlánófar clár CAI atá ann faoi láthair. Leis na coinníollacha beartais ba cheart a thógáil ar a bhfuil bainte amach leis na cúig chlár cúnaimh macrairgeadais a bhí ann ó 2015, lena n‑áirítear an cúnamh macrairgeadais éigeandála COVID-19 is déanaí. D‘fhéadfaí a áireamh, i bprionsabal, ar réimsí coinníollachta a d’fhéadfadh a bheith ann athchóirithe chun an comhrac i gcoinne an éillithe, neamhspleáchas an chórais bhreithiúnaigh, rialachas na bhfiontar atá faoi úinéireacht an stáit agus earnáil an fhuinnimh a neartú.

Cearta bunúsacha

Tá tíortha atá cumhdaithe ag BCE incháilithe le haghaidh cúnamh macrairgeadais. Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír incháilithe cloí le sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta, mar aon le ráthaíocht go dtabharfaí urraim do chearta an duine.

Is dea-chomhartha soiléir é an tiomantas athnuaite i leith athchóirithe agus an toil láidir pholaitiúil ag údaráis na hÚcráine, go háirithe mar a léirítear le tabhairt i gcrích rathúil na coinníollachta beartais struchtúraí a bhí i gceangal leis an gclár cúnaimh macrairgeadais COVID-19 is déanaí agus leis an gcúigiú clár cúnaimh macrairgeadais COVID-19 don Úcráin, i bpríomhréimsí amhail an bhreithiúnacht, an dea-rialachas, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe. Tá na húdaráis tiomanta na hathchóirithe sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Chuige sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh oibríocht MFA a bheith comhlíonta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beartaítear go n‑eisíocfar EUR 1.2 billiún oibríocht an chúnaimh macrairgeadais don Úcráin ina dhá thráinse chomhionanna a scaoilfear laistigh de 12 mhí. Gheofar na cistí sin ar iasacht ón margadh caipitil agus déanfar iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Cumhdófar an iasacht faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Déanfar an soláthar is gá (ag ráta 9 % de mhéid na hiasachta) faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), ar mhéid iomlán EUR 108 milliún (líne bhuiséid 14 02 01 70 ‘NDICI – An Ciste don Soláthar Coiteann a Sholáthar’).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an tAontas an cúnamh macrairgeadais, ar mhéid iomlán EUR 1.2 billiún é, ar fáil don Úcráin agus cuirfear ar fáil é i bhfoirm iasachtaí meántéarmacha go fadtéarmacha. Beidh an cúnamh ina chuidiú leis na riachtanais mhaoiniúcháin atá fós ag an Úcráin in 2022 a chumhdach. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina dhá thráthchuid cothroma. Scaoilfí an chéad tráinse go pras i ndiaidh fhormheas an togra seo agus i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana chomhfhreagraigh. Dhéanfaí an dara tráinse a eisíoc ar choinníoll go gcuirfí na bearta beartais struchtúracha chun feidhme go rathúil agus go tráthúil, ar rud é a bheadh ina ghealltanas ag údaráis na hÚcráine.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Tiocfaidh an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine ar chomhaontú i dtaobh Meabhrán Tuisceana ina leagfar amach bearta le haghaidh athchóiriú struchtúrach a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais atá beartaithe, lena n‑áirítear uainiú agus seicheamhú an chúnaimh. Ina theannta sin, mar is gnách i gcás MFA, bheadh na heisíocaíochtaí ag brath, inter alia, ar chur chun feidhme rathúil leanúnach chlár CAI, chomh maith le dul chun cinn maidir leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin agus an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur chun feidhme. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngníomhaíochtaí beartais agus na réamhchoinníollacha, mar a shonraítear thuas.

2022/0026 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus an Úcráin faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, lena náirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)Ó bhí earrach 2014 ann, tá an Úcráin ag tabhairt faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú a bhfuil sé d’aidhm aige an geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár, tá an comhrac i gcoinne an éillithe chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na nathchóirithe sin le cúig chlár Cúnaimh Macrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin iasachtaí cúnaimh dar luach EUR 5 bhilliún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais is déanaí, cúnamh macrairgeadais COVID-19 1 , tugadh EUR 1.2 billiún d’iasachtaí agus cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2021 é.

(3)Rinne cúlú eacnamaíoch 2020 a d’eascair as paindéim COVID-19 agus bagairtí slándála leanúnacha ar theorainn na hÚcráine leis an Rúis difear do gheilleagar na hÚcráine. Tá caillteanas muiníne mar thoradh ar mhéadú leanúnach na héiginnteachta, lena ndéantar difear diúltach don ionchas eacnamaíochta, chomh maith le caillteanas rochtain ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta ó bhí lár mhí Eanáir 2022 ann. Cuireann na coinníollacha maoiniúcháin atá ag dul in olcas go tapa leis an mbearna iarmharach sa mhaoiniú seachtrach, bearna atá mór agus ag leathnú agus a chuireann siad isteach go mór ar infheistíocht, rud a lagaíonn an athléimneacht maidir le turraingí eacnamaíocha agus polaitiúla amach anseo.

(4)Léirigh rialtas na hÚcráine gealltanas láidir i leith tuilleadh athchóirithe, le béim ghearrthéarmach ar an bpointe cinniúnach atá ann faoi láthair maidir le réimsí beartais ríthábhachtacha amhail athléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch, rialachas agus an smacht reachta, agus fuinneamh.

(5)Le tiomantas athnuaite i leith athchóirithe agus toil láidir pholaitiúil, chuir na húdaráis dlús le cur chun feidhme athchóirithe ó bhí samhradh 2021 ann, rud a chur ar chumas don Úcráin oibríocht MFA COVID-19 a chur i gcrích go rathúil, ós rud é gur comhlíonadh gach gníomhaíocht athchóirithe arna gcomhaontú leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana.

(6)D’fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (‘CAI’) Socrú Teannta 18 mí leis an Úcráin i mí an Mheithimh 2020 dar luach USD 5 bhilliún chun tuilleadh solúbthachta beartais a cheadú i gcomhthéacs na géarchéime a bhaineann le COVID-19. Dírítear ar na ceithre thosaíocht seo a leanas sna beartais a comhaontaíodh: (i) tionchar eacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, lena náirítear trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí; (ii) neamhspleáchas leanúnach an bhainc ceannais agus ráta malairte solúbtha a áirithiú; (iii) cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus na costais ó réitigh bainc á naisghabháil; agus (iv) leanúint ar aghaidh le príomhbhearta rialachais agus frithéillithe chun gnóthachain a baineadh amach le déanaí a chaomhnú agus a dhoimhniú. De dheasca teist cur chun feidhme neamhchothrom, maidir leis an gcéad athbhreithniú ar an gclár, lenar comhaontaíodh síneadh ama ar an gclár go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022, níor cuireadh an tathbhreithniú sin i gcrích go dtí mí na Samhna 2021. Leis sin tugadh iomlán na neisíocaíochtaí faoi chlár CAI atá ann faoi láthair go méid atá coibhéiseach le USD 2.8 billiún go dtí seo. Tá dhá athbhreithniú eile beartaithe faoi dheireadh an dara ráithe de 2022.

(7)I bhfianaise ardrioscaí maoinithe buiséadacha, i gcomhthéacs téarnamh mall ó chúlú eacnamaíoch COVID-19 agus boilsciú atá ag méadú go tapa, d’iarr an Úcráin clár cúnaimh macrairgeadais nua fadtéarmach suas le EUR 2.5 billiún ón Aontas an 16 Samhain 2021. É sin ráite, tá an oibríocht éigeandála seo, go háirithe, ag comhfhreagairt don mhéadú géar gan choinne i riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na tíre, a eascraíonn as an gcaillteanas de facto maidir le rochtain ar mhargaí airgeadais, agus do na dúshláin bhunúsacha reatha.

(8)Ós rud é gur tír í an Úcráin a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(9)Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n‐íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha chun an staid i dtaca le comhardú na n‐íocaíochtaí sa ghearrthéarma agus an athléimneacht eacnamaíoch sa mheántéarma a fheabhsú.

(10)I bhfianaise gur chruthaigh an caillteanas rochtain ar an margadh agus an eissreabhadh caipitil bearna mhór iarmharach sa mhaoiniú seachtrach i gcomhardú íocaíochtaí na hÚcráine, ar bhearna í atá go mór os cionn na nacmhainní a sholáthraítear le CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, maidir leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála ón Aontas atá le soláthar don Úcráin go gasta, sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, meastar gur freagairt iomchuí ghearrthéarmach é ar na rioscaí móra don tír. Thabharfadh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas tacaíocht don chobhsaíocht eacnamaíoch agus bheadh sé mar aidhm leis díriú ar athléimneacht láithreach na tíre a láidriú, chomh maith le clár oibre athchóirithe struchtúraigh na hÚcráine a neartú nuair is féidir déanamh amhlaidh, lena bhforlíonfaí acmhainní arna gcur ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI.

(11)Ba cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a bheith dírithe ar thacaíocht a thabhairt don staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Úcráin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(12)Meastar go mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme eisíocaíochtaí oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

(13)Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil ar na riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, agus cuirtear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda a chomhlánú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais measta ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(14)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, leis na príomhphrionsabail, príomhchuspóirí agus príomhbhearta a bhaineann le réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(15)Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macrairgeadais á chur i bhfeidhm chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(16)Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Úcráin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, lena náirítear an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(17)Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — chomh maith leis an smacht reachta, agus a ráthú go nurramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún araon faireachán rialta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na réamhchoinníollacha sin a chomhlíonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach.

(18)Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha agus go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí.

(19)Ní dochar scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(20)Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn maidir le cúnamh macrairgeadais a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(21)Is é an Coimisiún ar cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(22)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 .

(23)Ba cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a bheith faoi réir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh ós cionn EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

(24)Ós rud é go háirithe nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a bhaint amach, eadhon cúnamh éigeandála a sholáthar don Úcráin chun tacú le hathléimneacht agus cobhsaíocht na tíre, ach de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(25)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(26)Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais, EUR 1.2 billiún ar a mhéid, a chur ar fáil don Úcráin (‘an cúnamh macrairgeadais ón Aontas’), d’fhonn tacú le cobhsú maicreacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú. Is i bhfoirm iasachtaí a chuirfear an cúnamh ar fáil. Beidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Rannchuideoidh an cúnamh chun riachtanais na hÚcráine maidir le comhardú na níocaíochtaí, mar a sainaithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.

2.Chun an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 15 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí.

3.Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas, de réir na gcomhaontuithe agus na gcomhthuiscintí a tugadh i gcrích idir CAI agus an Úcráin, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na nathchóirithe eacnamaíocha arna leagan amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, lena náirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil ar feadh tréimhse 1 bhliain, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas á heisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamhmheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go nurramófar cearta an duine.

2.Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

3.Cuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 4 .

Airteagal 3

1.I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hÚcráine, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus coinníollacha dea-shainithe beartais eacnamaíoch, lena ndíreofar ar athchóirithe struchtúracha agus airgeadas poiblí fónta, a mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i Meabhrán Tuisceana (‘an Meabhrán Tuisceana’) ina mbeidh creat ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena náirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Úcráin le tacaíocht ó CAI.

2.Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a fheabhsú, lena náirítear i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála atá cothrom agus bunaithe ar rialacha, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.I gComhaontú Iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

4.Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena náirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hÚcráine i gcomhréir leis na cuspóirí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil ina dhá thráthchuid chothroma, a mbeidh gach ceann díobh ina iasacht. Leagfar síos an amlíne maidir le heisíocaíocht gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.I gcás inar gá, soláthrófar méideanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas arna gcur ar fáil i bhfoirm iasachtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2;

(b)teist shásúil leanúnach maidir le socrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúraim é a chur chun feidhme;

(c)na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth níos luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a scaoileadh.

4.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcur ar ceal.

5.Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena náirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochtaí, ná ní nochtfar é ar aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, nó ar aon riosca tráchtála eile.

2.I gcás ina gceadófar sin leis na himthosca, agus má iarann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go náirítear clásal luathaisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na noibríochtaí iasachtaíochta.

3.I gcás ina gceadófar ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta leis na himthosca agus má iarrann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a hiasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na niasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.Is ar an Úcráin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

5.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

2.Beidh cur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi bhainistíocht dhíreach.

3.Beidh forálacha sa Chomhaontú Iasachta agus sa Chomhaontú Deontais a chomhaontófar le húdaráis na hÚcráine:

(a)forálacha lena náirithítear go ndearbhóidh an Úcráin go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chiste míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)forálacha lena náirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 7 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 8 , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 10 ; go sonrach, chuige sin, údarófar go sainráite don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear, go háirithe, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena náirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití; forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(c)forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil, lena n‐áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(d)forálacha lena núdarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luathaisíocaíocht ar an iasacht agus/nó lánaisíocaíocht ar an deontas i gcás ina mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, go raibh an Úcráin ag gabháil d’aon ghníomh calaoise nó éillithe nó d’aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(e)Forálacha lena náirithítear gur ar an Úcráin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis an gcúnamh airgeadais.

4.Sula gcuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:

(a)scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le scaoileadh thráthchodanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

2.Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais breise a chur ar fáil do Phoblacht na hÚcráine

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 11  

An réimse beartais:    Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht:    Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 12  

  Baineann an togra/tionscnamh le síneadh a chur le beart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

‘Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht: an rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach’

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

‘An rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach’

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Na gníomhaíochtaí a bhaineann le AS ECFIN, tá baint acu leis an méid seo a leanas:

(a)    Tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, agus áirítear ar na bealaí chun é sin a dhéanamh idirphlé rialta eacnamaíoch a dhéanamh le comhpháirtithe tábhachtacha agus trí chúnamh macrairgeadais a sholáthar; agus

(b)    Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le méadú agus bheartais chomharsanachta an Aontais agus thosaíochtaí eile an Aontais i gcomhpháirtithe trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a chur ar fáil.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

·Rannchuidiú le riachtanais mhaoiniúcháin sheachtraigh na hÚcráine a chumhdach i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntais sheachtracha de dheasca phaindéim reatha COVID-19 agus i gcomhthéacs thionchar an teannais gheopholaitiúil ag an teorainn ar mhuinín.

·Riachtanais mhaoiniúcháin bhuiséadaigh an chomhpháirtithe a mhaolú.

·Tacaíocht a thabhairt don iarracht comhdhlúthaithe fhioscaigh agus don chobhsú seachtrach i gcomhthéacs chlár CAI.

·Tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar an mbainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh ceangal ar údaráis na hÚcráine tuairisc a thabhairt go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus tuarascáil chuimsitheach a ullmhú faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh sula n‑eisíocfar tráthchodanna an chúnaimh.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin san Úcráin, measúnú a tíolacadh i mí an Mheithimh 2020. Cuirfidh Toscaireacht an Aontais sna comhpháirtithe tuairiscí ar fáil go tráthrialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an gcúnamh. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth‑theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an mBanc Domhanda chun leas a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha sa chomhpháirtí féin.

Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil MFA faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de 2 bhliain tar éis don tréimhse cur chun feidhme dul in éag.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Beidh eisíocaíocht an chúnaimh ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla agus ar chur chun feidhme rathúil chlár CAI go leanúnach. Maidir leis an gclár CAI atá ann faoi láthair, a d’fhormheas an Bord an 9 Meitheamh 2020, tar éis do na húdaráis san Úcráin roinnt réamhghníomhaíochtaí a chur chun feidhme, cuireadh síneadh leis an gclár sin an 21 Samhain 2021 go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022, tar éis an chéad athbhreithnithe ar an gclár a thabhairt i gcrích. Sa bhreis air sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na hÚcráine maidir le coinníollacha sonracha beartais, agus liostófar iad i Meabhrán Tuisceana.

Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina dhá thráthchuid. Meastar go ndéanfar an chéad tráthchuid a eisíoc ar theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana, rud a d’fhéadfadh tarlú sa chéad ráithe de 2022. D’fhéadfaí an dara tráthchuid a eisíoc laistigh de bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ionstraim atá bunaithe ar bheartais is ea ionstraim an chúnaimh macrairgeadais atá spriocdhírithe ar riachtanais airgeadais sheachtracha a mhaolú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. I bhfianaise an chaillteanais maidir le rochtain ar na margaí caipitil idirnáisiúnta, cuirtear ar fáil leis an ionstraim maoiniú riachtanach don bhearna iarmharach i maoiniú na tíre, ar bearna í atá ag méadú. Déanfaidh an cúnamh macrairgeadais comhlánú ar na hacmhainní atá curtha ar fáil ag na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh. Agus sin á dhéanamh, rannchuideoidh sé le héifeachtacht fhoriomlán na tacaíochta airgeadais atá curtha ar fáil ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, agus an chúnaimh airgeadais eile ón Aontas Eorpach chomh maith, oibríochtaí tacaíochta buiséadaí san áireamh.

Ina theannta sin, trí mhaoiniú fadtéarmach a chur ar fáil i dtéarmaí an‑lamháltais, níos ísle de ghnáth ná an chuid eile de dheontóirí idirnáisiúnta nó déthaobhacha, meastar go gcabhróidh an clár MFA leis an rialtas a bhuiséad a chur i bhfeidhm gan dialltaí fioscacha agus go gcuirfidh sé le hinbhuanaitheacht fiachais.

Chomh maith le tionchar airgeadais an chúnaimh macrairgeadais, neartóidh an clár atá beartaithe tiomantas na rialtas don athchóiriú agus an uaillmhian atá acu caidreamh níos dlúithe a bhaint amach leis an Aontas Eorpach, mar a léirítear sa Chomhaontú Comhlachais a tháinig i bhfeidhm in 2017. Bainfear an toradh sin amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí maidir le heisíocaíocht an chúnaimh. I gcomhthéacs níos leithne, tabharfaidh an clár le fios go bhfuil an tAontas Eorpach réidh chun tacaíocht a thabhairt do Chomharsanacht an Oirthir, lena n‑áirítear an Úcráin, in aimsir na ndeacrachtaí eacnamaíocha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i gcomhpháirtithe, tá siad faoi réir meastóireacht ex-post. Is é an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí a rinneadh go dtí seo (ar chláir cúnaimh macrairgeadais atá críochnaithe) gurb amhlaidh a bhíonn an cúnamh macrairgeadais ina chuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa chomhpháirtí agus go gcabhraíonn sé le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach. I bhformhór na gcásanna, ba chun sochair a chuaigh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais do chomhardú íocaíochtaí an chomhpháirtí agus chuidigh lena srianta buiséadacha a mhaolú. Ba thoradh eile ar an tacaíocht gur mhéadaigh ar an bhfás eacnamaíoch de bheagán.

Baineann an mheastóireacht dheireanach a rinneadh ar oibríocht MFA i leith na hÚcráine le hidirghabháil a cuireadh chun feidhme idir 2015 agus 2018 (MFA III). Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht go raibh MFA III an‑ábhartha i dtéarmaí na gcuspóirí, an imchlúdaigh airgeadais agus na gcoinníollacha beartais a bhaineann le MFA III. Thug an oibríocht tacaíocht éifeachtach do chomhdhlúthú fioscach na tíre agus chuidigh sí leis an Úcráin a staid maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí a fheabhsú. Le coinníollacht MFA III cruthaíodh éifeacht treisithe polaitiúil, ar rud é a chuidigh le húdaráis na hÚcráine a shlógadh maidir le hathchóirithe ríthábhachtacha (eadhon: bainistíocht airgeadais phoiblí; earnáil an fhuinnimh; rialachas agus trédhearcacht; an earnáil airgeadais). Leis an gclár freisin cuireadh breisluach ar fáil tríd an éifeacht a bhí aige ar bhorradh a chur faoin muinín san earnáil phríobháideach.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil

I gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cumhdófar soláthar iasachtaí MFA faoin méid iomlán dá bhforáiltear chun an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha laistigh de NDICI - An Eoraip Dhomhanda a sholáthar. Is leor an acmhainn iasachtaithe (táscach) atá beartaithe don chúnamh macrairgeadais chun an oibríocht seo a chumhdach agus chun oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais eile atá á gcur chun feidhme a chumhdach.

Sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Úcráin, agus tugann sé tacaíocht dá hathchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha maille le tacaíocht do shochaí shibhialta na tíre. EUR 5 bhilliún a bhí i dtacaíocht airgeadais an Aontais don Úcráin le linn 2015-2021 trí bhíthin cláir chúnaimh macrairgeadais. Comhlánaíonn an clár cúnaimh macrairgeadais seo gníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais Eorpaigh nó ionstraimí a úsáidtear chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin. Tá sé ailínithe freisin leis an Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) agus leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA-III) le haghaidh 2021-2027. 

I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le cúnamh macrairgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach níos inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a fhorbairt. Ní thugann an cúnamh macrairgeadais gnáth‑thacaíocht airgeadais agus cuirfear deireadh leis a luaithe is a chuirfear staid sheachtrach airgeadais an chomhpháirtí ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.

Ina theannta sin, bheadh an cúnamh macrairgeadais comhsheasmhach le hidirghabhálacha atá beartaithe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Trí iasachtaí a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht MFA seo tríd an éifeacht ghiarála agus déantar foráil maidir leis an rogha is costéifeachtaí.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é an aidhm cistí a fháil ón margadh ar na rátaí is fearr is féidir a bhuí leis an stádas creidmheasa is airde a bheith ag an Aontas Eorpach/ Euratom (arna rátáil AAA ag Fitch, Moody’s agus DBRS, AA ag S&P, agus ionchas cobhsaí i gceist i ngach cás) agus ina dhiaidh sin na cistí céanna a thabhairt ar aghaidh ar iasacht d’iasachtaithe incháilithe i gcomhthéacs iasachtaí faoi EFSM, BoP, MFA agus do thionscadail Euratom. Déantar iasachtaí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht mar oibríocht droim-le-droim, rud a áirithíonn nach dtógann buiséad an Aontais aon ráta úis ná aon riosca malairte eachtraí. Baineadh amach an sprioc maidir le cistí a fháil ar na rátaí is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe toisc go bhfuil na rátaí sin i gcomhréir le hinstitiúidí piaraí (BEI, EFSM, agus ESM).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X fad teoranta

   i bhfeidhm le linn tréimhse 12 mhí dar tús 2022

   Tionchar airgeadais ó 2022 go 2023 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2022 go 2023 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 13   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

De chineál maicreacnamaíoch is ea an cúnamh seo agus ceapadh é i gcomhréir le clár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn chur chun feidhme rathúil leanúnach chlár CAI agus na mbeart athchóirithe sonrach atá le comhaontú le húdaráis na hÚcráine i Meabhrán Tuisceana ar mhinicíocht atá ag teacht le líon na dtráthchodanna (Féach freisin pointe 1.4.4).

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

Braitheann eisíocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais ar athbhreithnithe rathúla, agus bíonn siad ceangailte le comhlíonadh na coinníollachta a ghabhann le gach oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na gcoinníollacha, i ndlúthchomhar le Toscaireachtaí an Aontais.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na rioscaí a sainaithníodh

Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Tá riosca ann go n‑úsáidfí an cúnamh macrairgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an riosca sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hÚcráine agus san Aireacht Airgeadais, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá an dara riosca ann, is é sin go bhféadfadh sé nach n‑éireodh leis an Úcráin ús a íoc ar a cuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí macrairgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach na tíre in olcas an athuair.

Tá príomhriosca eile ann maidir leis an oibríocht, dá rachadh an teannas idir an Úcráin agus an Rúis in olcas, d’fhéadfadh sé sin tionchar diúltach a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch na hÚcráine, rud a chuirfeadh isteach ar fheidhmíocht chlár CAI agus ar eisíocaíocht agus/nó aisíocaíocht an chúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear le hAirteagal 129 den Rialachán Airgeadais

Ex-ante: Measúnú an Choimisiún ar chórais bhainistíochta agus rialaithe sa tír is tairbhí. I gcás gach tír is tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú oibríochtaí ex-ante ar na scagchuarda airgeadais agus ar an timpeallacht rialaithe, más gá, le tacaíocht theicniúil ó chomhairleoirí. Déanfar anailís ar nósanna imeachta cuntasaíochta, ar dheighilt na ndualgas agus ar iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach an Bhainc Ceannais agus na hAireachta Airgeadais chun leibhéal réasúnta cinnteachta a áirithiú maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. I gcás go sainaithnítear aon laige, déanfar coinníollacha díobh, coinníollach nach mór a chur chun feidhme sula ndéanfar an cúnamh a eisíoc. Chomh maith leis sin, nuair is gá, leagfar síos socruithe sonracha le haghaidh íocaíochtaí (e.g. cuntais imfhálaithe).

Le linn an chur chun feidhme: seiceálacha an Choimisiúin ar dhearbhuithe tréimhsiúla na gcomhpháirtithe. Beidh an íocaíocht faoi réir ag (1) faireachán arna dhéanamh ag baill foirne AS ECFIN, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis na páirtithe leasmhara seachtracha, CAI mar shampla, ar chur chun feidhme na gcoinníollachtaí arna gcomhaontú, agus (2) an gnáthnós imeachta maidir le rialú dá bhforáiltear ag an scagchuaird airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN, lena n‑áirítear fíorúchán arna dhéanamh ag an aonad airgeadais ar na coinníollacha atá curtha le heisíocaíocht an chúnaimh a luaitear thuas. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex-post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex-post ón Ard‑Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean atá freagrach as. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoiniúcháin leis na comhpháirtithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Na córais rialaithe atá ann, mar atá na measúnuithe oibríochtaí ex-ante nó na measúnuithe , d’áirithigh siad ráta earráide éifeachtach 0 % maidir leis na híocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe ná gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:

I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an tacaíocht, lena n‑áirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d’fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an t‑airgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Náisiúnta na hÚcráine.

Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, tá Measúnú Oibríochtúil déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na hÚcráine chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leormhaithe á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht ar chúnamh cláir, cúnamh mhacrairgeadais san áireamh. Leis an measúnú a rinneadh i mí an Mheithimh 2020, cumhdaítear réimsí amhail ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Déanfaidh Toscaireacht an Aontais Eorpaigh sa chomhpháirtí féin grinnfhaireachán breise ar fhorbairtí sa réimse sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht bhuiséadach á úsáid ag an gCoimisiún chun cabhrú le húdaráis na hÚcráine a gcórais bainistithe airgeadais phoiblí a fheabhsú, agus tacaíonn deontóirí eile go mór leis na hiarrachtaí sin.

Ar deireadh, beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 14

ó thíortha de chuid CSTE 15

ó thíortha is iarrthóirí 16

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

14.02.01.70.06 [Iasachtaí MFA – EAG]

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh – Níl sin ar fáil

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

6

Ceannteideal 6 - ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ 

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 17  

14.02.01.70.06 [Iasachtaí MFA – EAG]

Gealltanais

(1a)

108.0 18

108.0

Íocaíochtaí

(2a)

108.0

108.0

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 19  

Líne bhuiséid

14.20.03.01 [Deontais MFA]

(3)

0.15

0.15

IOMLÁN leithreasuithe 
i gcomhair ArdStiúrthóireacht ECFIN

Gealltanais

=1a+1b +3

108.0

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

108.0

 



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

108.0

0.15

108.15

Íocaíochtaí

(5)

108.15

108.15

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

108.0

0.15

108.15

Íocaíochtaí

=5+ 6

108.15

108.15



Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin: (EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil))

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

Ceannteideal 7 – ‘Riarachán poiblí Eorpach’

Ard‑Stiúrthóireacht: ECFIN

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 

IOMLÁN

Acmhainní Daonna

0.283

0.141

-

0.024

0.448

Caiteachas riaracháin eile

-

0.020

-

-

0.020

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Leithreasuithe

0.283

0.161

-

0.024

0.468

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.283

0.161

-

0.024

0.468

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

108.283

0.161

-

0.174

108.618

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.283

0.161

-

108.174

108.618

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.283

0.141

-

0.024

0.448

Caiteachas riaracháin eile

-

0.020

-

-

0.020

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.283

0.161

-

0.024

0.468

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 22   
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.283

0.161

-

0.024

0.468

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 2024

Bliain 2025

IOMLÁN

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1.8

0.9

-

0.15

2.85

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 23

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   24

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1.8

0.9

-

0.15

2.85

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le formheas an Mheabhráin Tuisceana (MT), MT a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana, MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta (a chaibidleofar in éineacht le AS an Bhuiséid) a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Eacnamaithe, Earnáil MFA (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an Meabhrán Tuisceana a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithniúcháin a dhéanamh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú an chúnaimh, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtaí agus maidir leis an meastóireacht ex-post.

AS an Bhuiséid (Aonaid E1, E3 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta (LFA) a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine agus formheas ina leith a fháil ó na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus síniú ón dá pháirtí a fháil ina leith. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na n‑Iarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta iasachta a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a eisíoc leis an Úcráin. Na hoibríochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na n‑iasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na hoibríochtaí sin.

Pearsanra seachtrach

-

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

(1)    Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID‐19, IO L 165, 27.5.2020, lgh. 31–37
(2)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1)
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(4)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(5)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO ).
(6)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(7)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(8)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(9)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(10)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(11)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(12)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(13)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(14)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(15)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(16)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(17)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(18)    Méid an tsoláthair le haghaidh iasachtaí MFA (9 %) atá le híoc isteach sa Chiste don Soláthar Coiteann.
(19)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(20)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(21)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(22)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(23)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(24)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
Top