AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.2.2022
COM(2022) 33 final
2022/0022(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh agus a bhaineann le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú LEE
Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud an 30 Stát in LEE, mar atá na Ballstáit den Aontas, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail an taighde agus an fhorbairt, an t‑oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, an turasóireacht agus an cultúr, ar a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.
2.2.Comhchoiste LEE
Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí ón gComhchoiste. Is í Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE
Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe an Treoir Eorpach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (‘EPBD’) a ionchorprú i gComhaontú LEE.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh ag an Aontas. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a luaithe is féidir i gComhchoiste LEE.
Maidir le hábhar agus cineál dhréacht an Chinnidh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal, téitear thar an méid is féidir a mheas mar oiriúnuithe teicniúla de réir Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.
Tá na hoiriúnuithe seo a leanas inter alia sa Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo:
I ngeall ar shainiúlachtaí stoc foirgneamh aonfhoirmeach na hÍoslainne, ar stoc é atá sách nua, moltar díolúine shealadach choinníollach ó Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur i bhfeidhm. San Íoslainn, cumhdaítear 99.9 % den leictreachas agus 98 % den téamh spáis le foinsí fuinnimh in-athnuaite áitiúla. I gcás na hÍoslainne, dá bhrí sin, is ar éigean a bheidh tionchar ag bearta chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar shlándáil fuinnimh.
I gcomhréir leis an tíopeolaíocht aeráide agus foirgneamh agus le líon fíorbheag an stoic foirgneamh i Lichtinstéin, moltar Lichtinstéin a dhíolmhú ón oibleagáid i ndáil lena ríomhanna féin a dhéanamh chun na leibhéil is fearr ó thaobh chostais na n‑íoscheanglas feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 5 de EPBD.
Moltar freisin go bhféadfaidh an Iorua agus Lichtinstéin rialacháin a leagan síos maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh trí úsáid a bhaint as teorainn chórais eile seachas an úsáid fuinnimh phríomha, arb í an teorainn a cheanglaítear faoi EPBD, ar choinníoll, áfach, go gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear faoi Airteagal 1(c) den chinneadh seo.
Maidir leis na torthaí a bheidh ar an gcóras deimhniúcháin um fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh arna oibriú ag an úsáideoir, chun a áirithiú go mbeidh na torthaí sin coibhéiseach le torthaí na ndeimhnithe arna n‑eisiúint ag saineolaithe neamhspleácha mar a cheanglaítear le hAirteagal 17 de EPBD, moltar an t‑oiriúnú faoi Airteagal 1(d).
4.Bunús dlí
4.1.An bunús dlí atá leis an nós imeachta
4.1.1.Na Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí atá leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, braitheann sé go príomha ar bhunús dlí substainteach ghníomh dlí an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.
Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 194(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0022 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú, iarscríbhinn ina bhfuil forálacha maidir le fuinneamh.
(3)Tá Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘EPBD’) le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(4)Ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán