Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0635

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an meastóireacht deiridh ar ar an gClár Custam 2020

    COM/2022/635 final

    An Bhruiséil,18.11.2022

    COM(2022) 635 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir leis an meastóireacht deiridh ar ar an gClár Custam 2020

    {SWD(2022) 363 final}


    1.    Cúlra

    Tá an tAontas Custaim ina bhonn faoin Aontas Eorpach agus is gné riachtanach é d’fheidhmiú an mhargaidh aonair. Tá críoch Aontas Custaim AE faoi rialú rialacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna atá leagtha síos i gCód Custaim an Aontais 1 . Éilítear leo cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm cuí aonfhoirmeach ar fud na mBallstát. Thairis sin, ní mór an beartas custaim agus na riaracháin chustaim a chur in oiriúint i gcónaí don réadúlacht trádála nua-aimseartha, do fhreagrachtaí atá ag méadú agus duirlisí cumarsáide nua-aimseartha. Garsprioc is ea Cód Custaim an Aontais chun nuachóiriú a dhéanamh ar chustam AE, ag féachaint le hAontas Custaim lánuathoibrithe gan pháipéar a bhaint amach. Tá fíor-riachtanas le clár Custam AE 2020, an clár gníomhaíochta ilbhliantúil um chustam san Aontas Eorpach, a bunaíodh le  Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 , chun tacú lena chur chun feidhme. Cuirtear na hacmhainní is gá ar fáil leis d’fheidhmiú na gCóras Eorpach Faisnéise (EIS) atá ann cheana maidir le custam (agus d’fhorbairt córas nua is gá chun Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme) agus chun comhar idir riaracháin náisiúnta chustaim a éascú agus a neartú

    I gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil mheántéarma agus tuarascáil mheastóireachta deiridh ar an gclár Custaim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus lena sonraítear gur cheart do mheastóir seachtrach neamhspleách na meastóireachtaí sin a dhéanamh, rinneadh staidéar seachtrach a choimisiúnú chun tacú leis an meastóireacht deiridh ar an gclár. Cuirtear na torthaí uaidh i láthair sa doiciméad inmheánach oibre faoi iamh agus is iad is bonn leis an tuarascáil seo.

    Déantar forbairt sa mheastóireacht deiridh sin ar an meastóireacht mhéantéarma ar an gclár Custam a foilsíodh in 2019. Is é is cuspóir dó measúnú a dhéanamh ar an gclár Custam 2020 ó seoladh é an 1 Eanáir 2014 suas go dtí a dheireadh an 31 Nollaig 2020. Cuimsítear sa mheastóireacht raon iomlán gníomhaíochtaí um maoiniú agus páirtithe leasmhara an chláir.

    I gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, cuirtear i láthair sa tuarascáil reatha torthaí na meastóireachta deiridh maidir leis an méid seo a leanas: (i) an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a bhaint amach; (ii) cost‑éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí éagsúla arna maoiniú; (iii) comhleanúnachas an chláir agus an méid a chuireann sé le beartais agus le tosaíochtaí níos leithne AE; (iv) ábharthacht leanúnach an chláir; agus (v) an breisluach a bhaineann le gníomhú ar leibhéal AE. Breithníodh tionchair fhadtéarmacha agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir le linn na hanailíse.

    2.    Éifeachtacht

    Is é an cuspóir ginearálta don chlár go dtacófar le feidhmiú agus nuachóiriú an Aontais Custaim trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n‑údaráis chustaim agus a n‑oifigigh.

    Deimhníodh sa mheastóireacht go raibh an Clár Custam 2020 ina phríomhionstraim chun tacú le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata nua reachtaíochta um chustam (UCC). Bhí tábhacht mhór ag baint le forbairt agus feidhmiú de réir a chéile na gcóras Eorpach faisnéise (EIS) maidir le custaim, ag cruthú timpeallacht TF chomhoibritheach , ina n‑oibríonn údaráis chustaim le chéile agus ina roinneann siad sonraí slabhra soláthair agus faisnéis maidir le riosca.

    Leis an EIS um chustam a mhaoinítear leis an gclár soláthraíodh bealach le haghaidh malartú uathoibríoch láidir iontaofa sonraí idir riaracháin náisiúnta chustaim agus le hoibreoirí eacnamaíocha agus údaráis rialtais eile. Ó bhí 2014 ann, tháinig méadú leanúnach ar líon na dteachtaireachtaí a malartaíodh idir na riaracháin chustaim tríd an ardán slán a dtacaíonn an clár leis, agus shroich sé thart ar 8.4 billiún in 2020 amháin. Tá feabhas suntasach tagtha ar mhalartuithe áirithe faisnéise le hoibreoirí eacnamaíocha trí Thairseach Chustaim AE do Thrádálaithe agus trí thairseacha sonracha trádálaithe córas áirithe a chur chun feidhme 2 . Tá rochtain láraithe ag na tairseacha sin ar roinnt EIS um chustam agus dá bhrí sin éascaítear malartú sonraí idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha ar bhealach aonfhoirmeach. Sholáthair siad seirbhísí d’oibreoirí eacnamaíocha chun iarratais agus faisnéis bhreise a chur isteach agus chun fógraí a fháil ó na húdaráis chustaim. Cuireadh malartú faisnéise le húdaráis rialtais eile chun cinn trí chóras Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CerteX AE), lenar nascadh córais náisiúnta chustaim na dtíortha rannpháirteacha le bunachair shonraí AE 3 chun doiciméid tacaíochta a bhainistiú a bhaineann le ceanglais nach mbaineann le custaim, amhail Doiciméid Choiteanna Iontrála Sláinte, ceadúnais FLEGT le haghaidh allmhairiú adhmaid agus táirgí adhmaid agus deimhniú cigireachta le haghaidh táirgí orgánacha.

    Ionstraim ab ea gníomhaíochtaí comhpháirteacha an chláir Custam 2020 chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú idir údaráis chustaim agus le húdaráis rialtais eile laistigh de na tíortha rannpháirteacha. Trí gach cineál gníomhaíochta comhpháirtí, lena náirítear foirne saineolaithe (uirlis nua lena dtacaítear le comhar oibríochtúil feabhsaithe ar bhonn réigiúnach nó téamach), bhí an clár ina chuidiú le treoirlínte a fhorbairt agus le dea-chleachtais a shainaithint, a scaipeadh agus a ghlacadh, rud a raibh modhanna oibre níos fearr agus cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí agus níos comhchuibhithe dhlí an Aontais maidir le cúrsaí custaim agus ábhair ghaolmhara mar thoradh air. Chuidigh gníomhaíochtaí comhpháirteacha freisin maidir le tionscnaimh reachtacha nua a ullmhú, amhail an togra le haghaidh Rialachán maidir le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam 4 , agus mar sin cuidíodh le nuachóiriú an Aontais Custaim agus le feidhmiú an Mhargaidh Aonair ar bhealach níos fearr.

    Bhí ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí oiliúna an chláir Custam 2020 maidir le tacú le cur i bhfeidhm níos comhleanúnaí an chreata nua reachtaíochta um chustam (UCC), a cuireadh i bhfeidhm le linn thréimhse an mhaoinithe. D’éascaigh sé sin an tuiscint air i measc na n‑údarás custaim agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha araon, agus chuidigh sé le cur chun feidhme gan stró. Mar aon le roinnt gníomhaíochtaí comhpháirteacha, soláthraíodh le gníomhaíochtaí oiliúna freisin treoir chun ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

    Le clár Custam 2020, cothaíodh muinín idir riaracháin chustaim agus a n‑oifigigh agus cuireadh chun cinn caidreamh oibre agus malartuithe a lean ar aghaidh thar ghníomhaíochtaí sonracha an chláir. Mar gheall ar phaindéim COVID‑19, áfach, tá laghdú beag tagtha ar na deiseanna líonraithe sin, deiseanna a measadh i gcónaí go raibh siad ina bpríomhghné den chlár. Mhéadaigh sé sin an gá le hathmheasúnú a dhéanamh ar conas an úsáid is fearr a bhaint as cruinnithe aghaidh ar aghaidh agus ar líne, chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar ardáin agus/nó ar bhealaí níos oiriúnaí trínar féidir a áirithiú go leanfar le líonrú trí mhodhanna fíorúla, chun teacht in ionad na mbealaí arbh bhealaí coitianta líonraithe iad, nó chun cur leis na bealaí sin.

    Bunaithe ar an méid thuas, léiríodh sa mheastóireacht go raibh tionchar dearfach ag clár Custam 2020 ar fheidhmiú agus ar nuachóiriú an Aontais Custaim agus an mhargaidh inmheánaigh, agus dá réir sin gur thacaigh sé le trádáil dhlisteanach agus le gníomhaíochtaí mídhleathacha a chosc. Thacaigh an clár le gníomhaíochtaí eacnamaíocha dlisteanacha ar bhealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, rinneadh cuid díobh a shimpliú agus a chomhchuibhiú le digitiú na nósanna imeachta custaim a mhaoinítear leis an gclár (agus táthar ag súil go leanfar de sin de réir mar a bheidh níos mó córas ag feidhmiú), rud a laghdóidh costais chomhlíontachta agus a mhéadóidh an deimhneacht dhlíthiúil do thrádálaithe, rud a neartóidh iomaíochas na ngnólachtaí Eorpacha ar deireadh. Ar an dara dul síos, thacaigh ábhair oiliúna a bhí ar fáil d’údaráis chustaim agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon leis an gcuspóir sin freisin. Ina theannta sin, chuidigh na dea-chleachtais a d’eascair as gníomhaíochtaí comhpháirteacha le feabhas a chur ar na coinníollacha agus ar na nósanna imeachta a bhaineann le dul i mbun trádála.

    Mar a luadh cheana, áfach, tá an digitiú ina phróiseas leanúnach go fóill agus ní dhearnadh cuid de na córais TF atá beartaithe in UCC a fhorbairt nó a nuashonrú go fóill 5 , rud a chuireann moill ar bhaint amach na dtairbhí a bhfuiltear ag súil leo. Feiceann oibreoirí eacnamaíocha a ndeachthas i gcomhairle leo an scóip atá ann don trádáil a éascú go ginearálta agus chuir siad in iúl na dúshláin a bhaineann le castacht na timpeallachta TF, le forbairt chéimnithe na gcomhpháirteanna náisiúnta ag na Ballstáit agus leis an gcumarsáid neamhleor maidir leis sin. Cé go mbaineann na fadhbanna sin le beartas den chuid is mó agus gur faoi fhreagracht na mBallstát den Aontas Eorpach atá siad go príomha, díríonn siad ar an deis féachaint le teagmháil níos fearr le hoibreoirí eacnamaíocha faoin gcéad leagan eile den chlár.

    De réir na meastóireachta, thacaigh an clár leis na húdaráis chustaim maidir le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc agus, dá bhrí sin, maidir le leas airgeadais agus eacnamaíoch an Aontais agus na mBallstát a chosaint. Trí phróiseas an digitithe, a bhfuil tacaíocht tugtha ina leith ón gclár Custam 2020, soláthraítear modh chun seiceálacha uathoibrithe, trasfhíorúcháin agus bailíochtú sonraí a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh cur le laghdú calaoise agus earráidí. Ina theannta sin, leis na gníomhaíochtaí forbartha acmhainní TF agus na gníomhaíochtaí comhpháirteacha (go háirithe na foirne saineolaithe nua) éascaíodh méadú ar an gcomhordú idir na húdaráis chustaim agus an Coimisiún maidir le calaois a chosc. Neartaíodh le gníomhaíochtaí forbartha inniúlachta daonna inniúlacht na n‑oifigeach custaim i ndáil le rialuithe ar chríoch chustaim an Aontais.

    In ainneoin na dtorthaí dearfacha sin, tá fianaise ann nach bhfuil na rialuithe custaim á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach 6 , rud a léiríonn gur gá an creat bainistithe riosca atá curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún le tacaíocht ón gclár a choigeartú chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc. Ina theannta sin, thagair roinnt páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo do chalaois ríomhthráchtála mar fhadhb a bhí gan réiteach. 

    3.    Éifeachtúlacht

    Gealladh buiséad EUR 531.7 milliún le haghaidh na tréimhse 2014-2020 ón gclár Custam 2020. Tá an buiséad sin i bhfad níos airde ná an 272 milliún a gealladh don chlárthréimhse roimhe sin (2007-2013), mar gheall go príomha ar an bhfócas méadaithe ar fhorbairt an EIS i gcomhthéacs chur chun feidhme an UCC. Caitheadh 87% den bhuiséad ar an EIS um chustam a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú. Is léir go bhfuil na comhchórais TF sin dian ó thaobh acmhainní de. Mar sin féin, tá siad fíor-riachtanach d’obair laethúil na n‑údarás custaim agus soláthraítear leis réimse tairbhí i ngach réimse de na gníomhaíochtaí custaim. Cé nárbh fhéidir na tairbhí sin a chainníochtú, baineann siad den chuid is mó le simpliú agus caighdeánú nósanna imeachta custaim trí uathoibriú, cur chun feidhme níos éifeachtaí agus cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí an dlí um chustam agus an idir-inoibritheacht agus comhroinnt faisnéise mhéadaithe idir na húdaráis chustaim. Trí na comhpháirteanna comhchoiteanna don EIS a fhorbairt agus a oibriú, tháinig barainneachtaí scála tábhachtacha chun cinn as an gclár, rud a sheachnaíonn dúbailt na n‑iarrachtaí do na Ballstáit, agus na costais um chomhlíonadh agus na hualaí riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha á laghdú ag an am céanna. In ainneoin nárbh fhéidir éifeachtúlacht costais na ngníomhaíochtaí forbartha acmhainní TF (mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann lena dtairbhí a chainníochtú go príomha) a dhearbhú sa mheastóireacht tugadh léargas dearfach foriomlán inti maidir lena n‑éifeachtúlacht.

    Ba ionann gníomhaíochtaí comhpháirteachaagus 11% den bhuiséad a gealladh agus chuir siad go mór le cuspóirí an chláir. B’ionann an meánchostas in aghaidh an rannpháirtí in aghaidh na gníomhaíochta do gach cineál gníomhaíochta comhpháirtí (seachas foirne saineolaithe) agus thart ar EUR 742. B’ionann grúpaí tionscadail agus beagnach leath den chaiteachas ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, ach is dócha gurb iad an cineál is éifeachtúla ó thaobh costais de mar gheall ar an teacht atá acu ar rannpháirtithe (os cionn 33 000 rannpháirtí) agus ar chostas réasúnta íseal (meánchostas rannpháirtí EUR 676). Chuir siad feabhas ar an gcomhar agus ar an gcaidreamh oibre i measc na rannpháirtithe agus thacaigh siad le dlí nua custaim a ullmhú agus leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chur chun feidhme go héifeachtach, trí na dea-chleachtais oibre le haghaidh nósanna imeachta riaracháin a shainaithint. Léiríodh leis an meastóireacht an gá atá le feabhas a chur ar thráthúlacht na gcuirí chuig na cruinnithe chun rannpháirtíocht na saineolaithe is fearr is féidir ar an gcostas is ísle is féidir a áirithiú. Mar gheall ar chineál difriúil na bhfoirne saineolaithe a cuireadh chun feidhme le déanaí (agus dá bhrí sin sonraí faireacháin éagsúla), tá sé deacair costéifeachtacht na bhfoirne saineolaithe a chur i gcomparáid leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha eile. Tarraingíodh aird, áfach, ar a gcumas costais a laghdú le linn na meastóireachta, toisc go soláthraítear an deis do na Ballstáit leo acmhainní agus saineolas a chomhthiomsú seachas gníomhú astu féin.

    Cé nach bhfuil ach 2% de bhuiséad an chláir caite le gníomhaíochtaí fothaithe inniúlachta daonna, meastar go ngineann siad luach ard ar airgead, go háirithe an oiliúint ríomhfhoghlama is féidir a úsáid arís agus arís eile gan costais bhreise a thabhú (seachas na nuashonruithe riachtanacha a dhéanamh). Mar is léir ón meastóireacht, tá príomhthairbhí na ngníomhaíochtaí oiliúna i gclár Custam 2020 nasctha le cur i bhfeidhm níos comhleanúnaí an dlí um chustam agus ar deireadh feidhmiú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla an Aontais Custaim, mar go gcuireann siad le cumas na n‑oifigeach custaim a ndualgais a chomhlíonadh, chomh maith le tuiscint na n‑oibreoirí eacnamaíocha ar na rialacha custaim. Bhí tábhacht ar leith ag baint leis sin i rith atriall an Chláir, i gcás gur tháinig creat nua reachtach custaim i bhfeidhm. Maidir leis sin, eisíodh clár ríomhfhoghlama UCC de chuid AE, ina bhfuil 15 mhodúl chun tacú le cur i bhfeidhm an UCC, in 2016. Sna blianta ina dhiaidh sin díríodh den chuid ba mhó ar aistriúcháin ar mhodúil reatha a nuashonrú agus a fhorbairt (le dhá mhodúl nó trí mhodúl nua i mBéarla in aghaidh na bliana). De réir mar a eisíodh iad, tháinig méadú ar líon na modúl ríomhfhoghlama a úsáideann tíortha rannpháirteacha i gcaitheamh shaolré an chláir freisin. Tháinig méadú ar líon na n‑íoslódálacha de mhodúil ríomhfhoghlama a bhí ar fáil go poiblí (is iad sin na cinn a bhí ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha) a ó 3 219 in 2014 go 30 408 in 2020 agus tháinig laghdú faoi dheich ar líon na n‑oifigeach náisiúnta custaim ar cuireadh oiliúint orthu le hábhar oiliúina coiteann AE le linn na clárthréimhse sin (díreach os cionn 4 000 in 2014 go 40 000 in 2019). Measadh go raibh an oiliúint sin ar ardchaighdeán ar an iomlán.

    4.    Comhleanúnachas

    Díríodh sa mheastóireacht deiridh ar chomhleanúnachas seachtrachan chláir le beartais agus tosaíochtaí níos leithne AE. Tá torthaí na meastóireachta meántéarma inar díríodh ar chomhleanúnachas inmheánach idir na gnéithe agus na comhpháirteanna éagsúla agus dearadh éagsúil an chláir fós bailí. Fuarthas amach sa mheastóireacht gur thacaigh an clár Custam 2020 le tionscnaimh agus cláir eile AE gus gur bhain sé tairbhe astu. Mar a shonraítear sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo, is sampla de na hidirnaisc sin é an cás maidir le “toirmisc agus srianta”, a thagraíonn d’fhoirmiúlachtaí rialála neamhchustaim (sláintíocht, fíteashláintíocht, comhshaol, talmhaíocht, etc) a theastaíonn le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú earraí a bhfuil sé de chúram ar údaráis chustaim iad a fhorfheidhmiú ag teorainneacha AE. Baineadh amach comhleanúnachas le cláir eile um chaiteachas, amhail Fiscalis 2020, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach nó Hercule III, agus a réimsí beartais faoi seach go méid réasúnta freisin, agus forluí á seachaint agus comhlántachtaí á mbaint amach.

    Baineadh úsáid as roinnt sásraí chun an comhleanúnachas sin a áirithiú, amhail cruinnithe idirsheirbhíse agus comhairliúcháin idirsheirbhíse i measc seirbhísí éagsúla an Choimisiúin, grúpaí measctha tionscadal agus saineolaithe, rannpháirtíocht breathnóirí ó sheirbhísí éagsúla an Choimisiúin i gcruinnithe nó i ngníomhaíochtaí grúpa tionscadal, nó measúnú ar thograí tionscadail arna dhéanamh ag oifigigh ó sheirbhísí éagsúla an Choimisiúin. In ainneoin na dtorthaí dearfacha a breithníodh, fuarthas sa mheastóireacht, chomh maith leis an measúnú tionchair a rinneadh don chéad chlár eile um maoiniú, go bhfuil scóip ann le haghaidh tuilleadh comhlántachta agus sineirgí i réimsí áirithe. Mar shampla, d’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí breise leis an gclár a thagann i ndiaidh chlár Hercule III maidir le stórtha sonraí a fhorbairt nó maidir le hanailísiú comhpháirteach sonraí, nó leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um víosaí, trí chur chuige níos ceangailte agus níos trasearnálaí ar an leibhéal oibríochtúil a lorg. Tarraingíodh aird freisin ar chomhar le tríú tíortha maidir le spriocanna comhshaoil AE agus idirnáisiúnta a bhaint amach mar réimse ina bhféadfaí comhleanúnachas a fheabhsú.

    Ar deireadh, moladh sa mheastóireacht bealaí breise chun comhleanúnachas a fheabhsú, amhail comhar a struchtúrú tuilleadh nó a chur ar bhonn foirmiúil idir seirbhísí bainteacha an Choimisiúin, de réir phrionsabail agus mholtaí an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta 7 , infheictheacht an chláir agus a chomhlántachta le cistí eile AE sna Ballstáit a ardú nó iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí TF le cláir eile AE lena ritear córais leictreonacha shuntasacha.

    Leis an tionscnamh a thagann ina dhiaidh d’fhéadfai tairbhe a bhaint as an togra atá le teacht le haghaidh Rialachán maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais 8 chun idirghníomhaíochtaí trasfearainn agus trasteorann gan stró a áirithiú tuilleadh. Chuideodh sé sin freisin le réitigh rathúla agus taithí phraiticiúil a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do dhaoine eile a shainaithint.

    5.    Ábharthacht

    Tá an an tAontas Custaim ina ghné riachtanach agus lárnach d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. De bhua é bheith ina inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh, glactar leis an reachtaíocht um chustam ar leibhéal AE, ach is iad na Ballstáit a chuireann chun feidhme í. Dá bhrí sin, is faoi na riaracháin chustaim a fheidhmíonn i ndálaí ina bhfuil gá méadaithe le faisnéis a mhalartú, le comhoibriú agus lena n‑acmhainn riaracháin a fhorbairt, is mó atá na riachtanais dhíreacha le go n‑ oibreodh an tAontas Custaim go réidh. Is oibreoirí eacnamaíocha iad spriocghrúpaí tánaisteacha ar cheart a gcuid riachtanas a chur san áireamh freisin.

    Deimhníodh ábharthacht an chláir Custam leis an meastóireacht mheántéarma, inar cinneadh go raibh cuspóirí sonracha agus oibríochtúla an chláir ábhartha do riachtanais na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann agus nach bhféadfai beartais uaillmhianacha a dhéanamh gan an clár. Dá bhrí sin, díríodh sa mheastóireacht deiridh ar ábharthacht leanúnach i bhfianaise na bhforbairtí a tharla ó rinneadh an tathbhreithniú meántéarma, go háirithe Brexit agus paindéim COVID19. Ina theannta sin, rinneadh scrúdú sa mheastóireacht cibé an bhfuilfadhbanna agus na gníomhaíochtaí a sainaithníodh i Plean Gníomhaíochta Custaim “An tAontas Custaim a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile” 9 ina moltar straitéis athbhreithnithe don Aontas Custaim.

    Léiríodh sa mheastóireacht deiridh go bhfuil an clár fós ábhartha agus riachtanach agus nach bhfuil mórán athrú tagtha ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara ó rinneadh an mheastóireacht mheántéarma. Tá sé sin ag teacht freisin leis an Measúnú Tionchair don chlár custam i ndiaidh 2020, lenar dearbhaíodh na riachtanais sin. Ina theannta sin, moladh sa Phlean Gníomhaíochta Custaim 2020 sraith gníomhaíochtaí a nascann le cuspóirí sonracha agus oibríochtúla an chláir, rud a neartaíonn a nábharthacht leanúnach. Bhí na gníomhaíochtaí atá beartaithe, atá ailínithe go maith le cuspóirí an chláir, sna réimsí seo a leanas: bainistíocht riosca, bainistíocht na ríomhthráchtála, comhlíonadh a chur chun cinn, agus comhar oibríochtúil idir na húdaráis chustaim 10 .

    Fuarthas go raibh an clár fós thar a bheith ábhartha maidir leis an ngá le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach rialacha an Aontais Custaim a chomhchuibhiú. Thug na húdaráis chustaim, ach oibreoirí eacnamaíocha freisin, le fios faoin meastóireacht, gur chuidigh gníomhaíochtaí an chláir leis na Ballstáit teacht le chéile agus, dá bhrí sin, teacht ar thuiscint níos coitinne ar na rialacha sin. Measadh go raibh líonrú, malartú smaointe agus cleachtas chomh maith le treoir choiteann agus caighdeáin choiteanna a chruthú ina ngnéithe tábhachtacha maidir leis na gníomhaíochtaí sin. Dhearbhaigh na húdaráis chustaim freisin go bhfuil gá leanúnach leis an gclár chun tacú leis na Ballstáit i ndáil le nósanna imeachta custaim a dhigitiú agus a nuachóiriú, rud atá fós ar siúl.

    D’éiligh oibreoirí eacnamaíocha go ginearálta go ndéanfaí tuilleadh simplithe agus comhchuibhithe ar an reachtaíocht agus ar phróisis um chustam, ag dearbhú go bhfuil gá leanúnach leis sin. Maidir le bainistíocht an chláir, d’iarr roinnt oibreoirí eacnamaíocha go ndéanfaí teagmháil agus cumarsáid níos réamhghníomhaí leis an earnáil ghnó, go mbeadh soláthar faisnéise níos fearr ann do ghnólachtaí. Moladh é sin freisin i meastóireacht mhéanéarma an chláir seo cheana agus pléifear é le linn na chéad tréimhse eile um maoiniú.

    Ar an iomlán, oiriúnaíodh an clár go maith do theagmhais gan choinne, amhail COVID19 agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Chuir gníomhaíochtaí an chláir le hullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, rud a léirigh an tsolúbthacht atá leis maidir le haghaidh a thabhairt ar fhorbairtí gan choinne. Tugadh an teolas is déanaí do na húdaráis chustaim go rialta faoin dul chun cinn maidir leis sin agus ghlac siad páirt i gcruinnithe agus i seimineáir éagsúla 11 ar an ábhar. Bhí gníomhaíochtaí comhpháirteacha sonracha sa phríomhréimse seo faoin gcuspóir tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, agus cuireadh tacaíocht oiliúna shonrach ar fáil in 2019 freisin maidir le hullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach 12 . Ina theannta sin, rinneadh na hathruithe a bhí ag teastáil ar na córais thrasEorpacha amhail an Córas Rialaithe Onnmhairí (ECS), an Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) agus cinn eile, a ullmhú agus a chur chun feidhme ar bhealach tráthúil agus comhordaithe. In ainneoin an mheasúnaithe dhearfaigh sin, measann údaráis chustaim go bhfuil gá le tuilleadh tacaíochta do chláir sa réimse seo fós.  

    Lena chois sin oiriúnaíodh an clár go maith do phaindéim COVID‑19 agus don réaltacht nua. Chomhaontaigh na húdaráis chustaim agus na hoibreoirí eacnamaíocha araon gur fhreagair seirbhísí an Choimisiúin a bhí i gceannas ar chustam go tapa don ghéarchéim, gur ghlac siad reachtaíocht, gur eisigh siad treoirlínte agus gur thacaigh siad go gníomhach leis na Ballstáit agus leis na gnólachtaí chun solúbthacht a áirithiú maidir le hoibleagáidí custaim agus imréiteach custaim. I gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an chláir, i ndiaidh roinnt cur isteach agus moilleanna ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus ar chórais nua TF a thástáil i dtosadh, cuireadh an clár in oiriúint go maith don chás. Mar sin féin, is cosúil go ndeachaigh an timpeallacht níos fíorúla i bhfeidhm ar dheiseanna líonraithe agus measann roinnt údarás custaim go bhfuil córais bhainistíochta an chláir as dáta agus nach bhfuil siad curtha in oiriúint don réaltacht nua maidir le níos mó bealaí fíorúla oibre agus líonraithe.  

    Ó thaobh na n‑oibreoirí eacnamaíocha de, dhírigh siad ar bhainistíocht na ríomhthráchtála agus ar an nuálaíocht theicneolaíoch maidir le próisis chustaim mar dhá riachtanas a bhí ag teacht chun cinn agus nár thug an Coimisiún agus na Ballstáit aghaidh orthu go leordhóthanach tríd an gclár, rud a dheimhníonn ábharthacht leanúnach an chláir.

    6.    Breisluach AE

    Is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é an beartas custaim. Tá cur chun feidhme reachtaíocht AE um chustam faoi na Ballstáit, áfach. Ní áiritheofar le creat dlí AE ann féin dea-fheidhmiú an Aontais Chustaim go dóthanach. Ba cheart é a chomhlánú le bearta tacaíochta dá bhforáiltear i gclár Custam 2020 lena áirithiú go ndéanfar reachtaíocht AE um chustam a chur i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta.

    Mar a luadh thuas, bhí an clár Custam 2020 ríthábhachtach maidir le tacú le gach gné de chur i bhfeidhm an UCC. Dhéanfaí an UCC a chur i bhfeidhm as féin, ach gan tacaíocht ón gclár, is dócha go mbeadh deacrachtaí ní ba mhó agus comhchuibhiú ní ba lú ann. Tá foráil i gclár Custam 2020 i leith inbhuanaitheacht airgeadais EIS, rud atá ríthábhachtach chun infhaighteacht agus comhroinnt shonraí an tslabhra soláthair agus faisnéis a bhaineann le riosca a áirithiú. Agus é sin á dhéanamh, tháinig barainneachtaí scála agus gnóthachain éifeachtúlachta chun cinn mar thoradh ar chlár Custam 2020, rud a chuidíonn le riaracháin náisiúnta — agus le hoibreoirí eacnamaíocha i mórán cásanna — am agus acmhainní a shábháil, go háirithe i gcás tíortha rannpháirteacha a bhfuil riaracháin chustaim níos lú agus níos lú acmhainní acu. Breisluach AE is ea gach rud a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus idirnascacht na gcóras lárnach TF. Níl aon rud eile inchurtha le gnéithe siméadracha na hailtireachta lárnaí EIS agus ní féidir iad a atáirgeadh ar an leibhéal náisiúnta.

    Leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha tiomsaíodh saineolas agus eolas na dtíortha rannpháirteacha, rud a thug deiseanna thar barr do na riaracháin maidir le comhar, cumarsáid agus líonrú; cothaítear muinín leo ar deireadh agus bíonn cóineasú níos fearr maidir le cuir chuige agus cleachtais mar thoradh orthu. Is amhlaidh an cás maidir le gníomhaíochtaí oiliúna, a chuidigh ní hamháin le riaracháin náisiúnta chustaim tuiscint níos fearr a fháil ar reachtaíocht AE um chustam agus ar a nósanna imeachta gaolmhara agus iad a chur chun feidhme, ach, mura bhfuil sé níos tábhachtaí, é sin a dhéanamh ar bhealach níos aonfhoirmí freisin. Bhí gnóthachain éifeachtúlachta ar an gceann ba mhó, go háirithe i gcás na dtíortha rannpháirteacha sin nach raibh saineolas acu i réimse ar leith nó nach raibh cláir oiliúna náisiúnta forbartha go maith acu. Bheadh sé deacair agus níos costasaí é a dhéanamh leo féin nó b’fhéidir nach dtarlódh sé ar chor ar bith. Ar deireadh, chuir clár Custam 2020 le comhfhogasú na gcur chuige náisiúnta, le muinín a chothú agus le hinsint aonair agus fís chomhroinnte a chruthú.

    Mura mbeadh an clár ann, bheadh an comhar idir na tíortha rannpháirteacha i bhfad níos deacra, bunaithe ar chaidreamh neamhstruchtúrtha, ar bhealaí foirmiúla am-íditheacha agus ar chomhaontuithe cómhalartachta (comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha i gcás ina gcuirtear forálacha i bhfeidhm go cómhalartach), rud a bheadh i bhfad níos deacra agus níos costasaí lena chur chun feidhme sa chleachtas agus lena gcoimeád. I bhfianaise scála na n‑oibríochtaí i gclár Custam 2020 i gcomhthéacs fhíorlíon na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha, sholúbthacht na n‑ábhar, a ngné Eorpaí nó a rannpháirtíochta uile-Eorpaí i ngníomhaíochtaí agus in oiliúint, is deacair a shamhlú go mbeadh gníomhaíochtaí den chineál céanna eagraithe ar aon leibhéal eile. Maidir leis na Córais Eorpacha Faisnéise, mura mbeadh aon mhaoiniú ann amach anseo dá bhforbairt agus dá gcothabháil leanúnach, bheadh sé deacair leanúint lena n‑úsáid thar an meántéarma. Bheadh baol mór ann go rachadh siad as feidhm, agus go gcaillfí barainneachtaí scála agus laghduithe ar chostais fhoriomlána.

    Le clár Custam 2020 cruthaíodh aschuir inbraite agus chuidigh sé le hoifigigh chustaim scileanna a fháil agus taithí a mhalartú. Ní dócha go leanfadh aon cheann d’aschur an chláir ar aghaidh i ndiaidh an ghearrthéarma dá gcuirfí deireadh leis an gclár. Bheadh na difríochtaí atá ann faoi láthair fós ann, agus rachadh na líonraí a tógadh a bhuí le blianta comhoibrithe i léig.

    7.    Conclúidí agus ceachtanna a foghlaimíodh

    Léiríodh sa mheastóireacht go raibh an clár éifeachtach maidir leis na cuspóirí leis a bhaint amach agus gur chuidigh sé go mór le feidhmiú an Aontais Custaim agus lena nuachóiriú a fheabhsú. Cothaíodh comhar agus malartú faisnéise leis, idir coinéasú a éascú ar an leibhéal straitéiseach agus chomhfhogasú cur chuige, léirmhíniú, nósanna imeachta riaracháin, dea-cleachtais agus rialacha ar an leibhéal oibríochtúil. Bhí tábhacht ar leith leis an gclár maidir le haistriú go timpeallacht chustaim gan pháipéar a thacaíonn le forbairt agus le feidhmiú EIS custaim, lena bhforáiltear dá n‑inbhuanaitheacht airgeadais agus lena n‑áiritheofar infhaighteacht agus malartú sonraí sa slabhra soláthair agus faisnéis a bhaineann le riosca.

    Ó thaobh éifeachtúlachta de, de bharr na ndeacrachtaí maidir le hairgead a ghnóthú as gníomhaíochtaí Custam 2020, níorbh fhéidir a chinneadh go cruinn sa mheastóireacht ar a mhéid a soláthraíodh na torthaí ab fhearr ab fhéidir ag na costais ab ísle ab fhéidir le hacmhainní an chláir. Agus na torthaí ar éifeachtacht mar aon leis na figiúirí costais á gcur san áireamh, áfach, ar an iomlán, soláthraíodh luach leis an gclár don Aontas Eorpach agus do na húdaráis náisiúnta chustaim ar chostas réasúnta. 

    Thángthas ar chonclúid dhearfach sa mheastóireacht maidir le chomhleanúnachas chlár Custam 2020 le beartais AE níos leithne, go háirithe, ach ní hamháin maidir le toirmisc agus srianta nach mór d’údaráis chustaim a fhorfheidhmiú ag an teorainn. Chomh maith leis sin chomhthacaigh sé le breisluach an chláir, a bhaineann le tacú le gach gné de chur chun feidhme an UCC, rud ar theastaigh réitigh AE ar fhadhbanna AE agus dlúthchomhar leis na Ballstáit ina leith. Tá foráil déanta sa chlár i leith inbhuanaitheacht airgeadais na gCóras Faisnéise Eorpach idir-inoibritheach agus idirnasctha, a chomhlíonann riachtanais an UCC le barainneachtaí scála agus éifeachtúlachta níos fearr. Ar deireadh, léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil an clár Custam ábhartha fós, go háirithe maidir le riachtanais na riarachán náisiúnta custaim, arb iadsan na príomhthairbhithe. Ar an iomlán, leanann an clár de fhreagairt do riachtanais na bpáirtithe leasmhara, trí oiriúnú go maith d’imeachtaí gan choinne (amhail COVID‑19 agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach) agus trí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna agus ar thosaíochtaí a sainaithníodh sa mheasúnú tionchair ar an gcéad chlár custam eile agus i bPlean Gníomhaíochta Custaim 2020.

    In ainneoin an dul chun cinn a rinneadh, díríodh san anailís a rinneadh faoi na cúig chritéar meastóireachta ar roinnt dúshlán agus ceachtanna a foghlaimíodh. Léiríodh inti na réimsí seo a leanas ina bhfuil gá le feabhsuithe:

    -Tugadh fianaise sa mheastóireacht ar dhifríochtaí i gcur i bhfeidhm na rialuithe custam, rud a thug le tuiscint go raibh deis ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca a bhí i bhfeidhm. Ina theannta sin, luaigh roinnt páirtithe leasmhara go raibh an chalaois ríomhthráchtála ina fadhb atá fós gan réiteach agus measann roinnt údarás custaim go bhfuil gá fós le tuilleadh tacaíochta cláir maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Tagann sé sin leis an measúnú a cuireadh ar fáil i gCúirt na niniúchóirí na hEorpa, rialuithe Custam na Tuarascála Speisialta 13 agus Tuarascáil 2022 ón nGrúpa Wise Persons (WPG) maidir le dúshláin atá le sárú ag an Aontas Custaim 14 . Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí na gclár amach anseo a dhearadh chun aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin.

    -Léiríodh sa mheastóireacht, in ainneoin an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le struchtúir agus córais TF a fhorbairt, nach bhfuil cuid de na córais TF atá beartaithe in UCC forbartha ná nuashonraithe go fóill, rud a fhágann nach mbraitheann na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhí an UCC agus go bhfuil imní á léiriú acu faoi chastacht na timpeallachta TF do chustam. Leag siad béim ar an ngá atá le reachtaíocht um chustam agus próisis um chustam a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh. Tagann sé sin le torthaí na meastóireachta eatramhaí maidir le cur chun feidhme an UCC ina bhfuarthas go bhfuil "go leor rialacha ann nach bhfuil á gcur i bhfeidhm go haonfhoirmeach fós ar fud na mBallstát. Tá uathoibriú iomlán na bpróiseas custaim fós á bhaint amach (…), fiú má tá garspriocanna suntasacha bainte amach cheana féin ‘ 15 . 

    -Fuarthas amach sa mheastóireacht go bhféadfaí sineirgí breise a iniúchadh leis an gclár a thagann i ndiaidh chlár Hercule III, mar shampla maidir le stórtha sonraí a fhorbairt nó maidir le hanailísí comhpháirteacha sonraí, nó le cláir eile AE lena ritear córais leictreonacha shuntasacha. Measadh sa mheastóireacht go raibh an comhordú reatha laistigh den Choimisiún go maith ach cuireadh béim inti chomh maith ar an ngá le hiniúchadh leanúnach a dhéanamh ar bhealaí chun comhordú a dhéanamh ar bhealach níos fearr le seirbhísí eile i bhfianaise dhomhan atá ag athrú go tapa. Leagadh béim sa mheastóireacht freisin ar an ngá le hinfheictheacht an chláir a mhéadú. Chomh maith leis sin, léiríodh sa mheastóireacht eatramhach maidir le cur chun feidhme an UCC “nár baineadh leas as na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le beartais ghaolmhara i gcur chun feidhme an UCC agus go bhfuil comhordú cuí idir údaráis chustaim agus riaracháin náisiúnta ábhartha eile atá i gceannas ar bheartais AE a chur i bhfeidhm ag an teorainn in easnamh.

    -Léiríodh sa phróiseas meastóireachta gurbh fhiú don Choimisiún agus do na Ballstáit níos mó sonraí custaim a roinnt. Bhainfí leas as é sin, i measc nithe eile, chun costais agus tairbhí na ninfheistíochtaí a dhéantar a thomhas ar bhealach níos fearr. Leagadh béim freisin i dTuarascáil 2022 an WPG ar an ngá atá le sonraí custaim níos fearr. Tugtar le tuiscint ina moladh mionsonraithe 2 "Cur chuige nua a thabhairt isteach maidir le sonraí, dírithe ar shonraí ar chaighdeán níos fearr (…) a fháil" gur cheart díriú ar an gcuspóir sin sa Chlár Custam: ‘D’fhéadfaí an buiséad atá ann cheana do 2021-2027 a athdhíriú ar na spriocanna sin.’  16

    -Léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil an clár ábhartha fós maidir le bonneagar agus córais TF a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a oibriú sa réimse mar go bhfuil siad dian ar acmhainní agus go bhféadfadh siad tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála agus raon feidhme. Tagann sé sin le moladh 9 de Thuarascáil 2022 an WPG maidir le "hAcmhainní a chur ar fáil don lucht Custaim, iad a oiliúint agus a ullmhú i gceart a lena gcumas a gcuid misean a chomhlíonadh a áirithiú."

    -Deimhníodh sa mheastóireacht (i) gur tugadh an deis leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha do na Ballstáit rochtain a fháil ar chomhthiomsú eolais agus saineolaithe níos leithne ná mar atá ar an leibhéal aonair agus barainneachtaí scála a chruthú; agus (ii) go gcuirfidh foirne saineolaithe feabhas ar an gcomhar oibríochtúil agus ar chur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí na reachtaíochta custaim. Léiríodh inti freisin, áfach, go bhfuil ualach trom ag baint leis na foirne saineolaithe a threorú agus nach mbailíonn aon fhoireann saineolaithe na Ballstáit uile; mar sin, is gá go bhfuil comhoibriú teoranta. Sa chomhthéacs sin, b’fhéidir nach leor socruithe an chláir Custam 2020 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin reatha go léir atá roimh an Aontas Custaim agus, mar a leagtar amach i dTuarascáil 2022 an WPG, dfhéadfadh sé go bhfuil gá le gníomhaire oibríochtúil nua a bhunú chun iarrachtaí na mBallstát a sheirbhísiú agus a chomhordú, rud a sholáthróidh comhar níos comhtháite agus, mar sin, a áiritheoidh go ngníomhóidh an tAontas Custaim ceann.

    Mar thoradh ar an meastóireacht mheántéarma ar an gclár, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na 13 mholadh a rinneadh ansin. Bhain siad sin le, “clársceidealú agus dearadh”, "cur chun feidhme”, “faireachán agus tuairisciú” agus “cumarsáid”. Cuireadh roinnt gníomhaíochtaí i bhfeidhm agus tá roinnt díobh ar siúl faoin gclár nua. Ar an iomlán, admhaíonn an Coimisiún go bhfuil na dúshláin sin ann faoi chur chun feidhme Chlár Custam 2021-2027 agus déanfaidh sé a dhícheall aghaidh a thabhairt orthu.

    (1)       Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1);
    (2) Córas Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe, Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha-3 agus Bileoga Faisnéise le haghaidh Nósanna Imeachta Speisialta
    (3) i.e. An Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) agus Córas Ceadúnaithe ODS
    (4) COM (2020) 673 final
    (5) Leasaíodh UCC in 2019 chun an spriocdháta maidir le trí chóras náisiúnta a úsáid a chur siar go 2022 agus sé chóras thras-Eorpacha a chur siar go 2025. Áirítear orthu sin an córas lena ndéileáiltear le dearbhuithe iontrála achomair, an córas lena ndéileáiltear le hidirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach, an córas lena ndéileáiltear le hearraí arna dtabhairt amach as an gcríoch chustaim, an córas a bhaineann le ráthaíochtaí maidir le fiachas féideartha nó fiacha atá ann cheana, stádas custaim earraí agus an timréiteach láraithe.
    (6) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil speisialta – rialuithe custaim: le comhchuibhiú neamhleor cuirtear bac ar leasanna airgeadais AE (04, 2021).
    (7)      Féach Creat Eorpach Idir-inoibritheachta go mion | Joinup (europa.eu)
    (8)      San áireamh i gclár oibre an Choimisiúin 2022, lch. 7 ( resource.html (europa.eu) )
    (9) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa “An tAontas Custaim a thabhairt go dtí an Chéad Leibhéal Eile: Plean Gníomhaíochta", COM(2020) 581 final.
    (10) Sa Phlean Gníomhaíochta, tugtar “údaráis chustaim ag gníomhú mar aon údarás amháin” ar an réimse sin.
    (11) Sampla de sin is ea an seimineár do shaineolaithe teicniúla (AE27) maidir leis an tionchar a bhí ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar an TF Custaim (CPG/054/047) a tionóladh an 13 Feabhra 2019. Bhí an cruinniú dírithe ar shaineolaithe a bhíonn ag freastal go rialta ar an nGrúpa Comhordaithe um Chustam Leictreonach (ECCG).
    (12) Trí fhorbairt mearchlár oiliúna custaim maidir le uas-sciliú agus ionduchtú le haghaidh úsáid dhíreach ag údaráis náisiúnta.
    (13) Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Tuarascáil speisialta – rialuithe custaim: le comhchuibhiú neamhleor cuirtear bac ar leasanna airgeadais AE (04, 2021).
    (14)      Féach TAX-20-002-Future customs-REPORT_BIS_v5 (WEB).pdf . Sonraítear sa tuarascáil go bhfuil "dibhéirseacht fós ann idir na húdaráis náisiúnta chustaim maidir le rialacha agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil deacrachtaí ag lucht custaim teorainneacha a rialú".
    (15) Féach DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN - ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR maidir le cur chun feidhme Chód Custaim an Aontais - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu)
    (16) Is mar seo a leanas atá Moladh 2: "Cur chuige nua a thabhairt isteach maidir le sonraí, a bheidh dírithe ar shonraí de cháilíocht níos fearr bunaithe ar fhoinsí tráchtála a fháil, a áirithiú go mbeidh sé trasbhailíochtaithe feadh an tslabhra, go roinnfear ar bhealach níos fearr é i measc na riarachán, agus go n-úsáidfear ar bhealach níos fearr é chun rioscaí AE a bhainistiú. A shoiléiriú cad iad na na gníomhairí príobháideacha – lena n-áirítear ardáin ríomhthráchtála - nach mór dóibh sonraí a sholáthar, agus costais as neamhchomhlíonadh. Pointe iontrála aonair sonraí a chur ar fáil do ghnólachtaí maidir le foirmiúlachtaí custaim agus tréimhse/tairseach aonair. Sonraí a stóráil agus a bhainistiú i gceart i stóras lárnach sonraí. D’fhéadfaí an buiséad atá ann cheana do 2021-2027 a athdhíriú ar na spriocanna sin.’
    Top