Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0553

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN An Éigeandáil Fuinnimh – ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht

    COM/2022/553 final

    Strasbourg, 18.10.2022

    COM(2022) 553 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    An Éigeandáil Fuinnimh – ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht


    Réamhrá

    An fogha míleata gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, mar aon leis an úsáid atá á baint aici as an bhfuinneamh mar uirlis chogaidh, is cúis iad le géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh. Tá ardú géar tagtha ar phraghsanna an fhuinnimh agus tá slándáil ár soláthair fuinnimh á cur i mbaol. Le cinneadh na Rúise an soláthar trí Nord Stream I a bhriseadh, tá céim nua den ghéarchéim seo bainte amach.

    Tá an tAontas Eorpach ag gníomhú in aontachas. Maidir leis an ngeimhreadh seo chugainn, tá toradh cheana ar an bplean agus ar an rialachán chun an téileamh ar ghás a laghdú 1 , agus ar na bearta éigeandála chun idirghabháil a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh 2 , arna moladh ag an gCoimisiún. Ó thosaigh an fogha Rúiseach, tá an tAontas ag laghdú a thomhaltas gáis 3 . Tá dlús curtha le céimniú amach na mbreoslaí Rúiseacha agus ní raibh iontu ach 9 % dár soláthar gáis píblíne i mí Mheán Fómhair 2022 (14 % má chuirtear GNL san áireamh), i gcomparáid le sciar 41 % de ghás píblíne ón Rúis in 2021 (45 % agus GNL san áireamh). Cúitíodh an laghdú géar ar allmhairí gáis ón Rúis trí dhlús a chur leis an gcomhar le comhpháirtithe soláthair iontaofa. Faoi lár mhí Dheireadh Fómhair, bhí ráta líonta ár gcórais stórála gáis os cionn 91 %. Is láidre an staid ina bhfuilimid ná mar a bhí cúpla mí ó shin.

    D’ainneoin na mbeart sin, is mór an dúshlán atá romhainn agus an geimhreadh ag teannadh orainn. Tá tomhaltóirí agus gnólachtaí na hEorpa fós i ngleic le praghsanna atá ró-ard agus ró-luaineach. Is féidir go gcuirfidh eachtraí dothuartha, ar nós sabaitéireacht píblínte, isteach a thuilleadh ar shlándáil ár soláthair. Is dócha go leanfaidh den teannas sna margaí gáis, fiú tar éis an gheimhridh.

    Tá iarrtha ar an gCoimisiún ag an gComhairle Eorpach, ina chruinniú neamhfhoirmiúil an 6 Deireadh Fómhair i bPrág, ag cruinniú neamhfhoirmiúil na nairí fuinnimh an 12 Deireadh Fómhair, agus ag Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi maidir le freagairt an Aontais ar ardú phraghsanna an fhuinnimh san Eoraip 4 , bearta a mholadh chun na hiarrachtaí dlúthpháirtíochta a chomhordú, an soláthar fuinnimh a chinntiú, leibhéil na bpraghsanna a chobhsú, agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do chuideachtaí atá ag tabhairt aghaidh ar phraghsanna fuinnimh arda.

    treochlár maidir leis an mbealach chun cinn leagtha amach ag an Uachtarán von der Leyen ina litir chuig na Cinn Stáit agus Rialtais, agus é bunaithe ar cheithre thacar de ghníomhaíochtaí: an praghas a íocaimid as ár n‑allmhairí gáis a mhaolú gan slándáil ár soláthair a chur i mbaol, oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun praghsanna ar an margadh gáis nádúrtha a theorannú, tionchar phraghsanna an gháis ar phraghsanna an leictreachais a theorannú agus cothrom na Féinne sa mhargadh aonair á chaomhnú, agus dlús a chur lenár n‑aistriú chuig an neamhspleáchas fuinnimh. Tá géarghá le gníomhaíocht freisin chun cumas an Aontais seasamh i gcoinne ionsaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil a threisiú, agus, i dteannta an phacáiste seo de bhearta a bhaineann leis an bhfuinneamh, tá an Coimisiún ag cur togra i láthair le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú.

    Inniu, tá an Coimisiún ag moladh creat gníomhaíochta feabhsaithe chun an treochlár sin a chur chun feidhme, chun freagairt ar na dúshláin fuinnimh le linn an gheimhridh seo, agus chun ullmhú i gcomhair an chéad gheimhridh eile.

    Is féidir leis an Eoraip dul i muinín a buanna féin agus an margadh aonair a úsáid chun ceannach comhpháirteach éifeachtach a chur chun feidhme. Is féidir, amhlaidh, praghsanna an mhargaidh a choinneáil faoi smacht, lena n‑áirítear trí theorainn a chur le méaduithe ró-ghéara praghsanna, agus an úsáid is fearr a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana lena áirithiú go mbeidh an gás ar fáil mar a bhfuil géarghá leis.

    Is mithid beart a dhéanamh, agus ní le haghaidh an gheimhridh seo amháin. Na bearta fuinnimh nua a mholtar inniu, is bearta sealadacha eisceachtúla iad. Is freagairt iad ar an ngéarchéim seo agus is réiteach iad chun faoiseamh láithreach a chur ar fáil. Ach leagann siad bunús freisin le haghaidh bearta struchtúracha a neartóidh athléimneacht agus éifeachtúlacht an Aontais Fuinnimh a thuilleadh.

    Ar bhonn na mbeart a mholtar inniu, cuirfidh an Coimisiún gnáth‑thograí reachtacha faoi bhráid na gcomhreachtóirí. Tá ról ríthábhachtach acu siúd lena áirithiú go dtairbheoidh an Eoraip d’fhuinneamh a bheidh níos sláine, níos inacmhainne agus níos glaine tar éis na géarchéime seo. Le ceann de na tograí sin, tabharfar aghaidh ar athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais.

    Idir an dá linn, oibreoidh an Coimisiún go dlúth le Parlaimint na hEorpa trí ghrúpa teagmhála nua a bhunú le haghaidh idirphlé fíor-ama faoin bhfreagairt éigeandála ar an ngéarchéim fuinnimh.

    1.An gás a cheannach le chéile agus slándáil ár soláthair a chosaint

    Cé go mbeidh sé ar chumas an Aontais an geimhreadh seo a sheasamh, ní mór dúinn ullmhú i gcomhair cásanna suaite eile agus bonn fónta a leagan síos do gheimhreadh na bliana seo chugainn. Léiríonn na réamh‑mheastacháin is déanaí go bhféadfadh droch‑chás a bheith ann i ngeimhreadh 2023-2024 má bhíonn an leibhéal stórála ró-íseal i mí an Mhárta 2023. Le coigilt bhreise gáis, beidh an tAontas in ann a neamhchosaint ar praghsanna arda allmhairiúcháin a laghdú, ach ba cheart dó a ghiaráil margaidh a úsáid freisin chun gás a sholáthar ar phraghsanna atá iomaíoch ar an leibhéal domhanda.

    Tá dlús curtha ag an gCoimisiún lena naisc le soláthraithe iontaofa gáis agus GNL. Tá comhaontuithe tugtha i gcrích aige leis na Stáit Aontaithe, le Ceanada, leis an Iorua, leis an Asarbaiseáin, leis an Éigipt agus le hIosrael. Bhunaigh an tAontas agus an Iorua tascfhórsa i mí Dheireadh Fómhair chun margaí fuinnimh a chobhsú. Atosaíodh an tIdirphlé Fuinnimh idir an tAontas agus an Ailgéir i mí Dheireadh Fómhair. Leanfaidh an Coimisiún den chomhar le comhpháirtithe iontaofa a chomhordú agus a threisiú.

    Leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil lena chomhpháirtithe i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le rannpháirtíocht fuinnimh sheachtraigh an Aontais i ndomhan atá ag athrú 5 , agus táimid ag neartú ár nidirphlé agus ár ndlúthpháirtíochta le tíortha na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, arb iadsan ár gcomharsana is gaire. Is féidir lenár gcomhpháirtithe sa Chomhphobal Fuinnimh páirt a ghlacadh in Ardán an Aontais um Fhuinneamh. Níos túisce i mbliana, rinneadh eangacha leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive a shioncrónú leis an eangach ilchríochach. Agus níos túisce an mhí seo, seoladh idirnascaire gáis nua idir an Bhulgáir agus an Ghréig a dhéanfaidh freastal ar an Macadóin Thuaidh agus ar an tSeirbia freisin. Ós rud é go bhfuil an réigiún ar fad ag tabhairt aghaidh ar gheimhreadh crua mar gheall ar chogadh fuinnimh na Rúise, ba cheart dlús a chur leis na hiarrachtaí sin chun an réigiún a chomhtháthú a thuilleadh inár nAontas Fuinnimh.

    Le tacaíocht ó Ardán an Aontais um Fhuinneamh, a bunaíodh i mí Aibreáin 2022, leanfaidh an Coimisiún dá chomhar fadtéarmach le gach soláthróir iontaofa, agus dá thacaíocht dóibh, a dhoimhniú chun táirgeadh domhanda an gháis a mhéadú ó gháscheantair atá ann cheanna agus ó cheantair nua, agus soláthairtí eile á gcur in ionad an gháis ón Rúis, agus chun a áirithiú go leanfaidh an gás, agus GNL go háirithe, de shreabhadh go dtí an Eoraip. Tá an bealach á réiteach aige freisin do chomhpháirtíochtaí maidir le hidrigin chun cuspóir REPowerEU a bhaint amach, mar atá, 10 milliún tonna de hidrigin ghlas a allmhairiú in 2030. Cuimsíonn an plé le comhpháirtithe idirnáisiúnta praghas an gháis a sholáthraíonn siad don Eoraip mar chuid de chomhaontuithe a théann chun leas an dá thaobh freisin.

    Inniu, molaimid na huirlisí dlíthiúla a thabhairt don Aontas chun gás a cheannach go comhpháirteach. Ba cheart don Ardán tús áite a thabhairt do líonadh na saoráidí stórála gáis a chomhordú, i gcomhréir lenár spriocanna líonta. Maidir leis na geimhridh go 2025, geimhreadh 2023-2024 san áireamh, meastar go mbeidh bearna éilimh gan chonradh suas le 100 billiún méadar ciúbach (bcm) ann in aghaidh na bliana i gcás briseadh iomlán ar sholáthairtí ón Rúis. Má bhíonn na soláthairtí stóráilte ídithe ag deireadh an gheimhridh seo, is féidir go mbeidh sé níos deacra iad a líonadh go 90 % faoi mhí na Samhna 2023, mar a cheanglaítear le Rialachán an Aontais i dtaca le stóráil gáis, ná mar a bhí i mbliana.

    Ionas gur féidir ceannach comhpháirteach a dhéanamh, go háirithe chun saoráidí stórála gáis a líonadh, molann an Coimisiún an méid seo a leanas:

    ·Comhiomlánú an éilimh ar leibhéal an Aontais agus na gcomhpháirtithe sa Chomhphobal Fuinnimh, eadhon na riachtanais allmhairithe gáis a ghrúpáil le chéile agus tairiscintí a lorg ar an margadh ar an mbonn sin;

    ·Rannpháirtíocht shainordaitheach na mBallstát i gcomhiomlánú éilimh an Aontais i dtaca le 15 % ar a laghad dá noibleagáidí líonta stórála;

    ·Córas ceannaigh deonach lena gcuirfear ar a gcumas do chuideachtaí cuibhreannas Eorpach ceannaithe gáis a bhunú. Tá an Coimisiún réidh le dul i gcomhar le cuideachtaí maidir le dearadh an chuibhreannais agus cinneadh a eisiúint go gasta maidir le neamhfheidhmeacht Airteagail 101 agus/nó 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) má urramaítear na coinníollacha substainteacha ábhartha.

    Leis an gceannach comhpháirteach éascófar rochtain níos cothroime ar sholáthróirí nua agus ar mhargaí idirnáisiúnta agus beidh níos mó cumhachta idirbheartaíochta ag allmhaireoirí Eorpacha. Eisiafar foinsí soláthair Rúiseacha ón rannpháirtíocht san Ardán.

    Ní bhainfear lántairbhe as an gceannach comhpháirteach ach amháin má áirithíonn an Coimisiún agus na Ballstát go mbeidh na hidirbhearta ceannaithe gáis a bheartaítear agus a thugtar i gcrích ar fud an Aontais trédhearcach d’Ardán an Aontais um Fhuinneamh, chun a mheasúnú an bhfuil na cuspóirí maidir le slándáil an tsoláthair agus an dlúthpháirtíocht fuinnimh á gcomhlíonadh. Le comhordú láidir leis na Ballstáit agus le comhordú láidir idir na Ballstáit i dtaca le tríú tíortha, tríd an Ardán um Fhuinneamh, bainfear an leas is fearr as tionchar comhchoiteann an Aontais. Déanfar deimhin de nach mbeidh na Ballstáit agus allmhaireoirí gáis ag ceantáil ar a chéile agus ag cur le hardú na bpraghsanna.

    Ceann d’eochracha an cheannaigh chomhpháirtigh is ea toilleadh a bheith ar fáil i bpíblínte agus críochfoirt GNL. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin in aimsir éigeandála, nuair a bhíonn plúchadh sna píblínte agus na críochfoirt faoi deara scrogaill i soláthar an gháis, lena n‑áirítear gás chun saoráidí stórála a líonadh. Dá bhrí sin, tá rialacha sa togra maidir le trédhearcacht toillte fhadtéarmaigh neamhúsáidte sna críochfoirt agus na píblínte i gcás plúchadh gearrthéarmach.

    An dlúthpháirtíocht chun a áirithiú go sreabhann an gás mar a bhfuil gá leis

    Tá uirlisí an Aontais le haghaidh coigiltis sa ghás agus sa leictreachas neartaithe aige. Inniu, áfach, ní mór dúinn lánfheidhm a bhaint as na rialacháin a comhaontaíodh chun ár spriocanna laghdaithe éilimh a bhaint amach. Cuideoidh sin linn tuilleadh suaite ar sholáthar an gháis a sheasamh agus an brú ar mhargaí gáis idirnáisiúnta, agus dá réir sin ar phraghsanna, a mhaolú. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar bhearta laghdaithe éilimh agus ar na tionchair dháileacháin a bhíonn acu chun cothrom na Féinne a áirithiú sna hiarrachtaí agus sna rannchuidithe ó gach cuid den gheilleagar agus den tsochaí. Tá sé réidh le foláireamh AE a ghníomhachtú, nó fiú leis na spriocanna laghdaithe éilimh don ghás a athbhreithniú, má chruthaítear nach leor bearta laghdaithe éilimh deonacha chun soláthairtí gáis leordhóthanacha a áirithiú le linn an gheimhridh.

    Chun an ullmhacht a threisiú i gcomhair aon éigeandáil a d’fhéadfadh a bheith ann le linn thréimhse an gheimhridh, tá an Coimisiún ag moladh bearta lena gcuirfí ar a gcumas do na Ballstáit an t‑ídiú neamhriachtanach, amhail an téamh lasmuigh, a laghdú go heisceachtúil chun a áirithiú go soláthrófar gás d’earnálacha, seirbhísí agus tionscail fhíor-riachtanacha eile. Níor cheart go ndéanfadh sé sin aon difear i gcúinsí ar bith don ídiú ag teaghlaigh ar custaiméirí leochaileacha iad.

    Is í an dlúthpháirtíocht bunchloch an Aontais agus is bunús í d’éifeachtacht a ghníomhaíochta. Cúig bliana tar éis don Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis a bheith comhaontaithe, níl ach 6 chomhaontú dlúthpháirtíochta dhéthaobhacha sínithe idir Ballstáit, as 40 cinn a d’fhéadfaí a shíniú. Tá sé sin ró-mhalltriallach. Molann an Coimisiún cumas an Aontais a neartú freagairt ghasta a thabhairt i gcás éigeandála trí rialacha dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a leagan síos, rialacháin lena n‑áiritheofar go bhfaighidh Ballstát a mbeidh éigeandáil ag bagairt air gás ó na Ballstáit eile ar chúiteamh cóir. Shíneofaí an togra le go gcuimseofar ní hamháin na Ballstáit sin a chuimsiú atá nasctha le chéile go díreach nó trí thríú tír, ach Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu fiú mura mbíonn nasc díreach eatarthu. An margadh gáis aonair Eorpach agus trádáil gáis gan bhriseadh laistigh den Aontas, is réamhriachtanais iad le go mbeidh geimhreadh sábháilte ag na hEorpaigh uile i mbliana agus an bhliain seo chugainn.

    2.Aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

    Cé go bhfuil laghdú tagtha ar na praghsanna mórdhíola ón mbuaic i samhradh 2022, tá siad fós ar leibhéal neamh‑inbhuanaithe do líon méadaitheach d’Eorpaigh. Tá síormhéadú ag teacht ar líon na saoránach atá ag fulaingt bochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol a fulaingthe. Is iad na tomhaltóirí leochaileacha is mó atá thíos leis sin, ach tá méadú ag teacht ar an ualach atá ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh mar gheall ar bhillí costasacha gáis agus leictreachais, teaghlaigh mheánioncaim san áireamh.

    Ní mór gníomhú dá réir, go háirithe maidir leis an ngás, ag féachaint dá thábhachtaí atá sé le haghaidh teaghlach agus an tionscail agus an tionchar atá aige ar phraghsanna leictreachais.

    Tá praghsanna an gháis ar an bpríomh‑mhalartán gáis, an tSaoráid Aistrithe Teideal (TTF), ar leibhéil nach bhfacthas riamh roimhe seo agus iad thar a bheith luaineach. Cé go mbaineann sé sin leis an staid shonrach in Iarthuaisceart na hEorpa, de dheasca ganntanais áitiúla agus scrogaill bonneagair, is minic a bhíonn tionchar ag TTF ar leibhéil na bpraghsanna i gconarthaí fadtéarmacha lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa agus ar an iomad idirbheart GNL. Tá innéacsanna praghsanna ag teastáil a léireoidh dálaí iarbhír an mhargaidh.

    Dá bhrí sin, molann an Coimisiún tagarmharc comhlántach praghsanna nua le haghaidh GNL a fhorbairt. Bheadh tagarmharc bunaithe ar GNL ina bhonn ní ba chruinne d’idirbhearta GNL agus chuirfí innéacs praghsanna níos cothroime agus níos trédhearcaí ar fáil leis. Ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) an fhaisnéis is gá a bhailiú chun an tagarmharc nua sin a chruthú faoi dheireadh 2022 agus ba cheart an t‑innéacs a bheith ar fáil in am don chéad séasúr líonta eile i dtús 2023.

    Sa bhreis air sin, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá ar siúl faoi láthair, molann an Coimisiún sásra teorannaithe praghsanna a chur ar bun tríd an bpríomh‑mhalartán gáis Eorpach, TTF, sásra a ghníomhachtófaí nuair ba ghá. Bhunófaí leis an sásra ceartaithe praghsanna teorainn dhinimiciúil praghsanna, ar bhonn sealadach, d’idirbhearta ar TTF. Bheadh sé sin ina chuidiú chun ró-luaineacht agus praghsanna iomarcacha a sheachaint. Chuir an Coimisiún an méid sin i láthair mar rogha cheana i mí an Mhárta 2022. Inniu, ag féachaint do nádúr eisceachtúil na géarchéime fuinnimh, agus ag obair dúinn ar bhonn an chreata atá bunaithe feasta le haghaidh bearta laghdaithe éilimh, is mithid sásra den chineál sin a chur ar bun.

    D’fhonn teorainn a chur leis an luaineacht ionlae, molann an Coimisiún sásra coiléir sealadach nua um méadú praghsanna ionlae a thabhairt isteach chun luaineacht iomarcach praghsanna a sheachaint agus chun cosc a chur ar mhéadú mór praghsanna i margadh na ndíorthach fuinnimh. Le sásra den sórt sin áiritheofar sásra um praghasmhúnlú níos fónta sna margaí sin, rud a chosnóidh oibreoirí fuinnimh an Aontais ar mhéaduithe móra praghsanna ionlae agus cabhróidh sé leo a soláthar fuinnimh a chinntiú sa mheántéarma.

    Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, bealaí chun teorainn a chur leis an tionchar atá ag praghsanna arda gáis ar phraghsanna leictreachais. Tháinig laghdú ar phraghsanna sa Spáinn agus sa Phortaingéil a bhuí le caidhp praghsanna a bheith tugtha isteach le haghaidh gás a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint. Is fiú an beart sin a mheas lena thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, más féidir aghaidh a thabhairt go sásúil ar roinnt ceisteanna oscailte. Tá Ballstáit an Aontais éagsúil ó chéile ó thaobh a meascán fuinnimh, a nasc agus a gcóras cumhachta de. Ní mór réiteach a dhearadh a oibreoidh le haghaidh gach ceann acu, a chuirfidh cosc ar ídiú gáis a mhéadú, a thabharfaidh aghaidh ar an tionchar airgeadais éagothrom ó Bhallstát go chéile agus a bhainisteoidh sreabha lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

    Ar deireadh, tacaíonn an Coimisiún leis an Tascfhórsa nua a bhunaigh ACER agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), in éineacht le maoirseoirí na margaí fuinnimh agus airgeadais náisiúnta, chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh. Cuideoidh an ghníomhaíocht chomhpháirteach seo le patrúin agus dinimic trádála a rianú sna deighleoga éagsúla de na margaí gáis agus leictreachais. Leis sin, neartófar an faireachas margaidh agus aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin is gá a dhéanfaidh maoirseoirí margaidh. 

    3.an tionchar atá ag praghsanna arda gáis a mhaolú

    Sa bhreis ar a ghníomhaíocht maidir le praghsanna, tá bearta airgeadais agus eile curtha le chéile ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun cosaint a thabhairt do thomhaltóirí agus gnólachtaí atá thíos leis an suaitheadh seachtrach ar phraghsanna fuinnimh. Ní mór an Margadh Aonair a chaomhnú, rud a chuidigh leis an Aontas dul i ngleic le géarchéimeanna roimhe seo, agus ní mór ardleibhéal fostaíochta a chosaint. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar fhorbairtí i ndáil leis sin. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfar faoi réitigh chomhroinnte chomhchoiteanna AE lena seachnófar réitigh ilroinnte náisiúnta a bheadh ag brath ar an spás fioscach atá éagsúil ó Bhallstát go chéile.

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún níos mó saoirse a thabhairt do na Ballstáit tacú lena gcuideachtaí tríd an gCreat Sealadach Géarchéime a leasú agus cothrom na Féinne a chaomhnú san am céanna. Cuirfear síneadh leis na teorainneacha ama le haghaidh tacaíocht Stáit, agus ar mhaithe lenár ngníomhaíocht ghearrthéarmach a choinneáil i gcomhréir lenár spriocanna fadtéarmacha, cuirfear roghanna nua ar fáil a chuirfidh ar a gcumas do na Ballstáit tacú le cuideachtaí a laghdódh a n‑éileamh leictreachais. Leis an gcreat sin, tabharfar níos mó deiseanna do na Ballstáit chun tacú leis na cuideachtaí is mó a bhfuil gá acu leis, agus an tráth céanna déanfar ceanglais áirithe a shimpliú agus cothrom na Féinne a chaomhnú laistigh den Aontas. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéileálfar go tapa agus go comhsheasmhach le gach iarraidh ó na Ballstáit ar thacaíocht shealadach.

    Tá margaí na ndíorthach ríthábhachtach chun go leanfaidh cuideachtaí fuinnimh dá ngníomhaíochtaí. Mar sin féin, de bharr méaduithe praghsanna agus luaineacht mhór i margaí na ndíorthach fuinnimh, tá fadhbanna leachtachta ag cuideachtaí fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach lamháil inlíochta bhreise a thabhairt dár gcuideachtaí fuinnimh ionas gur féidir leo soláthairtí agus ceannacháin tráchtearraí fuinnimh a chinntiú sa mheántéarma. Sin an fáth a bhfuil dhá rialachán tarmligthe á nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le comhairle an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), chun an brú leachtachta méadaithe ar rannpháirtithe neamhairgeadais sa mhargadh a mhaolú, brú atá ann mar thoradh ar an ardú sna ceanglais éarlaise.

    Leis an dá rialachán sin, déanfar an méid seo a leanas:

    ·An tairseach imréitigh le haghaidh contrapháirtithe neamhairgeadais a mhéadú go EUR 4 bhilliún 6 . Faoin tairseach sin, ní bheidh contrapháirtithe neamhairgeadais faoi réir ceanglais éarlaise maidir lena ndíorthaigh fuinnimh thar an gcuntar.

    ·Liosta na sócmhainní incháilithe a fhéadfaidh contrapháirtithe lárnacha a ghlacadh chun a rioscaí a chumhdach a leathnú 7 go ceann bliana amháin. Leis sin, beidh cuideachtaí neamhairgeadais 8 agus gach rannpháirtí sa mhargadh in ann cineálacha breise ráthaíochtaí a úsáid faoi choinníollacha sonracha, chun a nglaonna ar éarlais a chomhlíonadh 9 .

    Molann an Coimisiún freisin creat an bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 a dhéanamh níos solúbtha, rud a chabhródh leis na Ballstáit agus leis na réigiúin a bhuí le bhearta spriocdhírithe, sealadacha agus eisceachtúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, suas le huasmhéid 10 % de leithdháiltí na mBallstát arb ionann iad agus beagnach EUR 40 billiún. Íocfar méideanna faoi réir an chistithe atá ar fáil faoi uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil. Leis sin, cuirfear tacaíocht ar fáil do FBManna a ndéanann méaduithe ar phraghsanna fuinnimh difear mór dóibh, cuideofar le haghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus cuirfear tacaíocht ar fáil le haghaidh rochtain ar an margadh saothair trí phoist fostaithe agus daoine féinfhostaithe a choinneáil ar bun, a bhuí le hobair ghearr-ama agus scéimeanna coibhéiseacha. 

    Chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh, ní mór bunphrionsabail ár ngeilleagair a chosaint, agus go háirithe ár margadh aonair a choimirciú mar aon le hardleibhéal fostaíochta. Tá cur chuige aontaithe comhchoiteann Eorpach ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach i leith ilroinnt san Aontas.

    Ar bhonn nithiúil, chun dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise na Rúise, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar na bearta agus ar an luas aistrithe atá beartaithe in REPowerEU. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar riachtanais REPowerEU. Sa mheasúnú sin, breathnófar ar infheistíochtaí i mbonneagar trasteorann, lena náirítear idirnaisc chriticiúla uile-Eorpacha 10 , stóráil fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí inathnuaite fuinnimh a bhfuil gá leo chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chun ilroinnt sa mhargadh aonair a sheachaint. Breithneofar an acmhainneacht ionsúcháin infheistíochta sa mheasúnú freisin. Beidh na torthaí ina mbonn le tograí ón gCoimisiún chun cur le cumhacht airgeadais an Aontais le haghaidh REPowerEU chun iomaíochas thionscal na hEorpa agus an neamhspleáchas fuinnimh ar fud an Aontais a chinntiú.

    4.Bonneagar a chosaint agus a bharrfheabhsú

    Chun an tAontas Eorpach a chumasú chun déileáil le timpeallacht na bagartha atá ag síorathrú, tá gá le forairdeall agus oiriúnú leanúnach. Leis an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, tá bagairtí nua tagtha chun cinn, bagairtí a thagann le chéile go minic ina n‑ionsaí hibrideach. Ceann díobh sin is ea an riosca do bhonneagar criticiúil ar le leas na hEorpa é. Tháinig sé seo chun solais go follasach leis an tsabaitéireacht a rinneadh ar phíblínte gáis Nord Stream.

    Tá gníomhaíocht fógartha ag an gCoimisiún cheana féin chun feabhas a chur ar shlándáil na mbonneagar criticiúil tar éis na bpléascanna píblíne. Dá bhrí sin, tá moladh ón gComhairle á chur chun tosaigh ag an gCoimisiún inniu chun tacaíocht an Aontais a threisiú ar mhaithe le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil a mhéadú, agus chun comhordú ar leibhéal an Aontais a áirithiú, ó thaobh ullmhachta agus freagartha de, mar aon le comhar feabhsaithe le haghaidh bonneagar ar chun leasa trasteorann é. Is é is aidhm don togra seo an obair a uasmhéadú agus dlús a chur léi chun na sócmhainní, na saoráidí agus na córais sin atá riachtanach d’fheidhmiú an gheilleagair a chosaint agus chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach, ar seirbhísí iad a mbíonn saoránaigh ag brath orthu, mar aon leis an tionchar a bheadh ag aon ionsaí a mhaolú tríd an téarnamh is tapúla is féidir a áirithiú. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit d’fhonn tástáil struis a dhéanamh ar a mbonneagar criticiúil, ag tosú leis an earnáil fuinnimh agus ina dhiaidh sin earnálacha ardriosca eile amhail earnálacha na cumarsáide, an iompair agus an spáis. Comhlánófar an tástáil struis le Treoirphlean maidir le teagmhais agus géarchéimeanna i dtaca le bonneagar criticiúil, arna dhéanamh i gcomhairle leis na Ballstáit agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais. Is é is aidhm don Treoirphlean cur síos a dhéanamh ar na cuspóirí agus ar na modhanna comhair idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le freagairt ar theagmhais i dtaca le bonneagar criticiúil, mar aon leis na cuspóirí agus modhanna sin a leagan amach, go háirithe i gcás ina mbeidh suaitheadh suntasach i soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha don mhargadh inmheánach i gceist. Thairis sin, neartóidh an Coimisiún agus an tArdionadaí na príomh‑chomhpháirtithe comhair maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil mar aon leis an gcomhar le ECAT tríd an idirphlé struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT. Bunófar Tascfhórsa le ECAT chuige sin.

    I gcomhthreo leis sin, chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as bonneagair gáis agus GNL, molann an Coimisiún uirlisí nua chun tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an toilleadh bonneagair atá ar fáil, mar aon le sásraí nua chun a áirithiú nach mbeidh aon chuideachta in ann toilleadh a chur in áirithe agus é a fhágáil gan úsáid. Is ann do shásraí den sórt sin cheana, ach d’fhéadfadh roinnt míonna a bheith i gceist le toilleadh a ath‑leithdháileadh – is é is aidhm don togra seo freagairt thapa a dhéanamh, go háirithe i gcás plúchadh gearrthéarmach. Tá tábhacht ar leith ag baint le bonneagair dhea-fheidhmiúla do Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil rochtain láithreach acu ar GNL agus, dá bhrí sin, nach bhfuil bealach chomh soiléir céanna acu chun a soláthar a éagsúlú.

    Ní mór dúinn dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh in‑athnuaite san Aontas freisin agus ár spriocanna aeráide fadtéarmacha a bhaint amach. Tá na nósanna imeachta ceadúnúcháin i dtaca le tionscadail in‑athnuaite fós rófhada. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach gcuireann tionscadail nua an bhithéagsúlacht i mbaol agus go nglacann saoránaigh leo, ach tá scóip ann próisis a chiorrú agus na ceanglais sin a chomhlíonadh san am céanna. Faoi chuimsiú REPowerEU, chuir an Coimisiún tograí i dtoll a chéile cheana féin chun dlús a chur leis an gceadúnúchán. I bhfianaise na práinne a bhaineann le slándáil leordhóthanach soláthair a áirithiú agus le dlús a chur le húsáid fuinnimh in‑athnuaite, áitíonn an Coimisiún ar na reachtóirí teacht ar chomhaontú go pras maidir leis na tograí sin. Tá sé réidh chun togra tiomnaithe a chur i dtoll a chéile chun na próisis riaracháin um dheonú ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail áirithe fuinnimh inathnuaite a shimpliú agus a ghiorrú ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe ar fud an Aontais.

    Conclúid: Aontas fuinnimh níos láidre

    An ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, ní fhacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá gá le freagairt éigeandála urghnách chomhchoiteann de mheon na dlúthpháirtíochta. Tá bearta cinntitheacha déanta ag an Aontas cheana féin agus tá sé réidh le dul níos faide.

    Le bliain anuas, tá roinnt tionscnamh curtha ar aghaidh agus curtha chun feidhme ag an gCoimisiún: tosaíodh le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta a chumasú agus ina dhiaidh sin straitéis chomhtháite um shlándáil an tsoláthair a chur ar bun. Le déanaí, tugadh faoi bhearta éigeandála arb é is aidhm dóibh billí leictreachais tomhaltóirí agus cuideachtaí a dhíchúpláil ó phraghas an gháis, laghdú an éilimh ar leictreachas a chomhordú, bosca uirlisí na mBallstát a fheabhsú chun tomhaltóirí agus cuideachtaí a chosaint ar phraghsanna arda fuinnimh, agus ranníocaíocht dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach don earnáil iontaise.

    An tsraith nua de bhearta éigeandála, is céim eile fós í ó thaobh na dlúthpháirtíochta agus an chomhtháthaithe de. Baintear leas as cumhacht ár margadh aonair ar mhaithe le slándáil an tsoláthair, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht an fhuinnimh agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha do chách.

    Tá an Coimisiún réidh le dul i dteagmháil láithreach leis an gComhairle agus tacú léi chun dul chun cinn gasta a dhéanamh, ag tosú leis an gComhairle Fuinnimh an 25 Deireadh Fómhair.

    Is iad an dlúthpháirtíocht agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha an fhreagairt is éifeachtúla ar an ngéarchéim seo, agus trí sheasamh le chéile, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an ghéarchéim a shárú agus Aontas Fuinnimh fíoriomaíoch a chruthú. 



    IARSCRÍBHINN

    Bearta a mholtar sa phacáiste

    An gás a cheannach le chéile agus slándáil ár soláthair a chosaint 

     

    An chaibidlíocht maidir le soláthar fuinnimh leis na comhpháirtithe iontaofa uile a chomhordú agus a threisiú 

     

    Cumhacht an mhargaidh Eorpaigh a ghiaráil trí ardán ceannaigh chomhpháirtigh chun soláthairtí breise a fháil le haghaidh líonadh stórála (moladh de réir Airteagal 122)

     

    Togra ón gCoimisiún chun dlús a chur le cumas an Aontais freagairt go tapa i gcás éigeandála trí rialacha réamhshocraithe a leagan síos maidir leis an dlúthpháirtíocht (moladh de réir Airteagal 122)

     

    Aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh 

     

    Molann an Coimisiún tagarmharc sonrach maidir le praghsanna a fhorbairt le haghaidh GNL faoi dheireadh 2022 (moladh de réir Airteagal 122) 

     

    Molann an Coimisiún sásra a chur ar bun chun caidhp a chur le praghsanna ar an bpríomh‑mhalartán gáis san Eoraip

     

    Molann an Coimisiún  sásra coiléir sealadach nua um méadú praghsanna ionlae a thabhairt isteach chun luaineacht iomarcach a sheachaint agus chun moill a chur ar mhéadú na bpraghsanna i margadh na ndíorthach fuinnimh 

    an tionchar atá ag praghsanna arda gáis a mhaolú

     

    Déanfaidh an Coimisiún an Creat Sealadach maidir le Státchabhair a leasú roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair

    Molann an Coimisiún, i gcomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, dhá rialachán tarmligthe chun an brú leachtachta méadaithe ar rannpháirtithe neamhairgeadais sa mhargadh a mhaolú, brú atá ann mar thoradh ar an ardú sna ceanglais éarlaise 

     

    Cistiú breise trí chreat an bheartais chomhtháthaithe (leasú ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna) agus trí REPowerEU

     

    Bonneagar a chosaint agus a bharrfheabhsú 

    Moladh ón gComhairle maidir le bonneagar criticiúil 

    Togra ón gCoimisiún maidir le huirlisí nua a úsáid chun níos mó trédhearcachta a sholáthar i ndáil le toilleadh (moladh de réir Airteagal 122) 

    Borradh a chur faoi tháirgeadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh trí dhlús a chur leis na nósanna imeachta ceadúnúcháin 

    (1)

      EUR-Lex - 52022DC0360 - GA - EUR-Lex (europa.eu)

    (2)

      EUR-Lex - 52022PC0473 - GA - EUR-Lex (europa.eu)

    (3)

      Lena dheimhniú leis an tuairisciú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin Coigilte Gáis atá le déanamh ag na Ballstáit faoin 15 Deireadh Fómhair

    (4)

      Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le freagairt an Aontais ar ardú praghsanna an fhuinnimh san Eoraip ( 2022/2830(RSP )

    (5)

      JOIN(2022) 23 final

    (6)

     Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. XX ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (EMIR) a mhéid a bhaineann le luach na tairsí imréitigh le haghaidh díorthaigh tráchtearraí

    (7)

     Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. XX ón gCoimisiún lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha i ndáil le ceanglais chomhthaobhachta

    (8)

     Ag gníomhú dóibh mar chomhaltaí imréitigh.

    (9)

     Sna ceisteanna agus freagraí poiblí a bhíonn ar siúl, deimhneoidh ESMA freisin gur féidir sócmhainní eile a úsáid mar chomhthaobhacht chun glaonna ar éarlais a chomhlíonadh, cuir i gcás ionstraimí fiachais gearrthéarmacha arna n‑eisiúint ag cuideachtaí nó bannaí de chuid an Aontais.

    (10)

     Ba cheart tús áite a thabhairt do thionscadail arb é is aidhm dóibh margadh inmheánach an fhuinnimh a chomhlánú agus do thionscadail a bhfuil gné láidir thrasteorann ag baint leo, mar shampla an nasc criticiúil idir an Phortaingéil, an Spáinn agus an Fhrainc agus Idirnaisc Leictreachais Thuaidh‑Theas i Lár agus Oirdheisceart na hEorpa. Ba cheart do thionscadail a fhaigheann tacaíocht feabhas a chur ar idirnascadh na ngréasán gáis agus leictreachais Eorpach, ar stóráil fuinnimh agus ar bhonneagar atá réidh don hidrigin. 

    Top