Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0504

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le gníomhaíochtaí Fhondúireacht IFRS, EFRAG agus PIOB in 2021

    COM/2022/504 final

    An Bhruiséil,6.10.2022

    COM(2022) 504 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le gníomhaíochtaí Fhondúireacht IFRS, EFRAG agus PIOB in 2021


    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir le gníomhaíochtaí Fhondúireacht IFRS, EFRAG agus PIOB in 2021

    1.Cuspóir agus raon feidhme na tuarascála

    An 28 Aibreán 2021, ghlac an tAontas Eorpach Clár an Mhargaidh Aonair 1 . Soláthraítear an pacáiste comhtháite chun tacú le rialachas an mhargaidh aonair agus é a neartú le EUR 4.21 billiún le linn na tréimhse 2021 go 2027. Foráiltear leis an Rialachán maidir le Clár an Mhargaidh Aonair go mbeidh imchlúdach buiséadach EUR 220.5 mhilliún ann do phróisis chaighdeánaithe, as a leithdháilfear EUR 61 mhilliún chun tacú le forbairt caighdeán idirnáisiúnta tuairiscithe airgeadais agus neamhairgeadais agus iniúchóireachta ar ardchaighdeán agus chun a gcomhtháthú i ndlí an Aontais a éascú.

    Faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, leanann an Coimisiún 2 de dheontais oibriúcháin bhliantúla a chur ar fáil do thrí eagraíocht i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta: Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS), a mhéid a bhaineann le forbairt na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, chomh maith leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go ginearálta. Tá ról tábhachtach ag na trí eagraíocht sin maidir le cáilíocht, iontaofacht agus infhaighteacht faisnéise poiblí faoi chuideachtaí, faisnéis airgeadais agus faisnéis neamhairgeadais i dtuarascálacha corparáideacha a chinntiú. Feidhmíonn an fhaisnéis sin chun margaí caipitil éifeachtúla a chur chun cinn, chun leas ball, infheisteoirí agus soláthraithe eile caipitil a chosaint do chuideachtaí agus chun freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn lena n‑áirítear an inbhuanaitheacht.

    Le Rialachán (AE) 2021/690 lena mbunaítear Clár an Mhargaidh Aonair 3 , ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a ullmhú, a bheidh le tarchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, maidir le gníomhaíocht Fhondúireacht IFRS a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a fhorbairt, chomh maith le, go ginearálta, PIOB agus EFRAG. Comhlíonann an tuarascáil sin an oibleagáid sin agus déantar achoimre inti ar ghníomhaíochtaí na dtrí eagraíocht sin in 2021.

    2.Fondúireacht IFRS

    2.1.Rialachas

    Is eagraíocht neamhbhrabúsach í Fondúireacht IFRS, faoi dhlí corparáide ginearálta Stát Delaware (na Stáit Aontaithe) agus ag a bhfuil ceanncheathrú i Londain (an Ríocht Aontaithe), a bunaíodh chun forbairt, cur chun cinn agus éascú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as tacar amháin caighdeán cuntasaíochta atá ar ardcháilíocht, intuigthe, in‑fhorfheidhmithe agus aitheanta ar fud an domhain.

    Déanann Fondúireacht IFRS óstáil ar an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB), atá freagrach as forbairt na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Faoi Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002 4 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (‘Rialachán IAS’), féadfaidh an Coimisiún IFRS nua nó leasaithe a fhormhuiniú tar éis comhairle a fháil ó EFRAG maidir le formhuiniú.

    I mí na Samhna 2021, rinne Fondúireacht IFRS a bhunreacht a oiriúnú agus chruthaigh sí an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta (ISSB), atá freagrach as caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt. Cuireann an Coimisiún tacaíocht airgeadais ar fáil d’Fhondúireacht IFRS chun IFRS a fhorbairt.

    Bord 22 Iontaobhaí a rialaíonn Fondúireacht IFRS, bord atá freagrach go coiteann as maoirseacht ghinearálta agus as ceapacháin chuig IASB agus chuid ISSB. Tá ainmniú na nIontaobhaithe faoi réir ag cionroinnt de réir thionscnamh geografach agus ag ceadú ón mBord Faireacháin 5 , atá leagtha amach chun nasc le húdaráis áitiúla a chur ar fáil agus a bhfuil an Coimisiún ina chomhalta de.

    Is éard atá sa IASB 14 chomhalta atá faoi réir ag riachtanais um cothromaíocht gheografach. Ainmnítear comhaltaí IASB ar feadh téarma cúig bliana, atá in‑athnuaite uair amháin. Tá IASB freagrach as socrú caighdeán. I mí Iúil 2021, tháinig an tOllamh Andreas Barckow i gcomharbacht ar Hans Hoogervorst mar Chathaoirleach ar IASB.

    Beidh an ISSB comhdhéanta de 14 chomhalta ó gach cearn den domhan le meascán de pheirspictíochtaí gairmiúla, agus beidh infheisteoirí agus ullmhóirí san áireamh ann. Ainmnítear comhaltaí IASB ar feadh téarma 5 bliana, atá in‑athnuaite uair amháin. Tá an ISSB freagrach as caighdeáin a fhorbairt a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonnlíne dhomhanda chuimsitheach maidir le nochtaí inbhuanaitheachta ardcháilíochta le haghaidh tairbhe infheisteoirí agus na margaí caipitil. I mí na Nollag 2021, d’fhógair na hIontaobhaithe ceapachán Emmanuel Faber chun bheith ina Chathaoirleach ar ISSB, ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.

    Ceapann na hIontaobhaithe comhaltaí na Comhairle Comhairlí IFRS freisin agus an 14 chomhalta de Choiste Léirmhíniúcháin IFRS, atá tiomanta do chur i bhfeidhm Chaighdeáin IFRS a léirmhíniú agus do threoraíocht a chur ar fáil maidir le saincheisteanna tuairiscithe airgeadais.

    2.2Gníomhaíochtaí

    2.2.1Socruithe Caighdeán

    Tar éis ráig phaindéim COVID‑19 i mí an Mhárta 2020, thug IASB tacaíocht do pháirtithe leasmhara maidir le ceisteanna a bhaineann le COVID‑19 faoi chur i bhfeidhm chaighdeáin IFRS agus chuir sé comhairliúcháin nach bhfuil chomh criticiúil agus roinnt dátaí éifeachtacha ar leasuithe a glacadh le déanaí ar atráth.

    I mí Feabhra 2021, d’eisigh IASB leasuithe ar Chaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (IAS) 1 Presentation of Financial Statements [Cur i láthair Ráiteas Airgeadais] agus ar IAS 8 Accounting Policies, Changes in Accounting Estimates and Errors [Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta], lena soiléirítear na difríochtaí idir beartais chuntasaíochta agus meastacháin chuntasaíochta chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus inchomparáideacht bhreise a áirithiú.

    I mí an Mhárta 2021, d’eisigh IASB iarraidh ar fhaisnéis maidir lena Third Agenda Consultation [Comhairliúchán Tríú Clár Oibre] maidir le tosaíochtaí i dtaca le caighdeáin a bhunú do 2022 go 2026. Léirigh an chéad anailís ar aiseolas tacaíocht le haghaidh gníomhartha socraithe caighdeán maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí doláimhsithe. Breithneoidh an IASB an t‑aiseolas agus an plean oibre a bheidh ann amach anseo a chinneadh le linn an chéad leath de 2022.

    D’fhoilsigh IASB leasú ar Léasanna IFRS 16 Leases: Covid-19-Related Rent Concessions [Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID‑19] an 28 Márta 2020. De réir mar a leanadh de staid COVID‑19, d’eisigh IASB leasú eile i dtaca le IFRS 16 Leases: Covid-19-Related Rent Concessions beyond 30 June 2021 [Léasanna: Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID‑19 tar éis an 30 Meitheamh 2021] ar 31 Márta 2021 lena gcuirtear síneadh bliana breise leis an bhfaoiseamh roghnach atá ann cheana do léasaithe le haghaidh conarthaí léasa lena ngabhann faoiseamh íocaíochta agus íocaíochtaí.

    I mí na Bealtaine 2021, d’eisigh IASB leasuithe ar IAS 12 Income Taxes [Cánacha Ioncaim], lena soiléirítear conas is gá do chuideachtaí cuntas a thabhairt ar chánacha iarchurtha ar idirbhearta amhail léasanna agus oibleagáidí díchoimisiúnúcháin agus a bhfuil sé d’aidhm acu éagsúlacht a laghdú sa tuairisciú ar cháin iarchurtha sócmhainní agus dliteanais ar léasanna agus oibleagáidí díchoimisiúnúcháin.

    I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh IASB an Réamhdhréacht Subsidiaries without Public Accountability: Disclosures [Fochuideachtaí gan Cuntasacht Phoiblí: Nochtuithe], a bhí ar oscailt le haghaidh barúlacha go dtí mí Eanáir 2022. Leagtar amach sa Réamhdhréacht tograí IASB le haghaidh Caighdeán Cuntasaíochta IFRS nua lena gceadófaí d’fhochuideachtaí incháilithe Caighdeáin Chuntasaíochta IFRS a chur i bhfeidhm ina ráitis airgeadais agus ceanglais laghdaithe maidir le nochtadh ag gabháil leo.

    I mí na Nollag 2021, d’eisigh IASB leasú ar na ceanglais idirthréimhseacha in IFRS 17 Insurance Contracts [Conarthaí Árachais] lenar féidir le cuideachtaí difríochtaí aicmithe aonuaire maidir le faisnéis chomparáideach ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin a shárú nuair a chuirtear IFRS 17 agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais i bhfeidhm den chéad uair.

    In 2021, lean IASB de phlé a dhéanamh ar an aiseolas maidir lena iarraidh ar fhaisnéis faoin dara hAthbhreithniú Cuimsitheach ar IFRS for SMEs [IFRS le haghaidh Caighdeán FBManna] d’fhonn é a ailíniú le caighdeáin iomlána IFRS gan costas míchuí agus iarracht mhíchuí a chruthú do FBManna.

    Ar deireadh, thug Fondúireacht IFRS tacsanomaíocht IFRS cothrom le dáta chun impleachtaí na gcaighdeán agus na leasuithe nua a léiriú 6 .

    Tá forbhreathnú iomlán ar na gníomhaíochtaí socraithe caighdeán, lena n‑áirítear obair Choiste Léirmhíniúcháin IFRS (IFRIC), le fáil ar shuíomh gréasáin Fhondúireacht IFRS 7 .

    2.2.2.Tionscadail thaighde

    I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhoilsigh IASB iarraidh ar fhaisnéis maidir leis an athbhreithniú iar‑chur chun feidhme (PIR) ar Financial Instruments [Ionstraimí Airgeadais] IFRS 9 maidir leis na ceanglais aicmithe agus tomhais. Bhí sé ar oscailt le haghaidh barúlacha go dtí mí Eanáir 2022.

    Le linn 2021, phléigh IASB aiseolas ar an bPlépháipéar Business Combinations -Disclosures, Goodwill and Impairment [Comhcheangail Ghnó — Nochtadh, Dea-thoil agus Lagú]agus chinn siad tús áite a thabhairt d’obair bhreise a dhéanamh chun cinntí sealadacha a dhéanamh maidir leis an bpacáiste de nochtuithe faoi chomhcheangail ghnó agus chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den aiseolas maidir leis an gcuntasaíocht ar dhea‑thoil ina dhiaidh sin.

    Tá forbhreathnú iomlán ar na tionscadail thaighde le fáil ar shuíomh gréasáin Fhondúireacht IFRS 8 .

    2.3.trédhearcacht agus cuntasacht

    2.3.1.Rialacha maidir le trédhearcacht

    Tá cruinnithe uile IASB agus Choiste Léirmhíniúcháin IFRS oscailte don phobal. Foilsítear cláir oibre na gcruinnithe roimh ré agus is féidir féachaint ar na cruinnithe iad féin ar líne. Ina theannta sin, foilsíonn IASB cruinnithe ráithiúla le geallsealbhóirí ar a shuíomh gréasáin 9 .

    2.3.2.Ionadaíocht ar gheallsealbhóirí

    Le bunreacht Fhondúireacht IFRS, éilítear go gceaptar seisear Iontaobhaithe as an Eoraip, chomh maith le Meiriceá agus an Áise‑an Aigéine, móide Iontaobhaí amháin as an Afraic agus triúr Iontaobhaithe as limistéar ar bith ar choinníoll go gcoimeádtar cothromaíocht gheografach fhoriomlán. Ar an tslí chéanna, leis na critéir chun duine a cheapadh ina c(h)omhalta boird de IASB, éilítear ceathrar comhaltaí as gach réigiún, comhalta amháin as an Afraic agus comhalta amháin as limistéar ar bith.

    An 31 Nollaig 2021, bhí Comhairle Chomhairleach IFRS comhdhéanta de 51 eagraíocht lena n‑áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM). Tá an Coimisiún rannpháirteach mar bhreathnóir.

    2.3.3.Coinbhleachtaí leasa a chosc

    Ceaptar Iontaobhaithe Fhondúireacht IFRS ar feadh téarma trí bliana gur féidir a athnuachan uair amháin, agus ní mór dóibh gealltanas a thabhairt go ngníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail. I bprionsabal, ní féidir le hIontaobhaí agus Comhalta den Bhord Faireacháin a bheith fostaithe ag an eagraíocht chéanna.

    Is comhaltaí lánaimseartha iad comhaltaí uile IASB, le heisceacht amháin. Ní mór dóibh deireadh a chur le gach caidreamh fostaíochta agus ceangal a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas. Ní cheadaítear iasacht ó fhostóir ná cearta chun ath‑chomhtháthú leis an iar‑fhostóir.

    2.3.4.Miondealú ar chistiú

    In 2021, fuair Fondúireacht IFRS deontas EUR 4.5 mhilliún ón gCoimisiún chun IFRS a fhorbairt, arb ionann é agus 22.1 % de na ranníocaíochtaí iomlána a fuarthas. Ba é an Coimisiún an ranníocóir ba mhó i gcónaí. Tháinig laghdú ar sciar coibhneasta bhuiséad an Choimisiúin agus chistiú na mBallstát i gcomparáid le 2020 (ó 42.8 % go 36.5 %), ós rud é nach Ballstát den Aontas í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh.

    Léirítear le miondealú ar chistiúchán de réir príomhlimistéar geografach agus líonraí idirnáisiúnta cuntasaíochta go ndearna an tAontas agus a Bhallstáit 36.5 % de na ranníocaíochtaí uile agus go ndearna an Áise‑an Aigéine 32.6 %, líonraí idirnáisiúnta cuntasaíochta 12.7 %, Críocha Mheiriceá 5.7 %, an Afraic 0 % agus limistéir eile 12.4 % de na ranníocaíochtaí uile.

    Leanadh leis an treocht íslitheach i rannchuidithe le Fondúireacht IFRS le blianta beaga anuas in 2021. Bhí laghdú foriomlán 4.2 % (GBP 768 000) ar ranníocaíochtaí tuairiscithe, ach bhí éagsúlacht mhór idir ranníocóirí.

    Ba GBP 40.7 milliún an barrachas coinnithe iomlán amhail ar an 31 Nollaig 2021.

    3.EFRAG

    3.1.Rialachas

    Is eagraíocht a mhaoinítear go poiblí agus go príobháideach é EFRAG a oibríonn ar mhaithe le leas an phobail. Tá foirm dhlíthiúil AISBL (eagraíocht neamhbhrabúsach idirnáisiúnta na Beilge) ag EFRAG. Tá 8 nEagraíocht Eorpacha de chuid na bpáirtithe leasmhara comhdhéanta de EFRAG, comhlachais tionscail agus infheisteoirí den chuid is mó, agus 9 nEagraíocht lena socraítear Caighdeáin Chuntasaíochta Náisiúnta.

    Is é misean EFRAG gníomhú ar mhaithe le leas phobal na hEorpa trí thuairimí na hEorpa sa réimse tuairiscithe airgeadais a chur chun cinn agus a áirithiú go mbreithnítear na tuairimí sin i gceart i bpróiseas socraithe caighdeán IASB agus i ndíospóireachtaí gaolmhara idirnáisiúnta. Cuireann EFRAG comhairle ar fáil don Choimisiún i dtaobh ar cheart don Aontas IFRS nua (nó athbhreithnithe) a fhormhuiniú, bunaithe ar chritéir Rialachán IAS 10 , lena n‑áirítear prionsabal an fhírinne chothrom agus an mbeadh siad fabhrach do leas poiblí na hEorpa. Chomh maith leis sin, déanann EFRAG obair taighde cuntasaíochta réamhghníomhach freisin.

    Bliain an‑dian a bhí in 2021 do EFRAG. Chomh maith le leanúint dá ghníomhaíochtaí tuairiscithe airgeadais, d’fhorbair EFRAG an colún tuairiscithe maidir le hinbhuanaitheacht (féach roinn 3.2.2).

    3.2Gníomhaíochtaí

    3.2.1.Formhuiniú agus gníomhaíochtaí taighde

    In 2021, bhí obair EFRAG ar thuairisciú airgeadais fós bunaithe ar chlár oibre IASB, Coiste Léirmhíniúcháin IFRS agus Fondúireacht IFRS go príomha. In 2021, d’eagraigh EFRAG 146 chruinniú agus comhdháil lena n‑áirítear 16 chruinniú de Bhord EFRAG agus 17 gcruinniú de Shainghrúpa Teicniúil EFRAG (TEG). Ó thaobh aschuir de, d’eisigh EFRAG 5 chomhairle fhormhuinithe deiridh (agus 5 dhréachtchomhairle chomhfhreagracha maidir le formhuiniú), d’eisigh sé 9 litir tráchta deiridh, agus d’fhoilsigh sé páipéar taighde i mí Lúnasa 2021.

    Thíolaic EFRAG a chomhairle formhuinithe is tábhachtaí maidir le mórchaighdeán nua IFRS 17 Insurance Contracts [Conarthaí Árachais] an 31 Márta 2021. Agus an chomhairle sin á cur san áireamh, mhol an Coimisiún go bhformhuineofaí IFRS 17 le baint roghnach faoi réir ceanglas maidir le nochtadh agus clásal athbhreithnithe. Áirítear ar na comhairlí formhuinithe eile a chuir EFRAG faoi bhráid an Choimisiúin in 2021: Initial Application of IFRS 17 and IFRS 9 – Comparative Information [Cur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17 agus IFRS 9 — Faisnéis Chomparáideach], agus nochtadh beartas cuntasaíochta (IAS 1 agus IAS 8), agus COVID-19-Related Rent Concession beyond 30 June 2021 [Lamháltas Cíosa a bhaineann le COVID‑19 tar éis an 30 Meitheamh 2021] le haghaidh léasanna (IFRS 16) 11 .

    Sula n‑eisíonn EFRAG comhairle maidir le formhuiniú deiridh maidir le caighdeán a d’eisigh IASB, eisíonn EFRAG (dréacht) litreacha tráchta chuig IASB agus dréachtchomhairle maidir le formhuiniú. Le próis chuí láidir, is féidir le páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir le seasaimh EFRAG. D’eisigh EFRAG 9 litir tráchta deiridh lena n‑áirítear Dea‑thoil agus Lagú, Easpa Malartachta (IAS 21), Dliteanas Léasa in idirbheart Díola agus Athléasa (IFRS 16), Sócmhainní Rialála agus Dliteanais Rialála. Leag EFRAG béim ina bharúil ar an Athbhreithniú Iarchur chun Feidhme ar IFRS 9 maidir le hAicmiú agus Tomhas ar an tábhacht a bhaineann le hathruithe athchúrsála ar Luach Cothrom carntha in Ioncam Cuimsitheach Eile le haghaidh ionstraimí cothromais. Ar deireadh, bhí litir bharúlacha an‑tábhachtach eile ag EFRAG maidir leis an Tríú Comhairliúchán ar an gClár Oibre de chuid IASB a raibh sé mar aidhm léi clár oibre IASB maidir le leagan síos caighdeán a chinneadh don tréimhse 2022-2026. Chuir EFRAG na tosaíochtaí seo a leanas in iúl do IASB: rioscaí aeráide, dliteanais agus dliteanais chriptea‑shócmhainní.

    Trína Phainéal Acadúil agus a Líonra Acadúil, chuir EFRAG feabhas ar a chomhoibriú leis an lucht acadúil.

    3.2.2.Tuairisciú inbhuanaitheachta

    Le linn 2021 d’oibrigh EFRAG go dian ar thuairisciú inbhuanaitheachta mar fhreagairt ar 2 shainordú a fuarthas an 25 Meitheamh 2020 ó Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Dombrovskis. An 8 Márta 2021, d’fhoilsigh EFRAG dhá thuarascáil mar fhreagairt ar an dhá shainordú sin ar a shuíomh gréasáin 12 .

    Ba é an chéad sainordú ná iarraidh ar EFRAG obair ullmhúcháin a dhéanamh do Chaighdeáin Tuairiscithe Inbhuanaitheachta (ESRS) an Aontais a d’fhéadfadh a bheith i dTreoir athbhreithnithe maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (an dréacht‑Treoir maidir le Tuairisciú inbhuanaitheachta Corparáideach [CSRD] anois). Bhunaigh EFRAG Tascfhórsa Tionscadail ilpháirtithe leasmhara ‘maidir le hobair ullmhúcháin chun caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt’ (PTF‑NFRS) faoi chathaoirleacht Patrick de Cambourg, Uachtarán Autorité des Normes Comptables na Fraince. Áiríodh treochlár agus 54 mholadh i dtuarascáil PTF‑NFRS maidir le sraith chuimsitheach ESRS a fhorbairt. 

    Ba é an dara sainordú cuireadh ad personam chuig Uachtarán Bhord EFRAG, Jean‑Paul Gauzès, chun moltaí a sholáthar maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith le hathruithe ar rialachas agus ar chistiú EFRAG, dá mbeadh sé le bheith ina bhunaitheoir ESRS mar a mhol an Coimisiún in CSRD. Mhol Jean‑Paul Gauzès leasuithe ar struchtúr rialachais agus maoinithe EFRAG 13 .

    An 21 Aibreán 2021, ghlac an Coimisiún togra reachtach le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú inbhuanaitheachta Corparáideach chun forálacha na Treorach maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais a athbhreithniú agus a neartú 14 . Ba phríomhthionscnamh de chuid chlár oibre airgeadais inbhuanaithe an Aontais é an togra agus tá sé tábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Leis an togra ón gCoimisiún, a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go polaitiúil an 21 Meitheamh 2022, beartaíodh go nglacfadh an Coimisiún Eorpach caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta Eorpacha mar ghníomhartha tarmligthe atá le forbairt ag EFRAG, agus próis chuí, maoirseacht phoiblí agus trédhearcacht á n‑úsáid, agus le saineolas na bpáirtithe leasmhara ábhartha.

    Mar thoradh ar iarraidh ón gCoimisinéir McGuinness i mí na Bealtaine 2021 15 , leasaigh EFRAG a struchtúr rialachais bunaithe ar mholtaí Jean‑Paul Gauzes agus thacaigh sé leis an obair a rinne PTF‑NFRS chun an tsraith tosaigh de dhréacht ESRS a fhorbairt.

    Rinne EFRAG athchóirithe suntasacha rialachais chun athchóirithe rialachais a mhol cathaoirleach EFRAG a chur chun feidhme trí cholún tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhunú agus bonn ball EFRAG a leathnú le 14 eagraíocht a bhfuil leas acu i dtuairisciú inbhuanaitheachta (lena n‑áirítear 12 eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta). Tar éis glaonna poiblí ar iarrthóirí agus próiseas roghnúcháin trédhearcach, bhunaigh EFRAG an Bord um Thuairisciú Inbhuanaitheachta (SR) an 13 Aibreán 2022 agus EFRAG SR TEG an 25 Aibreán 2022.

    Chun na hamlínte atá sa togra CSRD a chomhlíonadh, thosaigh PTF‑NFRS ag forbairt na chéad sraithe de dhréacht‑ESRS i gcomhthráth leis an gcaibidlíocht reachtach maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh CSRD. An 28 Aibreán 2022, d’eisigh Bord SR EFRAG an chéad tacar de 13 dhréacht de ESRS le haghaidh comhairliúchán poiblí 16 .

    3.3.trédhearcacht agus cuntasacht

    3.3.1Rialacha maidir le trédhearcacht

    Tá próiseas cuí poiblí trédhearcach ag EFRAG. Tugann an phróis chuí sin deis do gach toghthóir san Eoraip a thuairimí a chur faoi bhráid EFRAG lena mbreithniú. Áirithíonn sé go gcuirtear an éagsúlacht i dtuairimí agus samhlacha eacnamaíocha agus cuntasaíochta san Eoraip san áireamh agus seasaimh EFRAG á gcinneadh, go háirithe maidir le caighdeáin IFRS a fhormhuiniú. In 2021, rinne EFRAG tuilleadh forbartha ar a bheartais próise cuí chun freastal ar nós imeachta ESRS um shocraithe caighdeán.

    Mar chuid dá phróis chuí, foilsíonn EFRAG dréacht‑sheasaimh le haghaidh comhairliúcháin, déanann sé tástálacha allamuigh agus cineálacha eile anailíse éifeachta, eagraíonn sé imeachtaí for‑rochtana (a ndíríonn cuid díobh go sonrach ar úsáideoirí) agus déanann sé suirbhéanna, foilsíonn na torthaí i ráitis aiseolais agus foilsíonn a sheasaimh chríochnaitheacha. Rannchuidíonn EFRAG le socrú caighdeán fianaise‑bhunaithe trí bhíthin tabhairt faoi staidéir chainníochtúla a chuireann bonn taca faoin díospóireacht ar litreacha barúlacha EFRAG agus comhairle ar fhormhuiniú atá ag éirí ina gcodanna níos tábhachtaí d’obair thaighde EFRAG de réir a chéile.

    Tionóltar cruinnithe an Bhoird um Thuairisciú Airgeadais (FR) EFRAG agus Bhord SR EFRAG, EFRAG FR TEG agus EFRAG SR TEG agus Fhóram Comhchomhairleach na Socraitheoirí Caighdeánacha (EFRAG CFSS) go poiblí. Foilsítear na cláir oibre, páipéir thacaíochta an chláir oibre agus achoimrí na gcruinnithe ar shuíomh gréasáin EFRAG. Ó mhí an Mhárta 2018 i leith, is féidir breathnú ar na cruinnithe ar líne freisin agus fanann taifeadtaí ar líne ar feadh roinnt míonna.

    Coinníonn EFRAG clár trédhearcachta, lena gcumhdaítear cruinnithe Uachtarán Bhord EFRAG, Chathaoirleach EFRAG TEG agus POF EFRAG.

    3.3.2ionadaíocht agus cuntasacht

    Féachann EFRAG le cúlra ceart geografach, gairmiúil agus cothromaíocht inscne a bhaint amach ina Bhoird um Thuairisciú Airgeadais agus Tuairisciú Inbhuanaitheachta, ina Ghrúpaí Saineolaithe Teicniúla comhfhreagracha, ina Ghrúpaí Oibre agus Painéil Comhairleacha, agus i nGrúpa Stiúrtha Shaotharlann na hEorpa agus ina thascfhórsaí tionscadail. Tá teorainn le líon na gcomhaltaí ar na Boird FR agus SR agus TEGanna a bhfuil an náisiúntacht chéanna acu agus tá rialacha ann maidir le cúlra gairmiúil agus cothromaíocht inscne.

    Is iad Eagraíochtaí Comhaltaí EFRAG a ainmníonn comhaltaí Bhord EFRAG. Cuireadh feabhas suntasach ar chothromaíocht inscne agus ionadaíocht gheografach na mBord FR agus SR agus TEGanna comhfhreagracha le linn 2021.

    3.3.3COINBHLEACHTAÍ LEASA A CHOSC

    Tá beartas maidir le coinbhleachtaí leasa ag EFRAG mar bhonn taca faoina shainordú um leas an phobail. Foilsítear é ar shuíomh gréasáin EFRAG 17 . Deimhníonn comhaltaí Bhord EFRAG agus baill foirne EFRAG a neamhspleáchas gach bliain i ndearbhú sínithe.

    3.2.4Teagmhálaithe le Parlaimint na hEorpa agus le Ballstáit

    Freastalaíonn EFRAG go rialta ar chruinnithe an Choiste Rialála Cuntasaíochta chun saincheisteanna atá fós gan réiteach a phlé le saineolaithe na mBallstát, go háirithe maidir le caighdeáin IFRS a fhormhuiniú.

    Bíonn teagmháil ag EFRAG ó am go chéile le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, tá foireann tuairiscithe inbhuanaitheachta curtha ar bun ag Parlaimint na hEorpa a bhíonn i dteagmháil go rialta le EFRAG.

    3.4Éagsúlú agus buiséad

    Tugann an Coimisiún cistiú d’uasmhéid 60 % de chostais incháilithe EFRAG. In 2021, d’iarr EFRAG deontas EUR 2.9 milliún ón gCoimisiún. Tháinig ranníocaíochtaí eile airgid ó eagraíochtaí is páirtithe leasmhara Eorpacha (EUR 625 000) agus eagraíochtaí is geallsealbhóirí náisiúnta (i.e. an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an Ísiltír, an Danmhairg, an Spáinn, an tSualainn agus Lucsamburg) (EUR 1.5 milliún).

    In 2021, leathnaigh EFRAG a bhonn ballraíochta agus é mar aidhm aige Ballstáit uile an Aontais a chumhdach agus ba dhíol sásaimh dó tacaíocht an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát chun eagraíochtaí náisiúnta eile a spreagadh le bheith páirteach ann. In 2021, chuir EFRAG fáilte roimh ranníocaíochtaí nua ó eagraíocht de chuid na hOstaire agus ó thíortha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

    I mí an Mhárta 2021, d’fhormheas Tionól Ginearálta EFRAG struchtúr nua rialachais agus airgeadais chun trédhearcacht, loighic agus cothroime i gcóras ranníocaíochta airgeadais EFRAG a mhéadú. Tá athrú curtha ar an maoiniú don dá chraobh, a chuireann cistiú príobháideach EFRAG ar fáil (i.e. Eagraíochtaí is Páirtithe Leasmhara Eorpacha agus Eagraíochtaí Náisiúnta). Tá ranníocaíocht airgeadais chraobh na n‑eagraíochtaí náisiúnta bunaithe ar chritéir OTI. Tá ranníocaíochtaí airgeadais chraobh na n‑eagraíochtaí is geallsealbhóirí Eorpacha bunaithe ar shamhail earnála (earnáil ghairm na cuntasóireachta, earnáil na baincéireachta, earnáil an árachais, an earnáil FBM/CM 18 S) le ranníocaíocht EUR 150 000 in aghaidh na hearnála. Tá díolúine ann d’earnáil an úsáideora.

    I dteannta ranníocaíochtaí airgeadais, faigheann EFRAG ranníocaíochtaí comhchineáil arna gcur ar fáil ag comhaltaí TEGanna EFRAG, Boird EFRAG, na Meithleacha agus na Painéil Chomhairleacha, mar shampla i bhfoirm iasachtaí sealadacha.

    4. PIOB

    4.1.Rialachas

    Is é PIOB an comhlacht maoirseachta neamhspleách domhanda a dhéanann maoirseacht ar an bpróiseas socraithe caighdeán don iniúchóireacht idirnáisiúnta, don dearbhú idirnáisiúnta agus do na caighdeáin eitice idirnáisiúnta arna gceapadh ag na boird idirnáisiúnta um chaighdeáin a shocrú: an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Dearbhaithe (IAASB) agus an Bord um Chaighdeáin Eitice Idirnáisiúnta do Chuntasóirí (IESBA). Is é an príomhról atá aige a áirithiú go leanfaidh IAASB agus IESBA an próiseas cuí chun caighdeáin agus straitéisí a fhorbairt, i gcomhréir leis an gcreat maidir le leas an phobail. Tá an PIOB lonnaithe i Maidrid. Déantar fomhaoirseacht trí bhreathnuithe leanúnacha agus trí obair leantach ag Bord PIOB agus trí mhaoirseacht a dhéanamh ar na caighdeáin atá á bhforbairt ag an dá bhord. 

    Déanann an Grúpa Faireacháin, a bhfuil an Coimisiún ina chomhalta de, faireachán ar an tslí a dhéanann PIOB maoirseacht ar nós imeachta um shocraithe caighdeán agus ceapann an deichniúr comhaltaí de PIOB (lena n‑áirítear an Cathaoirleach).

    4.2 gníomhaíochtaí

    Tar éis mholtaí an Ghrúpa Faireacháin maidir leis an athchóiriú ar an gcóras socraithe caighdeán 19 , i mí na Samhna 2021, bhunaigh PIOB coiste ainmniúcháin chun comhaltaí IAASB agus IESBA amach anseo a roghnú, rud a tháinig in ionad choiste ainmniúcháin IFAC. Is é is cuspóir dó neamhspleáchas na gairme a threisiú agus a áirithiú ionas go mbeidh na scileanna riachtanacha ag na boird, go mbeidh siad éagsúil agus go mbeidh siad comhdhéanta d’ilpháirtithe leasmhara. Áireofar freisin ar fhreagrachtaí nua PIOB rialachas agus formhaoirseacht eintitis nua ina bhfuil IAASB agus IESBA, a bhfuiltear ag súil go n‑ionchorprófar é mar eintiteas neamhbhrabúis i Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2022. 

    In 2021, lean PIOB de bheith ag plé le IAASB agus IESBA maidir le roinnt príomhthionscadal, e.g. maidir le hiniúchtaí grúpa, iniúchtaí ar eintitis nach bhfuil chomh casta sin, gnóthas leantach, calaois, fianaise iniúchóireachta, dearbhú caighdeán tuairiscithe inbhuanaithe agus teicneolaíochta. Mar shampla, i bhfianaise scannail chorparáideacha agus teipeanna iniúchóireachta san am a chuaigh thart agus an riosca calaoise breise a cuireadh ar eintitis mar gheall ar COVID-19, cuireann PIOB dúshlán gníomhach roimh IAASB freagrachtaí iniúchóra a neartú tuilleadh i ndáil le calaois a shainaithint agus a thuairisciú in iniúchtaí ar ráitis airgeadais chomh maith leis na ceanglais maidir le feidhmiú an amhrais ghairmiúil agus an bhreithiúnais ghairmiúil. An 22 Iúil 2022, d’fhoilsigh PIOB an 17ú Tuarascáil Phoiblí uaidh ina dtugtar léargas ginearálta ar ghníomhaíochtaí PIOB. 20  

    4.3.Éagsúlú cistiúcháin

    Tá cistiú PIOB ceaptha chun a neamhspleáchas, ó thaobh fíoras agus dealraimh de, a choimeád. Ó 2010 i leith, is é an Coimisiún an dara deontóir is mó. In 2021, ba EUR 1 937 836 a bhí in ioncam iomlán PIOB (ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil). Ba EUR 345 000 (nó 17.80 %) ranníocaíocht an Aontais, ach ranníoc Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) EUR 1 109 587 (nó 57.26 %) fós, atá faoi bhun uasteorainn dhá thrian a cheadaítear le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2021/690. Tháinig ranníocaíochtaí eile ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO), ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS), ó Fhóram Idirnáisiúnta na Rialtóirí Neamhspleácha (IFIAR), ón gComhairle um Thuairisciú Airgeadais, ó Údarás Feidearálach na hEilvéise um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta, agus ó Choimisiún Maoirseachta Airgeadais na Téaváine, agus cuireann rialtas na Spáinne oifig Mhaidrid ar fáil saor in aisce (arna mheas ag EUR 189 318 in 2021). Is gá tuilleadh éagsúlaithe a dhéanamh i gcónaí maidir le cistí. Mar chuid dá athchóiriú, tá sé mar aidhm ag an nGrúpa Faireacháin an cistiú a thugann IFAC do PIOB a thabhairt go dtí faoi bhun 50 %.

    5.Conclúidí

    Bhí maoiniú an Aontais fíor‑riachtanach do na 3 thairbhí (Fondúireacht IFRS, EFRAG agus PIOB). Le maoiniú ón Aontas, cuireadh ar chumas IASB caighdeáin idirnáisiúnta ardcháilíochta maidir le tuairisciú airgeadais a fhorbairt, EFRAG chun freastal ar leas an phobail Eorpaigh trí thuairimí Eorpacha a fhorbairt agus a chur chun cinn i réimse an tuairiscithe airgeadais agus trína áirithiú go ndéanann IASB, agus PIOB, breithniú cuí ar na tuairimí sin, chun leas an phobail a chosaint maidir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta a leagan síos. Thairis sin, in 2021, tá bearta tábhachtacha déanta ag EFRAG chun a struchtúr a oiriúnú d’fhorbairt na gCaighdeán Eorpach um Thuairisciú Inbhuanaitheachta i gcomhréir le togra CSRD.

    (1)

    Rialachán (AE) 2021/690 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach agus d’iomaíochas fiontar), IO L 153, 3.5.2021, lgh. 1–47.

    (2)

     Cuireadh deontais ar fáil roimhe seo faoi Rialachán Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 105, 8.4.2014, lch. 1), arna leasú le Rialachán 2017/827 (IO L 129, 19.5.2017, lch. 24).

    (3)

    Airteagal 18(3).

    (4)

     IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

    (5)

    Tá an Bord Faireacháin, a bhfuil an Coimisiún ina chomhalta de, comhdhéanta d’údaráis phoiblí atá freagrach as foirm agus ábhar an tuairiscithe airgeadais a shocrú.

    (6)

     Tugtar tacaíocht, leis an maoiniú a chuireann an tAontas Eorpach ar fáil, do thacsanomaíocht IFRS a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil freisin, rud a fheidhmíonn mar ionchur d’Fhormáid Leictreonach Aonair Eorpach.

    (7)

    Plean oibre Fhondúireacht IFRS: https://www.ifrs.org/projects/work-plan/ ; agus tionscadail a tugadh chun críche: https://www.ifrs.org/projects/completed-projects/ .

    (8)

      https://www.ifrs.org/projects/work-plan/#research-and-standard-setting .  

    (9)

      https://www.ifrs.org/groups/international-accounting-standards-board/stakeholder-engagement-register/ .

    (10)

     Féach fonóta 4.

    (11)

      https://efrag.org/Endorsement .

    (12)

      https://efrag.org/Activities/2010051123028442/Non-financial-reporting-standard .

    (13)

      https://www.efrag.org/Activities/2010051124018235/Ad-personam-governance-mandate# .

    (14)

    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, COM/2021/189 final.

    (15)

    https://www.efrag.org/Assets/Download?assetUrl=/sites/webpublishing/SiteAssets/210512%2520Commissioner%2520McGuinness%2520to%2520EFRAG%2520on%2520sustainability.pdf  

    (16)

      https://efrag.org/lab3  

    (17)

      www.efrag.org .

    (18)

    Cleachtais Chuntasaíochta Bheaga agus Mheánmhéide

    (19)

      https://www.iosco.org/about/monitoring_group/pdf/2020-07-MG-Paper-Strengthening-The-International-Audit-And-Ethics-Standard-Setting-System.pdf .  

    (20)

      https://ipiob.org/  

    Top