Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0467

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an tarmligean a fheidhmiú a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

    COM/2022/467 final

    An Bhruiséil,16.9.2022

    COM(2022) 467 final

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

    maidir leis an tarmligean a fheidhmiú a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013


    1. Réamhrá

    Le Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (‘an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill’), bunaítear spriocanna an Aontais agus na mBallstát a mhéid a bhaineann le laghdú, faoi 2030, astaíochtaí gás ceaptha teasa nach gcumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais 2 , ná leis an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht 3 .

    Le hAirteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a leasú, agus cuntasaíocht chruinn a áirithiú faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill trí bhíthin Chlárlann an Aontais arna bunú faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais.

    De réir Airteagal 13(2) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018, is é sin, go dtí an 9 Iúil 2023. Déantar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin.

    Leis an tuarascáil seo, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an oibleagáid a leagtar síos le hAirteagal 13(2) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a chomhlíonadh, ar dá réir a dhéanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana.

    2. An tarmligean a fheidhmiú

    Ó tháinig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i bhfeidhm, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe amháin, eadhon Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún 5 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún maidir le feidhmiú Chlárlann an Aontais (‘an Rialachán maidir le Clárlann an Aontais’) a bhunaítear faoi Threoir 2003/87/CE.

    Glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 agus cuireadh é faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ghrinnscrúdú. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid i gcoinne ghlacadh an ghnímh tharmligthe. Is é príomhchuspóir Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún cur le forálacha an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill chun cuntasaíocht chruinn a áirithiú maidir le hidirbhearta faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, lena n‑áirítear, go háirithe, úsáid na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistriú leithdháiltí bliantúla astaíochtaí).

    Mar a luaitear thuas, le hAirteagal 7(2) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomh tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. An 14 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill 6 . Áirítear sa togra leasú ar theideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis. A luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí an togra, comhlíonfar cuspóir an chumhachtaithe, rud a fhágfaidh nach gá an gníomh tarmligthe a ghlacadh.

    4. Conclúid    

    Ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe amháin faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, eadhon Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon agóid ina choinne.

    Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

    (1)

    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

    (2)

    Bunaíodh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (3)

    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

    (4)

    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

    (5)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1124 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 a mhéid a bhaineann le Clárlann an Aontais faoi Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 177, 2.7.2019, lch. 66).

    (6)

    COM(2021) 555 final.

    Top