EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0335

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Tuarascáil leatbhliantúil maidir le forghníomhú oibríochtaí cistithe NextGenerationEU de bhun Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)2502 ón gCoimisiún 1 Eanáir 2022 - 30 Meitheamh 2022

COM/2022/335 final

An Bhruiséil,8.7.2022

COM(2022) 335 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil leatbhliantúil maidir le forghníomhú oibríochtaí cistithe NextGenerationEU de bhun Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)2502 ón gCoimisiún





1 Eanáir 2022 - 30 Meitheamh 2022


Clár Ábhar

1.Réamhrá

2.Cur chun feidhme chlár cistiúcháin NextGenerationEU sa chéad seimeastar de 2022

3.Costas an chistithe

4.Bannaí glasa

5.Ionchas eisiúna

6.Conclúid

Cistiú NextGenerationEU an 30 Meitheamh 2022 

Iasachtaíocht fhadtéarmach

Bannaí-AE €121 bhilliún 
lena náirítear €28 mbilliún i mbannaí glasa

Iasachtaíocht ghearrthéarmach

€57.9 billiún a eisíodh i mBillí-AE 3 mhí agus 6 mhí lena n‑áirítear €22.9 billiún atá fós gan íoc

PRÍOMHFHÍRICÍ an chéad seimeastair de 2022

PRÍOMHFHÍRICÍ an chéad seimeastair de 2022

5 shindeacáitiú, 6 cheant, lena dtiomsaítear €50 billiún

Meánchostas cistithe 1.24 %

Bhí an téileamh 5.9 oiread suas le beagnach 16 oiread níos mó ná an soláthar

12 cheant

Meántoradh -0.55 %

Cóimheas idir tairiscint agus clúdach de 1.63x

Úsáid fáltas an 30 Meitheamh 2022

PRÍOMHFHÍRICÍ

Fuair 21 Bhallstát deontais agus iasachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.(2)

Tá eisíocaíocht faighte ag 6 Bhallstát freisin ar bhonn chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na gcuspóirí.

(1) Tá an buiséad ar fáil don chlár Fís Eorpach, do Chiste InvestEU, do ReactEU, don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU), don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus don Chiste um Aistriú Cóir. D’fhéadfadh eisíocaíochtaí iarbhír le tairbhithe deiridh a bheith níos ísle, mar gheall ar dhifríochtaí uainiúcháin. 
(2) Formheasadh Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta de chuid 25 Bhallstát faoin 30 Meitheamh 2022.

1.Réamhrá 

Is é aidhm do NextGenerationEU suas go 5 % de OTI an Aontais a shlógadh trí iasachtaí a fháil chun freagairt chomhchoiteann agus chumhachtach ón Aontas ar phaindéim COVID-19 a mhaoiniú. Is ionstraim shealadach é NextGenerationEU, faoinar féidir leis an gCoimisiún suas le EUR 800 billiún a thiomsú idir lár 2021 agus 2026 trí bhannaí a eisiúint, rud a fhágann go bhfuil an tAontas ar cheann de na heisitheoirí fiachais arna sloinneadh in euro is mó sna blianta amach romhainn. Tiomsófar suas go EUR 250 billiún trí bhannaí glasa a eisiúint. Le fáltais na heisiúna bannaí, cuirfear ar chumas an Aontais na dúshláin téarnaimh láithreacha a shárú agus dlús a chur leis an aistriú glas agus le digitiú gheilleagar an Aontais freisin. Go dtí seo, tá thart ar EUR 100 billiún de chistí eisíoctha cheana féin leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus tá torthaí nithiúla ar an láthair mar gheall ar chur chun feidhme na bPleananna Aisghabhála agus Athléimneachta, i gcás infheistíochtaí agus athchóirithe araon.

Leis an tuarascáil seo – an chéad tuarascáil leathbhliantúil de bhun Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2021)2502 ón gCoimisiún – déantar athbhreithniú ar chur chun feidhme straitéis cistiúcháin NextGenerationEU le linn na tréimhse 1 Eanáir 2022 – 30 Meitheamh 2022. Sa tuarascáil dírítear go hiomlán ar an bpróiseas a chuirtear chun feidhme chun cistiú a thiomsú agus a eisíoc le haghaidh NextGenerationEU. Ní dhéantar meastóireacht inti ar an gcaoi ar úsáideadh na fáltais, lena n‑áirítear le haghaidh caiteachas glas, mar cumhdófar é sin i gcleachtaí tuairiscithe ar leith i gcomhréir le Rialacháin gach ionstraime a gcistítear ag NextGenerationEU. Tá an tuarascáil seo mar chuid de shreabhadh rialta faisnéise chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena gcuirtear trédhearcacht agus cuntasacht ar fáil maidir le cur chun feidhme an chláir chistiúcháin nuálaigh mhórscála sin i gcomhréir le hAirteagal 5 (3) de Chinneadh 2020/2053 ón gComhairle.

2.Cur chun feidhme chlár cistiúcháin NextGenerationEU sa chéad seimeastar de 2022

I mí na Nollag 2021, d’fhógair an Coimisiún a phlean cistiúcháin don tréimhse Eanáir – Meitheamh 2022 inar léiríodh go raibh sé beartaithe bannaí fadtéarmacha a eisiúint ar fiú EUR 50 billiún iad, ar bannaí iad a bheidh le breisiú le billí gearrthéarmacha AE. I gcomhréir leis an bplean cistiúcháin sin, tá EUR 50 billiún breise de chistiú fadtéarmach tiomsaithe ag an gCoimisiún le haghaidh NextGenerationEU ó thús na bliana seo, trí mheascán d’idirbhearta sindeacáite (70 %) agus de cheantanna (30 %). De bharr na n‑idirbheart sin, is é EUR 121 billiún an méid iomlán de bhannaí NextGenerationEU atá gan íoc, agus tiomsaíodh EUR 28 billiún den mhéid sin trí bhannaí glasa a eisiúint. Sa tréimhse sin, d’eisigh an Coimisiún billí AE 3 mhí agus 6 mhí chun riachtanais chistithe ghearrthéarmacha a chomhlíonadh, agus bhí EUR 22.9 billiún i mBillí AE gan íoc ag deireadh mhí an Mheithimh 2022.

Rinneadh eisiúintí NextGenerationEU sa chéad sé mhí de 2022 i ndálaí margaidh atá ag éirí níos dúshlánaí. Tháinig méadú mór ar an mboilsciú san Aontas agus i ngeilleagair mhóra eile agus tháinig méadú ar luaineacht an mhargaidh mar gheall ar na suaití eacnamaíocha a d’eascair as ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is é an toradh atá air sin go bhfuil na rátaí úis a éilíonn infheisteoirí ag méadú ag luas gasta nach bhfacthas riamh toisc go raibh coinne ag na margaí nach mbeadh an beartas airgeadaíochta chomh fabhrach céanna.

D’ainneoin dálaí dúshlánacha an mhargaidh, lean idirbhearta NextGenerationEU de leas a bhaint as tacaíocht margaidh láidir, agus bhí idirbhearta sa chéad seimeastar de 2022 idir 6 agus 16 oiread ró-shuibscríofa. Tá an tAontas ag baint tairbhe as bonn infheisteoirí cothromúil éagsúlaithe ina bhfuil ionadaíocht mhaith ar chineálacha éagsúla infheisteoirí, a bhfuil straitéisí éagsúla ceannaigh acu, agus arb as gach cearn den domhan iad 1 . Léiríonn an téileamh ardleibhéil leanúnach sin go bhfuil sé cruthaithe ag an gCoimisiún gur eisitheoir ard-ráta iontaofa é i margaí caipitil fiachais an euro.

Tríd an seasamh sin sa mhargadh, d’éirigh leis an Aontas leanúint de chistiú réidh a dhéanamh ar phleananna téarnaimh na mBallstát trí na fáltais a eisíoc go tráthúil. Mar thoradh ar na hoibríochtaí cistiúcháin sin, bhí an Coimisiún in ann gach eisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le buiséad an Aontais a luaithe a bhí siad dlite. Idir tús NextGenerationEU i samhradh 2021 agus an 30 Meitheamh 2022, tá EUR 100.4 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: EUR 67.0 billiún i bhfoirm deontas agus EUR 33.4 billiún i bhfoirm iasachtaí. Ina theannta sin, aistríodh níos mó ná EUR 15.5 billiún chuig buiséad an Aontais chun ranníocaíocht a dhéanamh le cláir a chistítear le NextGenerationEU, amhail Fís Eorpach, Ciste InvestEU, ReactEU, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus an Ciste um Aistriú Cóir 2 .

An rath a bhí ar an méid mór cistí sin a shlógadh, thairbhigh sé go mór de sholúbthacht na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe seanbhunaithe reatha. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gCoimisiún úsáid a bhaint as raon teicnící cistithe (sindeacáití agus ceantanna) agus ionstraimí cistithe (bannaí agus billí) chun rochtain a fháil ar na margaí trína chur chuige féin a chur in oiriúint do na coinníollacha atá i réim. Leis an deis mhéadaithe chun tarraingt ar bhannaí gan íoc, trí idirbhearta sindeacáite agus ceantanna, cuidíodh le leachtacht a instealladh, rud lena dtacaítear leis an margadh tánaisteach do bhannaí NextGenerationEU agus lena ndéantar é níos éasca d’infheisteoirí iad a cheannach agus a dhíol. Léiríonn bannaí NextGenerationEU leachtacht anois atá inchomparáide leis an leachtacht a breathnaíodh sna margaí do bhannaí rialtais Eorpacha, i gcoibhneas leis na suimeanna gan íoc.

3.Costas an chistithe

D’ainneoin dálaí níos dúshlánaí sa mhargadh, lean an Coimisiún de bheith in ann cistí a thiomsú ar théarmaí atá sách tarraingteach. I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún, meastar gur thart ar 1.24 % a bheidh i gcostas an chistithe don tréimhse Eanáir 2022 go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022 3 . Is méadú de níos mó ná 1 phointe céatadáin é sin i gcomparáid leis an gcostas cistithe 0.14 % a tuairiscíodh don tréimhse Meitheamh go Nollaig 2021. Leis an méadú géar sin, léirítear na dálaí margaidh níos deacra a bhfuil tionchar acu ar eisitheoirí ceannasacha, corparáideacha agus airgeadais.

Tá luas an mhéadaithe ar cheann de na luasanna is géire a chonacthas sna margaí airgeadais le blianta fada anuas. Tháinig méadú ar rátaí úis ar bhannaí 10 mbliana an Aontais ó 0.09 % tráth an bhanna tionscnaimh 10 mbliana NextGenerationEU i Meitheamh 2021 go 1.02 % d’idirbheart Mhárta 2022, agus go 1.53 % san eisiúint is déanaí i mBealtaine 2022. Rinneadh bannaí 10 mbliana an Aontais a thrádáil thart ar 2.3 % ag deireadh mhí an Mheithimh 2022. Tugadh méaduithe inchomparáide faoi deara i gcás eisitheoirí príomhfhiachais cheannasaigh euro. Mar shampla, mhéadaigh rátaí úis ar bhannaí 10 mbliana rialtas na Gearmáine ó thart ar -0.20 % i Meitheamh 2021 go gar do 1.0 % i mBealtaine 2022, agus bhí siad os cionn 1.6 % ag deireadh mhí an Mheithimh 2022.

Trí fhanacht ina eisitheoir rialta intuartha le linn na tréimhse sin, bhí an tAontas in ann a bhannaí a eisiúint le lamháltas praghsanna cobhsaí tráth a n‑eisiúna. Is comhartha muiníne ó na margaí é sin in éineacht leis an éileamh láidir leanúnach ó infheisteoirí, agus tugann sé muinín gur féidir leis an Aontas leanúint dá bhannaí a chur go rathúil.

Lean an Coimisiún de bheith ag bainistiú a shealúchais ghearrthéarmacha in airgead tirim chun a áirithiú nach sáróidh siad na méideanna is gá chun eisíocaíochtaí a chur i gcrích go rianúil. Thar an gcéad seimeastar de 2022, bhí sealúchais leachtachta cobhsaí, ar fiú EUR 19.7 billiún iad ar an meán. Bhí an méid leachtachta sin níos ísle ná mar a bhí i ráithí roimhe sin, nuair a bhí gá le méideanna níos mó chun gur féidir eisíocaíochtaí tapa agus suntasacha a dhéanamh le linn thréimhse an réamh-mhaoinithe (13 % de phleananna téarnaimh na mBallstát). Leis na méideanna níos ísle sin de shealúchais leachtachta, mar aon le billí AE a eisiúint go rialta ag rátaí diúltacha, gineadh barrachas (i.e. iompar deimhneach) EUR 56.1 milliún ar shealúchais airgid thirim NextGenerationEU ó Eanáir go deireadh mhí an Mheithimh 2022. Leis an mbarrachas sin, atá le roinnt go comhréireach idir buiséad an Aontais agus na Ballstáit a fhaigheann iasachtaí NextGenerationEU, déanfar na costais níos airde cistiúcháin a fhritháireamh i bpáirt.

Sa chéad leath de 2022, cuireadh tús le sonrascadh ar íocaíochtaí úis ar sonrascadh é a bhaineann le NextGenerationEU, le costais bainistithe leachtachta, agus le costais riaracháin do bhuiséad an Aontais agus do Bhallstáit iasachtaíochta.

4.Bannaí glasa

In 2022, lean an Coimisiún de chlár bannaí glasa NextGenerationEU a chur chun feidhme, ag tógáil ar eisiúint tionscnaimh rathúil bhannaí glasa NextGenerationEU i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Rinne an Coimisiún ceithre idirbheart breise maidir le bannaí glasa sa chéad seimeastar de 2022. In Aibreán 2022 agus i Meitheamh 2022, seoladh an dara agus an tríú líne banna ghlais, lenar tiomsaíodh EUR 6 billiún san aibíocht 20 bliana agus EUR 5 billiún san aibíocht 25 bliana faoi seach. Bhí ró-éileamh faoi níos mó ná 13 ar an gcéad idirbheart agus ba é an banna glas ba mhó é a eisíodh in 2022 go dtí seo 4 . Ina theannta sin, tarraingíodh ar an mbanna glas tionscnaimh aibíochta 15 mbliana faoi dhó in Eanáir agus in Aibreán 2022, rud a fhágann gur fiú EUR 17 mbilliún é.

Leis an taithí a fuarthas ó eisiúintí bhannaí glasa NextGenerationEU, leagtar béim ar tharraingteacht bhunúsach na mbannaí a bhfuil próifíl aistrithe aeráide láidir agus inléirithe acu. Measann an Coimisiún go bhfuil glasphréimh – i.e. an difríocht idir praghas banna ghlais agus praghas banna thraidisiúnta – bainte amach aige, ar fiú thart ar 2 bhonnphointe ar na heisiúintí sin é, ar eisiúintí iad a rinneadh a thrádáil chomh leathan le 4 bhonnphointe sa trádáil ina dhiaidh sin. Tá na figiúirí sin i gcomhréir leis na figiúirí a fheictear ar bhonn níos leithne ar fud an mhargaidh (Tionscnamh Bannaí Aeráide 5 ).

I mí an Mhárta 2022, sheol an tAontas a dheais bhannaí glasa NextGenerationEU 6 . Leis an deais, cuirtear méid trédhearcachta nach bhfacthas a leithéid riamh ar fáil d’infheisteoirí maidir leis an gcaoi a ninfheistítear an maoiniú arna thiomsú trí bhannaí glasa NextGenerationEU. Leis an deais, cuirtear forbhreathnú fíor-ama ar fáil ar na bearta agus ar an gcaiteachas gaolmhar a fhaigheann maoiniú ó na bannaí glasa. Leis na sonraí sin, deimhnítear tuilleadh d’infheisteoirí go bhfuil an Coimisiún ag eisiúint bannaí glasa i gcomhréir leis na caighdeáin is airde agus leis na cleachtais mhargaidh is fearr. Ag cur leis an deais sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil leithdháilte bhliantúil i dtreo dheireadh 2022, chun tuilleadh comhthéacs agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil.

Leis an tarraingteacht a bhaineann go sonrach le bannaí glasa NextGenerationEU mar a léirítear leis an éileamh láidir ó infheisteoirí, rud atá treisithe ag an ardleibhéal trédhearcachta maidir le húsáid fáltas, cuirtear ardán láidir ar fáil chun an phíblíne bannaí glasa is mó ar domhain a thógáil. Dá bhrí sin, le clár bannaí glasa NextGenerationEU tugtar deis uathúil chun cuar bannaí glasa fíorleachtach a thógáil.

Figiúr 1: Seat scáileáin de dheais bhannaí glasa NextGenerationEU

5.Ionchas eisiúna

An 24 Meitheamh, d’fhoilsigh an Coimisiún a phlean maoinithe don chuid eile den bhliain 2022. Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 50 billiún de bhannaí AE a eisiúint, agus billí gearrthéarmacha AE mar chomhlánú air.

Is é atá sa sprioc maidir le bannaí a eisiúint meastachán iontaofa coimeádach atá bunaithe ar na réamh-mheastacháin is déanaí maidir leis na heisíocaíochtaí a bhfuil coinne leo ó NextGenerationEU sa dara leath de 2022. Áirítear leis na méideanna atá beartaithe eisíocaíochtaí sceidealta faoi Phleananna Téarnaimh náisiúnta a formheasadh le déanaí 7 . Ós rud é go mbeidh eisíocaíochtaí iarbhír bunaithe ar nuashonruithe rialta maidir le cur chun feidhme ionstraim aisghabhála NextGenerationEU, d’fhéadfadh sé go nimeodh siad ó thuartha i dtéarmaí amchlár beacht agus méideanna beachta. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh tionchar ábhartha ag aon diall ar an sprioc a leagtar síos sa phlean cistiúcháin agus, bunaithe ar an taithí atá faighte go dtí seo le NextGenerationEU, is é is dóichí go mbeidh athruithe ar uainiú eisíocaíochtaí i gceist le haon diall. I gcás nach dócha go mbeidh diall suntasach idir eisíocaíochtaí agus réamhaisnéisí, féadfaidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar an sprioc arna leagan maidir le bannaí a eisiúint.

Cé go ndíríonn an plean cistiúcháin ar mhaoiniú eisíocaíochtaí NextGenerationEU, tá léiriú curtha ar fáil ag an gCoimisiún freisin maidir leis na heisíocaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh faoi chláir eile, go háirithe SURE agus Cúnamh Macrairgeadais do thríú tíortha. Déantar é sin chun léargas cuimsitheach a thabhairt d’infheisteoirí ar na méideanna ar féidir coinne a bheith leo go dtabharfaidh an tAontas Eorpach ar an margadh iad bunaithe ar ghealltanais bheartais reatha agus ar ionchais bheartais reatha. Dá bhrí sin, cuirfear chun feidhme plean cistiúcháin NextGenerationEU don dara leath de 2022 in éineacht le hidirbhearta lena dtiomsaítear suas le EUR 9 mbilliún le haghaidh na n‑iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais atá beartaithe don Úcráin agus suas le EUR 6.6 billiún le haghaidh SURE. Eagrófar na hidirbhearta sin in éineacht le heisiúint fhiachas NextGenerationEU, trí chlár comhtháite eisiúna a bheidh bunaithe ar thimthriall rialta míosúil d’idirbhearta agus de cheantanna sindeacáite. Ina theannta sin, d’fhéadfadh láithrithe príobháideacha ócáideacha a bheith ann chun iasachtaí cúnaimh mhacrairgeadais níos lú do thíortha comharsanachta a mhaoiniú.

6.Conclúid

Tar éis tús rathúil in 2021, tá sé léirithe le sé mhí anuas go bhfuil an cumas ag an gCoimisiún a oibríochtaí cistiúcháin a chur i gcrích i gcúinsí margaidh atá ag éirí níos deacra. Léiríonn an tacaíocht leanúnach ó infheisteoirí do bhannaí NextGenerationEU gur eisitheoir seanbhunaithe iontaofa é an tAontas Eorpach anois i margaí caipitil fiachais an euro. Bhí an straitéis chistiúcháin éagsúlaithe – atá comhdhéanta de na teicnící (sindeacáití agus ceantanna) agus de na hionstraimí maoinithe (bannaí agus billí) a úsáideann eisitheoirí ceannasacha – ríthábhachtach chun cúinsí luaineacha an mhargaidh a láimhseáil. Leis sin, cuirtear ar chumas an Choimisiúin leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag téarnamh ó phaindéim Covid-19 agus cur lena dteacht aniar i gcoinne na ndúshlán a bheidh rompu amach anseo.

Bhí tionchar ag an méadú suntasach ar rátaí úis thar an tréimhse sin ar bhannaí NextGenerationEU, rud ba chás freisin d’eisitheoirí ceannasacha, d’eisitheoirí fornáisiúnta agus d’eisitheoirí eile ar fud an domhain. Tá meánchostas an chistithe níos mó ná pointe céatadáin amháin níos airde ná meánchostas an chistithe a bhí ann le sé mhí anuas. Mar sin féin, tá praghas réasúnta maith ag bannaí NextGenerationEU i gcónaí, rud a léiríonn cáilíocht chreidmheasa bhunúsach an Aontais agus aitheantas láidir don Aontas mar eisitheoir sóisialta agus glas atá dírithe ar luach.

Sa chéad sé mhí de 2022, bhí níos mó ná dúbláil ar eisiúintí bhannaí glasa NextGenerationEU, agus seoladh na deaise bannaí glasa – rud a fhágann gur féidir faireachán fíor-ama a dhéanamh ar an gcaoi a n‑úsáideann na Ballstáit an maoiniú a bailíodh trí bhannaí glasa.

Sa phlean cistithe don dara leath de 2022, tugtar léiriú cuimsitheach agus cruinn ar rúin chistiúcháin an Choimisiúin don chuid eile den bhliain, bunaithe ar ghealltanais bheartais reatha. Léirítear leis go soiléir an bealach ina leanfaidh an Coimisiún de chistiú a chur ar fáil do théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais agus don aistriú aeráide ar na téarmaí is buntáistí is féidir don Aontas agus dá Bhallstáit.

(1)      Go dtí seo, mheall eisiúintí an Aontais níos mó ná 1000 infheisteoir éagsúil ó 70 tír éagsúil san iomlán. Tá níos mó ná 60 % de na hinfheisteoirí lonnaithe san Aontas Eorpach agus is infheisteoirí idirnáisiúnta atá ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe thart ar 25 % díobh. Tá níos mó ná 70 % de bhannaí an Aontais a eisíodh ag dul d’infheisteoirí ceannaigh agus coinnigh (i.e. bainisteoirí cistí, cuideachtaí árachais, cistí pinsin agus bainc cheannais). Tá ionadaíocht mhaith ann freisin ar infheisteoirí a éilíonn aibíochtaí éagsúla, agus is iad bainc cheannais agus státchistí bainc (ar fearr leo de ghnáth infheistiú in aibíochtaí suas go 10 mbliana) a cheannaíonn 36 % de bhannaí AE sna príomh-mhargaí agus is cistí pinsean agus cuideachtaí árachais (ar fearr leo aibíochtaí os cionn 10 mbliana) a cheannaíonn thart ar 20 % acu.
(2)      Comhfhreagraíonn an méid sin do na haistrithe a rinneadh ó chistiú comhthiomsaithe NextGenerationEU. Féadfaidh na heisíocaíochtaí iarbhír ón gCoimisiún leis na tairbhithe deiridh faoi na cláir arna maoiniú ag NextGenerationEU a bheith faoi réir difríochtaí uainiúcháin.
(3)      D’fhéadfadh an figiúr sin a bheith faoi réir mionathruithe fós i ngeall ar dhúnadh na hurrainne ama faoi dheireadh, lena gceanglaítear comhardú barúlach na neisíocaíochtaí agus ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha arna leithdháil.
(4)      Chomh maith leis sin, d’eisigh an Ghearmáin banna glas EUR 6 bhilliún i mí Aibreáin 2022.
(5)       Green bonds offer pricing benefits to both issuers and investors | Climate Bonds Initiative
(6)       Deais Bhannaí Glasa NextGenerationEU | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(7)    Féach NextGenerationEU: Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le plean na Sualainne (europa.eu) agus Tacaíonn an Coimisiún le plean €35.4 billiún na Polainne um an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (europa.eu) .
Top