Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0198

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas

    COM/2022/198 final

    Strasbourg, 3.5.2022

    COM(2022) 198 final

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

    Tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas















    {SWD(2022) 133 final} - {SWD(2022) 134 final}


    Réamhrá 

    Tá 5 mhilliún saoránach den Aontas ina gcónaí sna háiteanna is iargúlta den Aontas, na réigiúin is forimeallaí: Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint-Martin (An Fhrainc); na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil); agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn). Is dlúthchuid den Aontas Eorpach iad na tíortha sin atá suite go straitéiseach san Aigéan Atlantach, in imchuach Mhuir Chairib, i Meiriceá Theas agus san Aigéan Indiach.

    Is léiriú iad na réigiúin is forimeallaí ar shócmhainní móra: daonra óg, criosanna eacnamaíocha muirí fairsinge, bithéagsúlacht uathúil, foinsí saibhre fuinnimh in-athnuaite, suíomh agus aeráid atá oiriúnach do na spáseolaíochtaí, do ghníomhaíochtaí réaltfhisice agus do bhonneagar spáis tábhachtach. Bhí fás fhíor-OTI per capita i roinnt de na réigiúin sin go mór chun tosaigh ar mheán an Aontais 1 . Le straitéisí forbartha, athchóirithe agus infheistíocht iomchuí, is féidir, dá bhrí sin, an bhearna leis an gcuid eile den Aontas a chúngú amach anseo. Ina theannta sin, is urphoist an Aontais Eorpaigh iad na réigiúin sin ar fud an domhain ag a bhfuil an acmhainneacht comhar agus caidreamh a fheabhsú lena dtíortha agus lena gcríocha máguaird.

    San am céanna, tá srianta buana maidir lena bhforbairt roimh na réigiúin is forimeallaí a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déantar foráil sa Chonradh maidir le bearta sonracha chun tacú leis na réigiúin is forimeallaí, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm saincheaptha dhlí an Aontais sna réigiúin sin agus rochtain ar chláir an Aontais.

    Cé go bhfuil na réigiúin sin éagsúil go leor le chéile, tá roinnt sainiúlachtaí comhchosúla acu, amhail iargúltacht, oileánachas 2 , méid beag den chuid is mó, leochaileacht i leith an athraithe aeráide, geilleagair atá ag brath ar roinnt earnálacha, agus leibhéil arda dífhostaíochta agus olltáirgeacht intíre (OTI) atá go mór faoi bhun mheán an Aontais agus an mheáin náisiúnta 3 . Tá OTI per capita is ísle (30 %) agus an dífhostaíocht is airde (27.8 %) san Aontas ag Mayotte 4 . Bhí roinnt réigiún den sórt sin thíos le heaspa cóineasaithe leis an gcuid eile den Aontas Eorpach 5 le scór bliain anuas agus anois tá siad thíos leis an meascán de phraghsanna arda fuinnimh agus an ghéarchéim bia atá ar na bacáin a eascróidh as ionradh na Rúise ar an Úcráin.

    Chun a nacmhainneacht a bhaint amach, ní mór do roinnt de na réigiún is forimeallaí aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhunúsacha atá ríthábhachtach ó thaobh cháilíocht an tsaoil de agus ó thaobh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach 6 , amhail rochtain ar uisce, ar oideachas, ar chúram sláinte nó ar iompar. Beidh ról lárnach ag tosca déimeagrafacha: ó tharla go meastar go méadóidh an daonra in Mayotte trí oiread agus go méadóidh an daonra i nGuáin na Fraince dhá oiread faoi 2100, bheifí ag súil go dtiocfaidh méadú ar riachtanais den sórt sin dá réir 7 . Tá roinnt réigiún, amhail na hOileáin Chanáracha, Guáin na Fraince, Mayotte agus Saint-Martin, faoi bhrú mór freisin ón imirce neamhrialta. Ar an taobh eile, sa tréimhse chéanna, meastar go gcrapfaidh an daonra go mór i roinnt réigiún eile is forimeallaí 8 mar gheall ar na daoine óga a théann ar imirce ar thóir deiseanna.

    Cuirtear i láthair leis an Teachtaireacht seo na tosaíochtaí i gcomhair ghníomhaíocht an Aontais leis na réigiúin sin agus ar a son. I ndiaidh ghéarchéim COVID19, tá sé mar aidhm aici tús áite a thabhairt do mhuintir na réigiún sin chun téarnamh agus fás inbhuanaithe a bhaint amach. Ní mór iad sin a bheith fréamhaithe san aistriú glas agus san aistriú digiteach mar veicteoirí le haghaidh claochlú sochaíoch comhtháite, athléimneach agus cuimsitheach, éagsúlú eacnamaíoch, agus cruthú post, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na ndaoine. Leis an Teachtaireacht cuirtear le cur chun feidhme chomhpháirtíocht straitéiseach 2017 leis na réigiúin sin 9 , a cuireadh i láthair i dtuarascáil ó 2020 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 10 . 

    Cuirtear sonraíochtaí na réigiún is forimeallaí san áireamh i reachtaíocht thiomnaithe, cistí tiomnaithe agus cláir thiomnaithe de chuid an Aontais. Tá an Coimisiún tiomanta do leanúint de phríomhshruthú a dhéanamh ar shainiúlachtaí na réigiún sin ar fud reachtaíocht agus bheartais an Aontais chun borradh a chur faoina bhforbairt trí chuir chuige shaincheaptha agus áitbhunaithe. Leis an Teachtaireacht seo cuirtear na tionscnaimh atá beartaithe ag an gCoimisiún i láthair, chun gníomhaíocht réigiúnach agus náisiúnta a chomhlánú agus chun tacú léi. Neartóidh an Coimisiún, go háirithe, an t‑idirphlé leis na réigiúin sin, cuirfidh sé tacaíocht shaincheaptha ar fáil, agus cuideoidh sé le feabhas a chur ar a n‑acmhainneacht riaracháin, ionas go mbeidh siad in ann tairbhe iomlán a bhaint as beartais an Aontais agus leas a bhaint as a n‑acmhainneacht.

    Cé go bhfuil ról lárnach ag an Aontas Eorpach chun cuidiú le leas a bhaint as acmhainneacht fáis na réigiún is forimeallaí, braitheann a bhfolláine agus a bhforbairt go bunúsach ar roghanna agus ar ghníomhaíochtaí na réigiún féin agus a mBallstát. Is fúthu atá sé straitéisí forbartha atá saincheaptha do gach réigiún a mhúnlú agus a chur chun feidhme, na tosaíochtaí cearta a leagan síos agus leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí cistithe arna soláthar leis na hionstraimí Eorpacha. Leis na straitéisí sin ní mór riachtanais na saoránach a réamh-mheas agus freagairt dóibh, aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an bhfás, sócmhainní a shaothrú, an geilleagar a éagsúlú, neamhthuilleamaíocht a mhéadú, naisc trádála a leathnú, scileanna a fhorbairt agus poist a chruthú.

    Dá bhrí sin, moltar leis an Teachtaireacht do na réigiúin sin agus dá mBallstáit, agus roinnt tionscnamh atá le forbairt ar leibhéal an Aontais á leagan amach, gníomhaíocht a dhéanamh, mar shampla, chun aghaidh a thabhairt ar a sainiúlachtaí i mbeartais agus in ionstraimí trasearnálacha, lena náirítear an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht (RRF) 11  agus cistí an bheartais comhtháthaithe 12 agus in uirlisí cothrománacha amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) 13 . Moltar leis an Teachtaireacht freisin aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin sin i ngníomhaíochtaí ábhartha chun spriocanna uile-Aontais a bhaint amach e.g. faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 14 agus gníomhú ar son na haeráide.

    Cuirtear san áireamh sa Teachtaireacht sin ionchur ó chomhairliúchán poiblí a tionóladh ó mhí Iúil go mí na Samhna 2021 15 , ceithre chruinniú spriocdhírithe leis na réigiúin is forimeallaí agus a mBallstáit, cruinnithe déthaobhacha le riaracháin na réigiún is forimeallaí, dearbhú ó Chomhdháil Uachtaráin na Réigiún is Forimeallaí (CPRUP) Samhain 2021 16 , páipéar seasaimh comhpháirteach na mBallstát agus na réigiún is forimeallaí Eanáir 2022 17 , rún ó Pharlaimint na hEorpa 18 , staidéar ar thionchar na paindéime ar na réigiúin sin 19 , chomh maith le tuairimí ó Choiste na Réigiún (CnaR) agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) 20 . Cuireann sé freisin leis na tograí a eascraíonn as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

    1. Géarchéim COVID‑19 agus Freagairt ar Ghéarchéimeanna

    Bhí na réigiúin is forimeallaí buailte go dona ag géarchéim COVID19. Sna hOileáin Chanáracha, tháinig ardú mór ar an dífhostaíocht i measc na hóige ó 35.4 % in 2019 go 57.7 % in 2020 21 . In Saint-Martin, bhí méadú níos mó ná 16 % tagtha ar chuardaitheoirí poist faoi dheireadh 2020 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Idir 2019 agus 2020, tháinig laghdú 11 % ar OTI sna hOileáin Chanáracha agus laghdú 7 % i Maidéara, i gcomparáid le laghdú 7 % sa Spáinn agus 3 % sa Phortaingéil 22 . Rinne suaitheadh sa slabhra soláthair dochar do na réigiúin is forimeallaí freisin. Sa chomhthéacs sin, laistigh den Seimeastar Eorpach 2020, moladh do na Ballstáit ábhartha beartais spriocdhírithe a shaothrú sna réigiúin sin chun an baol go leathnófaí éagothromaíochtaí a laghdú 23 .

    Tá bearta curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun cuidiú le tionchar na paindéime a mhaolú. Trí na Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas CRII agus CRII+ 24 , díríodh cistí an bheartais chomhtháthaithe chun tacú leis an earnáil sláinte, le fostaíocht, le teilea-obair agus le cianscolaíocht. Le Creat Sealadach COVID19 maidir le Státchabhair 25 , éascaíodh bearta chun tacú le gnóthais (go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide) agus chun fostaíocht a choimeád sna réigiúin is forimeallaí, cuid acu arna gcómhaoiniú ag an gCúnamh Aisghabhála don Chomhtháthú (REACT-EU) 26 . Mar shampla, d’údaraigh an Coimisiún breis agus 20 scéim cabhrach chun poist agus gnólachtaí sna hAsóir agus i Maidéara a chosaint. Ina theannta sin, cuireann REACT-EU méid arna chur i leataobh EUR 146 mhilliún ar fáil do na réigiúin is forimeallaí, chomh maith le sciar d’imchlúdach a mBallstát. Mar shampla, leithdháileadh beagnach aon trian de chlúdach REACT-AE na Fraince ar na réigiúin is forimeallaí sa Fhrainc (EUR 1.2 billiún de EUR 3.9 billiún) chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach (e.g. Wi-Fi i nGuadalúip) agus le bonneagar (e.g. scoileanna nua i nGuáin na Fraince). Mar chuid lárnach de NextGenerationEU 27 , tá sé mar aidhm ag RRF athléimneacht na mBallstát a mhéadú agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Áirítear leis na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) ábhartha infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí sa leathanbhanda, san fhuinneamh glan agus san iompar, tógáil ar athchóiriú, rochtain ar mhargadh an tsaothair, oideachas agus oiliúint, digitiú, tithíocht shóisialta, oiriúnú don athrú aeráide, agus cosc tubaistí agus athléimneacht ó thubaistí. Le plean na Portaingéile, cuirtear cistiú ar leataobh go sonrach le haghaidh na haeráide agus an aistrithe dhigitigh sna hAsóir agus i Maidéara.



    Molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -aghaidh a thabhairt ar riachtanais na réigiún is forimeallaí agus feabhas a chur ar a nathléimneacht thar earnálacha agus slabhraí soláthair, go háirithe i gcur chun feidhme RRPanna agus i gcláir an bheartais chomhtháthaithe; leas iomlán a bhaint as REACT-EU le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí sna beartais éagsúla sna tuarascálacha tíre ábhartha laistigh de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh;

    -athléimneacht an tslabhra soláthair a chur san áireamh sna réigiúin is forimeallaí 28 trí ullmhacht chuí i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú cuí géarchéime laistigh den Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargadh Aonair.

    2. Téarnamh agus fás inbhuanaithe cuimsitheach

    Chun leanúint le conair téarnaimh na hEorpa, agus i bhfianaise na héiginnteachta móire de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin go luath in 2022, is gá straitéisí téarnaimh agus fáis a oiriúnú do gach ceann de na réigiúin is forimeallaí chun freastal ar riachtanais shonracha an daonra (Caibidil 2.1.), chun tacú leis na hearnálacha is mó a ndearnadh difear dóibh, an geilleagar a éagsúlú agus a nuachóiriú trí shócmhainní a thógáil (Caibidil 2.2.), agus an t‑aistriú glas agus digiteach mar bhonn taca leo (Caibidil 2.3). 

    2.1. Tús áite a thabhairt do dhaoine: Deiseanna Cothroma agus Comhionanna do Chách 

    Ar an meán, bíonn na réigiúin is forimeallaí thíos leis na leibhéil is airde bochtaineachta, neamhlitearthachta, dífhostaíochta, daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), agus na leibhéil is ísle oideachais san Aontas. Níl uisce glan, tithíocht chuibhiúil, leictreachas, oideachas, cúram sláinte, iompar poiblí agus an t‑idirlíon ag go leor daoine i roinnt de na réigiúin sin.

    Ní mór tús áite a thabhairt do dhaoine sa téarnamh, rud a thabharfaidh cáilíocht saoil na réigiún sin níos gaire do mheáin an Aontais agus don mheán náisiúnta. Dá réir sin, ba cheart tús a chur le hiarrachtaí téarnaimh trí chuidiú leis an mbochtaineacht a mhaolú, aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais na ndaoine agus, go háirithe, deiseanna a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga trí chur chuige comhtháite lena náirítear beartais náisiúnta, agus infheistíocht i mbonneagar bunúsach, i seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán agus in acmhainneacht riaracháin, arna gcomhlánú le beartais agus cistí an Aontais. Tá sé tábhachtach, sa chomhthéacs sin, tacú leis na réigiúin is forimeallaí chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun spriocanna Chruinniú Mullaigh Porto le haghaidh 2030 maidir le poist, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach 29 .

    Aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, comhionannas agus cuimsiú a chothú

    In 2019, bhí 28.5 % de na daoine sna hOileáin Chanáracha i mbaol bochtaineachta, 31.8 % sna hAsóir agus 27.8 % i Maidéara, i bhfad os cionn mheán an Aontais agus an mheáin náisiúnta 30 . Tá an ráta bochtaineachta i nGuadalúip (34 %) níos mó ná dhá oiread an ráta i mórthír na Fraince (14 %) 31 . I gceantair thuaithe La Réunion, tá duine as gach beirt ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta 32 . Tá leanaí agus grúpaí leochaileacha eile amhail daoine scothaosta níos mó i mbaol bochtaineachta. In 2017 mar shampla, bhí 8 as 10 leanbh in Mayotte agus 6 as 10 leanbh i nGuáin na Fraince ina gcónaí i dteaghlach a bhí i mbaol na bochtaineachta 33 . 

    Ina theannta sin, tá an bhearna fostaíochta idir na hinscní i bhfad níos airde sna réigiúin is forimeallaí ná meán an Aontais agus tá sí chun tosaigh go háirithe in Mayotte, áit arb ionann céatadán na mban fostaithe agus tuairim agus leath líon na bhfear fostaithe (23.9 % agus 41.9 % faoi seach 34 ). Tá dífhostaíocht na mban níos airde ná dífhostaíocht na bhfear sna réigiúin uile is forimeallaí, seachas in La Réunion 35 . Trí rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a chur chun cinn, is féidir rátaí fostaíochta a mhéadú, rud a chuirfidh le sprioc fostaíochta an Cholúin Eorpaigh de 78 % faoi 2030. Chuige sin, tá gá le bearta leordhóthanacha maidir le cothromaíocht oibre is saoil chomh maith le hoideachas agus cúram luath-óige ar ardchaighdeán agus cúram fadtéarmach. 

    Sa chomhthéacs sin, tá gníomhaíochtaí lena bhféachtar le bearnaí inscne a dhúnadh san fhostaíocht, sa chúram, sa phá agus sa chinnteoireacht, agus deireadh a chur le foréigean inscne 36 ríthábhachtach, mar a shainaithnítear i straitéis an Aontais maidir le comhionannais inscne 37 . Is féidir straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh 38 agus leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí 39 a úsáid freisin mar threochláir do thionscnaimh arb é is aidhm dóibh leanaí a chosaint sna réigiúin is forimeallaí agus cuidiú leo a gcearta a chomhlíonadh. Is féidir le cistí bheartas comhtháthaithe an Aontais – lena náirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) – rannchuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach. In 2014-2020 mar shampla, chuir CFRE EUR 82 mhilliún ar fáil chun tacú le bonneagar cúraim leanaí agus áiseanna sóisialta i Maidéara agus sna hAsóir. Is féidir le hinfheistíochtaí CSE+ sna réigiúin is forimeallaí cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta, agus cúnamh bia agus ábhartha a chur ar fáil do na daoine is díothaí.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh: 

    -spriocanna a leagan síos chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí, chun rannchuidiú lena spriocanna foriomlána a bhaint amach; a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin shonracha na réigiún sin le bearta sa chomhthéacs sin; úsáid iomlán a bhaint as CFRE agus as CSE+, lena náirítear an leithdháileadh sonrach breise ar na réigiúin is forimeallaí, chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí, spriocanna agus gníomhaíochtaí an Cholúin;

    -bearta a fhorbairt chun an bhochtaineacht a laghdú sna réigiúin sin laistigh de bheartais náisiúnta, ag díriú ar ghrúpaí leochaileacha lena náirítear daoine scothaosta; measúnú a dhéanamh ar thionchar na nathchóirithe ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannais;

    -aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg agus do Leanaí a chur chun feidhme sna réigiúin sin, go háirithe pleananna gníomhaíochta an Aontais maidir le Ráthaíocht Leanaí;

    -cistí náisiúnta agus cistí an Aontais a úsáid, go háirithe CSE+, chun tacú le daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de, rochtain ar fhostaíocht ag daoine faoi mhíchumas lena gcuirtear a gcuimsiú sóisialta chun cinn, dálaí oibre comhionanna agus chun íospartaigh foréigin a chosaint.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -tacú leis na réigiúin is forimeallaí chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme; a sainiúlachtaí a léiriú i dtionscnaimh faoina phlean gníomhaíochta; faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme trí phróiseas an tSeimeastair; tacú leis an bplé ardleibhéil maidir le cur chun feidhme sna réigiúin sin;

    -measúnú a dhéanamh ar ghné na réigiún is forimeallaí de na pleananna gníomhaíochta náisiúnta lena gcuirtear an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí chun feidhme d’fhonn a áirithiú go mbeidh na deiseanna céanna ag leanaí sna réigiúin sin agus atá ag leanaí in áiteanna eile san Aontas agus tacú le malartú dea-chleachtas;

    -faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na réigiún sin maidir leis an mbochtaineacht a laghdú, maidir le lánpháirtiú agus comhionannas, agus maidir le foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac 40 ;

    -tacaíocht a thabhairt trí ghníomhaíochtaí CSE+ chun eisiamh sóisialta a laghdú; faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéisí um chuimsiú sóisialta (e.g. rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha);

    -tacú le rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí i líonra Eorpach na Réigiún don Gheilleagar Sóisialta agus i scéim Mhisin Gheilleagair Shóisialta na hEorpa.

    Rochtain ar thithíocht leordhóthanach, ar uisce, ar an idirlíon agus ar iompar agus fuinneamh inacmhainne

    I roinnt de na réigiúin is forimeallaí, níl dálaí maireachtála iomchuí agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha ag go leor daoine. Tá 53 % de na daoine i nGuáin na Fraince ina gcónaí i gcóiríocht phlódaithe (8 % i mórthír na Fraince) agus tá barraíocht daoine in 56 % de na háiteanna cónaithe in Mayotte 41 . Ní leor an rochtain ar uisce i roinnt réigiún: in Mayotte, níl rochtain ag aon trian de theaghlaigh ar uisce reatha 42 ; i nGuáin na Fraince, níl rochtain ar bith ag os cionn 30 % den daonra ar uisce te 43 ; i nGuadalúip, níl rochtain leanúnach ag daoine ar uisce mar gheall ar sceitheadh sa ghréasán dáileacháin 44 . Tá an baol ann nach mbeidh leictreachas inacmhainne le haghaidh go leor daoine mar gheall ar na hardphraghsanna fuinnimh ar chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leo. Déanann easpa iompair phoiblí dochar don rochtain ar sheirbhísí, ar oideachas agus ar dheiseanna fostaíochta.

    Tá ról tábhachtach ag cistí an bheartais chomhtháthaithe chun cuid de na bunriachtanais sin a shásamh. In 2014-202 mar shampla, thacaigh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe (CC) 45 le bonneagar inbhuanaithe uirbeach iompair, uisce agus fuinnimh i Maidéara agus sna hAsóir le EUR 116 mhilliún. Samhlaíonn RRPanna na Portaingéile agus na Fraince infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta. Chun aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais na ndaoine, ní mór infheistíocht shuntasach náisiúnta a dhéanamh i mbonneagar, arna comhlánú le cistí an Aontais. Ní mór é sin a léiriú i gclársceidealú chistí an Aontais agus in aighneachtaí ar chistiú faoi chláir an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) 46 .

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -rochtain ar thithíocht, ar uisce, ar leictreachas, ar iompar agus ar an idirlíon atá leordhóthanach inacmhainne a áirithiú; féachaint ar shineirgí idir buiséid náisiúnta agus cistí agus uirlisí an Aontais, lena náirítear cistí an bheartais chomhtháthaithe; spriocanna a shocrú ar an leibhéal réigiúnach chun freastal ar bhunriachtanais.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -tacú leis na réigiúin is forimeallaí agus a mBallstáit chun sineirgí a bhaint amach idir buiséid náisiúnta agus cistí agus cláir éagsúla de chuid an Aontais – amhail CFRE, CSE+, CC agus SCE – chun aghaidh a thabhairt ar bhunriachtanais na ndaoine.

    Rochtain ar chúram sláinte

    Cé go bhfuil éagsúlachtaí móra idir córais sláinte na réigiún is forimeallaí, tá cumas níos ísle agus níos lú gairmithe sláinte ag baint leo ná an meán náisiúnta agus meán an Aontais 47 . Léiríodh le paindéim COVID19 leochaileacht agus iargúltacht ghéar na réigiún sin. Tá na réigiúin sin thíos le hionchas saoil íseal freisin 48 , go háirithe rátaí arda mortlaíochta naíonán 49 , ráigeanna de ghalair thrópaiceacha agus truailliú 50 . Is tábhachtach an cumas leighis a neartú, rochtain ar chúram sláinte, cur chun cinn na sláinte agus cosc galar a fheabhsú, agus ullmhacht i leith paindéimí a neartú.

    Is féidir le cistí an bheartais chomhtháthaithe agus RRF tacaíocht a chur ar fáil, e.g. do bhonneagar, do threalamh, d’oiliúint leighis agus do réitigh dhigiteacha sláinte. Mar shampla, déanfaidh RRP na Fraince infheistíocht i nuachóiriú na nospidéal sna réigiúin is forimeallaí. Is féidir le Clár EU4Health 51 tacú le gníomhaíochtaí chun neamhionannais maidir le rochtain ar chúram sláinte a laghdú agus chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ríomhsheirbhísí sláinte, cur chun cinn na sláinte agus cosc galar a neartú. Le Interreg 52 , ar príomhionstraim é le haghaidh comhair idir réigiúin an Aontais agus le tíortha comharsanacha nach Ballstáit den Aontas iad, is féidir tacú a thuilleadh le comhar maidir le sláinte. Leis an gclár don Eoraip Dhigiteach, tacaítear freisin le bonneagar digiteach chun rochtain a fháil ar shonraí íomháithe agus géanómaíocha le haghaidh diagnóisice agus cúraim.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -tacú le dul chun cinn an chórais sláinte agus le rochtain ar chúram, réitigh ríomhshláinte a fhorbairt chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais i ngairmithe sláinte agus i ndigitiú an chórais sláinte;

    -páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faoi Chlár EU4Health, go háirithe maidir le neamhionannais sláinte a líonadh, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt ar ghéarchéimeanna, ríomhsheirbhísí sláinte, cur chun cinn na sláinte agus cosc galar, rochtain ar chúram sláinte, agus galair thrópaiceacha; Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar riachtanais shonracha a réigiún is forimeallaí ina rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí EU4Health;

    -comhoibriú le hÚdarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte chun soláthar soláthairtí criticiúla leighis a áirithiú le linn géarchéime; agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú maidir le hullmhacht agus freagairt ar bhagairtí sláinte;

    -cláir Interreg a úsáid le haghaidh comhair maidir le sláinte sna himchuacha réigiúnacha.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara na réigiún is forimeallaí chun páirt a ghlacadh san obair ullmhúcháin de chláir oibre bhliantúla EU4Health agus in imeachtaí faisnéise ina dhiaidh sin chun a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha a éascú; gníomhaíochtaí spriocdhírithe do na réigiúin is forimeallaí a mheas 53 ;

    -na réigiúin is forimeallaí a chuimsiú sa phlé faoi thionscnaimh bheartais a bhfuil spéis ar leith ag baint leo, amhail vacsaíniú, ailse, meabhairshláinte;

    -iarraidh ar eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) na réigiún is forimeallaí agus ar pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh in ardán na bpáirtithe leasmhara maidir le beartas sláinte;

    -inrochtaineacht, cáilíocht agus inbhuanaitheacht cúraim sláinte a fheabhsú trí CSE+ agus CFRE;

    -aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sonracha na réigiún is forimeallaí i gcláir oibre Údarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte 54 ;

    -tacú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, lena dtugtar aghaidh ar rochtain mhíchothrom ar chosc, scagthástáil, diagnóisiú, cóireáil agus cúram.

    Deiseanna don óige: oideachas, oiliúint, tacaíocht fostaíochta agus fiontraíocht

    Tá na réigiúin is forimeallaí thíos le ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige agus le himirce daoine oilte. Tá dífhostaíocht i measc na hóige os cionn 50 % sna hOileáin Chanáracha agus in Mayotte agus thart ar 40 % i nGuadalúip, i Martinique, agus in La Réunion, ráta atá i bhfad níos airde ná meán an Aontais de 16 %. Tá leibhéil an-ard NEETanna ag na réigiúin sin (33.6 % i nGuáin na Fraince agus 24.6 % in La Réunion, trí oiread agus dhá oiread mheán na Fraince agus an Aontais faoi seach) agus luathfhágálaithe scoile (27 % sna hAsóir, trí oiread mheán na Portaingéile de 8.9 %) 55 .

    Tá an leibhéal oideachais níos ísle sna réigiúin sin freisin. Tá neamhlitearthacht ann go forleathan i Réigiúin is Forimeallaí Fhrancacha: ag brath ar an réigiún, tá deacrachtaí léitheoireachta ag idir 30 % agus 73 % de dhaoine 17 mbliana d’aois (i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta de 9.6 %) 56 . Sa chomhthéacs sin, is tosaíochtaí le haghaidh tacaíocht ón Aontas iad tacú le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, i gcomhréir le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí in 2021. Is é is aidhm do phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ráta na ndaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) a laghdú ó 12.6 % (2019) go 9 % faoi 2030, go háirithe trí fheabhas a chur ar a nionchais fostaíochta. Faoin Ráthaíocht don Aos Óg, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh daoine óga tairiscint ar fhostaíocht, ar oideachas, ar phrintíseacht nó ar thréimhse oiliúna laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh an toideachas nó an obair a fhágáil.

    Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an tAontas le forbairt scileanna sna réigiúin is forimeallaí trí réimse ionstraimí. In 2021-2027 tacóidh CSE+ le hoiliúint, le luathfhágáil na scoile a chosc agus le gairmthreoir, le fostaíocht don aos óg, le fiontraíocht agus le gnólachtaí a chruthú, lena dtabharfar ar a laghad 12.5 % de leithdháiltí cláir ar thacaíocht do dhaoine óga. Tá ról tábhachtach ag na RRPanna freisin – tacaíonn RRP na Fraince, mar shampla, le forais ardoideachais i nGuadalúip agus in La Réunion. In 2014-2020, ghlac beagnach 25 000 duine ó Martinique páirt in oideachas agus oiliúint arna gcistiú ó CSE. Tacóidh an leithdháileadh nua breise de CSE+ do na réigiúin is forimeallaí le gairmoideachas agus gairmoiliúint, le printíseachtaí, leis an aistriú ón scoil go hobair, le fostaíocht don aos óg agus le soghluaisteacht. Is féidir le snáithe Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta CSE+ tacú le rochtain ar mhaoiniú d’fhiontair shóisialta, agus le soghluaisteacht fheabhsaithe lucht saothair agus nuachóiriú beartas fostaíochta. Is tionscnamh gníomhach cuimsithe é an tionscnamh nua ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve) [Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh, Bain amach] a fhaigheann tacaíocht ón gciste sin a thacaíonn le daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna atá faoi mhíbhuntáiste taithí ghairmiúil a fháil thar lear agus taithí a fháil ar dhul isteach sa mhargadh saothair agus ar rannpháirtíocht sa tsochaí. Is é is aidhm don tionscnamh go háirithe daoine óga ó réigiúin thuaithe, imeallacha agus bheagfhorbartha a chuimsiú, agus taithí foghlama a bhaineann leis an obair a chur ar fáil dóibh i mBallstát eile. Is féidir leis tacú freisin le soghluaisteacht daoine óga na réigiún is forimeallaí chuig tíortha comharsanacha lasmuigh den Aontas nó chuig an mórthír.

    Le tionscnaimh éagsúla le linn Bhliain Eorpach na hÓige 2022, cumhachtófar do dhaoine óga, lena náirítear tionscnamh nua atá dírithe go heisiach ar dhaoine óga ó na réigiúin is forimeallaí. Cuireann clár Erasmus+ 57 tacaíocht bhreise ar fáil do mhic léinn ó na réigiúin sin dul i mbun staidéir thar lear, lena náirítear comhar le tíortha comharsanacha nach Ballstáit den Aontas iad. In 2014-2020, ghlac 28 500 duine ó na réigiúin is forimeallaí páirt i dtionscadail soghluaisteachta Erasmus+. 58 . Trína straitéis um éagsúlacht agus cuimsiú, cuidíonn an Coimisiún le daoine óga ó na réigiúin sin páirt a ghlacadh in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ina theannta sin, is tábhachtach taighdeoirí óga ó na réigiúin sin a chur chun cinn agus tacú lena rannpháirtíocht i bhFís Eorpach, i gclár taighde agus nuálaíochta an Aontais 59 agus chun deiseanna fostaíochta tarraingteacha a chruthú do dhaoine óga ina réigiúin. Tá tionscnamh á mhúnlú ag an gCoimisiún freisin chun na dúshláin a bhaineann le himirce daoine oilte a mhaolú i gcodanna den Aontas atá thíos leis, amhail na réigiúin is forimeallaí, agus chun réitigh fhéideartha a shainaithint.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin is forimeallaí lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -scéimeanna printíseachta, scéimeanna coinneála post agus scéimeanna fostaithe a bhunú do dhaoine óga sna réigiúin is forimeallaí laistigh den Ráthaíocht don Aos Óg trí leas a bhaint as cistí an Aontais, agus gné na hinscne á cur san áireamh; tionscnamh ALMA a chuimsiú i gcláir CSE+; samhlacha digiteacha oideachais a thástáil;

    -riachtanais scileanna a shainaithint sna réigiúin is forimeallaí; CSE+ a úsáid, lena náirítear leithdháileadh breise EUR 370 milliún chun oideachas, oiliúint, soghluaisteacht agus fostaíocht a fheabhsú don aos óg;

    -gairmthreoir a chur ar fáil do dhaoine óga; gné na hinscne á cur san áireamh; ionaid ilfhreastail a bhunú chun cuidiú leis an gcéad phost a fháil;

    -Interreg a úsáid chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scéimeanna soghluaisteachta foghlama réigiúnacha i sineirgíocht le Erasmus+.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -scéim deontais EUR 1 mhilliún a chruthú lena dtugtar cumhacht do dhaoine óga tionscadail a mhúnlú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, agus aird ar leith á tabhairt ar chomhionannas agus ar chuimsiú, mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige 2022 le cúnamh teicniúil faoi stiúir an Choimisiúin faoi CFRE;

    -na sainiúlachtaí a bhaineann leis na réigiúin sin a chur san áireamh sna cláir oibre bhliantúla faoi CSE+; tacú leis na réigiúin an leithdháileadh breise nua ó CSE+ a úsáid agus faireachán a dhéanamh ar a úsáid;

    -aitheantas a thabhairt do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí agus tacú lena rannpháirtíocht i gcláir oibre Erasmus+, lena náirítear i malartuithe le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad 60 , i gClár Suaitheanta Ollscoileanna na hEorpa, chomh maith leis na hIonaid Barr Feabhais Gairme;

    -oibriú i gcomhar leis na gníomhaireachtaí náisiúnta chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do rannpháirtíocht daoine óga na réigiún is forimeallaí in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

    -faisnéis shaincheaptha a chur ar fáil chun tacú le rannpháirtíocht daoine óga sna réigiúin is forimeallaí sa tionscnamh Interreg ‘Volunteer Youth’ e.g. i dtíortha comharsanacha;

    -léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí sa tionscnamh maidir leis na conairí i dtreo na rathúlachta scoile chun luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú;

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh sa tionscnamh atá le teacht chun na dúshláin a bhaineann le himirce daoine oilte a mhaolú.

    2.2. Cur le sócmhainní, aghaidh a thabhairt ar shrianta, díriú ar phríomhearnálacha

    Tá na réigiúin is forimeallaí an-éagsúil le chéile. Tá a thacar srianta agus sócmhainní féin ag gach réigiún, idir an talmhaíocht nó an turasóireacht agus an geilleagar gorm nó an spás. Tá éagsúlacht mhór san fhorbairt eacnamaíoch idir Mayotte (30 % de OTI an Aontais) agus Guáin na Fraince (46 %) agus Maidéara (69 %) agus Martinique (76 %). Leis an difreáil láidir sin, tá gá le straitéisí saincheaptha um fhorbairt réigiúnach. Tá sé ríthábhachtach don téarnamh agus don fhás a ngeilleagair a éagsúlú trí dhíriú ar a mbreisluach, i gcomhréir lena straitéisí um speisialtóireacht chliste.

    Le géarchéim COVID‑19 agus leis na méaduithe ar phraghas an fhuinnimh agus an bhia atá ann faoi láthair mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, léiríodh gur gá do na réigiúin iargúlta sin leibhéal éigin neamhspleáchais a fhorbairt sa talmhaíocht agus sa soláthar fuinnimh agus foinsí a éagsúlú. Is deis í acmhainn táirgthe bia atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun an earnáil a éagsúlú agus a ghlasú agus chun poist ardcháilíochta a chruthú. Ar an gcaoi chéanna, trí shuiteálacha fuinnimh ghlain a úsáid atá bunaithe, mar shampla, ar ghrianfhuinneamh agus ar fhuinneamh gaoithe, is féidir ganntanais a shárú agus a meascán fuinnimh a dhícharbónú.

    Taighde, nuálaíocht agus speisialtóireacht chliste

    Tá nuashonrú á dhéanamh ag na réigiúin is forimeallaí ar a straitéisí um speisialtóireacht chliste 61 chun nuálaíocht a chur chun cinn sna hearnálacha is mó a bhfuil gealladh fúthu, eadhon an earnáil agraibhia, an bithgheilleagar, an geilleagar gorm inbhuanaithe, oiliúint agus taighde maidir le leigheas trópaiceach, an turasóireacht agus tionscail chruthaitheacha. Trí bhorradh a chur faoi thaighde agus nuálaíocht (T&N), is féidir cuidiú leis na réigiúin sin leas a bhaint as a sócmhainní agus iad a chomhtháthú sa Limistéar Eorpach Taighde (LET). Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall feabhas a chur ar rochtain ar bharr feabhais agus an deighilt nuálaíochta a shárú 62 . Chuidigh an clár réime um thaighde agus nuálaíocht Fís 2020 leis na réigiúin is forimeallaí cur lena nacmhainneacht taighde trí thionscadal 63 FORWARD. Snáithe an chláir Fís Eorpach maidir le ‘rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh’ chun tacú le tíortha atá ag titim chun deiridh sa taighde, leathnaíodh é chun na réigiúin is forimeallaí uile a chumhdach. I nglaonna ar thionscadail de chuid Fís Eorpach le déanaí, e.g. maidir le bithéagsúlacht mhuirí nó athbhunú éiceachórais, léirítear sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí. Ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí idir CFRE agus Fís Eorpach, e.g. cistiú carnach agus tacaíocht do thionscadail ar ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais. Le Fís Eorpach, cuirtear chun cinn a thuilleadh an comhar idir cláir náisiúnta T&N, rud a chuireann ar a gcumas do stáit tosaíochtaí coiteanna a shainaithint dá réigiúin is forimeallaí agus comhghlaonna a chur chun feidhme. Le misean an chláir Fís Eorpach ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’, cuirtear deiseanna breise ar fáil chun T&N áitiúil a chothú.

    Tacóidh CFRE leis an nuálaíocht trína chláir phríomhshrutha, trí chláir Interreg agus tríd an tionscnamh um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha, lena gcuirtear le tionscadail idir-réigiúnacha i réimsí speisialtóireachta cliste. Leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) 64 , cuirtear borradh freisin faoi ghlacadh an taighde, na nuálaíochta agus na teicneolaíochta sa gheilleagar gorm, agus soláthraítear seirbhísí ullmhachta infheistíochta le hardán 65 agus le ciste BlueInvest.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -páirt a ghlacadh i ndeiseanna faoin snáithe ‘leathnaithe’ den chlár Fís Eorpach, agus sna glaonna ar thionscadail maidir le príomhthéamaí le haghaidh na réigiún is forimeallaí;

    -próiseas a sheoladh chun tosaíochtaí coiteanna a shainaithint i bhfianaise an chomhair ar leibhéal an chláir i measc maoinitheoirí taighde, laistigh den chlár Fís Eorpach;

    -straitéisí um speisialtóireacht chliste a athbhreithniú agus a chur chun feidhme; tairbhe a bhaint as deiseanna a thagann as comhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha um speisialtóireacht chliste agus as slabhraí luacha.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -glao a dhearadh atá saincheaptha do na réigiúin is forimeallaí i gclár oibre 2023-2024 den tionscnamh um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha; 

    -faoi réir thorthaí thionscadal FORWARD, gníomhaíocht thiomnaithe chomhordaithe agus tacaíochta a mholadh faoin gcuid leathnaithe den chlár Fís Eorpach, mar a mhol na réigiúin is forimeallaí, chun na pobail áitiúla taighde agus nuálaíochta a ghníomhachtú a thuilleadh, e.g. trí thionscadail de chuid taighdeoirí áitiúla ar ábhair shocheacnamaíocha a bhaineann go sonrach leis na réigiúin sin;

    -tacú leis na réigiúin is forimeallaí straitéisí um speisialtóireacht chliste a mhúnlú agus a chur chun feidhme agus tacaíocht shaincheaptha a sholáthar tríd an gComhphobal Cleachtais a sheolfar faoi dheireadh 2022;

    -a áirithiú go mbeidh ábhair atá ábhartha do na réigiúin sna chéad chláir oibre eile de chuid Fís Eorpach.  

    Soghluaisteacht, iompar, turasóireacht, cultúr

    Braitheann na réigiúin is forimeallaí ar naisc aeir agus mhuirí le haghaidh iompair agus chun earraí a sholáthar. Tá naisc iompair laistigh de na réigiúin agus le mór-roinn na hEorpa fíor-riachtanach chun gur féidir le daoine rochtain a fháil ar oideachas, ar oiliúint agus ar phoist, agus tá siad fíor-riachtanach freisin le haghaidh gnólachtaí, na trádála agus na turasóireachta. Cuireann an turasóireacht le sciar suntasach dá ngeilleagar – 35 % de OTI na nOileán Canárach 66 agus an ceathrú cuid de OTI Mhaidéara – agus bhí an earnáil buailte go dona ag géarchéim COVID19 67 . I Maidéara, tháinig laghdú 61 % ar líon na naíonna i ngnólachtaí turasóireachta, agus tháinig laghdú 64 % ar an ioncam in 2020 i gcomparáid le 2019 68 .

    Le cistí éagsúla de chuid an Aontais, is féidir tacú leis an tsoghluaisteacht, leis an iompar agus leis an turasóireacht. Is féidir le SCE bonneagar iompair a chómhaoiniú, agus lena clár oibre, tacaítear go sonrach le calafoirt mhuirí chun feabhas a chur ar nascacht na réigiún is forimeallaí. Leis an togra ón gCoimisiún chun an Rialachán maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) 69 a athbhreithniú, léirítear riachtanais nascachta na réigiún is forimeallaí, agus cuirtear a gcalafoirt, a nóid uirbeacha agus a mbóithre le léarscáileanna ghréasán TEN-T agus tá siad incháilithe do thacaíocht SCE faoin togra sin. Is féidir leis na réigiúin sin úsáid a bhaint as CFRE agus CC 70 le haghaidh bonneagar aerfoirt agus chun tacú le hearnáil na turasóireachta. Mar shampla, le plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne, tacaítear le hathléimneacht na turasóireachta lena ndírítear ar infheistíochtaí i mbonneagar agus sa mhargaíocht.

    Agus a spleáchas mór ar naisc aeir á chur san áireamh, tá gach eitilt ó na réigiúin is forimeallaí chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch díolmhaithe ón gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) go dtí deireadh 2023 71 . In 2021, mhol an Coimisiún go ndéanfaí eitiltí idir na réigiúin sin agus a mBallstát a dhíolmhú ó CTA go dtí 2030 72 . Beidh an chonair aistrithe le haghaidh na turasóireachta 73 ina treoir don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don athléimneacht san earnáil, agus beidh gníomhaíochtaí beartaithe ann a fhéadfaidh na réigiúin is forimeallaí a leanúint. Ar deireadh, thacaigh an Coimisiún le hearnáil an chultúir trí threoirthionscadal maidir le cultúr lenar díríodh ar na réigiúin is forimeallaí agus ar thíortha agus críocha thar lear 74 , agus trí thionscnaimh eile 75 , mar chomhlánú ar an gclár Eoraip na Cruthaitheachta.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -gach deis a thapú chun bonneagar iompair fíor-riachtanach a chistiú, lena náirítear le haghaidh breoslaí ionadúla;

    -infheistíocht a dhéanamh i dturasóireacht atá athléimneach, oiriúnach go digiteach agus inbhuanaithe, agus úsáid á baint as deiseanna cistiúcháin an Aontais go háirithe i gclársceidealú chistí an bheartais comhtháthaithe; agus páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme na conaire aistrithe le haghaidh na turasóireachta agus sonraí a bhaineann leis an turasóireacht a roinnt; 

    -oibrithe turasóireachta a uas-sciliú agus a athsciliú faoin gcomhpháirtíocht turasóireachta de chuid an chomhshocraithe um scileanna.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -sainiúlachtaí na réigiún a chur san áireamh san athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí; 

    -glacadh uirlisí de chuid an Aontais atá ar fáil a spreagadh agus a éascú sna réigiúin is forimeallaí chun feabhas a chur ar an nascacht agus ar an tsoghluaisteacht;

    -tacú le hinfheistíochtaí in earnáil na turasóireachta; le cistí an Aontais, e.g. cistí an bheartais comhtháthaithe, tacaítear le téarnamh agus le forbairt inbhuanaithe na hearnála sin;

    -faisnéis a sholáthar d’earnáil na turasóireachta maidir le deiseanna cistithe agus tacú le húsáid na ndeiseanna sin;

    -sainiúlachtaí na réigiún a léiriú i gcritéir an éicilipéid le haghaidh chóiríocht turasóireachta an Aontais; comhroinnt sonraí a bhaineann leis an turasóireacht agus forbairt spás sonraí turasóireachta a chur chun cinn;

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a léiriú i gcláir oibre MEDIA Eoraip na Cruthaitheachta.

    Bithéagsúlacht

    Tá luach bithéagsúlachta as cuimse ag na réigiúin is forimeallaí. Aithnítear é sin i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 76 , ina gcuirtear i dtábhacht go sonrach an gá atá ann a néiceachórais a chosaint agus a athbhunú. Braitheann go leor earnálacha, lena náirítear an turasóireacht, an tiascach, an fhoraoiseacht agus an talmhaíocht, ar an mbithéagsúlacht sin. Soláthraíonn éiceachórais shláintiúla aer agus uisce glan agus maolaíonn siad éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide. Tá sé fíor-riachtanach na héiceachórais sin a chosaint agus a athbhunú dá bhrí sin. Ba dhíol sásaimh don Choimisiún dá gcuirfeadh na Ballstáit na réigiúin is forimeallaí i Líonra Natura 2000 an Aontais maidir le limistéir faoi chosaint 77 , i gcás nach ndearnadh amhlaidh fós.

    Le hinfheistíochtaí faoi CFRE, cuideofar le limistéir faoi chosaint agus le bonneagar glas a chaomhnú agus a athbhunú. Le CEMID, tacaítear le limistéir mhuirí faoi chosaint, le beo-acmhainní muirí agus le héiceachórais. Is féidir infheistíochtaí bithéagsúlachta a ghiaráil freisin trí InvestEU 78 . Ina theannta sin, leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), 79  léirítear gach gné de shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí: an bhithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais, an geilleagar ciorclach, an tathrú aeráide agus fuinneamh, agus tugtar aird ar leith ar iarratais ó na réigiúin sin agus tugtar pointí bónais dóibh. Áirítear le LIFE freisin scéim deontais le haghaidh tionscadail bheaga sna réigiúin is forimeallaí arna gcómhaoiniú ar 95 %. Bhunaigh an Coimisiún an cúnamh teicniúil ‘Cúnamh Glas’ freisin chun tacú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i gcaipiteal nádúrtha, sa bhithéagsúlacht, sa gheilleagar ciorclach agus in infheistíochtaí eile a ghlasú. Chomh maith leis an gcomhshaol a chaomhnú, tá acmhainneacht mhór ag infheistíochtaí den sórt sin maidir le turasóireacht inbhuanaithe agus éiceabhách, chomh maith le héagsúlú eacnamaíoch, mar shampla i dtaca le taighde agus forbairt cógaisíochta.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -deiseanna sonracha a thapú faoi chlár LIFE, e.g. deontais le haghaidh tionscadal a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; an clár Fís Eorpach, e.g. le haghaidh taighde ar bhithéagsúlacht mhuirí 80 ; agus an tionscnamh um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-Réigiúnacha maidir le comhar i ndáil leis an aistriú glas;

    -straitéisí a chur chun feidhme lena ndéantar an bhithéagsúlacht a phríomhshruthú ar fud earnálacha; bearta a fhorbairt chun éiceachórais na réigiún is forimeallaí a chosaint agus a athbhunú i bpleananna náisiúnta athbhunaithe;

    -scileanna agus poist ghlasa a chur chun cinn i gcur chun feidhme chláir uile an Aontais 81 ; cistí a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais tríd an gcúnamh teicniúil ‘Cúnamh Glas’ a úsáid.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -níos mó tacaíochta a thabhairt do thionscadail maidir le speicis thábhachtacha nó nua-aimsithe 82 na réigiún is forimeallaí i gclár LIFE 2025-2027, faoi réir measúnú 83 ;

    -moladh a ghlacadh le haghaidh rialachán maidir le hathchóiriú dúlra lena léirítear sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí; faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart athbhunaithe dúlra le haghaidh na réigiún sin;

    -leanúint de thacaíocht a thabhairt do mheasúnuithe ar éiceachórais sna réigiúin is forimeallaí, e.g. trí thionscadal MOVE-ON 84 ; iad a chur ar fáil don Lárionad Eolais um Bithéagsúlacht 85 .

    An geilleagar gorm

    Tá acmhainneacht uathúil ag na réigiúin is forimeallaí maidir leis an ngeilleagar gorm a bhuí lena limistéir eacnamaíocha eisiacha mhóra, ar fiú iad agus níos mó ná leath de limistéar eacnamaíoch eisiach an Aontais, agus tá bithéagsúlacht shaibhir mhuirí acu freisin. Tá an t‑iascach agus an t‑iompar muirí fós ina gcuid thábhachtach dá ngeilleagair. Tá sé tábhachtach go bhforbróidh na réigiúin is forimeallaí a gcuid straitéisí um an ngeilleagar gorm ar bhealach inbhuanaithe, lena n‑áirítear trína mbithéagsúlacht mhuirí a chosaint.

    Le cistí CEMID agus cistí an bheartais comhtháthaithe, tacaítear le hearnáil mhuirí na réigiún is forimeallaí. Faoi CEMID, tairbhíonn na réigiúin sin de bhuiséad EUR 315 milliún atá curtha in áirithe le haghaidh infheistíochtaí struchtúracha agus chúiteamh na gcostas breise, agus tairbhíonn siad freisin d’fhorálacha sonracha maidir le státchabhair i gcomhair an iascaigh agus an dobharshaothraithe. Mhol an Coimisiún leanúint de choinníollacha speisialta le haghaidh na réigiún sin san athbhreithniú leanúnach ar na rialacha sin 86 . Trí infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh in-athnuaite agus nuálach muirí, sa bhiteicneolaíocht ghorm, sa dobharshaothrú, i gcosaint agus i dtaiscéalaíocht inbhuanaithe acmhainní domhainfharraige agus san oiliúint, is féidir samhlacha nua gnó agus poist a chruthú. Leis an gclár Fís Eorpach, cuirtear deiseanna ar fáil chun bearta a chomhordú chun geilleagar gorm aeráidneodrach a bhaint amach agus chun truailliú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san earnáil mhuirí tríd an misean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -straitéisí um an ngeilleagar gorm a chur chun feidhme, sineirgí i dtacaíocht an Aontais a ghabháil, lena náirítear CEMID le haghaidh infheistíochtaí struchtúracha, CFRE agus SCE le haghaidh bonneagair mhuirí, CSE+ le haghaidh oiliúna, LIFE agus CEMID le haghaidh gníomhaíochtaí aeráide agus bithéagsúlachta muirí, agus an clár Fís Eorpach le haghaidh na nuálaíochta; 

    -iarrachtaí a neartú sa chomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí;

    -páirt a ghlacadh i slabhraí luacha inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm (e.g. turasóireacht ghorm, fuinneamh in-athnuaite muirí, iascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe, cosc ar thruailliú, bainistíocht riosca);

    -staidéir a dhéanamh ar bhailiú sonraí agus ar stoic éisc le tacaíocht CEMID, i gcomhréir le moltaí staidéar 2022 ar bhailiú sonraí agus ar chomhairle eolaíoch sna réigiúin is forimeallaí san Aontas 87 ; feabhas a chur ar chur chun feidhme oibleagáidí tuairiscithe;

    -páirt a ghlacadh sa mhiseanÁr nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -glao ar thograí a sheoladh maidir le straitéisí um an ngeilleagar gorm sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le clár oibre CEMID 2022-2023; tacú le geilleagar gorm na réigiún is forimeallaí faoi CEMID, mar a mhol Parlaimint na hEorpa, na réigiúin agus a mBallstáit;

    -teagmháil a dhéanamh leis na Ballstáit lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le sonraí iascaigh 88 sna réigiúin is forimeallaí, mar a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais 89 , agus sainiúlachtaí na réigiún sin á gcur san áireamh agus bunaithe ar thorthaí staidéar 2022 ar bhailiú sonraí agus ar chomhairle eolaíoch sna réigiúin is forimeallaí san Aontas 90 ;

    -leanúint de thacaíocht a thabhairt do chomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe atá chun tairbhe do gheilleagar na réigiún is forimeallaí, go háirithe le tíortha comharsanacha na réigiún is forimeallaí;

    -malartuithe eolais a eagrú maidir le pleanáil spásúil mhuirí agus fuinneamh in-athnuaite, go háirithe trí thionscadal 2021-2024 ‘Pleanáil Spásúil Mhuirí a Chur Chun Cinn sna Réigiúin is Forimeallaí’.

    Talmhaíocht agus forbairt tuaithe

    Is príomhearnáil fós í an talmhaíocht sa chuid is mó de na réigiúin is forimeallaí, rud a chuireann le sciar mór den bhreisluach agus den fhostaíocht. Leis an nuálaíocht, is féidir feabhas a chur ar cháilíocht bhia agus ar éifeachtúlacht acmhainní agus is féidir lorg an táirgthe bia a laghdú. I gcomhréir leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, d’fhéadfadh tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha araon a bheith ann má mhéadaítear an fheirmeoireacht orgánach sna réigiúin sin. Chun feabhas a chur ar an iomaíochas, tá sé ríthábhachtach an talmhaíocht, lena n‑úsáidtear níos lú lotnaidicídí ceimiceacha agus antaibheathach agus cineálacha cur chuige níos agrai-éiceolaíche, a fhorbairt agus féachaint chuige go seasfaidh sí an aimsir.

    Leanfaidh an tAontas de thacú go láidir le talmhaíocht na réigiún is forimeallaí. Leis an gClár de Roghanna a bhaineann go sonrach le hIargúltacht agus le hOileánacht (POSEI) 91 , tacaítear le táirgeadh áitiúil trí íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, trí bhearta margaidh agus trí tháirgí talmhaíochta riachtanacha a sholáthar. Mar gheall ar dhlúthchomhar idirinstitiúideach, coinneoidh buiséad POSEI in 2021-2027 a acmhainneacht airgeadais ar bun. Ina theannta sin, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, soláthraítear coinníollacha sonracha maidir leis na réigiúin sin, lena náirítear nach mór do na Ballstáit pleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) a oiriúnú do shainiúlachtaí a réigiún is forimeallaí 92 , mar a chuirtear i dtábhacht freisin i moltaí ón gCoimisiún 93 , agus aghaidh á tabhairt ar an sprioc maidir le hinbhuanaitheacht mhéadaithe eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta.

    Thairis sin, leis na hionstraimí Státchabhrach maidir le cabhair sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i gceantair thuaithe 94 , ceadaítear uasrátaí déine cabhrach níos airde i dtaca le hinfheistíochtaí sna réigiúin sin agus cabhair oibriúcháin. Mhol an Coimisiún leanúint de choinníollacha speisialta a sholáthar le haghaidh na réigiún sin san athbhreithniú leanúnach ar na hionstraimí sin 95 . Chun tacú le forbairt talmhaíochta agus tuaithe na réigiún is forimeallaí, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí atá ann cheana arna maoiniú ag POSEI a oiriúnú agus a nuachóiriú, i bhfianaise forbairt níos cothroime idir na hearnálacha talmhaíochta éagsúla (earnálacha traidisiúnta onnmhairithe, agus earnálacha beostoic agus éagsúlaithe barr). I gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an Coimisiún bearta chun tacú leis na táirgeoirí is mó a bhfuil difear déanta dóibh 96 . I bhfianaise an ardaithe ghaolmhair ar phraghsanna bia agus an riosca go gcuirfí isteach ar an soláthar, agus chun slándáil bia a áirithiú, áiríodh leis na bearta sin réamhíocaíochtaí le feirmeoirí, rialacha sealadacha lena gceadaítear cabhair a thabhairt do chuideachtaí a ndearna an ghéarchéim san earnáil agraibhia 97 difear dóibh freisin agus solúbthachtaí chun beatha a allmhairiú.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -aird ar leith a thabhairt ar earnáil talmhaíochta agus forbartha tuaithe na réigiún is forimeallaí chun aistriú glas, digiteach agus cothrom a chothú, lena gcuirtear le sócmhainní agus lena dtugtar aghaidh ar shrianta;

    -éagsúlú, nuachóiriú sa talmhaíocht agus neamhspleáchas méadaithe bia a chur chun cinn, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá tíosach ar acmhainní; agus oibrithe talmhaíochta a uas-sciliú agus a athsciliú.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -a áirithiú go gcomhlíonfaidh pleananna straitéiseacha CBT na mBallstát ceanglais Rialachán CBT agus go dtabharfar aghaidh leo ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí; agus go léireofar sna pleananna tosaíochtaí an Aontais maidir le haistriú glas, digiteach agus cothrom a chothú;

    -oibriú leis na Ballstáit ábhartha chun feabhas a chur ar chlársceidealú POSEI agus ar a dtuarascálacha cur chun feidhme bliantúla agus chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí arna maoiniú ag POSEI comhleanúnach le pleananna straitéiseacha CBT, e.g. comhlíontacht le cuspóirí comhshaoil agus sóisialta agus éagsúlú;

    -obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí i dtuarascáil POSEI 2021 98 , go háirithe an gá atá le tacaíocht a dháileadh go cothrom, cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a chur chun cinn, cáilíocht táirgí, difreáil táirgí agus malartú dea-chleachtas;

    -faoin bhfís fhadtéarmach le haghaidh ceantair thuaithe, anailís a dhéanamh ar thalmhaíocht na réigiún is forimeallaí laistigh d’Fhaireachlann Tuaithe an Aontais agus san ardán um athbheochan tuaithe; eolas a chomhroinnt laistigh de líonra CBT an Aontais agus deiseanna comhair a fhiosrú;

    -mar chuid de LEADER, forbairt áitiúil a chur chun cinn a thuilleadh agus tacú le húsáid na nuálaíochta agus na teicneolaíochta sa talmhaíocht, eadhon tríd an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta;

    -an taistriú chuig leibhéal méadaithe neamhspleáchais bhia a chur chun cinn sna réigiúin is forimeallaí tríd an dá ionstraim CBT, agus bia ardchaighdeáin le feirmeoireacht inbhuanaithe á áirithiú ag an am céanna.

    2.3. É A DHÉANAMH i gCEART: AN tAISTRIÚ GLAS AGUS AN tAISTRIÚ DIGITEACH A CHOTHÚ

    2.3.1. An tAistriú Glas: i dtreo geilleagar inbhuanaithe 

    Is é is aidhm don aistriú glas claochlú na sochaí agus an gheilleagair atá inbhuanaithe, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus aeráidneodrach a bhaint amach ar fud na mbeartas uile. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas 99 , aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, agus leochaileacht na réigiún i leith tubaistí nádúrtha agus a mbithéagsúlacht uathúil agus a bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite saibhre á gcur san áireamh. Is maith atá na réigiúin sin in ann a bheith ina neiseamláirí forbartha, agus an geilleagar ciorclach agus aeráidneodracht á nurramú acu, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh agus poist a chruthú i réitigh ghlasa agus ghorma in earnálacha amhail an turasóireacht, an talmhaíocht agus an tiascach. Rinne freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí an aeráid, an bhithéagsúlacht agus an comhshaol a rangú sna cúig théama is mó le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais sna réigiúin sin.

    Gníomhú ar son na haeráide

    Tá an tAontas tiomanta do spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena náirítear na spriocanna oiriúnaithe a bhfuil sé d’aidhm acu athléimneacht a neartú. Tá na réigiúin is forimeallaí neamhchosanta go háirithe ar thionchair an athraithe aeráide, lena náirítear teagmhais adhaimsire, agus tá gá le bearta saincheaptha um oiriúnú don athrú aeráide. Sa chomhthéacs sin, déantar foráil i straitéis 2021 um oiriúnú don aeráid maidir le malartuithe idir na réigiúin sin agus a gcomharsana i dtaca le réitigh oiriúnaithe don athrú aeráide. Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta 100 , beartaítear go ndéanfar anailís i bpleananna aeráide sóisialta na mBallstát ar éifeachtaí CTA ar ghrúpaí leochaileacha agus sainiúlachtaí na réigiún iargúlta á gcur san áireamh. Ina theannta sin, féadfaidh sé tacú le hiompar inacmhainne astaíochtaí ísle i limistéir oileánacha agus iargúlta.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -taighde ar an athrú aeráide a chothú, e.g. uirlisí nuálacha a fhorbairt chun teagmhais aeráide a thuar, agus chun eolas ar thionchar an athraithe aeráide a mhéadú, agus deiseanna á dtapú faoi chistí an bheartais comhtháthaithe agus faoi chláir eile de chuid an Aontais, e.g. LIFE agus an clár Fís Eorpach;

    -comhar le tíortha comharsanacha a neartú maidir leis an athrú aeráide, maidir le rioscaí a chosc agus maidir leis an athléimneacht, lena náirítear trí chláir Interreg;

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh sna pleananna náisiúnta faoi Chiste Aeráide Sóisialta an Aontais; agus iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gCiste don Nuálaíocht;

    -páirt a ghlacadh i Misean an Aontais ‘Oiriúnú don Athrú Aeráide’ agus sna deiseanna a bhaineann leis.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -comhar agus taighde maidir le dúshláin choiteanna a chothú faoin gclár Eorpach, agus tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide faoi chlár LIFE; malartuithe maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide a chothú idir na réigiúin is forimeallaí agus a gcomharsana faoi CFRE;

    -tacú le gníomhaíocht maidir le rioscaí a chosc agus athléimneacht a mhéid a bhaineann le tubaistí nádúrtha; malartú eolais idir na réigiúin is forimeallaí agus a gcomharsana a chothú;

    -cuidiú chun teacht ar réitigh oiriúnaithe ar bhochtaineacht ‘soghluaisteachta’ atá nasctha le méaduithe ar phraghsanna iompair;

    -leanúint d’aird chuí a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí agus Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 101 á chur chun feidhme.

    Fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh

    Lena bhfoinsí saibhre fuinnimh in-athnuaite – grianfhuinneamh, fuinneamh gaoithe, fuinneamh muirí agus fuinneamh geoiteirmeach – is féidir leis na réigiúin is forimeallaí a bheith ina gceannródaithe san aistriú chuig fuinneamh glan, rud a chuideoidh le sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Mar sin féin, tá na réigiúin sin fós ag brath ar allmhairí breoslaí iontaise chun an chuid is mó dá riachtanais fuinnimh a chumhdach, a mbíonn astaíochtaí arda agus costais arda i gceist leo. I bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh atá níos measa mar gheall ar an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá riosca na bochtaineachta fuinnimh ag méadú. Leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 102 , iarrtar ar na Ballstáit bochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus éagsúlachtaí réigiúnacha sa teocht a chur san áireamh agus spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh á socrú acu.

    Tá réitigh nuálacha á gcur chun feidhme ag roinnt de na réigiúin is forimeallaí (e.g. na hOileáin Chanáracha, na hAsóir, Maidéara agus La Réunion) chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, go háirithe fuinneamh geoiteirmeach, rud a chomhlíonann cuid mhór den éileamh ar leictreachas i roinnt réigiún. Trí infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh agus i stóráil an fhuinnimh in-athnuaite, is féidir neamhspleáchas fuinnimh na réigiún is forimeallaí a mhéadú agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach, chomh maith le spriocanna 2030 maidir le hastaíochtaí a laghdú agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú. Le creat rialála an Aontais, spreagtar infheistíochtaí i bhfuinneamh glan agus i gcórais bheaga dhíláraithe fuinnimh in-athnuaite, lena náirítear san earnáil téimh agus fuaraithe 103 . I straitéis 2020 um fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta 104 , cuirtear i dtábhacht acmhainneacht na réigiún is forimeallaí mar cheannródaithe i ndáil leis an dícharbónú. Le cistí an bheartais comhtháthaithe, an tionscnamh Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais, an tsaoráid ‘Réitigh Nua Fuinnimh a Fheabhsaítear d’Oileáin’ agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, is féidir tacú leis an aistriú fuinnimh sna réigiúin is forimeallaí. Le clár LIFE, is féidir cur i bhfeidhm na teicneolaíochta, samhlacha nua gnó, agus scileanna gaolmhara a mhaoiniú.

    I gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin, mhol an Coimisiún plean REPowerEU chun aghaidh a thabhairt ar spleáchas fuinnimh 105 agus creat sealadach géarchéime um státchabhair lena gceadaítear tacaíocht chun costais bhreise i ngeall ar mhéaduithe ar phraghas an gháis agus an leictreachais a chumhdach 106 .

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -a áirithiú go spreagann an reachtaíocht náisiúnta/réigiúnach fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh; staid na réigiún is forimeallaí a léiriú i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

    -tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do theaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh;

    -infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh chun sócmhainní nádúrtha a fhiosrú; tacú leis na réigiúin is forimeallaí réitigh fuinnimh in-athnuaite ar mionscála a chur i bhfeidhm i limistéir iargúlta chun ganntanas bonneagair fuinnimh a shárú;

    -forbairt an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chomhtháthú i bpleananna spásúla muirí, mar a bheartaítear sa straitéis um fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta;

    -a áirithiú go gcuirfear na réigiúin is forimeallaí san áireamh i mbearta tacaíochta REPowerEU.  

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -taighde a chothú maidir le heangacha cliste, stóráil fuinnimh, fuinneamh muirí, fuinneamh in-athnuaite;

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghrianfhuinneamh;

    -malartú taithí maidir le bainistíocht nuálach fuinnimh a chothú, e.g. laistigh de Interreg;

    -staidéar a sholáthar maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan ar oileáin an Aontais, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí; tacú le haistriú fuinnimh na réigiún tríd an tionscnamh Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais agus trí Réitigh Nua Fuinnimh a Fheabhsaítear d’Oileáin.

    Geilleagar ciorclach

    Mar gheall ar a spleáchas ar allmhairí acmhainní, ar ghiniúint ard dramhaíola arb í an turasóireacht is cúis léi agus ar onnmhairí dramhaíola, is féidir leis na réigiúin is forimeallaí tairbhiú go mór de réitigh an gheilleagair chiorclaigh. Is sa chomhthéacs sin a chuirtear chun cinn i bplean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach 2020 107 réitigh atá saincheaptha do na réigiúin sin. Tá pleananna gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach ceaptha ag an gcuid is mó de na réigiúin is forimeallaí lena gcuimsítear táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe agus bainistíocht dramhaíola. Is féidir le cistí an Aontais cuidiú leis na nithe seo a leanas: is féidir le CFRE agus CSE+ tacú leis an mbonneagar agus leis an oiliúint; le clár LIFE, is féidir tionscadail éagsúla a chistiú, e.g. maidir le bainistíocht dramhaíola, agus le CEMID, is féidir tacú le bailiú agus le cóireáil an bhruscair mhuirí. In 2014-2020, thacaigh CFRE le tionscadail, e.g. sna hAsóir chun dramhaíl a aisghabháil ó líonta talún, athúsáid acmhainní nádúrtha a mhéadú agus ithir a dhí-éilliú.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le bainistíocht dramhaíola, go háirithe i dtaca le feabhas a chur ar an gciorclaíocht i mbainistíocht agus i gcóireáil bithdhramhaíola, agus dramhaíl a laghdú trí athúsáid nó trí dheisiú; cistí a mheascadh agus a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais, an ionstraim ‘Cúnamh Glas’ a úsáid;

    -pleananna gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach a cheapadh agus a chur chun feidhme agus TAIEX-REGIO PEER 2 PEER a úsáid chun an fhoghlaim chomhpháirteach le húdaráis réigiúnacha eile a éascú.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus é á mholadh aige córais bailithe dramhaíola ar leith a chomhchuibhiú mar a bheartaítear sa phlean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach;

    -tacú le héifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní sna réigiúin sin; malartú dea-chleachtas a chothú trí Ardán Páirtithe Leasmhara an Gheilleagar Chiorclaigh.



    2.3.2. An t‑aistriú digiteach a chothú: deiseanna nua a chumasú 

    Leis an digitiú, is féidir daoine, seirbhísí agus gnólachtaí a thabhairt le chéile gan beann ar an áit a bhfuil siad, agus, dá réir sin, is féidir leis cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí srianta iargúltachta a shárú. Le fís Chompás Digiteach 108 2030 maidir leis an gclaochlú digiteach, is féidir an taistriú a threorú, lena náirítear cur i bhfeidhm an bhonneagair dhigitigh agus forbairt scileanna digiteacha.

    Is féidir le roinnt cistí de chuid an Aontais tacú le hinfheistíocht sa bhonneagar digiteach. Leis an gclár don Eoraip Dhigiteach 109 , neartaítear acmhainneachtaí digiteacha criticiúla an Aontais agus féachtar leis an mbearna dhigiteach idir an Eoraip agus na réigiúin is forimeallaí a líonadh. Le clár oibre na Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha do 2021-2023 110 , moltar do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhigiteacha na réigiún is forimeallaí. Ina theannta sin, is féidir le clár SCE tacú le bonneagar inbhuanaithe agus le comhtháthú líonraí: lena clár oibre digiteach 2021-2025 111 , is féidir tacú le cáblaí fomhuirí agus le nascacht satailíte. Rannchuideoidh CFRE a thuilleadh le sochaí dhigiteach chuimsitheach sna réigiúin sin. A mhéid a bhaineann le scileanna digiteacha, le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá sé d’aidhm ag an Aontas na bunscileanna sin a thabhairt do 80 % ar a laghad de na daoine fásta san Aontas. Tá sé d’aidhm ag an Teachtaireacht maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú 112 agus ag an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach tacú leis an oideachas digiteach agus le scileanna digiteacha. Tacaíonn CFRE le forbairt scileanna trí bhonneagar oideachais.

    Thairis sin, leis an togra le haghaidh clár de chuid an Aontais Eorpaigh um nascacht shlán 113 , bunaítear córas nascachta spásbhunaithe chun rochtain dhomhanda ar sheirbhísí slána cumarsáide satailíte a áirithiú d’úsáideoirí rialtais, lena nasctar rialtais. Thairis sin, le cláir shuaitheanta Spáis an Aontais, Copernicus, Galileo agus EGNOS 114 , soláthraítear sonraí agus seirbhísí an-ardfheidhmíochta lena bhféadfar aistriú digiteach earnálacha iomlána i ngeilleagair na réigiúin is forimeallaí a chumasú, lena náirítear an talmhaíocht agus an tiompar. Tá sonraí Spáis an Aontais úsáideach freisin le haghaidh seirbhísí cosanta sibhialta agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhshaol. Is féidir leis na réigiúin is forimeallaí tairbhiú d’uirlisí de chuid an Aontais agus d’uirlisí náisiúnta amhail na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith leis an gclár Fís Eorpach, InvestEU, nó tionscnamh Fiontraíochta Spáis Cassini.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -riachtanais na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus eintitis is iarrthóirí á nainmniú le haghaidh líonra tosaigh na Mol Nuálaíochta Digití Eorpacha, i gcomhréir leis an gclár don Eoraip Dhigiteach;

    -deiseanna a thapú chun bonneagar digiteach agus nascacht a chistiú faoi chlár SCE (e.g. cáblaí fomhuirí agus naisc satailíte), agus faoin gclár don Eoraip Dhigiteach;

    -tacú le scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint, agus úsáid á baint as deiseanna cistithe uile an Aontais 115 , lena náirítear trí chomhpháirtíochtaí scileanna faoin gcomhshocrú um scileanna.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -anailís a dhéanamh ar ghlacadh na réiteach digiteach sna réigiúin is forimeallaí agus cuidiú leo deiseanna agus tacaíocht a thapú faoi chláir an Aontais mar a mhol na réigiúin is forimeallaí; féachaint ar na féidearthachtaí maidir le tacú le líonraí satailíte chun nascacht i ngach limistéar a áirithiú;

    -moil nó eintitis bhreise sna réigiúin is forimeallaí a mholadh chun riachtanais na réigiún is forimeallaí a chumhdach, i gcomhar leis na Ballstáit, mura gcumhdaítear a riachtanais dhigiteacha le líonra tosaigh na Mol Nuálaíochta Digití;

    -malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chothú; leanúint de rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí i Líonra na nOifigí um Inniúlachtaí Leathanbhanda a éascú;

    -litearthacht dhigiteach bhunúsach a chur chun cinn trí chistí agus trí chláir an Aontais amhail Erasmus+ agus CSE+, chomh maith le hardscileanna digiteacha a chur chun cinn tríd an gclár don Eoraip Dhigiteach;

    -glacadh shonraí, sheirbhísí agus fheidhmchláir Spáis an Aontais a chur chun cinn chun digitiú gheilleagair na réigiún is forimeallaí a chumasú.

    3. Comhar le réigiúin Eorpacha eile, le tíortha comharsanacha agus níos faide i gcéin

    Interreg agus comhar leis an Eoraip Dhomhanda agus ionstraimí airgeadais na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear

    I bhfianaise shuíomh na réigiún is forimeallaí, is acmhainn uathúil iad do chaidreamh seachtrach an Aontais agus do réamh-mheastachán ár leasanna agus luachanna. Fágann siad gur fíorghníomhaí domhanda é an tAontas. I gcomhréir leis an straitéis don Tairseach Domhanda, tá comhar le tíortha agus le críocha comharsanacha fíor-riachtanach freisin le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch agus lánpháirtiú réigiúnach na réigiún sin. Roghnaigh freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí comhar den sórt sin ar cheann de na cúig thosaíocht is mó. Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Afraic, an Mhuir Chairib agus an tAigéan Ciúin (ACC) ar cuireadh tús leis in 2021, spreagtar comhar na Stát ACC le tíortha agus críocha thar lear agus leis na réigiúin is forimeallaí e.g. maidir leis an trádáil, an fuinneamh, an digitiú, an t‑athrú aeráide, an comhshaol agus an turasóireacht.

    Glacann na réigiúin is forimeallaí uile páirt i gcláir Interreg maidir leis an gComhar Críochach Eorpach, lena dtacaítear le comhar idir na réigiúin is forimeallaí agus tíortha nó críocha comharsanacha. Mar sin féin, tá an comhar fós teoranta mar gheall ar shaincheisteanna rialála, riaracháin, buiséadacha agus polaitiúla 116 . Tá simpliú déanta ag an gCoimisiún ar nósanna imeachta chun comhar a éascú: in 2021-2027, cláir arna gcómhaoiniú ag CFRE (na réigiúin is forimeallaí), ag an Eoraip Dhomhanda (tríú tíortha) nó ag an gCinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear (tíortha agus críocha thar lear), leanann siad sraith aonair rialacha. Chomh maith le tacú le comhar le réigiúin eile san Aontas, lena náirítear tríd an gclár Interreg na hEorpa, leithdháil an tAontas EUR 281 milliún faoi CFRE chun tacú le comhar idir na réigiúin is forimeallaí agus a gcomharsana, agus leithdháil sé EUR 15 milliún chun tacú le comhar idir na tíortha agus críocha thar lear agus comhpháirtithe eile, lena néascaítear tionscadail chomhpháirteacha amhail cúrsaí ollscoile, comhar idir ospidéil, nó saoráidí airgeadais. Is féidir leis an gclár Fís Eorpach nó LIFE tacú le comhar freisin.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -anailís a dhéanamh ar dheiseanna agus constaicí ar chomhar réigiúnach a shárú mar chuid de chuspóir sonrach nua Interreg maidir le rialachas níos fearr laistigh dá gcláir Interreg;

    -CFRE a úsáid chun dul i gcomhar le Ballstáit eile, le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad nó le tíortha agus críocha thar lear 117 .

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -cur chun feidhme tionscadal arna gcómhaoiniú ag CFRE, ag an Eoraip Dhomhanda, agus ag an gCinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, i gcomhar leis na tairbhithe;

    -deiseanna agus dúshláin maidir leis an gcomhar réigiúnach in aghaidh an imchuach a mhapáil, príomhréimsí comhair a shainaithint; deiseanna a fhorbairt agus tacú leis an gcomhar; malartuithe in aghaidh an imchuach a chothú;

    -ról agus sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar straitéisí geografacha; na réigiúin sin a áireamh i sásraí comhairliúcháin, mar a mhol na réigiúin is forimeallaí.

    Trádáil

    I ngeall ar ghaireacht na réigiún is forimeallaí do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, cuirtear deiseanna trádála agus comhair ar fáil. Mar sin féin, bíonn na réigiúin sin in iomaíocht le tíortha máguaird, a tháirgeann earraí comhchosúla ar chostas níos ísle agus ar chaighdeán níos ísle sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil.

    Leanfaidh an Coimisiún de tháirgí íogaire na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus comhaontuithe saorthrádála á gcaibidliú aige, chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht atá acu agus bearta a ghlacadh i gcás tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear clásail choimirce. Sna measúnuithe tionchair inbhuanaitheachta lenar tacaíodh leis an gcaibidlíocht maidir leis gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis agus maidir leis an gComhaontú Domhanda le Meicsiceo, déantar anailís cheana féin ar leasanna na réigiún is forimeallaí 118 . I gComhaontú 2019 idir an tAontas Eorpach agus Mercosur, tá forálacha maidir le suaitheadh i margaí na réigiún sin de bharr allmhairí ó Mercosur a chosc 119 . Ag an am céanna, moltar do na réigiúin is forimeallaí na deiseanna a bhaineann leis na comhaontuithe saorthrádála a thapú, go háirithe le tíortha ina réigiún geografach, i bhfianaise a lánpháirtiú i slabhraí luacha domhanda agus réigiúnacha 120 . Ina theannta sin, reachtaíocht an Aontais lena soláthraítear rialacha sonracha cánachais agus custaim le haghaidh na réigiún is forimeallaí, ar reachtaíocht í a ghlac an Chomhairle 121 , mhol an Coimisiún fad a chur léi agus feabhas a chur uirthi.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -ról a thabhairt do na réigiúin is forimeallaí agus a seasamh maidir le comhaontuithe trádála á mhúnlú acu;

    -deiseanna trádála do na réigiúin is forimeallaí a shainaithint agus tacú lena nacmhainneacht trádála agus lena lánpháirtiú i slabhraí luacha réigiúnacha agus domhanda.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -leanúint d’ábhair imní na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh ina mheasúnuithe tionchair inbhuanaitheachta, i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir le comhaontuithe trádála;

    -tuilleadh feabhais a chur ar thrédhearcacht sa chaibidlíocht agus comhaontuithe saorthrádála a chur chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí trína áirithiú go mbeidh a bpáirtithe leasmhara rannpháirteach san idirphlé leis an tsochaí shibhialta, i gcomhairliúcháin agus i ngrúpaí comhairleacha, mar a mhol na réigiúin is forimeallaí 122 ;

    -na réigiúin is forimeallaí a chur ar an eolas agus feasacht a mhúscailt iontu maidir le hacmhainneacht an chomhaontaithe trádála atá ann cheana idir an tAontas agus tríú tíortha;

    -‘Rochtain ar Mhargaí’ a chur chun cinn, deasc chabhrach trádála nua an Aontais sna réigiúin is forimeallaí, chun cuidiú leo leas a bhaint as comhaontuithe trádála agus earraí a onnmhairiú chuig margaí lasmuigh den Aontas Eorpach.

    Imirce

    Cuireann tíortha comharsanacha brú mór imirce ar roinnt de na réigiúin is forimeallaí, go háirithe na hOileáin Chanáracha, Guáin na Fraince, Mayotte agus Saint-Martin. In 2019 amháin, rinne breis agus 27 000 duine iarracht dul isteach in Mayotte (coibhéiseach le 10 % den daonra) 123 , agus tháinig níos mó ná 23 000 duine go dtí na hOileáin Chanáracha in 2021 124 . Meastar gur imircigh neamhrialta iad 12 % de dhaonra Ghuáin na Fraince. Tá gá le gníomhaíochtaí iomchuí agus saincheaptha chun na dúshláin shonracha imirce sna réigiúin is forimeallaí a bhainistiú a mhéid a bhaineann le soláthar dálaí glactha agus nósanna imeachta um iarrthóirí tearmainn, bainistíocht agus rialú teorainneacha, lánpháirtiú imirceach. Ní mór díriú go sonrach ar mhionaoisigh neamhthionlactha.

    Is féidir le cistiú an Aontais tacú le cistiú réigiúnach agus náisiúnta sna limistéir sin agus é a chomhlánú. De réir Rialacháin an Aontais lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorann agus do Víosaí (BMVI), agus an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF), ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann a áirithiú go dtabharfar aghaidh lena straitéisí agus lena gcláir náisiúnta faoi na cistí sin ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir leis an imirce a bhainistiú 125 . Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an gcomhshocrú beartaithe maidir le himirce agus tearmann 126 imirce neamhrialta a chosc agus tearmann a áirithiú dóibh siúd atá i ngátar.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -a áirithiú go dtabharfar aghaidh le straitéisí agus le cláir náisiúnta faoi chistí an Aontais, AMIF, MVI agus ISF, ar na dúshláin shonracha maidir leis an imirce a bhainistiú mar a bheartaítear sna rialacháin lena gcruthaítear na cistí sin; comhar a áirithiú agus straitéisí agus cláir náisiúnta, réigiúnacha agus de chuid an Aontais a bhaineann leis an imirce á gcur chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí; dálaí leormhaithe a sholáthar maidir le mionaoisigh neamhthionlactha;

    -sineirgí a bhaint amach maidir le cistí an Aontais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh na réigiúin is forimeallaí i dtaca leis an imirce a bhainistiú agus cistiú iomchuí a chur ar fáil;

    -ról a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus do pháirtithe leasmhara maidir le cláir den sórt sin a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chur chuige comhpháirtíochta i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme náisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte, chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh leis na cláir náisiúnta faoi AMIF, BMVI agus ISF ar dhúshláin shonracha na himirce sna réigiúin is forimeallaí agus ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn a bhfuil ar na réigiúin is forimeallaí dul i ngleic leo;

    -tacú le feasacht a mhúscailt maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh chun úsáid a bhaint as acmhainneacht chistí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar riachtanais áitiúla; sineirgí a chur chun cinn idir cistí éagsúla de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus slándála;

    -faireachán a dhéanamh ar an imirce sna réigiúin is forimeallaí atá neamhchosanta go háirithe ar mhórphlódú imirce agus tacú leis na Ballstáit réitigh shaincheaptha a mhúnlú de réir mar is iomchuí;

    -Cláir Oibre na Saoráidí Téamacha faoi AMIF, BMVI agus ISF a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce na réigiún sin lena náirítear bearta tacaíochta le haghaidh mionaoisigh neamhthionlactha.

    4. Comhpháirtíocht, idirphlé agus tacaíocht neartaithe  

    Tá príomhshruthú shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí fós ina thosaíocht ag an gCoimisiún chun a áirithiú go noiriúnófar beartais, reachtaíocht, cistí agus cláir an Aontais do na réigiúin sin mar a leagtar amach in Airteagal 349 CFAE. Tá ábhair imní na réigiún sin curtha san áireamh go córasach ag an gCoimisiún ina cheapadh beartas. In 2021 amháin, léirigh an Coimisiún sainiúlachtaí na réigiún sin i mbeagnach 30  togra reachtach, tionscnamh beartais agus clár oibre, mar shampla faoin gclár Fís Eorpach, SCE, LIFE, CEMID, Erasmus+, agus an clár don Eoraip Dhigiteach. Leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr 127 , déantar measúnuithe tionchair chríochaigh a neartú a thuilleadh chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtograí reachtacha ar réigiúin shonracha lena náirítear na réigiúin is forimeallaí.

    Is féidir leis na réigiúin is forimeallaí tairbhiú de go leor deiseanna tacaíochta nua faoi bheartais an Aontais chun cuidiú leo a straitéisí saincheaptha um fhorbairt réigiúnach a mhúnlú, a chur chun feidhme agus a chistiú. Tá an Coimisiún tiomanta do chuidiú leis na réigiúin sin na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, deiseanna agus sineirgí a thapú i gcláir an Aontais, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin, agus tá uirlis chomhairleach á cur i bhfeidhm aige chun na críche sin. Bíonn cruinnithe ardleibhéil agus seisiúin mheithle rialta ag an gCoimisiún leis na réigiúin is forimeallaí agus lena mBallstáit agus tá sé tiomanta don idirphlé a neartú chun tuiscint níos fearr a fháil ar ábhair imní na ndaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin agus feasacht a mhúscailt maidir le beartais an Aontais. Chuir sé idirphlé leis na saoránaigh agus ionaid Europe Direct chun cinn sna réigiúin sin.

    Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann agus do na réigiúin is forimeallaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    -pleananna um fhorbairt réigiúnach a fhorbairt le chéile in aghaidh an réigiúin is forimeallaí, pleananna lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais gach réigiúin; scrogaill agus réimsí atá le hathchóiriú a shainaithint; sócmhainní sonracha agus buntáistí comparáideacha a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh iontu; tosaíochtaí a leagan síos; agus cistiú a leithdháileadh dá réir;

    -gach deis shonrach do na réigiúin is forimeallaí faoi thionscnaimh bheartais an Aontais agus faoi reachtaíocht, cláir agus cistí an Aontais a thapú;

    -acmhainneacht fhoriomlán riaracháin a fhorbairt, páirt a ghlacadh i dtionscnaimh an Choimisiúin maidir le fothú na hacmhainneachta riaracháin 128 ; cúnamh teicniúil a úsáid chun tionscadail mhóra a ullmhú; uirlisí Aontais atá ann cheana a úsáid e.g. Jaspers 129 ; acmhainneacht a fhothú chun páirt a ghlacadh i gcláir iomaíocha;

    -úsáid a bhaint as TSI chun tacaíocht maidir le hathchóirithe tábhachtacha a iarraidh, go háirithe i réimsí na Teachtaireachta seo; is díol sásaimh ar leith iad iarratais ilréigiúin, lena gcumasaítear barainneacht scála agus comhroinnt dea-chleachtas;

    -faisnéis a sholáthraíonn an Coimisiún maidir le deiseanna cistithe a scaipeadh ar an leibhéal áitiúil;

    -bailiú sonraí sna réigiúin is forimeallaí a leathnú chun bearnaí atá ann cheana sa staidreamh réigiúnach a líonadh.

    Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:

    -uirlisí comhairleacha a chur i bhfeidhm chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí, ar éileamh, pleananna um fhorbairt réigiúnach, athchóirithe agus cláir infheistíochta a mhúnlú; sineirgí a chumasú idir deiseanna faoi chistí agus faoi chláir an Aontais;

    -na réigiúin is forimeallaí a spreagadh chun iarrataí a dhéanamh ar thacaíocht TSI le haghaidh saineolas teicniúil saincheaptha chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme ar fud raon leathan réimsí beartais; teagmháil a dhéanamh leis na réigiúin is forimeallaí i gcur i bhfeidhm bliantúil TSI sna tíortha. agus cúnamh á fháil ó na húdaráis chomhordúcháin;

    -tairseach a fhorbairt maidir le deiseanna do na réigiúin is forimeallaí tairbhiú de chistí, cláir agus tionscnaimh bheartais an Aontais; seisiúin faisnéise a sheoladh le haghaidh na réigiún sin maidir le cláir agus tionscnaimh shuaitheanta an Aontais, agus teagmháil á déanamh le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus leis an bpobal;

    -anailís agus obair leantach a dhéanamh ar thograí de chuid na réigiún is forimeallaí agus a mBallstát (dearbhú CPRUP 2021, páipéar seasaimh comhpháirteach 2022) i meitheal na réigiún is forimeallaí; 

    -sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a phríomhshruthú i dtionscnaimh, i dtograí reachtacha agus i gcláir trí chineálacha cur chuige saincheaptha agus áitbhunaithe, agus measúnuithe tionchair chríochaigh a dhéanamh i gcás inarb iomchuí; 

    -leanúint de shainiúlachtaí na réigiún sin a chur san áireamh san athbhreithniú ar rialacháin agus ar threoirlínte maidir le státchabhair ar fud na nearnálacha, bunaithe ar na forálacha atá ann cheana le haghaidh na réigiún sin i reachtaíocht an Aontais i dtaca le státchabhair;

    -tacú le fothú na hacmhainneachta riaracháin, le treochláir agus comhaontuithe ionracais gaolmhara agus leis an malartú eolais idir údaráis bhainistíochta trí na huirlisí atá ann cheana 130 ; tacú le hacmhainneacht páirt a ghlacadh i gcláir iomaíocha;

    -cumarsáid agus idirphlé leis na húdaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí, an pobal agus daoine óga a neartú, ag cur leis na struchtúir atá ann cheana, lena náirítear idirphlé leis na saoránaigh;

    fadbhreathnaitheacht straitéiseach a fhorbairt maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh príomhthreochtaí difear do na réigiúin chun beartais a oiriúnú dá réir agus bailiú sonraí le haghaidh beartas fianaisebhunaithe a chur chun cinn.



    Conclúid 

    Leis an straitéis athnuaite agus neartaithe le haghaidh na réigiún is forimeallaí, léirítear gealltanas seasmhach an Choimisiúin d’fhorbairt agus do rathúnas na réigiún. Is oibleagáid institiúideach é sin, mar a leagtar amach in Airteagal 349 CFAE; riachtanas polaitiúil, i bhfianaise an 5 mhilliún saoránach Eorpach atá ina gcónaí sna réigiúin sin; riachtanas eacnamaíoch mar gheall ar an acmhainneacht neamhshaothraithe sna réigiúin sin, go háirithe le haghaidh an gheilleagair ghlais; agus infheistíocht gheostraitéiseach, lena bhfeabhsaítear ról na réigiún sin mar thairseacha de chuid an Aontais chuig an gcuid eile den domhan.

    Trí dhaoine a chur i gcroílár na straitéise seo agus gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo, áirithítear go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an Aontais, gan beann ar an áit ar rugadh iad nó ar an áit a gcónaíonn siad, ar oideachas, oiliúint, tithíocht, cúram sláinte agus dálaí bunúsacha maireachtála. Baineann sé le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a lánacmhainneacht a bhaint amach.

    Is leis an meon sin a leagtar síos sa Teachtaireacht tosaíochtaí ghníomhaíocht an Aontais chun tacú le téarnamh agus fás inbhuanaithe sna réigiúin is iargúlta, agus leas á bhaint as a n‑acmhainneacht fáis, rud a chuidíonn leis an mbearna idir cáilíocht saoil sna réigiúin sin agus sa chuid eile den Aontas a líonadh.

    Cé go bhfuil tiomantas láidir ag teastáil ar leibhéal an Aontais chun iarracht den sórt sin a dhéanamh, ar an gcéad dul síos ní mór do gach réigiún a fhís féin maidir le téarnamh agus fás a fhorbairt. D’ainneoin cosúlachtaí eatarthu, tá na réigiúin is forimeallaí san Aontas ilchineálach, agus ní mór an fhís atá acu maidir leis an bhforbairt a bheith saincheaptha, agus í ceaptha i ndlúthchomhar leis an mBallstát, i gcomhréir leis na tosaíochtaí Eorpacha, agus prionsabal na comhpháirtíochta á chur i bhfeidhm, agus ní mór dóibh dul i gcomhairle le gach earnáil den tsochaí sna críocha sin. Le téarnamh inbhuanaithe, tá gá freisin le beartú tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, mar aon le toil pholaitiúil, athchóirithe agus acmhainneacht riaracháin.

    Tugann an Coimisiún gealltanas idirphlé a neartú agus tacaíocht phearsantaithe a chur chun cinn chun na críche sin. Leanfaidh sé de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na réigiúin is forimeallaí agus lena mBallstáit agus leis na hinstitiúidí eile, go háirithe Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. chun sainiúlachtaí na réigiún sin a léiriú i mbeartais ábhartha uile an Aontais. Méadóidh sé a chuid iarrachtaí chun cuidiú leis na réigiúin sin leas a bhaint as a gcuid sócmhainní, deiseanna a thapú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a sholáthraítear le beartais an Aontais, leis an margadh aonair, chomh maith le tacaíocht airgeadais chun infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na réigiún sin. 

    (1)

       Ríomhanna REGIO maidir le fás fhíor-OTI 2000-2019 per capita, tá fás i bhfíor-OTI per capita ag Guadalúip, Martinique, La Réunion, Mayotte agus na hAsóir a sháraíonn meán an Aontais de 1.2 % ( An Tuarascáil faoin gComhtháthú 2022, ec.europa.eu cuir an nasc chuig an tuarascáil isteach ).

    (2)

       Is oileáin nó oileánra iad na réigiúin uile is forimeallaí seachas Guáin na Fraince i Meiriceá Theas.

    (3)

       Eurostat, cód: nama_10r2gdp, in 2020, bhí OTI i bpaireacht cumhachta ceannaigh idir 30 % agus 76 % de mheán an Aontais in Mayotte (an leibhéal is ísle san Aontas) i gcomparáid le meán an Aontais. Ó 2010 go 2020, crapadh OTI ó 83 % go 62 % sna hOileáin Chanáracha i gcomparáid le meán an Aontais; ó 75 % go 67 % sna hAsóir; agus ó 81 % go 69 % i Maidéara.

    (4)

       Eurostat, cód: LFST_R_LFU3RT , Ina theannta sin, tá roinnt de na rátaí dífhostaíochta is airde i measc na hóige i nGuadalúip (41.5 %), Mayotte (55.4 %) agus Martinique (38.3 %).

    (5)

       Eurostat, cód: nama_10r_2gdp , comparáid idir OTI in 2000 agus in 2020.

    (6)

       Na spriocanna ‘deireadh leis an mbochtaineacht’, ‘sláinte mhaith agus dea-bhail’, ‘oideachas ar ardchaighdeán’, ‘an comhionannas inscne’, ‘uisce glan agus sláintíocht’, ‘fuinneamh glan inacmhainne’, ‘obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch’, ‘neamhionannais laghdaithe’, ‘gníomhaíocht ar son na haeráide’ go háirithe.

    (7)

       Eurostat, cód: proj_19rp3 , Méadú le teacht ar dhaonra Mayotte ó 279 000 in 2020 go 782 000 in 2100; Méadú le teacht ar dhaonra Ghuáin na Fraince ó 289 000 in 2020 go 591 000 in 2100.

    (8)

       Eurostat, cód: proj_19rp3 , Maidéara, na hAsóir, Martinique agus Guadalúip.

    (9)

       COM(2017) 623 final.

    (10)

       COM(2020) 104 final.

    (11)

        An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (ec.europa.eu) ; Rialachán (AE) 2021/241.

    (12)

       Rialachán (AE) 2021/1058; Rialachán (AE) 2021/1057.

    (13)

       Rialachán (AE) 2021/240.

    (14)

        Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (ec.europa.eu) .

    (15)

        Outermost regions – update of Commission’s strategic partnership with these regions [Na Réigiúin is Forimeallaí – nuashonrú ar chomhpháirtíocht straitéiseach an Choimisiúin leis na réigiúin sin] (ec.europa.eu) .  

    (16)

       CPRUP – Conférence des Présidents des Régions ultrapériphériques, Dearbhú CPRUP Samhain 2021 (ec.europa.eu) ; Iarscríbhinn a ghabhann le dearbhú CPRUP (ec.europa.eu)

    (17)

        Páipéar Seasaimh Comhpháirteach na mBallstát agus na réigiún is forimeallaí Eanáir 2022 (outre-mer.gouv.fr) .

    (18)

       Rún ó Pharlaimint na hEorpa (2020/2120(INI)).

    (19)

        Study on the impact of COVID-19 on the Outermost Regions [Staidéar maidir le tionchar COVID-19 ar na Réigiúin is Forimeallaí] – Tuarascáil Chríochnaitheach, Deireadh Fómhair 2021 .

    (20)

       Tuairim CDR 3319/2020 ó CnaR; Tuairim ECO/567 ó CESE.

    (21)

       Baineann na figiúirí le comparáid idir R4-2019 agus R4-2020.

    (22)

       Eurostat, cód: nama_10r_2gdp , Caighdeán cumhachta ceannaigh (CCC) in aghaidh an áitritheora i gcéatadán (%) de mheán AE-27 (ó 2020).

    (23)

       Moltaí ón gComhairle: Cláir Náisiúnta 2020 um Athchóiriú na Fraince (8429/20), na Spáinne (8428/20) na Portaingéile (8441/20).

    (24)

       Rialachán (AE) 2020/460; Rialachán (AE) 2020/558.

    (25)

        Beartas Iomaíochta – An Creat Sealadach COVID-19 maidir le Státchabhair (ec.europa.eu) ; Teachtaireacht ón gCoimisiún – Creat Sealadach maidir le bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 (IO C 91I, 20.3.2020, lch. 1), arna leasú le Teachtaireachtaí C(2020) 2215, C(2020) 2215 (IO C 112I, 4.4.2020, lch. 1), C(2020) 3156 (IO C 164, 13.5.2020, lch. 3), C(2020) 4509 (IO C 218, 2.7.2020, lch. 3), C(2020) 7127 (IO C 340I, 13.10.2020, lch. 1), C(2021) 564 (IO C 34, 1.2.2021, lch. 6), agus C(2021) 8442 (IO C 473, 24.11.2021, lch. 1).

    (26)

       Rialachán (AE) 2020/2221.

    (27)

       Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle.

    (28)

       I dtuairim CDR 3319/2020 ó CnaR, tugtar dá aire gurb í an ghéarchéim ba chúis le fadhb thromchúiseach maidir le dáileadh bia sna réigiúin is forimeallaí.

    (29)

        Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto – Gealltanas Sóisialta Porto (2021portugal.eu) : faoi 2030, ba cheart 78 % ar a laghad de na daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe; ba cheart do 60 % ar a laghad de na daoine fásta páirt a ghlacadh in oiliúint gach bliain; ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine i mbaol bochtaineachta.

    (30)

       Eurostat, cód: ilc_peps11 , meáin: An Phortaingéil 17.2 agus an Spáinn 20.7.

    (31)

       INSEE Analyses Mayotte No 43 , 2020.

    (32)

       INSEE Niveaux de vie et pauvreté à La Réunion en 2017 No 169 , 2020.

    (33)

       INSEE Première No 1804 , 2020.

    (34)

       Eurostat, cód: LFST_R_LFE2EMPRTN .

    (35)

       Eurostat, cód: LFST_R_LFU3RT , 2020.

    (36)

       COM(2022) 105 final.

    (37)

       COM(2020) 152 final.

    (38)

       COM(2021) 142 final.

    (39)

       Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle.

    (40)

       COM(2022) 105 final.

    (41)

        Faisnéis a bhaineann leis an bhFrainc atá bunaithe ar shonraí INSEE  

    (42)

       INSEE Analyses Mayotte No 18 , 2019.

    (43)

       INSEE Dossier Guyane No 10 , 2020.

    (44)

       In 2019, ba é 63 % an meánráta caillteanais uisce i nGuadalúip mar gheall ar fhadhbanna bonneagair. Níl bail shásúil ar 2/3 de shaoráidí cóireála uisce. Eau et assainissement - Rapport chiffres clés (guadeloupe.developpement-durable.gouv.fr) .

    (45)

       Baineann na réigiúin is forimeallaí sa Phortaingéil tairbhe as CC.

    (46)

       Rialachán (AE) 2021/1153.

    (47)

       Eurostat, cód: HLTH_RS_PRSRG , Tá 81 dochtúir leighis ag Mayotte agus 219 dochtúir leighis ag Guáin na Fraince in aghaidh 100 000 duine, is é 391 meán an Aontais.

    (48)

       Eurostat, cód: DEMO_R_MLIFEXP , 78.8 bliain an t-ionchas saoil sna hAsóir agus i Maidéara agus 81.9 meán na Portaingéile. ESF.

    (49)

       Eurostat, cód: DEMO_R_MINFIND , Tá mortlaíocht naíonán beagnach trí oiread mheán an Aontais Eorpaigh i nGuáin na Fraince (9.7, meán an Aontais 3.4).

    (50)

       Clóradeacón, lotnaidicíd ar cuireadh cosc air san Aontas ó 2003 i leith, lotnaidicíd a úsáideadh i Muir Chairib san am a caitheadh, agus a bhain le rátaí méadaithe ailse.

    (51)

       Rialachán (AE) 2021/522.

    (52)

       Rialachán (AE) 2021/1059.

    (53)

        Páipéar Seasaimh Comhpháirteach na mBallstát agus na réigiún is forimeallaí Eanáir 2022 (outre-mer.gouv.fr) .

    (54)

       Mar a mhol freagróirí an chomhairliúcháin phoiblí.

    (55)

       Eurostat, cód: EDAT_LFSE_16 .

    (56)

        Convention Nationale des Associations de Protection de l’Enfant, La protection de l’enfance en Outre-mer. Etat des lieux et phenomenes emergents (cnape.fr) .

    (57)

       Rialachán (AE) 2021/817.

    (58)

       Deais EAC.

    (59)

       Rialachán (AE) 2021/695.

    (60)

       Iarrann Parlaimint na hEorpa, Coiste na Réigiún agus CPRUP bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí in Erasmus+ a mhéadú agus chun malartuithe le tíortha comharsanacha a chur chun cinn.

    (61)

        Smart Specialisation Platform (ec.europa.eu) COM(2017) 376 final.

    (62)

       COM(2020) 628 final.

    (63)

    FORWARD Barr feabhais sa taighde a chothú sna réigiúin is forimeallaí san Aontas (forward-h2020.eu)

    (64)

       Rialachán (AE) 2021/1139.

    (65)

          BlueInvest (ec.europa.eu)

    (66)

        Study on the impact of COVID-19 on the Outermost Regions – Final Report, October 2021 [Staidéar ar thionchar COVID-19 ar na Réigiúin is Forimeallaí – Tuarascáil Chríochnaitheach, Deireadh Fómhair 2021] (ec.europa.eu) .

    (67)

        Regional impacts of the COVID-19 crisis on the tourist sector – Final Report, August 2021 [Tionchair réigiúnacha ghéarchéim COVID-19 ar earnáil na turasóireachta – Tuarascáil Chríochnaitheach, Lúnasa 2021] (ec.europa.eu) .

    (68)

        Study on the impact of COVID-19 on the Outermost Regions – Final Report, October 2021 [Staidéar ar thionchar COVID-19 ar na Réigiúin is Forimeallaí – Tuarascáil Chríochnaitheach, Deireadh Fómhair 2021] (ec.europa.eu) .

    (69)

       COM(2021) 812 final.

    (70)

         Baineann CC leis na réigiúin is forimeallaí sa Phortaingéil.

    (71)

       Rialachán (AE) 2017/2392.

    (72)

       COM(2021) 552 final.

    (73)

        Transition pathway for tourism [Conair aistrithe le haghaidh na turasóireachta] (ec.europa.eu) .

    (74)

       Tá baint ag na 13 thír agus chríoch thar lear leis an Aontas: Arúba (NL), Bonaire (NL), Cúrasó (NL), Polainéis na Fraince (FR), Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince (FR), an Ghraonlainn (DK), an Nua-Chaladóin (FR), Saba (NL), Saint Barthélemy (FR), Sint Eustatius (NL), Sint Maarten (NL), San Pierre agus Miquelon (FR), agus Vailís agus Futúna (FR).

    (75)

       Mar shampla an Monatóir ar Chathracha Cruthaitheacha agus Cultúir agus Seoda Cultúrtha.

    (76)

       COM(2020) 380, gealltanas 30 % de limistéar talún an Aontais agus 30 % de limistéar farraige an Aontais ar a laghad a chosaint.

    (77)

        Natura 2000 (ec.europa.eu) .

    (78)

       Is ráthaíocht bhuiséadach é InvestEU atá dírithe ar chistí príobháideacha agus poiblí a ghiaráil chun tacú le hinfheistíochtaí maidir leis na nithe seo a leanas: bonneagar inbhuanaithe; taighde, nuálaíocht agus digitiú; cuideachtaí beaga; chomh maith le hinfheistíocht shóisialta agus scileanna.

    (79)

       Rialachán (AE) 2021/783; Clár oibre LIFE 2021-2024 - C(2021) 4997 final.

    (80)

       I dtuairim ECO/567 ó CESE, iarrtar go ndéanfar iarrachtaí in T&N a bhaineann leis an aigéan.

    (81)

       I gcomhréir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, éilíonn gníomhaíocht bhithéagsúlachta EUR 20 billiún ar a laghad in aghaidh na bliana, tá cistí agus cláir an Aontais leis an mbithéagsúlacht a phríomhshruthú suas le 7.5 % den chaiteachas bliantúil in 2024 agus suas le 10 % in 2026-2027.

    (82)

         Tagraíonn sé sin do speicis nach bhfuil measúnú déanta ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra air go fóill

    (83)

       Dearbhú CPRUP Samhain 2021.

    (84)

          Tionscadal MOVE-ON (moveon-project.eu)  

    (85)

       Mar a mholtar sa rún ó Pharlaimint na hEorpa (2020/2120(INI)).

    (86)

        Public consultation on revised State aid rules for the fishery and aquaculture sector [Comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha athbhreithnithe maidir leis an Státchabhair le haghaidh earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe] (ec.europa.eu) .

    (87)

        Overview of the state of data collection and scientific advice in the EU ORs, with case study on a roadmap towards regular stock assessment in French Guiana - Publications Office of the EU [Forléargas ar staid an bhailithe sonraí agus na comhairle eolaíche sna réigiúin is forimeallaí san Aontas, agus cás-staidéar ar threochlár i dtreo stocmheasúnú rialta i nGuáin na Fraince] - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (ec.europa.eu) .

    (88)

       Communication on guidelines for the analysis of the balance between fishing capacity and fishing opportunities [Teachtaireacht i ndáil le Treoirlínte maidir le hanailís ar an gcothromaíocht idir acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta], COM (2014)545.

    (89)

       Treoirlínte maidir le Státchabhair a scrúdú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO C 217, 2.7.2015, lch. 1), arna leasú leis an Teachtaireacht lena leasaítear na Treoirlínte agus an Rialachán ón gCoimisiún (IO C 422, 22.11.2018, lch. 1).

    (90)

        Overview of the state of data collection and scientific advice in the EU ORs [Forléargas ar staid an bhailithe sonraí agus na comhairle eolaíche sna réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach] (ec.europa.eu) .

    (91)

       An Clár de Roghanna a bhaineann go sonrach le hIargúltacht agus le hOileánacht; Rialachán (AE) Uimh. 228/2013.

    (92)

       Aithris 99 de Rialachán (AE) 2021/2115.

    (93)

       COM(2020) 846 final; SWD(2020) 379; SWD(2020) 374; SWD(2020) 398.

    (94)

       Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseacha agus i limistéir thuaithe 2014 go dtí 2020 (IO C 201, 1.7.2014, lch. 1) arna fhadú go dtí an 31 Nollaig 2022 (IO C 424, 8.12.2020, lch. 30); Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún. 

    (95)

        Public consultation on revised State aid rules for the agriculture and forestry sectors and in rural areas [Comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha athbhreithnithe maidir leis an Státchabhair le haghaidh earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe] (ec.europa.eu) .

    (96)

       COM(2022) 133 final.

    (97)

       C(2022) 1890.

    (98)

       COM(2021) 765 final

    (99)

       COM(2019) 640 final.

    (100)

       COM(2021) 568 final.

    (101)

       Dearbhú CPRUP Samhain 2021, comhsheasamh na mBallstát agus na réigiún is forimeallaí, Eanáir 2022.

    (102)

       Treoir 2012/27/AE.

    (103)

       COM(2021) 557 final.

    (104)

       COM(2021) 741 final.

    (105)

       COM(2022) 108 final.

    (106)

       C(2022) 1890 final.

    (107)

       COM(2020) 98 final.

    (108)

       COM(2021) 118 final.

    (109)

       Rialachán (AE) 2021/694.

    (110)

       C(2021) 7911 final.

    (111)

         C(2021)9463 críochnaitheach.

    (112)

       COM(2020) 67 final.

    (113)

       COM(2022) 57 final.

    (114)

       Leis na seirbhísí a sholáthraítear le EGNOS, ba cheart na críocha atá suite san Eoraip a chumhdach, lena n-áirítear na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara, faoi dheireadh 2026 (Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis).

    (115)

       I dtuairim ECO/567 ó CESE, iarrtar ar bhearta chun rochtain dhigiteach a áirithiú sna réigiúin is forimeallaí.

    (116)

       Ní aithníonn roinnt tíortha comhpháirtíochta de chlár Interreg um an Aigéan Indiach gur ceann de na réigiún is forimeallaí Fhrancacha é Mayotte.

    (117)

       Faoi Airteagal 63(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060.

    (118)

        Sustainability impact assessment (SIA) in support of Free Trade Agreement (FTA) negotiations between the European Union and the Republic of Indonesia: Final Report [Measúnú tionchair inbhuanaitheachta chun tacú leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise: Tuarascáil Chríochnaitheach] (ec.europa.eu) ; Sustainability Impact Assessment (SIA) in support of the negotiations for the modernisation of the trade part of the Global Agreement with Mexico [Measúnú tionchair inbhuanaitheachta chun tacú leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcuid trádála den Chomhaontú Domhanda le Meicsiceo a nuachóiriú] (ec.europa.eu)

    (119)

        EU-Mercosur trade agreement: the agreement in principle [Comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosur: an comhaontú i bprionsabal] (ec.europa.eu)

    (120)

       Féach freisin an Teachtaireacht maidir leis an Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála (ec.europa.eu)  

    (121)

       Cinntí (AE) 2020/1790, (AE) 2020/1791, (AE) 2020/1792, (AE) 2021/991 ón gComhairle; Rialachán (AE) 2021/2048 ón gComhairle.

    (122)

       Dearbhú CPRUP Samhain 2021, agus mar a d’iarr freagróirí ar an gcomhairliúchán poiblí freisin.

    (123)

       Preasráiteas ó Aireacht Gnóthaí Baile na Fraince agus ón Aire Críoch thar lear an 11 Feabhra 2021.

    (124)

       Foinse: Euromed Rights agus UNHCR.

    (125)

        Rialachán (AE) 2021/1147. , Aithris 64; Rialachán (AE) 2021/1148 , Aithris 63; Rialachán (AE) 2021/1149 , Aithris 58: luaitear iontu ar fad gur cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh lena gcláir náisiúnta ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir leis an imirce a bhainistiú.

    (126)

       COM(2020) 609 final.

    (127)

       COM(2021) 219 final.

    (128)

       Mar shampla, gníomhaíocht phíolótach le ECFE maidir le tús áite a thabhairt d’fhothú na hacmhainneachta riaracháin, TAIEX-REGIO PEER 2 PEER, Pobail cleachtóirí, an Creat Inniúlachta, comhaontuithe ionracais, clár oiliúna do shaineolaithe.

    (129)

        Comhchúnamh chun tacú le Tionscadail i Réigiúin na hEorpa (JASPERS) (ec.europa.eu) .

    (130)

        TAIEX-REGIO PEER 2 PEER (ec.europa.eu) agus Pobail cleachtóirí.

    Top