Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AP0342

    P9_TA(2022)0342 Leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2021)0656 – C9-0396/2021- 2021/0340(COD)) P9_TC1-COD(2021)0340 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

    IO C 132, 14.4.2023, p. 139–140 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 132, 14.4.2023, p. 79–80 (GA)

    14.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 132/79


    P9_TA(2022)0342

    Leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ***I

    Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2021)0656 – C9-0396/2021- 2021/0340(COD))

    (Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

    (2023/C 132/24)

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0656),

    ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9-0396/2021),

    ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021 (1),

    tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don togra ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0092/2022),

    1.

    ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

    2.

    ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

    3.

    á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

    4.

    á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

    (1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 197.

    (2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 3 Bealtaine 2022 (Téacsanna arna nglacadh, (P9_TA(2022)0130).


    P9_TC1-COD(2021)0340

    Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Deireadh Fómhair 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

    (Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2400.)


    IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

    Ráiteas ón gCoimisiún

    Ráiteas ón gCoimisiún tráth glacadh Rialachán (AE) 2022/2400 (1) , maidir le cód dramhaíola 17 05 04“ithir agus clocha seachas iad siúd a luaitear in 17 05 03” a áireamh i gcuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021

    Níor cheart go dtuigfí le háireamh an chóid dramhaíola le haghaidh “ithreacha agus clocha seachas iad siúd a luaitear in 170503” i gcuid 2 d’Iarscríbhinn V go bhfuiltear i bhfabhar ithir a dhiúscairt mar dhramhaíl seachas feabhsúchán d’fhonn giniúint dramhaíola a chosc.

    I gcás ina dtairgtear an rogha bainistithe dramhaíola comhshaoil is fearr leis an diúscairt, tá an maolú eisceachtúil ar chóireáil dhíobhálach faoi réir cheanglais Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2019/1021.’


    (1)  Rialachán (AE) 2022/2400 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 317, 9.12.2022, lch. 24).


    Top