AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.10.2021
COM(2021) 617 final
2016/0107(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le nochtadh faisnéise faoi cháin ioncaim ag gnóthais agus brainsí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2016/0107 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le nochtadh faisnéise faoi cháin ioncaim ag gnóthais agus brainsí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2016)0198 – 2016/0107(COD)):
|
13 Aibreán 2016
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
29 Meán Fómhair 2016
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
27 Márta 2019
|
|
An dáta a tíolacadh an togra leasaithe:
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
28 Meán Fómhair 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Leasaítear leis an togra an Treoir Chuntasaíochta (Treoir 2013/34/AE). Tá sé d’aidhm aige feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar an ngrinnscrúdú poiblí a dhéantar ar cháin chorparáide a íocann grúpaí ilnáisiúnta fiontar (ina measc a máthairghnóthais deiridh, a bhfochuideachtaí agus a mbrainsí) agus fiontair ilnáisiúnta neamhspleácha, dá ngairtear, dóibh uile le chéile, ‘FIN’ anseo feasta, a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí san Aontas. Ba cheart go gcothófaí leis sin breis freagrachta agus trédhearcachta corparáidí, go gcuirfí díospóireacht phoiblí níos eolaí chun cinn agus go gcabhródh sé le saoránaigh san Aontas muinín a chur athuair i gcothroime na gcóras cánach náisiúnta.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Tá an seasamh ón gComhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil a rinneadh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 1 Meitheamh 2021. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin. Ar phríomhphointí an chomhaontaithe sin tá an méid seo a leanas:
Raon feidhme
Maidir leis an raon feidhme, tugtar isteach leis an gcomhaontú polaitiúil roinnt athruithe ar an méid a bhí sa togra tosaigh ón gCoimisiún:
–Leagtar amach ann nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe ach amháin i gcás ina sáraíonn cuideachtaí an tairseach ioncaim ar feadh dhá bhliain as a chéile (cé gur aon bhliain amháin a mhol an Coimisiún). Ar an dóigh chéanna, ní chuirfí deireadh le feidhm na hoibleagáide tuairiscithe go dtí go mbeadh an t‑ioncam faoi bhun na tairsí ar feadh dhá bhliain as a chéile;
–Sonraítear ann an bhrí atá le ‘ioncam’, agus an bhrí sin ag brath ar an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, chun a chinneadh ar cheart do ghnóthas tuairisciú a dhéanamh;
–Cuimsítear leis, faoin raon feidhme, gnóthais neamhspleácha ar gnóthais ilnáisiúnta iad ach nach bhfuil mar chuid d’aon ghrúpa;
–Eisiatar ón raon feidhme grúpaí nach grúpaí ilnáisiúnta iad.
Coimeádtar faoi raon feidhme an chomhaontaithe pholaitiúil an moladh ón gCoimisiún go bhforchuirfí an oibleagáid tuairiscithe ar FINnna ag a bhfuil ioncam comhdhlúite ar mó é ná EUR 750 milliún. Coimeádtar freisin an díolúine le haghaidh institiúidí creidmheasa a chuireann i bhfeidhm a gcóras sonrach tuairiscithe tír-ar-thír.
Clásal coimirce
Chun a áirithiú nach ndéanfaidh aon nochtadh faisnéise dochar tromchúiseach do sheasamh tráchtála aon ghnóthais, tugtar isteach clásal coimirce lena gceadaítear do FINnna gan faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh ar feadh tréimhse cúig bliana.
Faisnéis atá le foilsiú, agus comhiomlánú geografach
De bhreis ar an bhfaisnéis ar mhol an Coimisiún í a áireamh sa tuairisciú, éilítear leis an gcomhaontú polaitiúil faisnéis chomhthéacsúil bhreise amhail ainm an mháthairghnóthais deiridh nó an ghnóthais neamhspleách, an bhliain airgeadais lena mbaineann, an t‑airgeadra a úsáideadh, mar aon le liosta na bhfochuideachtaí ar bhunaigh an máthairghnóthas deiridh a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe iad san Aontas agus i ndlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach, rud a chuirfidh le trédhearcacht.
Maidir le cur i láthair geografach na faisnéise sin, tá an comhaontú polaitiúil cosúil a bheag nó a mhór leis an togra ón gCoimisiún go fóill, fiú i gcás ina dtugtar isteach leis spleáchas ar liosta na ndlínsí a dhréachtaigh an Chomhairle maidir le dlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach (iarscríbhinní ábhartha chonclúidí ECOFIN) in ionad liosta arna tharraingt suas trí ghníomh tarmligthe faoi mar a mhol an Coimisiún.
Tugtar isteach leis an gcomhaontú polaitiúil go bhfuil ceart ag gnóthais treoracha tuairiscithe a leagtar síos i dTreoir 2011/16/AE ón gComhairle a pháirtchomhlíonadh, rud a laghdóidh na costais chomhlíontachta a bheidh ar ghnóthais.
Leis an gcomhaontú polaitiúil, agus aird á tabhairt ar rialú máthairghnóthas ar a bhfochuideachtaí agus ar a mbrainsí, cuirtear oibleagáid chun feidhme ar aon fhochuideachta nó brainse mór san Aontas, a iarraidh ar a máthairghnóthas deiridh i dtríú tír an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun a chur ar a cumas a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh, is é sin i gcás nach bhfoilsíonn an máthairghnóthas tuairisciú oiriúnach tír-ar-thír cheana féin. I gcás nach soláthródh an máthairghnóthas an fhaisnéis go léir is gá, bheadh ar an bhfochuideachta nó ar an mbrainse san Aontas Eorpach an tuarascáil maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a chur ar fáil, agus an fhaisnéis go léir ina s(h)eilbh a chur inti, idir fhaisnéis a fuarthas agus fhaisnéis ar thángthas uirthi, mar aon le ráiteas ina léireofaí nár chuir an máthaireintiteas deiridh nó an gnóthas neamhspleách an fhaisnéis riachtanach ar fáil.
Teimpléad coiteann, agus tuairisciú leictreonach
D’fhonn úsáid dhigiteach an tuairiscithe sin a éascú, tugtar isteach leis an gcomhaontú polaitiúil teimpléad coiteann agus formáidí meaisín‑inléite, a bhunófar ag céim níos déanaí trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Leis an gcomhaontú polaitiúil, ligtear do na Ballstáit rochtain ar an tuairisciú ar shuíomh gréasáin nó ar shuíomhanna gréasáin a gcláir náisiúnta nó a gclár náisiúnta a chur ar fáil fad is go gcuirtear an rochtain sin ar fáil saor in aisce do thríú páirtithe atá lonnaithe laistigh den Aontas, rud a shaorfaidh gnóthais ón dualgas an tuairisciú a chur ar fáil ar a shuíomh gréasáin féin.
Ról na nIniúchóirí
Sonraítear a thuilleadh sa chomhaontú polaitiúil ról na n‑iniúchóirí reachtúla, gur cheart dóibh a lua go bliantúil cé acu a ceanglaíodh nó nár ceanglaíodh ar ghnóthas tuarascáil a fhoilsiú maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim, agus más amhlaidh gur ceanglaíodh, cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh an tuarascáil sin.
Cur chun feidhme ag na Ballstáit
Leis an gcomhaontú polaitiúil, ceadaítear tréimhse ocht mí déag ar a mhéad tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach chun í a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, tréimhse atá pas beag níos faide ná mar a moladh sa togra ón gCoimisiún.
Clásal athbhreithnithe
Mar bhreis ar an togra ón gCoimisiún, sonraítear sa chomhaontú polaitiúil roinnt ítimí a mbeidh ar an gCoimisiún iad a athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ina leith, ar bhonn tréimhse ceithre bliana tar éis an dáta trasuí a leagtar amach sa Treoir.
4.Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.