AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2021
COM(2021) 564 final
2021/0214(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 564 final} - {SWD(2021) 643 final} - {SWD(2021) 644 final} - {SWD(2021) 647 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá an domhan i ngleic le géarchéim aeráide ollmhór agus ní mór freagairt dhomhanda a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide. Trí chomhar idirnáisiúnta láidir, treiseofar an chomhghníomhaíocht aeráide nach mór do pháirtithe uile Chomhaontú Pháras tabhairt fúithi chun go bhféadfar an sprioc a bhaint amach, eadhon, an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a choinneáil faoi réir teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
Ní mór an dá rud a bheith ann in éineacht – ceannaireacht idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh agus gníomhaíocht chinnte dhearfach san Aontas féin. Chun an cuspóir an tAontas Eorpach a bheith aeráidneodrach faoi 2050 a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ní mór don Aontas a uaillmhian a mhéadú maidir leis an deacáid amach romhainn agus a chreat beartais maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a nuashonrú. Faoin reachtaíocht AE atá ann cheana, táthar ag brath cheana féin ar thús a chur leis an bpróiseas sin. Thairis sin, mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, mhol an Coimisiún sprioc AE nua le haghaidh 2030, is é sin na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa (‘GCT’) a laghdú faoi 55 faoin gcéad ar a laghad i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990, agus é sin bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir sin agus cuireadh in iúl é do Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, rud a fhágann go ngabhann ceangailteacht idirnáisiúnta leis. Sa Dlí Aeráide Eorpach, amhail a comhaontaíodh leis na comhreachtóirí, leagtar síos an sprioc nua le haghaidh 2030 agus, in éineacht leis sin, cuirtear ceangal dlí ar chuspóir an Aontais Eorpaigh maidir leis an aeráidneodracht.
Chun na laghduithe sin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na hionstraimí beartais ábhartha uile faoi mhí Iúil 2021, trí bhíthin an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (dá ngairtear freisin ‘Fit for 55’), rud a chuimseodh go háirithe athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht earnála i réimsí na haeráide, an fhuinnimh, an iompair agus an chánachais. Tá sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’), a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ina chuid den phacáiste sin agus beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais a úsáidfear chun cuspóir áirithe de chuid an Aontais a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras, eadhon, an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050, trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bheidh ann maidir le sceitheadh carbóin mar thoradh ar an méadú ar uaillmhian aeráide an Aontais. I mí an Mhárta 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rún inar moladh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach a bheadh comhoiriúnach le córas na hEagraíochta Domhanda Trádála.
D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhaíochta AE ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.
D’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a mholadh mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Mar a léirítear sa Teachtaireacht ‘Má bhíonn difríochtaí fós ann ar fud an domhain idir na leibhéil uaillmhéine, de réir mar a mhéadóidh an tAontas Eorpach a uaillmhian aeráide, cuirfidh an Coimisiún moladh chun cinn maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, le haghaidh earnálacha a roghnófaí, chun laghdú a dhéanamh ar an riosca sceite carbóin. D’áiritheodh sé sin gur chruinne a léireodh praghsanna iompórtálacha an cion carbóin a bhaineann leo. Ceapfar an beart sin ar dhóigh a gcomhlíonfaidh sé rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá ar an Aontas’.
Is rogha mhalartach é an sásra sin ar na bearta a thugann aghaidh ar an riosca sceite carbóin i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (‘CTA AE’) agus tá sé d’aidhm aige a áirithiú, i dtaca le hiarrachtaí an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú, nach ndéanfar na hiarrachtaí sin a fhrithchúiteamh de dheasca méadú astaíochtaí lasmuigh den Aontas a thiocfadh d’athlonnú oibríochtaí táirgthe atá dian ar charbón nó a thiocfadh de dheasca méadú ar an méid de tháirgí den chineál sin a d’allmhaireofaí. In éagmais sásra den chineál sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú foriomlán ar na hastaíochtaí domhanda de thoradh an sceite carbóin.
Le Comhaontú Pháras cuirtear de cheangal ar an gcomhphobal idirnáisiúnta méadú leanúnach a dhéanamh ar uaillmhian na gníomhaíochta aeráide chun teorainn a chur leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda d’fhonn rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide a laghdú go suntasach. I dtaca le rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta, ní mór do gach Páirtí a rannchuidiú féin a ullmhú leis an sprioc dhomhanda sin a bhaint amach, agus é sin a bheith ina léiriú ar an ‘uaillmhian is airde is féidir’ mar aon lena ‘fhreagrachtaí coiteanna ach difreáilte, agus a chumais faoi seach’, i bhfianaise imthosca difriúla náisiúnta.
Fad is a bheidh líon nach beag de chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais ag feidhmiú cur chuige beartais nach mbíonn an leibhéal amháin uaillmhéine aeráide mar thoradh air, mairfidh an riosca sceite carbóin. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna a bhaineann le héagsúlacht uaillmhéine maidir le beartas aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile ar lú na srianta astaíochta atá i bhfeidhm iontu, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de, de bharr difear idir beartais aeráide. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n‑astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
Faoi láthair, san Aontas, is faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh atáthar ag tabhairt aghaidhe ar an riosca sceite carbóin. Is é an chéad chóras idirnáisiúnta trádála astaíochtaí GCT ar domhan é agus tá sé ann ó 2005. I gcás na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an gcóras sin agus arb iad is mó atá faoi riosca sceite carbóin, déantar an riosca sin a bhainistiú trí lamháltais saor in aisce agus cúitimh a thabhairt, faoi rialacha um státchabhair, i leith an mhéadaithe ar chostais leictreachais. Mar sin féin, an leithdháileadh saor in aisce faoi chóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh, bíonn de thoradh air, i gcomparáid leis an gceantáil iomlán, go lagaíonn sé an praghaschomhartha a thugann an córas do na suiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh. Dá réir sin, cuireann sé isteach ar na dreasachtaí i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.
Ag an am céanna, de réir mar a mhéadóidh an tAontas a uaillmhianta aeráide, meastar gur i méid a rachaidh an dibhéirseacht idir an tAontas agus na leibhéil gníomhaíochta aeráide i dtríú tíortha, agus go dtiocfaidh riosca sceite carbóin as sin don Aontas Eorpach. D’eascródh sé sin as spriocanna uaillmhianacha an Aontais, atá ag ardú ó thaobh uaillmhéine de, maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spriocanna ar cheart go laghdódh siad líon iomlán na lamháltas CTA. Mar thoradh air sin, neartaítear an praghaschomhartha carbóin a thugann córas trádála astaíochtaí an Aontais, rud a thugann dreasacht do tháirgeoirí an Aontais a gcuid astaíochtaí a laghdú, ach a leathnaíonn an éagsúlacht le tíortha nach bhfuil aon sásraí praghsála carbóin acu. Thairis sin, tiocfaidh laghdú ar an leithdháileadh saor in aisce, ina fhoriomláine, le himeacht ama, i gcomhréir leis an laghdú ar an uasteorainn astaíochtaí.
I bhfianaise na bhfadhbanna a bhfuil tuairisc orthu thuas, tugtar aghaidh sa togra seo ar an bhfadhb a bhaineann le hastaíochtaí GCT san Aontas a laghdú, agus ag an am céanna seachnaítear an cás ina ndéanfaí na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí sin a fhrithchúiteamh ar an leibhéal domhanda trí mhéadú astaíochtaí lasmuigh den Aontas. Sa chomhthéacs sin, moltar sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a mbeadh de chuspóir uileghabhálach aige aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin chun an t‑athrú aeráide a chomhrac trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
I gcomhthéacs an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, ní beart neamhspleách é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha. Is beart beartais aeráide é lena ndírítear ar shláine uaillmhian aeráide an Aontais a chaomhnú, an uaillmhian sin atá dírithe ar mhórchuspóir na haeráidneodrachta. Is é ról an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ná aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin agus córas trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a threisiú. Dá réir sin, tá gaol láidir idir córas trádála astaíochtaí an Aontais agus an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha.
Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, táthar ag moladh athbhreithniú a dhéanamh ar chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh freisin. Is éard atá i gceist leis sin córas trádála astaíochta an Aontais a leathnú go dtí an t‑iompar muirí agus, chomh maith leis sin, trádáil astaíochtaí a thabhairt isteach in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. Is é is suntasaí faoi sin gur sna huasteorainneacha níos déine ar astaíochtaí a fheictear an bhreis uaillmhéine aeráide atá sna leasuithe atáthar a mholadh maidir le córas trádála astaíochtaí an Aontais, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh laghdú ar líon iomlán na lamháltas atá ar fáil. Ach an uasteorainn a bheith níos déine, is intuigthe gur láidre a bheadh praghaschomhartha an charbóin. Cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht agus an cinneadh a rinneadh an uaillmhian aeráide i dtaca le 2030 a ardú, bhí de thoradh air sin gur tugadh faoi athbhreithniú níos leithne a dhéanamh ar na bearta atá ann cheana in aghaidh an riosca sceite carbóin. Go háirithe, cé gurb éifeachtach a choisceann leithdháileadh lamháltas saor in aisce na rioscaí sceite carbóin, is amhlaidh a lagaíonn sé, i gcomparáid leis an gceantáil iomlán, an praghaschomhartha carbóin a thugtar d’earnáil tionscail an Aontais.
Mar a thugtar le fios sa Chomhaontú Glas don Eoraip, d’áiritheodh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gur chruinne a léireodh praghas allmhairí an cion carbóin a bhaineann leo. Ceapadh an beart seo ar dhóigh a gcomhlíonfaidh sé rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) agus oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá ar an Aontas. Thairis sin, chuir an tUachtarán von der Leyen béim ar leith air – ‘ní mór praghas a bheith ar an gcarbón – óir ní féidir leis an dúlra an praghas a íoc níos mó. Ba cheart go spreagfadh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha táirgeoirí eachtracha agus allmhaireoirí san Aontas lena gcuid astaíochtaí carbóin a laghdú’.
Chun na críche sin, is den tábhacht féachaint le dul i gcion ar bhealach gníomhach ar thríú tíortha i dtaca le tuiscint ar na ceanglais SCCT agus ar a gcomhlíonadh. Thairis sin, rachaidh an tAontas i gceann plé le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá gcuid trádála leis an Aontas, féachaint an bhfuil deiseanna ann le haghaidh dialóg agus comhar i dtaca le cur chun feidhme eilimintí áirithe den Sásra. Ba cheart dó freisin féidearthachtaí a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh.
Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin, is éard atá i gceist leo lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce agus, i gcásanna áirithe, bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochtaí indíreacha ó mhéaduithe ar phraghsanna leictreachais de dheasca CTA AE (costais astaíochta indíreacha). Rogha mhalartach ar na bearta sin is ea an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus dá bhrí sin níor mhór dó a n‑ionad a ghlacadh le himeacht ama. Mar sin féin, chun ligean do tháirgeoirí, d’allmhaireoirí agus do thrádálaithe dul in oiriúint don chóras nua, ba cheart an laghdú ar an leithdháileadh saor in aisce a chur chun feidhme de réir a chéile fad a bheidh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha á chéimniú isteach, chun a áirithiú nach mbeidh ag carnadh ar a chéile.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an tAontas thar a bheith gníomhach i bhfóraim idirnáisiúnta chun na rialacha domhanda comhshaoil a neartú agus chun dul in éineacht le comhpháirtithe trádála agus le tíortha atá i mbéal forbartha agus iad ar chonair an dícharbónaithe. Beidh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ina chomhlánú ar ghníomhaíocht chomhshaoil idirnáisiúnta an Aontais agus oibreoidh sé i bhfabhar an dícharbónaithe i dtríú tíortha.
Ó bhí 1992 ann, tá an tAontas Eorpach ag obair chun réitigh chomhpháirteacha a fhorbairt agus chun gníomhaíochtaí domhanda a bhrú chun cinn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Le bheith níos sonraí faoi, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh soláthar a dhéanamh do bhaint amach cuspóirí aeráide fadtéarmacha ar dhóigh chostéifeachtach, agus é sin a dhéanamh ar dhóigh a áiritheoidh an chóir agus an tsláine chomhshaoil. Trí rialachas láidir a chur á dhéanamh ar chuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht le haghaidh 2050, cuideofar lena áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ag tarraingt go cinnte ionsar an sprioc sin.
D’fhógair an Coimisiún freisin go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun an prionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chur chun feidhme ar dhóigh níos fearr agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche i bPlean Gníomhaíochta an Aontais: I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar na sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Le hAirteagail 191 go 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar inniúlachtaí AE i réimse an athraithe aeráide a dheimhniú agus a shonrú. Is é Airteagal 192(1) de CFAE bunús dlí an togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) de CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, na cuspóirí seo a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil, bídís sin réigiúnach nó domhanda, agus, go háirithe, an t‑athrú aeráide a chomhrac.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is de bhun‑nádúr an athraithe aeráide gur dúshlán trasteorann é nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal áitiúil ná náisiúnta, aisti féin, chun leigheas a fháil air. Is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe de chuid an Aontais cur go héifeachtach le gníomhaíocht náisiúnta agus áitiúil agus cuireann sí leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Is gá comhordú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inar féidir, ar an leibhéal domhanda, agus tá bonn cirt le gníomhaíocht AE ar fhorais na coimhdeachta.
Le tabhairt isteach Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar fud an Aontais, cruthófar creat coiteann aonfhoirmeach chun coibhéis a áirithiú idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí. Is é an comhshaol agus é sin amháin is aidhm dó agus tá gné thrasteorann ag baint leis, rud a fhágann nach féidir do na Ballstáit dul i ngleic leis go neamhspleách astu féin. De bharr gur leis an gcomhshaol a bhaineann an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha go bunúsach agus chun sraonadh trádála a sheachaint, ba cheart an Sásra a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais agus ar bhealach aonfhoirmeach, agus é sin a bheith ag teacht le córas trádála astaíochtaí an Aontais agus ba cheart é a dhearadh ar bhealach atá comhoiriúnach le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Thairis sin, dá mba rud é nach gcuirfí an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, chuirfeadh sé dreasacht faoi iompraíochtaí a mbeadh sraonadh trádála agus siopadóireacht dlínse mar thoradh orthu, arae bheadh onnmhaireoirí tríú tíortha ag allmhairiú earraí trí na dlínsí de chuid an Aontais ina mbeifí ag cur an tSásra i bhfeidhm ar an mbealach is boige.
An méid sin, níl aon chontrárthacht idir é agus an cur chun feidhme agus an forfheidhmiú a chur siar chuig na húdaráis náisiúnta inniúla; ba cheart, áfach, é a theorannú do chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú.
·Comhréireacht
Féachtar leis an togra seo le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hastaíochtaí GCT san Aontas a laghdú, agus ag an am céanna seachnaítear an cás ina ndéanfaí na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí sin a fhrithchúiteamh trí mhéadú astaíochtaí lasmuigh den Aontas. Maidir leis na roghanna polasaí, is léir gurb é atá á ndeachtú ná an aidhm maidir le cuspóirí an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a bhaint amach, eadhon aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin chun an t‑athrú aeráide a chomhrac trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.
An cumhdach táirgí a mholtar le haghaidh an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, cinneadh é i bhfianaise na n‑earnálacha agus na n‑astaíochtaí a chumhdaíonn córas trádála astaíochtaí an Aontais, córas ina mbunaítear an cumhdach earnála ar chritéir éagsúla chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóirí comhshaoil CTA AE, agus ba cheart raon feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a leagan síos trí thagairt d’earraí áirithe de réir an aicmithe a dhéantar orthu san Ainmníocht Chomhcheangailte. Riarann sé sin don mhéid a spreag an beart, eadhon, a áirithiú go ndéanfar na rioscaí sceite carbóin a mhaolú i gcás earnálacha áirithe atá dian ar fhuinneamh. Leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, téitear céim eile chun cinn le loighic CTA AE i dtaca leis an aeráid, arae dírítear de chéad uair ar na hearnálacha is airde astaíocht ó thaobh cainníochta de agus arb iad, dá réir sin, is mó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh.
Eilimint ríthábhachtach den Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha is ea an cion carbóin sna táirgí, óir tugann sé tásc ar na hastaíochtaí GCT (i dtéarmaí coibhéis dé-ocsaíde carbóin, ‘CO2e’) a scaoileadh le linn a dtáirgthe ar an gcoigríoch. Úsáidtear é sin chun a áirithiú nach gcaitear le táirgí allmhairithe ar bhealach is lú fabhar ná an bealach a gcaitear le táirgí intíre a tháirgtear i suiteálacha CTA AE. Ó tá suiteálacha a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais faoi réir praghas carbóin a dhéantar a mheasúnú bunaithe ar a n‑astaíochtaí iarbhír, ba cheart freisin measúnú bunaithe ar a n‑astaíochtaí GCT iarbhír a dhéanamh ar tháirgí allmhairithe atá faoi raon feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha. Mar sin féin, ionas go mbeidh gnólachtaí in ann dul in oiriúint don chur chuige sin, tá sé beartaithe tosú amach le hidirthréimhse gan coigeartú airgeadais.
A mhéid a bhaineann le riar an bhirt, dá gcumhachtaítí na húdaráis náisiúnta inniúla, d’uasmhéadófaí éifeachtacht an chur chun feidhme agus an fhorfheidhmithe tríd an taithí náisiúnta ar bhainistiú Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a chur san áireamh. Leagan amach ina mbeadh na húdaráis aeráide inniúla náisiúnta ag feidhmiú ról lárnach, bheadh sé ag teacht den chuid is mó leis an leagan amach a úsáideadh go rathúil ar feadh deich mbliana i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
•
An rogha ionstraime
Is le Rialachán is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Áiritheofar leis sin infheidhmeacht dhíreach roinnt forálacha maidir le hearraí a allmhairítear san Aontas Custaim. Thairis sin, ceanglaítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú aonfhoirmeach comhsheasmhach ar fud an Aontais chun cuspóirí Airteagail 32 agus 207 de CFAE a shaothrú.
Difríochtaí i dtaca le nochtadh don riosca sceite carbóin, thabharfadh siad bonn cirt teoranta le haghaidh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Ní rud logánaithe atá sna hastaíochtaí carbóin agus, amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, is féidir tuilleadh éifeachtúlachta a chur sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha trína chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar scála níos leithne.
Ar an gcúis sin, is le Rialachán is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Áiritheofar leis sin go mbeidh a fhorálacha infheidhme go díreach.
Lena chois sin, trí chúraimí áirithe a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú a chur ar na húdaráis ar a bhfuil cúram na haeráide agus an chustaim sna Ballstáit, thabharfaí aghaidh ar shrianta teicniúla agus modheolaíochta agus mhéadófaí an éifeachtacht.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Mar chuid d’ullmhú an togra seo, rinne an Coimisiún straitéis chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara a cheapadh agus a chur chun feidhme, straitéis a chuimsigh idir chomhairliúcháin phoiblí agus chomhairliúcháin spriocdhírithe.
An 4 Márta 2020, foilsíodh measúnú ar thionchar tionscanta agus iarradh aiseolas. Rinneadh comhairliúchán ar leanadh de go dtí an 1 Aibreán 2020 agus arbh é ba aidhm dó aiseolas a bhailiú faoi ghnéithe a bhí le meas i bhfíorthús an tionscadail. 219 freagra san iomlán a cuireadh isteach le linn na tréimhse comhairliúcháin sin agus rinneadh na freagraí sin a mhiondealú mar a leanas – 150 nó mar sin ó chónaidhmeanna trádála, ó chomhlachais ghnó nó ó ghnólachtaí aonair, 20 ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, 20 ó shaoránaigh agus an chuid eile ó mheithleacha machnaimh, ó institiúidí acadúla/taighde, ó cheardchumainn agus ó údaráis phoiblí. As an Aontas Eorpach a tháinig formhór na bhfreagraí, agus tháinig 24 fhreagra as tríú tíortha.
Ar an iomlán, cuireadh in iúl i bhformhór na bhfreagraí go raibh an freagróir ag tacú leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, agus bhí an chuid eile díobh ina dhá leath, a bheag nó a mhór, leath a léirigh tacaíocht theoranta agus leath nár léirigh aon tacaíocht. Chuir formhór mór na bhfreagairtí in iúl gur ghá bheith faichilleach le dearadh an bhirt agus d’iarr siad go ndéanfaí gach rogha a mheas. I bhfreagairtí eile, ar na príomhréimsí ar leagadh béim orthu bhí an tionchar ar shlabhraí luacha agus an spleáchas ar allmhairí amhábhar, seachaint éifeachtaí iomarcacha ar thomhaltóirí deiridh, naisc le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus lamháltais saor in aisce, an tionchar i dtaca leis an dáileadh sna hearnálacha a ndéantar difear dóibh agus leis an dáileadh ar fud tíortha, go háirithe i ngeilleagair atá i mbéal forbartha, agus an idirghníomhaíocht le bearta cosanta trádála atá ann cheana maidir le hamhábhair.
I gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr, rinneadh comhairliúchán poiblí oscailte freisin idir an 22 Iúil agus an 28 Deireadh Fómhair 2020. Bhí sé d’aidhm ag an gcomhairliúchán tuairimí a bhailiú ó shaoránaigh agus ó eagraíochtaí maidir leis an mbonn cirt, leis na cuspóirí, le dearaí féideartha, leis an scóip fhéideartha, agus maidir leis an tionchar a bheadh ag an tionscnamh. Ceadaíodh do na freagróirí freisin páipéir sheasaimh a uaslódáil. 615 fhreagróir san iomlán a bhí páirteach sa chomhairliúchán poiblí. Den mhéid sin, ba dhúblaigh 6 cinn de na freagairtí, rud a fhágann gurb é 609 an líon aighneachtaí bailí.
Maidir le fadhb an sceite carbóin, deir formhór na bhfreagróirí gur saincheist ar gá caitheamh go dáiríre léi is ea an sceitheadh carbóin agus gur féidir an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a úsáid mar dhóigh le déileáil le sceitheadh carbóin, le nós seasta a bhunú san Aontas maidir le tomhailt táirgí ísealcharbóin, agus le spreagadh a thabhairt d’úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin agus do bheartais aeráide uaillmhianacha i dtríú tíortha. Maidir le héifeachtacht na mbeart atá ann cheana i gcomhthéacs Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na rialacha maidir le státchabhair chun sceitheadh carbóin a theorannú, agus maidir le cumas beart rialála eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tá creideamh dearfach ag cuideachtaí, comhlachais ghnó agus ag údaráis phoiblí ach tá dearcadh níos criticiúla ag saoránaigh agus geallsealbhóirí eile. Molann na freagróirí gur cheart an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a dhíriú ar tháirgí ó ghníomhaíochtaí atá san áireamh cheana i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (go háirithe iad siúd is airde riosca sceite carbóin) agus gur cheart slabhraí luacha iomlána a chur san áireamh.
Sa bhreis ar an méid thuas, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i mbun comhairliúcháin dhéthaobhacha fhorleathana le húdaráis phoiblí laistigh den Aontas agus le tríú tíortha, le comhlachais ghnó, le cuideachtaí aonair agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha. Ag an am céanna, chuaigh conraitheoir seachtrach i gceann comhairliúcháin spriocdhírithe agus rinne sé 25 agallamh san iomlán, agallaimh dhoimhne, le bainisteoirí sinsearacha agus le comhlachais in earnálacha na n‑ábhar bunúsach, le monaróirí, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le lucht déanta beartas. Dhá bhabhta agallamh a bhí ann. Sa chéad bhabhta, rinneadh 17 n‑agallamh neamhfhoirmiúla go luath sa chomhairliúchán agus d’fhóin siad chun pointí ábhartha imní a shainaithint agus ceisteanna a oscailt le haghaidh tuilleadh taighde. Sa dara babhta, rinneadh ocht n‑agallamh breise d’fhonn a thástáil, maidir leis na breithiúnais agus na hábhair imní a léiríodh ag agallaimh neamhfhoirmiúla an chéad bhabhta, an raibh na breithiúnais agus na hábhair imní chéanna i measc grúpa níos leithne de na páirtithe leasmhara. Páirtithe san earnáil tionscail ba ea 17 de na páirtithe leasmhara, ba as eagraíochtaí neamhrialtasacha cúigear díobh agus ba as institiúidí de chuid na mBallstát an triúr eile.
Chuir torthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus an chomhairliúcháin spriocdhírithe ar chumas an Choimisiúin líon suntasach dearcthaí agus tuairimí a bhailiú maidir leis an tionscnamh. Léiríodh sna comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe araon gur aontaigh na freagróirí gur gá Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin agus chun cabhrú leis an Aontas a uaillmhianta aeráide méadaithe a chur i gcrích. An t‑aiseolas a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin, úsáideadh é chun eolas a dhéanamh do roghnú na n‑eilimintí dearaidh agus do chinntí maidir leis cad é na roghanna beartais is fearr. Tá achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an measúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tá na céimeanna ullmhúcháin don togra bunaithe ar shraith de staidéir agus de chomhairlí a fuarthas ó shaineolaithe, lena ndéantar anailís ar dhearadh agus raon feidhme féideartha an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar.
Go háirithe, le cuidiú saineolais a fuair an Coimisiún ó fhoinsí seachtracha, rinneadh staidéar i dtaca le dearadh optamach an tsásra agus i dtaca leis na hearnálacha ba cheart a chumhdach leis an sásra. Mar chuid den staidéar, rinneadh athbhreithniú ar loighic na hidirghabhála, rinneadh measúnú ar raon roghanna malartacha agus ar a indéanta atá siad, tugadh comhairle theicniúil faoi eilimintí a bhaineann le dearadh teicniúil agus tugadh tacaíocht maidir le roghnú na n‑earnálacha atá le cumhdach leis an sásra. Cuirtear eilimintí den staidéir sin i láthair sa mheasúnú tionchair agus, chomh maith leis sin, tá an staidéar iomlán foilsithe ag an gCoimisiún.
Chomh maith leis an staidéar cáilíochtúil a rinneadh ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, rinneadh measúnú tiomnaithe cainníochtúil ar na tionchair, le tacaíocht ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus ó shaineolaithe seachtracha, agus díríodh ar an gcéad ásc ar thionchair an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar tháirgí ábhair agus díríodh ina dhiaidh sin ar na tionchair ar leictreachas. Leis na measúnuithe cainníochtúla sin fuarthas léargas ar thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta an tionscnaimh agus tá fáil go poiblí orthu mar chuid den mheasúnú tionchair.
Ar deireadh, baineadh tairbhe freisin san anailís as breithniú a rinneadh ar irisí, staidéir agus páipéir taighde a chuir acadóirí faoi bhráid an chomhairliúcháin phoiblí oscailte agus ar staidéir eile neamhspleácha.
•Measúnú tionchair
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maille le forchoimeádais maidir leis an measúnú tionchair, agus bhí san áireamh ann sin moltaí maidir le feabhsúchán. Bunaithe ar an méid sin rinneadh tuilleadh leasaithe ar an tuarascáil measúnaithe tionchair; go háirithe, rinneadh iarracht ar a áirithiú go bhfuil seasamh neamhspleách inti maidir le fadhb an sceite carbóin, agus ag an am céanna rinneadh í a láidriú i dtaca le comhleanúnachas leis an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, agus lena chois sin rinneadh breis soiléirithe inti ar na príomhthionchair agus na roghanna institiúideacha agus rinneadh léiriú níos mionsonraí ar thuairimí na ngrúpaí éagsúla páirtithe leasmhara.
Is í an fhadhb a dtugtar aghaidh uirthi leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ná cén dóigh a laghdófar na hastaíochtaí GCT laistigh den Aontas Eorpach agus cén dóigh a seachnófar, ag an am céanna, an cás ina ndéanfaí na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí sin a fhrithchúiteamh trí mhéadú astaíochtaí lasmuigh den Aontas (sceitheadh carbóin). Chun an creat dinimiciúil sin a chur san áireamh, ullmhaíodh an measúnú tionchair i bhfianaise an fhíorais go bhfuil an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneach á chur chun tosaigh i gcomhthéacs sprioc nua aontaithe an Aontais maidir le glanastaíochtaí GCT a laghdú faoi 55 faoin gcéad ar a laghad (i gcoibhneas le 1990).
Rinneadh measúnú ar shé rogha éagsúla i gcomhthéacs an chreata dhinimiciúil sin, roghanna a ceapadh ar dhóigh a chuir ceanglais na hEagraíochta Domhanda Trádála san áireamh maille le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh amhail na comhaontuithe saorthrádála arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó Conradh an Chomhphobail Fuinnimh.
Is é an chéad rogha maidir le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ná cáin charbóin a chur ar allmhairí, agus an cháin sin a bheith le híoc ag an allmhaireoir ar theacht isteach san Aontas do na táirgí. Is iad na húdaráis chustaim a bhaileodh an cháin, ag an teorainn, agus bheadh an cháin bunaithe ar phraghaschomhartha an charbóin san Aontas agus ar dhéine carbóin na dtáirgí, déine carbóin a bheadh de réir réamhshocrú. Bheadh an deis ag na hallmhaireoirí laghdú ar an gcáin SCCT a éileamh, agus an t‑éileamh sin bunaithe ar a lorg carbóin féin agus ar aon phraghas carbóin a d’íocfaí i dtír an táirgthe.
Maidir leis an dara rogha, is éard a bheadh i gceist córas a chur i bhfeidhm ar allmhairí, córas a bheadh ina mhacasamhail den chóras atá infheidhme maidir leis an táirgeadh baile. Is é atá i gceist leis an rogha seo – cosúil le córas na lamháltas faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais – go dtabharfadh na hallmhaireoirí suas deimhnithe (‘deimhnithe SCCT’), agus an tabhairt suas sin bunaithe ar dhéine astaíochtaí leabaithe na dtáirgí a bheadh siad a allmhairiú isteach san Aontas, agus go gceannófaí iad ar phraghas a bheadh ag freagairt do lamháltais CTA AE ag am ar leith. Ní bheadh na deimhnithe sin nasctha le córas lamháltas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, ach bheadh siad ar aon dul le praghas na lamháltas sin ionas go n‑áiritheofaí cur chuige comhleanúnach maidir leis an bpraghsáil faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais. Is iad na húdaráis aeráide náisiúnta a dhéanfadh díol na ndeimhnithe SCCT a riar agus dhéanfadh na hallmhaireoirí dearbhuithe maidir le hastaíochtaí leabaithe fíoraithe na dtáirgí allmhairithe a chur faoi bhráid na n‑údarás sin a mbeidh sé de chúram orthu an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a bhainistiú agus thabharfaidís suas líon deimhnithe SCCT a bheidh i gcomhfhreagairt leis na hastaíochtaí a dhearbhaigh siad. An dearbhú agus an tabhairt suas sin, dhéanfaí iad – amhail a dhéantar faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais – ag comhréiteach bliantúil a dhéanfaí an bhliain i ndiaidh bhliain an allmhairithe agus bhunófaí an méid sin ar mhéideanna bliantúla na n‑allmhairí trádála. Is ar luachanna réamhshocraithe a bhunófaí déine astaíochta carbóin na dtáirgí; thabharfaí an deis d’allmhaireoirí, áfach, tráth an réitigh bhliantúil, laghdú ar an gcáin SCCT a éileamh ar bhonn a bhfeidhmíochta astaíochta aonair féin. Chomh maith leis sin, bheidís i dteideal laghdú ar an gcáin SCCT a éileamh i leith aon phraghas carbóin a bheadh íoctha acu sa tír tháirgeachta (is é sin íocaíochtaí nach dtugtar lacáiste ina leith ná nach ndéantar a chúiteamh ar bhealach eile tráth an onnmhairithe).
Tá rogha 3 ar aon dul mórán le rogha 2, ach gur ar na hastaíochtaí iarbhír ó na táirgeoirí tríú tír a bhunófaí praghas carbóin na n‑allmhairí seachas ar luach réamhshocraithe a bheadh bunaithe ar mheánluachanna tháirgeoirí an Aontais. Faoin rogha seo, bheadh ar an allmhaireoir na hastaíochtaí iarbhír atá leabaithe sa táirge a thuairisciú agus bheadh air líon comhfhreagrach de dheimhnithe SCCT a thabhairt suas.
Chuirfí rogha 4 i bhfeidhm ar aon dul le rogha 3. Is éard atá ann deimhnithe SCCT a thabhairt suas i leith táirgí allmhairithe. Chomh maith leis sin, áfach, bheadh idirthréimhse 10 mbliana ann chun céimniú isteach, idirthréimhse a gcuirfí tús léi in 2026, agus ar feadh na hidirthréimhse sin dhéanfaí na lamháltais saor in aisce faoi CTA AE a chéimniú amach ag ráta 10 bpointe céatadáin gach bliain agus, lena linn sin, dhéanfaí an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chéimniú isteach. Le linn na hidirthréimhse céimniúcháin sin, dhéanfaí laghdú comhréireach ar an gcáin SCCT i gcomhréir leis an méid lamháltas saor in aisce a dháilfí sna hearnálacha ar leith.
Leagan de rogha 3 is ea rogha 5, rogha lena gcuirfí síneadh leis an raon feidhme níos faide síos sa slabhra luacha. Ábhair dian ar charbón i dtáirgí leathchríochnaithe nó i dtáirgí críochnaithe, chumhdófaí iad ag pointe eile den slabhra luacha. I gcás allmhairí, amhail a dhéantar faoi roghanna eile, is ar na hastaíochtaí iarbhír ó na táirgeoirí tríú tír a bhunófaí an cháin SCCT.
Is éard atá i gceist le rogha 6 dleacht mháil ar ábhair atá dian ar charbón, agus chumhdófaí leis sin tomhailt táirgí san Aontas, idir tháirgí baile agus tháirgí allmhairithe, mar aon le leanúint ar aghaidh le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, lena n‑áirítear leithdháileadh saor in aisce lamháltas lena gcumhdaítear an táirgeadh san Aontas.
Maidir le héifeachtacht an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha i dtaca leis an gcuspóir foriomláin atá aige, eadhon, aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’fhonn an t‑athrú aeráide a chomhrac trí na hastaíochtaí GCT san Aontas agus ar fud an domhain a laghdú, léirítear sa mheasúnú tionchair go mbeadh tionchar dearfach ag na roghanna beartais uile. Maidir leis sin, fuarthas amach gurb é an toradh a bheadh ar gach ceann de na roghanna go bhfaighfí laghdú níos mó ar astaíochtaí sna hearnálacha SCCT san Aontas, i gcoibhneas leis an gcás ina mbeadh uaillmhian níos airde ann agus leithdháileadh saor in aisce. Maidir le táirgeoirí tríú tíortha a dhreasú ionsar phróiseas táirgthe níos glaine, gheofaí torthaí dearfacha le gach ceann de na roghanna beartais. Maidir leis na critéir sin, tá na roghanna sin a d’fhágfadh go bhféadfaí na hastaíochtaí iarbhír a léiriú, tá siad thar a bheith éifeachtach, agus taispeánadh go bhfaighfí torthaí an‑dearfacha le roghanna 3, 4 agus 5, freisin. Is é a measadh go bhfuil na roghanna uile comhleanúnach le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
Maidir le cosaint a thabhairt ar sceitheadh carbóin, is í rogha 4, agus ina dhiaidh sin roghanna 3 agus 5, is láidre a d’imreodh tionchar dearfach, agus ba lú an éifeacht a bheadh i roghanna 1, 2 agus 6. Rinneadh gach rogha beartais a dhearadh ar bhealach a urramaíonn gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh.
Bheadh an cháin SCCT infheidhme ar allmhairí earraí ag an bpraghas carbóin a chinnfí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh trí bhíthin an chórais ceantála. Dhéanfaí an muirearú ar allmhairithe ar bhonn luach réamhshocraithe, sin nó ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír atá leabaithe sna hallmhairí. An fhéidearthacht sin a bheadh ann a léiriú gur fearr an éifeachtúlacht carbóin atá ina gcuid táirgí ná an luach réamhshocraithe, chuirfeadh sé le castacht an chórais, ach thabharfadh sé dreasacht freisin chun na hastaíochtaí a laghdú i gcás an sciar ábhar a onnmhairítear chuig an Aontas Eorpach.
Ar an iomlán, is tionchar teoranta atá ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar an bhfostaíocht. Den chuid is mó, is é an leithdháileadh saor in aisce, is é sin é a bheith ann nó gan é a bheith ann, a dhéanann difear don fhostaíocht. Gheofaí ardú beag ar an bhfostaíocht sna hearnálacha SCCT ach córas an leithdháilte saor in aisce a choimeád ar bun. Is trí dheireadh a chur go hiomlán leis an leithdháileadh saor in aisce, in éagmais Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, a gheofaí an t‑ísliú ba mhó ar an bhfostaíocht. An Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur i bhfeidhm i gcás táirgí tionsclaíocha ábhair, rud é sin ar dócha dó gan bheith aige ach tionchar sách teoranta ar na praghsanna tomhaltóra arae is ar tháirgí ar an gcuid réamhtheachtach den slabhra luacha a bheadh an beart dírithe agus ní bheadh ach tionchar indíreach aige ar earraí le haghaidh tomhaltóirí deiridh.
Glactar leis go mbeadh costais chomhlíontachta ar allmhaireoirí san Aontas a bheadh faoi réir oibleagáidí SCCT. D’fhéadfaí déileáil leis sin ar bhonn luach réamhshocraithe nó trí sholáthar faisnéise fíoraithe faoi na hastaíochtaí iarbhír. Cé gur lasmuigh den Aontas a dhéanfaí an faireachán ar na hastaíochtaí iarbhír sin, is ar na hallmhaireoirí a bheadh an fhreagracht – agus, dá réir sin, na costais – an fíorú i dtaca leis an bhfaireachán sin a chur faoi bhráid na n‑údarás. Maidir le roghanna 1, 2, 3, 4 agus 5, nuair is de réir an luacha réamhshocraithe a dhéanfaí an dearbhú, ní bheadh gá le faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí ón bpróiseas táirgthe agus, dá réir sin freisin, ní thabhófaí ach costais theoranta. Dá gcinnfeadh an t‑allmhaireoir, áfach, éileamh a dhéanamh arna bhunú ar na hastaíochtaí iarbhír ón bpróiseas táirgthe, thabhófaí costais bhreise dá réir don ghnólacht de bharr an fhaireacháin. Le rogha 6, níor mhór luachanna réamhshocraithe a chinneadh le haghaidh ábhar agus earraí monaraithe araon. Is sách íseal an t‑ualach riaracháin atá ar tháirgeoirí ábhar san Aontas Eorpach, rud a fhágann nach gá do na táirgeoirí aon léargas a thabhairt ar an déine carbóin a ghabhann leis an táirgeadh a dhéanann siad.
Maidir le giniúint leictreachais, is ar leithligh ó tháirgí bunábhair a dhéileáiltear leis. Chun Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur i bhfeidhm ar an earnáil leictreachais, ní mór uathúlacht na hearnála a chur san áireamh, uathúlacht a fhágann gur neamhionann é le hábhair bhunúsacha ar mhórán bealaí, cuir i gcás ó thaobh an mhodha a n‑iompraítear an leictreachas, trí eangacha monaplachta srianta, agus ó thaobh na dteicneolaíochtaí iomadúla a úsáidtear le leictreachas a tháirgeadh.
I gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a chuirtear i bhfeidhm i gcás na dtáirgí ábhair, ní mór, i gcomhthéacs cinneadh a dhéanamh maidir leis an oibleagáid SCCT chomhfhreagrach, ní mór luach tagartha a bhunú le haghaidh astaíochtaí atá leabaithe i leictreachas a allmhairítear. Baintear úsáid as dhá rogha mhalartacha chun an luach tagartha le haghaidh astaíochtaí leabaithe a chinneadh i gcás an leictreachais, eadhon (a) an mheándéine astaíochtaí GCT atá i meascán leictreachais an Aontais agus (b) meánfhachtóir astaíochtaí GCT mheascán leictreachais an Aontais. Dála roghanna eile, áfach, bheadh an deis fós ag allmhaireoirí a chruthú gurb ísle na hastaíochtaí ar leibhéal a gcuid suiteálacha ná na luachanna tagartha dá dtagraítear thuas.
Ar bhonn an mhéid sin thuas, is é conclúid ar thángthas air sa mheasúnú tionchair go ngabhann tairbhí soiléire le rogha 4 i gcomparáid leis na roghanna eile ar fad a breithníodh. Moltar, dá bhrí sin, sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach i gcás táirgí áirithe roghnaithe, agus é sin a dhéanamh i bhfoirm deimhnithe SCCT arna mbunú ar na hastaíochtaí iarbhír. Moltar, dá bhrí sin, sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach de réir a chéile in éineacht le laghdú comhfhreagrach ar na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce sna suiteálacha CTA AE comhfhreagracha. Leis an rogha beartais sin, áirithítear go mbeidh ardéifeachtúlacht sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha.
Córas a bhunaítear ar na hastaíochtaí iarbhír a bheidh ag gabháil leis na hearraí a allmhaireofar, áiritheoidh sé go gcaithfear go cóir comhionann leis na hallmhairí eile agus go mbeidh comhghaol dlúth ann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Beidh sé riachtanach, áfach, comhlánú a dhéanamh ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha trína áirithiú go mbeifear in ann na ríomhanna a bhunú ar thacar de luachanna réamhshocraithe atá le húsáid i ngach cás nach mbeidh fáil, ar bhealach leordhóthanach, ar shonraí astaíochta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé, le linn na hidirthréimhse tosaigh, nach mbeadh teacht fós ag na hallmhaireoirí ar na sonraí astaíochta iarbhír a éilítear faoi gcóras, agus féadann sé dá réir sin go gcuirfí luach réamhshocraithe i bhfeidhm. I gcás na rogha seo, is gá an dearadh a dhéanamh ar bhealach a urramóidh gealltanais idirnáisiúnta an Aontais go hiomlán, rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála go háirithe agus, dá bhrí sin, is gá a áirithiú, má bhíonn luach réamhshocraithe i bhfeidhm, go dtabharfar an deis i gcónaí do na hallmhaireoirí a léiriú gur fearr an luach arna bhunú ar a bhfeidhmíocht féin agus, dá réir sin, ar a n‑astaíochtaí féin, ná an luach réamhshocraithe sin. Thairis sin, maidir le céimniú isteach an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus maidir leis an gcéimniú amach a dhéanfar i gcomhfhreagracht leis sin ar na lamháltais saor in aisce, ní mór a áirithiú ar feadh na hidirthréimhse sin nach gcuirfear, tráth ar bith, cóir is lú fabhar ar allmhairí ná mar a chuirfear ar tháirgí baile an Aontais.
Thairis sin, dá dtabharfaí isteach deimhnithe SCCT a bheadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír thabharfadh sé sin cosaint ar an riosca sceite carbóin agus, ag an am céanna, thabharfadh sé dreasacht do tháirgeoirí tríú tír aistriú i dtreo próiseas táirgthe níos glaine, le tacaíocht ó Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt nuair is infheidhme.
Maidir le leictreachas, is í an rogha thosaíochta an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur i bhfeidhm agus é bunaithe ar an bhfachtóir astaíochta carbóin, lena n‑áirítear an fhéidearthacht d’allmhaireoirí a léiriú go bhfuil a gcuid astaíochtaí níos ísle. Bheadh an dá rogha sin ina gcuidiú chun na rioscaí sceite carbóin a mhaolú, trí dhíspreagadh a thabhairt sa mheántéarma do charnadh foinsí giniúna cumhachta atá dian ar charbón cóngarach do theorainneacha an Aontais Eorpaigh, foinsí a d’fhéadfadh teacht in ionad gineadóirí atá bunaithe san Aontas Eorpach agus a bhfuil costais charbóin mhéadaithe ag baint leo. Mar sin féin, an rogha sin atá bunaithe ar an bhfachtóir astaíochta carbóin, is léir gurb éifeachtaí í maidir le sceitheadh carbóin a chosc agus costais riaracháin a choinneáil íseal san am céanna.
Dá mba é a roghnófaí rogha beartais 4 i gcás táirgí ábhair agus an fachtóir astaíochta carbóin i gcás an leictreachais, thabharfadh sé sin sásra comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus trína áirithiú nach dtiocfadh astaíochtaí a ghinfí lasmuigh den Aontas in ionad na n‑astaíochtaí sin. Ina theannta sin, dá gcuirfí deireadh de réir a chéile leis an leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais sna hearnálacha lena mbaineann, agus dá dtabharfaí isteach an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha de réir a chéile, in éineacht leis sin, d’áiritheofaí go bhféadfadh na gnólachtaí agus na húdaráis an t‑aistriú a dhéanamh ar bhealach stuama intuartha.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tugtar le fios sa mheasúnú tionchair go mbeadh toradh eile ar Shásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, is é sin go mbeadh costais chomhlíontachta níos airde ag gabháil leis do FBManna ná a bheadh d’fhiontair mhóra. Leis na sonraí atá ar fáil faoi láthair, ní rabhthas in ann méid beacht na difríochta idir an dá ghrúpa a chainníochtú.
Sa mhéid agus go dtabharfaí isteach sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i gcás allmhairiú roinnt ábhair bhunúsacha agus roinnt táirgí ábhair bhunúsaigh, fágann sin gurb iad na gnólachtaí móra is mó a n‑imreofaí tionchar orthu. Dá bhrí sin, is beag tionchar praiticiúil ar FBManna a d’imreodh na bearta a bhaineann le hallmhairiú, d’ainneoin go mbeadh an tionchar sin níos airde ná an tionchar a d’imreodh na bearta sin ar ghnólachtaí móra, is é sin dá gcuirfí i gcomparáid le chéile iad de réir an mhéid a allmhairítear. Ar an gcúis sin, ní dhearnadh tástáil FBM mar chuid den mheasúnú tionchair, ná ní dhearnadh comhairliúchán FBM ar leithligh, cé go ndearnadh measúnú ar thuairimí FBManna, agus ar na himpleachtaí do FBManna, mar chuid de Chomhairliúchán Poiblí ar Líne an Choimisiúin,
Ar na cúiseanna sin freisin, ní fhoráiltear aon bhearta speisialta le haghaidh FBManna sa Rialachán seo.
•Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, rannchuidíonn an togra leis an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithí mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Is chuig buiséad an Aontais Eorpaigh a rachaidh formhór an ioncaim a ghinfear leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha. Ag cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir leis an ionstraim théarnaimh NextGenerationEU. Leis an ionstraim sin, cuirfear na hacmhainní is gá ar fáil don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 agus, freisin, chun tacú leis an infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Chun é a mhaoiniú, beidh an Coimisiún in ann suas le EUR 750 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí airgeadais. Sa chomhthéacs sin, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ‘[go n‑]oibreoidh na hinstitiúidí chun acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach d’fhonn méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis agus a bhaineann leis an aisíocaíocht a chumhdach’ i gcás NextGenerationEU. Gheall an Coimisiún go dtíolacfadh sé tograí maidir le hacmhainní dílse nua, agus go mbeadh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar cheann acu sin, sa chéad seimeastar de 2021.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairisciúcháin
Faoi chuimsiú phacáiste iomlán na mbeart comhshaoil a ghlac an tAontas agus a chuir an tAontas i bhfeidhm, lena léirítear go bhfuil an tAontas ag leanúint de bheith ag saothrú leibhéal uaillmhéine comhshaoil is airde ná a bhfuil ag a lán dár gcomhpháirtithe trádála, meastar gurb iomchuí tosú ar aistriú ó chóras ina dtugtar aghaidh ar sceitheadh carbóin le lamháltais saor in aisce go dtí córas ina dtugtar aghaidh ar sceitheadh carbóin i ndáil le hallmhairí trí bhíthin sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, agus an t‑aistriú sin a dhéanamh a luaithe is féidir go réasúnta, agus an indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch, lena n‑áirítear srianta riaracháin agus ionchais dhlisteanacha na n‑oibreoirí eacnamaíocha uile, á gcur sna áireamh.
Nuair a chuirtear na cuspóirí iolracha sin le chéile ag aon am amháin agus nuair a thugtar faoi chothromaíocht a fháil eatarthu, feictear gurb é an cur chuige is fabhraí ná sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach de réir a chéile, a luaithe is féidir go réasúnta, ionas go mbeidh na hoibreoirí in ann, le linn céim phíolótach tosaigh sách gearr nach ndéanfar aon choigeartú airgeadais lena linn, go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint don chóras nua, lena n‑áirítear na ceanglais bhreise riaracháin a ghabhann leis, agus ionas go mbeidh na húdaráis in ann taithí a fháil i dtaca le hoibriú an chórais nua.
A luaithe a bheidh an chéim phíolótach sin curtha i gcrích, cuirfear dlús dáiríre le próiseas an aistrithe ó lamháltais saor in aisce go dtí sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus déanfar é sin ar bhealach a áiritheoidh nach ndéanfar aon idirdhealú idir earraí baile agus earraí allmhairithe, ná idir earraí a allmhairítear ó thíortha éagsúla, i lánchomhlíontacht le hoibleagáidí agus cearta idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh.
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, lena n‑áirítear forfheidhmiú an tSásra in aghaidh cleachtais chalaoiseacha, agus chun meastóireacht a dhéanamh air i bhfianaise na bpríomhchuspóirí beartais. Ó tá an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar cheann de na tograí beartais faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, d’fhéadfaí an faireachán agus an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le beartais eile an phacáiste.
Roimh dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus, más iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a leathnú chun earraí eile a chumhdach cé is moite de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, b’fhéidir, astaíochtaí eile freisin, agus tabharfaidh sé isteach athruithe eile arbh fhéidir go bhfeabhsóidís an feidhmiú. Chuige sin, is gá ar an gcéad dul síos faireachán a dhéanamh ar éifeacht an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
I gCaibidil I leagtar amach forálacha ginearálta, lena n‑áirítear ábhar agus raon feidhme an togra (Airteagail 1 agus 2) agus sainmhínithe na bpríomhthéarmaí (Airteagal 3). In Iarscríbhinn I déantar sainiú mionsonraithe ar raon feidhme an togra, liostaítear na hearraí agus liostaítear na hastaíochtaí GCT a bhaineann le gach ceann de na hearraí sin. Léirítear in Iarscríbhinn II na tíortha agus na críocha tionscnaimh atá eisiata ó chur i bhfeidhm an bhirt.
I gCaibidil II tá forálacha maidir le hoibleagáidí agus cearta dearbhóirí earraí. Go sonrach, tá forálacha sa Chaibidil sin maidir leo seo a leanas – na coinníollacha chun iarratas a dhéanamh ar údarú chun earraí SCCT a allmhairiú (Airteagail 4 agus 5), an oibleagáid atá ar dhearbhóir údaraithe dearbhú SCCT bliantúil a chur isteach faoin 31 Bealtaine gach bliain agus ábhar an dearbhaithe sin (Airteagal 6), na prionsabail a bhaineann le ríomh na n‑astaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh chuig an Aontas Eorpach sa bhliain féilire roimhe sin (Airteagal 7 – leagtar amach breis sonraí faoi in Iarscríbhinn III), agus an próiseas um fhíorú na n‑astaíochtaí sin ag fíoraitheoirí creidiúnaithe (Airteagal 8, arna chomhlánú ag ceanglais tuairisciúcháin agus prionsabail fíorúcháin in Iarscríbhinní IV agus V). Leagtar amach sa Chaibidil sin freisin na prionsabail maidir le praghas carbóin a íoctar i dtríú tíortha a chur san áireamh (Airteagal 9). Ar deireadh, faoi Airteagal 10, is féidir d’oibreoir suiteála i dtríú tír a iarraidh ar an gCoimisiún go gclárófaí i mbunachar sonraí lárnach é. A luaithe a chlárófar é, féadfaidh an t‑oibreoir rogha a dhéanamh faisnéis faoi na hastaíochtaí leabaithe fíoraithe a nochtadh do dhearbhóir údaraithe. Is féidir don dearbhóir údaraithe an fhaisnéis nochta sin a úsáid chun an oibleagáid maidir le faisnéis fhíoraithe ar astaíochtaí leabaithe a dhearbhú a chomhlíonadh tráth a allmhaireoidh sé chuig an Aontas na hearraí a táirgeadh sa tsuiteáil atá cláraithe sa bhunachar sonraí lárnach.
I gCaibidil III, tá na forálacha ginearálta maidir le socrú riaracháin na n‑údarás náisiúnta inniúil, maidir le ról an Choimisiúin – mar riarthóir lárnach freisin – agus maidir le nochtadh faisnéise (Airteagail 11, 12, 13 agus 15). Tá forálacha sa chaibidil freisin maidir le príomh‑shaintréithe na gclárlann náisiúnta agus a gcuid cuntas (Airteagail 14 agus 16) agus maidir le cinntí na n‑údarás i dtaca le húdarú um allmhairiú (Airteagal 17), maidir le creidiúnú fíoraitheoirí (Airteagal 18) agus maidir leis an athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT (Airteagal 19).
Tá forálacha i gCaibidil IV maidir leis na deimhnithe SCCT. Bunaítear le hAirteagail 20 go 24 rialacha mionsonraithe maidir le saolré na ndeimhnithe SCCT, óna ndíol go dtí rialú a dtabhairt suas nó, más ábhartha, go dtí a n‑athcheannach, agus go dtí go gcealaítear iad ar deireadh. Baineann Airteagal 20 go mionsonrach le díol deimhnithe SCCT ag na húdaráis inniúla. Is é is ábhar d’Airteagal 21 ríomh phraghas na ndeimhnithe, ríomh a dhéanann an Coimisiún, ar bhonn seachtainiúil. Leagtar síos in Airteagal 22 na nósanna imeachta lena n‑áirithítear go gcomhlíonfaidh gach dearbhóir údaraithe an oibleagáid atá air deimhnithe a thabhairt suas sa chlár náisiúnta. Bunaítear le hAirteagal 23 ceart an dearbhóra údaraithe a iarraidh ar an údarás inniúil líon teoranta de dheimhnithe SCCT a athcheannach, is é sin líon teoranta deimhnithe a bheadh fágtha ar a chuntas tar éis an tabhairt suas. Ar deireadh, sonraítear in Airteagal 24 go gceanglaítear ar an údarás inniúil, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na deimhnithe atá fágtha i gcuntas gach dearbhóra a chur ar ceal tar éis an tabhairt suas agus an athcheannaigh, más ann dóibh.
I gCaibidil V pléitear leis an gcaoi ar cheart do na húdaráis chustaim déileáil leis na nósanna imeachta um riar earraí ag an teorainn (Airteagal 25). I gCaibidil VI, in Airteagal 26 socraítear na pionóis i gcás neamhchomhlíonadh, agus déantar foráil speisialta maidir le himchéimniú i gcás go dtiocfadh athruithe ar phatrún na trádála (Airteagal 27).
I gCaibidil VII tá forálacha maidir le feidhmiú an tarmligin chuig an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (Airteagal 28) agus an nós imeachta scrúdúcháin le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 29). Déantar tagairt in Airteagail 2, 18 agus 27 don chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tá forálacha maidir le cumhachtaí cur chun feidhme in Airteagail 2, 5 go 9, 21, 25, 31, 33 agus 35.
I gCaibidil VIII tá forálacha in Airteagal 30 maidir leis an meastóireacht ar an Rialachán agus maidir lena athbhreithniú.
Pléitear i gCaibidil IX (Airteagal 31) le laghdú na hoibleagáide maidir leis an Sasra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ionas go gcuirfear san áireamh leithdháileadh idirthréimhseach na lamháltas CTA AE saor in aisce i suiteálacha atá ag táirgeadh, san Aontas, an chineáil chéanna earraí a chumhdaítear leis an togra.
Tá forálacha sonracha i gCaibidil X atá le cur i bhfeidhm le linn idirthréimhse tosaigh. De réir na bhforálacha sin, sna chéad bhlianta, beidh feidhm ag SCCT nach mbeidh aon choigeartú airgeadais mar chuid de agus a bheidh dírithe ar shonraí a bhailiú agus ar fheasacht na ndearbhóirí a mhéadú. Mairfidh an idirthréimhse sin trí bliana, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, mar a bhunaítear in Airteagal 32. Tá sé i gceist go dtuairisceoidh na dearbhóirí, ar bhonn ráithiúil, na hastaíochtaí leabaithe a ghabhann lena gcuid allmhairí sa ráithe roimhe sin, agus go dtabharfaidh siad mionsonraí sa tuairisc sin ar na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha agus tuairisc ar aon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch. Cuirfidh na húdaráis chustaim na dearbhóirí ar an eolas faoina n‑oibleagáidí maidir le SCCT agus malartóidh siad faisnéis leis na húdaráis inniúla.
Mar phointe deiridh, léirítear teacht i bhfeidhm an togra i gCaibidil XI agus, mar chuid de sin, léirítear nach mbeidh feidhm ag roinnt de na forálacha ach amháin le linn na hidirthréimhse agus go dtosófar ag cur roinnt eile díobh i bhfeidhm in 2026 (Airteagal 36).
2021/0214 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n‑astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (‘astaíochtaí GCT’) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus dá réir sin chun céimniú amach an ‘truaillithe saor in aisce’ a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.
(2)Tháinig Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. Tá aontaithe ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras, in Airteagal 2 den Chomhaontú, an méadú ar an mheánteocht dhomhanda a choimeád roinnt mhaith níos ísle ná 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
(3)Is éard atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Is mó arís anois an luach atá ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip i bhfianaise thionchair an‑tromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar dhea-bhail eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.
(4)Tá an tAontas tiomanta a astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990, faoi mar a leagtar amach sa mhéid a cuireadh faoi bhráid UNFCCC thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát maidir le nuashonrú an rannchuidithe arna chinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit.
(5)Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear freisin leis an Rialachán seo gealltanas atá ceangailteach ar an Aontas astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.
(6)Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin, cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú, agus gur gá an t‑athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1.5°C.
(7)Tá beartas uaillmhianach maidir leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide á shaothrú ag an Aontas agus tá creat rialála curtha i bhfeidhm aige chun a sprioc maidir le laghdú astaíochtaí GCT a bhaint amach faoi 2030. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) agus lena dtugtar isteach praghsáil chomhchuibhithe i ndáil le hastaíochtaí GCT ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnálacha agus fo-earnálacha dianfhuinnimh, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí GCT a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí GCT ó úsáid talún a chúiteamh le haistrithe astaíochtaí ón atmaisféar.
(8)Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, tá riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n‑astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
(9)An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) tá sé ina chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.
(10)Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.
(11)Féachann an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le hionadú a dhéanamh ar na sásraí sin atá ann faoi láthair trí aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach difriúil, eadhon trí phraghsáil carbóin atá coibhéiseach le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre a áirithiú. Chun aistriú diaidh ar ndiaidh ón gcóras reatha ina bhfuil lamháltais saor in aisce chuig SCCT a áirithiú, ba cheart SCCT a thabhairt isteach de réir a chéile de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce in earnálacha a chumhdaítear le SCCT. Maidir le cur i bhfeidhm comhpháirteach agus idirthréimhseach lamháltais CTA AE a leithdháiltear saor in aisce chomh maith le cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, níor cheart é a bheith mar thoradh orthu sin, i gcás ar bith, go bhfaigheadh earraí AE cóir níos fabhraí i gcomparáid leis an gcóir a fhaigheann earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
(12)Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.
(13)Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.
(14)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hearraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais ó thríú tíortha, ach amháin i gcás ina bhfuil táirgeadh na n‑earraí sin faoi réir Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh cheana, agus sa chás sin, tá feidhm aige maidir le tríú tíortha agus tríú críocha, nó maidir le córas praghsála carbóin atá idirnasctha go hiomlán le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
(15)I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas.
(16)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an scairbh ilchríochach agus maidir leis an limistéar eacnamaíoch eisiach a d’fhógair Ballstáit de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, d’fhonn an riosca sceite carbóin i suiteálacha amach ón gcósta a chosc.
(17)Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (CO2’) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (‘N2O’) agus sárfhluaracarbóin (‘PFCanna’). Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar dtús, agus tar éis idirthréimhse agus tar éis measúnú breise a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le hastaíochtaí indíreacha, amhail raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
(18)Tá sé de chuspóir coiteann ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha astaíochtaí GCT atá leabaithe sna hearnálacha agus sna hearraí céanna a phraghsáil trí lamháltais shonracha nó trí dheimhnithe sonracha a úsáid. Is de chineál rialála an dá chóras agus tá údar leo de thoradh an ghá le srian a chur ar astaíochtaí GCT, i gcomhréir leis an gcuspóir comhshaoil a leagtar amach san Aontas.
(19)Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear ‘córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí’), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
(20)Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.
(21)D’fhonn a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú, ní mór an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.
(22)Faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, is é líon iomlán na lamháltas a eisítear (an ‘chaidhp’) a chinneann soláthar na lamháltas astaíochtaí agus a thugann deimhneacht maidir leis na hastaíochtaí uasta GCT. Is í an chothromaíocht idir an soláthar sin agus éileamh an mhargaidh a chinneann an praghas carbóin. Tá gá le ganntanas chun dreasacht phraghais a bheith ann. Toisc nach féidir teorainn a fhorchur ar líon na ndeimhnithe SCCT atá ar fáil d’allmhaireoirí, dá bhféadfadh allmhaireoirí deimhnithe SCCT a thabhairt ar aghaidh agus a thrádáil, d’fhéadfadh sé dá thoradh sin go dtiocfadh ann do chásanna nach mbeadh praghas na ndeimhnithe SCCT ina léiriú a thuilleadh ar an éabhlóid ar an bpraghas i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Lagódh sé sin an dreasacht chun dícharbónú a dhéanamh le haghaidh earraí baile agus earraí allmhairithe, rud a chuirfeadh an sceitheadh carbóin chun cinn agus a chuirfeadh isteach ar chuspóir aeráide uileghabhálach an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha. D’fhéadfadh praghsanna difriúla d’oibreoirí ó thíortha difriúla a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, de bharr gur gá a sheachaint nach mbaintear an bonn d’éifeachtacht agus de chuspóir aeráide an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus gur gá a áirithiú go dtugtar an chóir chéanna d’oibreoirí ó thíortha eile, tá údar le teorainneacha ar na deiseanna deimhnithe SCCT a thrádáil agus a thabhairt ar aghaidh. Mar sin féin, chun an deis d’allmhaireoirí a chaomhnú a gcostais a optamú, ba cheart soláthar a dhéanamh sa Rialachán seo le haghaidh córas inar féidir le húdaráis méid áirithe deimhnithe breise a athcheannach ó na hallmhaireoirí. Socraítear an méid áirithe sin ar leibhéal a thugann corrlach réasúnta d’allmhaireoirí chun a gcostais a ghiaráil thar thréimhse bhailíochta na ndeimhnithe agus a chaomhnaíonn an éifeacht fhoriomlán ar tharchur praghsanna san am céanna, rud a áirithíonn go gcaomhnaítear cuspóir comhshaoil an bhirt.
(23)Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
(24)I dtaca le smachtbhannaí, ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE.
(25)Cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le próisis agus gníomhaíochtaí táirgthe áirithe, leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ba cheart díriú go háirithe ar na hallmhairí earraí comhfhreagracha. Chuige sin, ní mór earraí allmhairithe a shainaithint go soiléir trí iad a aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’) agus trí iad a nascadh le hastaíochtaí GCT leabaithe.
(26)Ba cheart cumhdach táirgí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ina léiriú ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arae tá an scéim sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus toisc gurb é an córas rialála astaíochtaí GCT is cuimsithí dá bhfuil san Aontas é.
(27)Maidir le raon táirgí a shocrú le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha lena léirítear na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, bheadh sé sin ina rannchuidiú chun a áirithiú nach gcuirfear cóir is lú fabhar ar tháirgí allmhairithe ná mar a chuirfear ar tháirgí comhchosúla de bhunús baile.
(28)Cé gurb é cuspóir foriomlán an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha cumhdach táirgí leathan a bheith ann, ba stuama tosú le líon áirithe earnálacha le táirgí atá measartha aonchineálach mar a bhfuil riosca sceite carbóin. Liostaítear na hearnálacha AE a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo i gCinneadh Tarmligthe 2019/708 ón gCoimisiún.
(29)Ba cheart na hearraí faoin Rialachán seo a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n‑ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí GCT carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha agus, san am céanna, castacht agus an t‑ualach riaracháin a theorannú. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sa roghnúchán iarbhír, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh allmhairiú táirgí dianfhuinnimh isteach san Aontas ar comhchéim le táirgí AE i dtéarmaí praghsála carbóin CTA AE, agus chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas critéir ábhartha eile ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n‑earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána GCT is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan i dtéarmaí astaíochtaí GCT agus, san am céanna, an chastacht agus an iarracht riaracháin a theorannú.
(30)Le húsáid an chéad chritéir, ceadaítear na hearnálacha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, agus leasacháin.
(31)Mar sin féin, níor cheart aghaidh a thabhairt sa Rialachán seo ar earnálacha áirithe atá liostaithe i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún, i ngeall ar a saintréithe ar leith.
(32)Go háirithe, ní áirítear ceimiceáin orgánacha i raon feidhme an Rialacháin seo i ngeall ar shrianta teicniúla a fhágann nach féidir astaíochtaí leabaithe earraí allmhairithe a shainiú go soiléir. I gcás na n‑earraí sin, is bunpharaiméadar é an tagarmharc is infheidhme faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann nach féidir astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe aonair a leithdháileadh ar mhodh cinnte. Teastaíonn tuilleadh sonraí agus anailíse chun leithdháileadh lamháltas níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm maidir le ceimiceáin orgánacha.
(33)Tá feidhm ag srianta teicniúla comhchosúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí GCT a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine.
(34)Mar sin féin, ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an‑chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Cuimsiú an alúmanaim, rud é atá ábhartha freisin toisc go bhféadfadh sé go leathnófaí raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha sa todhchaí chun astaíochtaí indíreacha a chumhdach freisin.
(35)Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feadáin agus feistis píobáin a chuimsiú i raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha d’ainneoin a leibhéal íseal astaíochtaí leabaithe toisc, dá n‑eisiataí iad, go méadódh sé sin an dóchúlacht go ndéanfaí cuimsiú táirgí cruach sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a imchéimniú tríd an bpatrún trádála a mhodhnú i dtreo táirgí iartheachtacha.
(36)Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil (faoi chód AC 7204), fearó‑chóimhiotal (cód AC 7202) agus leasacháin áirithe (faoi chód AC 3105 60 00).
(37)Ba cheart allmhairiú leictreachais a chuimsiú i raon feidhme an Rialacháin seo, toisc gurb í an earnáil seo is cúis le 30 faoin gcéad d’iomlán na n‑astaíochtaí GCT san Aontas. Le huaillmhian aeráide fheabhsaithe an Aontais mhéadófaí an bhearna maidir le costais charbóin idir táirgeadh leictreachais san Aontas agus táirgeadh leictreachais ar an gcoigríoch. Leis an méadú sin mar aon leis an dul chun cinn atá déanta chun eangach leictreachais an Aontais a nascadh le heangach leictreachais a chomharsan, mhéadófaí an riosca sceite carbóin i ngeall ar mhéadú na n‑allmhairí leictreachais, ós le gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a tháirgtear cuid shuntasach díobh.
(38)Ós rud é nár cheart go mbeadh ar allmhaireoirí táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a n‑oibleagáidí SCCT faoin Rialachán seo a chomhlíonadh tráth an allmhairithe, ba cheart bearta riaracháin sonracha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí ag céim níos déanaí. Dá bhrí sin, níor cheart allmhaireoirí a bheith i dteideal earraí SCCT a allmhairiú ach amháin tar éis iad údarú a fháil arna dheonú ag údaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(39)Ba cheart an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunú ar chóras dearbhaitheach ina ndéanann dearbhóir údaraithe, a fhéadfaidh ionadaíocht a dhéanamh ar níos mó ná allmhaireoir amháin, dearbhú a chur isteach go bliantúil maidir leis na hastaíochtaí leabaithe sna hearraí a allmhairíodh isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus líon áirithe deimhnithe SCCT a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí a dearbhaíodh.
(40)Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íocadh i leith na n‑astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.
(41)Ba cheart na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh a bheith deimhnithe ag duine atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(42)Faoin gcóras, ba cheart an deis a bheith ann d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i mbunachar sonraí lárnach agus a n‑astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí údaraithe. Ba cheart oibreoir a bheith in ann a roghnú nach dtabharfaí rochtain don phobal ar a ainm, a sheoladh ná a shonraí teagmhála sa bhunachar sonraí lárnach.
(43)Tá difríocht idir deimhnithe SCCT agus lamháltais CTA AE, arae is gné fhíor-riachtanach de na lamháltais sin an cheantáil laethúil. An gá atá le praghas soiléir a shocrú le haghaidh deimhnithe SCCT, rud é sin a fhágann go gcuireann an foilsiú laethúil ualach rómhór agus mearbhall ar oibreoirí, de dheasca an riosca go gcaillfeadh na praghsanna laethúla a mbailíocht tráth a bhfoilsithe. Dá réir sin, bheadh foilsiú na bpraghsanna SCCT ar bhonn seachtainiúil ina léiriú cruinn ar threocht phraghsála lamháltais CTA AE agus shaothródh sé an cuspóir aeráide céanna. Dá bhrí sin, ba cheart ríomh phraghsanna deimhnithe SCCT a bhunú ar bhonn fráma ama níos faide (ar bhonn seachtainiúil) ná an fráma ama a bunaíodh le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (ar bhonn laethúil). Ba cheart a chur de chúram ar an gCoimisiún an meánphraghas sin a ríomh agus a fhoilsiú.
(44)Chun solúbthacht a thabhairt do na dearbhóirí údaraithe maidir lena n‑oibleagáidí SCCT a chomhlíonadh agus chun ligean dóibh tairbhiú de luaineachtaí i bpraghas na lamháltas CTA AE, ba cheart na deimhnithe SCCT a bheith bailí ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dháta an cheannaigh. Ba cheart deis a bheith ann don dearbhóir údaraithe cuid de na deimhnithe a ceannaíodh de bharraíocht a athdhíol leis an údarás náisiúnta. Ba cheart don dearbhóir údaraithe an méid deimhnithe a bheidh ag teastáil tráth an tabhairt suas a thiomargadh i rith na bliana, de réir tairseacha arna leagan síos ag deireadh gach ráithe.
(45)Tá údar le dearadh atá beagán difriúil le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i ngeall ar shaintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge, go háirithe toisc nach indéanta sreabhadh iarbhír na leictreon a leanúint. Ba cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid mar chur chuige caighdeánach agus ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n‑oibleagáidí SCCT ar bhonn a gcuid astaíochtaí iarbhír. Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus inar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.
(46)Chun rioscaí imchéimniúcháin a sheachaint agus chun feabhsú a dhéanamh ar inrianaitheacht astaíochtaí CO2 iarbhír ó allmhairiú an leictreachais agus óna úsáid in earraí, níor cheart ríomh astaíochtaí iarbhír a cheadú ach amháin faoi réir roinnt coinníollacha dochta. Go háirithe, ba cheart é a bheith riachtanach a léiriú go ndearnadh ainmniúchán cinnte maidir leis an toilleadh idirnaisc a leithdháileadh agus go bhfuil gaol conarthach díreach idir an ceannaitheoir agus táirgeoir an leictreachais in‑athnuaite, nó idir an ceannaitheoir agus táirgeoir an leictreachais a ngabhann astaíochtaí atá faoi bhun an luacha réamhshocraithe leis. .
(47)Maidir leis na Comhpháirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh nó na Páirtithe i gComhaontuithe Comhlachais lena n‑áirítear Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Shaorthrádála, tá siad tiomanta do phróisis dícharbónaithe ar cheart go mbeadh mar thoradh orthu sa deireadh go nglacfar sásraí praghsála carbóin a bheidh comhchosúil nó coibhéiseach le CTA AE nó go nglacfaidh na Comhpháirtithe sin páirt in CTA AE.
(48)Comhtháthú na dtríú tíortha i margadh leictreachais an Aontais, rud é sin a thugann spreagadh tábhachtach do na tíortha sin dlús a chur lena n‑aistriú chuig córais fuinnimh ina mbeidh sciar ard fuinnimh in‑athnuaite. An mhargadhchúpláil sa mhargadh leictreachais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún, cuireann sé ar a gcumas do thríú tíortha leictreachas ó fhuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú níos fearr isteach sa mhargadh leictreachais, an leictreachas sin a mhalartú ar bhealach éifeachtúil laistigh de limistéar níos leithne, rud a dhéanann cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t‑éileamh laistigh de mhargadh an Aontais atá níos mó ná a margaí féin, agus déine carbóin a nginiúna leictreachais a laghdú. Le comhtháthú na dtríú tíortha isteach i margadh leictreachais an Aontais, cuirtear le slándáil an tsoláthair leictreachais sna tíortha sin agus sna Ballstáit chomharsanachta.
(49)Nuair a bheidh tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart díolúine a thabhairt do thríú tíortha atá margadhchúpláilte, díolúine a mbeadh teorainn ama léi, ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go dtí 2030 ar a dhéanaí, agus an díolúine sin a bheith ag baint le honnmhairiú an leictreachais agus leis sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart do na tríú tíortha sin treochlár a fhorbairt agus geallúint go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin chun feidhme lena ndéanfar foráil le haghaidh praghas a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 agus chun ailíniú le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart an díolúine sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil CTA glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.
(50)Ba cheart idirthréimhse a bheith i bhfeidhm ar feadh na tréimhse 2023 go dtí 2025. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha gan coigeartú airgeadais, agus é de chuspóir aige cur i bhfeidhm rianúil an tsásra a éascú agus dá réir sin an riosca maidir le tionchair shuaiteacha ar thrádáil a laghdú. Ba cheart go mbeadh ar dhearbhóirí na hastaíochtaí leabaithe iarbhír in earraí a allmhairíodh le linn na hidirthréimhse a thuairisciú ar bhonn ráithiúil, agus mar chuid de sin, na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha mar aon le haon phraghas carbóin a íocadh ar an gcoigríoch a shonrú.
(51)Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n‑oibleagáidí a chomhlíonadh.
(52)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil .
(53)I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart leanúint den idirphlé le tríú tíortha agus ba cheart spás a bheith ann do chomhar agus do réitigh a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn faisnéise le haghaidh roghanna sonracha a dhéanfar maidir leis na sonraí faoi dhearadh an bhirt le linn a chur chun feidhme, go háirithe le linn na hidirthréimhse.
(54)Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh, ar bhealach cóir agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, dul i gcomhairle le tríú tíortha a ndéanann an Rialachán seo difear dá dtrádáil leis an Aontas chun na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hidirphlé agus comhar i dtaca le cur chun feidhme ghnéithe sonracha an tSásra a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún freisin, na féidearthachtaí a fhiosrú maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích chun a sásra praghsála carbóin a chur san áireamh.
(55)Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n‑oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.
(56)Tá forálacha an Rialacháin seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle.
(57)Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.
(58)Chun a áirithiú nach ndéanfar forálacha an Rialacháin seo a imchéimniú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta d’earraí in Iarscríbhinn I a fhorlíonadh.
(59)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(60)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(61)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
1.Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n‑allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc.
2.Comhlánaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an córas arna bhunú le Treoir 2003/87/CE maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas trí shraith choibhéiseach rialacha a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairiú earraí, ar earraí iad dá dtagraítear in Airteagal 2, isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
3.De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn I, de thionscnamh tríú tír, nuair a dhéantar na hearraí sin, nó táirgí próiseáilte ó na hearraí sin ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina dtugtar na hearraí sin chuig an scairbh ilchríochach nó chuig limistéar eacnamaíoch eisiach Ballstáit.
3.De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn A.
4.Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir le rialacha tionscnaimh neamhfhabhair mar a shainmhínítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
5.Déanfar tíortha agus críocha a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn A, faoi réir chomhlíonadh carnach na gcoinníollacha seo a leanas: :
(a)tá feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE maidir leis an tír sin nó leis an gcríoch sin nó tugadh comhaontú i gcrích idir an tríú tír sin nó idir an tríú críoch sin agus an tAontas ar comhaontú é lena ndéantar nasc iomlán idir Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír nó an tríú críoch;
(b)an praghas a íoctar i dtír thionscnaimh na n‑earraí, muirearaítear go héifeachtach é ar na hearraí sin gan aon lacáiste seachas na cinn sin a chuirtear i bhfeidhm i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh freisin.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha a chinneadh maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm i leith earraí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
7.Má tá margadh leictreachais ag tríú tír nó ag tríú críoch, ar margadh é atá comhtháite trí mhargadhchúpláil le margadh inmheánach an Aontais don leictreachas, agus mura rabhthas in ann teacht ar réiteach teicniúil chun an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm i leith allmhairiú leictreachais isteach san Aontas, ón tríú tír sin nó ón tríú críoch sin, beidh díolúine ó chur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ag an allmhairiú leictreachais ón tír nó ón gcríoch, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír nó ag an tríú críoch leis an Aontas, lena leagtar amach oibleagáid maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i réimse an leictreachais, lena n‑áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in‑athnuaite fuinnimh, chomh maith le rialacha eile i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na hiomaíochta;
(b)cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n‑áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus le cúpláil margaí leictreachais;
(c)tá treochlár curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ina bhfuil amchlár chun bearta a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (d) agus (e) a chur chun feidhme;
(d)tá gealltanas tugtha ag an tríú tír nó ag an tríú críoch i leith na haeráidneodrachta faoi 2050 agus dá réir sin, i gcás inarb infheidhme, tá straitéis forbartha fhadtéarmach, le haghaidh lár an chéid agus ailínithe leis an gcuspóir sin, foirmlithe aici maidir le híseal-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus curtha in iúl go foirmiúil aici do Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus tá an oibleagáid sin curtha chun feidhme aici ina reachtaíocht intíre;
(e)agus an treochlár á chur chun feidhme aici de bhun phointe (c), tá dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n‑áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais ar a laghad. Maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tabharfar chun críche é faoin 1 Eanáir 2030;
(f)tá córais éifeachtacha curtha ar bun ag an tríú tír nó ag an tríú críoch chun allmhairiú indíreach leictreachais a chosc san Aontas ó thríú tíortha eile nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a) go (e).
8.Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 7, pointí (a) go (f), a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn B, den Rialachán seo, agus cuirfidh sí isteach dhá thuarascáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha de bhun mhír 7, pointí (a) go (f), ceann amháin roimh an 1 Iúil 2025 agus an ceann eile roimh an 1 Iúil 2029. Faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir de bhun mhír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, cé acu atá an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag urramú na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7 nó nach bhfuil.
9.Tríú tír nó tríú críoch a liostaítear in Iarscríbhinn II, Roinn B den Rialachán seo, bainfear den liosta sin í:
(a)má tá cúiseanna ag an gCoimisiún a mheas nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach léirithe ag an tír nó ag an gcríoch chun ceann de na ceanglais a liostaítear i mír 7, pointí (a) go (f) a chomhlíonadh, nó má tá beart déanta ag an tír nó ag an gcríoch a bhí ar neamhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i reachtaíocht aeráide agus chomhshaoil an Aontais;
(b)má tá bearta déanta ag an tríú tír nó ag an tríú críoch atá bunoscionn lena cuspóirí dícharbónaithe, mar shampla tacaíocht phoiblí a sholáthar chun acmhainn nua ghiniúna a bhunú a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais.
10.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun ceanglais agus nósanna imeachta a leagan amach le haghaidh tíortha nó críocha a scriostar ón liosta in Iarscríbhinn II, Roinn B, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar a gcríocha a áirithiú maidir le leictreachas. Má tharlaíonn sé i gcásanna mar sin go bhfuil an mhargadhchúpláil fós ar neamhréir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na tríú tíortha nó na tríú críocha a eisiamh ó mhargadhchúpláil an Aontais agus féadfaidh sé a cheangal go mbeadh leithdháileadh acmhainne sainráite ann ag an teorainn idir an tAontas agus an tríú tír, ionas gur féidir an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm.
11.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun na liostaí in Iarscríbhinn II, Ranna A nó B, a leasú, ag brath ar cé acu a chomhlíontar na coinníollacha i míreanna 5, 7 nó 9 nó nach gcomhlíontar.
12.Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘earraí’ earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(2)ciallaíonn ‘gáis ceaptha teasa’ gáis ceaptha teasa mar a shonraítear in Iarscríbhinn I i ndáil le gach ceann de na hearraí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;
(3)ciallaíonn ‘astaíochtaí’ scaoileadh gás ceaptha teasa san atmaisféar ó tháirgeadh earraí;
(4)ciallaíonn ‘allmhairiú’ an scaoileadh i saorchúrsaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(5)ciallaíonn ‘Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh’ an córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE cé is moite de ghníomhaíochtaí eitlíochta;
(6)ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;
(7)ciallaíonn ‘scairbh ilchríochach’ an scairbh ilchríochach arna sainmhíniú ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;
(8)ciallaíonn ‘limistéar eacnamaíoch eisiach’ an limistéar eacnamaíoch eisiach arna shainmhíniú ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus ar dhearbhaigh Ballstát gur limistéar eacnamaíoch eisiach é de bhun an choinbhinsiúin sin;
(9)ciallaíonn ‘margadhchúpláil’ acmhainn tarchurtha a leithdháileadh trí chóras AE lena ndéantar orduithe a mheaitseáil agus acmhainní traslimistéir a leithdháileadh go comhuaineach faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222 ón gCoimisiún;
(10)ciallaíonn ‘leithdháileadh acmhainne sainráite’ leithdháileadh acmhainne tarchurtha trasteorann ar leithligh ó thrádáil leictreachais;
(11)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás, arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;
(12)ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ riaracháin chustaim na mBallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(13)ciallaíonn ‘dearbhóir’ duine a thaisceann dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht ina ainm féin nó an duine a dtaisctear dearbhú den sórt sin ina ainm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(14)ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n‑aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;
(15)ciallaíonn ‘astaíochtaí díreacha’ astaíochtaí ó na próisis táirgthe earraí a bhfuil rialú díreach ag an táirgeoir orthu;
(16)ciallaíonn ‘astaíochtaí leabaithe’ astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n‑earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(17)ciallaíonn ‘tona de choibhéis CO2’ tona amháin dé-ocsaíde carbóin (‘CO2’) nó tona de CO2, ocsaíd nítriúil agus sárfhluaracarbóin dá dtagraítear i gcás earraí in Iarscríbhinn I;
(18)ciallaíonn ‘deimhniú SCCT’ deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;
(19)ciallaíonn ‘tabhairt suas’ deimhnithe SCCT a fhritháireamh i gcoinne na n‑astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh in earraí allmhairithe;
(20)ciallaíonn ‘próisis táirgthe’ na próisis cheimiceacha agus na próisis fhisiceacha a fheidhmítear chun earraí a tháirgeadh i suiteáil;
(21)ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a ríomhtar nó a bhaintear as sonraí tánaisteacha lena léirítear na hastaíochtaí leabaithe in earraí;
(22)ciallaíonn ‘astaíochtaí iarbhír’ na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí;
(23)ciallaíonn ‘praghas carbóin’ an tsuim airgid a íoctar i dtríú tír i bhfoirm cánach nó lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n‑earraí;
(24)ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar próiseas táirgthe;
(25)ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine a oibríonn nó a dhéanann rialú ar shuiteáil i dtríú tír;
(26)ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta arna cheapadh ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
(27)ciallaíonn ‘lamháltas CTA AE’ lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2003/87/CE i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I den Treoir sin seachas gníomhaíochtaí eitlíochta;
(28)ciallaíonn ‘astaíochtaí indíreacha’ astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n‑earraí.
Caibidil II
Oibleagáidí agus cearta dearbhóirí údaraithe earraí
Airteagal 4
Earraí a allmhairiú
Ní dhéanfaidh ach dearbhóir atá údaraithe ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17 (‘dearbhóir údaraithe’) earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
Airteagal 5
Iarratas ar údarú
1.Sula ndéanfaidh aon dearbhóir earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a allmhairiú, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig an údarás áitiúil ag an áit a bhfuil sé bunaithe chun na hearraí sin a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.
2.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina leithdháiltear acmhainn tarchurtha chun leictreachas a allmhairiú trí leithdháileadh acmhainne sainráite, measfar, chun críocha an Rialacháin seo, gur dearbhóir údaraithe sa Bhallstát é an duine ar leithdháileadh acmhainn air chun allmhairithe agus a ainmníonn an acmhainn chun allmhairithe sin, i gcás ina ndearbhaíonn an duine allmhairiú leictreachais. Déanfar allmhairí a thomhas in aghaidh na teorann ar feadh tréimhsí ama nach faide ná uair an chloig agus ní féidir onnmhairiú nó idiriompar a asbhaint san uair an chloig chéanna.
3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas faoin dearbhóir, ar dearbhóir é a chaithfidh a bheith bunaithe san Aontas, san áireamh san iarratas ar údarú:
(a)ainm, seoltaí agus faisnéis teagmhála;
(b)Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíochta (‘EORI’) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(c)an phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéantar san Aontas;
(d)deimhniú ón údarás cánach sa Bhallstát, áit a bhfuil an dearbhóir bunaithe, nach bhfuil an dearbhóir faoi réir ordú aisghabhála gan íoc le haghaidh fiachais chánach náisiúnta;
(e)dearbhú ar onóir nach raibh an dearbhóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná in aon sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n‑áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;
(f)an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t‑údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;
(g)luach airgeadúil measta agus méid measta allmhairí earraí go dtí críoch chustaim an Aontais de réir chineál na n‑earraí, le haghaidh na bliana féilire ina gcuirtear isteach an t‑iarratas agus le haghaidh na bliana féilire dár gcionn;
(h)ainmneacha agus faisnéis teagmhála na ndaoine sin a bhfuil an dearbhóir ag feidhmiú ar a son, más infheidhme.
4.Féadfaidh an t‑iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith.
5.Cuirfidh an dearbhóir údaraithe an t‑údarás inniúil ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 3, a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta, agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17 nó ar ábhar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag an údarás inniúil agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag an údarás inniúil na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 6
Dearbhú SCCT
1.Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh gach dearbhóir údaraithe dearbhú (‘dearbhú SCCT’), le haghaidh na bliana féilire roimh an dearbhú, faoi bhráid an údaráis inniúil.
2.Beidh na nithe seo a leanas sa dearbhú SCCT:
(a)cainníocht iomlán gach cineál earraí a allmhairíodh le linn na bliana féile roimh an dearbhú, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile;
(b)iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7;
(c)an líon iomlán deimhnithe SCCT a fhreagraíonn d’iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe, atá le tabhairt suas, tar éis an laghdaithe atá dlite mar gheall ar an bpraghas carbóin a íocadh i dtír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus an coigeartú is gá ar an méid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 31.
3.I gcás inar táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na hearraí allmhairithe, tabharfaidh an dearbhóir údaraithe tuairisc sa dearbhú SCCT ar iomlán na n‑astaíochtaí atá leabaithe sna hearraí a chuirtear faoin nós imeachta próiseála isteach agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, fiú mura liostaítear an táirge próiseáilte san Iarscríbhinn sin.
4.I gcás inar táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach dá dtagraítear in Airteagal 259 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na hearraí allmhairithe, ní thabharfaidh an dearbhóir údaraithe tuairisc sa dearbhú SCCT ach ar na hastaíochtaí ón oibríocht phróiseála a rinneadh taobh amuigh de chríoch chustaim an Aontais, ar choinníoll go liostaítear an táirge próiseáilte in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
5.I gcás inar earraí arna dtabhairt ar ais dá dtagraítear in Airteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 iad na hearraí allmhairithe, tabharfaidh an dearbhóir údaraithe tuairisc ar leithligh – ‘nialas’ a thuairisceoidh sé, sa dearbhú SCCT, le haghaidh iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe a fhreagraíonn do na hearraí sin.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhformáid chaighdeánach agus leis an nós imeachta chun an dearbhú SCCT a chur isteach agus leis na socruithe chun deimhnithe SCCT a thabhairt suas dá bhforáiltear i mír 2, pointe (c). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 7
Astaíochtaí leabaithe a ríomh
1.Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
2.Déanfar astaíochtaí leabaithe in earraí seachas leictreachas a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointí 2 agus 3. Nuair nach féidir astaíochtaí iarbhír a chinneadh go leormhaith, déanfar na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.1.
3.Déanfar astaíochtaí leabaithe i leictreachas allmhairithe a chinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 4.2, mura roghnaíonn an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh bunaithe ar na hastaíochtaí iarbhír i gcomhréir leis an iarscríbhinn sin, pointe 5.
4.Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den fhaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas d’fhíoraitheoirí atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hIarscríbhinn V agus chun cur ar a chumas don údarás inniúil an dearbhú SCCT a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 19(1).
5.Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n‑áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n‑áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n‑áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht. acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.
7.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 8
Astaíochtaí leabaithe a fhíorú
1.Áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6 a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
2.I dtaca le hastaíochtaí leabaithe in earraí a táirgeadh i suiteálacha cláraithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 10, féadfaidh an dearbhóir údaraithe rogha a dhéanamh faisnéis fhíoraithe a úsáid a nochtadh dó i gcomhréir le hAirteagal 10(7) chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh‑chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 9
Praghas carbóin a íocadh i dtír thionscnaimh
1.Féadfaidh dearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ina dhearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas chun go gcuirfí san áireamh an praghas carbóin a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n‑astaíochtaí leabaithe údaraithe.
2.Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách, atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n‑earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.
3.Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin dá dtagraítear i mír 2, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh an dearbhú SCCT isteach lena linn nó ar cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun an laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a ríomh, maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag meánráta malairte bliantúil i gcomhréir le mír 1, agus maidir le cáilíochtaí an duine neamhspleách a dheimhníonn an fhaisnéis chomh maith le míreanna cruthúnais maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh agus an easpa lacáistí onnmhairiúcháin nó cineálacha eile cúitimh ar onnmhairiú a chur i fheidhm dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 10
Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú
1.Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 14(4).
2.Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárúchán dá dtagraítear i mír 1, tá an fhaisnéis seo a leanas a bheidh le háireamh sa bhunachar sonraí tráth an chláraithe:
(a)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an oibreora;
(b)suíomh gach suiteála lena n‑áirítear seoladh iomlán agus comhordanáidí arna sloinneadh i ndomhanfhad agus i ndomhanleithead lena n‑áirítear 6 dheachúil;
(c)príomhghníomhaíocht eacnamaíoch na suiteála sa tríú tír;
3.Tabharfaidh an Coimisiún fógra don oibreoir faoin gclárú sa bhunachar sonraí. Beidh an clárúchán bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a thugtar fógra faoi d’oibreoir na suiteála.
4.Cuirfidh an t‑oibreoir an Coimisiún ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thagann chun cinn tar éis an chláraithe agus tabharfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha cothrom le dáta.
5.Beidh sé d’oibleagáid ar an oibreoir dá dtagraítear i mír 1:
(a)na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, ar astaíochtaí iad a ríomhtar i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, de réir chineál na n‑earraí a tháirgtear ag an tsuiteáil dá dtagraítear i mír 1;
(b)a áirithiú go ndéanann fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(c)cóip a choimeád de thuarascáil an fhíoraitheora chomh maith le taifid den fhaisnéis atá de dhíth chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IV le haghaidh tréimhse 4 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh.
6.Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.
7.Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis mar gheall ar fhíorú astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 5 a nochtadh do dhearbhóir údaraithe. Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis nochta chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.
8.Féadfaidh an t‑oibreoir a iarraidh, tráth ar bith, go ndíchlárófaí ón mbunachar sonraí é.
Caibidil III
Údaráis inniúla
Airteagal 11
Údaráis inniúla
1.Ainmneoidh gach Ballstát an t‑údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.
Airteagal 12
Coimisiún
Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.
Airteagal 13
Rúndacht ghairmiúil agus nochtadh faisnéise
Gach faisnéis a fhaigheann an t‑údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t‑údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.
Airteagal 14
Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí lárnach
1.Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13.
2.Beidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis mar gheall ar gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:
(a)ainm agus sonraí teagmhála an dearbhóra údaraithe;
(b)uimhir EORI an dearbhóra údaraithe;
(c)an uimhir chuntais SCCT;
(d)líon, praghas díola, dáta ceannaithe, dáta tugtha suas, nó dáta athcheannaigh, nó an dáta a chuir an t‑údarás inniúil ar ceal dheimhnithe SCCT gach dearbhóra údaraithe.
3.Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.
4.Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n‑oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála a bheith ar fáil don phobal.
Airteagal 15
Riarthóir lárnach
1.Gníomhóidh an Coimisiún mar riarthóir lárnach chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina gcoimeádfar taifead de cheannach deimhnithe SCCT, dá sealbhaíocht, dá dtabhairt suas, dá n‑athcheannach agus dá gcur ar ceal, agus áiritheoidh sé comhordú na gclárlann náisiúnta.
2.Déanfaidh an riarthóir lárnach rialuithe rioscabhunaithe ar idirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlanna náisiúnta trí loga idirbheartaíochta neamhspleách chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i gceannach, sealbhaíocht, tabhairt suas, athcheannach agus cur ar ceal deimhnithe SCCT.
3.Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.
Airteagal 16
Cuntais sna clárlanna náisiúnta
1.Sannfaidh an t‑údarás inniúil uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.
2.Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas sa chlárlann.
3.Cuirfidh an t‑údarás inniúil an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t‑údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.
4.Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t‑údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin.
Airteagal 17
Dearbhóirí a údarú
1.Dearbhóir a chuirfidh iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh an t‑údarás inniúil é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)ní raibh an dearbhóir páirteach i sárú tromchúiseach ná i sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh agus níl aon taifead ina leith maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;
(b)léiríonn an dearbhóir an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil atá aige chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
2.I gcás ina gcinnfidh an t‑údarás inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a sholáthar a liostaítear in Airteagal 5(3), diúltófar an dearbhóir a údarú.
3.Má dhiúltaíonn an t‑údarás inniúil dearbhóir a údarú, féadfaidh an dearbhóir a bhfuil an t‑údarú á iarraidh aige agóid a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoin dlí náisiúnta, sula ndéanfar achomharc, agus tabharfaidh an t‑údarás ábhartha sin treoir don riarthóir náisiúnta an cuntas a oscailt nó seasfaidh sé leis an diúltú i gcinneadh réasúnaithe, faoi réir cheanglais an dlí náisiúnta lena saothraítear cuspóir dlisteanach atá ag luí leis an Rialachán seo agus ar ceanglais iad atá comhréireach.
4.Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh an údaráis inniúil lena n‑údaraítear dearbhóir
(a)ainm agus seoladh an dearbhóra údaraithe;
(b)uimhir EORI an dearbhóra údaraithe;
(c)an uimhir chuntais SCCT.
5.Féadfaidh dearbhóir údaraithe a iarraidh tráth ar bith go ndéanfaí a údarú a chúlghairm.
6.Éileoidh an t‑údarás inniúil go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t‑iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).
Socróidh an t‑údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an uasmhéid sin de réir mheastachán an údaráis inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 22.
7.Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn an t‑údarás inniúil nach n‑áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid na n‑oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin nó leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid na n‑oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.
8.Scaoilfidh an t‑údarás inniúil an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.
9.Déanfaidh an t‑údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.
Airteagal 18
Fíoraitheoirí a chreidiúnú
1.Measfar gur fíoraitheoir creidiúnaithe faoin Rialachán seo é duine ar bith a creidiúnaíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2018/2067.
2.De bhreis ar mhír 1, féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, arna iarraidh sin dó, duine a chreidiúnú mar fhíoraitheoir faoin Rialachán seo tar éis an doiciméadacht a sheiceáil lena bhfianaítear a inniúlacht na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm chun oibleagáidí rialúcháin na n‑astaíochtaí leabaithe a bhunaítear in Airteagail 8, 10 agus 38 a chomhlíonadh.
3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2, lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.
Airteagal 19
Dearbhuithe SCCT a athbhreithniú
1.Féadfaidh an t‑údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú a chur isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n‑áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.
2.I gcás nár cuireadh isteach dearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 6, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe bunaithe measúnú ar oibleagáidí SCCT an dearbhóra sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó agus ríomhfaidh sé an líon iomlán deimhnithe SCCT atá dlite faoin 31 Nollaig ar a dhéanaí den cheathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.
3.I gcás ina bhfuil sé suite ag an údarás inniúil go bhfuil an líon dearbhaithe de dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas mícheart, nó nár cuireadh isteach aon dearbhú SCCT de bhun mhír 2, déanfaidh sé coigeartú ar an líon deimhnithe SCCT atá dlite ag an dearbhóir údaraithe. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra don dearbhóir údaraithe faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin.
4.Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.
5.I gcás inar tugadh suas níos mó deimhnithe SCCT ná an líon dlite, déanfaidh an t‑údarás inniúil luach na ndeimhnithe SCCT breise a tugadh suas, arna ríomh ag an meánphraghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as deimhnithe SCCT le linn na bliana allmhairiúcháin, a aisíoc gan mhoill leis an dearbhóir údaraithe.
Caibidil IV
Deimhnithe SCCT
Airteagal 20
Deimhnithe SCCT a dhíol
1.Díolfaidh údarás inniúil gach Ballstáit deimhnithe SCCT le dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin ag an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.
2.Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe sa chlárlann náisiúnta i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.
Airteagal 21
Praghas na ndeimhnithe SCCT
1.Ríomhfaidh an Coimisiún praghas na ndeimhnithe SCCT mar mheánphraghas phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ar an gcomhardán ceantála i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún in aghaidh gach seachtaine féilire.
Sna seachtainí féilire sin nach mbíonn aon cheant sceidealta ar an gcomhardán ceantála, is é an praghas a bheidh ar dheimhnithe SCCT ná meánphraghas phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ón tseachtain dheireanach ina raibh ceantanna ar siúl ar an gcomhardán ceantála.
2.Foilseoidh an Coimisiún an meánphraghas sin ar a shuíomh gréasáin ar an gcéad lá oibre den tseachtain féilire dár gcionn agus cuirfear i bhfeidhm é ón lá oibre ina dhiaidh sin go dtí an chéad lá oibre den tseachtain féilire ina dhiaidh sin.
3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun meánphraghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh agus ar shocruithe praiticiúla chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Airteagal 22
Deimhnithe SCCT a thabhairt suas
1.Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil, líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas
2.Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta. Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad atá allmhairithe aige ó bhí tús na bliana féilire ann.
3.I gcás ina gcinneann an t‑údarás inniúil nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh an t‑údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.
4.Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.
Airteagal 23
Deimhnithe SCCT a athcheannach
1.Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit, arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin, an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.
2.Aon trian den líon iomlán deimhnithe SCCT a cheannaigh an dearbhóir údaraithe le linn na bliana féilire roimhe sin, sin é an teorainn a bheidh leis an líon deimhnithe atá faoi réir an athcheannaigh dá dtagraítear i mír 1.
3.Is é an praghas athcheannaigh a bheidh ar gach deimhniú SCCT ná an praghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as an deimhniú sin tráth an cheannaigh.
Airteagal 24
Deimhnithe SCCT a chur ar ceal
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais clárlainne náisiúnta na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin.
Caibidil V
Earraí a riar ag an teorainn
Airteagal 25
Nósanna imeachta ag an teorainn nuair a dhéantar earraí a allmhairiú
1.Ní cheadóidh na húdaráis chustaim earraí a allmhairiú mura bhfuil an dearbhóir údaraithe ag údarás inniúil tráth a scaoiltear na hearraí i saorchúrsaíocht ar a dhéanaí.
2.Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl go tréimhsiúil, d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe, faisnéis faoi na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairithe, lena n‑áirítear uimhir EORI agus uimhir chuntais SCCT an dearbhóra, cód AC 8 ndigit na n‑earraí, an líon, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.
3.Déanfaidh na húdaráis chustaim rialuithe ar na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n‑áirítear cód AC 8 ndigit, líon agus tír thionscnaimh na n‑earraí allmhairithe. Cuirfidh an Coimisiún na rioscaí a bhaineann le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha san áireamh i ndearadh na gcritéar riosca comhchoiteann agus na gcaighdeán comhchoiteann de bhun de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
4.Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fuair na húdaráis chustaim agus a ndualgas á chomhlíonadh acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe. Déileálfaidh údaráis inniúla na mBallstát leis an bhfaisnéis seo agus malartóidh siad í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.
5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear an fhaisnéis, an t‑uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Caibidil VI
Forfheidhmiú
Airteagal 26
Pionóis
1.Dearbhóir údaraithe a dteipeann air, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin, dlífear pionós a chur air atá comhionann leis an bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE, agus a ardaíodh de bhun Airteagal 16(4) den Treoir sin, sa bhliain a allmhairíodh na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an dearbhóir údaraithe.
2.Aon duine seachas dearbhóir údaraithe a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas de réir an Rialacháin seo, dlífear an pionós dá dtagraítear i mír 1 a chur air sa bhliain a tugadh isteach na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an duine.
3.I gcás ar bith, ní fhágfaidh íoc an phionóis go scaoilfear an dearbhóir údaraithe ón oibleagáid an líon deimhnithe SCCT gan íoc i mbliain ar leith a thabhairt suas d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe.
4.Má chinneann an t‑údarás inniúil gur theip ar an dearbhóir údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas mar a shonraítear i mír 1, nó gur thug duine earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais mar a shonraítear i mír 2, déanfaidh an t‑údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe nó, sa chás faoi mhír 2, don duine mar a leanas:
(a)go bhfuil an t‑údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcás bliain ar leith;
(b)na cúiseanna atá lena chonclúid;
(c)méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine;
(d)an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
(e)an gníomh a mheasann an t‑údarás inniúil ba cheart don dearbhóir údaraithe nó don duine a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus
(f)go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe nó ag an duine achomharc a dhéanamh faoi rialacha náisiúnta.
5.Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i dteannta pionóis dá dtagraítear i mír 2. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 27
Imchéimniú
1.Déanfaidh an Coimisiún beart, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun dul i ngleic le cleachtais lena ndéantar an Rialachán seo a imchéimniú.
2.Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo ach gurb é is cúis leis an athrú oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus is éard a bhíonn sna cleachtais sin táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n‑áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n‑earraí sin.
3.Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, thar thréimhse dhá mhí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, le laghdú mór ar an méid earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n‑áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí agus táirgí atá modhnaithe de bheagán ar leibhéal an Aontais.
4.Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha maidir leis na hearraí agus na táirgí dá dtagraítear i mír 2.
5.I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n‑áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír 3 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a chur san áireamh chun críocha frith‑imchéimnithe.
Caibidil VII
Tarmligean a fheidhmiú agus nós imeachta coiste
Airteagal 28
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a chúlghairm aon tráth.
4.Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
5.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
6.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
7.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 29
Feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún
1.Tabharfaidh an Coiste SCCT cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Caibidil VIII
Tuairisciú agus athbhreithniú
Airteagal 30
Tuairisciú agus athbhreithniú ag an gCoimisiún
1.Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.
2.Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais. Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.
3.Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.
Caibidil IX
Comhordú a dhéanamh le leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh
Airteagal 31
Leithdháileadh na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus an oibleagáid deimhnithe SCCT a thabhairt suas
1.Déanfar coigeartú ar na deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 chun go gcuirfear san áireamh a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ar shuiteálacha a tháirgeann, laistigh den Aontas, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos modheolaíocht ríofa i ndáil leis an laghdú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Caibidil X
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 32
Raon feidhme
Le linn idirthréimhse an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha mar oibleagáid tuairiscithe mar a leagtar amach in Airteagail 33 go 35.
Airteagal 33
Earraí a allmhairiú
1.Beidh sé d’oibleagáid ar dhearbhóir a bhfuil earraí á n‑allmhairiú aige oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, mar a leagtar amach in Airteagal 35.
2.Tráth a scaoilfear na hearraí sin i saorchúrsaíocht, ar a dhéanaí, cuirfidh na húdaráis chustaim an dearbhóir ar an eolas faoin oibleagáid dá dtagraítear i mír 1.
3.Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin faisnéis mar gheall ar earraí allmhairithe, lena n‑áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra, cód AC 8 ndigit, líon, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n‑earraí, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.
Airteagal 34
Oibleagáid tuairiscithe i dtaca le nósanna imeachta áirithe custaim
1.I gcás earraí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, áireofar san oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 33(1) earraí a chuirtear faoin nós imeachta próiseála isteach agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, fiú mura liostaítear an táirge próiseáilte san Iarscríbhinn sin.
2.Ní bhainfidh an oibleagáid tuairiscithe le hallmhairiú na nithe seo a leanas:
(a)táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach dá dtagraítear in Airteagal 259 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(b)earraí allmhairithe a cháilíonn mar earraí arna dtabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 35
Oibleagáid tuairiscithe
1.Cuirfidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (‘tuarascáil SCCT’) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin nó, sa chás gur allmhairíodh na hearraí go dtí níos mó ná Ballstát amháin, faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit a roghnóidh an dearbhóir, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.
2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil SCCT:
(a)cainníocht iomlán gach cineál earraí, arna sloinneadh in uaireanta meigeavata i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile; agus arna sonrú in aghaidh na suiteála a tháirgeann na hearraí sa tír thionscnaimh;
(b)iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh na meigeavatuaire leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2, in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(c)iomlán na n‑astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6;
(d)an praghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n‑astaíochtaí leabaithe sna hearraí allmhairithe, nach bhfuil faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.
3.Cuirfidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.
4.Déanfaidh an t‑údarás inniúil pionós comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhearbhóirí nach gcuirfidh isteach tuarascáil SCCT.
5.Má chinneann an t‑údarás inniúil nár chomhlíon dearbhóir an oibleagáid tuarascáil SCCT a chur isteach mar a shonraítear i mír 1, déanfaidh an t‑údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir mar a leanas:
(a)go bhfuil an t‑údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir an oibleagáid a chomhlíonadh tuarascáil a chur isteach do ráithe ar leith;
(b)na cúiseanna atá lena chonclúid;
(c)méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir;
(d)an dáta óna mbeidh an pionós dlite;
(e)an gníomh a mheasann an t‑údarás inniúil gur cheart don dearbhóir a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus
(f)go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir achomharc a dhéanamh faoi rialacha náisiúnta.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n‑áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n‑astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n‑áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.
7.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
Caibidil XI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
3.De mhaolú ar mhír 2:
(a)Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2025.
(b)Beidh feidhm ag Airteagal 35 go dtí an 28 Feabhra 2026.
(c)Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 17 ón 1 Meán Fómhair 2025.
(d)Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.Cineál an togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairisciúcháin
2.2.Córas bainistíochta agus rialúcháin
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
× beart nua
◻ beart nua a leanann tionscadal píolótach/réamhbheart
◻ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
I bhfianaise an mhéadaithe ar uaillmhianta aeráide an Aontais, tá sé de chuspóir uileghabhálach le tabhairt isteach Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
An cuspóir uileghabhálach maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide, déantar mionléiriú breise air i roinnt cuspóirí sonracha, eadhon:
(i) Aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin a ghabhann le huaillmhian mhéadaithe an Aontais.
(ii) Rannchuidiú chun creat beartais cobhsaí agus slán a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin nó i dteicneolaíochtaí saor ó charbón.
(iii) A áirithiú go mbeidh an táirgeadh baile agus na hallmhairí faoi réir leibhéal comhchosúil praghsála carbóin.
(iv) Táirgeoirí i dtríú tíortha a bhíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach a spreagadh chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a úsáid.
(v) A áirithiú gur beart éifeachtach a bheidh ann agus go n‑íoslaghdaítear an riosca go ndéanfar imchéimniú air, agus dá réir sin go gcuirfear sláine comhshaoil ar fáil.
(vi) A áirithiú gur ualach riaracháin comhréireach a bheidh ar ghnólachtaí agus ar údaráis phoiblí agus iad ag cur an bhirt i bhfeidhm.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo
Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Le tabhairt isteach sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, beartaítear laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in AE-27 agus sa chuid eile den domhan sna hearnálacha a chumhdaítear leis an sásra. Táthar ag súil freisin go laghdóidh an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha na rioscaí sceite carbóin, agus dá bhrí sin go ngabhfaidh sé, de réir a chéile, ionad an leithdháilte lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.
Maidir le tionchair eacnamaíocha, léiríonn an samhaltú go bhféadfadh laghdú de 0.22 % go 0.23 % teacht, in 2030, ar an olltáirgeacht intíre i gcás AE-27, mar gheall ar thabhairt isteach an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus beart eile a bhfuil gá leo chun uaillmhianta méadaithe aeráide an Aontais a bhaint amach. Tionchar measartha a imreofar ar thaobh na hinfheistíochta. Ar thaobh an tomhaltais, dealraíonn sé go mbeidh éifeacht dhiúltach a bheidh níos láidre de bheagán ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha i gcoibhneas leis an gcás ina mbeadh méadú ar an uaillmhian mhéadaithe aeráide agus gan aon SCCT ann.
Mar go laghdóidh sé an sceitheadh carbóin go héifeachtach, is é an toradh a bheidh ar thabhairt isteach an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha go laghdófar méid na n‑allmhairí in AE-27. Ar an iomlán, is teoranta an tionchar sóisialta a bheidh ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha.
Tá coinne leis go mbeidh tionchair riaracháin aige ar na húdaráis náisiúnta agus ar ghnólachtaí. Ar an iomlán, is é a mheastar, i dtaca leis na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí agus ar na húdaráis, go mbeidh na costais sin comhréireach agus go mbeidh siad inbhainistithe i bhfianaise thairbhí comhshaoil an bhirt.
Cé nach cuspóir de chuid an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha é ioncam a ghiniúint, is é a mheastar go nginfear ioncam breise, agus is é EUR 2.1 billiún breise an meastachán le haghaidh 2030.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Cuspóirí
|
Táscairí
|
Uirlisí tomhais/foinsí sonraí
|
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú
|
-Leibhéal na n‑astaíochtaí san Aontas Eorpach
-Leibhéal na n‑astaíochtaí ar fud an domhain
|
-Staidreamh maidir le hastaíochtaí
-Staidreamh earnála
|
Dreasachtaí a thabhairt do phróisis táirgthe níos glaine i dtríú tíortha
|
-Éabhlóid na n‑astaíochtaí iarbhír i gcás earnálacha SCCT i dtríú tíortha
|
-Leibhéal na n‑astaíochtaí arna léiriú ag táirgeoirí tríú tíortha atá faoi réir SCCT
|
Sceitheadh carbóin a chosc
|
-Mar tháscairí ar na hastaíochtaí GCT teasa thuasluaite
-An leibhéal astaíochtaí san Aontas i gcoibhneas leis an leibhéal astaíochtaí ar fud an domhain
-Sreafaí trádála in earnálacha SCCT
-Sreafaí trádála iartheachtacha
|
-Staidreamh maidir le hastaíochtaí
-Staidreamh trádála
-Staidreamh earnála
|
Comhleanúnachas le beartais an Aontais a áirithiú
|
-Praghas na ndeimhnithe allmhairiúcháin i gcomhréir leis an bpraghas in CTA AE
|
-Staidreamh ó CTA AE agus ó na húdaráis SCCT
|
An t‑ualach riaracháin a laghdú
|
-Déileáil ar bhealach tráthúil le forfheidhmiú SCCT (e.g. féidearthacht nós imeachta réitigh)
-An mhinicíocht lena nuashonraítear praghsáil CTA AE
-Seiceálacha, a dhéanfaidh an t‑allmhaireoir, ar leibhéal iarbhír na n‑astaíochtaí
|
-Aiseolas ón earnáil tionscail agus ó na húdaráis phoiblí atá freagrach as SCCT a chur chun feidhme
-An líon foirne is gá le haghaidh riarachán SCCT
|
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne le haghaidh rolladh amach chur chun feidhme an tionscnaimh
Tá sé i gceist an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a thabhairt isteach in 2023. Beidh córas simplithe de chuid na scéime SCCT i bhfeidhm sna chéad bhlianta tar éis an teacht i bhfeidhm. Go sonrach, beidh idirthréimhse i bhfeidhm chun feidhmiú rianúil an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a éascú agus chun deis a thabhairt do na trádálaithe agus do na hallmhaireoirí dul in oiriúint don Sásra. Ar na simplithe sin tá na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm ag an teorainn nuair a allmhairítear earraí agus úsáid luachanna réamhshocraithe chun an oibleagáid SCCT a chinneadh.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, an deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach (ex ante) go bunúsach, is saincheist thrasteorann é laghdú na n‑astaíochtaí GCT, agus éilíonn sí gníomhaíocht éifeachtach ar an scála is mó is féidir. Tá an tAontas Eorpach, mar eagraíocht fhornáisiúnta, in ann beartas aeráide éifeachtach a bhunú san Aontas, faoi mar atá déanta aige le CTA AE.
Tá praghas comhchuibhithe carbóin ann cheana féin ar leibhéal an Aontais. Is éard atá sa mhéid sin an praghas atá mar thoradh ar CTA AE le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an gcóras. Tá na hearnálacha sin dian ar fhuinneamh agus tá siad faoi réir iomaíocht idirnáisiúnta. Chun margadh aonair dea-fheidhmiúil a áirithiú nuair a mhéadóidh an tAontas a uaillmhian i leith na haeráide, tá sé ríthábhachtach cothrom iomaíochta a chruthú do na hearnálacha ábhartha sa mhargadh inmheánach. Is é t‑aon bhealach amháin chun sin a dhéanamh go héifeachtach ná beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Aon tionscnamh a dhéanfar, ní mór é a chur chun feidhme ar bhealach a chuirfidh ar fáil d’allmhaireoirí – gan beann ar an tír thionscnaimh nó ar an gcalafort iontrála ná ar an gceann scríbe laistigh den Aontas – coinníollacha aonfhoirmeacha agus dreasachtaí le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí GCT atá coibhéiseach leo siúd atá ag na táirgeoirí baile.
Beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, sin é an t‑aon bhealach fóinteach chun coibhéis a áirithiú idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí.
An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex‑post): I dtaca le laghdú na n‑astaíochtaí GCT agus le cosaint ar an riosca sceite carbóin i margadh aonair an Aontais, is ar leibhéal an Aontais is fearr a dhéanfar an méid sin agus in éineacht le CTA AE. Ina theannta sin, i dtaca leis an ngá atá le costais riaracháin íosta, is é an bealach is fearr chun é sin a bhaint amach ná rialacha comhsheasmhacha a bhunú don mhargadh aonair ina iomláine, agus ar an dóigh sin béim bhreise á leagan ar an mbreisluach a ghabhann le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Dheimhnigh an comhairliúchán poiblí go ngabhann breisluach le beart a dhéanamh maidir le SCCT ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, aontaíonn na páirtithe leasmhara go bhfuil gá le SCCT AE mar gheall ar na difríochtaí uaillmhéine atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan agus chun tacú leis na hiarrachtaí domhanda maidir leis aeráid. Ina theannta sin, i bhfianaise sheasamh an Aontais Eorpaigh sa trádáil idirnáisiúnta, má thugann sé isteach SCCT, beidh an‑éifeacht aige, de bharr a éifeachta comhshaoil ar na huaillmhianta idirnáisiúnta aeráide, mar eiseamláir a d’fhéadfaí a leanúint.
Dá réir sin, tá gá – d’uireasa beartais dhomhanda a bheadh chomh huaillmhianach céanna – le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun an cuspóir maidir le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le neodracht aeráide a shroicheadh.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Sásra nua is ea an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha. Rogha na tosaíochta sa Mheasúnú Tionchair, tarraingíonn sí ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé d’aidhm aici cuid dá shainghnéithe a chur chun fónaimh do SCCT.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
I gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, comhaontú a síníodh i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ‘[go n‑]oibreoidh na hinstitiúidí chun acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach d’fhonn méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis agus a bhaineann leis an aisíocaíocht a chumhdach’ i gcás NextGenerationEU. Mar chuid den sainordú a fuarthas, iarradh ar an gCoimisiún togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thíolacadh sa chéad seimeastar de 2021, d’fhonn é a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear an fhéidearthacht ath‑leithdháileadh a dhéanamh
Is le buiséad an Aontais a mhaoineofar costais chur chun feidhme SCCT.
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
◻ tréimhse theoranta
–◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go dtí BBBB i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go dtí BBBB i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
× tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é, le hidirthréimhse thosaigh, ón 1 Eanáir 2023
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
✓ Bainistiú díreach ag an gCoimisiún
–◻ a dhéanfaidh a ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
a dhéanfaidh na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.
◻ Bainistíocht chomhroinnte management de chomhroinnt leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreachtrí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur faoina gcúram seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);
–◻ an Banc Infheistíochta Eorpach agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuirfidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a bhfuil curtha de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthróidh ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a bhfuil curtha de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, agus a shainaithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’, le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairisciúcháin
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus chun meastóireacht a dhéanamh air i dtaca leis na príomhchuspóirí beartais. Ó tá sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ar cheann de na tograí beartais faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, d’fhéadfaí an faireachán agus an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le beartais eile an phacáiste.
Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras riaracháin freisin tar éis na chéad bhliana oibríochta, agus áirítear leis sin aon saincheisteanna maidir le rialachas a shainaithint, maille le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh air. Ina theannta sin, nuair a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar raon feidhme an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha chun a fhéachaint an bhféadfaí é a leathnú chun astaíochtaí ó earnálacha breise a chumhdach agus é a leathnú níos faide síos sa slabhra luacha. Chuige sin, is gá faireachán a dhéanamh ar éifeacht an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha ar na hearnálacha ‘gearrliosta’.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Tríd SCCT a shocrú ar nós CTA AE agus trí thairbhe a bhaint as na húdaráis náisiúnta inniúla, is féidir SCCT a chur chun feidhme go pras. Ina theannta sin, trí theorannú a fheidhmeanna, go háirithe trí TF a dhéantar ar an leibhéal lárnach, ba cheart go n‑áiritheofaí comhar agus comhoibriú i gcur chun feidhme SCCT.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
An sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha atá beartaithe, beidh sé bunaithe ar chóras dearbhaitheach, rud lena mbaineann an riosca go mbeadh neamhdhearbhú nó mídhearbhú ann.
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le neamhdhearbhú, teastaíonn údarú ón gcóras sula n‑allmhairítear earraí atá faoi raon feidhme an Rialacháin. Beidh sé de chúram ar na húdaráis chustaim náisiúnta an riail sin a fhorfheidhmiú trí gan na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht fad is nach bhfuil údarú ag an dearbhóir i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le mídhearbhú, beidh córas iniúchóireachta ar chritéir mheasúnaithe riosca i bhfeidhm, mar aon le hiniúchtaí randamacha, agus beidh in éineacht leis sin smachtbhannaí a bheidh socraithe ag leibhéal sách ard chun an mídhearbhú a dhíspreagadh. Déanfar iniúchóireacht ag leibhéal na ndearbhuithe SCCT – is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanfaidh í – agus ag leibhéal na ndearbhuithe allmhairiúcháin, rud a dhéanfaidh údaráis chustaim.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth dhéanamh na híocaíochta agus tráth dhúnadh an chláir)
Is é ról na n‑údarás náisiúnta rialú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, go háirithe ar thabhairt suas deimhnithe SCCT agus ar bhailiú cistí. Cuirfear córas bainistithe riosca i bhfeidhm chun rialuithe costéifeachtacha a áirithiú.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. bearta sa Straitéis Frithchalaoise.
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.
Dearbhóir údaraithe a mhainníonn, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon deimhnithe CBAM a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin nó a chuireann faisnéis bhréagach, a bhaineann le hastaíochtaí iarbhír, faoi bhráid an údaráis náisiúnta inniúil d’fhonn cóir fhabhrach a fháil dó féin, beidh sé faoi dhliteanas pionós a íoc.
Is ar na pionóis a ghearrtar faoi CTA AE a bhunófar méid an phionóis sin. Fiú amháin agus go n‑íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas don údarás náisiúnta inniúil.
I gcás cionta arís agus arís eile, féadfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil cinneadh a dhéanamh cuntas an dearbhóra a chur ar fionraí.
Tabharfar tuilleadh mionsonraí faoi chur i bhfeidhm na bpionós, i ngníomhartha cur chun feidhme.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Na ceannteidil den chreat airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid a ndéantar difear dóibh
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
An ceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
7
|
20 01 02 01
|
LN
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
·Línte nua bhuiséid atáthar a iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
An ceannteideal den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
An cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
3
|
09.20.YY – Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha
|
Difreáilte
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
Níl
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Praghsanna reatha
An ceannteideal den chreat airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
3 Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol
|
AS: TAXUD
|
|
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
1.3
|
2.25
|
2.45
|
1.8
|
1.65
|
1.55
|
11.1
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
1.3
|
2.25
|
2.45
|
1.8
|
1.65
|
1.55
|
11.1
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi chomhair AS TAXUD
|
Gealltanais
|
=1a
|
1.3
|
2.25
|
2.45
|
1.8
|
1.65
|
1.55
|
11.1
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a
|
1.3
|
2.25
|
2.45
|
1.8
|
1.65
|
1.55
|
11.1
|
An ceannteideal den chreat airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Praghsanna reatha
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
CAA 2021-2027
|
AS: TAXUD
|
• Acmhainní daonna
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
• Caiteachas riaracháin eile – Misin
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS TAXUD
|
Leithreasuithe
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
IOMLÁN na leithreasuithe
Faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Praghsanna reatha
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
CAA 2021-2027
|
IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
3.114
|
2.566
|
2.416
|
2.316
|
1.712
|
12.124
|
|
Íocaíochtaí
|
3.114
|
2.566
|
2.416
|
2.316
|
1.712
|
12.124
|
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe riaracháin an Choimisiúin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–×
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
2021
|
Bliain
2022
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
1.064
|
1.216
|
1.216
|
1.216
|
0.912
|
5.624
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–×
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
7
|
8
|
8
|
8
|
6
|
6
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: CLA)
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa Cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
7
|
8
|
8
|
8
|
6
|
6
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Leis an rialachán maidir le SCCT, ceanglaítear ar an gCoimisiún le roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh nuair a ghlacfar an rialachán maidir le SCCT. Beidh foireann an Choimisiúin ag teastáil freisin chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú chóras SCCT agus chun an córas TF a chur chun feidhme.
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
✓
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam
◻
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
✓
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
✓
ar acmhainní dílse
◻
ar ioncam eile
◻ Má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil faoi chomhair na bliana airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
2028
|
2029
|
2030
|
Airteagal ………….
|
|
0
|
0
|
0
|
1,510
|
1,660
|
1,810
|
1,960
|
2,110
|
Nóta: Ní mheastar go nginfidh SCCT ioncam san idirthréimhse 2023 go 2025.
Le linn na céime cinntithí de SCCT, eadhon ó 2026, beidh ioncam bliantúil SCCT ag brath ar mhéid an chéimnithe amach a dhéanfar ar an leithdháileadh saor in aisce agus ar chéimniú isteach an bhirt teorann faoi seach.
In 2030, meastar go n‑ardóidh an beart teorann, as féin amháin, an t‑ioncam iomlán bliantúil go EUR 2.1 billiún agus EUR 7 mbilliún d’ioncam breise.
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a ndéantar difear dóibh.
Sonraigh an modh lena ríomhfar an tionchar ar ioncam.
Úsáideadh samhail JRC GEM-E3 chun meastachán a dhéanamh ar an ioncam a ghinfidh SCCT.