Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0534

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (‘Coinbhinsiún Heilsincí’) maidir le Moladh a ghlacadh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

    COM/2021/534 final

    An Bhruiséil,3.9.2021

    COM(2021) 534 final

    2021/0285(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (‘Coinbhinsiún Heilsincí’) maidir le Moladh a ghlacadh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.Ábhar an togra

    Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint i ndáil le Moladh a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún Heilsincí a leasú

    2.Comhthéacs an togra

    2.1.Coinbhinsiún Heilsincí

    Is é is aidhm don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (‘an Coinbhinsiún’) muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a chosaint ar gach foinse truaillithe, ar thionsclú agus ar ghníomhaíochtaí eile an duine. Tháinig sé i bhfeidhm an 3 Bealtaine 1980. Leasaíodh an Coinbhinsiún in 1992.

    Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún 1 .

    2.2.An Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM)

    Tá an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint – ar a dtugtar Coimisiún Heilsincí (HELCOM) freisin – comhdhéanta d’ionadaithe ó gach ceann den 10 bPáirtí Chonarthacha 2 sa Choinbhinsiún. Tagann sé le chéile go tráthrialta agus ag aon am a éilítear sin de bharr imthosca speisialta. Áirítear leis na dualgais atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhail an limistéir mhuirí, ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh, ar na tosaíochtaí agus ar an ngá atá le haon bheart breise nó éagsúil.

    De réir Airteagal 23 den Choinbhinsiún, tá vóta amháin sa Choimisiún ag gach Páirtí Conarthach. Tá an tAontas i dteideal líon vótaí atá cothrom leis an líon Ballstát is Páirtithe Conarthacha don Choinbhinsiún. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.

    De réir Airteagal 19(5) den Choinbhinsiún, déanfaidh an Coimisiún cinntí de réir vóta d’aon toil ag na Páirtithe Conarthacha, mura bhforáiltear a mhalairt.

    2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint

    An 20 Deireadh Fómhair 2021, le linn Chruinniú Aireachta HELCOM 2021, glacfaidh an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint Moladh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún Heilsincí a leasú (‘an gníomh atá beartaithe’).

    Is é is cuspóir don leasú ceanglais Chuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a nuachóiriú, trí na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch maidir le dea-chleachtais talmhaíochta agus gluais nua téarmaí a chur san áireamh, agus reachtaíocht an Aontais arb ann di cheana á cur san áireamh, agus mír nua a chur isteach maidir le hathchúrsáil cothaitheach bunaithe ar thorthaí Chruinniú Aireachta an Choimisiúin sa Bhruiséil in 2018 a tionóladh faoi chathaoirleacht an Aontais Eorpaigh.

    Tar éis an gníomh atá beartaithe a ghlacadh, cuirtear tús le nós imeachta um ghlacadh intuigthe Airteagal 32 den Choinbhinsiún chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú. Beidh an leasú ar Chuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ina cheangal ar an Aontas.

    3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

    Aithníodh arís agus arís eile an gá atá le bithéagsúlacht mhuirí agus éiceachórais mhuirí i Muir Bhailt a chosaint, lena n‑áirítear sna limistéir mhuirí lasmuigh de dhlínse náisiúnta.

    Is é is aidhm don leasú ar Chuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún Heilsincí maidir le ‘Truailliú ón Talmhaíocht a Chosc’ ceanglais an Choinbhinsiúin a nuachóiriú. Go háirithe, rinneadh mír 3 maidir le stóráil aoiligh agus mír 6 maidir le húsáid aoileach orgánach a leasú chun forbairtí a rinneadh le déanaí san eolas eolaíoch a mhéid a bhaineann le dea-chleachtais talmhaíochta a chur san áireamh. Ina theannta sin, tugtar isteach mír nua maidir le hathchúrsáil cothaitheach chun na gealltanais a tugadh i ndáil leis sin i nDearbhú HELCOM 2018 faoi Chathaoirleacht an Aontais a léiriú, chomh maith le gluais nua téarmaí, agus reachtaíocht an Aontais arb ann di cheana á cur san áireamh.

    I bhfianaise Chruinniú Aireachta HELCOM i mí Dheireadh Fómhair 2021, tá gá le seasamh ón Aontas toisc go n‑osclófar, leis an Moladh atá beartaithe, nós imeachta um ghlacadh intuigthe Airteagal 32 den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú. Beidh an leasú ar Chuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ina cheangal ar an Aontas. Toisc go nuachóireofar ceanglais a bhaineann le cosaint Mhuir Bhailt, go modhnófar gealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis an leasú ar an Iarscríbhinn, tá sé beartaithe go dtacóidh an tAontas le glacadh an Mholta.

    4.Bunús dlí

    4.1.Bunús dlí don nós imeachta

    4.1.1.Prionsabail

    Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

    Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

    4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Comhlacht atá sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint arna chur ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt.

    Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar an gCoimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe, mar go gcuirtear tús le nós imeachta um ghlacadh intuigthe Airteagal 32 den Choinbhinsiún chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú.

    Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Choinbhinsiúin ná ní leasaítear é.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.2.Bunús dlí substainteach

    4.2.1.Prionsabail

    An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

    4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

    Baineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.

    Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE an bunús dlí don nós imeachta atá leis an gcinneadh atá beartaithe.

    4.3.Conclúid

    Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atáthar a mholadh.

    2021/0285 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (‘Coinbhinsiún Heilsincí’) maidir le Moladh a ghlacadh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, arna athbhreithniú in 1992 (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh 94/157/CE ón gComhairle 4 .

    (2)De bhun Airteagal 32 den Chomhaontú, féadfaidh an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint leasuithe ar iarscríbhinní an Chomhaontaithe a ghlacadh.

    (3)Le linn chruinniú Aireachta 2021 ar an 20 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint Moladh chun Cuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

    (4)Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint a leagan síos, mar go nglactar leasuithe ar na hIarscríbhinní arna moladh ag an gCoimisiún tríd an nós imeachta um ghlacadh intuigthe dá bhforáiltear in Airteagal 32 den Chomhaontú. Beidh an leasú ar Chuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú ina cheangal ar an Aontas

    (5)Toisc go nuachóireofar ceanglais a bhaineann le cosaint Mhuir Bhailt, go modhnófar gealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis an leasú atá beartaithe ar Chuid II d’Iarscríbhinn III, tá sé beartaithe go dtacóidh an tAontas le glacadh an Mholta.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú Aireachta 2021 an Choimisiúin chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint tacú le glacadh an Mholta chun Cuid II d’Iarscríbhinn III de Choinbhinsiún Heilsincí a leasú.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    (1)    IO L 73, 16.3.1994, lch. 19.
    (2)    An Danmhairg, an Eastóin, an tAontas Eorpach, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Cónaidhm na Rúise agus an tSualainn.
    (3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
    (4)    IO L 73, 16.3.1994, lch. 19.
    Top