Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument 52021PC0352

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, i ndáil le seasamh á ghlacadh i dtaobh an Chinnidh maidir le dealú agus an Mholta maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA)

COM/2021/352 final

An Bhruiséil,30.6.2021

COM(2021) 352 final

2021/0173(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, i ndáil le seasamh á ghlacadh i dtaobh an Chinnidh maidir le dealú agus an Mholta maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint i ndáil le Cinneadh a ghlacadh maidir le dealú agus Moladh maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA) laistigh den Choinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘Coinbhinsiún OSPAR’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.Coinbhinsiún OSPAR

Tá sé d’aidhm ag Coinbhinsiún OSPAR limistéar muirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha atá ag gníomhaíochtaí an duine, chun sláinte an duine a chosaint, agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus, nuair is indéanta, limistéir mhuirí a ndearnadh dochar dóibh a athshlánú. Tá 16 Pháirtí Chonarthacha aige: An Bheilg, an Danmhairg, an tAontas Eorpach 1 , an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Íoslainn, Éire, an Ísiltír, an Iorua, an Phortaingéil, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe, Lucsamburg agus an Eilvéis. Bhí an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú ag Cruinniú Aireachta Choimisiúin Osló agus Pháras i bPáras an 22 Meán Fómhair 1992, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

2.2.Coimisiún OSPAR

Tá Coimisiún OSPAR (arna bhunú de réir Airteagal 10 den Choinbhinsiún) comhdhéanta d’ionadaithe de chuid gach ceann de na Páirtithe Conarthacha; tagann sé le chéile go tráthrialta agus ag aon am a éilítear sin de bharr imthosca speisialta. Áirítear leis na dualgais atá air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhail an limistéir mhuirí, ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh, ar na tosaíochtaí agus ar an ngá atá le haon bheart breise nó éagsúil.

De réir Airteagal 20 den Choinbhinsiún, tá vóta amháin sa Choimisiún ag gach Páirtí Conarthach. Tá an tAontas i dteideal líon vótaí atá cothrom leis an líon Ballstát is Páirtithe Conarthacha don Choinbhinsiún. Ní fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála féin, ná ní fheidhmeoidh na Ballstáit a gceart vótála nuair a fheidhmeoidh an tAontas a cheart vótála féin.

De réir Airteagal 15(3) den Choinbhinsiún, glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar an gCoinbhinsiún de réir vóta d’aon toil ag na Páirtithe Conarthacha.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR

An 1 Deireadh Fómhair 2021 le linn na coda aireachta dá chruinniú bliantúil, glacfaidh Coimisiún OSPAR Cinneadh maidir le dealú mar aon le Moladh maidir le bainistiú NACES MPA (‘na gníomhartha atá beartaithe’).

Leis an gCinneadh ó OSPAR atá beartaithe maidir le dealú, bunaítear NACES MPA trí chomhordanáidí geografacha (domhanleithead/domhanleithead) a theorainneacha a léiriú. Is é is aidhm do Mholadh OSPAR maidir le Bainistiú NACES MPA treoir a thabhairt do Pháirtithe Conarthacha OSPAR maidir le bearta a ghlacadh chun éanlaith mhara agus na héiceachórais a chosaint agus a chaomhnú lena n‑áirítear a mbithéagsúlacht agus na próisis lena dtacaítear leis na pobail sin i gcomhréir leis na cuspóirí caomhnaithe ginearálta agus sonracha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo.

Tá na hanailísí eolaíocha tacaíochta a cuireadh i gcrích chun tábhacht an limistéir sin a shainaithint mar láithreán foráiste d’éanlaithe mara curtha i láthair i ndoiciméad cuimsitheach a foilsíodh i mí na Nollag 2020 2 . Dá n‑ainmneofaí é, bheadh an MPA molta ar an MPA is mó i líonra OSPAR. Clúdaíonn sé beagnach 600 000 km² (achar atá ar mhéid na Fraince), agus bheadh sé ar an ochtú MPA arna ainmniú i dteannta a chéile sa limistéar lasmuigh den dlínse náisiúnta laistigh de limistéar muirí OSPAR.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Aithníodh arís agus arís eile an gá atá le bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara a chosaint, lena n‑áirítear sna limistéir mhuirí lasmuigh de dhlínse náisiúnta. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020, iarrtar uaillmhian mhór ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, agus fáiltítear roimh an gcuspóir maidir le híosmhéid 30 % de limistéar farraige an Aontais a chosaint, limistéar a bhfuil an tríú cuid de faoi chosaint dhocht, arb ionann é agus 10 % d’fharraige iomlán an Aontais. Cuireann siad i bhfios go láidir freisin gur cuspóir é sin atá le baint amach ag na Ballstáit le chéile agus aithníonn siad an géarghá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bainistiú éifeachtach na limistéar uile atá faoi chosaint a áirithiú, chun cuspóirí agus bearta soiléire caomhnaithe a shainiú, a neartú agus chun faireachán iomchuí a dhéanamh orthu. Thairis sin, leagann siad béim ar a thábhachtaí atá sé sineirgí agus comhthairbhí a lorg le Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, amhail OSPAR, agus ar a thábhachtaí atá sé breithnithe agus cuspóirí bithéagsúlachta a chomhtháthú i bpróisis ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha. Sa chomhthéacs sin, deimhníonn siad go dtacaíonn an tAontas le comhaontú idirnáisiúnta uaillmhianach atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt i gcrích maidir le bithéagsúlacht mhuirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) in 2021. Ar deireadh, athdhearbhaíonn siad tacaíocht an Aontais chun trí Limistéar Muirí faoi Chosaint a ainmniú san Aigéan Theas faoi chuimsiú an Choimisiúin um Chaomhnú Beo‑Acmhainní Muirí Antartacha.

I bhfianaise chruinniú Aireachta OSPAR i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn, tá gá le seasamh ón Aontas toisc gur téacs atá ceangailteach de réir dlí é Cinneadh OSPAR maidir le dealú, a ghlacfar in éineacht leis an Moladh maidir le bainistiú MPA. Fiú mura mbeadh an Moladh ceangailteach ó thaobh dlí de, moltar go gclúdódh seasamh an Aontais ‘na gníomhartha atá beartaithe’ mar go bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile. Toisc go n‑éascóidh siad cur chun feidhme ghealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsóidh siad cosaint an chomhshaoil, tá sé beartaithe go dtacóidh an tAontas le glacadh an Chinnidh agus an Mholta.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist.

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht a bunaíodh le comhaontú, mar atá Coinbhinsiún OSPAR, é Coimisiún OSPAR.

Is éard atá sa Chinneadh a iarrtar ar Choimisiún OSPAR a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis, toisc go bhfuil gach Cinneadh de chuid OSPAR ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe Conarthacha, de réir Choinbhinsiún OSPAR (Airteagal 13§2). Cé nach bhfuil na Moltaí ceangailteach ó thaobh dlí, sa chás seo, tá dlúthbhaint ag Moladh OSPAR maidir le Bainistiú MPA NACES le Cinneadh OSPAR maidir le dealú agus, dá bhrí sin, is iomchuí iad a chumhdach leis an seasamh céanna de chuid an Aontais.

Leis na gníomhartha atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Choinbhinsiún OSPAR.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí an nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a mholadh.

2021/0173 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar chuid den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, i ndáil le seasamh á ghlacadh i dtaobh an Chinnidh maidir le dealú agus an Mholta maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh 3 (‘an Coinbhinsiún’), a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach ann, i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

(2)De bhun Airteagal 10(3) den Choinbhinsiún, féadfaidh an Coimisiún a bunaíodh le hAirteagal 10(1) den Choinbhinsiún (‘Coimisiún OSPAR’) Cinntí agus Moltaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún.

(3)Le linn an 24ú seisiún /cruinniú a bheidh aige ar an 1 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh Coimisiún OSPAR Cinneadh maidir le dealú agus Moladh maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (“NACES MPA”).

(4)Leis an gCinneadh atá beartaithe ó Choimisiún OSPAR, bunaítear NACES MPA trína theorainneacha a léiriú.

(5)Is é is aidhm don Mholadh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR páirtithe conarthacha a threorú ina gcuid gníomhaíochtaí agus bearta a ghlacadh chun na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh a bhaint amach.

(6)Tá dlúthnasc ann idir an dá ghníomh atá beartaithe ag Coimisiún OSPAR agus, dá bhrí sin, is iomchuí iad a chumhdach leis an seasamh céanna ag an Aontas.

(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoimisiún OSPAR a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ó Choinbhinsiún OSPAR ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 24ú seisiún/cruinniú de Choimisiún OSPAR chun tacú le glacadh an Chinnidh maidir le dealú agus an Mholta maidir le bainistiú Limistéar Muirí faoi Chosaint Fheacht an Atlantaigh Thuaidh agus Thulán Grinnil Evlanov (NACES MPA).

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1997 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1)
(2)     https://www.ospar.org/documents?v=43885  
(3)    IO L 104, 3.4.1998, lch. 2.
nach oben