AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.4.2021
COM(2021) 196 final
2018/0202(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú le haghaidh Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
2018/0202 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú le haghaidh Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
1.Cúlra
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 380 final – 2018/0202 (COD))
|
an 30 Bealtaine 2018
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
12 Nollaig 2018
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh
|
16 Eanáir 2019
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le cur chuige ginearálta Páirteach
Dáta na gcruinnithe tríthaobhacha
Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil i gCoiste na mBuanionadaithe
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad léamh
|
15 Márta 2019
4 Feabhra 2020
15 Deireadh Fómhair 2020
27 Deireadh Fómhair 2020
16 Nollaig 2020
20 Eanáir 2021
19 Aibreán 2021
|
|
|
|
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is ionstraim speisialta é an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) atá lasmuigh d’uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil agus atá os cionn na n‑uasteorainneacha sin, rud a ligfidh don Aontas i gcónaí freagairt d’imthosca gan choinne. Is léiriú nithiúil é CED ar dhlúthpháirtíocht an Aontais le hoibrithe Eorpacha a bhfuil a bpoist caillte acu de dheasca teagmhas suntasach athstruchtúrúcháin. Tairgtear cúnamh d’oibrithe iomarcacha i bhfoirm pacáiste de bhearta pearsantaithe, arb é is aidhm dó iad a athimeascadh i bhfostaíocht inbhuanaithe a luaithe is féidir. Is é príomhchuspóir an togra a áirithiú nach stopfaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) ag feidhmiú tar éis an 31 Nollaig 2020.
Is iad seo a leanas na príomhbhearta a mhol an Coimisiún chun an ciste a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos freagrúla:
–Raon feidhme níos leithne maidir lena chur i bhfeidhm – chun é a chur ar a chumas don chiste freagairt ar bhealach níos solúbtha d’fhorbairtí eacnamaíocha amhail an t‑uathoibriú, an digitiú nó an t‑aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, leathnaítear an raon feidhme; dá bhrí sin, is é an tionchair a mheastar a bheadh ag teagmhas suntasach athstruchtúrúcháin a spreagfadh slógadh an chiste, ní an rud arbh é is cúis leis an teagmhas sin;
–Tairseach níos ísle - is gá 250 duine a bheith curtha as a bpost seachas 500 duine chun iarratas a chur isteach;
–Sonraí faireacháin níos mionsonraithe – go háirithe faoi chatagóir na n‑oibrithe (cúlra gairmiúil agus cúlra oideachais), a stádas fostaíochta agus an cineál fostaíochta a fuarthas; bailiú sonraí cáilíochtúla trí bhíthin suirbhé ar na tairbhithe;
–Scaipeadh scileanna digiteacha – é sin a bheith mar chuid éigeantach den phacáiste beart a thairgtear do na hoibrithe dífhostaithe;
–Nós imeachta um shlógadh atá simplithe agus níos tapúla – ní bheadh ach aon bheart amháin (iarratas ar aistriú buiséadach) ag teastáil. Ní bheadh gá a thuilleadh le togra ón gCoimisiún maidir leis an slógadh, toisc go mbeadh na hiarratais bunaithe ar aon chritéar idirghabhála amháin, is é sin an líon daoine atá dífhostaithe laistigh de thréimhse thagartha shainithe;
–Ráta cómhaoinithe ailínithe leis an ráta cómhaoinithe CSE+ is airde den Bhallstát lena mbaineann – chun iomaíocht idir na cistí a sheachaint.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Tá an seasamh ón gComhairle ina léiriú ar an gcomhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha. I gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún, áirítear an méid seo a leanas ar na hathruithe is mó tábhacht a tugadh isteach:
–Ainm an Chiste: athraítear ainm an chiste go ‘An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú le haghaidh Oibrithe Iomarcacha (CED)’. Coinneofar an giorrúchán reatha, CED;
–Critéir idirghabhála: an tairseach a laghdú tuilleadh go 200 duine curtha as a bpost, ach na tréimhsí tagartha mar atá sa togra ón gCoimisiún a choinneáil;
–Ráta cómhaoinithe: mar aon leis an ráta cómhaoinithe CSE+ is airde sa Bhallstát lena mbaineann, tugtar isteach íosráta cómhaoinithe 60 %;
–An nós imeachta um shlógadh: cé go ndearnadh foráil maidir le nós imeachta um shlógadh atá simplithe agus níos tapúla sa togra ón gCoimisiún, d’aontaigh na comhreachtóirí an nós imeachta um shlógadh atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun le linn na caibidlíochtaí cothrománacha faoi CAI. Oiriúnaíodh an Rialachán maidir le CED dá réir;
–Creat bainistíochta feidhmíochta: scriostar an táscaire toraidh fhadtéarmaigh atá dlite 18 mí tar éis dheireadh chur chun feidhme an cháis. Thairis sin, aistrítear an fhreagracht chun anailís a dhéanamh ar na torthaí ón suirbhé ar na tairbhithe ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún. Scriostar cumhachtú an Choimisiún chun athrú a dhéanamh ar an tacar táscairí trí bhíthin gníomh tarmligthe;
–Fad an Rialacháin maidir le CED: Mhol an Coimisiún fad neamhtheoranta maidir le CED i gcomhréir le hionstraimí speisialta eile atá lasmuigh d’uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus os cionn na n‑uasteorainneacha sin. Leis an seasamh ón gComhairle tugtar isteach teorainn ama maidir le tréimhse CAI (2021-2027);
–Sonraí faoi na tairbhithe a bhailiú agus a phróiseáil: Leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach an 16 Nollaig 2020, cumhdaítear oibleagáidí ar na Ballstáit sonraí a bhailiú ar bhealach atá idir-inoibritheach chun neamhrialtachtaí agus calaois a bhrath, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún uirlis aonair mianadóireachta sonraí a fhorbairt agus a chur ar fáil do na Ballstáit ionas go mbeidh siad in ann í a úsáid. De réir an tseasaimh ón gComhairle, ní dhéantar ach moladh maidir leis an uirlis aonair mianadóireachta sonraí a úsáid, rud a ligeann do na Ballstáit a n‑uirlisí féin a fhorbairt. Ós rud é nach gcloíonn sé sin leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, d’eisigh an Coimisiún an ráiteas a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn.
Is díol sásaimh don Choimisiún é go gcoimeádtar go ginearálta cuspóirí foriomlána an togra tosaigh ón gCoimisiún sa chomhaontú ar thángthas air. A mhéid a bhaineann le bailiú agus próiseáil na sonraí faoi na tairbhithe, d’eisigh sé an ráiteas atá san Iarscríbhinn seo.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle. Maidir leis an bhfoclaíocht ar úsáid uirlis aonair mianadóireachta sonraí, measann an Coimisiún nach gcloíonn an toradh leis an gComhaontú Idirinstitiúideach agus d’eisigh sé ráiteas i ndáil leis an méid sin. Cuirtear an ráiteas i gceangal leis seo.