Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021PC0161

    Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile

    COM/2021/161 final

    An Bhruiséil,8.4.2021

    COM(2021) 161 final

    2021/0085(NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá an Comhaontú um Chomhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na hAirméine tugtha i gcrích le hidirbheartaíocht ag an gCoimisiún de réir mar a d’údaraigh an Chomhairle an 7 Nollaig 2015.

    I láthair na huaire, is ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha idir Ballstáit aonair agus an Airméin a oibrítear aersheirbhísí idir an tAontas agus an Airméin.

    Tá sé ina chuid de bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais comhaontuithe cuimsitheacha maidir le haersheirbhísí a thabhairt i gcrích le hidirbheartaíocht le tíortha comharsanachta, i gcás inar léiríodh go mbeadh breisluach agus tairbhí eacnamaíocha ag gabháil leis na comhaontuithe sin. Tá an Comhaontú seo dírithe ar na haidhmeanna seo a leanas go háirithe:

    - an margadh a oscailt de réir a chéile ó thaobh rochtain ar bhealaí agus acmhainneacht, ar bhonn cómhalartachta;

    - a áirithiú go ndéanfar cóineasú rialála agus go gcomhlíonfaidh an Airméin go héifeachtach an reachtaíocht de chuid an Aontais a bhaineann le heitlíocht; agus

    - a áirithiú go mbeidh neamh‑idirdhealú agus cothrom iomaíochta ann d’oibreoirí eacnamaíocha.

    Comhthéacs ginearálta

    Leagtar amach cuspóir ginearálta sna treoracha idirbheartaíochta, mar atá comhaontú aeriompair cuimsitheach a thabhairt i gcrích le hidirbheartaíocht chun rochtain ar an margadh a oscailt de réir a chéile agus go cómhalartach, agus a áirithiú go ndéanfar cóineasú rialála agus go gcuirfear i bhfeidhm ceanglais agus caighdeáin an Aontais go héifeachtach.

    I gcomhréir leis na treoracha idirbheartaíochta, chuir an dá pháirtí inisealacha le dréacht‑Chomhaontú leis an Airméin an 24 Samhain 2017.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Cuid thábhachtach d’fhorbairt bheartas seachtrach eitlíochta an Aontais is ea é Comhaontú um Chomhlimistéar Eitlíochta idir an tAontas agus an Airméin a thabhairt i gcrích agus is cuid ríthábhachtach é de bheartas comharsanachta an Aontais agus de chruthú Comhlimistéir Eitlíochta Eorpaigh níos leithne, de réir na tuairisce air sin i dTeachtaireacht COM (2012) 556 final ón gCoimisiún maidir le “Beartas Seachtrach Eitlíochta an Aontais ‑ Aghaidh a Thabhairt ar Dhúshláin a Bheidh Ann”.

    Comhsheasmhacht le forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    Beidh tús áite ag forálacha an Chomhaontaithe ar fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha atá ann cheana idir na Ballstáit agus Poblacht na hAirméine. Mar sin féin, féadfar leanúint de chearta tráchta atá ann cheana a theachtadh, ar cearta iad a thagann as na comhaontuithe déthaobhacha sin agus nach gcumhdaítear faoin gComhaontú seo, ar choinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir na Ballstáit agus a gcuid náisiúnach.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 100(2) agus Airteagal 218(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Beidh tús áite ag forálacha an Chomhaontaithe ar fhorálacha ábhartha na socruithe a rinne Ballstáit aonair cheana. Leis an gComhaontú seo cruthaítear go comhuaineach coinníollacha comhionanna aonfhoirmeacha maidir le rochtain ar an margadh a bheidh i bhfeidhm maidir le haeriompróirí uile an Aontais Eorpaigh agus cuirtear ar bun socruithe nua le haghaidh comhar agus cóineasú rialála idir an tAontas Eorpach agus an Airméin i réimsí atá fíor‑riachtanach ó thaobh oibriú sábháilte slán éifeachtúil aersheirbhísí. Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir na socruithe sin a dhéanamh mar go mbaineann roinnt réimsí inniúlachta eisiaiche leo.

    Is le gníomhaíocht de chuid an Aontais is fearr a ghnóthófar cuspóirí an togra, ar na cúiseanna seo a leanas.

    Fágann a bhfuil sa Chomhaontú go bhféadfar na téarmaí ann a leathnú amach, ag an am céanna, chuig na 27 mBallstát, agus na rialacha céanna á gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus le leas aeriompróirí uile an Aontais, cibé náisiúntacht atá acu. Beidh na hiompróirí sin in ann oibriú gan bhac ó aon phointe san Aontas Eorpach go haon phointe san Airméin, rud nach féidir faoi láthair, agus go seachphointí.

    Nuair a chuirfear deireadh de réir a chéile le srianta ar rochtain ar an margadh idir an tAontas agus an Airméin, ní hamháin go gcuirfidh gníomhaithe nua suim sa mhargadh agus go gcruthófar deiseanna ar bheith ag oibriú chuig aerfoirt ar beag an freastal orthu, ach éascófar an comhdhlúthú idir aeriompróirí an Aontais chomh maith.

    Leis an gComhaontú daingnítear rochtain d’aeriompróirí uile an Aontais ar dheiseanna tráchtála ar nós na ndeiseanna a bhaineann le seirbhísí láimhseáil ar an talamh, comhroinnt cód eitilte, idirmhódúlacht agus praghsanna a shocrú gan bhac.

    Comhréireacht

    Bunófar Comhchoiste chun cúrsaí a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a phlé. Cothóidh an Comhchoiste sin idirphlé ar leibhéal na saineolaithe maidir le tionscnaimh nua reachtaíochta nó rialála agus féachfaidh sé ar réimsí eile inarbh fhéidir tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gComhaontú. Is éard a bheidh sa Chomhchoiste, ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit.

    Thairis sin, leanfaidh na Ballstáit de na cúraimí riaracháin traidisiúnta a dhéanann siad i gcomhthéacs an aeriompair idirnáisiúnta, ach is faoi réir rialacha a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach a dhéanfaidh siad sin feasta.

    An rogha ionstraime

    Is le comhaontuithe idirnáisiúnta amháin is féidir caidreamh eitlíochta seachtrach a thabhairt i bhfeidhm.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Ní bhaineann le hábhar.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    I gcomhréir le hAirteagal 218(4) CFAE, rinne an Coimisiún idirbheartaíocht i gcomhairle le coiste speisialta (Fóram Comhairleach). Chuathas i gcomhairle leis an earnáil tionsclaíochta le linn na hidirbheartaíochta chomh maith.

    Cuireadh san áireamh na tuairimí a nochtadh le linn an phróisis sin. D’fhíoraigh na Ballstáit lena mbaineann cruinneas na dtagairtí do na comhaontuithe aersheirbhísí déthaobhacha. Chuir an earnáil tionsclaíochta béim ar a thábhachtaí atá bunús fónta dlí dá n‑oibríochtaí.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Ní bhaineann le hábhar.

    Measúnú tionchair

    Ní bhaineann le hábhar.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní bhaineann le hábhar.

    Cearta bunúsacha

    Ní bhaineann le hábhar.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Achoimre ar an gcomhaontú atá beartaithe

    Is éard atá sa Chomhaontú corp an téacs, ina bhfuil na príomhphrionsabail, agus dhá iarscríbhinn: Iarscríbhinn I maidir le forálacha idirthréimhseacha agus Iarscríbhinn II maidir leis na rialacha de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta.

    Ón 1 Eanáir 2021, níl feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, i gcomhaontú leis an Airméin, scriosadh gach tagairt don Ríocht Aontaithe sa téacs ar cuireadh inisealacha leis agus cuireadh isteach clásal críochach caighdeánach.

    2021/0085 (NLE)

    Togra le haghaidh

    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i dteannta Airteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An 7 Nollaig 2015, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le hidirbheartaíocht le Poblacht na hAirméine faoi Chomhaontú um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach, den pháirt eile. Tugadh an idirbheartaíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 24 Samhain 2017.

    (2)Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (3)Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a shíniú, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

    Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí i ndáil le síniú an Chomhaontaithe, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine nó do na daoine a shonróidh idirbheartaí an Chomhaontaithe.

    Airteagal 3

    Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cuirfidh an tAontas an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 30(5) den Comhaontú.

    Airteagal 4

    Údaraítear don Choimisiún an seasamh a ghlacadh atá le bheith ag an Aontas a mhéid a bhaineann le cinntí ón gComhchoiste faoi Airteagal 27(7) den Chomhaontú chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis a leasú trí reachtaíocht an Aontais a chomhtháthú san Iarscríbhinn sin, faoi réir aon choigeartú teicniúil is gá, tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Speisialta arna cheapadh ag an gComhairle.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

       Thar ceann na Comhairle

       An tUachtarán

    Top

    An Bhruiséil,8.4.2021

    COM(2021) 161 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhlimistéar Eitlíochta idir Poblacht na hAirméine, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile


    COMHAONTÚ UM CHOMHLIMISTÉAR EITLÍOCHTA
    IDIR POBLACHT NA hAIRMÉINE, DE PHÁIRT AMHÁIN,

    AGUS

    AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT,

    DEN PHÁIRT EILE,

    CLÁR

    AIRTEAGAL 1: Cuspóir

    AIRTEAGAL 2: Sainmhínithe

    TEIDEAL I: FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA

    AIRTEAGAL 3: Cearta a bhronnadh

    AIRTEAGAL 4: Údarú oibríochta

    AIRTEAGAL 5: Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú

    AIRTEAGAL 6: Infheistiú in aeriompróirí

    AIRTEAGAL 7: Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh

    AIRTEAGAL 8: Iomaíocht chóir

    AIRTEAGAL 9: Deiseanna tráchtála

    AIRTEAGAL 10: Dleachtanna custaim agus cánachas

    AIRTEAGAL 11: Muirir úsáideora

    AIRTEAGAL 12: Táillí aeir agus rátaí aeir

    AIRTEAGAL 13: Staidreamh

    TEIDEAL II: COMHAR RIALÁLA

    AIRTEAGAL 14: An tsábháilteacht eitlíochta

    AIRTEAGAL 15: An tslándáil eitlíochta

    AIRTEAGAL 16: Bainistiú an aerthráchta

    AIRTEAGAL 17: An comhshaol

    AIRTEAGAL 18: Dliteanas an aeriompróra

    AIRTEAGAL 19: An tomhaltóir a chosaint

    AIRTEAGAL 20: Córais áirithinte ar ríomhaire

    AIRTEAGAL 21: Gnéithe sóisialta

    TEIDEAL III: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

    AIRTEAGAL 22: Léirmhíniú agus forfheidhmiú

    AIRTEAGAL 23: An Comhchoiste

    AIRTEAGAL 24: Réiteach díospóidí agus eadráin

    AIRTEAGAL 25: Bearta coimirce

    AIRTEAGAL 26: An gaol le comhaontuithe eile

    AIRTEAGAL 27: Leasuithe

    AIRTEAGAL 28: Foirceannadh

    AIRTEAGAL 29: Clárú an Chomhaontaithe

    AIRTEAGAL 30: Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

    IARSCRÍBHINN I: Forálacha idirthréimhseacha

    IARSCRÍBHINN II: Rialacha is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta

    POBLACHT NA hAIRMÉINE (“an Airméin” anseo feasta),

       de pháirt amháin;

    agus

    RÍOCHT NA BEILGE,

    POBLACHT NA BULGÁIRE,

    POBLACHT NA SEICE,

    RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

       

    POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

    POBLACHT NA hEASTÓINE,

    ÉIRE,

    AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

    RÍOCHT NA SPÁINNE,

    POBLACHT NA FRAINCE,

    POBLACHT NA CRÓITE,

    POBLACHT NA hIODÁILE,

    POBLACHT NA CIPIRE,

    POBLACHT NA LAITVIA,

    POBLACHT NA LIOTUÁINE,

    ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

    AN UNGÁIR,

    MÁLTA,

    RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

    POBLACHT NA hOSTAIRE,

    POBLACHT NA POLAINNE,

    POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

    AN RÓMÁIN,

    POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

    POBLACHT NA SLÓVAICE,

    POBLACHT NA FIONLAINNE,

    RÍOCHT NA SUALAINNE,

    ós páirtithe iad den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear, don dá cheann acu le chéile, “na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh”, anseo feasta) agus ós Ballstáit den Aontas Eorpach iad (dá ngairtear, dóibh uile le chéile, “Ballstáit an Aontais Eorpaigh”, nó do gach ceann acu as féin “Ballstát den Aontas Eorpach”, anseo feasta),

    agus an tAONTAS EORPACH,

       den pháirt eile;

    ós páirtithe den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, iad an Airméin agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh, in éineacht leis an Aontas Eorpach;

    AG TABHAIRT DÁ nAIRE an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a rinneadh i Lucsamburg an 22 Aibreán 1996;

    AGUS É DE MHIAN ACU Comhlimistéar Eitlíochta a chruthú bunaithe agus e sin bunaithe ar sprioc ar leith, mar atá an rochtain a oscailt ar mhargaí na bPáirtithe, le dálaí comhionanna iomaíochta, le neamh-idirdhealú, agus le hurraim do rialacha coiteanna – agus réimsí na sábháilteachta, na slándála, bhainistíocht an aerthráchta, na hiomaíochta, na ngnéithe sóisialta agus an chomhshaoil á n‑áireamh air sin;

    AGUS É DE MHIAN ACU feabhas a chur ar na haersheirbhísí agus córas eitlíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn bunaithe ar an neamh-idirdhealú agus ar iomaíocht oscailte chóir i measc aeriompróirí sa mhargadh;

    AGUS É DE MHIAN ACU a leasanna i leith an aeriompair a chur chun cinn;

    AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí agus atá an nascacht aeriompair éifeachtúil i dtaca le cur chun cinn na trádála, na turasóireachta, na hinfheistíochta agus na forbartha eacnamaíche agus sóisialta;

    AG AONTÚ DÓIBH go bhfuil sé iomchuí rialacha an Chomhlimistéir Eitlíochta a bhunú ar an reachtaíocht ábhartha atá i bhfeidhm laistigh den Aontas Eorpach, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo;

    AG AITHINT DÓIBH go bhfaigheann na Páirtithe, trí chomhlíontacht iomlán le rialacha an Chomhlimistéir Eitlíochta, teidlíocht ar lántairbhe a bhaint as a bhuntáistí, ar a n‑áirítear an rochtain ar na margaí a oscailt agus na tairbhí is mó is féidir a bhaint as do thomhaltóirí, agus do thionscail agus saothar an dá Pháirtí;

    AG AITHINT DÓIBH nach féidir an Comhlimistéar Eitlíochta a chruthú ná na rialacha a bhaineann leis a chur chun feidhme gan socruithe idirthréimhseacha i gcás inar gá;

    AG AITHINT DÓIBH thábhacht an chúnaimh leordhóthanaigh ina leith sin;

    AGUS É DE MHIAN ACU an leibhéal sábháilteachta agus slándála is airde a áirithiú san aeriompar agus ag dearbhú dóibh go bhfuil imní mhór orthu i dtaca le bearta nó bagairtí in aghaidh slándáil aerárthaí, a chuireann sábháilteacht daoine agus maoine i gcontúirt, a dhéanann dochar d’oibriú aerárthaí agus a chreimeann ar an muinín i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta atá ag an bpobal a úsáideann an t‑aerthaisteal;

    AGUS IAD LEAGTHA AR an tairbhe is mó a bhaint as na buntáistí ab fhéidir a bheith sa chomhar rialála agus i gcomhchuibhiú na ndlíthe agus na rialachán sin dá gcuid féin is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta;

    AG AITHINT DÓIBH thábhacht na mbuntáistí ab fhéidir a thiocfadh as aersheirbhísí iomaíocha agus as tionscail aeriompair inmharthanacha;

    AGUS É DE MHIAN ACU an tsaoriomaíocht agus an iomaíocht chóir neamhshaofa a chothú, ag aithint dóibh go bhféadfadh fóirdheontais dochar a dhéanamh don iomaíocht agus bunchuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i gcontúirt agus ag aithint dóibh go bhféadfadh sé, i gcás nach mbeadh cothrom iomaíochta ann idir aeriompróirí le saoriomaíocht agus iomaíocht chóir neamhshaofa, nach mbainfí amach na tairbhí féideartha;

    AGUS É D’INTINN ACU breis forbartha a dhéanamh ar an gcreat atá ann cheana de chomhaontuithe agus socruithe idir na Páirtithe agus é d’aidhm leis sin rochtain a oscailt ar mhargaí agus uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí atá ag tomhaltóirí, coinsíneoirí, aeriompróirí agus aerfoirt agus a gcuid fostaithe, pobail agus ag daoine eile a fhaigheann tairbhe indíreach;

    AG DEARBHÚ DÓIBH gur tábhachtach an comhshaol a chosaint le linn fhorbairt agus chur chun feidhme an bheartais eitlíochta idirnáisiúnta;

    AG DEARBHÚ DÓIBH go bhfuil gá le bearta práinneacha chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus gur gá leanúint leis an gcomhar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na heitlíochta a laghdú, agus é sin comhsheasmhach le socruithe iltaobhacha maidir leis an ábhar seo agus go háirithe leis na hionstraimí de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus le Comhaontú Pháras an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;

    AG DEARBHÚ DÓIBH gur tábhachtach na tomhaltóirí a chosaint, cosaint ar a n‑áirítear na cosaintí arna dtabhairt ag an gCoinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, a rinneadh in Montréal an 28 Bealtaine 1999, agus gur tábhachtach leibhéal iomchuí a bhaint amach sa chosaint tomhaltóirí a ghabhann le haersheirbhísí agus gur tábhachtach a aithint go bhfuil gá le comhar comhpháirteach sa réimse seo;

    AG AITHINT DÓIBH nach é atá beartaithe le breis deiseanna tráchtála an bonn a lagú faoi chaighdeáin saothair na bPáirtithe, nó faoi chaighdeáin a bhaineann leis an saothar agus ag dearbhú dóibh a thábhachtaí atá gné shóisialta na heitlíochta idirnáisiúnta agus a thábhachtaí atá sé a mheas cad é na héifeachtaí ar shaothar, ar fhostaíocht agus ar choinníollacha oibre a bheadh ag oscailt na rochtana ar na margaí;

    AG TABHAIRT DÁ n‑AIRE gur tábhachtach rochtain níos fearr a bheith ag an tionscal aeriompair ar chaipitil le haghaidh breis forbartha a dhéanamh ar an aeriompar;

    AG AITHINT DÓIBH na dtairbhí féideartha a ghabhann le foráil a dhéanamh d’aontachas tríú tíortha don Chomhaontú seo;

    AGUS É DE MHIAN ACU comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis an aeriompar, d’fhorlíonadh ar an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta;

    TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


    AIRTEAGAL 1

    Cuspóir

    Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo Comhlimistéar Eitlíochta a chruthú idir na Páirtithe agus déanfar é sin trí mhargaí a oscailt de réir a chéile, trí rialú agus úinéireacht aeriompróirí a léirscaoileadh, trí dhálaí iomaíochta córa comhionanna , tríd an neamh-idirdhealú agus trí rialacha coiteanna, ar a n‑áirítear iad sin i réimsí na sábháilteachta, na slándála, an bhainistithe aerthráchta, na ngnéithe sóisialta agus an chomhshaoil. Chuige sin, leagtar amach sa Chomhaontú seo na rialacha is infheidhme idir na Páirtithe faoi na coinníollacha atá leagtha amach thíos. Áirítear ar na rialacha sin na forálacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn II.

    AIRTEAGAL 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, mura luaitear a mhalairt, is mar seo a leanas a chiallaítear téarmaí:

    1.    ciallaíonn “Comhaontú” an Comhaontú seo, aon Iarscríbhinn agus aon Aguisín a ghabhann leis, agus aon leasú orthu sin;

    2.    ciallaíonn “aeriompar” iompar arb é atá ann paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó in éineacht, a chuirtear ar fáil mar sheirbhís don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, ar a n‑áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;

    3.    ciallaíonn “cinneadh maidir le saoránacht” cinneadh, maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo, go bhfuil an t‑aeriompróir sin ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 4 den Chomhaontú seo maidir lena úinéireacht, lena rialú iarbhír, agus lena phríomháit ghnó;

    4.    ciallaíonn “cinneadh maidir le hoiriúnacht” cinneadh a dhéantar maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo go bhfuil acmhainn airgeadais shásúil aige maille le taithí bhainistíochta leordhóthanach chun na haersheirbhísí sin a oibriú agus go bhfuil dea-rún aige na dlíthe, na rialacháin agus na ceanglais a bhfuil oibriú na seirbhísí faoina réir a chomhlíonadh;

    5.    ciallaíonn “údaráis inniúla” na gníomhaireachtaí rialtais nó na heintitis rialtais atá freagrach as feidhmeanna riaracháin faoin gComhaontú seo;

    6.    ciallaíonn “Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus áirítear air sin:

    (a)    aon leasú a tháinig i bhfeidhm faoi Airteagal 94(a) den Choinbhinsiún agus a dhaingnigh an Airméin agus an Ballstát den Aontas Eorpach nó na Ballstáit den Aontas Eorpach, iad araon nó uile, de réir mar is ábhartha sa chás i gceist; agus

    (b)    aon Iarscríbhinn, nó aon leasú ar Iarscríbhinn, a glacadh faoi Airteagal 90 den Choinbhinsiún, a mhéid a bheidh éifeacht, ag aon am áirithe, ag an iarscríbhinn sin nó ag an leasú sin maidir le Catar agus leis an mBallstát den Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit den Aontas Eorpach, iad araon nó uile, de réir mar is ábhartha sa chás i gceist;

    7.    ciallaíonn “costas iomlán” costas na seirbhíse a sholáthraítear móide muirear réasúnta i ndáil leis an bhforchostas riaracháin;

    8.    ciallaíonn “aeriompar idirnáisiúnta” aeriompar a ghabhann tríd an aerspás os cionn críoch dhá Stát nó níos mó ná dhá Stát;

    9.    ciallaíonn “Páirtithe”, an Airméin, ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit;

    10.    ciallaíonn “príomháit ghnó” ceannáras nó oifig chláraithe atá ag aeriompróir i gcríoch Páirtí agus ar ann a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus rialú oibríochtúil an aeriompróra, ar a n‑áirítear bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí;

    11.    ciallaíonn “stad chun críoch nach críocha tráchta” tuirlingt a dhéantar chun aon chríche seachas paisinéirí, bagáiste, lasta agus/nó post a thógáil nó a chur ar talamh;

    12.    ciallaíonn “táillí aeir” na praghsanna atá le híoc le haeriompróirí nó lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad as paisinéirí a iompar ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;

    13.    ciallaíonn “rátaí aeir” na praghsanna atá le híoc as iompar lasta ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;

    14.    i gcás na hAirméine, ciallaíonn “críoch” críoch Phoblacht na hAirméine, agus, i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, ciallaíonn sé an chríoch thalún sin, na huiscí inmheánacha sin agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t‑aerspás os a gcionn.

    15.    ciallaíonn “muirear úsáideora” muirear a ghearrtar ar aeriompróirí le haghaidh seirbhísí nó áiseanna aerfoirt, seirbhísí nó áiseanna i dtaca le gnéithe comhshaoil na n‑aerfort, seirbhísí nó áiseanna aerloingseoireachta, seirbhísí nó áiseanna slándála eitlíochta, agus seirbhísí nó áiseanna a bhaineann leo;

    16.    ciallaíonn “féinseirbhís láimhseála” an cás ina soláthraíonn úsáideoir aerfoirt catagóir amháin nó níos mó de sheirbhísí láimhseála ar an talamh dó féin agus nach dtugann sé aon chonradh d’aon chineál chun críche le tríú páirtí chun na seirbhísí sin a sholáthar; chun críoch an tsainmhínithe seo, ní mheasfar gur tríú páirtithe ina measc féin iad úsáideoirí aerfoirt sna cásanna seo a leanas:

    (a) i gcás ina mbeidh an tromlach ag ceann amháin acu sa cheann eile, nó

    (b) i gcás ina mbeidh sealúchas tromlaigh ag comhlacht amháin i ngach ceann acu;

    17.    ciallaíonn “cearta den chúigiú saoirse” an ceart nó an phribhléid arna bronnadh ag stát amháin (an “Stát is Bronntóir”) ar aeriompróirí Stáit eile (“an Stát is Faighteoir”), chun seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a sholáthar idir críoch an Stáit is Bronntóir agus críoch tríú stáit, faoi réir an choinníll gur i gcríoch an Stáit is Faighteoir a chuirtear tús leis na seirbhísí sin nó gur inti a thagann siad chun deiridh;

    18.    ciallaíonn “tríú tír” páirtí nach páirtí sa Chomhaontú seo é.

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA

    AIRTEAGAL 3

    Cearta a bhronnadh

    1.    Tá na cearta a leagtar amach san Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    Cearta tráchta agus sceideal bealaí

    2.    Bronnann gach Páirtí ar an bPáirtí eile na cearta seo a leanas i dtaca le haeriompar idirnáisiúnta a oibreoidh aeriompróirí an Pháirtí eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach:

    (a)    an ceart chun eitilt thar a chríoch gan tuirlingt;

    (b)    an ceart chun stadanna a dhéanamh ina chríoch chun críoch nach críocha tráchta;

    (c)    an ceart chun aeriompar idirnáisiúnta sceidealta agus neamhsceidealta paisinéirí, cumaisc agus ‘lasta uile’ a oibriú idir pointí 1 ar na bealaí seo a leanas:

    (i)    i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh:

    Pointí san Aontas Eorpach – Idirphointí i gcríocha comhpháirtithe i mBeartas Comharsanachta na hEorpa 2 , páirtithe sa Chomhaontú Iltaobhach lena mbunaítear Comhlimistéar Eitlíochta Eorpach 3 , nó Ballstát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa 4 – Pointí san Airméin – Seachphointí

    (ii)    i gcás aeriompróirí na hAirméine:

    Pointí san Airméin – Idirphointí i gcríocha comhpháirtithe i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, comhpháirtithe sa Chomhaontú Iltaobhach lena mbunaítear Comhlimistéar Eitlíochta Eorpach nó Ballstát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa – Pointí san Aontas Eorpach

    (d)    na cearta a shonraítear ar bhealaí eile sa Chomhaontú seo.

    Solúbthacht oibríochta

    3.    Féadfaidh aeriompróirí de chuid gach Páirtí déanamh mar a leanas, maidir le haon eitilt nó le haon eitiltí, agus de réir a rogha féin, i gcás na mbealaí a shonraítear i mír 2 thuas:

    (a)    eitiltí a dhéanamh i gceachtar den dá threo nó sa dá threo;

    (b)    uimhreacha eitilte éagsúla a chumasc i dtaca le haon oibríocht amháin aerárthaigh;

    (c)    freastal ar idirphointí agus ar sheachphointí, agus ar phointí laistigh de chríocha na bPáirtithe, de réir aon teaglama nó aon oird de réir fhorálacha mhír 2 thuas;

    (d)    gan stad ag aon phointe áirithe nó ag aon phointí áirithe;

    (e)    trácht a aistriú ó aon cheann dá gcuid aerárthaí go dtí aon cheann eile dá gcuid aerárthaí ag aon phointe (athrú árthaigh);

    (f)    stad briste turais a dhéanamh ag aon phointe, bíodh an pointe sin laistigh nó lasmuigh de chríoch ceachtar den dá Pháirtí;

    (g)    trácht idirthurais a iompar trí chríoch an Pháirtí eile;

    (h)    trácht a chumasc ar an aerárthach céanna cibé áit tionscnaimh atá ag an trácht sin; agus

    (i)    freastal ar níos mó ná aon phointe amháin mar chuid d’aon seirbhís amháin (il-chríochfortú).

    An tsolúbthacht oibríochta dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfar í a fheidhmiú gan aon teorannú i dtaca le geograf ná treo eitilte agus gan dochar d’aon cheart chun trácht a iompar a cheadaítear ar aon bhealach eile faoin gComhaontú seo, ar choinníoll:

    (i)    i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid na hAirméine, gur ag freastal ar phointe laistigh den Airméin a bheidh na seirbhísí sin;

    (ii)    i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh, gur ag freastal ar phointe laistigh den Aontas Eorpach a bheidh na seirbhísí sin.

    4.    Ceadóidh gach Páirtí do gach aeriompróir minicíocht agus toilleadh an aeriompair idirnáisiúnta a chuirfidh sé ar fáil a chinneadh de réir a bhreithiúnais ar ghnéithe tráchtála an mhargaidh. I gcomhsheasmhacht leis an gceart sin, ní dhéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí, ag gníomhú dó go haontaobhach, teorannú ar an méid tráchta, ar mhinicíocht ná ar rialtacht na seirbhíse, ar bhealaí, áit tionscnaimh ná áit cinn scríbe an tráchta, ar an gcineál aerárthaigh nó ar chineálacha na n‑aerárthaí a úsáideann aeriompróirí an Pháirtí eile, ach amháin ar chúiseanna custaim, teicniúla, oibríochtúla, ar chúiseanna a bhaineann le bainistiú sábháilteachta aerthráchta, le cosaint an chomhshaoil nó na sláinte, nó ar chúiseanna eile dá bhforáiltear ar bhealaí eile sa Chomhaontú seo.

    5. Féadfaidh aeriompróirí de chuid gach Páirtí freastal, ar a n‑áirítear freastal a dhéanfar faoi chuimsiú comhaontuithe um chódroinnt, ar aon phointe laistigh de thríú tír nach n‑áirítear ar na bealaí sonraithe, ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh siad cearta den chúigiú saoirse.

    6.    Ní mheasfar go dtugann aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo d’aeriompróirí:

    (a)    na hAirméine an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord in aon Bhallstát den Aontas Eorpach, ar paisinéirí nó rudaí iad a mbeifí á n‑iompar ar son cúitimh agus pointe eile sa Bhallstát céanna sin den Aontas Eorpach mar cheann scríbe acu;

    (b)    an Aontais Eorpaigh an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord san Airméin, ar paisinéirí nó rudaí iad a mbeifí á n‑iompar ar son cúitimh agus pointe eile san Airméin mar cheann scríbe acu.

    7.    Agus a gcearta agus a n‑oibleagáidí féin á bhfeidhmiú acu faoin gComhaontú seo, staonfaidh na Páirtithe ó idirdhealú d’aon chineál idir aeriompróirí de chuid an Pháirtí eile, go háirithe ar fhorais na náisiúntachta.

    8.    D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Chomhaontaithe seo, tá sé de cheart ag gach Páirtí oibriú aeriompair idirnáisiúnta a dhiúltú, is é sin aeriompar chuig críoch tríú tír, ó chríoch tríú tír nó trí chríoch tríú tír nach bhfuil caidreamh taidhleoireachta ag an bPáirtí sin leis.

    AIRTEAGAL 4

    Údarú oibríochta

    1.    Ar fháil iarratais ar údarú oibríochta dóibh ó aeriompróir de chuid Páirtí, bronnfaidh an Páirtí eile na húdaruithe oibríochta agus na ceaduithe teicniúla iomchuí agus déanfaidh siad sin leis an moill is lú is féidir sa nós imeachta, ar choinníoll:

    (a)    i gcás aeriompróra de chuid na hAirméine:

    (i)    gur san Airméin atá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir, agus go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le dlí na hAirméine; agus

    (ii)    go bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an Airméin tar éis dó a dheimhniú aeroibreora a eisiúint agus go bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; agus

    (iii)    mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 6 den Chomhaontú seo, go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, na hAirméine agus/nó náisiúnach di, agus go bhfuil sé faoi rialú éifeachtach ag an Airméin agus/nó ag náisiúnaigh di;

    (b)    i gcás aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh:

    (i)    go bhfuil a phríomháit ghnó ag an aeriompróir i gcríoch an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh; agus

    (ii)    go bhfuil an rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát den Aontas Eorpach atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint agus go bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; agus

    (iii)    mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 6 den Chomhaontú seo, go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Ballstáit nó Ballstát den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó náisiúnach de na Ballstáit sin, agus go bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Ballstát nó Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit sin;

    (c)    go bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagail 14 agus 15 den Chomhaontú seo; agus

    (d)    go bhfuil an t‑aeriompróir ag comhlíonadh na gcoinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann an Páirtí a bheidh ag meas an iarratais i bhfeidhm de ghnáth ar oibriú an aeriompair idirnáisiúnta.

    2.    Agus údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla á mbronnadh acu, caithfidh na Páirtithe le haeriompróirí uile an Pháirtí eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

    3.    Ar fháil iarratas ar údarú oibríochta dó ó aeriompróir de chuid Páirtí, tabharfaidh an Páirtí eile aitheantas d’aon chinneadh maidir le hoiriúnacht agus/nó d’aon chinneadh maidir le saoránacht a rinne an chéad Pháirtí i leith an aeriompróra sin amhail agus dá mba iad a údaráis inniúla féin a dhéanfadh an cinneadh sin, agus ní dhéanfaidh sé aon fhiosruithe eile faoi na hábhair sin, ach amháin mar a fhoráiltear dó sin i bhfomhíreanna (a) agus (b) den mhír seo.

    (a)    Más rud é, ar fháil iarratas ar údarú oibríochta ó aeriompróir, nó ar bhronnadh údaraithe den sórt sin, go mbeidh údar imní faoi leith ag údaráis inniúla an Pháirtí fála, d’ainneoin an chinnidh arna dhéanamh ag an bPáirtí eile, nár comhlíonadh coinníoll a fhorordaítear faoi mhír 1 den Airteagal i ndáil le bronnadh údaruithe oibríochta iomchuí nó ceadanna teicniúla, cuirfidh an Páirtí fála an Páirtí eile ar an eolas láithreach, agus tabharfaidh sé na cúiseanna substainteacha atá leis an imní atá air. Sa chás sin, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí comhairliúcháin a iarraidh, agus féadfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla na bPáirtithe a bheith mar chuid díobh, agus/nó féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí faisnéis bhreise a iarraidh atá ábhartha don imní, agus freastalófar ar an iarratas ar chomhairliúchán a luaithe is indéanta. Má fhanann an cheist gan réiteach, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

    (b)    Ní chumhdaítear leis an mír seo aitheantas do chinntí maidir le deimhnithe nó ceadúnais sábháilteachta, maidir le socruithe slándála, ná maidir le cumhdach árachais.

    AIRTEAGAL 5

    Údarú oibríochta a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú

    1.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí na húdaruithe oibríochta nó na ceaduithe teicniúla a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó féadfaidh sé, ar bhealaí eile, oibríochtaí aeriompróra de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chur ar fionraí, a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur maidir leo, más rud é:

    (a)    i gcás aeriompróra de chuid na hAirméine:

    (i)    nach san Airméin atá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir nó nach bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí na hAirméine; nó

    (ii)    nach bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an Airméin atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint nó nach bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; nó

    (iii)    mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 6 den Chomhaontú seo, nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, na hAirméine agus/nó náisiúnach di, nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag an Airméin nó ag náisiúnaigh di, nó acu sin le chéile;

    (b)    i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:

    (i)    nach i gcríocha an Aontais Eorpaigh atá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir nó nach bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh; nó

    (ii)    nach bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát den Aontas Eorpach atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint nó nach bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; nó

    (iii)    mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 6 den Chomhaontú seo, nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, Ballstáit nó Ballstát den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó náisiúnach de na Ballstáit sin, nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Ballstát nó Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit sin;

    (c)    nach bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagail 8, 14 agus 15 den Chomhaontú seo; nó

    (d)    nár chomhlíon an t‑aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chomhaontú seo agus/nó na dlíthe agus na rialacháin a chuireann an Páirtí a bheidh ag meas an iarratais i bhfeidhm de ghnáth ar oibriú an aeriompair idirnáisiúnta.

    2.    Ach amháin má tá sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cosc a chur le breis neamhchomhlíonta le fomhíreanna (c), nó (d) de mhír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar na cearta a bhunaítear leis an Airteagal seo a fheidhmiú gan dul i gcomhairliúchán roimh ré leis an bPáirtí eile.

    3.    Ní dhéantar teorannú leis an Airteagal seo ar chearta ceachtar den dá Pháirtí chun údaruithe oibríochta nó ceaduithe teicniúla aeriompróra nó aeriompróirí de chuid an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, coinníollacha a fhorchur maidir leo, nó iad a theorannú i gcomhréir le forálacha Airteagail 14 nó 15 den Chomhaontú seo.

    AIRTEAGAL 6

    Infheistiú in aeriompróirí

    1.    D’ainneoin Airteagail 4 agus 5 den Chomhaontú seo, agus tar éis don Chomhchoiste a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 23(8) gur féidir le gach Páirtí agus/nó le náisiúnaigh de, faoina ndlíthe féin, úinéireacht trí shealúchas tromlaigh agus/nó rialú iarbhír a fháil ar aeriompróir de chuid an Pháirtí eile, féadfaidh na Páirtithe úinéireacht trí shealúchas tromlaigh agus/nó rialú iarbhír ar aeriompróir de chuid na hAirméine ag Ballstáit den Aontas Eorpach agus/nó ag náisiúnaigh díobh, nó úinéireacht trí shealúchas tromlaigh agus/nó rialú iarbhír ar aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh ag an Airméin agus/nó ag náisiúnaigh di a cheadú, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    2.    I ndáil le mír 1 den Airteagal seo, ceadófar go leithleach, de bhua cinneadh roimh ré de chuid an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 23(2) den Chomhaontú seo, infheistíochtaí sonracha in aeriompróirí ag na Páirtithe agus/nó ag náisiúnaigh díobh.

    Sonrófar leis an gcinneadh sin na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhísí aontaithe faoin gComhaontú seo agus le seirbhísí idir tríú tíortha agus na Páirtithe. Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 23(11) den Chomhaontú seo maidir leis an gcinneadh sin.

    AIRTEAGAL 7

    Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh

    1.    Le linn dul isteach i gcríoch Páirtí amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó le linn a bheith á fágáil, comhlíonfaidh aeriompróirí an Pháirtí eile na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den chríoch sin a bhaineann le haerárthaí aeriompair idirnáisiúnta a ligean isteach ina chríoch, a ligean amach as a chríoch nó a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch.

    2.    Le linn dul isteach i gcríoch Páirtí amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó le linn a bheith á fágáil, comhlíonfaidh paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post an Pháirtí eile, nó comhlíonfar thar a gceann, na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den chríoch sin (ar a n‑áirítear rialacháin a bhaineann le dul isteach, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, na rialacháin phoist) a bhaineann leis na paisinéirí sin, leis an gcriú sin, leis an mbagáiste sin, leis an lasta sin agus/nó leis na haerárthaí sin a ligean isteach ina chríoch, a ligean amach as a chríoch nó a ligean i gceann oibríochta laistigh dá chríoch.

    3.    Ceadóidh na Páirtithe d’aeriompróirí an Pháirtí eile bearta a dhéanamh, laistigh dá gcríoch féin faoi seach, chun a áirithiú nach n‑iomprófar ach daoine a bhfuil na doiciméid taistil ina seilbh a theastaíonn chun dul isteach i gcríoch an Pháirtí eile nó chun dul tríd an gcríoch sin ar a n‑idirthuras.

    AIRTEAGAL 8

    Iomaíocht chóir

    1.    Aithníonn na Páirtithe go bhfuil sé de chuspóir comhpháirteach acu timpeallacht chóir iomaíoch agus deis chóir chomhionann a bheith ag na cuideachtaí a bhfuil páirt acu i seirbhísí aeriompair an dá Pháirtí chun dul san iomaíocht maidir le seirbhísí comhaontaithe a oibriú ar bhealaí sonraithe. Dá bhrí sin, déanfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí chun forfheidhmiú iomlán an chuspóra sin a áirithiú.

    2.    Dearbhaíonn na Páirtithe gur tábhachtach, i dtaca le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn, saoriomaíocht chóir neamhshaofa a bheith ann agus tugann siad dá n‑aire gur tábhachtach, i dtaca le seirbhísí aeriompair a sholáthar go héifeachtúil, dlíthe iomaíochta cuimsitheacha agus údarás iomaíochta neamhspleách a bheith ann, chomh maith le forfheidhmiú slán éifeachtach na ndlíthe iomaíochta atá ag na Páirtithe faoi seach. Maidir leis na dlíthe iomaíochta, arna leasú ó am go ham, atá ag gach Páirtí, lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna a chumhdaítear san Airteagal seo, beidh feidhm ag na dlíthe sin maidir le hoibriú na n‑aeriompróirí laistigh de dhlínse an Pháirtí ar leith faoi seach. Tá sé de chuspóirí coiteanna ag na Páirtithe comhoiriúnacht agus cóineasú na ndlíthe iomaíochta a áirithiú chomh maith lena gcur i bhfeidhm iarbhír. Oibreoidh i gcomhar de réir mar is iomchuí agus i gcás inarb ábhartha ar fheidhmiú iarbhír an dlí iomaíochta, ar a n‑áirítear oibriú i gcomhar trí chead a thabhairt, i gcomhréir lena rialacha agus lena ndlí-eolaíocht féin faoi seach, do chuideachtaí nó do náisiúnaigh eile dá gcuid nochtadh a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha maidir le caingean faoin dlí iomaíochta arna tionscnamh ag údaráis iomaíochta a chéile.

    3.    Ní dhéanfaidh aon ní sa Chomhaontú seo difear in aon slí d’údarás ná do chumhachtaí údarás iomaíochta ábhartha agus cúirteanna ceachtar den dá Pháirtí (nó an Choimisiúin Eorpaigh), ná ní dhéanfaidh teorannú orthu ná ní chuirfidh in aon chontúirt iad, agus beidh gach ábhar a bhaineann le forfheidhmiú an dlí iomaíochta fós faoi inniúlacht eisiach na n‑údarás agus na gcúirteanna sin. Dá bhrí sin, aon bheart a dhéanfaidh Páirtí de bhun an Airteagail seo, beidh sé gan dochar d’aon bheart ab fhéidir a dhéanfadh na húdaráis agus cúirteanna sin.

    4.    Aon bheart a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, tiocfaidh sé faoi fhreagracht eisiach na bPáirtithe agus beidh sé dírithe go heisiach ar an bPáirtí eile agus/nó ar chuideachtaí a sholáthraíonn aersheirbhísí go dtí na Páirtithe nó ó na Páirtithe. Ní bheidh an beart sin faoi réir an nóis imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú seo.

    5.    Cuirfidh gach Páirtí deireadh le gach cineál idirdhealaithe nó cleachtais éagóraigh a mbeadh drochthionchar acu ar dheis chóir chomhionann a bheith ag cuideachtaí atá páirteach i seirbhísí aeriompair an Pháirtí eile chun dul san iomaíocht i soláthar aersheirbhísí.

    6.    Ní sholáthróidh ceachtar den dá Pháirtí ná ní cheadóidh siad fóirdheontais phoiblí nó tacaíocht d’aon chuideachta más rud é go ndéanfadh na fóirdheontais nó an tacaíocht sin dochar mór a mhéid a bhaineann le deis chóir chomhionann a bheith ag cuideachtaí an Pháirtí eile chun dul in iomaíocht i soláthar aersheirbhísí. Áirítear ar na fóirdheontais nó ar an tacaíocht sin, i measc nithe eile:: tras-fhóirdheonú; caillteanais oibriúcháin a fhritháireamh; caipiteal a sholáthar; deontais; ráthaíochtaí; iasachtaí nó árachas ar théarmaí pribhléideacha; cosaint ar fhéimheacht; suimeanna atá dlite a ligean ar ceal; gnáthfháltas ar chistí poiblí a infheistíodh a ligean ar ceal; faoiseamh cánach nó díolúine ó cháin; cúiteamh i leith ualaí airgeadais a d’fhorchuir údaráis phoiblí; agus rochtain ar bhonn idirdhealaitheach nó neamhthráchtála ar shaoráidí agus seirbhísí aerloingseoireachta nó aerfoirt, ar bhreosla, ar sheirbhísí láimhseáil ar an talamh, ar shlándáil, ar chórais áirithinte ar ríomhaire, ar leithroinnt sliotán nó ar shaoráidí agus seirbhísí gaolmhara eile atá riachtanach le haghaidh oibriú aersheirbhísí.

    7.    Má chuireann Páirtí fóirdheontais nó tacaíocht phoiblí ar fáil do chuideachta, áiritheoidh sé trédhearcacht birt den chineál sin ar cibé dóigh is iomchuí, agus áirítear ar na dóigheanna sin ceanglas a chur ar an gcuideachta an fóirdheontas nó tacaíocht a thuairisciú go soiléir agus ar leithligh ina chuntais.

    8.    Ar fháil iarrata dó ón bPáirtí eile, cuirfidh gach Páirtí ar fáil don Pháirtí eile, laistigh de thréimhse réasúnta, tuarascálacha airgeadais a bhaineann leis na heintitis atá faoi dhlínse an chéad Pháirtí agus aon fhaisnéis eile den chineál sin de réir mar a iarrfaidh an Páirtí eile le réasún chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Airteagail seo. Féadfaidh faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le fóirdheontais nó le tacaíocht a bheith mar chuid de sin. Féadfaidh tabhairt na faisnéise sin a bheith faoi réir a láimhseála i modh rúin ag an bPáirtí a iarrfaidh an fhaisnéis.

    9.    Gan dochar d’aon bheart arna dhéanamh ag an údarás iomaíochta ábhartha agus/nó ag an gcúirt i dtaca le forfheidhmiú na rialacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6,

    (a)    má mheasann Páirtí amháin go bhfuil cuideachta faoi réir idirdhealaithe nó cleachtas éagórach de réir bhrí mhíreanna 5 nó 6 thuas agus gur féidir bunús a thabhairt leis sin, féadfaidh sé barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an Pháirtí eile. Tar éis an Páirtí eile a chur ar an eolas, féadfaidh Páirtí dul faoi bhráid eintitis rialtais fhreagracha i gcríoch an Pháirtí eile, ar a n‑áirítear eintitis ar an leibhéal lárnach, réigiúnach, cúigeach nó áitiúil, chun ábhair a bhaineann leis an Airteagal seo a phlé. Thairis sin, féadfaidh Páirtí a iarraidh go dtiocfadh an Páirtí eile i mbun comhairliúchán leis faoin ábhar sin d’fhonn an fhadhb a réiteach. Tosófar ar na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an iarraidh a fháil. Idir an dá linn, malartóidh na Páirtithe faisnéis leordhóthanach chun go bhféadfar scrúdú iomlán a dhéanamh ar an imní a léirigh ceann de na Páirtithe.

    (b)    má theipeann ar na Páirtithe teacht ar réiteach ar an ábhar trí chomhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá ó thús na gcomhairliúchán nó mura dtosóidh comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá tar éis fháil na hiarrata i dtaobh sárú líomhainte ar mhíreanna 5 nó 6 thuas, beidh sé de cheart ag an bPáirtí a d’iarr an comhairliúchán feidhmiú na gceart, a shonraítear sa Chomhaontú seo, ag na cuideachtaí lena mbaineann de chuid an Pháirtí eile, a chur ar fionraí trí bhíthin an ceadúnas/údarú oibríochta a dhiúltú, a chúlghairm nó a chur ar fionraí, nó cibé coinníollacha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a fhorchur ar fheidhmiú na gceart sin, nó dleachtanna a fhorchur nó bearta eile a dhéanamh. Aon bheart a dhéanfar de bhun na míre seo, beidh sé iomchuí comhréireach agus ní rachaidh sé, maidir lena raon agus lena fhad ama, thar an méid is gá go fíor.

    10.    Cuirfidh gach Páirtí an dlí in aghaidh trustaí i bhfeidhm ar mhodh iarbhír i gcomhréir le mír 2, agus toirmiscfidh sé ar chuideachtaí:

    (a)    i gcomhar le haon chuideachta eile, comhaontuithe a dhéanamh, cinntí a dhéanamh nó bheith i mbun cleachtais chomhbheartaithe ab fhéidir a dhéanfadh difear do sheirbhísí aeriompair go dtí an Páirtí sin nó ón bPáirtí sin agus a bhfuil de chuspóir leo nó d’éifeacht acu iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Féadfar a dhearbhú nach infheidhme an toirmeasc sin más rud é go gcuidíonn na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais sin feabhas a chur ar tháirgeadh nó ar dháileadh seirbhísí nó go gcuidíonn siad le cur chun cinn an dul chun cinn theicniúil nó eacnamaíoch agus, san am céanna, go bhfágann siad go mbeadh an tomhaltóir in ann sciar cóir a bheith aige den tairbhe a thiocfadh astu, agus más rud é: (i) nach bhforchuirtear leo, ar na cuideachtaí atá i gceist, srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú; (ii) nach dtugtar leo, do na cuideachtaí sin, an fhéidearthacht chun deireadh a chur leis an iomaíocht i bpáirt mhór de na seirbhísí i gceist, agus

    (b)    mí-úsáid a bhaint as suíomh ceannasachta ar dhóigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair go dtí an Páirtí sin nó ón bPáirtí sin.

    11.    Cuirfidh gach Páirtí de chúram ar an údarás iomaíochta neamhspleách iomchuí atá aige agus/nó ar an gcúirt iomaíochta neamhspleách iomchuí atá aige, agus orthu sin amháin, na rialacha in aghaidh trustaí dá dtagraítear i mír 10 thuas a fhorfheidhmiú.

    12.    Gan dochar d’aon bheart arna dhéanamh ag an údarás iomaíochta iomchuí agus/nó ag an gcúirt i dtaca le forfheidhmiú na rialacha dá dtagraítear i mír 10, má mheasann Páirtí amháin go bhfuil sárú líomhainte ar mhír 10 thuas ag cur as do chuideachta agus gur féidir bunús a chur leis sin, féadfaidh sé barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an Pháirtí eile. Tar éis an Páirtí eile a chur ar an eolas, féadfaidh Páirtí dul faoi bhráid eintitis rialtais fhreagracha i gcríoch an Pháirtí eile, ar a n‑áirítear eintitis ar an leibhéal lárnach, réigiúnach, cúigeach nó áitiúil, chun ábhair a bhaineann leis an Airteagal seo a phlé. Thairis sin, féadfaidh Páirtí a iarraidh go dtiocfadh an Páirtí eile i mbun comhairliúchán leis faoin ábhar sin d’fhonn an fhadhb a réiteach. Tosófar ar na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an iarraidh a fháil. Idir an dá linn, malartóidh na Páirtithe faisnéis leordhóthanach chun go bhféadfar scrúdú iomlán a dhéanamh ar an imní a léirigh ceann de na Páirtithe.

    13.    Má theipeann ar na Páirtithe teacht ar réiteach ar an ábhar trí chomhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá ó thús na gcomhairliúchán nó mura dtosóidh comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá tar éis fháil na hiarrata i dtaobh sárú líomhainte ar mhír 10, agus ar choinníoll go bhfuil cinnte ag an údarás nó ag an gcúirt iomaíochta inniúil ábhartha gur sáraíodh na rialach in aghaidh trustaí, beidh sé de cheart ag an bPáirtí a d’iarr an comhairliúchán feidhmiú na gceart, a shonraítear sa Chomhaontú seo, ag na cuideachtaí lena mbaineann de chuid an Pháirtí eile, a chur ar fionraí trí bhíthin an ceadúnas/údarú oibríochta a dhiúltú, a chúlghairm nó a chur ar fionraí, nó cibé coinníollacha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a fhorchur ar fheidhmiú na gceart sin, nó dleachtanna a fhorchur nó bearta eile a dhéanamh. Aon bheart a dhéanfar de bhun na míre seo, beidh sé iomchuí comhréireach agus ní rachaidh sé, maidir lena raon agus lena fhad ama, thar an méid is gá go fíor.

    AIRTEAGAL 9

    Deiseanna tráchtála

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus na caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    2.    Tá na Páirtithe ar aon intinn faoi gur lú na tairbhí a bhainfí amach leis an gComhaontú seo dá mbeadh tosca a chuirfeadh bacainní roimh dhéanamh gnóthaíochta ag teacht sa chosán ag oibreoirí tráchtála. Dá bhrí sin rachaidh na Páirtithe i gceann próiseas éifeachtach cómhalartach lena gcuirfear i leataobh bacainní atá roimh oibreoirí tráchtála de chuid an dá Pháirtí i dtaca le déanamh gnóthaíochta i gcás ina bhféadfadh na bacainní ciotaí a dhéanamh d’oibríochtaí tráchtála, saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht nó dochar a dhéanamh do chomhionannas deiseanna iomaíochta.

    3.    Ní bheidh sé de cheangal ar aeriompróirí de chuid an dá Pháirtí urraitheoir áitiúil a bheith acu.

    4.    An Comhchoiste sin dá dtagraítear in Airteagal 23 den Chomhaontú seo, ceapfaidh sé próiseas comhair maidir le déanamh gnóthaíochta agus maidir le deiseanna tráchtála; déanfaidh sé faireachán ar an dul chun cinn i dtaca le réiteach a fháil, ar dhóigh éifeachtach, ar bhacainní a bhíonn roimh oibreoirí tráchtála agus iad i mbun gnóthaíochta, agus déanfaidh sé athbhreithniú go rialta ar na forbairtí, ar a n‑áirítear na forbairtí i ndáil le hathruithe reachtacha agus rialála. I gcomhréir le hAirteagal 23 den Chomhaontú seo féadfaidh Páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a phlé.

    5.    Beidh sé de cheart ag aeriompróirí gach Páirtí oifigí agus saoráidí a bhunú, gan bhac, i gcríoch an Pháirtí eile, is é sin oifigí agus saoráidí a theastaíonn le haghaidh aeriompar a sholáthar agus le haghaidh an t‑aeriompar a chur chun cinn agus a dhíol agus le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara ar a n‑áirítear an ceart chun ticéad agus/nó bille aeriompair aeir a dhíol agus a eisiúint, ar a n‑áirítear ticéid agus/nó billí aeriompair dá gcuid féin agus de chuid aon aeriompróra eile.

    6.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Pháirtí eile a bhaineann le dul isteach, áit chónaithe agus fostaíocht, beidh siad i dteideal foireann bhainistíochta, díolacháin, oibríochtúil, agus foireann speisialtóireachta eile, a theastaíonn chun tacú le soláthar an aeriompair, a thabhairt isteach i gcríoch an Pháirtí eile agus a choinneáil ar bun sa chríoch sin. Éascóidh agus deifreoidh an dá Pháirtí bronnadh na n‑údaruithe fostaíochta, i gcás inar gá sin, le haghaidh baill foirne a bheifear a fhostú in oifigí i gcomhréir leis an mír seo, ar a n‑áirítear pearsanra ar dhualgais shealadacha nach mairfidh níos faide ná nócha (90) lá, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán ábhartha a bheidh i bhfeidhm.

    7.(a)    Gan dochar d’fhomhír (b) den mhír seo, beidh an méid seo a leanas ag gach aeriompróir i ndáil leis an láimhseáil ar an talamh i gcríoch an Pháirtí eile:

    (i)    an ceart chun a chuid láimhseála ar talamh a dhéanamh é féin (féinseirbhís láimhseála); nó

    (ii)    an ceart chun roghnú as measc soláthróirí atá in iomaíocht le chéile, ar a n‑áirítear aeriompróirí eile, a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh, ina n‑iomláine nó go páirteach, i gcás ina gceadaítear do na soláthróirí sin rochtain a bheith acu ar an margadh ar bhonn dlíthe agus rialachán gach Páirtí, agus i gcás ina bhfuil na soláthróirí sin i láthair ar an margadh.

    (b)    Na cearta faoi phointí (i) agus (ii) i bhfomhír (a) den mhír seo, ní bheidh siad faoi réir aon rud ach srianta sonracha i ndáil leis an spás nó an toilleadh a bheidh le fáil, srianta a chinnfear de réir an ghá le hoibríocht an aerfoirt a choinneáil sábháilte. I gcás ina gcuirfidh na srianta sin teorannú, cosc nó bac glan ar an láimhseáil ar an talamh agus i gcás nach mbeidh aon iomaíocht iarbhír idir soláthróirí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseála ar an talamh, áiritheoidh an Páirtí ábhartha go mbeidh na seirbhísí sin uile le fáil ar bhonn comhionann agus ar bhonn leordhóthanach do na haeriompróirí uile; cinnfear praghsanna na seirbhísí sin i gcomhréir le critéir ábhartha, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

    8.    Beidh sé de cheart ag gach soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh, cibé acu is aeriompróir é nó nach ea, i dtaca le láimhseáil ar an talamh i gcríoch an Pháirtí eile, seirbhísí láimhseála ar an talamh a sholáthar d’aeriompróirí atá ag oibriú ag an aerfort céanna, i gcás ina mbeidh sin údaraithe agus i gcomhsheasmhacht leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme.

    9.    Áiritheoidh gach Páirtí, i dtaca leis na rialacháin, na treoirlínte agus na nósanna imeachta atá aige i ndáil le leithroinnt sliotán ag na haerfoirt ina chríocha, go gcuirfear iad sin i bhfeidhm ar shlí neamhspleách, trédhearcach, éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus tráthúil.

    10.    Féadfaidh Páirtí a éileamh go dtabharfaí dó, chun críocha faisnéise amháin, fógra faoi phleananna, cláir agus sceidil oibríochta le haghaidh aersheirbhísí a oibrítear faoin gComhaontú seo, d’fhonn a áirithiú go gcloífear leis na cearta a bhronntar faoin gComhaontú seo. I dtaca leis an ualach riaracháin a ghabhfaidh leis na ceanglais agus na nósanna imeachta sin um fhógairt, má éilíonn Páirtí fógra mar sin déanfaidh sé an t‑ualach riaracháin sin chomh héadrom agus is féidir ar na hidirghabhálaithe aeriompair agus ar aeriompróirí an Pháirtí eile.

    11.    Féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon Pháirtí seirbhís aeriompair nó seirbhísí gaolmhara a dhíol i gcríoch an Pháirtí eile, agus féadfaidh sé an díol a dhéanamh go díreach agus/nó, de réir dhiscréid an aeriompróra, trína ghníomhaire díola, trí aon idirghabhálaí arna cheapadh ag an aeriompróir nó trí bhíthin an idirlín nó aon bhealaí eile. Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir seirbhísí aeriompair agus seirbhísí gaolmhara a dhíol, agus ní bheidh aon bhac ar aon duine na seirbhísí aeriompair agus na seirbhísí gaolmhara sin a cheannach, in airgeadra na críche sin nó in airgeadraí eile atá inmhalartaithe go héasca.

    12.    Ceadófar d’aeriompróirí gach Páirtí costas áitiúil i gcríoch an Pháirtí eile, ar a n‑áirítear, i measc nithe eile, ceannacháin breosla agus íocaíochtaí i leith muirir aerfoirt, a íoc san airgeadra áitiúil. De réir a ndiscréide féin, féadfaidh aeriompróirí aon Pháirtí íoc as na costais sin i gcríoch an Pháirtí eile in airgeadra atá inmhalartaithe go héasca ag ráta malairte an mhargaidh.

    13.    Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir, ach é a iarraidh, ioncaim áitiúil a chomhshó in airgeadraí atá inmhalartaithe go héasca agus an t‑ioncaim sin a tharchur ag aon tráth, ar aon bhealach, as críoch an Pháirtí eile go dtí a rogha tír. Maidir le comhshó agus tarchur, ceadófar iad go pras, gan aon srian ná cáin a chur orthu, agus é sin ag ráta malairte an mhargaidh a bheidh infheidhme maidir le hidirbhearta agus tarchur reatha ar an dáta a dhéanfaidh an t‑aeriompróir a iarratas bunaidh ar aschur agus ní bheidh siad faoi réir aon mhuirear cé is moite de na muirir a ghearrann bainc de ghnáth as comhshó agus aschur den chineál sin a chur i gcrích.

    14.    Agus é ag oibriú nó ag tairiscint seirbhísí faoin gComhaontú seo, féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon Pháirtí dul i socrú margaíochta comhoibríoch, socruithe maidir le spásbhlocáil áirithintí nó comhroinnt cód eitilte mar shampla, leo seo a leanas:

    (a)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid na bPáirtithe;

    (b)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid tríú tír; agus

    (c)    aon soláthróir, de chuid aon tíre, a sholáthraíonn seirbhís iompair de mhuir agus tír;

    ar choinníoll (i) go mbeidh na cearta tráchta iomchuí ag an iompróir oibríoch agus (ii) go mbeidh na cearta bealaigh bunúsacha iomchuí ag na hiompróirí margaíocha agus (iii) go gcomhlíonfaidh na socruithe na ceanglais rialála a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe den chineál sin.

    15.    Maidir le hiompar paisinéirí ar díoladh ticéad leo ar shlí a bhain feidhm as socruithe margaíochta comhoibritheacha, cuirfear an ceannaitheoir ar an eolas ag an díolphointe, nó in aon chás ag an bpointe seiceála isteach, nó roimh an mbordáil i gcás nach mbíonn seiceáil isteach riachtanach le haghaidh nasceitilte, maidir le cé na soláthróirí iompair a oibreoidh earnálacha éagsúla na seirbhíse.

    16.    I ndáil le hiompar paisinéirí, ní bheidh soláthróirí iompair de mhuir agus tír faoi réir na ndlíthe agus na rialachán lena rialaítear an t‑aeriompar ar an mbonn amháin gur faoina ainm féin a thairgeann aeriompróir an t‑iompar de mhuir agus tír sin.

    17.    D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Chomhaontaithe seo, beidh sé de chead, gan aon srian, ag aeriompróirí agus soláthróirí indíreacha iompair lastais de chuid na bPáirtithe úsáid a bhaint, i dtaca le nascadh le haeriompar idirnáisiúnta, as iompar de mhuir agus tír go dtí aon phointe i gcríocha na bPáirtithe, nó i dtríú tíortha, nó ó na pointí agus na tíortha sin, ar a n‑áirítear iompar go dtí na haerfoirt uile atá aitheanta ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ina bhfuil saoráidí custaim, nó ó na haerfoirt sin, agus áirítear leis sin, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun lasta faoi bhanna a iompar faoi na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Beidh rochtain ag an lasta sin, bíodh sé á iompar de mhuir agus tír nó le haeriompar, ar shaoráidí agus próiseáil custaim na n‑aerfort. Féadfadh aeriompróirí a roghnú go ndéanfaidh siad an t‑iompar de mhuir agus tír iad féin nó go gcuirfidh siad ar fáil é trí bhíthin socruithe le soláthróirí eile iompair de mhuir agus tír, ar a n‑áirítear iompar de mhuir agus tír a oibríonn aeriompróirí eile agus soláthróirí indíreacha aeriompair lastais. Féadfar seirbhísí lastais idirmhódúla den chineál sin a thairiscint ar phraghas seasta amháin ar son an aeriompair agus an iompair de mhuir agus tír le chéile, ar choinníoll nach gcuirfear coinsíneoirí ar míthreoir maidir leis na fíricí a bhaineann leis an iompar sin.

    18.    Beidh aeriompróirí gach Páirtí i dteideal comhshocruithe saincheadúnacháin nó brandála a dhéanamh le cuideachtaí, ar a n‑áirítear aeriompróirí, de chuid ceachtar den dá Pháirtí nó de chuid tríú tíortha, ar choinníoll go mbeidh an t‑údarás iomchuí ag na haeriompróirí agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na Páirtithe i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe mar sin, go háirithe iad sin a éilíonn go nochtfar aitheantas an aeriompróra atá ag oibriú na seirbhíse.

    19.    Féadfaidh aeriompróirí gach Páirtí dul i socruithe i dtaca le soláthar aerárthaigh, bíodh foireann uirthi nó ná bíodh, maidir le haeriompar idirnáisiúnta a oibriú leo seo a leanas:

    (a)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid na bPáirtithe; agus

    (b)    aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid tríú tír;

    ar choinníoll go mbeidh an t‑údarás iomchuí ag rannpháirtithe na socruithe sin agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na Páirtithe i bhfeidhm ar shocruithe mar sin. Ní dhéanfaidh ceachtar den dá Pháirtí a éileamh go mbeadh cearta tráchta ag an aeriompróir atá ag soláthar an aerárthaigh faoin gComhaontú seo i dtaca leis na bealaí ar a n‑oibreofar an t‑aerárthach. Féadfaidh na Páirtithe a éileamh go bhfaigheadh na socruithe sin formheas a gcuid údarás inniúil. I gcás ina n‑éileoidh Páirtí an formheas sin, déanfaidh sé na hualaí riaracháin a ghabhann leis na nósanna imeachta formheasa a choinneáil chomh héadrom agus is féidir ar na haeriompróirí.

    AIRTEAGAL 10

    Dleachtanna custaim agus cánachas

    1.Ar theacht isteach i gcríoch Páirtí amháin d’aerárthaí de chuid an Pháirtí eile, ar aerárthaí iad atá á n‑oibriú san aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag na haerárthaí sin i dtaca lena gcuid gnáth-threalaimh, lena gcuid breosla, lena gcuid bealaidh/bealaí, lena soláthairtí teicniúla inchaite, lena gcuid trealaimh talún, lena gcuid páirteanna spártha (lena n‑áirítear innill), lena stórtha aerárthaigh (lena n‑áirítear, i measc nithe eile, bia, deochanna agus licéar, tobac agus táirgí eile a bhfuil sé i gceist iad a dhíol le paisinéirí nó a thabhairt dóibh i gcainníocht theoranta lena n‑úsáid le linn na heitilte) agus i dtaca le nithe eile a bhfuil sé i gceist iad a úsáid i ndáil le hoibriú nó le seirbhísiú aerárthaí atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag an trealamh agus ag na soláthairtí sin, ar bhonn na cómhalartachta agus ar choinníoll go gcoinneofar an trealamh agus na soláthairtí sin ar bord an aerárthaigh, ó gach srian allmhairiúcháin, ó gach cáin ar mhaoin agus ó gach tobhach ar chaipiteal, ó gach dleacht chustaim, ó gach dleacht mháil agus ó gach táille agus muirear eile cosúil leo ar cinn iad

    (a) a fhorchuirfidh údaráis náisiúnta nó áitiúla nó an tAontas Eorpach, agus

    (b) nach mbeidh bunaithe ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh.

    2.    Beidh díolúine acu seo a leanas, freisin, ar bhonn na cómhalartachta, ó na cánacha, ó na tobhaigh, ó na dleachtanna, ó na táillí agus ó na muirir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin i gcás muirir a bhunófar ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh:

    (a)    stórtha aerárthaigh a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí agus a thabharfar ar bord, faoi réir teorainneacha réasúnta, lena n‑úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;

    (b)    trealamh talún agus páirteanna spártha (ar a n‑áirítear innill) a thabharfar isteach i gcríoch Páirtí chun seirbhísiú, cothabháil nó deisiú a dhéanamh ar aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí a úsáidtear san aeriompar idirnáisiúnta;

    (c)    breosla, bealadh nó bealaí, agus soláthairtí teicniúla inchaite, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí lena n‑úsáid in aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;

    (d)    ábhar clóite, dá bhforáiltear i reachtaíocht chustaim na bPáirtithe, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch Páirtí amháin agus a thabharfar ar bord lena úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an Pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh an t‑ábhar sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin.

    3.    Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar Pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar bhreosla a sholáthrófar ina chríoch, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena húsáid in aerárthaí aeriompróra atá ag soláthar aersheirbhíse idir dhá phointe laistigh dá chríoch.

    4.    An gnáth-threalamh a bhíonn ar bord agus an t‑aerárthach san aer, maille leis an ábhar, na soláthairtí agus na páirteanna spártha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a choinnítear de ghnáth ar bord aerárthaí a oibríonn aeriompróir de chuid Páirtí amháin, ní fhéadfar iad a dhíluchtú i gcríoch an Pháirtí eile ach amháin le formheas, arna thabhairt roimh ré, údaráis chustaim an Pháirtí sin agus féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás sin, go dtí an t‑am a ndéanfar iad a onnmhairiú nó a chur chun ócáide eile i gcomhréir leis an rialachán custaim.

    5.    Na díolúintí a thugtar leis an Airteagal seo, beidh siad le fáil freisin i gcás ina mbeidh aeriompróirí Páirtí amháin dulta i gconradh le haeriompróir eile, a bhfuil díolúintí den chineál sin aige ón bPáirtí eile mar an gcéanna, le haghaidh na hítimí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a thabhairt ar iasacht nó a aistriú i gcríoch an Pháirtí eile.

    6.    Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar cheachtar den dá Pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar earraí a dhíolfar, le haghaidh úsáid eile seachas lena gcaitheamh ar bord, le paisinéirí le linn cuid d’aersheirbhís idir dhá phointe laistigh dá chríoch ag a gceadaítear dul ar bord nó teacht de bhord.

    7.    Bagáiste agus lasta ar idirthuras díreach trasna críche de chuid Páirtí, beidh díolúine acu ó chánacha, ó dhleachtanna custaim, ó tháillí agus ó mhuirir eile cosúil leo nach mbeidh bunaithe ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh.

    8.    Trealamh agus soláthairtí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás inniúil.

    9.    Ní dhéanfaidh forálacha an Chomhaontuithe seo difear do réimse na Cánach Breisluacha (CBL).

    10.    Ní dhéanfar aon difear leis an gComhaontú seo d’fhorálacha na gcoinbhinsiún ábhartha faoi seach idir Ballstáit den Aontas Eorpach agus an Airméin, ar forálacha iad chun cánachas dúbailte ar ioncaim agus ar chaipiteal a sheachaint.

    AIRTEAGAL 11

    Muirir úsáideora

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonann a reachtaíocht, rialacha agus nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus caighdeáin a bhaineann le haeriompar a shonraítear i bPáirt A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    2.    Áiritheoidh gach Páirtí, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile i leith úsáid an rialaithe aerloingseoireachta agus aerthráchta, gur le costas a bhainfidh na muirir sin agus go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach. In aon chás, agus aon mhuirir úsáideora den chineál sin á ríomh lena bhforchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile, ní bheidh na téarmaí a chuirfear i bhfeidhm níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile.

    3.    Déanfaidh gach Páirtí, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an Pháirtí eile i leith saoráidí agus seirbhísí aerfoirt agus slándála eitlíochta, agus saoráidí agus seirbhísí a bhaineann leo sin, cé is moite de mhuirir a fhorchuirfear i leith na seirbhísí a gcuirtear síos orthu in Airteagal 9(7) den Chomhaontú seo, a áirithiú nach mbeidh na muirir sin idirdhealaitheach ar dhóigh nach dlisteanach, nach ndéanfar idirdhealú leo ar bhonn na náisiúntachta agus go ndéanfar iad a chionroinnt i modh cothrom idir chatagóirí úsáideoirí. Gan dochar d’Airteagal 16(1), beidh na muirir sin ag freagairt don chostas iomlán a bhí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla a ghabh le soláthar na saoráidí agus na seirbhísí iomchuí aerfoirt agus slándála eitlíochta ag an aerfort sin nó ag na haerfoirt a bhfuil córas muirir comhchoiteann i bhfeidhm iontu, ach ní rachaidh na muirir thar an méid sin. Féadfar toradh réasúnta ar shócmhainní, iar-dhímheas, a áireamh sna muirir sin. Saoráidí agus seirbhísí a bhforchuirfear muirir úsáideora ina leith, cuirfear ar fáil iad ar bhonn éifeachtúil tíosach. In aon chás, agus na muirir sin á gcur i bhfeidhm maidir le haeriompróirí an Pháirtí eile, ní bheidh téarmaí na muirear níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile tráth a gcuirfear na muirir i bhfeidhm.

    4.    Éileoidh gach Páirtí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla ina chríoch agus ar na haeriompróirí a úsáideann na seirbhísí agus na saoráidí dul i gcomhairliúchán agus cibé faisnéis a thabhairt dá chéile is gá chun go bhféadfar measúnú cruinn a dhéanamh ar réasúntacht na muirear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí muirir fógra réasúnta do na húsáideoirí faoi aon mholadh maidir le hathruithe ar mhuirir úsáideora chun go mbeidh deis ag na húsáideoirí a dtuairimí a nochtadh agus tráchtanna a chur ar fáil sula ndéanfar aon athrú.

    AIRTEAGAL 12

    Táillí aeir agus rátaí aeir

    1.    Tabharfaidh na Páirtithe an tsaoirse d’aeriompróirí na bPáirtithe táillí agus rátaí a shocrú gan bhac, ar bhonn na saoriomaíochta agus na hiomaíochta córa.

    2.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a éileamh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, go dtabharfar fógra dá údaráis inniúla, ar bhonn simplithe agus le haghaidh críocha faisnéise amháin, faoi tháillí aeir agus rátaí aeir a thairgfear i leith seirbhísí, arb í a gcríoch féin a n‑áit tionscnaimh, a sholáthróidh aeriompróirí de chuid an dá Pháirtí. Ní fhéadfar a éileamh ar na haeriompróirí an fógra sin a thabhairt roimh an am a ndéanfaidh siad an tairiscint bhunaidh táille aeir nó ráta aeir.

    3.    Féadfar plé a chur ar siúl idir na húdaráis inniúla faoi ábhair amhail ceanglais agus nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi rátaí aeir agus táillí aeir, agus táillí aeir agus rátaí aeir arbh fhéidir go bhfuil siad éagórach, míréasúnta, idirdhealaitheach nó fóirdheonaithe, chomh maith le plé faoi ábhair eile.

    AIRTEAGAL 13

    Staidreamh

    1.    Cuirfidh gach Páirtí ar fáil don Pháirtí eile an staidreamh atá ar fáil a bhaineann leis an aeriompar faoin gComhaontú seo, mar a cheanglaítear le dlíthe agus rialacháin ábhartha na bPáirtithe faoi seach, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, de réir mar a éileofar le réasún.

    2.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile, agus áireofar air sin an obair atá faoi chuimsiú an Chomhchoiste de bhun Airteagal 23 den Chomhaontú seo, chun an malartú faisnéise staitistiúla a bhaineann leis an aeriompar faoin gComhaontú seo a éascú.

    TEIDEAL II

    COMHAR RIALÁLA

    AIRTEAGAL 14

    An tsábháilteacht eitlíochta

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus caighdeáin a bhaineann le haeriompar a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II den Chomhaontú seo.

    2.    Chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe chun feidhme forálacha an Airteagail seo agus na ceanglais agus na caighdeáin rialála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Airméin páirt in obair Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa mar bhreathnóir ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

    (a)    Maidir le haistriú na hAirméine chuig comhlíonadh na gceanglas agus na gcaighdeán rialála a bhaineann leis an aeriompar a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, beidh sé faoi réir faireachán leanúnach agus measúnuithe tréimhsiúla air a bheidh le déanamh ag an Aontas Eorpach i gcomhar leis an Airméin.

    (b)    Nuair a bheidh an Airméin sásta go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na caighdeáin rialála a bhaineann leis an aeriompar a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cuirfidh sé in iúl don Aontas Eorpach gur cheart meastóireacht a dhéanamh.

    (c)    Nuair a bheidh na ceanglais agus na caighdeáin rialála a bhaineann leis an aeriompar a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú comhlíonta ag an Airméin, cinnfidh an Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 23 den Chomhaontú seo cén stádas beacht agus cé na coinníollacha a bhaineann leis an Airméin a bheith rannpháirteach i nGníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa ar bharr an stádais breathnóra dá dtagraítear thuas.

    3.    Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh aerárthaí a bheidh cláraithe i bPáirtí amháin a bhfuil amhras ann nach gcomhlíonann sé caighdeáin sábháilteachta eitlíochta idirnáisiúnta a leagtar síos de bhun an Choinbhinsiúin maidir le tuirlingt in aerfoirt atá oscailte d’aerthrácht i gcríoch an Pháirtí eile, go ndéanfaidh údaráis inniúla an Pháirtí eile cigireachtaí rampa, ar bord an aerárthaigh agus thart uirthi chun seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht dhoiciméid an aerárthaigh agus ar dhoiciméid chriú an aerárthaigh agus ar an gcuma atá ar an mbail atá ar an aerárthach agus ar threalamh an aerárthaigh.

    4.    Féadfaidh údaráis inniúla Páirtí comhairliúcháin a iarraidh tráth ar bith faoi na caighdeáin sábháilteachta atá á gcoinneáil ar bun ag an bPáirtí eile.

    5.    Déanfaidh údaráis inniúla Páirtí gach beart iomchuí láithreach i gcás ina ndéanfaidh siad amach:

    (a)    gur féidir nach bhfuil aerárthach, táirge nó oibríocht ag comhlíonadh na gcaighdeán íosta a leagtar síos de bhun an Choinbhinsiúin nó na gceanglas agus na gcaighdeán rialála a bhaineann le haeriompar a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme,

    (b)    go bhfuil mórchúiseanna imní ann nach bhfuil aerárthach nó oibríocht aerárthaigh ag comhlíonadh na gcaighdeán rialála a bhaineann le haeriompar a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme, nó

    (c)    go bhfuil mórchúiseanna imní ann nach leor coinneáil ar bun agus riaradh na gceanglas agus na gcaighdeán rialála a bhaineann le haeriompar a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé acu is infheidhme.

    6.    I gcás ina ndéanfaidh Páirtí amháin beart faoi mhír 5 den Airteagal seo, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi sin go pras agus léireoidh sé an fáth ar ghníomhaigh sé amhlaidh.

    7.    Aon ghníomh a dhéanfaidh Páirtí i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, scorfar de a luaithe nach mbeidh an bonn a bhí lena dhéanamh ann a thuilleadh.

    AIRTEAGAL 15

    An tslándáil eitlíochta

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus na caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II den Chomhaontú seo.

    2.    Féadfaidh an Coimisiún Eorpach cigireacht a dhéanamh ar an Airméin i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo. Déanfaidh na Páirtithe an sásra is gá a chur ar bun chun faisnéis a mhalartú maidir le torthaí na gcigireachtaí slándála sin.

    3.    Ós réamhchoinníoll bunúsach é i leith aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú go n‑áireofar go mbeidh aerárthaí sibhialta, na paisinéirí agus an criú orthu sábháilte, athdhearbhaíonn na Páirtithe na hoibleagáidí atá orthu dá chéile i dtaca le soláthar a dhéanamh le haghaidh shlándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh bearta neamhdhleathacha cur isteach, agus athdhearbhaíonn siad go háirithe na hoibleagáidí atá orthu faoin gCoinbhinsiún, faoin gCoinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe Eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, faoin bPrótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun Críoch a mBraite, a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid atá na Páirtithe ina bpáirtithe de na coinbhinsiúin sin, agus faoi na coinbhinsiúin agus na prótacail eile uile a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtithe díobh a bhaineann leis an tslándáil eitlíochta sibhialta.

    4.    Cuirfidh na Páirtithe, ar fháil iarrata dóibh ina leith, gach cúnamh is gá ar fáil dá chéile chun cosc a chur le bearta urghabhála neamhdhleathaí aerárthaí sibhialta agus le bearta neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthaí sin, nó ina aghaidh shábháilteacht a gcuid paisinéirí agus a gcuid criúnna, in aghaidh aerfort agus saoráidí aerloingseoireachta, agus ina aghaidh aon bhagairt eile ar shlándáil na heitlíochta sibhialta.

    5.    I gcás nach bhforáiltear maidir leis sin sna ceanglais agus sna caighdeáin rialála a bhaineann le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, gníomhóidh na Páirtithe, sa chaidreamh eatarthu, i gcomhréir leis na caighdeáin slándála eitlíochta idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta iomchuí arna mbunú ag EESI. Éileoidh an dá Pháirtí, i dtaca le hoibreoirí aerárthaí atá cláraithe leo, le hoibreoirí a bhfuil a bpríomháit ghnó nó a bpríomháit chónaithe acu ina gcríoch, agus le hoibreoirí na n‑aerfort ina gcríoch, go ngníomhóidh siad i gcomhréir leis na forálacha sin um shlándáil eitlíochta.

    6.    Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar bearta éifeachtacha laistigh dá chríoch chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar bhearta neamhdhleathacha cur isteach, ar a n‑áirítear, i measc bearta eile, scagadh slándála ar phaisinéirí agus ar a gcuid bagáiste cábáin, scagadh slándála ar bhagáiste boilg, scagadh slándála agus rialú slándála ar dhaoine nach paisinéirí, ar a n‑áirítear an criú, agus ar na hítimí a bheidh ar iompar leo, scagadh slándála agus rialú slándála ar lasta, ar phost, ar sholáthairtí ‘san eitilt’ agus ar sholáthairtí aerfoirt, agus rialú rochtana ar dhul isteach i limistéir thaobh an aeir agus i limistéir faoi shrianta slándála. Déanfar na bearta sin a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar aon mhéadú a thiocfaidh ar na bagairtí ar shlándáil na heitlíochta sibhialta. Aontaíonn an dá Pháirtí gur féidir go mbeidh ar a n‑aeriompróirí na forálacha a chomhlíonadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 den Airteagal seo agus forálacha eile a bheidh leagtha síos ag an bPáirtí eile maidir le dul isteach i gcríoch an Pháirtí eile sin, imeacht aisti nó a bheith laistigh di.

    7.    Le lánmheas agus lánurraim do fhlaitheas an Pháirtí eile, féadfaidh Páirtí bearta slándála a dhéanamh i ndáil leis an iontráil chun a chríche, maille le bearta éigeandála, chun dul i ngleic le bagairt slándála shonrach, bearta nach mór a chur in iúl don Pháirtí eile gan aon mhoill. Dearcfaidh gach Páirtí le hintinn fhabhrach ar aon iarraidh a gheobhaidh sé ón bPáirtí eile i ndáil le bearta slándála speisialta réasúnta, agus cuirfidh an chéad Pháirtí san áireamh na bearta a bheidh i bhfeidhm cheana ag an bPáirtí eile agus aon bharúil a thogródh an Páirtí eile a thabhairt. Aithníonn gach Páirtí, mar sin féin, nach ndéanann aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo teorannú ar Pháirtí agus é ag diúltú cead iontrála chun a chríche d’aon eitilt nó eitiltí a mheasann sé a bheith ag bagairt ar shlándáil a chríche. Ach amháin nuair nach féidir, de dheasca éigeandáil a bheith ann, a bheith ag súil go réasúnta go bhféadfadh sé déanamh mar a leanas, cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas roimh ré faoi aon bhearta slándála speisialta a bhfuil rún aige iad a chur ar bun, ar bearta iad a d’fhéadfadh tionchar mór airgeadais nó oibríochtúil a imirt ar na seirbhísí aeriompair a bheartaítear faoin gComhaontú seo. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfar cruinniú den Chomhchoiste chun bearta slándála mar sin a phlé, mar a fhoráiltear maidir leis sin in Airteagal 23 den Chomhaontú seo.

    8.    Aon uair a dhéanfar aerárthach sibhialta a urghabháil go neamhdhleathach, nó aon uair a bheidh bagairt ann go ndéanfaí amhlaidh nó aon uair a dhéanfar bearta neamhdhleathacha eile a bheidh dírithe in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthaí sin, na bpaisinéirí agus na gcriúnna orthu, agus na n‑aerfort nó na saoráidí aerloingseoireachta a bhaineann leo, tabharfaidh na Páirtithe cúnamh dá chéile trí bhíthin éascú na cumarsáide agus trí bhearta iomchuí eile a mbeidh sé i gceist leo deireadh a chur go tapa agus go sábháilte leis an teagmhas nó leis an mbagairt.

    9.    Déanfaidh gach Páirtí, i dtaca le haerárthach a mbeifear tar éis í a urghabháil nó a mbeifear tar éis cur isteach uirthi trí bheart neamhdhleathach eile agus atá ar an talamh ina chríoch, gach beart is dóigh leis is indéanta dó chun a áirithiú go ndéanfar an t‑aerárthach sin a chur faoi choinneáil ar talamh ach amháin i gcás ina mbeidh sé riachtanach go n‑imeodh sí de bharr an dualgais fhorcheannasaigh atá ann beo daoine a chosaint. In aon chás inarb indéanta é, déanfar na bearta sin ar bhonn idirchomhairliúchán.

    10.    I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag Páirtí lena chreidiúint go bhfuil forálacha slándála eitlíochta an Airteagail seo á mbriseadh ag an bPáirtí eile, iarrfaidh an Páirtí sin go dtiocfadh an Páirtí eile i mbun comhairliúchán leis láithreach. Tosófar ar na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an iarraidh sin a fháil.

    11.    Gan dochar d’Airteagal 5 den Chomhaontú seo, i gcás nár thángthas ar chomhaontú sásúil laistigh de thríocha (30) lá ó dháta na hiarrata sin nó laistigh de thréimhse níos faide ná sin a fhéadfar a shocrú trí chomhaontú, beidh sé sin ina fhoras ag an bPáirtí a d’iarr na comhairliúcháin chun gníomhú chun údarú oibríochta ceann amháin nó níos mó d’aeriompróra an Pháirtí eile a dhiúltú, a chúlghairm nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur maidir leis.

    12.    I gcás inar gá sin de dheasca bagairt láithreach urghnách, féadfaidh Páirtí beart eatramhach a dhéanamh láithreach.

    13.    Scoirfear d’aon bheart a bheifear a dhéanamh i gcomhréir le mír 11 den Airteagal seo nuair a chomhlíonfaidh an Páirtí eile forálacha an Airteagail seo.

    AIRTEAGAL 16

    Bainistiú an aerthráchta

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, rialacha agus nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus caighdeáin a bhaineann le haeriompar a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II den Chomhaontú seo, agus i gcás nach bhforáiltear maidir leis sin i gcreat rialála an Aontais Eorpaigh, caighdeáin agus ceanglais mholta EESI faoi na coinníollacha atá leagtha amach thíos.

    2.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile i réimse bhainistiú an aerthráchta chun an tAerspás Eorpach Aonair a leathnú amach go dtí an Airméin chun na caighdeáin sábháilteachta atá i bhfeidhm faoi láthair agus éifeachtúlacht fhoriomlán oibríochtaí aerthráchta ginearálta san Eoraip a neartú, chun na hacmhainní rialaithe aerthráchta a bharrfheabhsú, chun na moilleanna a laghdú an oiread is féidir agus chun an éifeachtúlacht chomhshaoil a mhéadú. Chuige sin, glacfaidh an Airméin páirt mar bhreathnóir sa Choiste um Aerspás Eorpach Aonair agus i gcomhlachtaí eile a bhaineann leis an Aerspás Eorpach Aonair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Beidh an Comhchoiste freagrach as faireachán agus comhar a éascú i réimse bhainistiú an aerthráchta.

     

    3.    Chun cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair a éascú ina gcríocha féin:

    (a)    déanfaidh an Airméin na bearta is gá chun struchtúir institiúideacha agus maoirseachta a gcuid seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcuid bainistíochta aerthráchta a choigeartú ionas go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an Aerspáis Eorpaigh Aonair;

    (b)    go háirithe, bunóidh an Airméin comhlacht maoirseachta náisiúnta ábhartha déanta de sholáthraí nó de sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, comhlacht a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme ar a laghad;

    (c)    comhlachóidh an tAontas Eorpach an Airméin le hobair na dtionscnamh oibríochtúla ábhartha i réimsí na seirbhísí aerloingseoireachta, an aerspáis agus na hidir-inoibritheachta, trí na nithe seo a leanas, inter alia a dhéanamh:

    (i)    scrúdú a dhéanamh ar an deis atá ann ar bheith ag comhoibriú le bloc aerspáis feidhmiúil, comhlachú leis nó ceann nua a chruthú;

    (ii)    páirt a ghlacadh i bhfeidhmeanna líonra an Aerspáis Eorpaigh Aonair;

    (iii)    ailíniú le pleananna imlonnaithe taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR);

    (iv)    idir-inoibritheacht a neartú; agus

    (d)    déanfaidh an Airméin na bearta is gá chun scéim feidhmíochta an Aontais Eorpaigh chun éifeachtúlacht fhoriomlán na heitilte a bharrfheabhsú, costais a laghdú agus sábháilteacht agus acmhainn na gcóras atá ann cheana a fheabhsú.

    AIRTEAGAL 17

    An comhshaol

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus caighdeáin a bhaineann le haeriompar a shonraítear i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    2.    Tugann na Páirtithe a dtacaíocht maidir leis an ngá an comhshaol a chosaint trí fhorbairt inbhuanaithe na heitlíochta a chur chun cinn. Tá sé de rún ag na Páirtithe oibriú as lámh a chéile chun na saincheisteanna a aithint a bhaineann le tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol.

    3.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé go n‑oibreoidís le chéile chun tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a mheas agus a laghdú an oiread is féidir i gcomhsheasmhacht le cuspóirí an Chomhaontaithe seo. 

    4.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a bhaineann leis an eitlíocht, ar leibhéal an stáit baile agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Comhaontaíonn siad dlús a chur leis an gcomhar sna réimsí sin, ar a n‑áirítear trí shocruithe iltaobhacha ábhartha, go háirithe maidir le cur chun feidhme an bhearta atá bunaithe ar an margadh domhanda a comhaontaíodh ag 39 Tionól EESI agus úsáid an tsásra arna bhunú ag Airteagal 6.4 de Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i dtaca le forbairt na mbeart domhanda margadhbhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil eitlíochta agus aon ghné eile faoin Airteagal thuasluaite, Airteagal 6, a bhfuil ábharthacht ar leith aige i leith astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta.

    5.    Geallann na Páirtithe faisnéis a mhalartú le chéile agus cumarsáid agus idirphlé díreach rialta a chur á dhéanamh idir saineolaithe chun an comhar a neartú i dtaca le haghaidh a thabhairt ar thionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol, ar a n‑áirítear an comhar maidir leo seo a leanas:

    (a)    taighde agus forbairt i réimse na teicneolaíochta eitlíochta a dhéanfaidh maitheas don chomhshaol;

    (b)    an nuálaíocht i réimse an bhainistithe aerthráchta d’fhonn tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú;

    (c)    taighde agus forbairt ar bhreoslaí malartacha inbhuanaithe le haghaidh na heitlíochta;

    (d)    malartú dearcthaí faoi shaincheisteanna faoin dóigh a ndéileáiltear le tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol agus faoin dóigh le cúiteamh a dhéanamh in astaíochtaí ón eitlíocht a dhéanann difear don aeráid; agus

    (e)    monatóireacht torainn agus laghdú torainn, d’fhonn tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú.

    6.    Déanfaidh na Páirtithe, freisin, i gcomhréir leis na cearta atá acu agus na hoibleagáidí iltaobhacha atá acu i leith an chomhshaoil, feabhas iarbhír a chur ar an gcomhar eatarthu, ar a n‑áirítear an comhar maidir le gnéithe airgeadais agus teicneolaíocha, i ndáil le bearta a bhfuil de chuspóir leo aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa ón eitlíocht idirnáisiúnta.

    7.    Aithníonn na páirtithe conarthacha an riachtanas atá ann bearta iomchuí a dhéanamh chun tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a chosc nó chun aghaidh a thabhairt orthu ar shlite eile, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin i lán-chomhréir leis na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí idirnáisiúnta.

    AIRTEAGAL 18

    Dliteanas an aeriompróra

    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gcuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer, a rinneadh i Montréal an 28 Bealtaine 1999 (Coinbhinsiún Montréal).

    AIRTEAGAL 19

    An tomhaltóir a chosaint

    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus na caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid F d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    AIRTEAGAL 20

    Córais áirithinte ar ríomhaire

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus na caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    2.    Beidh díoltóirí córas áirithinte ar ríomhaire (CAR) a bheidh ag oibriú i gcríoch Páirtí amháin i dteideal a gcuid CAR a thabhairt isteach, a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil gan bhac do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí taistil arb é is príomhghnó dóibh táirgí a bhaineann leis an taisteal a dháileadh i gcríoch an Pháirtí eile, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an CAR aon cheanglais rialála ábhartha de chuid an Pháirtí eile.

    3.    Cuirfidh na Páirtithe ar neamhní aon cheanglas atá ann cheana arbh fhéidir dóibh an rochtain gan bhac ag CAR de chuid Páirtí amháin ar mhargadh an Pháirtí eile a shrianadh nó a dhéanfadh teorannú ar shlite eile ar an iomaíocht. Ní ghlacfaidh na Páirtithe aon cheanglais den chineál sin ó seo amach.

    4.    Ní fhorchuirfidh ceachtar den dá Pháirtí ná ní ligfidh sé a fhorchur, ina chríoch féin, ar dhíoltóir CAR an Pháirtí eile ceanglais i ndáil le taispeáintí CAR a bheidh éagsúil leis na ceanglais a fhorchuirfidh sé ar a chuid díoltóirí CAR féin nó ar aon CAR atá ag oibriú ar an margadh. Ní chuirfidh ceachtar den dá Pháirtí cosc le tabhairt i gcrích comhaontuithe idir díoltóirí CAR, a gcuid soláthróirí agus a gcuid suibscríobhaithe a bhaineann le malartú faisnéise faoi sheirbhísí taistil agus a ndéantar éascú leo ar thaispeáintí lenar féidir faisnéis chuimsitheach neamhchlaonta a dhíriú ar thomhaltóirí, nó ar chomhlíonadh na gceanglas rialála maidir le taispeáintí neodracha.

    5.    Úinéirí agus oibreoirí CAR de chuid Páirtí amháin a bheidh i gcomhlíontacht le ceanglais rialála ábhartha de chuid an Pháirtí eile, más ann dóibh, beidh an deis chéanna acu CARanna a bheith faoin n‑úinéireacht laistigh de chríoch an Pháirtí eile agus a bheidh ag úinéirí agus oibreoirí aon CAR eile a bheidh ag oibriú i margadh an Pháirtí sin.

    AIRTEAGAL 21

    Gnéithe sóisialta

    1.    Faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo, áiritheoidh na Páirtithe go gcomhlíonfaidh a reachtaíocht, a rialacha agus a nósanna imeachta ábhartha na ceanglais rialacháin agus na caighdeáin maidir le slándáil eitlíochta a shonraítear i gCuid G d’Iarscríbhin II a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    2.    Aithníonn na Páirtithe an tábhacht atá le tionchar an Chomhaontaithe seo ar dhálaí saothair, fostaíochta agus oibre a chur san áireamh. Geallann na Páirtithe oibriú i gcomhar ar chúrsaí saothair faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, i dtaca leis na tionchair ar an bhfostaíocht, ar chearta bunúsacha san obair, ar dhálaí oibre, ar an gcosaint shóisialta agus ar an idirphlé sóisialta, inter alia.

    3.    Déanfaidh na Páirtithe, lena gcuid dlíthe, rialachán agus cleachtas, ardleibhéil chosanta a chur chun cinn i réimse an tsaothair agus i réimse sóisialta na hearnála eitlíochta sibhialta.

    4.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá na tairbhí a thagann chun cinn nuair a bhíonn gnóthachain mhór eacnamaíocha as margaí oscailte agus iomaíocha agus ardchaighdeáin saothair ann in éineacht le chéile. Cuirfidh na Páirtithe an Comhaontú seo chun feidhme ar bhealach a chuirfidh le hardchaighdeáin saothair, cibé struchtúr úinéireachta a bheidh ar na haeriompróirí lena mbaineann nó cibé cineál aeriompróirí a bheidh i gceist, agus chun a áirithiú nach ndéanfar aon chreimeadh ar na cearta ná ar na prionsabail atá ina ndlíthe agus ina rialacháin féin, ach go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

    5.    Geallann na Páirtithe go gcuirfidh siad chun cinn agus chun feidhme go héifeachtach na bunchaighdeáin saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta mar atá i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair arna ndaingniú ag an Airméin agus ag Ballstáit an Aontais.

    6.    Geallann na Páirtithe go gcuirfidh siad chun cinn chomh maith caighdeáin agus comhaontuithe eile a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta i réimse an tsaothair agus sa réimse sóisialta atá ábhartha d’earnáil na heitlíochta sibhialta agus a gcur chun feidhme agus a bhforfheidhmiú ina reachtaíocht féin.

    7.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar an gComhchoiste aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna saothair a bheidh aitheanta mar shaincheisteanna tábhachtacha ag an bPáirtí is iarratasóir.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

    AIRTEAGAL 22

    Léirmhíniú agus forfheidhmiú

    1.    Déanfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, bíodh siad ginearálta nó sonrach, le comhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn ón gComhaontú sin a áirithiú, agus staonfaidh siad ó bhearta a chuirfeadh i mbaol sroicheadh chuspóirí an Chomhaontaithe seo.

    2.    Beidh gach Páirtí freagrach, ina chríoch féin, as forfheidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo.

    3.    Tabharfaidh gach Páirtí don Pháirtí eile an fhaisnéis uile agus an cúnamh uile is gá faoi réir dhlíthe agus rialacháin is infheidhme an Pháirtí lena mbaineann, i gcás imscrúduithe ar sháruithe féideartha a dhéanfaidh an Páirtí eile sin faoina inniúlachtaí féin de réir mar a fhoráiltear sa Chomhaontú seo.

    4.    Aon uair a ghníomhóidh na Páirtithe faoi na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an gComhaontú seo i leith cúrsaí a bhaineann le leas an Pháirtí eile agus le húdaráis inniúla nó gnóthas an Pháirtí eile, cuirfear údaráis inniúla an Pháirtí eile ar an eolas go hiomlán agus tabharfar an deis dóibh tuairim a thabhairt sula ndéanfar cinneadh deiridh.

    5.    A mhéid atá forálacha an Chomhaontaithe seo agus forálacha na ngníomhartha a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis comhionann, i dtaca lena substaint de, leis na rialacha a chomhfhreagraíonn leo i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus comhionann le gníomhartha arna nglacadh de bhun Chomhaontuithe an Aontais Eorpaigh, léirmhíneofar na forálacha sin, agus iad á gcur chun feidhme agus i bhfeidhm, i gcomhréir le rialuithe agus cinntí ábhartha na Cúirte Breithiúnais agus an Choimisiúin Eorpaigh.

    AIRTEAGAL 23

    An Comhchoiste

    1.    Bunaítear leis seo Comhchoiste d’ionadaithe na bPáirtithe, agus beidh sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar riar an Chomhaontaithe seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear chun feidhme go ceart é. Déanfaidh an Comhchoiste moltaí agus cinntí i gcás ina bhforáiltear go sonrach maidir leis sin sa Chomhaontú seo.

    2.    Is ar bhonn comhthola a fheidhmeoidh an Comhchoiste agus a dhéanfaidh sé cinntí. Beidh cinntí an Chomhchoiste ceangailteach ar na Páirtithe.

    3.    Glacfaidh an Coiste rialacha nós imeachta dó féin.

    4.    Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go dtionólfaí cruinniú den Chomhchoiste.

    5.    Féadfaidh Páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun aon cheist faoi léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a réiteach. Cruinniú a iarrfar, tionólfar é ar an dáta is luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná dhá (2) mhí ón dáta a gheobhfar an t‑iarratas, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe.

    6.    Chun críoch chur chun feidhme iomchuí an Chomhaontaithe seo, malartóidh na Páirtithe faisnéis, agus, ar iarraidh ó cheachtar den dá Pháirtí, cuirfidh siad comhairliúcháin á ndéanamh laistigh den Chomhchoiste.

    7.    De bhun bhronnadh na gceart a leagtar amach in Airteagal 3 den Chomhaontú seo, bailíochtóidh an Comhchoiste le cinneadh an mheastóireacht a dhéanfaidh an tAontas Eorpach ar an gcur chun feidhme agus ar an gcur i bhfeidhm a dhéanfaidh an Airméin ar fhorálacha reachtaíocht an Aontais Eorpaigh de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo.

    8.    I gcomhréir le Airteagal 6 den Chomhaontú seo, scrúdóidh an Comhchoiste ceisteanna faoi infheistíochtaí in aeriompróirí na bPáirtithe agus faoi athruithe ar rialú iarbhír aeriompróirí na bPáirtithe.

    9.    I gcomhréir le hAirteagal 14 (sábháilteacht eitlíochta) den Chomhaontú seo, déanfaidh an Comhchoiste faireachán ar an bpróiseas lena gcuirfear deireadh de réir a chéile le linn na hidirthréimhse a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo le haerárthaí atá cláraithe i bPoblacht na hAirméine agus atá in úsáid ag oibreoirí faoi rialú rialála Phoblacht na hAirméine agus nach bhfuil an cineál deimhnithe acu a eisítear i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo chun a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na haerárthaí sin i gcomhréir leis an bpróiseas lena gcuirfear deireadh leo a bhfuil tuairisc air i mír 7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

    10.    Forbróidh an Comhchoiste comhar leis na bearta seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

    (a)    dálaí margaidh a athbhreithniú a mbíonn tionchar acu ar aersheirbhísí faoin gComhaontú seo;

    (b)    aghaidh a thabhairt ar an sprioc ceisteanna gnó agus ceisteanna a bhaineann le deiseanna tráchtála a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 9 den Chomhaontú seo ar féidir, inter alia, go gcuirfidh siad bac ar rochtain ar an margadh agus ar oibriú réidh aersheirbhísí faoin gComhaontú seo, chun go n‑áireofar an iomaíocht chóir, an cóineasú rialála agus an t‑íoslaghdú ar an ualach rialála ar aersheirbhísí a oibriú;

    (c)    faisnéis a mhalartú, ar a n‑áirítear athruithe ar dhlíthe, rialacháin agus beartais na bPáirtithe ábhartha ar féidir go n‑imreoidh siad tionchar ar aersheirbhísí;

    (d)    a mheas an bhfuil réimsí eile ann a bhféadfaí an Comhaontú seo a fhorbairt a thuilleadh ina leith, ar a n‑áirítear leasuithe a mholadh ar an gComhaontú seo nó coinníollacha agus nósanna imeachta i ndáil le haontachas tríú tíortha leis an gComhaontú seo;

    (e)    ceisteanna ginearálta a bhaineann le hinfheistíocht, úinéireacht agus rialáil a phlé;

    (f)    comhar rialála agus tiomantas frithpháirteach a fhorbairt chun aitheantas agus ailíniú cómhalartach rialacha agus beart a bhaint amach;

    (g)    comhairliúchán a chothú i gcás inarb iomchuí, maidir le ceisteanna aeriompair a ndéileáiltear leo in eagraíochtaí idirnáisiúnta, sa chaidreamh le tríú tíortha agus i gcomhaontuithe iltaobhacha, ar a n‑áirítear scrúdú a dhéanamh chun a chinneadh an nglacfaidh siad cur chuige comhpháirteach;

    (h)    malartú faisnéise staidrimh a éascú eatarthu chun faireachán a dhéanamh ar aersheirbhísí agus iad a fhorbairt faoin gComhaontú seo; agus

    (i)    éifeachtaí sóisialta an Chomhaontaithe a mheas de réir mar a chuirfear chun feidhme é agus freagairtí iomchuí a fhorbairt i dtaobh údair imní a bhfuil cúis leo.

    11.    Mura measfaidh an Comhchoiste ceist a cuireadh faoina bhráid laistigh de shé (6) mhí ón dáta a cuireadh faoin bhráid é, féadfaidh na Páirtithe bearta coimirce iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 25 den Chomhaontú seo.

    12.    Ní chuirfidh an Comhaontú seo cosc ar chomhar ná ar phlé idir údaráis inniúla na bPáirtithe lasmuigh den Chomhchoiste, ar a n‑áirítear comhairliúcháin nó plé i réimsí na slándála, na sábháilteachta, an chomhshaoil, an bhainistithe aerthráchta, an bhonneagair eitlíochta, na hiomaíochta agus na cosanta sóisialta. Cuirfidh na Páirtithe an Comhchoiste ar an eolas faoi thoradh an chomhair agus na bpléití sin a mhéid a bhainfidh leis an tionchar ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

    AIRTEAGAL 24

    Réiteach díospóidí agus eadráin

    1.    I gcás aon díospóid a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo, cé is moite de cheisteanna a thiocfaidh chun cinn faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo, nár réitíodh le cruinniú de chuid an Chomhchoiste, féadfar, ar iarraidh ó cheachtar den dá Pháirtí, í a chur faoi eadráin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.    Déanfar an iarraidh ar eadráin i scríbhinn chuig an bPáirtí eile. Sonróidh Páirtí an ghearáin ina iarraidh cén beart atá i gceist agus míneoidh sé conas atá an beart sin ag teacht salach ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo ar bhealach ar leor é chun bonn dlí an ghearáin a chur i láthair go soiléir.

    3.    Ach amháin má chomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, is bord eadrána de thriúr eadránaithe a chuirfear ar bun mar a leanas a dhéanfaidh an eadráin:

    (a)    laistigh d’fhiche (20) lá ón uair a fuarthas an iarraidh ar eadráin, ceapfaidh gach Páirtí aon eadránaí amháin. Laistigh de thríocha (30) lá ón uair a ceapadh an dá eadránaí sin, ceapfaidh siad an tríú headránaí de chomhaontú, agus is é an tríú headránaí sin a bheidh ina Uachtarán ar an mbord eadrána;

    (b)    murar cheap ceachtar den dá Pháirtí aon eadránaí, nó murar ceapadh an tríú headránaí i gcomhréir le fomhír (a) den mhír seo, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an t‑eadránaí nó na headránaithe a theastaíonn a cheapadh laistigh de thríocha (30) lá ón uair a fuarthas an iarraidh sin. Más náisiúnach den Airméin nó de Bhallstát den Aontas Eorpach é Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, iarrfar ar an Leas-Uachtarán is sinsearaí ar an gComhairle, fad nach bhfuil seisean, freisin, dícháilithe ar an mbonn céanna, an ceapachán a dhéanamh.

    4.    An dáta a ghlacfaidh an duine deireanach den triúr eadránaithe lena cheapachán i gcomhréir le nósanna imeachta atá le leagan síos ag an gComhchoiste, is é sin dáta bunaithe an bhoird eadrána.

    5.    Má iarrann Páirtí sin, déanfaidh an bord, laistigh de dheich (10) lá tar éis a bhunaithe, réamhrialú a thabhairt maidir le cé acu a mheasann sé nó nach measann go bhfuil práinn leis an gcás.

    6.    Ar iarraidh ó Pháirtí, féadfaidh an bord a ordú don Pháirtí eile bearta faoisimh eatramhacha a chur chun feidhme go dtí go ndéanfaidh an bord a rialú deiridh.

    7.    Cuirfidh an bord eadrána tuarascáil eatramhach ar fáil do na Páirtithe agus beidh leagtha amach sa tuarascáil sin na fionntaí i leith fíoras, infheidhmeacht na bhforálacha agus an réasúnaíocht bhunúsach a bhí le fionntaí agus moltaí na tuarascála, agus cuirfidh sé í sin ar fáil tráth nach déanaí ná nócha (90) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh Uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn do na Páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé pleanáilte ag an mbord eadrána fógra a thabhairt faoina thuarascáil eatramhach. Níor cheart fógra a thabhairt faoin tuarascáil eatramhach sin, i gcás ar bith, tráth is déanaí ná céad is fiche lá (120) ó dháta bunaithe an bhoird eadrána.

    8.    Féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an bhoird eadrána go ndéanfadh sé athbhreithniú ar ghnéithe sonracha den tuarascáil eatramhach laistigh de 14 lá ó dháta a fhógartha.

    9.    I gcásanna práinne, déanfaidh an bord gach iarracht chun fógra a thabhairt dá thuarascáil eatramhach laistigh de chúig lá is daichead (45) agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná seasca (60) lá tar éis dháta a bhunaithe. Féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an bhoird eadrána go ndéanfadh sé athbhreithniú ar ghnéithe beachta den tuarascáil eatramhach laistigh de 7 lá tar éis an fógra ina leith a fháil. Déanfaidh an bord eadrána aon trácht a dhéanfaidh na Páirtithe ar an tuarascáil eatramhach a mheas agus dá éis sin féadfaidh an bord eadrána a thuarascáil a leasú agus féadfaidh sé, más iomchuí leis, iniúchadh breise a dhéanamh. I dteannta na bhfionntaí a dhéanfar sa rialú deiridh, beidh plé leordhóthanach ar na hargóintí a rinneadh tráth an athbhreithnithe eatramhaigh, agus tabharfar freagra soiléir ar cheisteanna agus ar bharúlacha na bPáirtithe.

    10.    Tabharfaidh an bord eadrána fógra faoina rialú deiridh do na Páirtithe laistigh de chéad is fiche (120) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh Uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn do na Páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé pleanáilte ag an mbord eadrána fógra a thabhairt faoina rialú. Níor cheart fógra a thabhairt faoin rialú sin, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná céad caoga lá (150) ó dháta bunaithe an bhoird.

    11.    I gcásanna práinne, déanfaidh an bord gach iarracht fógra a thabhairt faoina rialú laistigh de sheasca (60) lá tar éis dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh Uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn do na Páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé pleanáilte ag an mbord eadrána fógra a thabhairt faoina rialú. Níor cheart fógra a thabhairt faoin rialú sin, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná cúig lá is seachtó (75) ó dháta bunaithe an bhoird.

    12.    Laistigh de dheich (10) lá tar éis dó fógra a fháil, féadfaidh na Páirtithe iarrataí a chur isteach ar shoiléiriú ar an rialú deiridh, agus eiseofar aon soiléiriú a thabharfar laistigh de chúig lá dhéag (15) tar éis na hiarrata sin.

    13.    Má chinneann an bord eadrána gur sáraíodh an Comhaontú seo agus mura gcomhlíona an Páirtí freagrach rialú deiridh an bhoird eadrána, nó mura dtaga sé ar chomhaontú leis an bPáirtí eile maidir le réiteach atá chun sástacht an dá Pháirtí laistigh de dhaichead (40) lá tar éis rialú deiridh an bhoird a fháil, féadfaidh an Páirtí eile feidhmiú na dtairbhí inchomparáide a leanann as an gComhaontú seo a chur ar fionraí nó féadfaidh sé cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí i bpáirt nó, más gá, ina iomláine, go dtí go gcomhlíonfaidh na Páirtithe rialú an bhoird nó go dtí go dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach atá chun sástacht a chéile.

    AIRTEAGAL 25

    Bearta coimirce

    1.    Má mheasann ceachtar den dá Pháirtí nach bhfuil a oibleagáidí comhlíonta ag an bPáirtí eile faoin gComhaontú sin, féadfaidh sé bearta iomchuí coimirce a dhéanamh. Beidh na bearta coimirce i leith a raoin feidhme agus a fhad a mhairfidh siad teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an cás a réiteach nó chun cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmíocht an Chomhaontaithe sin.

    2.    Páirtí atá ag cuimhneamh ar bhearta coimirce a dhéanamh, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas faoi sin tríd an gComhchoiste agus cuirfidh sé ar fáil gach faisnéis ábhartha.

    3.    Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán láithreach leis an gComhchoiste chun teacht ar réiteach is inghlactha ag an dá Pháirtí.

    4.    Gan dochar d’Airteagal 4(1)(c) agus d’Airteagal 5(1)(c) den Chomhaontú seo, ní fhéadfaidh an Páirtí lena mbaineann bearta coimirce a dhéanamh go dtí go mbeidh mí amháin (1) caite tar éis dháta an fhógra faoi mhír 2 den Airteagal seo, ach amháin má críochnaíodh an nós imeachta comhairliúcháin faoi mhír 3 den Airteagal seo sula ndeachaigh an teorainn ama sin in éag.

    5.    Tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra gan aon mhoill don Chomhchoiste faoi na bearta a rinneadh, agus soláthróidh sé gach faisnéis ábhartha.

    6.    Cuirfear ar fionraí aon bheart a bheifear a dhéanamh faoi théarmaí an Airteagail seo a luaithe a chomhlíonfaidh an Páirtí ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo.

    AIRTEAGAL 26

    An gaol le comhaontuithe eile

    1.    Le linn tréimhse ina mbeidh cur i bhfeidhm sealadach á dhéanamh de bhun Airteagal 30 den Chomhaontú seo, beidh na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha a bhí ann cheana idir Poblacht na hAirméine agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus a bheidh ar bun tráth sínithe an Chomhaontaithe seo ar fionraí, ach amháin sa mhéid dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

    2.    D’ainneoin mhír 1 agus 3 agus ar choinníoll nach mbeidh aon idirdhealú á dhéanamh idir aeriompróirí an Aontais Eorpaigh ar bhonn na náisúntachta:

    (a)    féadfar leanúint de bheith ag feidhmiú na gceart agus na bhforálacha níos fabhraí maidir le húinéireacht, cearta tráchta, acmhainneacht, minicíochtaí, cineál nó athrú aerárthaigh, roinnt cód eitilte agus praghsáil faoi na comhaontuithe nó na socruithe déthaobhacha idir Poblacht na hAirméine agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh a bheidh ar bun tráth sínithe an Chomhaontaithe seo agus nach mbeidh cumhdaithe nó a bheidh níos fabhraí nó solúbtha ó thaobh shaoirse na n‑aeriompróirí lena mbaineann ná mar a bheidh faoin gComhaontú seo;

    (b)    má bhíonn díospóid idir Páirtithe i dtaobh cé acu is fabhraí agus/nó is solúbtha, nó nach ea, na forálacha nó an chóireáil faoi chomhaontuithe nó socruithe, déanfar an díospóid sin a réiteach faoi chuimsiú an tsásra réitithe díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 24. Is faoi chuimsiú an tsásra um réiteach díospóidí dá bhforáiltear faoi Airteagal 24 a réiteofar aon díospóid i dtaobh conas a chinnfear an gaol idir forálacha nó cóireáil atá i gcodarsnacht le chéile.

    3.    Ar theacht i bhfeidhm don Chomhaontú seo de bhun Airteagal 30 de, beidh tosaíocht aige ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha a bhí ann cheana idir Poblacht na hAirméine agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus a bheidh ar bun tráth sínithe an Chomhaontaithe seo, ach amháin sa mhéid dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

    4.    Má éiríonn na Páirtithe ina bpáirtithe i gcomhaontú iltaobhach nó má fhormhuiníonn siad cinneadh arna ghlacadh ag EESI nó eagraíocht idirnáisiúnta eile, ina dtabharfar aghaidh ar chúrsaí a chumhdaítear sa Chomhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairle le chéile sa Chomhchoiste de bhun Airteagal 23 den Chomhaontú seo go tráthúil chun a chinneadh ar cheart an Comhaontú seo a athbhreithniú chun na cora nua sin a chur san áireamh.

    AIRTEAGAL 27

    Leasuithe

    1.    Féadfaidh na páirtithe aon leasú ar an gComhaontú seo a chomhaontú tar éis comhairliúcháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Chomhaontú seo. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 30 den Chomhaontú seo.

    2.    Má theastaíonn ó cheann amháin de na Páirtithe forálacha an Chomhaontaithe sin a leasú, tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh don Chomhchoiste dá réir sin.

    3.    Ar bhun moladh ó Pháirtí amháin agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh an Comhchoiste cinneadh de chomhthoil na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a mhodhnú.

    4.    Beidh an Comhaontú seo gan dochar do cheart gach Páirtí, faoi réir comhlíontacht le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus le forálacha an Chomhaontaithe seo, reachtaíocht nua a ghlacadh go haontaobhach nó an reachtaíocht atá ann cheana a leasú i réimse an aeriompair nó i réimse gaolmhar a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú sin.

    5.    I gcás ina bhfuil reachtaíocht nua nó leasú ar reachtaíocht atá ann cheana i réimse an aeriompair nó i réimse gaolmhar a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo á meas ag ceann de na Páirtithe, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas de réir mar is iomchuí agus is féidir. Arna iarraidh sin do cheachtar den dá Pháirtí, féadfar malartú tuairimí a dhéanamh sa Chomhchoiste.

    6.    Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas go rialta agus a luaithe is iomchuí maidir le reachtaíocht nua a glacadh nó maidir le leasú ar a reachtaíocht atá ann cheana i réimse an aeriompair nó i réimse comhlachaithe a luaitear in Iarscríbhinn II den Chomhaontú seo. Arna iarraidh sin d’aon Pháirtí, déanfaidh an Comhchoiste malartú tuairimí laistigh de sheasca (60) lá ina dhiaidh sin faoi na himpleachtaí a bheidh ag an reachtaíocht nua sin nó ag an leasú nua sin ar fheidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo.

    7.    Tar éis an mhalartaithe tuairimí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an Comhchoiste na nithe seo a leanas:

    (a)    cinneadh a ghlacadh lena leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo chun an reachtaíocht nua nó an leasú atá i gceist a chomhtháthú san Iarscríbhinn sin, más gá sin ar bhonn na cómhalartachta;

    (b)    cinneadh a ghlacadh a mbeidh d’éifeacht leis go measfar go bhfuil an reachtaíocht nua nó an leasú atá i gceist i gcomhréir leis an gComhaontú seo; nó

    (c)    aon bheart eile a mholadh, chun a ghlactha laistigh de thréimhse réasúnach ama, chun feidhmíocht cheart an Chomhaontaithe seo a choimirciú.

    AIRTEAGAL 28

    Foirceannadh

    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn, trí bhealaí taidhleoireachta, don Pháirtí eile gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Fógra a thabharfar amhlaidh, cuirfear é go comhuaineach chuig EESI agus chuig Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Tiocfaidh an Comhaontú seo chun deiridh ag meán oíche, meán-am Greenwich, ag deireadh an tséasúir tráchta, is é sin séasúr tráchta an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta, a bheidh i bhfeidhm bliain amháin (1 bhliain) tar éis dháta an fhógra foirceanta, ach amháin má tharraingítear siar an fógra roimh dheireadh na tréimhse sin de chomhaontú na bPáirtithe.

    AIRTEAGAL 29

    Clárú an Chomhaontaithe

    Déanfar an Comhaontú seo, mar aon le haon leasuithe air, a chlárú le EESI, i gcomhréir le hAirteagal 83 den Choinbhinsiún, agus le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe, i ndiaidh dóibh teacht i bhfeidhm.

    AIRTEAGAL 30

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

    1.Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe nó a fhormheasta ag na Páirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Déanfar na hionstraimí daingniúcháin nó formheasa a thaisceadh leis an Taiscí agus cuirfidh an Taiscí an Páirtí eile agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta ar an eolas faoi sin.

    2.Is é Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh ina Thaiscí an Chomhaontaithe seo.

    3.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis don Taiscí fógra a thabhairt do na Páirtithe á dheimhniú go bhfuarthas an ionstraim dheireanach daingniúcháin nó formheasa.

    4.D’ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, comhaontaíonn na Páirtithe an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, mar a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo, i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha féin agus le reachtaíocht a gcríche baile féin de réir mar is infheidhme.

    5.Tiocfaidh an tiarratas sealadach seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis don Taiscí fógra a thabhairt do na Páirtithe á dheimhniú go bhfuarthas an méid seo a leanas:

    (a) fógra ón Aontas Eorpach maidir le comhlánú na nósanna imeachta is ábhartha don Aontas agus dá Bhallstáit agus is riachtanach chun na críche sin; agus

    (b) ionstraim daingniúcháin nó formheasa arna taisceadh ag an Airméin dá dtagraítear i mír 1.

    Á FHIANÚ SIN tá an Comhaontú seo sínithe againne a bhfuil ár síniú thíos, agus sinn údaraithe go cuí chuige sin.

    Arna dhéanamh [sa ## OR i ##] an [...] sa bhliain [...], i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Airméinis, agus comhúdarás ag gach téacs.

    Thar ceann Phoblacht na hAirméine    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

                                           Thar ceann Ríocht na Beilge,

                                           Thar ceann Phoblacht na Bulgáire,

                                           Thar ceann Phoblacht na Seice,

                                           Thar ceann Ríocht na Danmhairge,

       Thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,

                                           Thar ceann Phoblacht na hEastóine,

       

                                           Thar ceann na hÉireann,

                                           Thar ceann na Poblachta Heilléanaí,

                                           Thar ceann Ríocht na Spáinne,

                                           

    Thar ceann Phoblacht na Fraince,

                                           Thar ceann Phoblacht na Cróite,

                                           Thar ceann Phoblacht na hIodáile,

                                           Thar ceann Phoblacht na Cipire,

                                           Thar ceann Phoblacht na Laitvia,

                                           Thar ceann Phoblacht na Liotuáine,

                                           Thar ceann Ard-Diúcacht Lucsamburg,

                                           Thar ceann na hUngáire,

                                           Thar ceann Mhálta,

                                           Thar ceann Ríocht na hÍsiltíre,

                                           Thar ceann Phoblacht na hOstaire,

                                           Thar ceann Phoblacht na Polainne,

                                           Thar ceann Phoblacht na Portaingéile,

                                           Thar ceann na Rómáine,

                                           Thar ceann Phoblacht na Slóivéine,

                                           Thar ceann Phoblacht na Slóvaice,

                                           Thar ceann Phoblacht na Fionlainne,

                                           Thar ceann Ríocht na Sualainne.

                                           

    IARSCRÍBHINN I

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    1.    I dtaca le comhlíontacht na hAirméine leis na ceanglais agus na caighdeáin rialála uile a bhaineann le haeriompar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cé is moite den reachtaíocht slándála eitlíochta a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfar meastóireacht ar an gcomhlíontacht sin faoi fhreagracht an Aontais Eorpaigh, meastóireacht a dhéanfar a bhailíochtú le cinneadh ón gComhchoiste. Déanfar an mheastóireacht sin dhá (2) bhliain tar éis don Chomhaontú teacht i bhfeidhm, ar a dhéanaí.

    2.    D’ainneoin fhorálacha Airteagal 3 den Chomhaontú seo, ní áireofar ar chearta comhaontaithe agus bealaí sonraithe an Chomhaontaithe seo, go dtí an tráth a ghlacfar leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Iarscríbhinn seo, ceart aeriompróirí den dá Pháirtí chun cearta den chúigiú saoirse a fheidhmiú, cé is moite díobh sin a bronnadh cheana i gcomhréir le socruithe déthaobhacha idir an Airméin agus ballstáit den Aontas Eorpach, ar a n‑áirítear ceart aeriompróirí na hAirméine idir pointí laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh.

    Ar ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Iarscríbhinn seo, beidh aeriompróirí an dá Pháirtí i dteideal cearta den chúigiú saoirse a fheidhmiú, agus a áirítear air sin aeriompróirí na hAirméine idir pointí laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú seo.

    3.    I dtaca le comhlíontacht na hAirméine leis na ceanglais agus na caighdeáin rialála a bhaineann leis an reachtaíocht slándála eitlíochta a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfar meastóireacht air faoi fhreagracht an Aontais Eorpaigh agus déanfar an mheastóireacht sin a bhailíochtú le cinneadh ón gComhchoiste. Déanfar an mheastóireacht sin roimh thrí (3) bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Idir an dá linn, cuirfidh an Airméin Doiciméad 30 ón gComhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta chun feidhme.

    4.    Ar ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 3 den Iarscríbhinn seo, déanfar an chuid rúnda den reachtaíocht slándála eitlíochta mar a shonraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fáil don údarás iomchuí de chuid na hAirméine, faoi réir comhaontú maidir le malartú faisnéise ar faisnéis í atá íogair ó thaobh na slándála de, ar a n‑áirítear faisnéis rúnaicmithe de chuid AE.

    5.    Maidir le haistriú na hAirméine de réir a chéile ionsar chur i bhfeidhm iomlán reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a bhaineann le haeriompar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfaidh sé a bheith faoi réir measúnuithe rialta. Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh na measúnuithe i gcomhar leis an Airméin.

    6.    Ó dháta an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Iarscríbhinn seo, cuirfidh an Airméin rialacha ceadúnaithe oibríochta i bhfeidhm a bheidh coibhéiseach cuid mhaith leis na rialacha atá i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal. I dtaca le forálacha Airteagal 4.3 den Chomhaontú seo maidir le haithint fhrithpháirteach cinntí maidir le hoiriúnacht agus/nó cinntí maidir le saoránacht arna ndéanamh ag údaráis inniúla na hAirméine, cuirfidh údaráis inniúla an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm iad ar fháil dearbhaithe ón gComhchoiste go bhfuil na rialacha ceadúnaithe oibríochta sin á gcur i bhfeidhm ina n‑iomláine ag an Airméin.

     

    7.    Gan dochar do chinneadh arna dhéanamh faoi chuimsiú an Chomhchoiste nó faoi chuimsiú Airteagal 25 (Bearta coimirce), is féidir, i dtaca le haeracmhainneacht na n‑aerárthach atá cláraithe i gclár na hAirméine agus atá in úsáid ag oibreoirí faoi rialú rialála na hAirméine, nach bhfuil deimhniú cineáil arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh acu i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais i gcuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, an aeracmhainneacht sin a bhainistiú faoi fhreagracht údaráis inniúla na hAirméine i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta is infheidhme de chuid na hAirméine, go dtí tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2023 ar choinníoll go gcomhlíonann na haerárthaí na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta a leagtar síos de bhun an choinbhinsiúin. Ní thairbheoidh na haerárthaí sin de aon chearta arna mbronnadh faoin gComhaontú seo agus ní oibreoidh siad ar aerbhealaí chun an Aontais Eorpaigh, ar aerbhealaí uaidh ná ar aerbhealaí laistigh de.



    IARSCRÍBHINN II

    (Faoi réir uasdátú rialta)

    RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA

    Déanfar ceanglais agus caighdeáin rialála na bhforálacha is infheidhme de na gníomhartha seo a leanas a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gComhaontú seo mura sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn seo nó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo (Forálacha Idirthréimhseacha). I gcás inar gá, leagtar amach anseo thíos oiriúnuithe sonracha maidir le gach gníomh aonair:

    A.ROCHTAIN AR AN MARGADH AGUS CEISTEANNA ATÁ COIMHDEACH LEIS SIN

    Uimh. 1008/2008

    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 2, 23(1), 24 agus Iarscríbhinn I mar aon le Caibidil II i gcomhréir le mír 6 d’Iarscríbhinn I den Chomhaontú.

    Uimh. 785/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 285/2010 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2010

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 8.

    Uimh. 2009/12

    Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 11.

    Uimh. 96/67

    Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseáil ar talamh ag aerfoirt Chomhphobail

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 9, 11 go 21 agus an Iarscríbhinn;

    a mhéid a bhaineann le hAirteagal 20(2) a chur chun feidhme, is é a bheidh sa téarma “an Coimisiún” ná “an Comhchoiste”.

    Uimh. 80/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 11 agus na hIarscríbhinní.



    B.AN tSÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA

    Sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus Bunrialachán Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

    Uimh. 216/2008

    Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 690/2009 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2009

    Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009, Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 3 (an chéad mhír amháin) agus an Iarscríbhinn

    Rialachán (AE) Uimh. 6/2013 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2013

    Rialachán (AE) Uimh. 2016/4 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 68 cé is moite d’Airteagal 65, an dara fomhír d’Airteagal 69(1), 69(4), Iarscríbhinní I go VI.

    Uimh. 319/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 17 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 646/2012

    Rialachán (AE) Uimh. 646/2012 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2012 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le muirir agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 25.

    Uimh. 104/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le heagrú agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc na Gníomhaireachta Sábháilteachta na hEitlíochta Eorpaí

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 7, an Iarscríbhinn.

    Oibríochtaí aeir

    Uimh. 965/2012

    Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:

    Rialachán (AE) Uimh. 800/2013 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2013

    Rialachán (AE) Uimh. 71/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014

    Rialachán (AE) Uimh. 83/2014 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2014

    Rialachán (AE) Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2014

    Rialachán (AE) 2015/140 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2015

    Rialachán (AE) 2015/1329 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2015

    Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015

    Rialachán (AE) 2015/2338 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2015

    Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2016

    Rialachán (AE) 2017/363 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 go 9a, Iarscríbhinní I go VIII.

    Criú eitlíochta

    Uimh. 1178/2011

    Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 ón gCoimisiún an 30 Márta 2012

    Rialachán (AE) Uimh. 70/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014

    Rialachán (AE) Uimh. 245/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014

    Rialachán (AE) 2015/445 ón gCoimisiún an 17 Márta 2015

    Rialachán (AE) 2016/539 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 go 11, Iarscríbhinní I go IV.

    Imscrúdú timpistí

    Uimh. 996/2010

    Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais in eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/56/CE arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 23, cé is moite d’Airteagail 7(4) agus Airteagal 19 (arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014).

    Uimh. 2012/780

    Cinneadh 2012/780/AE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2012 maidir le cearta rochtana ar an Stór Lárnach Eorpach de Mholtaí Sábháilteachta agus a bhfreagairtí arna bhunú ag Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 996/2010 de Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le timpistí agus eachtraí san eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena leasaítear Cinneadh 94/56/CE

    Forálacha is infheidhme: in Airteagail 1 go 5.

    Aeracmhainneacht tosaigh

    Uimh. 748/2012

    Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le deimhniú aeracmhainneachta agus comhshaoil le haghaidh aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearas gaolmhar, agus maidir le deimhniú le haghaidh eagraíochtaí deartha agus táirgthe, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 7/2013 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2013

    Rialachán (AE) Uimh. 69/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014

    Rialachán (AE) 2015/1039 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2015

    Rialachán (AE) 2016/5 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinn I.

    Aeracmhainneacht leanúnach

    Uimh. 1321/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2015/1088 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2015

    Rialachán (AE) 2015/1536 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2015

    Rialachán (AE) 2017/334 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2017

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 go 6, Iarscríbhinní I go IV.

    Sonraíochtaí breise aeracmhainneachta

    Uimh. 2015/640

    Rialachán (AE) Uimh. 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíocht breise aeracmhainneachta i dtaca le cineál ar leith oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 5 agus na hIarscríbhinní.

    Aeradróim

    Uimh. 139/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 go 10, Iarscríbhinní I go IV.

    Oibreoirí tríú tíortha

    Uimh. 452/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de chuid oibreoirí tríú tíortha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 4 agus Iarscríbhinní 1 agus 2.

    Bainistíocht aerthráchta/Seirbhísí aerloingseoireachta

    Uimh. 2015/340

    Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 go 10, Iarscríbhinní I go IV.

    Uimh. 2017/373

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin, lena n‑aisghairtear (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena n‑aisghairtear Uimh. 677/2011

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10 agus Iarscríbhinní.

    Tarluithe a thuairisciú

    Uimh. 376/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 7; Airteagal 9(3); Airteagal 10(2) go (4); Airteagal 11(1) agus (7); Airteagal 13 cé is moite de mhír (9); Airteagail 14 go 16; Airteagal 21 agus Iarscríbhinní I go III.

    Uimh. 2015/1018

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta lena n‑aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

     

    Forálacha is infheidhme: Airteagal 1 agus Iarscríbhinní I go V.

    Cigireachtaí caighdeánúcháin

    Uimh. 628/2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2013 an 28 Meitheamh 2013 maidir le modhanna oibre Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa i dtaca le cigireachtaí caighdeánúcháin a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/2006 ón gCoimisiún

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 26.

    Liosta aershábháilteachta an Aontais de na haeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas

    Uimh. 2111/2005

    Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta, agus lena n‑aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 13, 15 go 16 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 473/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme i dtaca leis an liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní A go C.

    Uimh. 474/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú go deireanach le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/963 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 agus 2, Iarscríbhinní I agus II.

    Ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta

    Uimh. 3922/91

    Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006

    Rialachán (CE) Uimh. 1900/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006

    Rialachán (CE) Uimh. 8/2008 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2007

    Rialachán (CE) Uimh. 859/2008 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2008

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10 cé is moite d’Airteagal 4(1) agus Airteagal 8(2) (dara habairt), Airteagail 12 go 13, Iarscríbhinní I go III



    C.SLÁNDÁIL NA hEITLÍOCHTA

    Uimh. 300/2008

    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 15, 18, 21 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 272/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena bhforlíontar na chaighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 297/2010 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2010

    Rialachán (AE) Uimh. 720/2011 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2011

    Rialachán (AE) Uimh. 1141/2011 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2011

    Rialachán (AE) Uimh. 245/2013 ón gCoimisiún an 19 Márta 2013

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 2 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 1254/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 1254/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena leagtar síos critéir i ndáil le ceadú do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta agus bearta slándála a ghlacadh, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2016/2096 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016

    Uimh. 18/2010

    Rialachán (CE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta

    Uimh. 2015/1998

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna sa tslándáil eitlíochta a chur chun feidhme, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2015/2426 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2015

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2017/815 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2017

    Uimh. 2015/8005

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2015) 8005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, arna leasú le:

    Cinneadh Cur Chun Feidhme C (2017) 3030 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2017

    Uimh. 72/2010

    Rialachán (CE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta chun imscrúduithe an Choimisiún a dhéanamh i réimse na slándála eitlíochta, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/472 ón gCoimisiún an 31 Márta 2016



    D.BAINISTIÚ AN AERTHRÁCHTA

    Uimh. 549/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun Aerspás Eorpach Aonair a bhunú (an Creat-rialachán), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009*

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 4, 6, 9 go 13.

    Uimh. 550/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán maidir le Soláthar Seirbhísí), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009*

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 18, Iarscríbhinn I.

    Uimh. 551/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid an aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán Aerspáis), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009

    Forálacha is infheidhme: in Airteagail 1 go 9.

    Uimh. 552/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán Idir-inoibrithreachta), arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009*

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go V.

    * I dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 - forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 4, cé is moite d’Airteagal 1(4)

    Feidhmíocht agus Muirearú

    Uimh. 390/2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim feidhmíochta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra

    Uimh. 391/2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim muirearaithe chomhchoiteann maidir le seirbhísí aerloingseoireachta

    Feidhmeanna Líonra

    Uimh. 677/2011

    Rialachán (CE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 691/2010, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 970/2014 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2014

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 25 agus na hIarscríbhinní.

    Uimh. 255/2010

    Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistiú sreafa aerthráchta, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/1006 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 15 agus na hIarscríbhinní.

    Uimh. 2011/4130

    Cinneadh C (2011) 4130 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 maidir leis an mBainisteoir Líonra a cheapadh le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair

    Idir-inoibritheacht

    Uimh. 1032/2006

    Rialachán  (CE) Uimh. 1032/2006  ón gCoimisiún an 6 Iúil 2006 lena leagtar síos ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú uathoibríoch sonraí eitilte i ndáil le heitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 30/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 9, Iarscríbhinní I go V.

    Uimh. 1033/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais maidir le nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte ag an gcéim réamheitilte le haghaidh an Aerspás Eorpaigh Aonair, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 929/2010 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2010

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 428/2013 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/2120 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 5 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 633/2007

    Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2007 lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachtaí eitilte a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta, arna leasú le:

    Rialachán (AE) Uimh. 283/2011 ón gCoimisiún an 22 Márta 2011

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní I-IV.

    Uimh. 29/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2015/310 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2015

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go III.

    Uimh. 262/2009

    Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 an 30 Márta 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhód S le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/2345 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 12, Iarscríbhinní I go VI.

    Uimh. 73/2010

    Rialachán (CE) Uimh. 73/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos na ceanglais maidir le cáilíocht sonraí agus faisnéise aerloingseoireachta le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair , arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1029/2014 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2014

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 13, Iarscríbhinní I go X.

    Uimh. 1206/2011

    Rialachán (CE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sainaithint aerárthaí chun faireachas a dhéanamh le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I go VII.

    Uimh. 1207/2011

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1028/2014 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2014

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2017/386 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go IX.

    Uimh. 1079/2012

    Rialachán (CE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, arna leasú le:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 657/2013 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2016/2345 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2016

    Forálacha is infheidhme: 1 go 14, Iarscríbhinní I go V.

    SESAR

    Uimh. 219/2007

    Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008 ón gComhairle an 16 Nollaig 2008

    Rialachán (CE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1(1)-(2), 1(5)-(7), 2, 3, 4(1), an Iarscríbhinn.

    Uimh. 409/2013

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí lena dtacófar le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 15.

    Uimh. 716/2014

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le Comhthionscadal Píolótach a bhunú chun tacú leis an Máistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a chur chun feidhme

    Aerspás

    Uimh. 2150/2005

    Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh úsáid sholúbtha aerspáis

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 9 agus Iarscríbhinn.

    Uimh. 923/2012

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus ina leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015,

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1185 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2016.

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10, an Iarscríbhinn, ar a n‑áirítear na haguisíní a ghabhann léi.

    Uimh. 1332/2011

    Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos na ceanglais chomhchoiteanna agus nósanna imeachta oibríochta maidir le seachaint iombhuailtí san aer, arna leasú le:

    Rialachán (AE) 2016/583 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 4 agus Iarscríbhinn.



    E.COMHSHAOL AGUS TORANN

    Uimh. 2002/49

    Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008

    Treoir (AE) 2015/996 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2015

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 12, Iarscríbhinní I go VI.

    Uimh. 2003/96

    Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 14(1)(b), 14(2).

    Uimh. 2006/93

    Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialú oibriúcháin aerárthaí a chumhdaítear le Cuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988)

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 5, Iarscríbhinní I agus II.

    Uimh. 598/2014

    Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/30/CE

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I agus II.



    F.COSAINT TOMHALTÓIRÍ

    Uimh. 2027/97

    Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i gcás tionóiscí, arna leasú le:

    Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Bealtaine 2002.

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 6 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 261/2004

    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91

    Forálacha is infheidhme: in Airteagail 1 go 16.

    Uimh. 1107/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi míchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 1 go 16, Iarscríbhinní I agus II.



    G.GNÉITHE SÓISIALTA

    Uimh. 89/391

    Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, arna leasú le:

    Treoir 2007/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007.

    Forálacha is infheidhme – an chuid díobh is infheidhme iad maidir leis an eitlíocht shibhialta: in Airteagail 1 go 16.

    Uimh. 2000/79

    Treoir 2000/79/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le Comhaontú na hEorpa um Eagrú Am Oibre na nOibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta arna thabhairt i gcrích ag Cumann Aerlínte na hEorpa, Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa, Cónaidhm Chriúnna Eitilte na hEorpa, Cumann Aerlínte Réigiúin na hEorpa agus Cumann na nAeriompróirí Idirnáisiúnta

    Forálacha is infheidhme: Airteagail 2 go 3 agus an Iarscríbhinn.

    Uimh. 2003/88

    Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú an ama oibre

    Forálacha is infheidhme – an chuid díobh is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta: Airteagail 1 go 20, 22-23.

    (1) Tuigfear gur d’aerfoirt a aithnítear go hidirnáisiúnta atáthar ag tagairt le tagairtí do phointí san Airteagal seo.
    (2)

    Féach: Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 arna ndéanamh in éineacht leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Beartas Comharsanachta na hEorpa an 12 Bealtaine 2004 arna fhormuiniú ag an gComhairle ina cuid Conclúidí an 14 Meitheamh 2004.

    (3) Arna fhoilsiú in IO L. 285 an Aontais Eorpaigh an 16.10.2006.
    (4) Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua agus Cónaidhm na hEilvéise.
    Top